Nuachtlitir | Conradh na Gaeilge | Eanáir 2013

Page 1

E ag r án 8 .1

22 E an ái r 2013

Seilbh Ar An Straitéis

T

á cruinniú ríthábhachtach á reáchtáil ag Conradh na Gaeilge in Óstán Melo Park, Gaillimh ar 3.00in Dé hAoine, 1 Feabhra 2013. Ní mór dúinn teacht chun tosaigh ar na droch-chinntí atá á nglacadh go rialta maidir le cur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge ó dheas, agus drochc h i n n t í rialtais eile go mbíonn tionchar díreach acu ar dhul chun cinn na Gaeltachta agus na Gaeilge ar fud na tíre. Áirítear anseo an cinneadh a glacadh le déanaí leis an gComhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG) a chur faoin gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM), cás a phléifear ag an gcruinniú. Níl an fuinneamh ná na hacmhainní againn troid in aghaidh gach drochchinnidh a ghlac agus a

ghlacfaidh na húdaráis áfach. Is gá teacht chun tosaigh ar na cinntí agus tionchar dhíreach a imirt chun go mbeidh na cinntí aontaithe idir an pobal agus na húdaráis le chéile. Tarlaíonn sé in earnálacha éagsúla go n-aithnítear na geallsealbhóirí agus go mbíonn ionadaíocht acu ag an mbord a ghlacann na cinntí móra; tá an t-aitheantas agus an ionadaíocht chéanna uainn. Tá sé ar leas na n-údarás glacadh leis an éileamh go mbeimis, le chéile, ag glacadh seilbhe ar chur i bhfeidhm na Straitéisí ó thuaidh agus ó dheas, agus ag aontú ar an mbealach is fearr chun cinn don Ghaeilge agus don Ghaeltacht. Ní neart go cur le chéile - bí linn! Tuilleadh eolais: +353 (0)1 4757401 julian@cnag.ie

SAN EAGRÁN SEO: 1. Seilbh Ar An Straitéis 2. An Ghaelscolaíocht Abú! 2. Tús Iontach… 3. Nuacht Áitiúil 4. Gaeilge na Cruinne 4. Teicneolaíocht na Teanga 5. Comhar @ 70 5. Barrliosta na Leabhar 6. Gaeláras Mhic Ardghail 6. Líofacht Trasphobail 7. Oifigeach FNT 7. Gnó an Chláir 8. Fóram Átha an Rí 8. Suíomh Úr SnaG 9. Rónán Sa Chlub 9. Gaeil Bhuachacha 10. Aighneachtaí 10. Cúrsaí an Earraigh 11. Rogha na Gaelscolaíochta 12. Is Leor Beirt 12. Saor-Chomhairle Dlí

Is féi di r s c é a lt a a c hu r c hu i g nu a c ht @cn ag.i e

1


Turn static files into dynamic content formats.

Create a flipbook
Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.