E ag r án 7 .9
31 Iúi l 2012
Tús Úr na Samhla
D
’fháiltigh Aontas Phobal na Gaeilge (APG) go croíúil roimh chinneadh Bhord Fhoras na Gaeilge deireadh a chur leis an tSamhail N u a Mhaoinithe le déanaí. Agus iad ag obair ar an talamh i measc an phobail le taithí na mblianta acu, ba léir d’eagrais APG - Comhaltas Uladh, Comhluadar, Conradh na Gaeilge, Glór na nGael agus Seachtain na Gaeilge - nach raibh córas iomaíoch na Samhla in oiriúint don earnáil Ghaeilge in aon chor. Tá súil acu go gcuirfear córas comhpháirtíochta i bhfeidhm chun na heagrais bhunmhaoinithe san earnáil Ghaeilge a chur ag obair le chéile ar bhonn níos éifeachtaí anois, ar leas na teanga agus ar leas an phobail. D’fháiltigh APG go háirithe roimh fhógra an Fhorais go mbreathnófar ar mhúnlaí eile anois, agus go gcuirfear tuarascáil
an Chomhchoiste um Chomhshaol, Iompar, Cultúr agus Gaeltacht san áireamh - tuarascáil maidir le maoiniú na hearnála atá tacaíocht traspháirtí aici agus a thugann tacaíocht iomlán do mholadh APG gur chóir go mbeadh córas comhpháirtíochta ag croílár aon shamhla nua. Glacfar moltaí Choiste Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta Thionól Thuaisceart Éireann san áireamh chomh maith le moltaí agus tuairimí ón bpobal a léiríodh le linn an phróisis chomhairliúcháin go dtí seo. Tá Sainchomhairleoir á cheapadh ag Foras na Gaeilge le cás gnó cuimsitheach a dhréachtú, áit a cuimseofar an gá leis an athrú ó bhunmhaoiniú; liosta de roghanna féideartha; agus anailís ar na roghanna sin d’fhonn an rogha is fearr a mholadh. Sonraí: www.etenders.gov.ie
SAN EAGRÁN SEO: 1. Tús Úr na Samhla 2. Nollaig in Éirinn 2. Tionól ar an mBuailtín 3. Nuacht Áitiúil 4. Gaeilge na Cruinne 4. Teicneolaíocht na Teanga 5. Scéal Eile 5. Barrliosta na Leabhar 6. An Fóram Díospóireachta 6. Rí-Rá ar DAB! 7. Fuinneamh Úr don Fhoras Gnó 7. Dámhachtainí Fulbright 8. Gaeilge na Rinne ag CLG 8. An Caighdeán Athbhreithnithe 9. Seisiúin an tSamhraidh 9. Scéim Teanga ITBÁC 10. Ainmniúcháin an Údaráis 10. Aighneachtaí 11. An tAcht Gaeltachta ‘12 12. Is Leor Beirt 12. Saor-Chomhairle Dlí
Is féi di r s c é a lt a a c hu r c hu i g nu a c ht @cn ag.i e
1