CROSFHOCAL MHÍ NA SAMHNA Trasna: 1. brón; náire; ceann faoi mar gheall ar rud a rinneadh (7) 5. ceanúil; báúil (4) 7. cosán (8) 9. sleá bheag (2) 10. deoch a shliogadh (2) 11. gáir mhaíte (3) 12. iasc carraige (7) 13. dabht (6) 14. fear atá i gceannas ar mhainistir (2) 17. talamh i seilbh duine; glacadh seilbhe (9) Síos: 2. comórtas; achrann (8) 3. gníomh gaisce (5) 4. gan bhruith; gan chócaireacht (3) 5. ball éadaigh (7) 6. gléas le cónra a iompar (7) 8. talamh bog (6) 13. duine an-bheag ar fad (5) 15. ionsaí; aimsiú ar mharc (4) 16. ar dhath an tsneachta (3)
Caint agus Comhrá: Bíonn deiseanna cainte agus comhrá ar fáil gach Céadaoin ar 7.30 i.n. Le haghaidh tuilleadh eolais glaoigh ar 061 417895. Ciorcal Comhrá: Bíonn ciorcal comhrá ar siúl gach Domhnach ar 9.00 i.n. Le haghaidh tuilleadh eolais cuir glaoch ar Sheán Ó Lochráin ar 061 417689, nó, ar Sheán de Bhulbh ar 061 228411. Tráth na gCeist: Beidh Tráth na gCeist ar siúl ar 12, 19 Deireadh Fómhair agus 9 Samhain. Tá siad seo do dhaltaí scoile amháin agus beidh siad ar siúl ar 7.45i.n. Ranganna Ceoil: Bíonn ranganna ceoil ar siúl gach Satharn idir 9.00 agus 5.00. Le haghaidh tuilleadh eolais cuir glaoch ar Ann Marie Kelly ar 061 397849.
Nuachtlitir Mhíosúil Chonradh na Gaeilge
An Riachtanas Gaeilge sa Gharda Síochána
Bronnfar dearbhán don Siopa Leabhar ar luach 30 euro ar bhuaiteoir an chrosfhocail seo. Ní mór iarratais a chur chuig: Crosfhocal Chonradh na Gaeilge, 6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
IMEACHTAÍ CHRAOBH LUIMNIGH Ranganna Gaeilge: Bíonn ranganna Gaeilge an Chonartha i Luimneach ar siúl gach Luan ar 7.00 i.n. agus bíonn táille 60 euro ar dheich rang. Chomh maith leis sin, bíonn dhá leibhéal éagsúla ranganna ar siúl ag Aonad na Gaeilge - rang do thosaitheoirí a thosaíonn ar 6.15in agus meánrang a bhíonn ar siúl ar 8.00in. Le haghaidh tuilleadh eolais glaoigh ar Aonad na Gaeilge ar 061 352839.
Eagrán a 1
Ranganna Rince: Bíonn ranganna rince ar siúl gach Luan agus gach Déardaoin idir 6.00 agus 9.00 i.n. Le haghaidh tuilleadh eolais cuir glaoch ar Phylis Uí Riain ar 061 414857/416100. Bíonn ranganna eile ar siúl gach Satharn idir 3.00 agus 6.00 i.n. Le haghaidh tuilleadh eolais cuir glaoch ar Mary Horan 061 316819/086 1718510. An Coiste: Tagann an Coiste le chéile ar an gcéad Chéadaoin de gach mí. Aifreann Gaeilge: Bíonn Aifreann Gaeilge i Séipéal Naomh Micheál, Sráid na Danmhairge, gach Domhnach ar 10.30 i.n. Seachtain na Gaeilge: Eagraíonn Conradh na Gaeilge i Luimneach go leor imeachtaí éagsúla le linn Sheachtain na Gaeilge gach bliain. Aonach na gCártaí Nollag: Eagraítear Aonach Cártaí Nollag i gCeannáras an Chonartha i Luimneach idir 14 Samhain agus 21 Nollag gach bliain. Is féidir cártaí a cheannach idir 9.30 agus 4.30 sa Siopa i Sráid Thomáis gach lá seachas an Domhnach.
4. Má tá spéis ag do chraobh ábhar a chur ar fáil don nuachtlitir seo déan teagmháil linn san Ard-Oifig
Molann Conradh na Gaeilge agus iMeasc (Inimircigh le Gaeilge) go láidir beartas na Roinne Dlí agus Cirt Gardaí a earcú ó na pobail eiteacha chun go mbeadh an fórsa ionadaíoch ar mhuintir na hÉireann ar fad. Léiríonn an cur chuige seo feasacht teanga agus cultúir a chuirfidh go mór le póilíneacht trí chéile. Maidir le riachtanas na Gaeilge, tá Teastas Eorpach na Gaeilge forbartha ag Ollscoil na hÉireann Magh Nuad, curriculum agus córas measúnachta teanga nascaithe leis an bhFráma Coiteann Eorpach atá an-oiriúnach chun earcaigh Ghardaí a chumasú agus a mheasúnú … (www.nuim.ie/language/irishexams.html).
2. Ard-Rúnaí Nua 3. 1+1+1 - Polasaí Oideachais an Chonartha 4. 20,000 euro i mála taistil Is léir nach gá do gach Garda a bheith ina "údar" ar an nGaeilge ach sa chomhthéacs dlíthiúil agus bunreachtúil is gá cumas oibre cumarsáide a bheith ag gach garda chun plé go praiticiúil leis an bPobal as Gaeilge srl… (Tuilleadh Eolais: www.cnag.ie)
agus is mór an onóir dom glacadh leis. Táim ag súil le dul i mbun oibre láithreach agus clár oibre an Choiste Gnó a bhaint amach. (Tuilleadh Eolais: www.cnag.ie)
1+1+1 Polasaí Oideachais Chonradh na Gaeilge Ardchumas i 3 theanga - Ag Fíorú na hAislinge Eorpaí 1. Cuirtear múinteoirí teanga idir bhunmhúinteoirí agus mhúinteoirí dara leibhéal ar chúrsa tumoideachais bliana i ndúiche na teanga sin mar chuid dá Seán Ó Drisceoil, Urlabhraí Gaeltachta n-oiliúint*. Chonradh na Gaeilge, Íte Ní Chionnaith, 2. Múintear ábhar amháin de bhreis ar an Iar-Uachtarán Chonradh na Gaeilge, Caitlín nGaeilge féin trí Ghaeilge do gach Bean Uí Sheidhin, Micheál Ó Seidhin agus scoláire. Trevor Seargent ag Seimineár a eagraíodh 3. Múintear ábhar amháin trí theanga ón le tacaíocht phobal na Gaeilge do iasacht do gach scoláire dara leibhéal**. Chúigear Ros Dumhach a léiriú (Tuilleadh Eolais: www.cnag.ie)
Maoinithe ag:
SAN EAGRÁN SEO: 1. An Ghaeilge sa Gharda Síochána
Ard-Rúnaí nua ceapaithe ag Conradh na Gaeilge Ceapadh Julian de Spáinn mar Ard-Rúnaí nua ar Chonradh na Gaeilge ar 7 Meán Fómhair 2005. Beidh Julian freagrach as obair an Chonartha go náisiúnta ó lá go lá. Beidh sé lonnaithe i gceannáras an Chonartha in uimhir 6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2. Agus é ag caint faoina cheapachán dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí nua an Chonartha: "Tá an-áthas orm go bhfuil Coiste Gnó Chonradh na Gaeilge tar éis muinín a chur ionam agus an post seo a thairiscint dom
1 Samhain 2005
5. Imeachtaí na gCraobhacha 6. Crosfhocal na míosa Vótaíocht Vótaíocht Nua ar Shuíomh Idirlín an Chonartha Cén fhad ar cheart d'ábhair mhúinteoirí bunscoile a chaitheamh sa Ghaeltacht mar chuid den chúrsa? • Níos lú ná mí amháin • Níos mó ná mí amháin ach níos lú ná 3 mhí • Níos lú ná 3 mhí ach níos lú ná 6 mhí • Níos mó ná 6 mhí Má tá tuairim agat maidir leis an gceist seo thuas is féidir vóta a chaitheamh ach gabháil isteach ar Shuíomh Idirlín an Chonartha ag eolas@cnag.ie Sa vótaíocht dheireanach cuireadh an cheist 'An bhfuil feabhas tagtha ar chúrsaí ó tháinig an tAcht Teanga i bhfeidhm?'. Chaith 103 vóta agus dúirt 41.7% de na daoine sin go raibh feabhas beag tagtha ar chúrsaí, dúirt 35.9% go raibh feabhas mór tagtha ar chúrsaí, dúirt 17.5% go raibh cúrsaí mar an gcéanna agus a bhí agus dúirt 4.9% go raibh cúrsaí imithe in olcas.
1.