Eagrán 3.11
15 Meán Fómhair 2008
Cearta chun Tosaigh ag Ard-Fheis 2008 Beidh an bhéim ar chearta agus pleanáil teanga ag ArdFheis Chonradh na Gaeilge 2008, leis an gCoimisinéir Teanga Seán Ó Cuirreáin ag oscailt na hArd-Fheise ar an Aoine ag 9.00in. Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge – Moltaí an Chonartha téama na hArdFheise i mbliana agus beidh fóram ar an ábhar á reáchtáil ag an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta san Óstán i ndiaidh na hoscailte oifigiúla ar an 26 Meán Fómhair. Dúirt Dáithí Mac Cárthaigh, Uachtarán 2005 - 2008: “Tá Conradh na Gaeilge tiománta do chearta phobal na Gaeilge a bhaint amach i gcónaí agus is mór againn go bhfuil an Coimisinéir Teanga le hArd-Fheis Chonradh na Gaeilge 2008 a oscailt go hoifigiúil dúinn, go háirithe nuair atá an iliomad rún maidir le cearta teanga le plé againn mar chuid den Ard-Fheis i mbliana.” Toghfar Uachtarán nua Chonradh na Gaeilge don bhliain 2009 – 2010 roimh lón Dé Sathairn agus is iad
Pádraig Mac Fhearghusa (Craobh Thrá Lí) agus PT Mac Ruairí (Craobh Bhréanainn) iarrthóirí na hUachtaránachta i mbliana. Dúirt Julian de Spáinn, ArdRúnaí: “Beidh suntas á thabhairt do cheist an oideachais ag an Ard-Fheis freisin agus an meath i gcaighdeán na Gaeilge i mbunscoileanna Béarla na tíre ina chúis mhór imní ag pobal na Gaeilge trí chéile.” Is iomaí imeacht shóisialta a bheas ar siúl mar chuid den Ard-Fheis freisin le fáiltiú agus ceol ar oíche Aoine an 26; seisiún le Maidhc Dainín Ó Sé agus Cairde sa bhreis ar Sheó an Oireachtais i ndiaidh dinnéir Dé Sathairn an 27; agus turas bus eagraithe le dul thart faoin gceantar máguaird maidin Domhnaigh an 28 Meán Fómhair. Más spéis leat freastal ar an Ard-Fheis, déan teagmháil láithreach leis an bhfoireann ag eolas@cnag.ie nó trí ghlaoch ar 01 4757401 agus cuirfear ar an eolas thú mar gheall ar chúrsaí lóistín, srl.
SAN EAGRÁN SEO:
1. Ard-Fheis 2008 2. Éire na bPeileadóirí 2. Saor Chomhairle Dlí 3. Gaeltacht an Chláir 3. Post leis an gConradh 4. Cúrsaí Oidhreachta 5. Gnó Ar-Líne as Gaeilge 5. Lá Traenála 2008 6. Bailte Slachtmhara Gaeilge 6. Post Ghlór na nGael 7. Mórshiúl ó Thuaidh 8. Crosfhocal
Is féidir scéalta a chur chuig nuacht@cnag.ie
Le cabhair ó:
1