Nuachtlitir | Conradh na Gaeilge | Lúnasa 2011

Page 1

Eagrán 6.10

Oíche Chultúir 2011

Tá lárionad cultúir Cheannáras Chonradh na Gaeilge ag cur réimse iontach imeachtaí Gaeilge ar siúl don Oíche Chultúir arís i mbliana! Tosóidh an spraoi Dé hAoine, 23 Meán Fómhair 2011, le tráthnóna spóirt eagraithe ag Ógras do pháistí idir 5 - 11 bliana d'aois ó 3.30 - 4.30in agus seisiún scéalaíochta ar siúl ins An Siopa Leabhar ó 5.00 - 6.00in. Beidh ceardlann scileanna raidió leis an gcairtstáisiún óige Raidió Rí-Rá (11 - 18 bliana d'aois) ar siúl ó 5.00 - 6.00 freisin agus tá rang d'fhoghlaimeoirí fásta eagraithe ag Conradh na Gaeilge ó 6.00 - 7.00in. Tá ceardlann dátheangach ar bhuntáistí an dátheangachais luath, dar teideal Dátheangach Ó Thús / Bilingual Beginnings, á reáchtáil ag Comhluadar do thuismitheoirí ó 7.00 8.00in agus tá ceardlann

ghiotáir eagraithe ag an bhféile Seachtain na Gaeilge ó 8.00 - 9.00in chun an slua a ullmhú don seisiún ceoil i gClub Chonradh na Gaeilge ag tosú ag 9.00in! Chomh maith leis sin, beidh sladmhargadh ar earraí G a e i l g e , seastán eolais ShaorChomhairle Dlí, agus turas treoraithe dátheangach ar stair an Cheannárais gach 20 nóiméad ó 5.00 -11.00in ag 6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2. Níl costas ar bith ag baint le haon cheann de na himeachtaí, ach is gá áiteanna a chur in áirithint. Tá gach eolas faoi imeachtaí ar siúl in áiteanna eile timpeall na tíre ar fáil ó w w w. c u l t u r e n i g h t . i e freisin. Áirithintí: eolas@cnag.ie / +353 (0)1 4757401

23 Lúnasa 2011 SAN EAGRÁN SEO:

1. Oíche Chultúir 2011 2. Gaelú an Aonaigh

2. 25 Bliain Ar An bhFód 3. Nuacht Áitiúil

4. Gaeilge na Cruinne 4. Dea-scéal

Gaelscolaíochta

5. Féile Phléaráca

5. Barrliosta na Leabhar 6. Aistear.ie

6. Dúchas Thiobraid Árann 7. Damhsa sa Chathair 7. Agóid Ard Mhacha 8. Seimineár APG

9. Leabhar Frásaí FNT 9. Brící na Gaeilge 10. Aighneachtaí

10. Samhradh na Gaeilge 11. Ard-Dioplóma

Dlí-Chleachtadh

11. Oidhreacht &

Oideachas Mhaigh Eo

12. Is Leor Beirt

12. Comhghairdeas Ó

Is féidir scéalta a chur chuig nuacht@cnag.ie

Chroí

Le cabhair ó:

1


Turn static files into dynamic content formats.

Create a flipbook
Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.