E ag r án 9 .1 .
20 Fe abh r a 2014
Lá Mór na Gaeilge
R
oghnaigh 10,000 duine todhchaí dár dteanga ag Lá Mór na Gaeilge i mBaile Átha Cliath ar 15 Feabhra 2014, áit ar bhailigh busanna ó cheithre chúige na hÉireann ag an nGairdín Cuimhneacháin ar Chearnóg Parnell le siúl go Dáil Éireann chun tacú le pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta ag lorg chothrom na Féinne don Ghaeilge agus dá gcearta teanga. Ceiliúradh teaghlaigh agus mórshiúl ollmhór ar son cheart teanga a bhí ann, agus tharraing an mhórshiúl idir Ghaeilgeoirí agus Bhéarlóirí le dea-mhéin don teanga amach sna mílte lena dtacaíocht a léiriú don Ghaeilge. Bhain téama Dearg Le Fearg le Lá Mór na Gaeilge, áit ar chaith formhór an tslua bratacha agus éadaí dearga chun a bhfrustrachas agus a ndíomá leis an easpa tacaíochta don Ghaeilge ón dá Rialtas a léiriú ar bhealach feiceálach,
físiúil Dé Sathairn. Arsa Donnchadh Ó hAodha, Uachtarán Chonradh na Gaeilge: “Tá Conradh na Gaeilge fíorbhuíoch do na sluaite a tháinig amach sna mílte chun seasamh a ghlacadh ar son a gceart teanga, agus chun tacaíocht an mhórphobail don Ghaeilge a léiriú do na Rialtais thuaidh theas.” Tá an dúshlán curtha againn ar na Rialtais thuaidh agus theas anois – an bhfuil siadsan sásta todhchaí a roghnú don Ghaeilge agus gníomhú ar ár n-éilimh? (Féach lch 6). Iarr ar do pholaiteoirí áitiúla todhchaí a roghnú don teanga agus gníomhú ar ár n-éileamh láithreach – buail isteach orthu, scríobh chucu, seol teachtaireacht Twitter chucu. Ní neart go cur le chéile!
SAN EAGRÁN SEO: 1. Lá Mór na Gaeilge 2. Ceanneagraíochtaí Gaeilge 2. Seo Linn Seachtain na Gaeilge! 3. Nuacht Áitiúil 4. Teicneolaíocht na Teanga 4. Gaeilge na Cruinne 5. Seoladh Leabhar Luimnigh 5. Barrliosta na Leabhar 6. Cearta Anois Á nÉileamh 6. Gaelú an Oirthir Thiar 7. Nuachainteoirí 7. Turas na Teanga 8. Samhradh na hÓige 8. Athbheochan Dhoire 9. Comhdháil na nDeise 9. Ard-Fheis 2014 10. Liam Ag Rith! 10. Ionadaithe in Easnamh 11. Aighneachtaí 11. Cuir Deireadh Leis an Chosc 12. Is Leor Beirt 12. Comórtas na hAthbhliana
Is féi di r s c é a lt a a c hu r c hu i g nu a c ht @cn ag.i e
1