E ag r án 8 .5
01 Lún as a 2013
Samhail Chinnte, Todhchaí Éiginnte
D
’fhógair An Chomhairle Aireachta Thuaidh Theas (CATT) cinneadh críochnaitheach maidir le maoiniú eagraíochtaí Gaeilge an mhí seo caite. Bunaithe ar mhúnla nua maoinithe curtha chun cinn ag Foras na Gaeilge le bliain anuas, tá se beartaithe go mbeidh na tosaíochtaí straitéiseacha a leanas á seachadadh ag 6 eagras ceannais ag feidhmiú ar bhonn uileoileánda: Gaeloideachas; oideachas in earnáil an Bhéarla; f o r b a i r t phobail; deiseanna leis an nGaeilge a úsáid; ardú feasachta, cosaint teanga agus ionadaíocht; agus forbairt deiseanna agus gréasán do dhaoine óga leis an teanga a úsáid. Mar aon leis sin, bunófar córas nua maoinithe do raidió pobail ó thuaidh agus ó dheas agus leanfar le maoiniú do sholáthar áiseanna tríd an Áisaonad Lán-Ghaeilge. Le
maoiniú geallta do Raidió na Life, Raidió Fáilte agus An tÁisaonad, fágtar go mbeidh 6 cheanneagraíocht le roghnú as na 16 eagraíocht eile roimh Iúil 2014. Mhol CATT go mbunófar fóram comhpháirtíochta uileoileánda de cheannasaithe na 6 eagras ceannais a bheidh freagrach as plean straitéise agus cur chuige na hearnála ar bhonn comhoibrithe. Cé go bhfáiltíonn C o n r a d h na Gaeilge roimh an deis comhoibriú le heagraíochtaí Gaeilge eile ar mhaithe le seirbhísí níos éifeachtaí a sholáthar, agus ar luach airgid níos fearr a bhaint amach do phobal na Gaeilge, níl na sonraí nó na himpleachtaí den chinneadh atá déanta ag CATT iomlán soiléir go fóill. Is cinnte, áfach, go gcaillfí ar a laghad 18 oibrí teanga a bpost faoin mhúnla úr maoinithe seo.
SAN EAGRÁN SEO: 1. Samhail Chinnte, Todhchaí Éiginnte 2. Comórtas Ealaíne 2. Curiarracht Chainte 3. Nuacht Áitiúil 4. Teicneolaíocht na Teanga 4. Gaeilge na Cruinne 5. ComharÓg 2 5. Barrliosta na Leabhar 6. Slán le hÍte! 6. Fleadh Dhoire 7. Gaeltachtaí Átha Cliath 7. Cultúr na hArdchathrach 8. Teaghlaigh Ar Saoire! 8. Global Gaeilge 9. Réaltaí Gaeilge CLG 9. Oiliúint Aistritheoirí 10. Aighneachtaí 10. Gnólachtaí Gaeilge 11. Grianghrafadóireacht Ghaeltachta 11. Coinbhinsiún na mBard Óg 12. Is Leor Beirt 12. Saor-Chomhairle Dlí
Is féi di r s c é a lt a a c hu r c hu i g nu a c ht @cn ag.i e
1