Eagrán 6.11
16 Meán Fómhair 2011
Aitheantas Iomlán
D'fháiltigh an comhfheachtas Aitheantas roimh oscailt Ghaelscoil na Mí ag tús na míosa ó seo an chéad Ghaelscoil le hoscailt le haitheantas iomlán ón Roinn Oideachais agus Scileanna le trí bliana anuas. Is bunscoil lánGhaeilge ilchreidmheach í Gaelscoil na Mí a d'fhás as Gaelscoil Ráth Tó - a d'oscail anuraidh in ainneoin easpa aitheantais oifigiúil a fháil agus tá an Ghaelscoil nua faoi phátrúnacht ag Foras Pátrúnachta na Scoileanna LánGhaeilge (An Foras Pátrúnachta). Is mór an chúis cheiliúrtha í oscailt na Gaelscoile, ní hamháin do mhuintir Aitheantas agus do gach duine a thacaigh le tuismitheoirí Ghaelscoil Ráth Tó, ach do phobal na Gaeilge trí chéile. Tá an Ghaelscolaíocht ina crann taca do bhláth na teanga i measc an phobail le 20 bliain
anuas, agus tá an Roinn Oideachais agus Scileanna le moladh as tábhacht na teanga sa cheantar seo a aithint trí aitheantas iomlán a bhronnadh ar Ghaelscoil na Mí i mbliana. Go dtí go bhfuil suíomh buan aimsithe ag an Roinn don scoil, beidh sí lonnaithe ar shuíomh sealadach taobh le clubtheach CLG Domhnach Mór i gCill Dhéagláin, Co. na Mí, agus freastalóidh sí ar Chill Dheagláin, Ráth Tó agus na mórcheantair máguaird. Throid tuismitheoirí Ráth Tó go fíochmhar lena gceart oideachas lánGhaeilge a thabhairt dá bpáistí, agus tá toradh a gcuid oibre le feiceáil le hoscailt Ghaelscoil na Mí sa cheantar. Comhghairdeas leo ar fad! Tuilleadh eolais: www.foras.ie / +353 (0)87 3552878 / www.gaelscoilnami.ie
SAN EAGRÁN SEO:
1. Aitheantas Iomlán 2. Litir Ar Strae
2. Seimineáir Ghairmeacha 3. Nuacht Áitiúil
4. Gaeilge na Cruinne
4. Luath-Thumoideachas Ó Thuaidh
5. Charades na Gaeilge
5. Barrliosta na Leabhar 6. 25 Naíonra Nua!
6. Filleadh na bhFreshers
7. Seimineár Oibre
7. Cúrsaí an Chonartha 8. Líofa 2015
8. ClubLeabhar.com
9. Folúntas sa Chlub
9. Íoslach Uimhir a Sé 10. Tum-Chónaí
Thír Eoghain
10. Teanga an Chultúir
11. Coiste Gnó Ar An Iúr 12. Is Leor Beirt
12. Cúrsaí Gaeilge
Is féidir scéalta a chur chuig nuacht@cnag.ie
Le cabhair ó:
1