Eagrán 4.4.
16 Feabhra 2009
Raidió Rí-Rá Ar An Aer Tá an chéad chairt-stáisiúin raidió Gaeilge don aos óg ag dul beo ar an aer le linn Sheachtain na Gaeilge 2009. Bioraígí na cluasa, seo chugaibh Raidió Rí-Rá! Bliain ó shin sheas 100 duine i bhfoirm X ollmhór ar fhaiche Choláiste na Tríonóide chun cairt-stáisiún raidió lánGhaeilge don aos óg a sheoladh – Raidió X. An fhís a bhí ag an stáisiún idirlín seo ná go mbeadh an popcheol is déanaí á sheinm 24 uair a chlog, 7 lá den seachtain, agus Gaeilge le cloisteáil fite fuaite tríd. Bliain níos déanaí, tá an stáisiún céanna ag feidhmiú faoin ainm Raidió Rí-Rá anois agus ag dul beo ar FM i Luimneach, Corcaigh, Gaillimh agus Baile Átha Cliath ón 1 – 22 Márta. Is buíochas le tacaíocht óna leithéid de Chonradh na Gaeilge agus Samsung, príomhurraitheoir an stáisiúin, a tháinig an téacht seo chun críche agus tá Craobh Raidió an Chonartha ag tnúth go mór leis an dul chun cinn seo. Chomh maith leis na cláracha PopNuacht,
GigNuacht agus Top40 Oifigiúil na hÉireann atá cheana féin ar fáil ar an stáisiún ar-líne ag www.RaidioRiRa.ie, beidh seónna beo á gcraoladh le caint agus comhrá trí mheán na Gaeilge. Beidh deis ag éisteoirí dul i dteagmháil le láithreoirí ag RaidioRiRa@gmail.com nó trí chlóscéilín a sheoladh isteach chuig +353 (0)85 1328000. Beidh fáil ag múinteoirí ar áiseanna le híoschóipeáil don seomra ranga ar an suíomh freisin, iar-chláracha PopNuacht ina measc mar aon le seó úr Ceisteanna Craiceáilte, tráth na gceist bunaithe ar phopcheol agus ar chúlchaint na réaltaí móra. Leis na mílte daoine ag éisteacht ar-líne cheana féin, is cinnte gur bealach anéifeachtach é an ceol le dul i bhfeidhm ar dhaoine óga. Bígí linn i mí an Mhárta! Ar-líne www.RaidioRiRa.ie Ar FM 1- 22 Márta 2009 FM 100.3 Áth Cliath FM 106.7 Corcaigh FM 99.1 Gaillimh FM 105.5 Luimneach
SAN EAGRAN SEO: 1. Rí-Rá Ar An Aer! 2. Oscailt na Feiceálachta 2. Ceistiú an Aire 3. Dáil Éireann 2009 3. Lá Fhéile Vailintín 4. Bailiúchán Náisiúnta 4. Mórimeachtaí Mhaigh Eo 5. Duaiseanna Ghlór na nGael 5. Feisire Eorpach Ar Cuairt 6. Seoladh na Seachtaine 6. Bailiúchán Náisiúnta 7. Seachtain na Gaeilge ’09 8. Imeachtaí na Mí 9. Cois Locha Riach 9. Foinse Béaltriail 10.Saor Chomhairle Dlí 10. ÉIR na nGluaisteán 11. Ceisteanna Craiceáilte 12. Crosfhocal
Is féidir scéalta a chur chuig nuacht@cnag.ie
Le cabhair ó:
1