Crosfhocal Mór na Nollag Eagrán 2
Nuachtlitir Mhíosúil Chonradh na Gaeilge
Léirsiú i gcoinne Pholasaithe Nua Gaeilge Fhine Gael
Trasna 1 5 8 9 10 11 14 16 19 21 24 25 28 31 33 34 36 37 38
deaslabhartha (12) cosc (3) uaigneach; singil (8) duine a imríonn draíocht (5) comhaireamh; cuntas (7) scamall geal a éiríonn as uisce beirithe (3) stuama (9) ceann de chúig éirim an choirp (6) farraige mhór (6) easpa (9) áit a gcoinnítear éin (7) cur leis an bhfírinne; áiféis (7) madra uisce (9) seal ama; tréimhse (3) cealgaire; brathadóir (9) cuairteoir; lóistéir (3) deifir (8) nós; béas (4) cúrsa staidéir (8)
Síos 2 3 4 6 7 12 13 15 17
roinn; rannóg (7) píosa searbh scríbhneoireachta (4) duine an-bheag ar fad (5) slat tomhais (9) teorainn (6) foclóir i ndeireadh scríbhinne (6) cladach cloch (8) comhrá (8) dlí a ritheann parlaimint (4)
18 20 21 22 23 26 27 29 30 32 35 36
an-bheag ar fad (7) slat láidir sailí (3) talamh i seilbh duine; glacadh seilbhe (9) scoil ar leith do naonáin (7) pinc (8) glór caointeach brónach (7) triail; blúire (8) áibhéil; amaidí (6) bailiúchán; cnuasach (7) mar; cosúil le (6) múchadh (4) giota filíochta (3)
Dearbhán 30 Euro don Siopa Leabhar le buachan. Buaiteoir mhí na Samhna: Seán de Búrca, Co. Bhaile Átha Cliath. Cuir an crosfhocal chuig: An Crosfhocal, 6 Sráid Fhearchair, Áth Cliath 2.
Post á fhógairt i gConradh na Gaeilge, Glaschú OIFIGEACH FORBARTHA GAEILGE, GLASCHÚ Suite: Glaschú Tuarastal: £21k pro rata (20 uair sa tseachtain) Tréimhse: Beidh an post seo ar fáil ar feadh sé mhí ag an tús ach táthar ag súil le síneadh ama a chur leis sin. Cuir CV roimh 9ú Nollaig 2005 chuig: cecilia.mcdaid@tesco.net. Tuilleadh eolais ó: Mairéad Uí Ghallchóir, 00 44 (0)141 589 4041
4. Más spéis leat ábhar a chur ar fáil don nuachtlitir seo déan teagmháil linn san Ard-Oifig
Ar 16 Céadaoin 2005 d'eagraigh na Gaeil Óga, a chláraigh mar chraobh den Chonradh le déanaí, léirsiú mór chuig Oifigí Fhine Gael lena míshástacht faoi pholasaithe nua an Pháirtí sin a chur in iúl. Ghlac suas le 300 duine páirt sa léirsiú sin agus i measc na ndaoine a bhí ann bhí Uachtarán Chonradh na Gaeilge, Dáithí Mac Cárthaigh, Pádraig Breandán Ó Leidhin agus Seán Ó hAdhmaill, Cathaoirleach, Na Gaeil Óga. Ag oifigí Fhine Gael an lá sin bronnadh cóip de leabhrán oideachais Chonradh na Gaeilge, 1+1+1 Ceist na dTeangacha i gCóras Oideachais na hÉireann (atá ar fáil, saor in aisce, ón Ard-Oifig), ar Enda Kenny agus labhair Seán Ó hAdhmaill agus Dáithí Mac Cárthaigh ar na fáthanna nár cheart do mhuintir na hÉireann glacadh le polasaithe Fhine Gael. Agus é ag labhairt ar an lá leag Dáithí Mac Cárthaigh béim ar na nithe seo a leanas: 1. Bhí fadhb ann le múineadh na matamaitice le cúpla bliain anuas. Táthar ag ceapadh siollabas nua le dul i ngleic leis an bhfadhb. Nárbh fhearr an cur chuige seo i gcás na Gaeilge. 2. Is scil í an Ghaeilge, cosúil le gach
Maoinithe ag:
SAN EAGRÁN SEO: 1. LÉIRSIÚ I GCOINNE PHOLASAITHE OIDEACHAIS FHINE GAEL 2. BAINISTEOIR NUA SHEACHTAIN NA GAEILGE 3. LEABHRÁN OIDEACHAIS AN CHONARTHA 4. OÍCHE CHOMÓRTHA SHÉAMAIS UÍ CHEALLAIGH 5. TRÁTH NA GCEIST CHRAOBH MHUINTIR NA TÍRE
teanga eile, a thógann tú leat le cleachtadh. Ní féidir teanga a chramáil. I gcomhthéacs chóras na bpointe bheadh an-bhrú ar scoláirí dul le hábhair ar féidir a chramáil don Ardteist in ionad dul don Ghaeilge - ábhar nach féidir a chramáil. 3. Dá gcuirfí iachall ar scoláire rogha a dhéanamh idir an Ghaeilge agus ábhar a bheadh riachtanach dá g(h)airm bheatha amach anseo (mar shampla, bitheolaíocht nó ceimic i gcás leighis) ní bheadh aon rogha ag an scoláire ach éirí as an nGaeilge. 4. Is iomaí scoil a d'éireodh as Gaeilge a mhúineadh don Ardteist ar fad. Fáiltíonn an Conradh roimh gach cabhair le cinntiú nach gcuirtear polasaithe oideachais Fhine Gael i bhfeidhm.
Bainisteoir Nua Sheachtain na Gaeilge Ceapadh Orla Nic Shuibhne mar Bhainisteoir nua ar Sheachtain na Gaeilge, ar an Luan, 28 Samhain 2005. Beidh Orla ag gabháil i mbun a cúramaí nua ón 3 Eanáir ar aghaidh agus beidh sí lonnaithe in Ard-Oifig Chonradh na Gaeilge, 6 Sráid Fhearchair go lánaimseartha. Is é seo a leanas a dúirt Orla faoi na dúshláin éagsúla atá roimpi mar bhainisteoir ar Sheachtain na Gaeilge: “Tá mé ag súil go mór le dul i mbun oibre le Seachtain na Gaeilge Teo. agus tá mé ag súil, ach go háirithe, le forbairt a dhéanamh ar an obair mhór a rinne an bainisteoir a bhí ann romham. Níl amhras ar bith ach go bhfuil dúshláin éagsúla
1 Nollaig 2005
mhóra romham agus, mar sin, tá mé ag súil le haghaidh a thabhairt ar na dúshláin sin tar éis Nollag.” Roimhe seo chaith Orla seal ag obair mar Ard-Cheannaire i gColáiste Cholmcille, Gaoth Dobhair, mar Oifigeach Riaracháin leis na nGúm (2000-2002), mar Oifigeach Gaeilge le Comhairle Chontae Ros Comáin (2002-2004) agus mar mhúinteoir meánscoile i gColáiste Dhúlaigh, An Chúlóg, go dtí mí na Nollag 2005. (Tuilleadh Eolais: eolas@cnag.ie)
6. CROSFHOCAL MHÓR NA NOLLAG 7. IMEACHTAÍ MHÍ NA NOLLAG 8. COMHFHREAGRAS & EILE
Vótaíocht Nua ar Shuíomh Idirlín an Chonartha • Ba cheart • Níor cheart Má tá tuairim agat faoin ábhar seo thuas ná bíodh leisce ar bith ort páirt a ghlacadh sa vótaíocht ar www.cnag.ie. Is féidir vóta a chaitheamh ar dhá vótaíocht éagsúla eile ar Shuíomh Idirlín an Chonartha maidir le hAcht na dTeangacha Oifigiúla 2003 agus maidir le hábhair oidí agus a gcuid traenála.
1.