Crosfhocal Mhí Iúil Trasna 1 3 8 11 14 15 16 17 Síos 2 3 4 5 6 7 9 10 12 13
Dearbhán €30 don Siopa Leabhar le buachan. Mas spéids leat cur isteach ar an duais seo ní mór duit an crosfhocal (agus é líonta isteach i gceart agat) a chur chuig: An Crosfhocal, 6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Comhfhreagras agus Eile SEACHTAIN NA GAEILGE A Chara, Táim ag scríobh chugat maidir le Seachtain na Gaeilge, féile a reáchtáiltear thart timpeall an domhain chun an Ghaeilge a spreagadh i measc an phobail gach bliain. Is féile í atá ag dul ar aghaidh ar feadh níos mó ná céad bliain anuas agus maireann sí ar feadh coicíse sna laethanta díreach roimh Lá Fhéile Pádraig. Ba mhór an chabhair a bheadh ann dá mbeadh sibh in ann cabhrú linn trí imeachtaí a eagrú thar sáile nó trí muid a chur i dteagmháil le comhlachtaí nó le heagraíochtaí a mbeadh suim acu páirt a ghlacadh i Seachtain na Gaeilge. Is í an aidhm atá againn ná go mbainfeadh Seachtain na Gaeilge aitheantas idirnáisiúnta amach feasta le deis a thabhairt d'Éireannaigh ar fud an domhain a dteanga dhúchais a labhairt fiú muna mbíonn an ach uair sa bhliain. I measc na n-imeachtaí éagsúla a eagraíonn daoine bíonn quizeanna boird, céilithe, seisiúin cheoil agus go leor leor eile. Bíonn neart féidearthachtaí ann le linn na féile seo agus fáiltíonn muid roimh gach duine ar spéis leo páirt a ghlacadh inti. Dá mbeadh spéis ag do ghrúpa féin imeachtaí a reáchtáil le linn na féile bheadh muid sásta gach cabhair a chur ar fáil daoibh. Tá mé ag súil go mór cloisteáil uait amach anseo. Beir bua agus beannacht, Orla Nic Shuibhne, Bainisteoir Sheachtain na Gaeilge.
Nuachtlitir Mhíosúil Chonradh na Gaeilge
Comhdháil Oideachais an Chonartha
cleas; dallamullóg (3) seasc (6) náid (7) gan a bheith in ann rudaí a choimeád faoi rún (12) rud nach bhfuil beo (2) an cineál aimsire a bhíonn in áit (6) an t-alt? (2) teach mór poiblí (5) ar dhath an tsneachta (3) gan bhruith; gan chócaireacht (3) gealach (2) anáil; puth (2) duine a théann ar bhus nó ar thraein (9) teach le ceadúnas chun deochanna meisciúla a dhíol (9) bláth beag bán (7) curadh (6) uaigneach; singil (8) ceol; seó (7)
Eagrán 11
SUÍOMH NUA BHAILE ÁTHA BUÍ Tá tús curtha ag cainteoirí Gaeilge i mBaile Átha Buí le Suíomh nua Idirlín a chuirfidh go mór le forbairt na teanga i gcontae na Mí, de réir grúpa áitiúil de chuid Chonradh na Gaeilge. Chuaigh an Suíomh www.athbui.com, ar-líne le déanaí agus beidh an seoladh oifigiúil ar siúl i gceann sé seachtaine. Tá Áth Buí suite gar do Ghaeltacht Ráth Cairn agus, dá bharr sin, tá feasacht mhaith sa bhaile faoi chúrsaí teanga. "Tá go leor Gaeilge in Áth Buí agus cloistear í go minic sa tsráid", arsa Síomóin Ó Cróinín, ball áitiúil den Chonradh. "Tá neart daoine ar an bhaile atá an-bháúil leis an teanga ach ní raibh a fhios acu conas a d'fhéadfadh siad tacú léi, an rud atá sa suíomh faoi láthair ná bailiúcháin de bhealaí simplí inar féidir leo é sin a dhéanamh." Tá eolas ar fáil ar réimsí éagsúla teanga, ina measc, eolas faoi ranganna Gaeilge, treoracha do chomharthaíocht dhátheangach do luicht gnó an bhaile, logainmneacha áitiúla agus frásaí simplí Gaeilge le húsáid le leanaí. Colm Ó Broin, Lá, Meán Fómhair, 2006
4. Má tá spéis ag do chraobh ábhar a chur ar fáil don nuachtlitir seo déan teagmháil linn san Ard-Oifig
D’eagraigh Conradh na Gaeilge Comhdháil Oideachais i gColáiste na Tríonóide Dé Máirt, 12 Meán Fómhair le teacht ar mholtaí chun múineadh agus foghlaim na Gaeilge a fhorbairt sa chóras oideachais. Dúirt Dáithí Mac Cárthaigh, Uachtarán an Chonartha: "Táimid, muintir na hÉireann, ag bun léig an Aontais Eorpaigh ó thaobh cumais i dteangacha de in ainneoin thiomantas an Rialtais chun cuspóir Chomhairle na hEorpa go mbeadh ardchumas ag gach saoránach i dtrí theanga. Tá Conradh na Gaeilge tiomanta don idéal "máthairtheanga móide 2" a bhaint amach in Éirinn, le hardchumas i nGaeilge agus i mBéarla mar bhuncloch. Cuidíonn eolas ar an dara teanga le máistreacht a bhaint amach sa chéad teanga agus is féidir an scil chun teanga a fhoghlaim, má thugann tú leat i gceart ar scoil í, a úsáid chun teangacha eile a fhoghlaim agus tú i do dhuine fásta. Tá eolas forleitheadach ar an nGaeilge agus úsáid fhorleitheadach na Gaeilge sa tsochaí seo riachtanach chun féiniúlacht Éireannach beag beann ar chreideamh agus ar dhath craicinn a chur chun cinn agus go gcomhlíonfaimis ár ndualgas cur le héagsúlacht shaoithiúlachtaí an tsaoil mhór. Tá eolas ar an tríú teanga riachtanach ní hamháin ar mhaithe le leas eacnamaíoch agus taidhleoireachta an Stáit, ach chun meas a bheith againn ar ár n-oidhreacht teanga
SAN EAGRÁN SEO:
1. Comhdháil Oideachais an Chonartha 2. Ranganna Damhsa Sean-nóis i nGaillimh féin. Ba í aidhm na Comhdhála na páirtithe leasmhara a thabhairt le chéile chun a gcuid saineolais a roinnt lena chéile agus leis an bpobal chun moltaí praiticiúla don ghearrthéarma agus don mheántéarma a bheachtú le haghaidh mhúineadh na Gaeilge ar scoil sa chomhthéacs ilteangach agus Eorpach. I measc na gcainteoirí a labhair bhí An tOllamh David Little, Ollamh Comhlach le Teangeolaíocht Fheidhmeach i gColáiste na Tríonóide, Caoimhe Máirtín, Iarcheann Choláiste Mhuire, Marino, Dr. John Harris, Léachtóir Sinsearach le Sícitheangeolaíocht i gColáiste na Tríonóide agus Tomás Ó Slatara, Uachtarán Líonra Phríomhoidí Bunscoile Éireann. Tá Conradh na Gaeilge fíorbhuíoch den Roinn Oideachais agus Eolaíochta as ucht maoiniú a chur ar fáil le cabhrú linn an Chomhdháil thábhachtach seo a eagrú.
Ranganna Rince ar an Sean-Nós ag tosú arís i gClub Árus na nGael Thosaigh Ranganna Rince ar an Seannós i gClub Árus na nGael arís Dé Luain, 25 Meán Fómhair, agus is é Pádraig Ó hOibicín ata ag múineadh an ranga arís i mbliana. Tá na ranganna á reáchtáil le cúig bliana anuas anois agus tá an-rath tagtha orthu ó shin. Bíonn idir shean agus óg ag glacadh páirte iontu agus chomh maith le céimeanna snasta a fhoghlaim sean-nós a reáchtáil arís i rith na bliana. Is é bíonn go leor spraoi i gceist freisin! €75 an costas a bheidh i gceist ar 10 seachBeidh ranganna ar siúl do thosaitheoirí ag 7.00i.n. agus d'fhoghlaimeoirí a bhfuil níos taine . Tá tuilleadh eolais le fáil ach glaoch ar mó taithí acu ag 8.00i.n. agus 9.00i.n. Chonradh na Gaeilge ag Chomh maith leis sin tá súil le ceard091 567824 conradh@bradan.iol.ie lanna agus oícheanta speisialta rince ar an
Maoinithe ag:
22 Meán Fómhair 2006
3. Dianchúrsa Nua ar Siúl in Árus na nGael 4. Suíomh Nua Idirlín ag Craobh Átha Buí 5. Crosfhocal mhí Mheán Fómhair 6. Comhfhreagras agus Eile 7. Dataí don Dialann 8. Cas Cúirte Mhaire Nic an Bhaird
An lorgaíonn tú seirbhís Ghaeilge i gcónaí agus tú ag plé leis an státseirbhís? státseirbhís? • Lorgaíonn • Anois is Arís • Ní lorgaíonn Má tá tuairim agat maidir leis an gceist seo thuas is féidir vóta a chaitheamh ach gabháil Idirlín
isteach an
ar
Shuíomh
Chonartha
eolas@cnag.ie
1.
ag