E ag r án 8 .4
Tóstal Teanga ar Árainn Mhór
B
eidh turas báid ar na hoileáin bheaga, sciamhacha timpeall ar Oileán Árainn Mhóir ar cheann de bhuaicphointí Thionól Gaeltachta Chonradh na Gaeilge 2013 i dTír Chonaill ó 4 – 7 Iúil i mbliana. Is ag Dún na nGall atá an ceantar Gaeltachta is mó in Éirinn, agus beidh an saoire Gaeilge seo ar an dara oileán is mó sa tír a bhfuil daoine ina gcónaí air i lár an Aigéin Atlantaigh ina thaithí iontach sultmhar, sainiúil do dhuine ar bith ag iarraidh iad féin a thumadh sa teanga an samhradh seo! Tá pacáiste speisialta ar díol ar phraghas íseal de €240 a chlúdaíonn leaba agus bricfeasta don deireadh seachtaine ón Déardaoin – Domhnach; an bád ó Ailt an Chorráin go hÁrainn Mhór; béilí tráthnóna; turas ar na hoileáin Inis Doirn, Inis Cú & An tÍochtar, agus Inis
Chaorach; seimineár faoi staid reatha na pleanála teanga sa Ghaeltacht agus feidhmiú Acht na Gaeltachta 2012; dráma le hAisteoirí an Lóchrainn; agus na himeachtaí sóisialta ar fad, tráth na gceist agus siúlóid staire threoraithe le Proinsias Mac a’Bhaird san áireamh. Tá fáilte speisialta á fearadh roimh chuairteoirí ó thar sáile chuig an Tionól mar chuid de Thóstal Éireann agus de Bhliain na Gaeilge 2013 i mbliana. Tá Tionól Gaeltachta Chonradh na Gaeilge 2013 arna eagrú i gcomhar le Comharchumann Oileán Árainn Mhóir le tacaíocht ó Údarás na Gaeltachta agus is féidir clárú don deireadh seachtaine ar www.cnag. ie/siopa. Tuilleadh eolais & Áirithintí: mairead@cnag.ie +353 (0)1 4757401
5 Meit h e am h 2013
SAN EAGRÁN SEO: 1. Tóstal Teanga ar Árainn Mhór 2. Litríocht i gCeanannas 2. Bronnadh na Bliana 3. Nuacht Áitiúil 4. Teicneolaíocht na Teanga 4. Gaeilge na Cruinne 5. An Scríbhneoir Óg 5. Barrliosta na Leabhar 6. Spraoi, Spórt agus Stair! 6. Máistreacht Oideachais 7. Rath Raidió na Life 7. Picnic Chomhluadar 8. An Gaelbhrat 8. Buaiteoirí na Bliana 9. Ciste Rith 9. Bí I Do Bhall! 10. Aighneachtaí 10. Fochoiste Straitéise 11. Idir Ghaeilge agus Mháltais 11. Cearta Daonna Domhanda 12. Is Leor Beirt 12. Saor-Chomhairle Dlí
Is féi di r s c é a lt a a c hu r c hu i g nu a c ht @cn ag.i e
1