Eagrán 6.12
15 Deireadh Fómhair 2011
Lá Eolais Ó Thuaidh
Tá Conradh na Gaeilge, Comhaltas Uladh agus Guth na Gaeltachta ag dul i gcomhairle le comhaltaí an Tionóil Reachtaigh in Óstán Stormont, Béal Feirste BT4 3LP, ó 8.00rn - 6.00in Dé Máirt, 25 Deireadh Fómhair 2011. Tá cuireadh á thabhairt do chomhaltaí teacht leis an nGaeloideachas; oiliúint mhúinteoirí; teangacha mar fhréamhábhair GCSE; agus straitéis láidir, chuimsitheach i leith na Gaeilge sna Sé Chontae a phlé le hionadaithe ón 3 eagras, áit go mbeidh daoine áitiúla i láthair ó na toghcheantair éagsúla le labhairt lena bpolaiteoirí féin freisin. Chuir Conradh na Gaeilge agus Guth na Gaeltachta tús le seisiúin chomhairliúcháin le Teachtaí Dála agus Seanadóirí ó dheas a chur ar an eolas maidir le cúrsaí Gaeilge
agus Gaeltachta don chéad uair ar an 01 Nollaig 2009, áit gur labhair breis agus 80 TD agus Seanadóir le hionadaithe maidir le cúrsaí teanga agus pleanáil sa Ghaeltacht. Cuireadh dlús leis sin ag na seisiúin eile a reáchtáladh i nDeireadh Fómhair 2010 agus i Meitheamh 2011. Tá sé ríthábhachtach comhaltaí ó na páirtithe ar fad sa Tionól a choimeád ar an eolas maidir le cúrsaí teanga i dTuaisceart Éireann freisin agus chuige sin, tá lá eolais do chomhaltaí an Tionól Reachtach á reáchtáil don chéad uair an mhí seo. Déan teagmháil linn má tá tusa ar fáil le labhairt leis na hionadaithe polaitíochta ó do cheantar áitiúil am ar bith i rith an lae! Teagmháil: +353 (0)1 4757401 / sine@cnag.ie
SAN EAGRÁN SEO: 1. Lá Eolais ó Thuaidh
2. Cearta Teanga Seolta 2. Seimineár Oibre APG 3. Nuacht Áitiúil
4. Gaeilge na Cruinne
4. Ollchruinniú na gCumann 5. TEG Thar Lear
5. Barrliosta na Leabhar 6. Bronnadh Seice ar
Bhunscoil na mBeann
6. Oireachtas na Samhna
7. Seimineár Oireachtais 8. Láithreoirí Á Lorg!
8. Fostaí Nua Aitheantas 9. I Lár an Aonaigh
9. Gaeil Ard Mhacha ina Pheileadóirí Uladh
10. Aistritheoirí na Parlaiminte
10. Seimineár na Meithle 11. Aighneachtaí
11. Athsheoladh Is Leor Beirt
12. Is Leor Beirt
12. Comórtas BábógBaby
Is féidir scéalta a chur chuig nuacht@cnag.ie
Le cabhair ó:
1