E ag r án 7 .6
16 Aibre án 2012
Mórsheoladh an tSiopa Leabhar
I
s iomaí cúis cheiliúrtha atá ag An Siopa Leabhar an mhí seo! Tá athchóiriú déanta ar An Siopa Leabhar féin le cúpla mí anuas, áit go bhfuil seilfeanna úra, soilse as an nua agus spás léitheoireachta ar leith ar fáil ar an láthair don cheannaitheoir géarchúiseach i gCeannáras Chonradh na Gaeilge i mBaile Átha Cliath anois. Beidh leagan amach úr an tSiopa á sheoladh ar an Luan, 30 Aibreán 2012, mar aon le suíomh idirlín nua an tSiopa ag www.cnag.ie/ siopa. Beidh earraí Gaeilge atá ar díol ins An Siopa Leabhar ar fáil le hordú arlíne sár i bhfad, idir réimse leathan leabhar, chártaí lámhdéanta, chluichí boird, mhíreanna mearaí, dhlúthdhioscaí, bhréagáin, bhéiríní BábógBaby, DVDnna agus eile, a shásódh Gaeilgeoirí de gach cumas agus gach aoisghrúpa.
Chomh maith leis sin ar fad áfach, beidh an leagan G a e i l g e d’úrscéal iomráiteach JRR Tolkien, An Hobad, nó Anonn agus Ar Ais Arís, á sheoladh ar Shráid Fhearchair ag an ócáid chéanna agus beidh sé ar díol go heisiach ag An Siopa Leabhar i ndiaidh an tseolta. Beidh cóipeanna den leagan Gaeilge den úrscéal eipiciúil fantaisíochta á síniú ag na hOllaimh Alan Titley agus Nicholas Williams, aistritheoirí an tsaothair, ag an seoladh. Is é Evertype i gCathair na Mart, Co. Mhaigh Eo, comhlacht foilsitheora An Hobad, nó Anonn agus Ar Ais Arís, agus baintear feidhm san eagrán Gaeilge as na maisiúcháin a rinne Tolkien féin. Cuir do chóip-sa in áirithint inniu! Réamhorduithe: www.cnag.ie/siopa / +353 (0)1 4783814
SAN EAGRÁN SEO: 1. Mórsheoladh An tSiopa Leabhar 2. Ceardlann Logainmneacha 2. Scléip! 2012 3. Nuacht Áitiúil 4. Teicneolaíocht na Teanga 4. Gaeilge na Cruinne 5. Thógamar Le Gaeilge Iad 5. Barrliosta na Leabhar 6. Meiriceánaigh Ghaeltachta 6. Daonáireamh 2011 7. Mná ina nGaeil Óga! 7. Logainmneacha Loch Garman 8. Ard-Fheis 2012 9. Gradam SnaG 2012 9. Ceardlann Mholtóireachta 10. Folúntas SnaG 10. Gradaim Chumarsáide 2012 11. Irisí Aibreáin 11. Comhdháil Dócmhainneachta 12. Is Leor Beirt 12. Cúrsaí Aibreáin
Is féi di r s c é a lt a a c hu r c hu i g nu a c ht @cn ag.i e
1