Caith Vóta Leis an nGaeilge! Eagrán 6.4
Tá Conradh na Gaeilge ag lorg deimhniú ó gach páirtí polaitíochta ag dul don olltoghchán ar an 25 Feabhra 2011 go bhfágfaí an Ghaeilge mar chroíábhar Ardteiste a mhúintear do gach mac léinn. Tá an Conradh ag cur tábhacht mhúineadh na Gaeilge; tábhacht Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010 - 2030 a chur i bhfeidhm ina hiomláine; agus tábhacht sholáthar dóthanach Gaelscolaíochta do phobail uile na tíre agus suímh do scoileanna nua á roghnú ag an Roinn Oideachais agus Scileanna, ina luí ar gach iarrthóir freisin. Tá sé deimhnithe ag an gComhaontas Glas, Páirtí an Lucht Oibre, Fianna Fáil agus Sinn Féin nach ndéanfaidh na páirtithe polaitíochta s'acu aon athrú ar éigeantacht na Gaeilge don Ardteiste má thoghtar chun na Dála iad, ach tá sé
mar bheartas oideachais Fhine Gael go fóill go ndéanfaidh an páirtí an Ghaeilge roghnach don Ardteist i ndiaidh chomhairliúcháin. De réir shuirbhé a rinne Ipsos MRBI ar mheon an phobail i leith na Gaeilge sa chóras oideachais, measann 61% de dhaoine óga san aoisghrúpa 15-24 bliana d'aois gur chóir an Ghaeilge a mhúineadh go leibhéal na hArdteiste. Is gá an tslí go múintear agus go bhfoghlaimítear an Ghaeilge a athrú go suntasach amach anseo, ach creideann Conradh na Gaeilge gur ghá an cúrsa Ardteiste a athrú seachas é a dhéanamh roghnach. Tacaigh leis an bhfeachtas trí labhairt leis na hiarrthóirí áitiúla i do dháilcheantar agus sínigh an achainí ar-líne ag www.petitiononline.com/ gaeilge/ inniu!
18 Feabhra 2011 SAN EAGRÁN SEO:
1. Caith Vóta Leis an nGaeilge!
2. Agóid Chiúin AMLÉ 2. Cruinnithe Poiblí 3. Nuacht Áitiúil
4. CLG na Gaeilge
4. Raidió Rí-Rá Ag Ceol Arís! 5. Aiséirí
5. Barrliosta na Leabhar 6. Cruinniú Chill Dara
6. Gradaim Ghlór na nGael 7. Scléip 2011
7. Pearsan Spóirt SnaG
8. Fondúireacht Ollscoil Éireann Cheanada
8. Dún Mhuire
9. Folúntais Phoist
9. Buntáistí Ballraíochta sa Chlub
10. Aisteoirí an Lochrainn
10. Aighneachtaí
11. Scrúduithe TEG
11. Saor-Chomhairle Dlí 12. Is Leor Beirt
12. Comórtas Ceoil
Is féidir scéalta a chur chuig nuacht@cnag.ie
Le cabhair ó:
1