E ag r án 9 .3
23 Meit h e am h 2014
Tionól Gaeltachta 2014
B
arúntacht bheag in iarthuaisceart Mhaigh Eo atá in Iorras. Is é Béal an Mhuirthead an príomhbhaile agus is ceantar Gaeltachta é leithinis Mhuirthead le háilleacht nádúrtha, fhiáin an Atlantaigh ar an dá thaobh de. Is ar thránna aoibhne agus ar bhóithríní ársa Iorrais atá ár dtriail do Thionól Gaeltachta Chonradh na Gaeilge 2014 ó 3 - 6 Iúil i mbliana. Tá clú agus cáil ar Chuan an Fhóid Duibh agus ar Chuan Oilí, agus fáilteofar roimh fhoghlaimeoirí agus roimh chainteoirí dúchais araon chun a scíth a ligean cois cuain linn ar an saoire Gaeltachta seo. Tá praghas den scoth ar fáil le Conradh na Gaeilge, áit a bhfuil pacáistí éagsúla ar fáil ón Déardaoin Domhnach agus ón Aoine – Domhnach (€240 agus €190 an duine faoi seach). Áirítear leaba, bricfeasta agus béilí um thráthnóna sna pacáistí, mar aon le himeachtaí sóisialta
agus siamsaíochta chun sult a bhaint as an gceantar sciamhach seo i gcomhluadar iomlán Gaeilge. Tá turas bád chuig Inis Geidhe beartaithe maidin Aoine, fad agus atá fáilte roimh an bpobal áitiúil agus roimh lucht an Tionóil araon freastal ar an seimineár maidir le Stádas Ghaeltacht Mhaigh Eo in Áras Inis Gluaire ar 8.00in oíche Aoine. Beidh turas treoraithe ar an leithinis ar siúl Dé Sathairn mar aon le rogha imeachtaí breise (níl na himeachtaí seo clúdaithe sa táille áfach). Más craic, ceol agus áilleacht an iarthair atá á lorg agat, tar go dtí an Tionól Gaeltachta! Áirithintí: mairead@cnag.ie
SAN EAGRÁN SEO: 1. Tionól Gaeltachta ‘14 2. Scoláirí SAM sa Ghaeltacht 2. Ainm Gaeilge In Easnamh 3. Nuacht Áitiúil 4. Teicneolaíocht na Teanga 4. Gaeilge na Cruinne 5. Buaiteoirí na Seachtaine 5. Barrliosta na Leabhar 6. Picnic Mhór Chomhluadar 6. Bus Choláiste Feirste 7. Cúis Dhoire 7. Rí-Rá Ar RnaG 8. Tuismitheoirí na Gaeltachta 9. Glasaigh na Gaeilge 9. Gearóid Ag Na Gradaim 10. Lá Stocaireachta Ó Dheas 10. Toghcháin 2014 11. Aighneachtaí 11. Tuarascáil an Choimisinéara 12. Is Leor Beirt 12. Saor-Chomhairle Dlí
Is féi di r s c é a lt a a c hu r c hu i g nu a c ht @cn ag.i e
1