E ag r án 7 .1 1
15 Me án Fóm h ai r 2012
Rí-Rá Ar FM Átha Cliath!
N
í hamháin go mbeidh Raidió Rí-Rá le cloisteáil ar an gcóras Craoladh Fuaime Digití (DAB) i mBaile Átha Cliath agus i bPort Láirge, ar-líne ag www.rrr.ie agus ar ghutháin ghlice ar fud na tíre an fómhar seo, ach tá an t-aon chairtstáisiún Gaeilge ar domhan ag craoladh beo ar an gcóras FM sa phríomhchathair ó 24 Meán Fómhair - 07 Deireadh Fómhair 2012 freisin! Beidh an t-ógstáisiún le cloisteáil ar 94.3 FM i mBaile Átha Cliath ar feadh coicíse buíochas le deontas flaithiúil a cheadaigh an tAire Stáit Dinny McGinley TD don chairtstáisiún Gaeilge le déanaí. Chomh maith leis an gcraoladh sealadach FM, cuirfidh an deontas €27,000 ar chumas Raidió Rí-Rá stiúideo dá chuid féin a fhorbairt in Uimhir 6 Sráid Fhearchair agus seirbhís níos fearr
a sholáthar do dhaoine óga ar fud an oileáin. Spreagann Raidió Rí-Rá daoine óga leis an teanga a úsáid ar bhealach spraíúil, nuálaíoch lasmuigh den seomra ranga, agus beidh sé d’acmhainn ag an stáisiún níos mó cláracha beo agus tuilleadh míreanna spreagúla nua a chraoladh ar Raidió Rí-Rá anois, mar aon le háiseanna agus podchraoltaí breise a sholáthar ar-líne ag www.rrr.ie agus tríd an bhfeidhmchlár iPhone. Tá súil ag an ógstáisiún an tseirbhís DAB a leathnú go Corcaigh agus Luimneach i mbliana, agus ansin ar fud na tíre, chomh maith le seirbhís raidió lánaimseartha FM agus ar an gcóras teilifíse digití a sholáthar go náisiúnta amach anseo freisin. Minicíocht Átha Cliath: 94.3 FM
SAN EAGRÁN SEO: 1. Rí-Rá Ar FM Átha Cliath! 2. Drámaíocht Fringe 2. Ceiliúradh an Bhlascaoid 3. Nuacht Áitiúil 4. Gaeilge na Cruinne 4. Teicneolaíocht na Teanga 5. Logainmneacha Ceilteacha 5. Barrliosta na Leabhar 6. App an Chultúir 6. Naíonraí Nua! 7. Cearta sa Phobal 7. Athruithe i Marcáil na nGael 8. Coláiste Bhríde Ó Meith 8. Ceiliúradh na Líofachta 9. Blaiseadh Gaeltachta 9. Fómhar sna Clubanna 10. Suíomh Gaeilge RTÉ 10. Córas um Achainíocha 11. Dlítheangeolaíocht AE 11. Cúrsaí an Fhómhair 12. Is Leor Beirt 12. Saor-Chomhairle Dlí
Is féi di r s c é a lt a a c hu r c hu i g nu a c ht @cn ag.i e
1