Nuachtlitir | Conradh na Gaeilge | Nollaig 2007

Page 1

Eagrán 3.2.

Stáisiún Nua Raidió don Aos Óg D'éirigh go breá le Ina dhiaidh sin chuir Hector Seimineár an Oireachtais a a chuid moltaí agus tuairimí d'eagraigh Conradh na féin i leith an ábhair seo in Gaeilge in Óstán Plaza iúl don slua bunaithe ar an Chathair na Mart ar 3 taithí uilig atá faighte aige Samhain i mbliana. Ba é le blianta beaga anuas ag 'Stáisiún Raidió Náisiúnta obair le TG4, le RTÉ agus le Gaeilge don h e a Aos Óg' a graíochtaí bhí mar óige agus, ábhar plé dar ndóigh, ann agus níl nochtaigh sé aon amhras go leor tuairach d'éirigh imí suimiúla go geal leis ina leith. agus gur Chuir sé in iúl tháinig an don slua go An Grúpa Oibre Raidió t-uafás raibh sé go smaointe agus tuarimí hiomlán taobh thiar den dearfacha chun cinn ón slua smaoineamh agus ollmhór a bhí i láthair ann. d'fháiltigh sé go mór roimh Pléadh an fhéidearthacht le an seimineár. stáisiún raidió náisiúnta Ansin labhair Tomás Mac an Gaeilge a bhunú don aos óg Iomaire, Iar-Cheannasaí ag an seimineár. Chuir Lisa Raidió na Gaeltachta, faoin Ní Choisdealbha, Craoltóirí ábhar agus labhair sé faoi Neamhspleácha na hÉire- na deacrachtaí éagsúla a ann, an moladh os comhair bhainfeadh lena leithéid de lucht freastail an stáisiún bunaithe ar a tseimineáir, agus labhair sí thaithí i réimse an raidió. faoi na dúshláin a bheadh Ag an bpointe sin osclaíodh ann lena leithéid de an seimineár don urlár agus stáisiún a chur ar bun agus nochtaigh idir chraoltóirí an tionchar a bheadh aige raidió, mhic léinn agus go ar an nGaeilge a spreagadh leor daoine óga eile a gcuid i measc an aosa óig. Ar lean lch 2

14 Nollaig 2007

SAN EAGRAN SEO: 1. Stáisiún Nua Raidió don Aos Óg 2. Ceapachán Nua an Chonartha 3. An Ghaeilge sa Chóras Dlí 4. An Bille Nua Dlí 5. Féile na Mí 6. Ranganna 7. Ionad SaorChomhairle Dlí 8. Grúpa Oibre Raidió 9. Comhfhreagras 10. Crosfhocal Mhí na Nollag

Is féidir scéalta a chur chuig nuacht@cnag.ie

Le cabhair ó:

1


Ceapachán Nua an Chonartha Ceapadh Síne Nic an Ailí mar Fheidhmeannach Oifige agus Forbartha le Conradh na Gaeilge ag tús mhí na Nollag i mbliana. Tagann Síne in áit Jamie Uí Thuama a d’fhág a phost tar éis Oireachtas na Gaeilge i mbliana. D’fhreastail Síne ar Choláiste Íosagáin agus ina dhiaidh sin ar Ollscoil Luimnigh, áit ar bhain sí céim amach sa Ghaeilge. I ndiaidh na céime chaith sí seal ag obair mar Oifigeach Gaeilge de chuid Aontas na Mac Léinn ann. Ó shin i leith d’oibrigh Síne le hAonad na Gaeilge in Ollscoil Luimnigh. Guíonn an Coiste Gnó agus foireann na hArd-Oifige gach ráth uirthi agus í ag tabhairt faoi na dúshlain éagsúla atá amach roimpi. Beidh Síne lonnaithe in Ard-Oifig Chonradh na Gaeilge, dar ndóigh.

Stáisiún Nua Raidió don Aos Óg - ar lean...

tuairimí faoi conas is fearr a leithéid a chur i gcríoch. Dúirt Dáithí Mac Cárthaigh, Uachtarán Chonradh na Gaeilge: Tá muid an-sásta go raibh an triúr cainteoir iontach seo againn chun labhairt ar an ábhar spéisiúil seo. Dar ndóigh, tá géarghá lena leithéid agus fuair lucht freastail an tseimineáir léargas ó Lisa Ní Choisdealbha ar na dúshláin atá amach romhainn má tá muid chun a leithéid de stáisiún a bhaint amach. Freisin fuair muid moltaí agus tuairimí spéisiúla Hector ar conas is fearr an stáisiún seo a dhíriú ar an aos óg agus, dar ndóigh, le taithí Thomáis Mhic an Iomaire lena linn mar Cheannasaí ar Raidió na Gaeltachta tugadh cúlra cuimsitheach dúinn ar na rudaí éagsúla a bheidh le déanamh.

2

Is í an chéad chéim eile don Chonradh anois ná grúpa oibre a chur le chéile, le teacht ar an mbealach is fearr chun tosaigh. Ina dhiaidh sin, bronnfaidh muid an plean sin ar an Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta agus ar an Aire Cumarsáide, Mara agus Acmhainní Nádúrtha. Idir an dá linn cuireadh grúpa oibre le chéile chun tabhairt faoin obair sin uilig. Is féidir léamh faoi seo ar leathanach 6 thíos..

Nollaig Shona faoi Shéan is faoi Mhaise Guíonn foireann an Chonartha Nollaig shona agus bliain úr faoi shéan is faoi mhaise ar bhaill agus ar chairde Chonradh na Gaeilge. Dúnfar an Ard-Oifig idir 20 Nollaig agus 2 Eanáir agus táthar ag súil le bliain mhaith oibre i 2008.

Is féidir scéalta a chur chuig nuacht@cnag.ie


An Ghaeilge sa Chóras Dlí Is léir go gceapann an tUasal Ó Shea go bhfuil rud éigin gránna faoi riachtanas i soláthar traenála dleathaí. Déanann sé an argóint 'go gcuirfeadh sé stádas na Gaeilge chun cinn' dá mbainfí an riachtanas. Ina ainneoin sin, leagann Cumann Dlí na hÉireann agus Cumann Onórach Óstaí an Rí ábhair amach atá de dhíth le cáiliú mar dhlíodóirí agus mar abhcóidí. Ní bhreathnaítear ar an riachtanas mar fhadhb nuair a fhoghlaimítear ábhair a bhaineann le dlí trádála is dócmhainneachta nó cúrsaí cánacha - rudaí nach bhfuil ach baint fíorannamh acu le cleachtas na n-abhcóidí agus na ndlíodóirí níos faide ar aghaidh ina saol oibre. Cén fáth a bhfuil sé míréasúnta go bhfuil ar mhic léinn tuiscint a bheith acu ar an nGaeilge agus théarmaí dlí na Gaeilge? Foghlaimíonn dlíodóirí téarmaí dlí an Bhéarla mar chuid lárnach dá gcuid oideachais dlí. An bhfuil sé iomarcach go dtuigfeadh dlíodóirí a oibríonn sa Stát gurb ionann "an Gearánaí" agus "the Plaintiff" agus gurb ionann "Ráiteas Éilimh" agus "Statement of Claim"? Is dócha go roghnóidh daoine ar mian leo a gcuid imeachtaí a dhéanamh i nGaeilge cleachtóirí atá líofa sa teanga sin agus atá compordach á húsáid. Ní féidir an teanga a úsáideann an páirtí eile i gcúrsaí dlíthíochta a roghnú, áfach. Maidir le héisteacht a bhaineann le rún idirbhreitheach, mar shampla, rún le haghaidh breithiúnais i réamhshocrú cosainte, ar cheart go mbeadh ar an Stát íoc as aistritheoir chun "Beidh an chosaint reidh i gceann seachtaine, a Bhreithimh" a aistriú? Anuraidh rinne dlíodóir stáit gearán le breitheamh cúirte dúiche toisc gur labhair abhcóide le lucht na cúirte as Gaeilge. Cé gur thug an chúirt le fios dó go han-

sciobtha go raibh sé de cheart ag an dlíthí Gaeilge a úsáid, tarlaíonn a leithéid de sin. Roimhe sin bhagair breitheamh dlíodóir a chur chun príosúin de bharr gur labhair sé leis i nGaeilge agus gur dhiúltaigh sé Béarla a labhairt sa chúirt. Níor réitíodh an fhadhb go dtí gur tháinig an dlíodóir ar ais in éineacht le dlíodóir sinsearach agus gur cuireadh an cás ar athló le ligin do bhreitheamh eile déileáil leis an gcás. Ní dhéanann na heachtraí seo ionadaíocht ar dhearcadh na breithiúna agus na bproifisiúnaithe dlí maidir le ceart lucht labhartha na Gaeilge. Is cosúil nach dtiocfaidh feabhas ar chúrsaí dá mbainfí eilimintí áirithe den Ghaeilge sa chóras óideachais dlí. Níl an riachtanas Gaeilge do dhlíodóirí in Éirinn, mar Stát dátheangach, "as dáta" nó "mí-aimseartha". Is éard atá ag teastáil ná iarracht níos fearr ónár ollscoileanna agus ónár gcoláistí tríú leibhéil an Ghaeilge a mheascadh isteach i bhfabraic oideachais dlí.

An Comisinéir Eorpach Orban le hUachtarán agus le hArd-Rúnaí an Chonartha sa Bhruiséil le déanaí

Is féidir scéalta a chur chuig nuacht@cnag.ie

3


An Bille Nua Dlí Tá na leasuithe atá á moladh ag Conradh na Gaeilge ar BHILLE NA nDLÍCHLEACHTÓIRÍ (AN GHAEILGE) 2007 a d'fhoilsigh an tAire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí, an tUas. Brian Ó Luineacháin, T.D. go luath agus a bhí pléite sa Dáil ar an Déardaoin, 13 Nollaig 2007, le feiceail thíos Tá línte faoi na leasuithe atá á moladh sa cháipéis seo agus clúdaíonn siad dhá phointe ach go háirithe: 1.Soiléiriú go mbeidh scrúdú ag gabháil leis an gcúrsa téarmaíochta nua Muna bhfuil scrúdú ag gabháil leis an ábhar seo ní bheidh meas ná aird air i gcomhthéacs na n-ábhar eile a gcaithfear staidéar a dhéanamh orthu agus pas le baint amach iontu. Freisin, níl aon fhoráil sa Bhille mar atá don té ar éirigh leis nó léi i scrúdaithe eile Óstaí an Rí nó an Dlí-Chumainn ach nár chomhlíon fós an riachtanas reachtúil reatha Gaeilge. 2. Cúirteanna sa Ghaeltacht Faoi láthair, is é an Béarla teanga na gCúirteanna sa Ghaeltacht, tríd is tríd, rud a chuireann le creimeadh na teanga inti. De ghnáth, ní bhíonn na breithiúna ar na dúichí agus ar na cuarda ina bhfuil limistéir Ghaeltachta inniúil ar an nGaeilge. Ag an am céanna, tá breithiúna le Gaeilge i ndúichí agus ar chuardanna eile. Pléitear cásanna Gaeltachta ag ionad sa Ghalltacht

4

nó trí Bhéarla sa Ghaeltacht féin, ach amháin i gConamara Theas. Ní thagann an leagan amach seo le polasaí an Rialtais i leith chaomhnú na Gaeilge mar theanga an phobail sa Ghaeltacht. Ba fhusa i bhfad an Ghaeltacht a bheith ina aonad a riarfaí trí Ghaeilge ag foireann ar suim leo amhlaidh a dhéanamh. Tá na cúirteanna dúiche á nathleagan amach faoi láthair pé scéal é. Is féidir tuilleadh eolais a fháil faoi na moltaí seo atá ag an gConradh ach teagmháil a dhéanamh le Proinsias Ó Maolchalain nó le Ben Ó Floinn, baill de chuid Choiste Gnó Chonradh na Gaeilge agus abhcóidí reatha, nó le Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, más mian leat tacú le moltaí seo an Chonartha nó má bhíonn aon cheist agat ina leith. Tá sé fíorthábhachtach go dtabharfaí tacaíocht don fheachtas seo. Is gá go mbeidh ceart chomh láidir ag mórphobal na Gaeilge agus atá ag mórphobal lucht an Bhéarla agus is gá go mbeadh an Ghaeilge mar phríomhtheanga na gcúirteanna go háirithe sa Ghaeltacht. Tacaíonn an Conradh, freisin, leis na hiarrachtaí atá á ndéanamh ag Ionad Buail Isteach na Gaeilge agus iad i mbun achainí idirlín ar an gceist seo. Molann muid do dhaoine litreacha a chur chuig a gcuid Teachtaí áitiúla Dála ag tacú lenár gcuid moltaí a luaithe agus is féidir.

Is féidir scéalta a chur chuig nuacht@cnag.ie


Féile na Mí

Ranganna

D’éirigh go geal le Féile na Mí i mbliana a d’eagraigh an Conradh i gcontae na Mí ar fud an chontae. Cuireadh tús spleodrach leis an bhféile nuair a d’oscail Cathal Goan, Ard-Stiúrthóir RTÉ, í go hoifigiúil in ionad Soltice na hUaimhe, oíche Aoine, 7 Samhain, áit ar cuireadh taispeántas den scoth ar siúl ó Sheó ‘Barr go Sáil’ meascán d’amhránaíocht agus damhsa ar an sean-nós chomh maith le ceol breá gaelach. I measc na n-imeachtaí móra eile a bhí ar siúl le linn na coicíse bhí oíche mhór cheoil in ómós do Bhrian Ó Broin. Bhí ceol den chéad scoth le cloisteáil ar an oíche. Le linn na dara deireadh seachtaine den fhéile bhí an t-uafás imeachtaí ar siúl in Áras Pobail Ráth Chairn. I measc na rudaí sin bhí seoladh dlúthdhiosca ann ó Nan Tom Taimín, iarbhuaiteoir Chorn Uí Riadachomh maith le comórtais amhránaíochta agus damhsa ar an sean-nós. Rinne Ard-Oifig an Chonartha urraíocht ar an gcomórtas damhsa ar an sean-nós i mbliana agus ghlac suas le scór duine páirt ann. Ba é an damhsóir cáiliúil, Máirtín Mac Donncha, a ghnóthaigh an phríomhdhuais sa chomórtas seo atá aitheanta mar cheann de phríomhchomórtais damhsa ar an sean-nós sa tír anois, rud a bhí soiléir ó na hiar bhuaiteoirí Oireachtais uile a ghlac páirt ann. Le clabhsúr a chur leis an bhféile bronnadh Gradam Uí Ghramhnaigh ar Mháirtín Mac Donncha mar aitheantas ar gach rud a rinne sé le hoidhreacht agus le cultúr na Gaeilge a chur chun cinn i gcontae na Mí. Tháinig idir fhás agus fhornairt ar Fhéile na Mí i mbliana agus táthar ag súil go leanfar leis an dul chun cinn seo sna blianta amach romhainn.

Tháinig deireadh le sraith ranganna an fhómhair ag tús mhí na Nollag i mbliana. D’éirigh go geal leis na ranganna seo agus d’fhreastail suas le 220 foghlaimeoir díograsach orthu. D’fhreastail daoine ar gach sórt caighdeáin ar na ranganna seo agus i mbliana bhí 6 leibhéal éagsúil ar fad ann - uathu sin ón iasacht nach ndearna Gaeilge riamh, chuige siúd a bhfuil Gaeilge mhaith acu agus a dhéanann a gcuid oibre trí Ghaeilge. Le linn na seachtaine deireanaí bronnadh teastais orthu siúd ar éirigh leo an cúrsa a chríochnú agus bhí deis ag gach duine a gcuid Gailge a chleachtú ar bhealach praiticiúil trí thráth na gceist a d’eagraigh lucht na hArd-Oifige go speisialta dóibh. Is mian le lucht na hArd-Oifige buíochas ó chroí a ghabháil leis na múinteoirí uile agus leis an mbeirt fheighlithe a thug aire mhaith do gach duine - Caoimhín Ó Cadhla agus Aoife Ní Ghlaicín - Riain.

Is féidir scéalta a chur chuig nuacht@cnag.ie

5


I ONAD SAOR-CHOMHAIRLE DLÍ

Seirbhís Shaor-Chomhairle Dlí ar fáil Dé Luain 13 Eanáir idir 7-8 i.n. Tá comhairle ar fáil ar na réimsí dlí seo a leanas: • Cúrsaí Cearta • Dlí Fostaíochta • Leas Sóisialta • Dlí Creidmheasa agus Dochair

Arna reáchtáil ag Conradh na Gaeilge i gcomhar le FLAC (Free Legal Advice Centres) in Ard-Oifig an Chonartha i mBaile Átha Cliath agus in Áras na nGael, Gaillimh

Bíonn fáilte roimh chách Teil: 01 475 7401

R-phost: eolas@cnag.ie

Idirlín:www.cnag.ie

Grúpa Oibre Raidió Dé Sathairn, 8 Nollaig, 2007, tionóladh céad chruinniú an fheachtais náisiúnta le stáisiún raidió náisiúnta a chur ar bun don aos óg. Ba í seo an chéad chéim i dtreo na haidhme seo a ritheadh ag Ard-Fheis an Chonartha i gCathair na Mart i mbliana a bhaint amach. D'fhreastail os cionn 20 ar an gcruinniú agus nochtaíodh an-chuid tuairimí suimiúla maidir leis an mbealach is fearr le tabhairt faoin sprioc seo. Freisin, toghadh oifigigh éagsúla ar an ngrúpa oibre seo. Ba í Lisa Ní Choisdealbha, duine a bhfuil an-taithí go deo aici sa réimse seo, a toghadh mar Chathaoirleach ar an ngrúpa oibre seo agus gheall an DJ cáiliúil, Dusty Rhodes, lántacaíocht ag an gcruinniú. Tá sé i gceist ag an ngrúpa seo teacht le

6

chéile arís go luath sa bhliain úr le plean oibre a leagan amach don fheachtas agus le roinnt taighde a dhéanamh le teacht ar na riachtanais is mó atá ag an aos óg maidir lena leithéid de stáisiún raidió. Is é spriocaois an ghrúpa seo ná iad siúd atá idir 18 agus 35 bliain d'aois. Freisin, táthar ag súil le go leor airgid a bhailiú don fheachtas seo sa bhliain úr. Mar sin, déan teagmháil le Síne san Ard-Oifig má tá smaointe agat ina leith sin. Is mar seo a leanas a toghadh na hoifigigh: Cathaoirleach, Lisa Ní Choisdealbha, Leas-Chathaoirleach, Roseanne Smith, Rúnaithe, Julian de Spáinn agus Síne Nic an Ailí, OCP, Michelle Nic Suibhne agus Seán Ó hAdhmaill, Cisteoir, Jamie Ó Tuama, Oifigigh Thiomsaithe Airgid, Aodhán Ó Dea agus Caoimhín Ó Cadhla.

Is féidir scéalta a chur chuig nuacht@cnag.ie


Comhfhreagras AG TROID AR SON ROGHA TUISMITHEOIRÍ SA CHÓRAS OIDEACHAIS Sheol Gaelscoileanna Teoranta feachtas inniu a throideann ar son an rogha luaththumoideachas a choinneáil mar pholasaí oideachais i mbunscoileanna lán-Ghaeilge. Tá an feachtas 'Tumoideachas - Ár Rogha' mar fhreagairt ar chiorclán a d'eisigh an Roinn Oideachais agus Eolaíochta a chuireann dualgas ar na scoileanna lán-Ghaeilge 2.5 uair an chloig de Bhéarla a theagasc gach seachtain ó thús an dara théarma de rang na naíonán sóisearach, ar a dhéanaí. Tiocfaidh an ciorclán i bhfeidhm ó Eanáir 2008 agus beidh tionchar aige ar an rogha atá ann anois nó a bheadh ann sa todhchaí do theagasc trí phrionsabal an luath-thumoideachais i mbeagnach 200 scoil. "Tagann sé seo salach ar an taighde idirnáisiúnta agus ar an dea-chleachtas agus téann sé i gcoinne na comhairle a thug An Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM) agus An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG)," a dúirt Mícheál Ó Broin, Uachtarán Gaelscoileanna Teoranta ag seoladh an fheachtais i mBaile Átha Cliath ar maidin. "Tá an cinneadh seo bunaithe ar thorthaí amhrasacha ón gcigireacht i scoil amháin. Is é an toradh air seo ná deireadh leis an gcóras luath-thumoideachais agus buille marfach i gcoinne ghluaiseacht na nGaelscoileanna, na Gaeilge agus i gcoinne shaoirse na dtuismitheoirí rogha a dhéanamh laistigh den chóras oideachais." " Is cinneadh mícheart é seo a léireofar i gcaitheamh ama. Ní chun leasa éinne é ach a chuireann deireadh le rogha oideachais a chreideann a lán daoine go paiseanta ann mar an córas is fearr chun cumas nádúrtha dátheangach a chothú laistigh d'eispéiris

oideachais ar ard-chaighdeán." "Tá an Béarla i réim i ngach gné de shaol fhormhór na bpáistí sa chóras gaelscolaíochta. Teastaíonn uainn an rogha agus an ceart a chaomhnú do rang na naíonáin sna Gaelscoileanna a bheith mar áit ina labhraítear an Ghaeilge mar an chéad agus an t-aon teanga. Tá buntáistí an luath-thumoideachais le sonrú i gcomhthéacsanna teangeolaíochta comhchosúla ar fud an domhain agus tá sé seo léirithe sa taighde a rinneadh sa Bhreatain Bheag, i gCeanada, i dTír na mBascach agus in a lán tíortha ar fud an domhain. Má chuirtear iallach orainn an córas a chealú anois sular dtabharfar faoi thaighde chuimsitheach, beidh deireadh leis go deo. Ní féidir buntáistí an chórais a chruthú ar chóras nach ann dó. Ní féidir linn ligint dó seo tarlú." Tá an feachtas seo á reáchtáil le tacaíocht ón bhForas Pátrúnachta na Scoileanna Lánghaeilge, Forbairt Naíonraí Teoranta, Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge agus Conradh na Gaeilge. Cuimseoidh sé achainí ar líne ag www.gaelscoileanna.ie; feachtas cártaí na Nollag; cruinnithe le Teachtaí Dála, Seanadóirí, an Roinn Oideachais agus Eolaíochta chomh maith le Comhchoiste Oideachais agus Eolaíochta an Oireachtais. Breis Eolais: Bláthnaid Ní Ghréacháin Ardfheidhmeannach, Gaelscoileanna Teoranta 086 8050335 Más mian leat litir thacaíochta a chur chuig an Aire Oideachais agus Eolaíochta, Mary Hanafin, ag tacú leis an bhfeachtas seo is féidir cóip de dhréachtlitir a fháil díreach ón Ard-Oifig ach glaoch ar Shíne Nic an Ailí. Tá sé fíorthábhachtach go gcuirfear an oiread brú agus is féidir ar an Aire faoi seo.

Is féidir scéalta a chur chuig nuacht@cnag.ie

7


Crosfhocal Mhí na Nollag

Trasna 1 bíoma; substaint chrua chalctha (4) 6 ár; scrios (7) 7 cairde; iasacht airgid (9) 8 fear atá i gceannas ar mhainistir (2) 9 faoiseamh ama; moill (6) 13 cuntar i dteach tábhairne (4) 15 cine; pór (3) 16 rópa nó strapa ar cheann capaill (8) 17 cén áit? (2) 18 adharc; troimpéad (6) 19 púdar a úsáidtear in uisce chun ballaí a ghealadh (3)

Síos 2 tuirse mhór (7) 3 deoch a shliogadh (2) 4 duine róchainteach (7) 5 éirí croí; lúcháir (5) 10 iarratas; impí (7) 11 aon rud a dhíoltar nó a cheannaítear (5) 12 rógaire (7) 13 fear déirce; duine a shiúlann go deacrach (6) 14 áit chónaithe (4)

Más spéis leat dearbhán de luach €30 a bhuachaint don Siopa Leabhar cuir an crosfhocal agus é líonta isteach i gceart chuig: An Crosfhocal, 6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.

8

Is féidir scéalta a chur chuig nuacht@cnag.ie


Turn static files into dynamic content formats.

Create a flipbook
Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.