Crosfhocal Mhí Feabhra Trasna 1 3 5 7 8 12 14 15 16 17 Síos 1 2 3 4 6 9 10 11 12 13
gáir mhaíte (3) beagán; giota beag (3) cur leis an bhfírinne; áiféis (7) measartha; réasúnta (11) bean a bhfuil a fear céile marbh (10) giota; píosa beag (6) amhras; dabht (3) moncaí mór gan eireaball (3) timpeall na háite; ar gach taobh (8) dream; lucht; daoine (3) iarratas; fabhar (5) bean (2) leiceann (4) gaiste; dol; súil ribe (3) cinneadh cúise i gcúirt dlí (11) bothán adhmaid (5) seal ama; tréimhse (3) fráma a úsáidtear chun comhaireamh a dhéanamh (6) duine mallintinneach (5) aon rud a dhíoltar nó a cheannaítear (5)
Nuachtlitir Mhíosúil Chonradh na Gaeilge
Ollchóiriú ar mhúineadh na Gaeilge á éileamh ag Uachtarán an Chonartha
Dearbhán €30 don Siopa Leabhar le buachan. Buaiteoir mhí na Samhna: Diarmuid Ó Dúil, Craobh Na Gaeil Óga Más spéis leat cur isteach ar an duais seo ní mór duit an crosfhocal (agus é líonta amach i gceart agat) a chur chuig: An Crosfhocal, 6 Sráid Fhearchair, Baile átha Cliath 2.
Uachtarán an Chonartha ag Seasamh don Seanad Mar a luadh in eagrán mhí Eanáir den Nuachtlitir beidh Dáithí Mac Cárthaigh, Uachtarán an Chonartha ag seasamh do thoghchán an tSeanaid. I measc na dtosaíochtaí a bheadh ag Dáithí dá bhfaigheadh sé suíochán sa Seanad ná: Cúrsaí Oideachais, Comhshaoil, Infrastruchtúir, Sláinte agus Leanaí, Fuinnimh, Gaeilge agus Chúrsaí Idirnáisiúnta. Maidir le cúrsaí Gaeilge bheadh na nithe seo a leanas mar thosaíocht aige: 1. An Comhchoiste Oireachtais don Gaeilge a athbhunú; 2. Deireadh a chur le himeallú na Gaeilge sa saol poiblí trí chur le seirbhísí trí Ghaeilge de bhun Acht na dTeangacha Oifigiúla; 3. Múineadh na Gaeilge ar scoil a fheabhsú bunaithe ar an gcleachtas is fearr go hidirnáisiúnta: (cuid de) ábhar eile a mhúineadh tríd an sprioctheanga mar chuid de churriculum comhtháite teangacha, scileanna ó bhéal chomh maith le scileanna scríofa a scrúdú ag gach staid agus go marcálfaí na páipéir teanga agus litríochta mar dhá ábhar ar leith i gcás mhic léinn onóracha; 4. Tacaíocht ó Rialtas na hÉireann do Choinbhinsiún Idirnáisiúnta de chuid na Náisiún Aontaithe chun tacú le héagsúlacht teanga; 5. Ainmneacha simplí Gaeilge ar fhorbairtí tithíochta nua; 6. Pacáistiú dátheangach (Gaeilge/Béarla) ar earraí tomhaltóirí faoi mar atá i dtíortha eile le 2 (nó níos mó) theanga oifigiúla acu ar nós na Beilge nó Cheanada;
Iml: 2 Eagrán 4
7. Forbairt inbhuanaithe na Gaeltachta mar phobal Gaeilge trí fhorbairtí pobalbhunaithe theanga-lárnaithe a chur chun cinn agus trí thograí a dhéanfadh díobháil d'úsáid na Gaeilge go háitiúil a chosc. Is féidir tuilleadh eolais a fháil Dháithí agus faoina fheachtas toghchánaíochta ar www.daithi1.ie NB: Is é 26 Feabhra an data deiridh le haghaidh clárú le vóta a chaitheamh. Mar sin, más mian leat go gclárófaí tú déan teagmhail le lucht na hArd-Oifige ag jamie@cnag.ie nó déan teagmháil le Ollscoil na hÉireann ag 01 439 2424 nó ag records@nui.ie.
4. Má tá spéis ag do chraobh ábhar a chur ar fáil don nuachtlitir seo déan teagmháil linn san Ard-Oifig
Sheol Dáithí Mac Cárthaigh, Uachtarán Chonradh na Gaeilge, Colm Hamrogue, Uachtarán Aontas na Mac Léinn in Éirinn, agus Nikolai Trigoub-Rotnem, Uachtarán Aontas na Mac Léinn Iar-Bhunscoile feachtas náisiúnta le haghaidh ollchóirithe ar mhúineadh na Gaeilge inár scoileanna. Táthar ag cuartú tacaíochta ó gach páirtí agus iad ag réiteach don olltoghchán don pholasaí oideachais a d'fhógair siad ag comhdháil nuachta ar 5 Feabhra, 2007 ag 11.00 r.n. san óstán Buswells i mBaile Átha Cliath agus ag cuartú tiomantais go gcuirfí an polasaí sa chéad chlár rialtais eile. San áireamh sa pholasaí a fógraíodh bhí an trí mholadh seo a leanas: 1. Go múinfí gach ábhar oide trí Ghaeilge i dtimpeallacht lán-Ghaeilge, ag foghlaim tríd an tumoideachas agus faoin tumoideachas, ar feadh tréimhse bliana acadúla san iomlán le linn a gcúrsa oiliúna. Roinntear an tréimhse thar fhad iomlán an chúrsa oiliúna ag tosnú leis an gcéad mhí cinniúnach. Bíodh an deis ag mic léinn an cúrsa iomlán a dhéanamh trí Ghaeilge más mian leo; 2. Go múinfí ábhar amháin de bhreis ar an nGaeilge, trí Ghaeilge do gach dalta bunscoile, ar bhonn píolótach ar dtús leis an tacaíocht agus an oiliúint is gá; 3. Go bhforbrófaí dhá shiollabas don Ghaeilge ag an dara leibhéal le dhá pháipéar scrúdaithe ar leith don Ardteist agus don Teastas Sóisearach:• "Teanga na Gaeilge" a mhúinfí do gach mac léinn: ag múineadh agus ag measúnú na scileanna tuisceana, labhartha, léite agus scríofa ag baint leasa as an bhFráma Coiteann Eorpach mar thagairt agus ag cuimsiú feasachta teanga. • "Litríocht na Gaeilge" le déanamh ag gach mac léinn ardleibhéil agus le múineadh go comhtháite le "Teanga na Gaeilge" ag an leibhéal cuí. Ligfeadh sé seo do mhic léinn Bonnleibhéil agus Gnáthleibhéil díriú ar an teanga a shealbhú agus ní bheadh ach páipéar amháin le déanamh acu ag leibhéil na hArdteiste agus an Teastais
Maoinithe ag:
16 Feabhra 2007
SAN EAGRÁN SEO: 1. OLLCHÓIRIÚ AR MHÚINEADH NA GAEILGE Á ÉILEAMH AG UACHTARÁN AN CHONARTHA 2. MÓRSHIÚL AR SON ACHT GAEILGE SNA SÉ CHONTAE 3. AN BAILIÚCHÁN NAISIÚNTA
An triúr Uachtarán Shóisearaigh. D'aithneofaí uallach oibre na litríochta do mhic léinn ardleibhéil trí "Litríocht na Gaeilge" a mharcáil mar ábhar breise. Dúirt Dáithí Mac Cárthaigh, Uachtarán Chonradh na Gaeilge: "Is iomaí céim chun cinn atá tógtha le blianta beaga anuas i dtreo thodhchaí na Gaeilge a chinntiú: TG4, stádas mar theanga oifigiúil den AE, Acht na dTeangacha Oifigiúla atá ag cur le líon agus le caighdeán na seirbhísí poiblí trí Ghaeilge a fheabhsú agus an borradh faoin ngaelscolaíocht. Ina ainneoin sin, áfach, ní éiríonn leis an earnáil scolaíochta Béarla, ar a bhfreastalaíonn 90% de scoláirí na tíre, fíorbheagán cainteoirí líofa Gaeilge a sholáthar agus is cúis fhrustrachais go minic an siollabas do scoláirí, do thuismitheoirí agus do mhúinteoirí araon. Tá na leasuithe atá á moladh againn bunaithe ar na cleachtais is fearr ar fud na cruinne, agus d'fhéadfaí iad a chur i bhfeidhm de réir a chéile thar shaolré an chéad rialtais eile agus d'fheabhsóidís as aithne sealbhú na Gaeilge inár scoileanna. Ní foláir na leasuithe seo a bheith mar dhlúthchuid de, agus mar chéim i dtreo, curaclaim chomhtháite teangacha. Sealbhaítear teangacha le húsáid agus le cleachtadh. Ní bhíonn ráth ar mhodhanna eile. Ar lean lch. 2
4. IMEACHTAÍ NA hARD-CHRAOIBHE AGUS EILE 5. CROSFHOCAL MHÍ FEABHRA 6. UACHTARÁN AN CHONARTHA AG SEASAMH DON SEANAD
Vótaíocht Vótaíocht Nua ar Shuíomh Idirlín an Chonartha An bhfuil tú dóchasach go gcuirfí plean náisiúnta an Rialtais i leith na Gaeilge i bhfeidhm? • Tá • Níl
Má tá tuairim agat maidir leis an gceist seo thuas is féidir vóta a chaitheamh ach gabháil isteach ar Shuíomh Idirlín an Chonartha ag eolas@cnag.ie
1.