Nuachtlitir Template 05.qxd

Page 1

Trasna 2 4 6 8 12 13 15 16

Síos 1 2 3 4 5 7 9 10 11 14

Crosfhocal Mhí an Mheithimh deabhadh; dithneas (6) béal (3) ionsaí; aimsiú ar mharc (4) seanbhean ghránna (9) caint shearbh; searbhas (8) mac dearthár/deirféar (3) madra uisce (9) an t-alt? (2)

seal ama; tréimhse (3) leabhar ina dtugtar cuntas laethúil ar chúrsaí (7) caint mhearbhlach; speabhraídí (9) gort curaíochta (10) fear déirce; duine a shiúlann go deacrach (6) leisceoir (7) cáinaisnéis (7) feithid chealgach (5) adharc fia (5) madra ard seang a bhíonn ag rásaíocht (2)

Más spéis leat cur isteach ar an gcomórtas seo ní mór duit an crosfhocal (agus e líonta isteach i gceart agat) a chur chuig: An Crosfhocal, 6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.

Dianchúrsa Gaeilge i gCathair na Gaillimhe

Má tá tú ag foghlaim Gaeilge ní bheidh ort fanacht go dtí Meán Fómhair mar beidh dianchúrsa Gaeilge ar siúl i lár chathair na Gaillimhe an samhradh seo! Tá áthas ar Chonradh na Gaeilge go mbeidh dianchúrsa á reáchtáil acu in Árus na nGael, 45 Sráid Doiminic, i mí an Mheithimh agus i mí Iúil. Beidh an cúrsa seo dírithe ar 3 leibhéal éagsúla - tosaitheoirí, bunleibhéal agus meánleibhéal. Beidh sé ar siúl ón 26ú Meitheamh - 12ú Iúil agus beidh dhá rang sa tseachtain ó 7.00i.n -9.30i.n. Beidh costas 125 euro ar an gcúrsa. Le linn an chúrsa beidh béim mhór ar chomhrá agus ar labhairt na Gaeilge. Beidh na rannpháirtithe in ann feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge labhartha trí chleachtadh agus trí theagasc den scoth. Maidir leis na rannpháirtithe a bhfuil Gaeilge níos líofa acu, múinfear roinnt gramadaí dóibh freisin agus beidh siad in ann tuiscint níos fearr a fháil ar scríobh na Gaeilge. Ní bheidh fadhb ar bith díriú ar ábhar nó ar riachtanais speisialta sna ranganna beaga seo (ní bheidh níos mó ná 12 sa rang) freisin más gá. Bronnfar teastas tinrimh ar na rannpháirtithe tar éis dóibh an cúrsa a chríochnú. Chomh maith leis seo beidh míle fáilte roimh rannpháirtithe an dianchúrsa freastal ar Thionól Gaeltachta 2007 ar Inis Meáin ón 5ú-8ú Iúil. Beidh go leor imeachtaí

éagsúla ar siúl le linn an Tionóil, ina measc, súilóidí, seisiúin cheoil agus ceolchoirmeacha. Mar gheall ar an Tionól gheobhaidh rannpháirtithe an dianchúrsa deis iontach Gaeilge a labhairt taobh amuigh den seomra ranga le linn an chúrsa. Tá foirmeacha iarratais agus tuilleadh eolais le fáil ó Chonradh na Gaeilge, 45 Sráid Doiminic, Gaillimh ag (091) 567824 nó r-phost conradh@bradan.iol.ie. Ní mór na foirmeacha iarratais don Dianchúrsa Gaeilge a sheoladh ar ais roimh an Luan, 18ú Meitheamh. Tuilleadh Eolais: Dianchúrsa Samhraidh, Conradh na Gaeilge, 45 Sráid Doiminic, Gaillimh. Fón: 091 567824 Ríomhphost: conradh@bradan.iol.ie

4. Má tá spéis ag do chraobh ábhar a chur ar fáil don nuachtlitir seo déan teagmháil linn san Ard-Oifig

Iml. 2 Eagrán 8

Nuachtlitir Mhíosúil Chonradh na Gaeilge

Fáilte Mhór Roimh Athcheapachán an Aire Ó Cuív

Guíonn Conradh na Gaeilge gach rath ar gach Teachta Dála a ceapadh agus a athcheapadh i gcomh-aireacht nua na Dála. Tá súil ag lucht an Chonartha go néireoidh go thar barr leo agus iad ag tabhairt faoin obair atá rompu amach anseo. Cuireann an Conradh fáilte is fiche, ach go háirithe, roimh athcheapachán an Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, Éamon Ó Cuív, agus táthar ag súil go leanfaí leis an obair mhór atá ar bun aige le cúig bliana anuas. Tá dea-mhéin an mhórphobail agus deiseanna iontacha anois ann chun cur leis an dea-obair sin agus tá lucht an Chonartha ag súil go mór go gcuirfí na dúshláin mhóra atá roimh an Aire - cur i bhfeidhm an Achta Teanga agus Phlean an Rialtais i leith na Gaeilge - i gcrích chomh maith leis an gcomhoibriú nua a bheidh ann idir Roinn Uí Chuív agus Roinn an Aire Oideachais, Mary Hanifan, le teacht ar na bealaí is fearr chun múineadh agus foghlaim na Gaeilge a fheabhsú sa chóras oideachais. Dúirt Dáithí Mac Cárthaigh, Uachtarán Chonradh na Gaeilge, 'Is mian liom fáilte mhór a chur roimh athcheapachán an Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta,

thar ceann Chonradh na Gaeilge. D'éirigh leis an Aire Ó Cuív céimeanna móra a thógáil chun tosaigh ó thaobh chur chun cinn agus athnnormálú na Gaeilge le cúig bliana anuas agus tá muidne sa Chonradh ag súil go gcuirfear leis an dul chun cinn sin sna blianta atá romhainn go háirithe i gcur i bhfeidhm Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 agus i gcur i bhfeidhm Phlean an Rialtais i leith na Gaeilge. Fáiltím, chomh maith, roimh na dualgaisí breise a thabharfar do Roinn an Aire dul i mbun comhoibrithe le Roinn an Aire Oideachais, Mary Hanifan, agus iad ag tabhairt faoi na fadhbanna éagsúla a bhaineann le múineadh agus foghlaim na Gaeilge sa chóras oideachais. Iarraim ar an Aire dul i ngleic leis na fadhbanna a bhaineann le cúrsaí pleanála sa Ghaeltacht mar thosaíocht a luaithe agus is féidir agus todhchaí na Gaeilge sa Ghaeltacht a dhaingniú agus a chinntiú don ghlúin a thiocfaidh inár ndiaidh.

Léirsiú ar son Achta Gaeilge

'Dúradh le lucht na Gaeilge i 1998 go raibh tús curtha le ré úr ó thaobh na Gaeilge de, agus ar an Satharn, 9 Meitheamh, dhearbhaigh an comhphobal féin nach nglacfaí le rud níos lú ná cearta agus aitheantas ar a gcuireann muid le sochaí bhríomhar, iomlánaithe agus nua-aimseartha,' sin a dúirt Janet Muller, príomhfheidhmeannach POBAL inniu ag mórshiúl ceiliúrtha i mBéal Feirste ar son Acht Gaeilge don Tuaisceart. Tháinig idir óg agus aosta le chéile le tacaíocht a léiriú do mholtaí an scátheagrais i dtaca le reachtaíocht chuimsitheach agus cheartbhunaithe. 'Táinte don uile dhuine atá sa Ghaeilge,

Maoinithe ag:

agus sin teachtaireacht an lae,' a dúirt sí. Ó mhí na Nollag anuraidh, tá próiseas comhairliúcháin leanúnach ar siúl ar reachtaíocht Ghaeilge ag an Roinn Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta ó thuaidh. 'Ag deireadh an chéad chomhairliúcháin, léirigh 93% de na freagraí tacaíocht do mholtaí POBAL ach d'fhógair an Roinn próiseas eile.'

18 Meitheamh 2007 SAN EAGRÁN SEO: 1. FÁILTE MHÓR ROIMH ATHCHEAPACHÁN AN AIRE Ó CUÍV

2. LÉIRSIÚ AR SON ACHTA GAEILGE 3. ÁTH BUÍ LE GAEILGE

4. TUMADÓIREACHT, AISTEOIREACHT, CEOL AGUS CRAIC IN INIS MEÁIN 5. TURAS LAE GO DROIM SEANBHÓ AGUS LOCH AILÍN 6. DÁITHÍ MAC CÁRTHAIGH #1 SEANAD ÉIREANN 2007

7. CROSFHOCAL MHÍ AN MHEITHIMH

8. DIANCHÚRSAÍ GAEILGE I nGAILLIMH Vótaíocht Nua ar Shuíomh Idirlín an Chonartha

Cé chomh minic a cheannaíonn tú leabhair Ghaeilge? • • • •

Uair sa mhí Uair sa ráithe Uair sa bhliain Riamh

Má tá tuairim agat maidir leis an gceist seo thuas is féidir vóta a chaitheamh ach gabháil isteach ar Shuíomh Idirlín an Chonartha ag eolas@cnag.ie

1.


Á th Buí le Gaeilge

Tá obair mhór ar siúl ag Craobh Uí Ghramhnaigh de Chonradh na Gaeilge le blianta beaga anuas. Le gairid tá cairt logainmneacha curtha i gcló acu a bhfuil logainmneacha uile an pharóiste agus an cheantair máguaird le fáil uirthi. Chomh maith leis sin cuireann siad nuachtlitir i gcló gach mí agus scaiptear é ar mhuintir an bhaile. Beidh an ciorcal comhrá deireanach den séasúr seo ar siúl in Óstán an Darnley oíche Dé Máirt, 12 Meitheamh. Le linn mhí Iúil beidh Fleadh Laighean ar siúl i mBaile Átha Buí agus beidh baint mhór ag an gcraobh, dar ndóigh, lena heagrú. Beidh imeachtaí ar siúl idir 9 Iúil agus 15 Iúil i Ráth Chairn agus in Áth Buí agus fáilte is fiche roimh chách freastal orthu. I measc na nithe eile a dhéanann Craobh Uí Ghramhnaigh cuireann siad seirbhís aistriúcháin saor ar fáil do lucht gnó an bhaile agus cuireann siad nuachtlitir leictreonach ar fáil. Le haghaidh comhairle nó eolais ar

bith eile faoi obair na craoibhe seo is féidir teagmhail a dhéanamh leis an gcoiste ach ríomhphost a chur chuig info@athbui.com.

Tumadóireacht, Aisteoireacht, Ceol agus Craic ar Inis Meáin

Is ó 5 - 8 Iúil a thionólfar Tionól Gaeltachta Chonradh na Gaeilge agus is in Inis Meáin a bheidh an Tionól i mbliana. Tá an Tionól ag filleadh ar Inis Meáin, áit a raibh Tionól na bliana 2005 ar siúl. Tá pacáiste curtha le chéile a chlúdaíonn imeachtaí uilig an Tionóil, idir an turas báid ó Ros an Mhíl, lóistín in Inis Meáin, béile tráthnóna, turais ar an oileán, ceardlanna ceardaíochta, seisiún tumadóireachta nó turas chuig Inis Oírr, seimineár ar chúrsaí pleanála, ceolchoirm agus seisiúin cheoil. Tá an pacáiste seo ar fáil ar phraghas speisialta de €190 don deireadh seachtaine. Tá foirmeacha eolais agus clárúcháin le fáil ó Chonradh na Gaeilge, 45 Sr. Doiminic, Gaillimh, 091 567824 nó conradh@bradan.iol.ie, agus ó Ard-Oifig an Chonartha, 6 Sráid Fhearchair, Áth Cliath 2, 01 4757401 nó eolas@cnag.ie. Tabharfaidh an Tionól deis mhaith eolas a chur ar Inis Meáin ó sheanstair an oileáin, go saol agus ceardaíocht na ndaoine san aimsir a caitheadh go saol agus tionscal an oileáin sa lá atá inniu ann. Chomh maith leis na himeachtaí a bheidh á neagrú don Tionól beidh neart ama freisin eolas a chur ar áilleacht an oileáin agus ar phobal Gaelach Inis Meáin. I measc imeachtaí an Tionóil beidh deis ag daoine cleachtadh tumadóireachta a dhéanamh agus radharc a fháil ar an saol faoi thonn. Ar ndóigh beidh turas ar an oileán féin chomh maith agus eolas á

2.

chur ar fáil faoi stair an cheantair agus ar an am a chaith Synge ar an oileán. Dúirt Dáithí Mac Cárthaigh, Uachtarán Chonradh na Gaeilge: "Táim ag súil go mór leis an Tionól Gaeltachta ar Inis Meáin. Tá clár imeachtaí den scoth leagtha amach don deireadh seachtaine, idir an dáiríreacht leis an seimineár pleanála go dtí an tsiamsaíocht le dráma ó Aisteoirí Bulfin. Is cinnte go bhfuil rud éigin ann do chách." Tuilleadh eolais:

Peadar Mac Fhlannchadha,

Timire Náisiúnta Chonradh na Gaeilge 091 567824 / 087 4188050 conradh@bradan.iol.ie

Má tá spéis ag do chraobh ábhar a chur ar fáil don nuachtlitir seo déan teagmháil linn san Ard-Oifig

Turas Lae go Droim Seanbhó agus Loch Ailin

Beidh an Ard-Chraobh de Chonradh na Gaeilge ag eagrú turais bus go Droim Seanbhó agus Loch Ailín Dé Domhnaigh, 24 Meitheamh, 2007. Beidh an bus ag bailiú daoine sna hionaid seo a leanas: Na Glascnoic ag 8.30am, Áras na Craoibhe (6 Sráid Fhearchair) ar 8.45am agus Halla an Chonartha, Corrán Gratton, Inse Chór ar 9.00am. Beidh an bus ag filleadh ar Bhaile Átha Cliath ar 9.30pm. Is í Áine Bean Uí Ghabhann a bheidh mar stiúrthóir agus mar tráchtaire ar an turas. Má tá spéis agat freastal ar an turas seo ní mór duit teagmháil a dhéanamh le lucht na hArd-Chraoibhe a luaithe agus is féidir leat tríd an Ard-Oifig.

Dáithi Mac Cárthaigh #1 Seanad É ireann 2007

A chomhchéimithe, Teastaíonn uaim a bheith i mo sheanadóir chun dul i mbun feachtais níos éifeachtúla maidir le cúrsaí oideachais, cúrsaí míchumais, cúrsaí fuinnimh, iompair agus comhshaoil, cúrsaí idirnáisiúnta, cionta gnéis agus deoraithe cánach. Mar bhall de Sheanad Éireann cuirfidh mé an Ghaeilge i lár an aonaigh tríd an Ghaeilge a úsáid i ndíospóireachtaí agus in obair an Oireachtais agus trí stocaireacht ar son:• Comhchoiste an Oireachtais don Gaeilge a athbhunú agus go gcuirfí gach bille os comhair an Oireachtais go dátheangach (Gaeilge /Béarla) gur féidir iad a phlé as Gaeilge; • Múineadh na Gaeilge ar scoil a fheabhsú tríd na beartais seo a leanas:(a) go gcaithfeadh gach ábhar oide 3 mhí in aghaidh na bliana acadúla i dtimpeallacht lán-Ghaeilge ag foghlaim tríd an tumoideachas agus faoin tumoideachas agus deis acu an chéim ar fad a dhéanamh as Gaeilge más áil leo; (b) go múinfí ábhar amháin seachas Gaeilge trí Ghaeilge do gach dalta bunscoile, ar bhonn píolótach ar dtús leis an oiliúint agus an tacaíocht chuí; (c) go scrúdófaí mic léinn dara leibhéil sa cheithre scil teanga: tuiscint, labhairt, léamh agus scríobh sna scrúduithe Stáit; nach mbeadh páipéar litríochta le suí ach ag mic léinn ardleibhéil agus go marcálfaí an páipéar litríochta sin mar ábhar breise; • Forbairt inchothaithe na Gaeltachta mar phobal Gaeilge trí fhorbairtí pobalbhunaithe teanga-lárnaithe a chur chun cinn agus trí thograí a dhéanfadh díobháil d’úsáid na Gaeilge go háitiúil a chosc le treoirlínte ceangailteacha chuige sin; • Cur le seirbhísí trí Ghaeilge agus le stádas na teanga trí Acht na dTeangacha Oifigiúla a fheidhmiú go hiomlán

agus le hAcht ceartabhunaithe Gaeilge don Tuaisceart bunaithe ar mholtaí POBAL; • Tacaíocht ó Rialtas na hÉireann ar son coinbhinsiún idirnáisiúnta de chuid na Náisiún Aontaithe chun tacú le héagsúlacht teanga; • Ainmneacha simplí Gaeilge ar fhorbairtí tithíochta nua; • Pacáistiú dátheangach (Gaeilge/Béarla) ar earraí tomhaltóirí faoi mar atá i dtíortha eile le 2 (nó níos mó) theanga oifigiúla acu ar nós na Beilge nó Cheanada; • Go líonfaí gan mhoill Cathaoir na Sean-Ghaeilge i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath, an deis a bheith ag mic léinn bunchéim a bhaint amach sa tSeanGhaeilge sa choláiste sin agus foclóir Gaeilge-Gaeilge a fhorbairt mar thosaíocht náisiúnta oideachais; • Modh an tumoideachais iomláin sna ranganna naíonáin a chosaint ó chur isteach an Aire Oideachais agus bord oideachais ar leith don scolaíocht Ghaeltachta agus don Ghaelscolaíocht. Cuirigí glór fuinniúil nua isteach sa Seanad a bhfuil taithí aige ar fheabhsuithe a bhaint amach. Go raibh maith agat,

Dáithí Mac Cárthaigh

Tuilleadh eolais: www.daithi1.ie

Má tá spéis ag do chraobh ábhar a chur ar fáil don nuachtlitir seo déan teagmháil linn san Ard-Oifig

3.


Turn static files into dynamic content formats.

Create a flipbook
Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.