Nuachtlitir | Conradh na Gaeilge | Meitheamh 2012

Page 1

E ag r án 7 .8

15 Meit h e am h 2012

Ár dTeanga, Do Rogha!

R

eáchtálfaidh Aontas Phobal na Gaeilge (APG) ceardlanna feasachta spreagúla le cinnirí agus scoláirí choláistí samhraidh ar fud na tíre arís an samhradh seo. Beidh na daoine óga á misniú agus á gcumasú chun an Ghaeilge a roghnú, a úsáid agus a lorg ó ranna stáit, ó chomhlachtaí poiblí agus ó institiúidí Eorpacha mar chuid den fheachtas Ár dTeanga, Do Rogha, i gcomhpháirt le Comhar na Múinteoirí Gaeilge (CNMG) agus Aontas na Mac Léinn in Éirinn (AMLÉ) agus le tacaíocht ón Roinn Gnóthaí Eachtracha. Thug an seó bóthair cuairt ar 50 cúrsa Gaeilge thar thréimhse 3 mhí an samhradh seo caite amháin, áit gur labhair an fhoireann le níos mó ná 12,000 daoine óga maidir lena gcearta teanga. Cuirtear in iúl dóibh gur

féidir leo aoischárta, ceadúnas tiomána agus pas a fháil i nGaeilge; leagan Gaeilge dá n-ainm a úsáid; agus cáin ghluaisteáin agus dolaí a íoc ar-líne trí Ghaeilge, mar shampla. Cuireann Ár dTeanga, Do Rogha na scoláirí samhraidh ar an eolas faoi na háiseanna agus faoi na bealaí spraíúla gur féidir leo leas a bhaint as a gcuid Gaeilge lasmuigh den seomra ranga freisin. Dáileadh 30,000 Gaelchárta ar dhaoine óga ó thosaigh an seó bóthair an samhradh seo caite, cárta lascaine a chinntíonn go mbíonn praghas níos lú á íoc ag Gaeilgeoirí as an mbéile a cheannaíonn siad i gCaptain Americas i measc lascainí spreagúla eile. Roghnaigh an Ghaeilge inniu! Teagmháil: aodhan@cnag.ie / +353 (0)86 3102691

SAN EAGRÁN SEO: 1. Ár dTeanga, Do Rogha! 2. Tionól Gaeltachta 2012 2. An Ghaelscolaíocht Abú! 3. Nuacht Áitiúil 4. Teicneolaíocht na Teanga 4. Gaeilge na Cruinne 5. Comórtas Litríochta 5. Barrliosta na Leabhar 6. Gradam an Phiarsaigh 6. Comhchoiste Comhpháirtíochta 7. Comhdháil Uile-Oileánda 7. Gàidhlig na nGael 8. Cúrsaí Átha Cliath 8. Snámh 2012 9. Cairt Euro 2012 9. Gradaim Oireachtais 10. Scríobh Leabhar 10. Creat Straitéiseach 11. Campaí Samhraidh 12. Is Leor Beirt 12. Saor-Chomhairle Dlí

Is féi di r s c é a lt a a c hu r c hu i g nu a c ht @cn ag.i e

1


Turn static files into dynamic content formats.

Create a flipbook
Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.
Nuachtlitir | Conradh na Gaeilge | Meitheamh 2012 by Conradh na Gaeilge - Issuu