Nuachtlitir an Chonartha, Deireadh Fomhair 08

Page 1

Eagrán 3.12.

15 Deireadh Fómhair 2008

Uachtarán Nua an Chonartha D’éirigh le Pádraig Mac Fhearghusa ó Chraobh Thrá Lí Uachtaránacht Chonradh na Gaeilge 2008 - 2009 a bhuachaint ag an Ard-Fheis i gCiarraí ag deireadh na míosa seo caite. Bhí an bua aige ar Thomás Mac Ruairí ó C h r a o b h Bhréanainn. Is as Corcaigh ó dhúchas don Uasal Mac Fhearghusa ach tá curtha faoi i gCiarraí le fada agus is Cathaoirleach ar Chraobh Thrá Lí é, mar aon le ball gníomhach de Bhuanchoiste agus de Choiste Gnó an Chonartha le tamall maith de bhlianta. Is eagarthóir cumasach na hirise míosúla Feasta é freisin. Beidh an tUachtarán nua ag díriú ar neartú na heagraíochta; ar fheachtasaíocht ghníomhach ar an talamh; agus ar dhul i mbun an phobail leis na craobhacha agus tacaíocht na ndaoine a chothú don Chonradh i mbliana. Is cathaoirleach ar Ghaelcholáiste Chiarraí, Trá Lí é Uachtarán nua an Chonartha agus is iarchathaoirleach agus bunaitheoir Ghaelscoil

Mhic Easmainn é, scoil atá ag seasamh in aghaidh iarracht na Roinne Oideachais deireadh a chur le luath-thumoideachas iomlán trí Ghaeilge le hImlitir 44/2007. Dúirt an tUachtarán nua: “Is léir go bhfuil sé i gceist ag ardstátseirbhísigh airithe an Ghaeilge a ruaigeadh as an gcóras stát má ligtear leo; tá an-díobháil a dhéanamh acu don teanga, go háirithe i gcúrsaí oideachais, agus is mithid don Chonradh agus do phobal uile na Gaeilge troid go fíochmhar i gcoinne an naimhdis agus an aineolais seo. “Beidh mise ag dul ar cuairt ar chraobhacha an Chonartha fud fad na tíre chun obair i gcomhar leis an bpobal áitiúil chun an eagraíocht agus an Ghaeilge a chothú ón talamh aníos. Is ar scáth a chéile a mhaireann na daoine.” Tréaslaíonn foireann agus baill uile an Chonartha leis an Uachtarán nua agus guíonn siad gach rath ar an obair a bheas le déanamh i bpáirt leis sa bhliain amach romhainn.

SAN EAGRAN SEO: 1. Uachtarán Nua 2. Club Sult Aiséirithe! 2. Bainc le Gaeilge 3. An Taoiseach, An tAire & an Conradh 4. Bus go Béal Feirste 4. Bus Eile...go Hip-Nós! 4. Róisín & an Rón 5. Ard-Fheis 2008 6. Comhoibriú Is Tábhachtaí 7. Coiste Gnó 2008-09 7. Timirí Ag Teastáil 8. Saor-Chomhairle Dlí 8. Cruinnithe Poiblí 9. Gaelscoileanna 9. Scéim Chónaithe ITBÁC 10. Oireachtas na Samhna 11. Feachtas na Feiceálachta 12. Crosfhocal

Is féidir scéalta a chur chuig nuacht@cnag.ie

Le cabhair ó:

1


Club Sult Aiséirithe! Tá Club Sult dírithe ar lucht labhartha na Gaeilge, ar lucht foghlama na teanga agus ar aon duine ar spéis leo ceol, amhránaíocht, damhsa agus an cultúr Gaelach i mBaile Átha Cliath. Bíonn an club ceoil agus Gaeilge seo ar siúl gach dara Déardaoin idir Meán Fómhair agus Bealtaine ó bunaíodh é i 1999 agus tá sé ar ais arís i mbliana in ionad nua, thíos staighre in Break for the Border ar Shráid Stiofáin Íochtarach, cóngarach le hAmharclann an Gaiety. Beidh an chéad ócáid eile de Chlub Sult ar siúl óna 9.00in ar aghaidh Déardaoin an 23 Deireadh Fómhair ag Break for the Border le ceol traidisiúnta ó Ghrúpa Tí Sult, ceol cajun agus bluegrass leis an mbanna Prison Love agus taispeántas rince ón Indivara Tribal Dance Group. Cead isteach €7 nó €5 do mhic léinn.

Deis iontach atá ann an Ghaeilge a chleachtadh agus bualadh le daoine eile a bhfuil suim acu sa teanga. Tá eolas breise, fís agus fuaim faoi na haíonna chomh maith le heolas faoin ionad nua le feiceáil ar an suíomh nua ag www.clubsult.vpweb.ie. Is féidir leat eolas a fháil faoi imeachtaí Sult ar do ghuthán póca freisin. Seol an focal GAEILGE i gclóscéilín chuig 53030 le clárú don tseirbhís ar chostas 30 cent agus ní ghearrfar aon táille eile ort ina dhiaidh sin!

Bainc faoi Bharántas, Bainc faoi Dhualgas Creideann Conradh na Gaeilge go dtagann na bainc Éireannacha faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 de thoradh an bharántais dar luach €400 billiún a thug an Stát dóibh an tseachtain le déanaí, agus go mba chóir go mbeadh iallach reachtúil orthu seirbhísí baincéireachta ar-líne agus na hinnill airgid acu a sholáthar go dátheangach don phobal dá réir. Arsa Pádraig Mac Fhearghusa, Uachtarán Chonradh na Gaeilge: “Is léir don Chonradh gur deis iontach don Rialtas í céim shuntasach a thabhairt i dtreo sochaí atá cothrom agus dátheangach, trí iallach a chur ar na bainc a seirbhísí dátheangacha a leathnú

2

go dtí gach brainse ar fud na tíre, agus arlíne, i dtiúin le beartas dátheangach an Rialtais féin.” Faoi chéad sceideal Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 is féidir leis an Aire Gaeltachta, le toiliú an Aire Rialtais eile a mbaineann an gnó sin leis, ordú a dhéanamh maidir le comhlacht príobháideach a dhéanann freastal ar an bpobal i gcoitinne (nó ar sciar den phobal) de bhun ceadúnais, agus tabhairt ar an gcomhlacht sin seirbhísí Gaeilge agus Béarla a chur ar fáil. Creideann an Conradh gur cheart go dtarlódh sé seo i gcás bhainc na tíre anois.

Cuir na scéala chugainn roimh 10 Samhain 2008


An Taoiseach, An tAire & an Conradh Bhuail toscaireacht ó Chonradh na Gaeilge misnigh don Chonradh go bhfuil an leis an Taoiseach Brian Cowen agus an Aire Taoiseach reatha chomh tiomáinte don Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta i teanga. Tá dóchas á chur againn ann go dTeach Laighin le déanaí chun dul chun ndéanfaidh sé beart de réir bhriathar na cinn na Gaeilge a phlé, go háirithe i Straitéise i gcomhar leis an Aire Gaeltachta gcomhthéacs an Straitéis 20 Bliain don amach anseo. Ghaeilge. Tháinig an cruinniú seachtain i ndiaidh don Phléigh toscaireacht an Chonartha cúrsaí Aire Ó Cuív a fhógairt go dtiocfaidh Rioideachais, dlí agus eile leis an Taoiseach alacháin 2008 um Acht na dTeangacha agus an Aire, ag éileamh go gcuirfeadh an Oifigiúla 2003 (Alt 9) i bhfeidhm ar an 1 Roinn Oideachais deireadh leis an bhfeach- Márta 2009. D’fháiltigh an Conradh go mór tas díobhálach in aghaidh roimh shíniú Rialacháin an luath-thumoideachais 2008, ós cinnte go gcuiriomláin agus ag iarraidh fidh siad go mór le fego mbeadh billí Oireachiceálacht na Gaeilge san tais i nGaeilge os comhair earnáil phoiblí, agus na Dála. Cruinniú an-deartréaslaíonn leis an Aire Ó fach a bhí ann agus ba Cuív an méid atá bainte chúis mhór dóchais gur amach go dtí seo le cúléirigh an Taoiseach an namh Acht na dTeangacha An tAire Éamon Ó Cuív; Peadar Mac oiread sin spéise i moladh Fhlannchadha, Timire Náisiúnta; an Taoiseach Oifigiúla. Is gné lárnach de Brian Cowen; Pádraig Mac Fhearghusa, an Chonartha go gcaith- Uachtarán; chur chun cinn na Gaeilge Donnchadha Ó hAodha, Dáil na feadh ábhar oidí tréimhse Mumhan; agus Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí. í feiceálacht na teanga, sa Ghaeltacht ag tús a agus a bhuíochas do bhrú gcúrsa oiliúna, ag foghlaim tríd an tu- leanúnach ón gConradh agus ó eagraíochtaí moideachas agus faoin tumoideachas. pobail Gaeilge eile, bheartaigh an tAire Ó Creideann an Conradh go bhfuil cúrsaí Cuív ar rialacháin thábhachtacha bhreise oideachais ag croílár cur chun cinn na maidir le cúrsaí fógraíochta a phlé san teanga agus is gá tacaíocht a bheith ag an Fhómhar, ach is gá dúinn leanúint leis an luath-thumoideachas iomlán sa Straitéis 20 mbrú chun an plé seo a bhrostú ar aghaidh, Bliain don Ghaeilge nó scriosfar a bhfuil agus chun go gcuirfí síneacha tráchta san fágtha den Ghaeltacht, ó tá dearcadh áireamh sna rialacháin freisin. reatha na Roinne Oideachais ina bhac díob- Éilíonn Conradh na Gaeilge ar an gComhhálach ar sheachadadh na Gaeilge ó ghlúin choiste um Gnóthaí Ealaíon, Spóirt, go glúin. Turasóireachta, Pobail, Tuaithe agus Mar a phléadh ag an Ard-Fheis i mbliana, Gaeltachta, agus ar an Aire Ó Cuív, tá sé den tábhacht go ndéanfaí an Straitéis seasamh na Gaeilge a láidriú trí chúrsaí fó20 Bliain a chomhordú agus a chur i bhfei- graíochta a phlé agus a chur san áireamh dhm ar bhealach tras-rannach tríd an roinn sna rialacháin, trí choinníollacha mar is fearr chun é sin a chur i gcrích, is é sin gheall ar shíneacha tráchta a leagadh síos, Roinn an Taoisigh. Ní fiú faic é an Straitéis agus trí na díolúintí maidir le gnó lasmuigh mura gcuirtear i bhfeidhm é ach is ábhar den Stát agus lógónna a bhaint. Is féidir scéalta a chur chuig nuacht@cnag.ie

3


Bus Eile...go Hip-Nós!

Bus go Béal Feirste

Beidh bus saor in aisce ag fágáil ó Chonradh na Gaeilge, 6 Sráid Fhearchair, BÁC 2 ag 7.00in ar an 17 Deireadh Fómhair, ag filleadh ar 10.30in, chun Gaeilgeoirí na cathrach a thabhairt go hAmharclann AXIS i mBaile Munna le breathnú ar Hip-Nós ar an stáitse. Tiocfaidh amhránaithe ar an sean-nós ó Thír Chonaill faoi stiúir Gearóidin Bhreathnach i dteannta le healaíontóirí ceoil hip-hop ó Nua Eabhrach agus Bhaile Átha Cliath chun ceol úr, iomlán nua a chruthú le chéile. Ná caill amach ar an seó seoigh seo! Le tuilleadh eolais a fháil nó chun áit a chur in áireamh ar an mbus, glaoigh ar +353 (0)1 883 2100 nó seol rphost go niamh.nic@axis-ballymun.ie.

D’eagraigh Conradh na Gaeilge bus go Béal Feirste i gcomhar leis na Gaeil Óga agus Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge a d’fhág ó Cheann-Áras an Chonartha Dé Sathairn, 11 Deireadh Fómhair 2008, chun go bhféadfadh daoine ó Bhaile Átha Cliath freastal ar na mórshiúlta a bhí ar siúl ar fud na cathrach um thráthnóna agus chun tacaíocht a thabhairt do Ghaeilgeoirí ó thuaidh ag lorg Acht Gaeilge don Tuaisceart. Ba í an scátheagraíocht Ghaeilge POBAL a bhí i mbun na mórshiúlta a eagrú agus d’éirigh go hiontach

Róisín agus an Rón

Tá scáth-dhráma nua leis an bhfile mór le rá Nuala Ní Dhomhnaill á léiriú ag Púca Puppets an mhí seo in ionaid éagsúla i gCo. na Gaillimhe agus i gCo. Átha Cliath - Baile Bhlainséir, Leamhcán, Inis Oirr, OÉG, an Clochán, Bré, Dún Laoghaire ina measc – agus Róisín agus an Rón an t-ainm atá air. Tá an scáth-dhráma bunaithe ar scéal traidisiúnta Mac Ruairí agus na Rónta a bailíodh ó Róise Nic Suibhne, páiste scoile ar Árainn Mhór, Co. Dhún na nGall sna tríochaidí agus is léiriúchán iontach do pháistí scoile é. Is iomaí ceacht spreagúil gur féidir le múinteoirí bunú ar an dráma agus is féidir dul i dteagmháil Margot Nic Eoghain, Comhairleoir le Púca Puppets, ar +353 (0)85 1012477 chun tuilleadh eolais a fháil air seo.

4

leis an lá, le breis agus 4,000 duine ag siúl sráideanna Bhéal Feirste lena dtacaíocht a léiriú do reachtaíocht cheart-bhunaithe ar son na teanga. Ach ainneoin sin, mhaigh an BBC nach raibh ach 400 agus ansin 400-500 ar an mórshiúil ar son Acht na Gaeilge. Is bréag polaitiúil é sin agus tá lucht eagraithe na mórshiúlta ag iarraidh ar phobal na Gaeilge nóiméad a ghlacadh le gearán a dhéanamh agus a chuir ina luí ar an mBBC gur chóir dóibh an líon ceart (4,000 duine) a thuairisciú. Téigh go http://www.bbc.co.uk/complaints/ nó http://news.bbc.co.uk/1/hi/northern_irel and/7665343.stm agus is féidir gearán scríofa a dhéanamh díreach leo tríd an gcnaipe Contact Us ag bun an leathanaigh a bhrú.

Cuir na scéala chugainn roimh 10 Samhain 2008


Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge 2008 Cé gur iomaí ball de chuid an Chonartha a raibh aistear fada le déanamh acu chun ArdFheis 2008 a bhaint amach i mbliana, ní saothar in aisce a bhí ann d’éinne acu. Bhí aimsir álainn i ndán dóibh don deireadh seachtaine, bhí an tÓstán Meadowlands i dTrá Lí teolaí compordach galánta agus tá moladh ar leith ag dul don bhfoireann ann a chuir mórfháilte romhainn go léir agus a rinne gach iarracht freastal orainn trí Ghaeilge aon seans go bhfuaireadar. Níorbh iad foireann an óstáin

ar Thomás Mac Ruairí. Um thráthnóna, rinne an tArd-Rúnaí cur i láthair ar an tábhacht a bhí le hairgead a thiomsú leis an gCeann-Áras a dheisiú agus le lárionad Gaeilge ar ábhar bróid do Ghaeilgeoirí uile na tíre a bheith againn sa phríomhchathair. Chuir Caoimhín Ó Cadhla dlús leis an méid sin lena óráid ar Shíntiús na nGael agus d’iarr ar gach duine den slua iarracht a dhéanamh cúpla euro in aghaidh na míosa a chur leis an Síntiús le cabhrú le maoiniú na heagraíochta.

an t-aon dream Ciarraíoch a chur caoinfháilte romhainn áfach: d’oscail an Ard-Fheis le cur i láthair ar sheirbhísí Gaeilge sa chontae le Comhairle Contae Chiarraí agus ba í Craobh Thrá Lí a bhí i mbun eagrúchán na hócáide i gcomhar le foireann na hArd-Oifige. D’oscail Coimisinéir Teanga Seán Ó Cuirreáin an Ard-Fheis go hoifigiúil i ndiaidh chaint fháiltithe an Uachtaráin oíche Aoine agus leag an bheirt acu béim ar an tábhacht a bhaineann ní hamháin le hullmhú Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge ag an Rialtas, ach le cur i bhfeidhm na Straitéise. Ba spreagúil an chaint a bhí ag an mbeirt acu agus is cinnte gur spreagúil an fóram leis an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta ar an ábhar a lean ina dhiaidh. Dhírigh an cathaoirleach Helen Ó Murchú díospóireacht na hoíche ar mholtaí praiticiúla agus ar bheartais chinnte go bhféadfaí a chur i gcrích leis an nGaeilge a chur chun cinn mar chuid den Straitéis. Lean ceol agus craic an fóram le ceoltóirí áitiúla ag seinnm leo agus d’fhan cuid de na teachtaí ina suí ag caint ‘s ag comhrá i gcuideachta a chéile go maidin. I ndiaidh toghchánaíochta fíochmhaire maidin Shathairn, d’éirigh le Pádraig Mac Fhearghusa an Uachtaránacht a bhuachaint

Lean gnó na hArd-Fheise agus is iomaí rún a glacadh leo a léirigh tiomantas leanúnach na dteachtaí agus an Chonartha trí chéile don teanga. Níl aon amhras ach go mbeimid gnóthach gníomhach idir seo agus Ard-Fheis na bliana seo chugainn ag cur an obair sin uile i gcrích. Thug na heagraíochtaí faoi scáth an Chonartha tuairisc agus labhair Dáithí Mac Cárthaigh, Uachtarán 2005 – 2008, sular chríochnaigh gnó na hArd-Fheise don deireadh seachtaine. Ghabh sé buíochas as an tacaíocht agus as an gcabhair a fuair sé ó bhaill uile an Chonartha le trí bliana anuas, thréaslaigh sé leis an Uachtarán nua agus ghuigh gach rath air ag dul i mbun oibre. Scaip daoine ansin le sos a ghlacadh sular thosaigh scléip na hoíche le dinnéar blasta ag a hocht agus ceol den scoth á chasadh ag Maidhc Dainín Ó Sé agus Páidí Márthain Mac Gearailt a chur lucht na hArd-Fheise ag rince sar i bhfad! Cuireadh críoch le scléip na hArdFheise le turas stairiúil go Baile Thaidhg maidin Domhnaigh agus muid uile buíoch go raibh an aimsir breá bog fós linn. Tionólfar Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge 2009 san Aonach, Tiobraid Árann agus tá teachtaí na heagraíochta ag súil leis an ócáid cheana féin.

Is féidir scéalta a chur chuig nuacht@cnag.ie

5


Comhoibriú Is Tábhachtaí,dar le hUachtarán 2005-08 D'fháiltigh Dáithí Mac Cárthaigh, Uachtarán Chonradh na Gaeilge 2005 2008 roimh fheisirí na hArd-Fheise in Óstán Meadowlands, Trá Lí, Co. Chiarraí oíche Aoine 27 Meán Fómhair 2008 agus dúirt: "Is fóram daonlathach phobal na Gaeilge í Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge agus tá fáilte roimh chách anseo chun scothchleachtais maidir le cosaint, le cur chun cinn agus le hathréimniú na Gaeilge a phlé agus a chraobhscaoileadh i spiorad comhoibríoch, mar is iad an oscailteacht agus an daonlathas príomhláidreachtaí an Chonartha." Dhírigh an tUasal Mac Cárthaigh aird na hArdFheise ar ghéarchéim na cóiríochta in earnáil na gaelscolaíochta agus dúirt: "Is léir don Chonradh gur fórsa diúltach iad ardstátseirbhísí na Roinne Oideachais nach bhfuil dada déanta acu chun an meath leanúnach maidir leis an nGaeilge sa chóras oideachais a leigheas, ach a thapaíonn gach deis chun scothchleachtais cosúil le tumoideachas Gaeilge agus an luath-thumadh iomlán a ionsaí agus a chosc lena leithéid d'Imlitir 44/2007. Murach crógracht Scoil Mhic Easmuinn anseo i dTrá Lí agus Ghaelscoil Nás na Ríogh a thóg an tAire chun Ardchúirte bheadh an cosc sin i bhfeidhm, agus athdhearbhaím go seasann an Conradh leo agus le feachtas Ghaelscoileanna go dtarraingeofaí siar Imlitir 44/2007 láithreach agus go ndéan-

6

faí taighde ar bhonn uile-Éireann ar an luath-thumadh iomlán. Creideann an Conradh go gcaithfear an córas a leasú agus an t-ilteangachas a bheith mar chroí-aidhm an chórais oideachais ó thuaidh agus ó dheas i dtiúin le beartas an Aontais Eorpaigh." Agus uachtarán nua an Chonartha tofa ag an Ard-Fheis níos luaithe sa lá, thagair Mac Cárthaigh don bhéim ar leith a chuir Conradh na Gaeilge ar bheartais oifigiúla a imreoidh tionchar fadtéarmach ar chúrsaí teanga le trí bliana anuas agus é ina Uachtarán ar an eagraíocht. Dúirt sé: "Ainneoin aighneachtaí a bheith á lorg agus plé á dhéanamh ar phlean 20 bliana don Ghaeilge anseo ag Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge inniu fiú, gan beartais láidre chun an Ghaeltacht a thabhairt slán mar phobal teanga ba dheacair mórán muiníne a chur i bplean ar bith Gaeilge eile de chuid an Rialtais, go háirithe i bhfianaise droch-chroí na Roinne Oideachais." Thagair an tUasal Mac Cárthaigh do na milliúin euro a d'infheistigh an Stát go dtí seo ar áiseanna spóirt, ar amharclanna agus ar árais opera agus d'éiligh cothrom na hinfheistíochta don Ghaeilge chun lárionad cultúrtha na Gaeilge a thógáil sa phríomhchathair chun go mbeadh "Ceannáras ag an gConradh i mBaile Átha Cliath ar ábhar bróid é dúinn go léir é, ár bPáirc Uí Chrócaigh féin."

Is féidir scéalta a chur chuig nuacht@cnag.ie


Coiste Gnó 2008-09 Beidh an chéad chruinniú de chuid an Choiste Gnó nua 2008 – 2009 ar siúl ar an 1 Samhain 2008 ag 09.30-10.30rn agus ag 2.30-4.00in ag Óstán na Páirce, Baile an Róistigh, Corcaigh. De réir an Bhunreachta nua, féadfadh trí chraobh ar a laghad sa chontae céanna teacht le chéile chun choiste contae a chur ar bun agus toghfaidh coiste na craoibhe teachtaí le freastal ar chruinnithe den choiste contae, más ann dó. Toghfaidh gach craobh sa chontae beirt bhall ar an gcoiste contae. Toghfaidh an coiste contae a chuid oifigeach féin agus ansin, is féidir leis an gcoiste contae teachta amháin agus teachta ionaid a thoghadh gach bliain le feidhmiú mar bhall den Choiste Gnó thar ceann an choiste chontae. Ar an dóigh chéanna, féadfadh trí choiste contae ar a laghad sa chúige céanna teacht le chéile chun choiste cúige a chur ar bun, agus teachta amháin agus teachta ionaid a thoghadh gach bliain le feidhmiú mar bhall den Choiste Gnó thar cheann an choiste chúige. Ach is gá d’aon Choiste Contae nó d’aon Choiste Cúige athchlárú, nó clárú as an nua don chéad uair, leis an Ard-Oifig roimh dheireadh na míosa seo le go mbeadh cead ag teachtaí an Choiste sin freastal ar chruinnithe de chuid an Choiste Gnó. Le hionadaithe Choistí Contae agus Choistí Cúige araon a toghadh, is gá cruinniú cinn bliana a ghair le fógra 7 lá ar a laghad a thabhairt do gach teachta.

Timirí Ag Teastáil Go Géar

Tá Conradh na Gaeilge ag éileamh acmhainní le timirí teanga a fhostú i ngach contae sa tír chun pleanáil don Ghaeilge ar bhonn eagraithe agus cuimsitheach a chomhordú go náisiúnta. Dúirt Dáithí Mac Cárthaigh, Uachtarán Chonradh na Gaeilge 2005 - 2008: "Ceal achmainní níl dóthain timirí ag an gConradh a thacódh le craobhacha ar fud na tíre agus a dhéanfadh comhdhlúthú ar ár gcuidne iarrachtaí mar eagraíocht náisiúnta chun pleanáil i gceart do chur chun cinn na teanga.” "Éiríonn leis an gConradh míorúiltí a bhaint amach ach ceal acmhainní ní bhíonn leanúnachas ann agus braitheann ár gcuid oibre i bhfad an iomarca ar iarrachtaí agus ar íobairtí aonair, rud nach dtéann chun leasa an Chonartha ná chun leasa ghluaiseacht na Gaeilge." Mhol Craobh na hInse go gcuirfeadh Foras na Gaeilge deontas airgid de €80,000 ar fáil do gach contae chun timire lánaimseartha a fhostú iontu, fad ‘s a d'éiligh Craobh Mhaigh Cuilinn go gcuirfeadh an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta dlúis leis an scéim faoina raibh an Roinn ag cur maoiniú ar fáil chun Feidhmeannaigh Teanga a fhostú sna pobail Ghaeltachta.

Is féidir scéalta a chur chuig nuacht@cnag.ie

7


Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge D’fhógair an tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, Éamon Ó Cuív go bhfuil a Roinn ag reáchtáil sraith cruinnithe poiblí chun deis a thabhairt do dhaoine díospóireacht a dhéanamh ar phlépháipéar maidir leis an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge agus reáchtáladh an chéad cheann ag Ard-Fheis an Chonartha i mbliana. D'eascair an plépháipéar seo as an gcéad chéim den chomhairliúchán poiblí a bhí ar siúl ag an Roinn níos túisce i mbliana, agus rannpháirtíocht mhaith ag gabháil leis an bpróiseas sin. Bhí agus tá sé ríthábhachtach ionchur a fháil ó phobal na Gaeilge ionas go mbeifear in ann teacht ar fhís agus ar bheartas nua-aimseartha, indéanta don Ghaeilge. Thug an Rialtas gealltanas ina Ráiteas i leith na Gaeilge 2006 go bhforbrófaí straitéis 20 bliain, bunaithe ar 13 chuspóir ar leith, lena n-áirítear Acht na dTeangacha Oifigiúla a

8

chur i bhfeidhm go hiomlán, agus éascaíocht a dhéanamh don phobal maidir lena gcearta an Ghaeilge a úsáid agus iad ag plé leis an Stát; réimse leathan seirbhísí a chur ar fáil do thuismitheoirí ar mhian leo a gclann a thógáil le Gaeilge; forbairt a dhéanamh ar sheirbhísí craolacháin ar ardchaighdeán trí Ghaeilge; tacaíocht speisialta a thabhairt don Ghaeltacht mar cheantar ina labhraítear Gaeilge; agus forbairt bhreise a dhéanamh ar oideachas bunleibhéil agus dara leibhéal trí Ghaeilge. Tá sé mar ollsprioc ag an bhfiontar seo go mbeidh 250,000 duine ag labhairt Gaeilge ar bhonn laethúil i gceann 20 bliana. Is mar seo a leanas sceideal na gcruinnithe fós le teacht: • Dé Céadaoin, 15/10/08 - 7.30i.n. @ Tullamore Court Hotel, Uíbh Fhailí • Dé hAoine, 31/10/08 – 2.00i.n. @ Rochestown Park Hotel, Corcaigh

Is féidir scéalta a chur chuig nuacht@cnag.ie


Gaelscoileanna

Scéim Chónaithe ITBÁC

Feictear go Gaelscoileanna Teoranta agus iad ag feidhmiú de réir Plean Bunaithe Scoile na heagraíochta, go bhfuil deiseanna ann gaelscoileanna agus gaelcholáistí nua a bhunú fud fad na tíre agus tá cabhair chraobhacha an Chonartha á lorg acu. Ba mhór leo teagmháil a dhéanamh le héinne sna ceantair thíosluaite go háirithe a mbeadh spéis acu cabhrú le forbairt na Gaelscolaíochta. Ag leibhéal na bunscolaíochta, tá Coistí Bunaithe cheana féin ag feidhmiú i Ros Mhic Thriúin, Co. Loch Garman; i nDún Léire, Co. an Lú; i Lusca, Co. Átha Cliath; i gCill Chainigh; i gCroimhghlinn/Baile Bhailcín, BÁC 12; agus i mBaile an Tirialaigh, BÁC 15. Tá Gaelscoileanna ag fiosrú an bhfuil éileamh ann do ghaelscoil sna háiteanna seo a leanas freisin: Bealach Feich, Co. Dhún na nGall; Dún Dealgan, Co. an Lú*; Achadh an Iúr, Co. an Chabháin*; Ceatharlach; Cúl an tSúdaire, Co. Uíbh Fhailí; An Colbha Thuaidh, BÁC 13; agus Pasáiste Thiar, Co. Chorcaí. Ag leibhéal na meánscolaíochta, tá Coistí Bunaithe cheana féin ag feidhmiú i nDeisceart Átha Cliath; i gCarraig Uí Leighin, Co. Chorcaí; sa Mhuileann gCearr, Co. na hIarmhí; agus i Sligeach. Tá Gaelscoileanna ag fiosrú an bhfuil éileamh ann do ghaelcholáiste sna háiteanna seo a leanas leis: Droichead Átha, Co. an Lú; Baile Brigín, Co. Átha Cliath; Port Laoise, Co. Laoise; agus An Tulach Mhór, Co. Uíbh Fhailí. Más rud é go measann tú go bhfuil an téileamh le gaelscoil nó gaelcholáiste i gceantar do chraoibhe agus go mbeadh spéis ag an gcraobh s’agatsa cabhair a thairiscint len’í a bhunú, téigh i dteagmháil le Seán Ó hAdhmaill, Oifigeach Forbartha Gaelscoileanna Teoranta ag +353 1 4773156 / +353 87 6895612 nó trí rphost a sheoladh chuig sean@gaelscoileanna.ie.

Ba mhaith le Craobh Choiste na Gaeilge, Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath fáilte mhór a chur roimh rannpháirtithe Scéim Chónaithe Ghaeilge na hInstitiúide. Is é seo an chéad bhliain gur reáchtáladh an scéim seo agus tá an-áthas ar Choiste na Gaeilge go bhfuil ceathrar cailíní ó cheithre hairde na tíre - Aoife Ní Ghlaicín Riain ó Luimneach; Susan Mc Daid ó Bhaile Átha Cliath; Clár Ní Chuilleainn ó Mhaigh Eo agus Fiona Lemasney - ag cur fúthu san árasán Gaeilge ar Shráid Líosain. Beidh na cailíní ag saothrú ar na campais go léir chun aird a dhíriú ar an nGaeilge agus tá siad ar fáil chun comhairle agus cúnamh a thabhairt do mhic léinn na hInstitiúide le spéis sa Ghaeilge. Bhí tráthnóna oscailte san árasán Gaeilge cheana féin agus beidh clár raidió rialta leis na cailíní á chraoladh ar Raidió na Life 106.4 FM gach Aoine, ag tosú ar an 17 Deireadh Fómhair ón 6.00i.n - 6.30i.n. Beidh nuacht, scéalta agus imeachtaí na hInstitiúide faoi chaibidil acu gach seachtain. Reáchtálfar imeachtaí sóisialta agus cultúrtha i rith na bliana le turas go hOireachtas na Samhna agus turas Gaeltachta sa dara téarma do mhic léinn an Choláiste i dteannta leis an gCumann Gaelach. Eagrófar ranganna Gaeilge do mhic léinn sna 4 champas i bpáirt le hOifig na Gaeilge freisin. Tuilleadh eolais ó Shiobhán Nic Gaoithín, Oifigeach na Gaeilge ITBÁC ag 01 4027505 / gaeilge@dit.ie nó ó Aoife Ní Ghlaicín Riain ag 086 8595793 / tigaeilgedit@gmail.com.

Is féidir scéalta a chur chuig nuacht@cnag.ie

9


Oireachtas na Samhna & Seimineár an Chonartha Cuirfear tús le Clár Imeachtaí Choiste Áitiúil an Oireachtais Dé Domhnaigh 26 Deireadh Fómhair 2008 agus seolfaidh Máire Mhic Ghiolla Íosa, Uachtarán na hÉireann Oireachtas na Samhna go hoifigiúil in Óstán na Páirce, Baile an Róistigh ag a 7.00in Dé Céadaoin 29 Deireadh Fómhair. Leanfaidh léiriúchán den dráma nua le Darach Ó Scolaí, Craos, an seoladh agus ní bheidh ann ach tús na scléipe! Beidh na healaíona traidisiúnta á dtaispeáint gach lá agus beidh comórtas scéalaíochta, agallamh beirte, club na Féile agus seoltaí leabhair ar an Déardaoin mar aon le bronnadh Ghradam Uí Shúilleabháin agus Ghradam Réics Carló, seoladh clár teilifíse TG4 agus Comórtas Lúibíní do Dhaoine Fásta. Ar an Aoine - Oíche Shamhna - beidh Comórtais Ardáin do Dhaoine óga, cruinniú poiblí mar gheall ar an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge, tuilleadh seoltaí leabhair, Mór-chomórtais Sean-Nóis na bhFear agus na mBan, Comórtas Amhrán Nua-Chumtha, Club Amhránaíochta Casadh an tSúgáin agus Club na Féile ar siúl. Is iomaí deis a bheas ag an lucht freastail tabhairt faoi chúpla seit dá gcuid féin dar ndóigh! Ní hamháin sin ach beidh ócáid dátheangach, Gaeilge agus Gàidhlig, dar teideal Coinneamh Luchd Labhairt na Gàidhlige á reáchtáil níos luaithe um thráthnóna. Cuirfidh an cruinniú Gáidhlig seo béim ar an gceangal idir muintir na Gaeilge sa dá thír agus pléifear amhráin na Seacaibíteach, amhráin a mhol an ríora Stíobhartach agus a n-iarrachtaí ar theacht i gcoróin arís sa Bhreatain, agus a mhol go háirithe na laochra a d'imir a n-anam ag troid go cróga ar son na Stíobhartach. Reáchtálfar Comórtas Ardáin do Dhaoine Fásta Dé Sathairn mar aon leis an dá mhórchomórtas, Comórtas Rince ar an Sean-Nós agus Corn Uí Riada, an príomhchomórtas

10

amhránaíochta ar an sean-nós. Beidh Seimineár Chonradh na Gaeilge dar teideal Feachtas na Feiceálachta – Seachnaíonn Súil Ní Nach bhFeiceann ar siúl in Óstán na Páirce, Baile an Róistigh ag a 11.00rn Dé Sathairn chomh maith, áit go bpléifear pacáistiú dátheangach ar earraí, comharthaí bóthair agus cóid phoist. Seolfaidh Pádraig Mac Fhearghusa, Uachtarán an Chonartha, an leabhrán dátheangach An Tumoideachas in Éirinn | Immersion Education in Ireland le Dónal Ó hAiniféin i ndiaidh an tSeimineáir ag 12.30in, leabhrán atá bunaithe ar an óráid a thug an tUasal Ó hAiniféin ag Léacht an Chonartha 2008 i mí Aibreáin na bliana seo. Is iomaí seimineár de chuid an Chonartha ag Oireachtas na Gaeilge roimhe seo a spreag feachtais rathúla chun cearta phobal na Gaeilge a chur chun cinn, na feachtais seo a leanas ina measc: STÁDAS (2003), Pleanáil sa Ghaeltacht (2004), agus Stáisiún Raidió Gaeilge don Aos Óg (2007). Arsa an tUachtarán Mac Fhearghusa: “Is mithid don Chonradh agus do phobal na Gaeilge tacú le chéile arís i mbliana chun tabhairt faoi fheachtais simplí sothuigte as an nua a bhainfeadh ollchorr chun leasa i gcúrsaí na Gaeilge agus a gheobhadh tacaíocht fhorleathan, is é sin feachtas feiceálachta na Gaeilge. Tá Conradh na Gaeilge tiomáinte le cearta teanga phobal na Gaeilge a chur chun cinn agus mar chuid de sin, táimid ag tabhairt faoi infheictheacht na teanga i measc an phobail go ginearálta a chur chun tosaigh agus stádas mar is cuí a bhronnadh ar ár dteanga dhúchais.” Tuilleadh eolais faoin Oireachtas ar fáil ag www.antoireachtas.ie nó trí theagmháil a dhéanamh leis an Ard-Oifig ag 01 4757401 / eolas@cnag.ie. Chífimid ann sibh!

Cuir na scéala chugainn roimh 10 Samhain 2008


Is féidir scéalta a chur chuig nuacht@cnag.ie

11


Crosfhocal mí Dheireadh Fómhair

Trasna 1 iarratas; impí (7) 7 cur in aghaidh ruda go hoscailte (5) 10 slua (5) 13 fear atá i gceannas ar mhainistir (2) 14 scrios; ár; slad (8) 15 galar marfach (5) 16 agus (2) 17 roinn; rannóg (7) 18 bolgadh sa chorp de bharr buille (2)

Síos 1 ar an taobh seo (5) 2 teach mór poiblí (5) 3 mac dearthár/deirféar (3) 4 amhras; dabht (3) 5 cruacheist (5) 6 sleá bheag (2) 8 éan farraige (8) 9 áititheoir; áitritheoir (9) 11 duine róchainteach (7) 12 caint mhilis; plámás (6) 13 taibhse; arracht (7)

Más spéis leat dearbhán ar luach €30 don Siopa Leabhar a bhuachaint, líon isteach an crosfhocal i gceart agus seol chuig: An Crosfhocal, 6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.

12

Cuir na scéala chugainn roimh 10 Samhain 2008


Turn static files into dynamic content formats.

Create a flipbook
Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.