Daonáireamh 2011 Eagrán 6.5
Tá feachtas feasachta seolta ag Conradh na Gaeilge chun pobal na Gaeilge sna 26 Chontae a spreagadh leis an leagan Gaeilge den bhfoirm daonáirimh a ghlacadh, agus Daonáireamh 2011 á reáchtáil i bPoblacht na hÉireann ar an 10 Aibreán 2011. Déanfar gach duine agus na teaghlaigh ar fad sna 26 Chontae a áireamh ar an oíche sin agus beidh na foirmeacha daonáirimh chuige seo á ndáileadh ar an bpobal idir 15 agus 20 Márta 2011. Is le linn na tréimhse seo go mbeidh deis ag daoine an leagan teanga is fearr leo a roghnú. Tá sé de cheart agat an leagan Gaeilge den bhfoirm daonáirimh a lorg, agus tá Conradh na Gaeilge ag moladh do gach duine atá muiníneach as a gcuid Ghaeilge, an leagan Gaeilge den bhfoirm daonáirimh a ghlacadh
agus a líonadh. Tráthúil go leor, is comóradh céad bliain atá ann i mbliana ó bhí feachtas Áireamh na nDaoine, 1911 ar bun ag Conradh na Gaeilge freisin. Bhí toradh an-dearfach ar an bhfeachtas seo, áit gur spreagadh an pobal le bród a bheith acu as a gcumas Gaeilge ag tús an chéid seo caite, agus mhéadaigh líon na ndaoine a líon an fhoirm daonáirimh isteach i nGaeilge ó 300 iontráil ina raibh an Ghaeilge úsáidte i ndaonáireamh 1901, go breis 's 25,000 iontráil i nGaeilge do dhaonáireamh 1911. Tá súil ag an gConradh gur amhlaidh an méadú suntasach ar úsáid na Gaeilge a bheidh ann i mbliana! Gach eolas: www.census.ie/Baile.1.2. aspx
21 Márta 2011 SAN EAGRÁN SEO:
1. Daonáireamh 2011 2. Déan Do Mharc Ó Thuaidh
2. Cosain an Cóimheas! 3. Nuacht Áitiúil
4. Litríocht na nÓg
4. Focal.ie Ar An bhFód Le Fada
5. Maitríóisce
5. Barrliosta na Leabhar 6. Ard-Fheis 2011
7. Gléas Sláinte Gaeilge
7. Céim Ghaeilge ITBÁC 8. Coicís na Gaeilge
8. Oifigeach Locha Riach 9. Imeachtaí an Chlub
9. Gradam Sheachtain na Gaeilge 2011
10. Folúntais na hEorpa 10. GaelChaint
11. Fáiltiú na nAirí
11. Saor-Chomhairle Dlí 12. Is Leor Beirt
Is féidir scéalta a chur chuig nuacht@cnag.ie
Le cabhair ó:
1