Crosfhocal Mhí Feabhra Trasna 1 leanbh beag (7) 4 dlí a ritheann parlaimint (4) 7 bosca nó seomra fuar chun bia a choinneáil friseáilte ann (9) 9 an t-alt? (2) 10 rógaire (7) 13 réidh le baint (4) 14 siúráilte; dearfa (6) 17 saoiste (3) 18 díoltóir feola (8) 19 páirc nó clós do bheithígh (5) Síos 2 3 4 5 6 8 11 12 15 16
arís (7) véarsa d'amhrán (4) seasc (6) an glór a dhéanann gadhar (6) furasta a léamh (7) compord; suaimhneas (2) áthas; sástacht (5) conablach ainmhí (6) gáir mhaíte (3) uirlis troda (3)
B'fhurasta neamhaird a dhéanamh de ráiteas Éanna Uí Chionnaith ag Ard-Fheis Fhine Gael faoi dheireadh a chur le riachtanas na Gaeilge le haghaidh na hArdteistiméireachta. Ach is baolach nach féidir é sin a dhéanamh. Ní hé seo an chéad uair a rinne sé a leithéid de ráiteas. Caithfidh go bhfuil sé i ndáiríre faoi. Bíodh go ndeireann sé go dteastaíonn uaidh tús a chur le díospóireacht faoin gceist tá a dhearcadh féin soiléir. Tá gach cosúlacht ann go bhfuil móramh sa pháirtí a d'aontódh leis sa dearcadh sin, bíodh gur cinnte go bhfuil roinnt daoine ann, agus Teachtaí Dála ina measc, nach mbeadh ar aon fhocal leo. Tá stair áirithe ag Fine Gael faoin gceist seo, ag dul siar go dtí seachtóidí an chéid seo caite nuair a cuireadh deireadh leis an riachtanas a bhí le Gaeilge chun dul isteach sa státseirbhís. Dúradh an rud céanna ag an am atá á rá anois: go gcabhródh an cinneadh sin ar bhealach éigin rúndiamhrach le staid na Gaeilge sa tseirbhís. B'fhollasach don té ba dhaille ná raibh sé sin fíor. Bhí sé soiléir freisin gur maith a thuig an dream a rinne an cinneadh ná raibh sé fíor. Ba dhrochbhuille ar fad a bhí sa chinneadh sin don teanga. Ba mhó fós de bhuille é dá nglacfaí leis an moladh is déanaí seo ó cheannaire Fhine Gael. Ach céard is cóir a dhéanamh faoin moladh seo? Céard is cóir do Chonradh na Gaeilge agus eagrais eile teanga a dhéanamh faoi? Is maith go bhfuil moltaí fiúntacha déanta cheana féin ag Uachtarán an Chonartha in altanna agus litreacha sna nuachtáin. Arís is baolach go gcaithfimid filleadh ar sheanphort a bhí go minic cheana againn ar an iris seo. Is den riachtanas é go mbeadh teagmháil ag an gConradh ag an leibhéal is airde leis an aicme polaitíochta le baill an rialtais ar an gcéad dul síos, ach le ceannairí na bpáirtithe polaitíochta uile.
Nuachtlitir Mhíosúil Chonradh na Gaeilge
Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, agus an Ghaeilge
Dearbhán €30 don Siopa Leabhar le buachan. Buaiteoir mhí na Samhna: Seonadh Ní Thuama, Cill Mhantáin. Cuir an crosfhocal chuig: An Crosfhocal, 6 Sráid Fhearchair, Ath Cliath 2.
Tuairimí agus Comhfhreagras Feasta - Nollaig 2005 (Eagarfhocal)
Eagrán 4
Léiríonn an eachtra is déanaí seo, arís eile, an riachtanas atá ann an fhaillí atá déanta sa ghné thábhachtach seo d'obair an Chonartha a leigheas. Is eagraíocht náisiúnta í an Conradh. Ní gá a tábhacht i stair ná i saol na tíre seo a athinsint. Is cuid dár noidhreacht náisiúnta í an Ghaeilge. Féach a hionad inár mbunreacht. Níor déanamh ach lagiarracht sna seachtóidí chun cur in aghaidh an chinneadh faoin nGaeilge sa státseirbhís. Níor chóir go dtarlódh sé sin arís. Is é Fine Gael an dara páirtí polaitíochta is mó sa tír. D'fhéadfadh go mbeadh príomhionad acu i pé rialtas a bheidh againn tar éis an chéad olltoghchán eile. Níl sé ceart go ligfí do cheannaire an pháirtí a bheith ag déanamh ráitisí leibideacha, cosúil leis an gceann faoi Riverdance agus rincí Gaelacha, agus ag comhairliú cur chuige úrnua a dhéanfadh leas na Gaeilge ar bhealach éigin míorúilteach. Is ceist thábhachtach náisiúnta atá anseo. Ba chóir a iarraidh ar Éanna Ó Cionnaith bualadh le toscaireacht ón gConradh chun an ráiteas seo a phlé.
Lá Oiliúna agus Díospóireacht D’éirigh go hiontach leis an díospóireacht agus an lá oiliúna a d’eagraigh an Conradh. Tá gach eolas le fáil faoi dá ócáid sin ar www.cnag.ie. Ba mhaith le foireann an Chonartha gach rath a ghuí ar Shiobhán Ní Ghaoithín don todhchaí. Chaith Siobhán na blianta ag obair leis an gConradh i nGaillimh agus d’éirigh léi neart rudaí éagsúla a bhaint amach le linn na tréimhse sin. Mothóidh muid uainn tú a Shiobháin!
4. Má tá spéis ag do chraobh ábhar a chur ar fáil don nuachtlitir seo déan teagmháil linn san Ard-Oifig
1 Feabhra 2006
SAN EAGRÁN SEO:
Iarann Uachtarán Chonradh na Gaeilge, Dáithí Mac Cárthaigh ar gach ball den Chonradh litir den chineál seo a chur chuig polaiteoirí áitiúla
1. OÉG AGUS AN GHAEILGE
A chara,
2. Name Your Place an dara cló i gcló anois.
Ba mhaith liom do thacaíocht a fháil chun seirbhísí oideachais 3ú leibhéil a chinntiú do lucht labhartha na Gaeilge in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Faoi láthair, tá oibleagáid ar Ollscoil na hÉireann Gaillimh faoi alt 3 de Acht Choláiste Phríomhscoile na Gaillimhe 1929 ("an tAcht"), cainteoirí Gaeilge a cheapadh chun postanna sa choláiste. In ainneoin gur cur chuige maol go leor é sin, d'fhág sé go raibh agus go bhfuil cúrsaí acadúla agus seirbhísí riaracháin, bainistíochta agus tacaíochta ar fáil as Gaeilge agus as Béarla ar aon i UCG. Chun an aidhm seo a thabhairt i gcrích níos éifeachtaí, mhol Údarás Rialaithe Ollscoil na hÉireann Gaillimh, d'aon ghuth 2 bhliain ó shin an leasú seo a chur in áit alt 3 den Acht ("leasú na hOllscoile"):"Beidh sé mar phríomhaidhm ag Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, ceannaireacht i soláthar oideachas na hOllscoile trí mheán na Gaeilge a chur ar fáil trí sholáthar réimse leathan cúrsaí acadúla i nGaeilge agus trí chultúr cumarsáide dátheangach a chruthú taobh istigh den chóras agus i gcleachtas bainistíochta agus riaracháin na hOllscoile. Dá réir sin, beidh sé de dhualgas ag Údarás na hOllscoile agus ag Uachtarán Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, polasaithe, rialacháin, rialacha, soláthair agus cleachtais ar mhaithe leis an aidhm straitéiseach theangeolaíoch thuasluaite a chur i gcrích, a leagan amach agus a chur i bhfeidhm." Bhí an-díomá agus an-bhuairt orm nuair a chonaic mé leasú an Rialtais, áfach:N Na am me e
Dáithí Mac Carthaigh, Uachtarán an Chonartha, ag bronnadh bronntanais ar Shiobhan Ní Ghaoithín ar an lá deireanach oibre
"(1) Déanfaidh Údarás rialaithe an Choláiste cinnte go mbeidh soláthar oideachais sa choláiste trí mheán na Gaeilge ar cheann de na haidhmeanna d'fheidhmiú agus d'fhorbairt an Choláiste a leagfar amach i ngach plean straitéiseach forbartha a ullmhaítear tar éis thosach na míre seo. (2) Cuirfidh an t-údarás rialaithe agus Uachtarán an Choláiste a gcuid aidhmeanna i gcrích agus úsáidfidh siad a gcuid tionchair maidir leis an gColáiste le déanamh cinnte go gcuirfear an aidhm luaite i bhfomhír (1) i gcrích." Tá difríochtaí suntasacha idir an dá leasú, mar shampla: Ní bheidh sé mar phríomhaidhm straitéiseach ag an Ollscoil na hÉireann, Gaillimh ceannasaíocht a thabhairt trí réimse leathan cúrsaí acadúla trí Ghaeilge a sholáthar. Níl an Rialtas ach ag moladh go mbeadh sé mar cheann de na haidhmeanna ag an Ollscoil oideachas trí Ghaeilge a sholáthar. D'fhéadfadh cúrsa amháin an dualgas sin a chomhlíonadh! Molann an Conradh go gcloífidh an Rialtas le "leasú na hOllscoile". Tá súil agam go mbeidh tú in ann leasú na hOllscoile a mholadh mar leasú ar an mBille nuair a thagann an Bille os comhair na Dála.
Maoinithe ag:
4. Ranganna Gaeilge in Oirthear na Gaillimhe 5. Folúntais 6. Céad Chomhdhail Bhliantúil, Na Gaeil Oga 7. Crosfhocal mhí Feabhra 8. Tuairimí Eagarfhocal Feasta maidir le polasaí nua Fhine Gael i leith na Gaeilge sa chóras oideachais
Le meas, Leagan níos cuimsithí: www.@cnag.ie
Yo You ur r
D’fhoilsigh Club na Sionna de Chonradh na Gaeilge an dara heagrán de Name Your Place faoi urraíocht Fhoras na Gaeilge. Tá roinnt athruithe ann agus é tugtha suas chun dáta. I measc na nathruithe tá liosta ainmneacha a bheadh oiriúnach de shiopaí, óstáin agus ionaid éagsúla ghnó. An phríomhchúis ar foilsíodh an leabhrán ná chun daoine a spreagadh le hainmneacha Gaeilge a chur ar fhorbairtí tógála, ar ionaid ghnó nó ar thithe aonair agus úsáid
3. Dátaí tabhachtacha amach anseo
Vótaíocht Nua ar Shuíomh Idirlín an Chonartha
P Pl la ac ce e na logainmneacha Gaeilge a chur chun cinn ar fud na tíre. Tá an leabhrán oiriúnach do dhaoine ar bheagán Gaeilge, chomh maith leis an bpobal i gcoitinne. Is leabhrán simplí é agus sé an-fhurasta é a úsáid agus tá sé dírithe go hiomlán ar logainmneacha a thagann ón nGaeilge cé go bhfuil an leagan Béarla de na háiteanna sin in úsáid go forleathan. Is féidir cóipeanna den leabhar seo a fháil saor in aisce díreach ó Cheannáras Chonradh na Gaeilge.
Ar cheart do TG4 neamhspleáchas a lorg? • Ba cheart • Níor cheart Má tá tuairim agat maidir leis an gceist seo thuas is féidir vóta a chaitheamh ach gabháil isteach ar Shuíomh Idirlín an Chonartha ag eolas@cnag.ie
1.