Nuachtlitir | Conradh na Gaeilge | Meitheamh 2006

Page 1

Crosfhocal Mhí an Mheithimh Trasna 2 6 7 10 11 12 13 15 17 18 Síos 1 2 3 4 5 8 9 11 14 16

Dearbhán €30 don Siopa Leabhar le buachan. Buaiteoir mhí na Bealtaine: Feargus Ó Snodaigh, An Chrannóg, Sraith na Corcra, Na Doirí Beaga, Leitir Ceanainn, Tír Chonaill. Cuir an crosfhocal chuig: An Crosfhocal, 6 Sráid Fhearchair, Áth Cliath 2.

Campaí Samhraidh Ó gras Beidh campaí samhraidh Ógras ar siúl arís i mbliana le linn mhí Iúil. Seo a leanas roinnt eolais faoi na campaí a bheidh ar siúl i mBaile Átha Cliath agus an ceantar máguaird: Dún Laoghaire - Beidh campa samhraidh Dhún Laoghaire ar siúl i Halla na nGasóg, 52 Sráid Phádraig ó 17 - 21 Iúil 2006. Maigh Nuad - Beidh campa samhraidh Mhaigh Nuad ar siúl i Halla an Pharóiste, Bóthar Moyglare ó 10 - 14 Iúil. Ráth Maonais - Beidh campa samhraidh Ráth Maonais ar siúl in Eaglais na hÉireann, Coláiste an Oideachais, 96 Bóthar Ráth Maonais Íocht., ó 31 Iúil go dtí 4 Lúnasa. Droim Conrach - Beidh campa samhraidh Dhroim Conrach ar siúl i Halla an Pharóiste, Br. na Buaile ó 31 Iúil go dtí 4 Lúnasa. Crois Araild - Beidh campa samhraidh Chrois Araild ar siúl in Ionad Shearlais Naofa ó 24-28 Iúil. Ta na campaí seo dírithe ar pháistí idir 7 agus 11 bliana d’aois. Is é an táille atá ar na cúrsaí seo ná €50 do pháiste amháin ó theaghlach amháin, €90 do bheirt as teaghlach amháin, €120 do thriúr as teaghlach amháin agus €150 do cheathrar nó níos mó as teaghlach amháin. Tá na himeachtaí uile, cúrsaí iompair, na turais agus múineadh san áireamh sa phraghas sin. Ta €25 mar éarlais ar na campaí seo agus caitear íoc as na cúrsaí roimh 9 Meitheamh 2006.

Nuachtlitir Mhíosúil Chonradh na Gaeilge

1 Meitheamh 2006

Caith Vóta ar Pháirtithe atá ar son na Gaeilge

anamúil; beoga (8) lapa éin nó cait; ordóg portáin (4) cén áit? (2) áit a mbaintear clocha nó gairbhéal (7) céad bliain (4) leabhar ina dtugtar cuntas laethúil ar chúrsaí (7) ciall (8) seabhac buí (7) múchadh (4) asmas; múisc (7) mo mhairg! (3) gáir mhaíte (3) sleá bheag (2) rud nach bhfuil beo (2) iarratas; impí (7) lóistín do shaighdiúirí (7) peann luaidhe (8) tuirse mhór (7) ionsaí; aimsiú ar mharc (4) cine; pór (3)

Eagrán 8

I measc na n-imeachtaí éagsúla a eagrófar beidh cispheil, eitpheil, peil, cluiche corr, tóraíocht taisce, turas lae, rince agus ceol, ealaíon agus cluichí spraoi. Molfar do na paistí leabhar nótaí, peann luaidhe, éadaigh spóirt, bróga reatha agus lón le tabhairt leo. Is iad seo a leanas rialacha na gcúrsaí: 1. Is campa Gaeilge iad na campaí seo agus, mar sin, caitear iarracht a dhéanamh Gaeilge a labhairt i gcónaí.

2. Níl aon chead ag éinne imeacht ón gcampa ag am ar bith gan chead ón múinteoir. 3. Caitear cloí le rialacha an Choiste Stiúrtha i gcónaí. Má tá tuilleadh eolais uait faoi na cúrsaí seo is féidir teagmháil a dhéanamh le foireann Ógras ag 6 Sráid Fhearchair, B.Á.C. 2, nó, ar an bhfón ag 01 4757401.

4. Má tá spéis ag do chraobh ábhar a chur ar fáil don nuachtlitir seo déan teagmháil linn san Ard-Oifig

Ag preasócáid taobh amuigh de Dháil Éireann Dé Luain, an 22 Bealtaine, 2006, ag 11.00 r.n. chuir Dáithí Mac Cárthaigh, Uachtarán Chonradh na Gaeilge, in iúl don phobal go raibh fíordhíomá ar Chonradh na Gaeilge faoin gcinneadh a glacadh ag ArdFheis Fhine Gael chun deireadh a chur leis an nGaeilge mar phríomhábhar Ardteiste. Is cinneadh é seo atá in aghaidh luachanna an pháirtí agus atá frith-Ghaelach, frithacadúil, agus frith-Eorpach. Chuir sé in iúl, freisin, go mbeidh Conradh na Gaeilge ag déanamh cinnte go mbeidh na mílte daoine ag an gcéad olltoghchán eile ag vótáil uimhir a 1 agus ag aistriú vótaí do pháirtithe agus comhghuaillíochtaí a bheidh ar son an Ghaeilge a choinneáil mar phríomhábhar a mbeidh gach mac léinn meánscoile ag tabhairt fúithi ag leibhéal na hArdteiste. Déanfaidh na vótaí seo difríocht mhór ach go háirithe sna Dáilcheantair a bhfuil páirtithe ar nós Fine Gael ag iarraidh suíochán nua a bhaint amach. Dúirt Dáithí Mac Cárthaigh, Uachtarán Chonradh na Gaeilge: "Ghlac Conradh na Gaeilge go fonnmhar leis an gcuireadh a thug Fine Gael chun an Ghaeilge sa chóras oideachais a phlé le bliain anuas. Is cúis díomá agus iontais dom mar sin go bhfuil an chuma ar an scéal nár éist siad le focal ar bith a bhí le rá ag lucht an Chonartha, ag múinteoirí scoile, ag daltaí scoile, agus ag saineolaithe aitheanta teanga. Ní gá ach breathnú ar an tubaiste atá ag titim amach i Sasana le cúig bliana anuas maidir le teangacha i gcoitinne tar éis don Roinn Oideachais thall ligint do scoileanna ábhair roghnacha a dhéanamh díobh ag EochairChéim 4 (is ionann Eochair-Chéim 4 agus bliain an teastais shóisearaigh i gcóras oideachais na Éireann). Tháinig laghdú drámatúil i líon na scoláirí a roghnaíonn teangacha sa chúig bliana sin. Dá gcuirfí moladh Fhine Gael i bhfeidhm is cinnte go mbeadh an toradh céanna le feiceáil anseo in Éirinn ó thaobh na Gaeilge de. Is cinnte gur gá dúinn athbhreithniú a dhéanamh ar mhúineadh na Gaeilge sa chóras oideachais ach níl ciall ná réasún ag baint le moladh Fhine Gael. Tá Conradh na Gaeilge ag éileamh go gcuirfí na moltaí seo a leanas i bhfeidhm:

Maoinithe ag:

SAN EAGRÁN SEO: 1. CAITH VÓTA AR PHÁIRTITHE ATÁ AR SON NA GAEILGE 2. IONAD SAORCHOMHAIRLE DLÍ Dáithí Mac Cártaigh le scoláirí óga taobh amuigh den Dáil

1. Go dtabharfadh gach ábhar oide bunscoile tréimhse bliana acadúla dá c(h)úrsa traenála ar thumoideachas i mioncholáiste lán-Ghaeilge ag foghlaim faoin tumoideachas agus tríd an tumoideachas. Cinnteoidh sé seo cumas sásúil sa Ghaeilge do gach múinteoir bunscoile as seo amach. Molaimid deis a bheith ag ábhair oide a gcúrsa oiliúna iomlán a dhéanamh trí Ghaeilge más mian leo. 2. Go múinfí ábhar, de bhreis ar an nGaeilge, trí Ghaeilge do gach dalta bunscoile. Dheimhnigh an Dr. John Harris, Coláiste na Tríonóide, go bhfaigheann c.30,000 dalta bunscoile oideachas lánGhaeilge faoi láthair agus, anuas air sin, go múintear ábhar breise trí Ghaeilge do c.116,000 dalta eile. Molann an Dr. Harris modh seo an pháirt-tumoideachais mar mhodh éifeachtach sna scoileanna Béarla agus dheimhnigh sé go n-éiríonn leis i gcóras atá, tríd is tríd, ag teip daltaí a chumasú sa Ghaeilge. 3. Go bhforbrófaí dhá shiollabas don Ghaeilge ag an dara leibhéal: 'Teanga na Gaeilge' agus 'Litríocht na Gaeilge'. Scrúdaítear cumas an iarratasóra maidir le labhairt, tuiscint, léamh agus scríobh na teanga bunaithe ar an bhFráma Coiteann Eorpach i scrúduithe "Teanga na Gaeilge" agus cead ag gach mac léinn an scrúdú sin a shuí. "Múintear 'Litríocht na Gaeilge' sna Gaelcholástí agus mar 'ábhar breise' do mhic léinn a bhfuil spéis ar leith nó cumas ar leith acu sa Ghaeilge faoi mar a mhúintear matamaitic fheidhmeannach do mhic léinn a bhfuil spéis ar leith nó cumas ar leith acu sa mhata."

3. OÍCHE MHÓR GHAELACH I MBÉAL ÁTHA NA SLUA 4. BUANCHOISTE NUA AN CHONARTHA 5. COMHFHREAGRAS AGUS EILE 6. CROSFHOCAL MHÍ AN MHEITHIMH 7. CAMPAÍ SAMHRAIDH ÓGRAS

Vótaíocht Vótaíocht Nua ar Shuíomh Idirlín an Chonartha Ar cheart go mbeadh cead ag foirneacha peile ó thaobh amuigh den Ghaeltacht Ghaeltacht pairt pairt a ghlacadh i gComórtas gComórtas Peile na Gaeltacht a? Gaeltachta? • Ba cheart • Níor cheart Má tá tuairim agat maidir leis an gceist seo thuas is féidir vóta a chaitheamh ach gabháil isteach ar Shuíomh Idirlín an Chonartha ag eolas@cnag.ie

1.


Turn static files into dynamic content formats.

Create a flipbook
Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.
Nuachtlitir | Conradh na Gaeilge | Meitheamh 2006 by Conradh na Gaeilge - Issuu