Eagrán 6.8
Siar go Conamara!
An Cheathrú Rua - buailte ar chósta Chonamara, Co. na Gaillimhe, tá cáil uirthi mar cheann de na Gaeltachtaí leis na tránna is glaine agus is deise sa tír, agus is ann a bheidh Tionól Gaeltachta Chonradh na Gaeilge 2011 á reáchtáil ón 30 Meitheamh - 03 Iúil i mbliana. Tá pacáiste speisialta ar €230 ar fáil a chlúdaíonn leaba agus bricfeasta don deireadh seachtaine ón Déardaoin Domhnach, béilí tráthnóna, turas lae chuig na hOileáin Árann, seimineár, dráma agus imeachtaí sóisialta. Reáchtálfar an seimineár Buanú Údarás na Gaeltachta oíche Aoine (féach lth 8) agus díreoidh na haoichainteoirí ar ról an Údaráis ag cruthú fostaíochta sa cheantar Gaeltachta sa lá atá inniu ann; ar an tábhacht a bhaineann leis seo chun an teanga a choinneáil beo i measc an phobail áitiúil;
20 Meitheamh 2011
agus ar atá i ndán don Údarás amach anseo. Beidh cuairt ar an séadchomhartha ársa Dún Aonghasa ar Inis Mór ina buaicphointe do lucht an Tionóil freisin Dé hAoine. Rinne an Stát iarratas ar Eagraíocht Oideachais, Eolaíochta agus Chultúir na Náisiún Aontaithe (UNESCO) go mbeadh Dún Aonghasa ainmnithe mar Láithreán Oidhreachta Domhanda, ó is é ceann de na samplaí is fearr de chaiseal cloiche meánaoiseach san Eoraip. Tá club oíche le Raidió RíRá, dráma le hAisteoirí Bulfin, agus siúlóidí arna eagrú ag Na Cnocadóirí ar an gclár chomh maith agus tiocfaidh an Tionól chun críche Dé Domhnaigh le hAifreann i nGaeilge. Clárú: mairead@cnag.ie / +353 (0)1 4757401 / https://cnag.ie/siopa/pro ductcategory/Saoirí Gaeltachta
SAN EAGRÁN SEO:
1. Siar go Conamara! 2. Feis na nGael
2. Glac Leis? Is Féidir Leat! 3. Nuacht Áitiúil
4. Gaeilge na Cruinne 4. Comhluadar sa Cheannáras
5. Cabhair Cheardlainne 5. Barrliosta na Leabhar 6. Gradaim GLEO 2011
6. Caith An Samhradh i gCeatharlach!
7. Saol Ar-Líne
7. Gradaim Chumarsáide 8. Buanú Údarás na Gaeltachta
9. Cearta Iarchraolta TG4 9. Cárta Ballraíochta an Chlub
10. Aighneachtaí
10. Stocaireacht Straitéise 11. Ceisteanna an Údaráis 12. Is Leor Beirt
12. Dianchúrsaí Gaeilge
Is féidir scéalta a chur chuig nuacht@cnag.ie
Le cabhair ó:
1