SUÍOMHANNA NUA
Eagrán 3.7.
Ag cruinnithe den Bhuanchoiste agus den Choiste Gnó in Uimhir a Sé an mhí seo, glacadh leis an gcinneadh chun an Ceann-Áras a bhogadh go suíomh nua sa chathair a bheadh níos oiriúnaí chun freastal ar phobal na Gaeilge ar shlí níos uileghabhálaí. Tá Dáithí Mac Cárthaigh, Uachtarán an Chonartha ag súil go mbeidh an Ceann-Áras nua in áit feiceálach, lárnach sa phríomhchathair agus go bhforbróidh sé mar lárionad cultúrtha na Gaeilge do phobal na teanga ó cheann ceann na tíre: “Tá ionad amhlaidh Chultúrlann Adam Mac Fiach ag teastáil ó Bhaile Átha Cliath le seirbhísí níos leithne as Gaeilge a chur ar fáil don phobal. Táimid ag súil go mbeidh naíonra, amharclann, áiseanna comhdhála, seirbhísí dá leithéid Gaillimh le Gaeilge agus seomraí ranga den chéad scoth ar fáil sa Cheann-Áras nua de chuid an Chonartha, de bhreis ar
sheirbhísí an tSiopa Leabhair agus Chlub an Chonartha atá againn faoi láthair.” Is tráthúil go bhfuil cinneadh glactha chun Áras nua a chruthú don Chonradh thart fán am céanna gur tháinig Bunreacht nua an Chonartha i bhfeidhm agus go ndeachaigh suíomh idirlín nua na heagraíocht beo ag www.cnag.ie ar an 12 Bealtaine. Is cinnte go bhfuil ré spleodrach nua an Chonartha tosaithe i ndáiríre! Caithigí súil ar an suíomh idirlín agus má tá aon mholadh agaibh ina leith, cuirigí scéala chugainn ag suiomh@cnag.ie chun ionchur a bheith agaibh sa leagan amach nua. Is suíomh i bhfad níos idirghníomhaí é agus is féidir le héinne le spéis sa teanga éirigh gafa le feachtais reatha éagsúla an Chonartha, cuma cá háit ar fud na cruinne ina bhfuil cónaí orthu.
20 Bealtaine 2008 SAN EAGRAN SEO: 1. Suíomhanna Nua 2. Rialacháin 2006 2. Plean 2028.ie 3. Léacht Thumoideachais 4. Baile Locha Riach 5. Tuarthéacs na Gaeilge 5. The Rye @ Gaillimh 6. Seirbhísí SaorChomhairle Dlí 6. Cothú na Gaeilge ó Thuaidh 7. Lá Idirchultúrtha na nGardaí 7. Dianchúrsaí BÁC 8. Crosfhocal Mhí Bhealtaine
Is féidir scéalta a chur chuig nuacht@cnag.ie
Le cabhair ó:
1