E ag r án 7 .4
B
20 Fe abh r a 2012
Bí Ag Rith do SnaG!
eidh an fhéile Ghaeilge is mó ar domhan á reáchtáil ón 5 – 17 Márta 2012 agus tá Eoghan Mac Diarmada - Pearsa Sheachtain na Gaeilge 2012, láithreoir teilifíse, aisteoir agus DJ mór le rá - ag súil go spreagfar na céadta míle duine chun an Ghaeilge a úsáid sa bhaile agus thar lear arís i mbliana! Tá na céadta imeachtaí cláraithe ag eagraíochtaí, comhairlí áitiúla, scoileanna, leabharlanna agus eagrais cheoil, spóirt agus chultúir d’fhéile na bliana seo. Eiseofar an clár oifigiúil san iris náisiúnta Sult nó is féidir amharc ar www.snag.ie chun sonraí na n-imeachtaí a fháil agus páirt a ghlacadh. Beidh Rith 2012 ar cheann de phríomhimeachtaí is nuálaí agus is spraíúla de chuid Sheachtain na Gaeilge
i mbliana freisin, féile ann féin agus ollrith sealaíochta 700 km ar son na Gaeilge. Cuirfear tús leis an rith i nGaoth Dobhair, Co. Dhún na nGall ar an 8 Márta 2012 agus rithfidh na mílte daoine trí 75 bhaile i 15 chontae sula gcuirfear críoch leis an gc e i l iú r a d h Gaeilge ar Inis Mór, Co. na Gaillimhe ar Lá Fhéile Pádraig. Ghlac 20,000 duine páirt sa chéad Rith a reáchtáladh in Éirinn i 2010. Tá sé i gceist go mbeidh an rás i bhfad níos mó i mbliana agus go mbaileofar airgead chun an Ghaeilge a chur chun cinn i measc pobal ar fud na hÉireann. Cláraigh don spraoi ag www.rith.ie anois! Gach eolas:
SAN EAGRÁN SEO: 1. Bí Ag Rith do SnaG 2012! 2. Athghuthú INK 2. Ard-Fheis 2012 3. Nuacht Áitiúil 4. Gaeilge na Cruinne 4. Teicneolaíocht na Teanga 5. Litríocht na nÓg 5. Barrliosta na Leabhar 6. Fóram Polaitíochta 6. Deontais Ábhair Oidí 7. Teagasc Thar Sáile 7. Ionsaí ar an Oideachas 8. Uachtarán Oireachtais 2012 8. Gaeltacht an Chláir 9. Oireachtas Rince 2012 9. Duaiseanna na Glóire 10. Aighneachtaí an Fheidhmeannais 10. Siompóisiam Achta 11. Moltaí an tSiompóisiam 11. Aighneachtaí an Fhorais 12. Is Leor Beirt 12. Cúrsaí an Earraigh
www.snag.ie / +353 (0)1 4757401 / www.rith.ie
Is féi di r s c é a lt a a c hu r c hu i g nu a c ht @cn ag.i e
1