Nuachtlitir | Conradh na Gaeilge | Márta 2012

Page 1

E ag r án 7 .5

20 Már t a 2012

Ard-Fheis na Comhstraitéise

T

ionólfar Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge san Óstán Auburn Lodge, Inis, Co. an Chláir ón 30 Márta - 01 Aibreán 2012 agus is é Comhstraitéis Ghníomhach Uile-Éireann don Ghaeilge téama na hArd-Fheise seo. Tabharfaidh Ferdie Mac an Fhailligh, Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge; Páidí Ó Lionáird, láithreoir an chláir 7 Lá; agus Maolsheachlainn Ó Caollaí, iar-Uachtarán Chonradh na Gaeilge, léargas ar chomhstraitéis uile-oileánda don teanga ag oscailt na hArd-Fheise ag 9.00in oíche Aoine, straitéis a chuimseoidh An Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010 - 2030 ó dheas, Straitéis Gaeilge ó thuaidh agus aon samhail nua mhaoinithe ag Foras na Gaeilge. Beidh cainteoir iar-bhricfeasta agus rúin na hArd-Fheise á bplé maidin Shathairn, ansin cluichí seachtar-antaobh arna eagrú ag Na Gaeil

Óga CLG agus ceardlanna traenála do bhaill agus do chraobhacha um thráthnóna. Bronnfar corn agus dearbhán ar na foirne buacha i gComórtas Peile na bhFear agus i gComórtas na mBan, agus beidh fáilte roimh chách freastal ar an gcraobh ag 5.00in. Idir an dá linn, beidh rogha cheardlanna traenála á reáchtáil maidir leis na meáin shóisialta, eagrú imeachtaí, tiomsú airgid, na córais oideachais agus eile ó 2.15 - 4.30in. Tionólfar Comhdháil Ghaeilge Aontas na Mac Léinn in Éirinn agus toghcháin don Choiste Gnó agus don Uachtaránacht tráthnóna Shathairn chomh maith. Beidh Dinnéar agus Céilí na hArd-Fheise oíche Shathairn agus tá siúlóid staire timpeall bhaile na hInse beartaithe don Domhnach. Áirithintí lóistín: mairead@cnag.ie / +353 (0)1 4757401

SAN EAGRÁN SEO: 1. Ard-Fheis na Comhstraitéise 2. Glaoch Ar Ghearrscéalta 2. Ceardlanna Scríbhneoireachta 3. Nuacht Áitiúil 4. Gaeilge na Cruinne 4. Teicneolaíocht na Teanga 5. Faoi Sceach Gheal 5. Barrliosta na Leabhar 6. STARTUP Gaeilge 6. Gaeilge na hEorpa Ó Thuaidh 7. Mí Ghaeilge Mhaigh Eo 7. Malartú Óige Ógras 8. SnaG den Chéad Scoth! 8. Bród Club Bernard 9. Dea-scéal Gaelscoile 9. Vicar Spraoi 4 10. Aighneachtaí 10. Cúis Dlí na Gaeilge 11. Gaeltachtaí Píolótacha 11. Cóiríocht Scoile 12. Is Leor Beirt 12. Cúrsaí an Earraigh

Is féi di r s c é a lt a a c hu r c hu i g nu a c ht @cn ag.i e

1


Turn static files into dynamic content formats.

Create a flipbook
Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.