Nuachtlitir an Chonartha, Lúnasa 08

Page 1

Eagrán 3.10.

15 Lúnasa 2008

An Chistin Oscailte don Oíche Chultúrtha 2008! Agus Oíche Chultúrtha Thaisce Bharra an Teampaill ag leathnú amach fud fad na tíre don chéad uair riamh, tá Conradh na Gaeilge ag glacadh páirt agus ag cur imeachtaí Gaeilge ar fáil saor in aisce don phobal ar an 19 Meán Fómhair 2008. Tugann an O í c h e Chultúrtha d e i s d’ionadaithe cultúrtha éagsúla a ndoirse a oscailt níos déanaí ná mar is gnáth agus bíonn seans ag daoine cuairt a thabhairt orthu saor in aisce go dtí 11 a chlog istoíche. D’fhreastail breis agus 80,000 duine ar imeachtaí na hoíche i mBaile Átha Cliath amháin an bhliain seo caite agus beidh ionaid chultúrtha sa phríomhchathair, i gCorcaigh, i Luimneach agus i nGaillimh ar oscailt i mbliana. I measc na n-imeachtaí a bheas á reáchtáil, beidh ceol agus céilí Gaelach ar siúl ins An Chistin

athchóirithe agus athoscailte in Áras Íde, 18 Sráid Thómais, Luimneach óna 5.00in ar aghaidh. Beidh dhá cheardlann drámaíochta as Gaeilge á reáchtáil ag Craobh na nAisteoirí Bulfin i gCeannáras Chonradh na Gaeilge ag Uimhir a Sé Sráid Fhearchair mar chuid d ’ O í c h e Chultúrtha Bhaile Átha Cliath i mbliana. Beidh na ceardlanna ar siúl ag 6.00 agus ag 7.30in agus leanfaidh seisiún ceoil thraidisiúnta sa Chlub thíos staighre óna 9.00 go dtí 11in. Tá breis eolais ar an oíche le fáil ag www.culturenight.ie nó trí ghlaoch ar +353 (0)1 8883610. Tá oíche lán de spraoi, spórt ‘s scoth an cheoil i ndán don chlann uile, bígí cinnte go nglacann sibh páirt pé cathair ina bhfuil sibh ar an 19 Meán Fómhair i mbliana!

SAN EAGRAN SEO: 1. Oíche Chultúrtha 2. Duais Bhus Éireann 2. Glac Leis Arís! 3. Nollaig Ó Gadhra 4. Ó Bhealarúis go Bheir Mé Ó! 4. Gaeil Trasteorainn 5. Puball Gaelach Leictreach 5. Faigh An Focal! 5. Nós* Nua i gCló 6. Pobal Mhuileann an tSiáin 6. Ranganna Gaeilge 6. Imeachtaí an Chlub 7. Éigse Átha Bhuí 7. Saor-Chomhairle Dlí 8. Crosfhocal

Is féidir scéalta a chur chuig nuacht@cnag.ie

Le cabhair ó:

1


Bualadh Bus don Ghaeilge Sheol Bus Éireann agus an t-Aire Éamon Ó Cuív, TD, Duais Phobal Gaeilge na Gaillimhe i stáisiún bus na Gaillimh ar an bhFaiche Mhór an mhí seo caite. Tá Duais Ghaeilge Bhus Eireann dírithe ar chuidiú airgid a thabhairt do ghrúpaí pobail a ghnóthaíonn trí mheán na Gaeilge i gcathair na Gaillimhe. Is tionscnamh úr i nGaillimh í an duais áirithe seo agus tá tacaíocht tugtha ag Raidió na Gaeltachta, Gaillimh le Gaeilge, an Galway Independent agus ag eagraíochtaí Gaeilge eile don ghradam. Tá an láithreoir agus tráchtaire iomráiteach na gcluichí Gaelacha Micheál Ó Muircheartaigh ag tacú leis an tionscnamh freisin agus é mar phatrún na nduaise i mbliana. Cuireadh tús leis an duais mar chuid de straitéis an chomhlachta i leith na Gaeilge faoi bhráid Acht na dTeangacha Oifigiúla agus ba iontach an rud é a leithéid de thionscnamh a fheiceáil á reáchtáil ag

comhlachtaí poiblí eile amach anseo. Tacaigh le hiarrachtaí Bhus Éireann an Ghaeilge a chur chun cinn trí leas a bhaint as an nGaeilge agus do chuid gnó á dhéanamh agat i nGaillimh, ar bhusanna agus aon áit eile gur féidir! Breis eolais: Brian Connolly +353 (0)91 537611; Carmel Gorman +353 (0)91 537529 / +353 (0)87 92985098 nó ag www.buseireann.ie

Glac Leis Arís!

Chuir Conradh na Gaeilge tús leis an bhfeachtas Glac Leis an mhí seo caite le cinnirí na gcoláistí samhraidh i Leitir Mór, Leitir Mealláin, Ros a’Mhíl agus Sligeach a chur ar an eolas faoi na seirbhísí atá siad i dteideal a fháil trí Ghaeilge ó chomhlachtaí poiblí faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla agus chun a chur ina luí orthu go bhfuil tacaíocht ann dóibh leis na seirbhísí sin a fháil. Mar chuid de cheardlanna spreagúla an fheachtais, d’iarramar ar na cinnirí dhá cheistneoir a líonadh amach agus ba léir ón aiseolas go bhfuil daoine óga ar fud na tíre sásta leas a bhaint seirbhísí Gaeilge an Stáit ach go bhfuil breis eolais fúthú ag teastáil. Níor fhreagair ach 2% de na cinnirí go bhfógraíonn ranna agus comhlachtaí poiblí na seirbhísí Gaeilge atá ar fáil acu minic a dhóthain. Ainneoin Gaeilge a bheith ar a dtoil acu, níor éiligh 82% de na rannpháirtithe seirbhís Gaeilge ó roinn stáit nó ea-

2

graíocht phoiblí riamh roimhe sin - go minic ó nach raibh a fhios acu go bhféadfadh siad nó nár smaoinigh sin go raibh siad in ann sin a dhéanamh - ach faoi cheann deireadh na ceardlainne, mheas 81% go lorgóidís seirbhís trí Ghaeilge uaireanta, go minic, an-mhinic nó i gcónaí amach anseo. Dúirt 73% go mbainfeadh siad leas as seirbhís tacaíochta an Chonartha mura mbeadh an seirbhís ar fáil i nGaeilge dóibh freisin. Táimid ag súil go gcuirfidh an réamhthaighde seo ina luí ar na húdaráis an tábhacht a bhaineann lena leithéid d’fheachtas chun daoine a chur ar an eolas maidir lena gcearta teanga agus len’iad a spreagadh le seirbhísí Gaeilge a éileamh. Má tá aon fhadhb agus seirbhís Gaeilge á lorg agat, nó más mian leat cóip den tuairisc a fháil, is féidir breathnú ar an suíomh ag www.cnag.ie, ríomhphost a chur chuig glacleis@cnag.ie nó glaoch ar an Ard-Oifig.

Cuir na scéalta chugainn roimh 11 Meán Fómhair 2008


Iar-Uachtarán an Chonartha & Laoch na Gaeilge Is cúis mhór bhróin dúinn uile i gConradh an an gcéad chúrsa cumarsáide trí mheán na Gaeilge bás ár gcara Nollaig Ó Gadhra, iar- Gaeilge ann agus ainmníodh é mar bhall de Uachtarán an Chonartha agus Conraitheoir Chomhairle Theilifís na Gaeilge i 1994. dílis go dtí an deireadh. Déanaimid go léir Ba bhall dílis de Chonradh na Gaeilge é le comhbhrón ó chroí lena bhean, Máirín, lena fada agus ba bhall den Choiste Gnó é lena chlann Máirín, Dáithí agus Siobhán, agus linn. Bhí sé ina Uachtarán ar an gConradh ó 2004 go 2005 agus níor staon sé lena chairde agus ghaolta uile. riamh ó bheith ag díriú aird an B’iontach an misneach a bhí ag phobail ar chúlú an státchórais, Nollaig le linn a bhreoiteachta agus é ag spreagadh machnaimh agus ba mhór speagadh an mhisagus díospóireachta lena chinntiú nigh a léirigh sé dúinn uile. Duine nach ligfí maidí le sruth. Le linn a lách, cineálta, díograiseach agus thréimhse uachtaránachta, thaisceannródaíoch ba ea Nollaig i teal sé ar fud na hÉireann ag ngach gné de shaol na Gaeilge spreagadh phobal na Gaeilge ar agus é tiomáinte i gcónaí do chur an talamh chun gnímh, agus bhí chun cinn na teanga agus do páirt nach beag aige san fheachtas chultúr na hÉireann. Ní raibh NOLLAIG Ó GADHRA drogall air riamh labhairt amach Maidhc Ó Seachnasaigh a ghlac an grianghraf. le stádas oifigiúil a bhaint amach In úsáid le caoinchead ó Foinse don Ghaeilge san Aontas Eorpach. ná tabhairt faoin obair chrua ar son na cúise, ná níor loic sé ar chara ná ar Bronnadh Gradam an Phiarsaigh air i mí chúram riamh, agus is iomaí duine eile a Aibreáin 2007 as idéalacha an Phiarsaigh a spreag Nollaig chun gnímh ar son na teanga chur chun cinn san obair gan staonadh a rinne sé ar son na Gaeilge, ina chuid lena ghrá féin don Ghaeilge. Rugadh Nollaig i bhFíontach, Co. Luimneach iriseoireachta, scríbhneoireachta agus in 1943 ach chuir sé faoi sna Forbacha i léachtóireachta, agus is iomaí duine mór le nGaillimh le blianta fada anuas. Chaith sé rá a thuigeann tábhacht Nollaig i gcaomhnú breis agus 50 bliain ag obair i ngach réimse stair agus chultúr na hÉireann. Ar chloisint de ghluaiseacht dheonach na Gaeilge mar dó faoina bhás, d’eisigh an Taoiseach Brian iriseoir, mar léachtóir, mar staraí agus mar Cowen, TD, ráiteas ag rá gur craoltóir bhall gníomhach de Chonradh na Gaeilge i dearscnaitheach ab ea é, an scríbhneoir ba gcónaí. Thosaigh sé ag obair don nuachtán bhisiúla i nGaeilge, agus go raibh sé “ar Inniu sa bhliain 1966 agus d’oibrigh ina dhi- dhuine de na tráchtairí ba mhó cáile agus aidh sin mar chuid d’fhoireann nuachta RTÉ. measa maidir le gnóthaí poiblí.” Tá lear mór Chaith sé seal ar Ollscoil Harvard sna Stáit d’ábhar fiúntach a bhaineann le hanam an Aontaithe in 1969 agus ar fhilleadh abhaile náisiúin curtha ar fáil aige ina chuid leabhar, dó, d’aimsigh sé post mar oifigeach eolais le aistí, léachtanna agus tráchtaireacht bheo Gaeltarra Éireann, agus mar Bhainisteoir ar raidió agus ar theilifís, ábhar atá agus a Poiblíochta le Fáilte an Iarthair Teoranta ina bheas ina spreagadh dúinn maidir lenár dhiaidh sin. Ba léachtóir é in Institiúid Teic- bhféiniúlacht i gcónaí. neolaíochta na Gaillimhe - Maigh Eo ó 1974 Go dtuga Dia leaba i measc na naomh Gaelach go deireadh a shaoil ghairmiúil, ag teagasc sna Flaithis dó agus misneach don chuid eile na Gaeilge, na Cumarsáide, an Léinn Eor- againn chun a aisling agus a dhea-shampla a paigh agus na Nua–Staire. Chuir sé tús leis leanúint. Ar dheis Dé go raibh a anam. Is féidir scéalta a chur chuig nuacht@cnag.ie

3


Ó Bhealarúis go Bheir mé ó!

Gaeil Trasteorann

Le linn Scoil Cheoil an tSamhraidh i mBaile Locha Riach, cuireadh rang speisialta ar siúl le haghaidh pháistí ó Chernobyl a bhí ar saoire sa chomharsanacht ar feadh coicíse. Ba é an eagraíocht Áthas a d’eagraigh an saoire seo dóibh. Tuigtear go gcuidíonn sé go mór le saoire in Éirinn a thabhairt do pháistí Chernobyl agus go mbíonn saol níos faide acu de bharr roinnt seachtaine a chaitheamh i dtimpeallacht shláintiúil na hÉireann. D’fhoghlaim páistí

Mar thoradh ar chomhoibriú idir Glór na Móna i mBéal Feirste agus Gaeilge Locha Riach i gCo. na Gaillimhe, d’éirigh leis an dá ghrúpa duais trasteorann Ghlór na nGael a bhuachaint don dara bhliain as a chéile. Tá an nasc idir na grúpaí seo neartaithe i rith an ama agus bhí go leor samplaí den chomhoibriú le feiceáil in imeachtaí éagsúla an tsamhraidh. Mheasc Gaeil ó theas le cuairteoirí ó thuaidh in Oirthear na Gaillimhe le linn Scoil Cheoil an tSamhraidh agus Féile Touhey, áit gur ghlac neart ceoltóirí an-pháirt sna himeachtaí agus cuid acu fiú ag múineadh ceoil lena linn. Dúirt Cormac Ó Briain, Oifigeach Gaeilge Ghlór na Móna gur thaitin imeachtaí na seachtaine go mór leo agus é ag súil go mór go mbeidh sé ábalta filleadh ar an gceantar arís. D’fhreastail teaghlach ón Tuaisceart ar Champa Samhraidh Bhaile Locha Riach freisin, fad is a bhuaigh Muintir Uí hAinín crannchur Ghaeilge Locha Riach le dul go Béal Feirste agus freastal ar Scoil Samhraidh Mhic Reachtain ón 20 go 25 Iúil. Bhí deis ag an gclann páirt a ghlacadh in imeachtaí Scoil Samhraidh Mhic Reachtain ina raibh dianchúrsaí Gaeilge do dhaoine fásta, Campa Samhraidh do pháistí, Scannáin, Drámaíocht, Taispeántais, Ceardlanna Ceoil, Ealaíne agus Scéalaíochta. Bhí go leor seisiún ceoil, ceilithe, siúlóidí agus cainteanna ar siúl le linn na seachtaine fosta agus bhí deis ag Muintir Uí hAinín dul ar thuras lae go Clochán an Fháthaigh ar chósta Aontroma agus roinnt siopadóireachta a dhéanamh leis. Tuigtear go raibh saoire iontach acu!

Chernobyl an t-amhrán breá Gaelach Bheir mé ó agus iad ar an Scoil Cheoil. Bhí siad iontach maith ag canadh agus tugadh le fios dóibh cad ba bhrí leis an amhrán buíochas don teangaire a bhí i láthair. Tugadh deis dóibh an fonn a bhualadh ar an bhfeadóg stáin fosta agus d’fhreastail siad ar cheolchoirm na bpáistí an tráthnóna sin, áit a thug siad cluas l’éisteacht do na páistí uile a d’fhreastail ar an Scoil Cheoil. Sheinn siad féin Bheir mé ó don lucht éisteachta agus bhí siad iontach sásta ag gabháil abhaile le feadóga stáin leis an fonn a bhualadh dá gcairde sa bhaile. Ní fios ach gach seans go mbeidh siad ag iarraidh tógáil ar a stóras ceoil i mBealarúis!

4

Cuir na scéalta chugainn roimh 11 Meán Fómhair 2008


Puball Gaelach Leictreach Is iomaí féilte a bhí ar siúl le linn an tsamhraidh i mbliana ach is é Electric Picnic an chéad cheann gurb eol dúinn go bhfuil freastal trí Ghaeilge á dhéanamh aige ar phobal na féile! Beidh puball lán d'imeachtaí Gaelacha spraíúla ar oscailt don deireadh seachtaine uile ón 29 go dtí an 31 Lúnasa 2008 sa Sráidbhaile i gCo. Laoise. D’iarr lucht eagraithe na féile ar an gceoltóir aitheanta de cháil Kíla, Rossa Ó Snodaigh, an puball a reáchtáil tar éis don chraoltóir teilifíse, Manchán Magan, an smaoineamh a mholadh dóibh. Glacfaidh a leithéidí Des Bishop, Choilm Uí Icín, Thomáis Uí Shúilleabháin, Cháit Ní Ruaic agus Hector Uí hEochagáin páirt sa siamsaíocht, áit a bheas idir fhuirseoireacht, chnagamhránaíocht, seónna puipéad, scórail sciobtha, biongó Gaelach, aithirs ar an gclár The Panel, agus ar thráchtaireacht chluichí an Chumainn Lúthchleas Gael, agus go leor leor eile i gceist! Má tá tusa nó cairde leat ag freastal ar an bPicnic, bígí cinnte go mbuaileann sibh isteach ar an bpuball le bhur gcúpla focal a scaoileadh i measc an phobail agus le sult a bhaint as an siamsaíocht ar fad.

Faigh An Focal! Sheol Maithú, comhlacht ó iarthar na hÉireann, agus Foras na Gaeilge tionscnamh nua darb ainm Get The Focal an mhí seo caite. Is feidhmchlár le haghaidh gutháin shoghluaiste a sholáthraíonn breis agus 12,000 aistriúchán Béarla-Gaeilge le húsáid gan an idirlíon. Chun An Focal a fháil ar bhonn trialach agus le leath den fhoclóir, ní gá ach an focal 'Focal' a sheoladh chuig 53503 ar chostas 30c má tá cónaí ort i bPoblacht na hÉireann, nó chuig 82222 ar 25p má tá cónaí ort i dTuaisceart na hÉireann nó sa Bhreatain Mhór. Is féidir an foclóir iomlán le 12,000 aistriúchán a íoschóipeáil go hiomlán ar chostas €5 a ghearrfar ar do ghuthán soghluaiste. Tá tuilleadh eolais ar fáil ag www.getthefocal.com mar sin, cuardaigh leat agus aimsigh An Focal ar do ghuthán inniu!

Nós* Nua i gCló

Tá an lá mór tágtha faoi dheireadh. Sna sála ar tóir ollmhór ar an iris úr Ghaeilge nós* ar-líne, tá áthas ar lucht na hirise a fhógairt gur féidir síntiús don leagan clóite a cheannach go sábháilte le cárta creidmheasa trí Paypal ag www.nosmag.com/sintius/sintius.html anois. Is síntiús bliana - 12 eagrán - é a thosóidh a luaithe agus a bhaineann an lucht eagarthóireachta bunlíon síntiús amach. Beidh nós* le ceannach in ionaid éagsúla ar fud na hÉireann agus thar lear ach, ó is foilseachán deonach é, ní mór daoibh 300 síntiús a fháil chun na príomhchostais a chlúdach agus chun an leagan clóite a chinntiú. Mar glac síntiús bliana leo inniu agus scaip an scéal! Is féidir freisin síntiús a ordú tríd an phost ach an seic nó an t-ordú poist cuí (íoctha le nós) a chur mar aon le d’ainm, seoladh rphoist agus seoladh baile chuig: nós*, PO BOX 188, An tIúr / Newry, Éire BT35 5BA. Éire - €40 / £32; Sasana, Alba, Cymru - £40; An Eoraip - €70.

An Gael-Breise! Ar-Líne Ní hí nós* an t-aon iris dheonach gur fiú go mór clárú leis. Tá Cumann Carad na Gaeilge ag cur iris mhíosúil iomlán dhátheangach darb ainm An Gael-Breise! amach ó 1881 go dtí an lá atá inniu ann agus is acmhainn iontach í d’éinne le sui mar bith sa Ghaeilge, is cuma cén tír ina bhfuil cónaí orthu. Caithigí súil ar an eagrán is déanaí ag www.angaelmagazine.com agus is féidir clárú le Gearóid Ó Ceallaigh ag jerrykelly@att.net leis na scéalta is déanaí a fháil ar an rphost.

Is féidir scéalta a chur chuig nuacht@cnag.ie

5


Pobal Mhuileann an tSiáin Tá an deis ag craobhacha an Chonartha cur isteach ar chrannchur Phobal Mhuileann an tSiáin, eagraíocht charthanachta Ghaeilge i dTír Eoghain a shaothraíonn go dian leis an nGaeilge a chur chun cinn ar fud an cheantair. Tá clár leathan ranganna acu, ina bhfuil Dioplóma sa Ghaeilge le hOllscoil na hÉireann Gaillimh mar chuid de, agus is eagras trasphobail trasteorann é a fhearann caoinfháilte roimh éinne le suim sa Ghaeilge. Tá siad i mbun feachtais chistiúcháin faoi láthair le hairgead a bhailiú agus tá an crannchur seo mar chuid den bhfeachtas. Teastaíonn uathu an morgáiste a ghlanadh ar an ionad s’acu i Muileann an tSiáin, Co. Thír Eoghain ionas gur féidir leo aird uile ‘s iomlán a dhíriú ar chultúrlann áitiúil a fhorbairt ar an láthair chéanna. Íocann an t-eagras féin as an morgáiste gan cuidiú ó dhream ar bith eile seachas Conradh na Gaeilge Craobh Aodháin Mac Craith agus is fiú go mór tacú lena n-iarrachtaí ionad

6

cultúrtha na Gaeilge a chur chun cinn sa cheantar. Níl i gceist ach punt amháin (nó €1.30) in aghaidh na seachtaine le cur isteach ar an gcrannchur gach seachtain. Téigí i dteagmháil le Pobal Mhuileann an tSiáin inniu agus tacaígí lena gcrannchur iontach! Tuilleadh eolais: Antaine Ó Fearghail pobalmantsiain@btconnect.com +44 (0)28 81659168

An Club Más spéis libh bhur gcuid Ghaeilge a chur chun cinn lasmuigh de struchtúr ar ranganna, is féidir bualadh isteach ar an gcraic ‘s an gcomhluadar ag Ciorcal Comhrá na Craoibhe Aimhirghin i gClub Chonradh na Gaeilge, 6 Sráid Fhearchair, BÁC 2 gach Luan ag a 9.00in. Nó más fearr libh bhur ngrá don teanga a mheascadh le bhur suim sa cheol, bíonn seisiún ceoil do thosnaitheoirí ar siúl sa Chlub céanna gach Déardaoin ag a 8.00in agus bainfidh sibh an-cheol as! Breis eolais: www.anclub.ie / +353 (0)87 2939512

Cuir na scéalta chugainn roimh 11 Meán Fómhair 2008


Éigse Átha Bhuí Is mór an obair atá á déanamh ag Áth Buí le Gaeilge i gCo. na Mí le timpeallacht bhríomhar dhátheangach a chothú sa cheantar agus leis an nGaeilge a chur chun cinn ann le blianta beaga anuas. I measc na hoibre uile a dhéanann siad, cuireann siad seirbhís aistriúcháin ar fáil saor in aisce ach dul i dteagmháil leo ag info@athbui.com nó ar 086 1533479, agus reachtálann siad éigse na craoibhe gach bliain. Beidh Éigse Uí Ghramhnaigh 2008 ar siúl ón 29 go dtí an 31 Lúnasa agus cuirfear tús leis an siamsa oíche Aoine le céilí mór. Beidh ceardlanna éagsúla damhsa ar an sean-nós, amhránaíocht ar an sean-nós agus amhránaíocht i mBéarla ar siúl ar an Satharn, fad agus a bheas rige gig i lár an bhaile ar feadh an lae freisin. Críochnóidh imeachtaí an lae le coirm cheoil agus bronnadh gradaim in Óstán an Darnley oíche Shathairn ach leanfaidh an éigse ar

aghaidh Dé Domhnaigh le léacht ó Fergal Murphy dar teideal The effect of the Irish Language on our English language and vice versa um lón luath. Tiocfaidh siamsaíocht an deiridh sheachtaine chun críche tráthnóna Domhnaigh le céilí Mór ar Fhaiche an Aonaigh, agus is mór an fháilte a fhearann coiste stiúrtha na héigse agus muintir Átha Bhuí araon roimh Ghaeilgeoirí chuig an ócáid! Breis eolais: www.athbui.com

Is féidir scéalta a chur chuig nuacht@cnag.ie

7


Crosfhocal Mhí Lúnasa

Trasna 2 fráma a úsáidtear chun comhaireamh a dhéanamh (6) 5 pléisiúrtha; deas (4) 7 cruinn (6 10 piliúr (12) 13 abhcóide (7) 16 dream; lucht; daoine (3) 17 salachar; conamar (8)

Síos 1 mo mhairg! (3) 3 náireach; támáilte (7) 4 amhrán naofa; iomann naofa (4) 5 ceangal cos (7) 6 dúilmhear i rudaí milse (6) 8 fearg an-mhór (7) 9 mullach an chinn (7) 11 múineadh; oiliúint (7) 12 gan cumas cainte (5) 14 áras éin (4) 15 saoiste (3)

Más spéis leat dearbhán ar luach €30 don Siopa Leabhar a bhuachaint, líon isteach an crosfhocal i gceart agus seol chuig: An Crosfhocal, 6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.

8

Cuir na scéalta chugainn roimh 11 Meán Fómhair 2008


Turn static files into dynamic content formats.

Create a flipbook
Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.