Nuachtlitir | Conradh na Gaeilge | Deireadh Fómhair 2012

Page 1

E ag r án 7 .1 2

B

15 D ei re ad h Fóm h ai r 2012

Seimineár & Seoladh

eidh idir scléip don óige agus d’aostaigh, léachtaí ríomhlóideacha, sheoladh leabhar agus leathanaigh Facebook, Chuideachta na bhFoghlaimeoirí agus chluichí iománaíochta, dhrámaíocht Ghaeilge agus cheolchoirmeacha, shiúlóidí áitiúla agus chomórtais go leor ag Oireachtas na Samhna i Leitir Ceanainn, Co. Dhún na nGall ó 01 - 03 Samhain 2012! Ag Pleanáil don Ghaeilge ó Thuaidh & Sa Ghaeltacht - Cad Í Do Thuairim? is ea téama Sheimineár Oireachtais Chonradh na Gaeilge 2012 agus tá Airí ón dá Rialtas ar phainéal na bliana seo. Beidh straitéis don Ghaeilge ó thuaidh agus cur i bhfeidhm Acht na Gaeltachta 2012 ó dheas faoi chaibidil sa Seomra Glendowan san Óstán Mount Errigal ag 11.00rn Dé Sathairn agus tá fáilte roimh chách. Is iad An tAire Carál Ní Chuilín, CTR, An Roinn Cultúir,

Ealaíon agus Fóillíochta; An tAire Stáit Donnchadh Mac Fhionnlaoich, TD, An Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta; Niall Comer, Uachtarán, Comhaltas Uladh; agus Cabríní de Barra, Urlabhraí Gaeltachta, Conradh na Gaeilge, aoichainteoirí na hócáide, áit a bheidh Donnchadh Ó hAodha, Uachtarán an Chonartha ina chathaoirleach ar an gcaint agus ar na ceisteanna agus moltaí a phléifear ina diaidh. Reáchtálfar fáiltiú i ndiaidh an tSeimineáir ag 1.00in, áit a seolfar Bliain na Gaeilge 2013, clár de bhliain iomlán d’imeachtaí dírithe ar an teanga a spreagadh agus a chomóradh i measc an phobail le linn 2013, agus an suíomh idirlín úr a ghabhann leis an bhféile ag www.gaeilge2013.ie. Tuilleadh eolais: www.antoireachtas.ie +353 (0)1 4757401 seiminear@cnag.ie

SAN EAGRÁN SEO: 1. Seimineár & Seoladh 2. Snámh 2012 2. Gaillmheach, Gaelach 3. Nuacht Áitiúil 4. Gaeilge na Cruinne 4. Teicneolaíocht na Teanga 5. Comórtas Lorax HP 5. Barrliosta na Leabhar 6. Oibrí Óige Á Lorg 6. Oireachtas 1913 7. Fostaíocht sa Pholainn 7. Cearta Teanga Chiarraí 8. Feachtas Tesco 8. Áiseanna Óige 9. Seomra Gaeilge TCD 9. Traenáil na Mac Léinn 10. Scéim an Uachtaráin 10. DáilWatch.ie 11. Cearta Leanaí Faoi Chaibidil 11. Bagairt Ar Chúirt Ghaeltachta 12. Is Leor Beirt 12. Saor-Chomhairle Dlí

Is féi di r s c é a lt a a c hu r c hu i g nu a c ht @cn ag.i e

1


Turn static files into dynamic content formats.

Create a flipbook
Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.
Nuachtlitir | Conradh na Gaeilge | Deireadh Fómhair 2012 by Conradh na Gaeilge - Issuu