Nuachtlitir | Conradh na Gaeilge | Nollaig 2011

Page 1

Eagrán 7.2

Acht Gan Coimisinéir, Acht Gan Anam!

Thionóil slua de cheithre scór eagraíocht agus baill den phobail le chéile ag cruinniú práinneach a d'eagraigh Conradh na Gaeilge agus Guth na Gaeltachta i nGaillimh le cás Oifig an Choimisinéara Teanga agus leis an athbhreithniú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 a phlé le déanaí. D'fhógair an tAire Stáit Dinny McGinley TD go raibh tús á chur le hathbhreithniú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 ar an 03 Samhain 2011; d'fhógair an Rialtas ar an 17 Samhain 2011 áfach, go bhfuil sé i gceist acu Oifig an Choimisinéara Teanga a dhúnadh mar oifig reachtúil neamhspleách, agus a chuid feidhmeanna ar fad a chur isteach faoi Oifig an Ombudsman mar chuid dá phlean athchóirithe don earnáil poiblí. Seo in ainneoin go bhfuil ról agus

feidhmeanna Oifig an Choimisinéara Teanga ag croílár an athbhreithnithe agus gur admhaigh an tAire McGinley sa Dáil go bhfuil baol ann go gcosnóidh an cónascadh seo níos mó airgid ar an Stát. Ghlac idir shaineolaithe teanga, lucht acadúil, lucht na meán, ionadaithe ó eagrais Ghaeilge agus ó Ghaeltachtaí fud fad na tíre páirt sa phlé, agus glacadh cinneadh chun páirt iomlán, ghníomhach a ghlacadh sa phróiseas athbhreithnithe ar Acht na dTeangacha Oifigiúla. Socraíodh freisin go rachfaí i mbun feachtais láidre chun an cinneadh maidir le hOifig an Choimisinéara Teanga a throid agus chun iallach a chur ar an Rialtas an cinneadh a fhreaschur láithreach. Cad is féidir leatsa a dhéanamh? Féach lch 11!

15 Nollaig 2011 SAN EAGRÁN SEO:

1. Acht Gan Coimisinéir, Acht Gan Anam! 2. Máirtín Mhaigh Eo 2. Comhdháil Gaelscoileanna 3. Nuacht Áitiúil 4. Gaeilge na Cruinne 4. Teicneolaíocht na Teanga 5. Bua na Litríochta 5. Barrliosta na Leabhar 6. Nuacht Áitiúil Eile 7. Rúnaithe AE Á nEarcú 7. Scrúduithe TEG 8. Cruinniú Gaeilge an Bhoird Phóilíneachta 8. MA Taighde de Hindeberg 9. Clubanna na Nollag 9. Feis agus Fuil 10. Aighneachtaí 10. Cúirt na nÉileamh Beag 11. Ní Neart Go Cur Le Chéile 12. Is Leor Beirt 12. Cúrsaí Eanáir 2012

Is féidir scéalta a chur chuig nuacht@cnag.ie

Le cabhair ó:

1


Máirtín Mhaigh Eo

D'eagraigh Craobh Chaisleán an Bharraigh de Chonradh na Gaeilge agus Coiste Dúiche Mhaigh Eo / Togra Mhaigh Eo oíche in ómós do Mháirtín Mac Donnchadha, clár reachtaire Raidió na Gaeltachta, agus Gabrielle Uí Bhreisleáin, rúnaí, a d'éirigh as a gcuid oibre ag deireadh na míosa seo caite. Tá os cionn 10 mbliana caite ag an mbeirt acu sa stáisiún i gCaisleán an Bharraigh, agus obair mhór déanta acu chun an

Ghaeilge agus Gaeltacht Mhaigh Eo a chur os comhair an phobail. Thug Máirtín píosa cainte ar an ábhar Dea-chaint agus Deisbhéalaíocht ar an oíche in Óstán an Welcome Inn i gCaisleán an Bharraigh ar an 23 Samhain 2011, agus lean oíche mhór cheoil agus spóirt an ócáid! Gach eolas: eolas@conradhmhaigheo.ie / +353 (0)94 9022444 / +353 (0)87 9781166

Bhí an-rath ar Chomhdháil Bhliantúil Gaelscoileanna Teo. 2011 a reáchtáladh ar an Tulach Mhór, Co. Uíbh Fháilí ón 25 - 26 Samhain 2011. D'oscail Ciarán Cannon, Aire Stáit Oiliúna agus Scileanna, an chomhdháil oideachais faoin téama Ag Saibhriú Saol Páistí agus thug an ócáid deis do mhúinteoirí, do phríomhoidí, do thuismitheoirí, d'eagraíochtaí Gaeilge agus do phobal na háite tarraingt le chéile thar an deireadh seachtaine. Pléadh mórcheisteanna na hearnála agus ceiliúradh an córas Gaeloideachais. Dhírigh an chomhdháil go háirithe ar ábhar, ar impleachtaí agus ar thábhacht na Straitéise Litearthachta agus Uimhearthachta don Fhoghlaim agus Don Saol 2011 – 2020. Sa chomhthéacs seo, chuir an Dr. Shiel ón bhForas Taighde torthaí úr nua ó na trialacha ar chaighdeán an mhata agus an Bhéarla sna scoileanna lán-

Ghaeilge i láthair an slua. Arsa Bláthnaid Ní Ghréacháin, Ardfheidhmeannach Gaelscoileanna Teo.: "Aithníonn na torthaí go bhfuil roinnt dúshláin sa chóras, go háirithe mar a bhaineann leis an mata, ach de réir mar a bheimis ag súil leis, deimhníonn an taighde go bhfuil caighdeán an Bhéarla sna scoileanna lán-Ghaeilge ag leibhéal ard agus ag ardú. Is cruthúnas é seo ar shár-obair, ar dhíograis agus ar chumas na scoileanna agus ar shár-éifeacht an chórais tumoideachais mar chóras oideachais.” Labhair Príomhfheidhmeannach an Choimisiún um Chearta an Duine ag fáiltiú na Comhdhála faoi pholasaithe iontrála scoile, éagsúlacht agus iolrachas sa chóras oideachais, agus rochtain ag tuismitheoirí ar an nGaelscolaíocht ag an dá leibhéal i gcomhthéacs cearta an duine freisin. Gach eolas: www.gaelscoileanna.ie

Comhdháil Gaelscoileanna

2

Cuir na scéalta chugainn roimh 09 Eanáir 2012


Nuacht Áitiúil

Áth Cliath Beidh siompóisiam ar an ábhar Acht na dTeanga Oifigiúla: Leasú chun Feabhas á eagrú ag Scoil an Dlí agus Oifig na Gaeilge, Coláiste na Tríonóide agus Craobh na Ceithre Cúirteanna de Chonradh na Gaeilge le tacaíocht ó Ghuth na Gaeltachta i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath ó 9.30rn - 3.00in Dé Sathairn, 21 Eanáir 2012. Gach eolas: gaeloifig@tcd.ie

Ciarraí Tá Club Óg-Ógras an Ghleanna ag fás ó bhliain go bliain agus ag cur an Ghaeilge chun cinn i ndeisceart Chiarraí ar bhealach spraíúil, thaitneamhach do dhaoine óga sa bhunscoil! D'eagraigh an club Oíche Bhabhlála ag Bowling Buddies i dTrá Lí le déanaí. Tá an club lonnaithe sa Ghleann idir Cathair Saidhbhín agus Baile an Sceilig agus bíonn caoinfháilte roimh bhaill nua i gcónaí. Breis Eolais: Risteárd Ó Fuaráin +353 (0)87 2194992

Gaillimh Scéal Chochaillín Dearg atá á léiriú Taibhdhearc na Gaillimhe mar gheamaireacht na Nollag i mbliana! Cuirfidh compántas na Taibhdheirce agus aisteoirí ó Ros na Rún an scéal cáiliúil faoin gcailín beag a thagann trasna ar an Mac Tíre mór scanrúil i láthair ins An Dubhlann, Bóthar na Díge, Cathair na Gaillimhe, ón 13 - 18 Nollaig 2011. Tosóidh an léiriú ón Máirt - Domhnach ag 7.00in gach oíche agus beidh matinée ar siúl Dé Sathairn agus Dé Domhnaigh ag 3.00in freisin. Níl ach €10 ar thicéad. Áirithintí: www.antaibhdhearc.com / +353 (0)91 569777

Port Láirge Tá Gradam Nuálaíocht sa Ghnó 2011 de chuid FBD buaite ag Comhlucht Forbartha na nDéise in Iarthar Phort Láirge le déanaí. Ghnóthaigh CFD an gradam de bharr an obair atá ar siúl acu i dtaca le cúrsaí teanga agus forbairtí gnó sa cheantar, agus is iontach an rud é dóibh aitheantas a fháil ó chomhlacht náisiúnta nach bhfuil baint ar bith acu le saol na Gaeilge. Comhghairdeas ó chroí leo!

Ráth Chairn Tá Glór na nGael i ndiaidh Ráth Chairn na Gréine a fhoilsiú, bailiúchán cuimsitheach d’amhráin agus d’fhilíocht faoi Ghaeltacht na Mí. Bunaithe ar thaighde Shiobhán Seoighe, gur de bhunadh Ráth Chairn í, bhailigh clann agus cairde léi le chéile do sheoladh an leabhair le Pat Carey, cathaoirleach Ghlór na nGael, agus Edel Ní Chuirreáin, ceannasaí Raidió na Gaeltachta, le déanaí. Má spreagann sin thú le dul chun cónaithe ann, nó chun gnólacht a chur ar bun ann, beidh lá agus oíche mhór eolais á heagrú sa Ghaeltacht Dé Sathairn, 28 Eanáir 2012. Taispeánfar na suímh, tithe, spásanna siopa agus bialainne mar aon le spásanna oifige atá ar fáil dóibh siúd a thagann. Eagrófar caint ar stair Ráth Chairn agus oíche mhór tallainne freisin. Cuirfear lóistín ar fáil d'éinne le spéis teacht. Tuilleadh eolais: +353 (0)46 9432381 / rathcairn@eircom.net

Is féidir scéalta a chur chuig nuacht@cnag.ie

3


Gaeilge na Cruinne

Tá an Ghaeltacht sur Seine i bPáras na Fraince ag fás i gcónaí! Leanfaidh Gaeilgeoirí na cathrach ag cruinniú sa teach tábhairne The Quiet Man, 5 rue des Haudriettes ar an Máirt dheireanach den mhí san Athbhliain ón 31 Eanáir 2012 ar aghaidh. Roimhe sin áfach, déanfar ceiliúradh ar Aifreann Lá Nollag i Séipéal Naomh Pádraig, Coláiste na nGael, 5 rue des Irlandais ag 11.30rn maidin Domhnaigh. Ar an taobh eile den domhan,

bhuaigh Gaeltacht Thuaisceart an Oileáin Úir gradam do Tháirge Turasóireachta na Bliana 2011 ag Gradaim um Fhorbairt Gheilleagrach Lennox agus Addington le déanaí. Is mór an onóir í don chéad Ghaeltacht lasmuigh d'Éirinn agus is iontach an rud é an t-aitheantas atá faighte ag pobal na Gaeilge i dTamworth, Ceanada. Comhghairdeas ó chroí leo! Teagmháil: www.anghaeltacht.ca

Sheol an tAire Donnchadh Mac Fhionnlaoich TD, Cartlann Ar-Líne De Théacsanna NuaGhaeilge ag Foclóir na Nua-Ghaeilge in Acadamh Ríoga na hÉireann sa phríomhchathair an mhí seo caite. Mar thús, tá fáil ar bhreis agus 40 leabhar a d’fhoilsigh Conradh na Gaeilge idir 1882 1926 sa chartlann fhíorúil seo agus cuirfear leis de réir a chéile. Beidh an chartlann ina háis iontach do léitheoirí, do scoláirí agus d’fhoclóirithe in Éirinn agus go deimhin ar fud an domhain. Ba é Aire Stáit na Gaeltachta a sheol an suíomh Ainm.ie le déanaí freisin, suíomh cuimsitheach nua de bheathaisnéisí Gaeilge. Cuimsíonn an mórshathaor beagnach 1,700 beatha de dhaoine a rinne a gcion féin don Ghaeilge le 500 bliain anuas, ó

1560 go dtí an lá inniu. Tá an tionscadal á fhorbairt ó 2009 i leith ag Fiontar i gcomhar le Cló Iar-Chonnacht agus le Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú, bunúdair na sraithe Beathaisnéis a d’fhoilsigh An Clóchomhar i 9 n-imleabhar idir 1986 - 2007. Is í sprioc an tionscadail rochtain éasca ar an taisce eolais seo - 1.3 milliún focal ar fad - a dheimhniú trí dhigitiú an ábhair bhunaidh agus é a fhoilsiú ar-líne. Baineann clibeanna le téamaí áirithe - logainmneacha, Conradh na Gaeilge, institiúidí oideachais agus saothair ina measc - agus cuirfidh na saoráidí breise cuardaigh agus brabhsála ar chumas an úsáideora an saothar mór taighde seo a chíoradh ar bhealaí úra ilghnéitheacha. Tuilleadh eolais: www.fng.ie / www.ainm.ie

Teicneolaíocht na Teanga

4

Cuir na scéalta chugainn roimh 09 Eanáir 2012


Bua na Litríochta

Bronnadh Gradam Uí Shuilleabháin, Leabhar na Bliana do dhaoine fásta, ar Mháire

Barrliosta na Leabhar

Mhac an tSaoi ag bronnadh Ghradaim

Liteartha an Oireachtais sa Leabharlann

Seo na leabhair is mó díolta i Siopa Leabhar Chonradh na Gaeilge le mí anuas:

Náisiúnta i mBaile Átha Cliath an mhí seo caite. Bhuaigh Mac an tSaoi an gradam as an úrscéal stairiúil Scéal Ghearóid Iarla a scríobh sí faoi Ghearóid Mhic Gearailt, tríú

Iarla Deasmhumhan, agus a d'fhoilsigh

Leabhar Breac. Is iad an t-údar Caitríona

Hastings agus an maisitheoir Andrew Whit-

son a thug leo an gradam do Leabhar na

Bliana do Dhaoine Óga, Gradam Réics Carló, lena saothar Mac Rí Éireann, scéal

eachtraíochta do leanaí a d'fhoilsigh An

tSnáthaid Mhór. Bhronn Beirni Ní Chuinn ó

Raidió na Gaeltachta na gradaim ag an

searmanas

speisialta

arna

eagrú

ag

Oireachtas na Gaeilge agus maoinithe ag

Foras na Gaeilge.

Gach eolas: www.oireachtas.ie

Déagóirí agus Daoine Óga: 1. Micí Moncaí – An Gúm – Mairéad Ní Ghráda - €5.50 2. Amach – An Gúm – Alan Titley - €7.95 3. Ruball Trioball – Móinín - Esther Göbl Uí Nualláin - €8 4. Cinnín Óir agus na Trí Bhéar – An Gúm - €4.50 5. Péigín Leitir Móir – Futa Fata – Tadhg Mac Dhonnagáin - €19.95 Daoine Fásta: 1. Duinnín Bleachtaire ar an Sceilg – Coiscéim – Biddy Jenkinson - €10 2. Duanaire an Chéid – CIC – Gearóid Denvir - €15 3. I gCóngar i gCéin – CIC – Pádraig Standún - €12 4. Seán Ó Ríordáin: Na Dánta – CIC - €18 5. Gramadach Gan Stró – Éamonn Ó Dónaill – Gaelchultúr - €20 Eolas & orduithe: siopa@cnag.ie / +353 (0)1 4783814 / 4785428 (facs) / www.cnag.ie

Is féidir scéalta a chur chuig nuacht@cnag.ie

5


Nuacht Áitiúil Eile

An Cabhán Reáchtálfar ciorcal comhrá um théama na Nollag in Óstán Fearnáin, An Cabhán, Dé Céadaoin, 21 Nollaig 2011, ag 8.00in, arna eagrú ag Glór Bhréifne. Tá fáilte roimh chách agus níl ach costas €3 ar an gcomhrá agus ar shólaistí na hoíche! Teagmháil: glorbhreifne@gmail.com / +353 (0)87 6401682

Ceatharlach Tá an-áthas ar Ghlór Cheatharlach a fhógairt go mbunófar grúpa nua tuistí agus leanaí i gCeatharlach in Eanáir 2012. Buailfidh an grúpa dátheangach in Ionad Phobail Darach Úir gach maidin Mháirt ó 9.30 - 11.30rn agus cuirfear fáilte roimh thuismitheoirí, sheanthuismitheoirí, fheighlithe leanaí agus pháistí suas go 4 bliana d'aois. Feartar fáilte roimh chách chuig seoladh Hidden Places/Scáthán Eile, leabhar filíochta dhátheangach le Deirdre Brennan, sa Teach Dolmain, Sráid na Tulaí, Ceatharlach, Déardaoin, 15 Nollaig 2011 ag 7.30in freisin. Leanfar le ciorcal comhrá agus seisiún bríomhar de cheol traidisiúnta. Saorchead isteach agus cuirfear sólaistí ar fáil. Buail isteach! Gach eolas: emma@glorcheatharlach.ie / +353 (0)85 1340047

6

Béal Feirste Ní hamháin gur léir go raibh an Ghaeilge faoi ráth agus bláth ag Aonach Oibre Fhorbairt Feirste le déanaí, áit gur bhailigh níos mó ná míle dalta ó fud fad an tuaiscirt i gColáiste Feirste don ócáid Ghaeilge, ach bhí lá stairiúil sa chathair chéanna ar an 26 Samhain 2011. Bhí beirt airí shinsearacha rialtais ón dá thaobh den teorainn - an tAire Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta, Carál Ní Chuilín MLA, agus an tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Jimmy Deenihan TD - i láthair nuair a sheol Gaelchultúr cúrsa ilmheán nua d’fhoghlaimeoirí fásta, Gaeilge gan Stró! Beginners Level, i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich. Labhair an tAire Ní Chuilín faoi chomh húsáideach agus a bheadh an cúrsa nua dóibh siúd ar spéis leo bheith páirteach in Líofa 2015, feachtas a bhfuil sé mar aidhm aige níos mó daoine a spreagadh leis an nGaeilge a labhairt. Cosnaíonn an cúrsa €34.95 agus tá sé ar díol ins An Siopa Leabhar nó ar-líne ag www.siopa.ie.

Gaoth Dobhair Beidh an sárghrúpa óg traidisiúnta as Baile Átha Cliath, Na Bonny Men - atá go mór faoi thionchar An Bothy Band, ach go bhfuil fuaim éagsúil acu féin - ag seinm ag Cabaret Craiceáilte na Nollag, Tigh Hiúdaí, An Bun Beag, Gaoth Dobhair, Dé Sathairn, 17 Nollaig 2011, ó 9.00in. Tá ceangal láidir acu le Gaoth Dobhair, mar go bhfuil beirt do Chlann Uí Chasaide, an dara glúin na gCasaidigh, sa ghrúpa. Beidh An Crann Óg, ceolfhoireann traidisiúnta óg Ghaoth Dobhair, mar aon leis na hamhránaithe áitiúla Bríd Ní hIcí agus Liam Mac Giolla Bhrighde ag casadh le tionlacan ceoil ón sárcheoltóir boscaí agus maindilín Niall Hackett ar an oíche chomh maith.

Cuir na scéalta chugainn roimh 09 Eanáir 2012


Rúnaithe AE Á nEarcú

Tá rúnaithe/cúntóirí bainistíochta dátheangacha lánaimseartha á n-earcú ag Institiúidí an Aontais Eorpaigh sa Bhruiséil agus i Lucsamburg faoi láthair. Tá 18 bpost ar fáil dóibh siúd leis an traenáil chuí mar aon le Gaeilge agus Béarla ar a dtoil acu, agus bheadh an té a cheapfar fostaithe ag grád AST1 ar thuarastal €2650 sa mhí móide sochair. Ní mór Béarla, Eastóinis, Fionlainnis, Fraincis, Gaeilge, Gréigis, Iodáilis nó Ungáiris a bheith mar phríomhtheanga agat mar iarrthóir, agus ní mór Béarla, Fraincis nó Gearmáinis a bheith mar dhara teanga agat (éagsúil ó do phríomhtheanga). Is gá gur rúnaí oilte atá

ionat, nó ní mór go mbeadh ar a laghad 3 bliana taithí ghairmiúil mar rúnaí agat. Spriocdháta iarratas: meánlae, 20 Nollaig 2011. Tagairt: EPSO/AD/117/11 – Cúntóirí (AST1). Tuilleadh eolais: www.eu-careers-online.eu / www.epso.eu

Beidh scrúdú C1 (Ardleibhéal 1) i dTeastas Eorpach na Gaeilge (TEG) ar siúl in Ollscoil na hÉireann, Má Nuad ar an 27 agus 28 Eanáir 2012. Is féidir le daoine a bhfuil leibhéal C1 bainte amach acu iad féin a chur in iúl go líofa, ina saol gairmiúil agus pearsanta, agus tuigeann siad téacsanna dúshlánacha (idir fhís, fhuaim agus fhocail scríofa) gan mórán dua. Bheadh cáilíocht C1 ina bhuntáiste do dhaoine atá ag obair leis an nGaeilge cheana féin, nó gur mhaith leo a bheith ag obair le Gaeilge sa todhchaí, ar mhian leo cruthúnas a fháil ar a gcumas teanga. Ba mhór an chabhair í do dhaoine ag dul don scrúdú C1 Rang Cruinnis Chonradh na Gaeilge a dhéanamh, ós rud é go cloíonn

ranganna an Chonartha trí chéile le siollabais TEG, ó leibhéal na nglantosaitheoirí go cainteoirí cumasacha araon. Cuirfear tús le téarma nua 10-seachtaine i 6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2, ar an 24 Eanáir 2012 agus ní hamháin go bhfuil praghas lascaine de €160 á thairiscint ar na cúrsaí seo má chuirtear áit in áirithint roimh an Nollaig, ach is féidir dearbhán ar luach €20, €50 nó €160 a cheannach mar bhronntanas d'éinne gur spéis leo tabhairt faoi ranganna Chonradh na Gaeilge san Athbhliain. Is féidir clárú ar-líne do chúrsaí an Chonartha ar fud na tíre ag www.cnag.ie agus tá gach eolas faoi scrúduithe TEG ar fáil ag www.teg.ie. Spriocdháta iarratas: 9 Eanáir 2012

Scrúduithe TEG

Is féidir scéalta a chur chuig nuacht@cnag.ie

7


Cruinniú Gaeilge an Bhoird Phóilíneachta

Mar chuid dá straitéis theagmhála leis an phobal, thionóil Bord Póilíneachta Thuaisceart Éireann an tríú cruinniú i sraith Chruinnithe Poiblí Gaeilge ar an Iúr le déanaí, i gcomhpháirt le Comhairle an Iúir agus Mhúrn. Bhí beirt oifigeach de chuid an PSNI a bhfuil Gaeilge acu i láthair agus bhí deis ag daoine Comhaltaí an Bhoird agus David Jones, Ardchonstábla Cúnta an Réigiúin Thuaithe, a cheistiú ar shaincheisteanna póilíneachta na dúiche. D'fháiltigh an Comhairleoir Séarlaí Ó Cathasaigh, Méara na Comhairle, roimh achan duine chuig an cheantar agus labhair Gearóid Ó hEára, Leas-Chathaoirleach an Bhoird, fá obair an

bhoird agus tiomantas an Bhoird chun guth a thabhairt d’achan duine faoin dóigh a ndéantar póilíneacht ina bpobal féin. Teagmháil: Shirley McMichael, Brainse Caidreamh Pobail +44 (0)28 90408623 / shirley.mcmichael@nipolicingboard.org.uk

MA Taighde de Hindeberg

Tá MA Taighde sa Ghaeilge á tairiscint anois in Institiúid Teicneolaíochta Phort Láirge (WIT) i gcomhar le Coláiste na Rinne. Tá cartlann luachmhar agus fíorshaibhir i Leabharlann Choláiste na Rinne i nGaeltacht na nDéise. Mar chuid den chartlann seo, tá an cnuasach leabhar agus lámhscríbhinní a d’fhág an Dr. Risteard de Hindeberg le hoidhreacht ag an gColáiste. Is cuid lárnach den chartlann é seo. Is í aidhm an taighde mháistreachta seo ná cur síos a dhéanamh ar na lámhscríbhinní, clárliosta a dhéanamh den ábhar agus / nó ainmliosta a chur le chéile. Cuirfear na lámhscríbhinní i gcomhthéacs stair na lámhscríbhinní Gaeilge in Éirinn. Chomh maith leis sin, déanfaidh an mac léinn taighde ar de Hindeberg é féin, ar

8

an mbailiúchán leabhar, agus ar thábhacht de Hindeberg i nGaeltacht na nDéise, i saol na Gaeilge agus i litríocht na Gaeilge trí chéile. Tá an MA Taighde seo maoinithe ag Coláiste na Rinne agus mar sin ní bheidh ar an mac léinn táillí a íoc. Beidh an mac léinn cláraithe mar mhac léinn WIT agus ag obair faoinDr Séamus Ó Diollúin. Ní mór go mbeadh bunchéim sa Ghaeilge agus cruinneas sa Ghaeilge, idir scríobh agus labhairt, ag iarrthóirí. Is gá an fhoirm iontrála a líonadh agus a sheoladh ar ais chuig Ms Avril Kelly, An Oifig Iontrála Iarchéime, WIT, Campas Bhóthar Chorcaí, Port Láirge roimh 16 Nollaig 2011. Tuilleadh eolais: +353 (0)51 30 2846/ +353 (0)51 834116 / sodiolluin@wit.ie

Cuir na scéalta chugainn roimh 09 Eanáir 2012


Club na Nollag

Beidh Mike Ó hÉanaigh ag casadh ceoil beo i gClub Áras na nGael, 45 Sráid Dominic, Gaillimh oíche Shathairn, 17 Nollaig 2011, ó 9.30in. Is ann a bheidh an craic ar fad Oíche Chinn Bliana freisin, áit go mbeidh Club Oa2 faoi lánseol agus DJ Ben Ó Faoláin i mbun na mbuillí idirnáisiúnta agus an ceol domhanda is fearr á chasadh aige mar aon le func fáistineach. Leanfaidh an club ceoil gach dara oíche Aoine san Athbhliain freisin, ar an 6 agus 13 Eanáir 2012 araon. I mBaile Átha

Cliath, thug mórcheoltóirí na hÉireann agus na hAlban cuairt ar Chlub Chonradh na Gaeilge d'Fheis na nGael an mhí seo caite agus tá taispeántais ealaíne ar siúl i láthair na huaire, curtha le chéile ag Clíodhna Cussen agus ag Craobh Aimhirghín.

Filleann Feis & Blood de chuid TG4 agus an teaghlach is siamsúla in Éirinn á lorg acu do shraith teilifíse nua! Is minic ráite nach ón ngaoth a thugann daoine féith an cheoil nó na hamhránaíochta leo agus tá cruthúnas sin sa líon ollmhór teaghlach a tharraing clú agus cáil orthu féin - ó The Clancy Brothers go Crystal Swing, agus ó na Cunninghams go The Corrs, tá teaghlaigh na hÉireann ag cur siamsaíocht ar fáil dúinn ar feadh na mblianta. Dar le hAdare Productions áfach, tá sé in am anois teacht ar theaghlach nua a chuirfidh siamsaíocht ar fáil don tír. Thar 13 chlár, féachfaidh teaghlaigh dul i gcoimhlint le chéile agus dul i gcion ar na moltóirí chun an chraobh a bhuachan, agus roghnófar dhá theaghlach

i ngach clár le dul chun cinn go dtí an chéad chéim eile. Tá siad ag glacadh le iarratais don tsraith nua anois; ní ghlacfar ach le baill den theaghlach céanna i ngach iarratas áfach, agus ní mór do bheirt ar a laghad a bheith páirteach ann. Logáil isteach ar láithreán gréasáin TG4 ag www.tg4.ie agus cliceáil ar Feis & Blood leis an bhfoirm iarratais a líonadh isteach ag www.tg4.ie/ie/programmes/feisblood/entry-form.html. An bhfuil bua na siamsaíochta ag do theaghlach? An bhfuil an siamsaíocht go smior i do chuid fola? Má tá, téigh i dteagmháil le Dónal in Adare Productions inniu! Tuilleadh eolais: donal@adareproductions.ie / +353 (0)1 2843877

Feis agus Fuil

Is féidir scéalta a chur chuig nuacht@cnag.ie

9


Aighneachtaí

Sa bhreis ar aighneachtaí maidir leis an athbhreithniú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 (féach lch 11 thall), tá sé beartaithe ag An Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige scéim a dhréachtú de réir Alt 11 den Acht céanna. Tá aighneachtaí maidir le hullmhú na dréachtscéime sin á lorg ag an Roinn ó pháirtithe leasmhara anois agus níor cheart go rachadh na haighneachtaí thar 4,000 focal (c.8 leathanach), dá mb’fhéidir é. Is féidir aighneachtaí, a chuirfear ar fáil ar shuíomh gréasáin na Roinne, a sheoladh isteach go leictreonach chuig public@dcya.gov.ie nó

féadfar iad a chur leis an bpost chuig Aonad Tacaíochta Gnó, An Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige, 43 - 49 Bóthar Mespil, Baile Átha Cliath 4 roimh 5.00in, Dé hAoine, 5 Eanáir 2012. Tuilleadh eolais: www.dcya.gov.ie

Cúirt na nÉileamh Beag

Tugann Rialacha na Cúirte Dúiche an cead agus an chumhacht do Chúirt na nÉileamh Beag chun léirmhíniú a dhéanamh ar an dlí agus é a chur i bhfeidhm. Is modh tapa, saor don tomhaltóir é le teacht ar réiteach agóide. Réitítear an fhadhb idir na páirtithe tríd idirghabháil a dhéanamh trí chléireach sa Chúirt Dúiche, dar teideal Cláraitheoir um Éilimh Bheaga. Seo a leanas na saghsanna éileamh a théann tríd an gcúirt: éilimh a shíolraíonn as táirge lochtach a cheannach nó as seirbhís lochtach a fháil; éilimh do mhion-dhamáiste sealbhaithe (ní féidir le comhlacht nó le comhlacht corparáideach éilimh mar seo a dhéanamh); agus tionóntaí (ní comhlacht corparáideach) ag éileamh éarlais chíosa le haghaidh cineálacha áirithe sealúchas cío-

10

saithe ar nós tigh saoire nó árasáin, áit a bhfuil cónaí ar an tiarna talún ar an áitreabh. Ní féidir níos mó ná €2,000 a éileamh i gCúirt na nÉileamh Beag. Chun éilimh a chur faoi bhráid na cúirte, caithfear foirm a fháil ón oifig Chúirt Dúiche áitiúil nó ón suíomh www.courts.ie, í a líonadh agus a sheoladh chuig an gCúirt Dúiche sa cheantar ina bhfuil cónaí ar an bhfreagróir, nó ina bhfuil a g(h)nó cláraithe. Baineann táille €15 leis seo. Tá an t-alt seo bunaithe ar bhileog eolais foilsithe ag FLAC ar www.flac.ie. Tá gach eolas faoi Sheirbhís Saor-Chomhairle Dlí Náisiúnta Chonradh na Gaeilge i gcomhpháirt le FLAC i mBaile Átha Cliath, Corcaigh, Gaillimh agus Gaoth Dobhair ar fáil ó www.seirbhisdli.ie.

Cuir na scéalta chugainn roimh 09 Eanáir 2012


Ní Neart Go Cur Le Chéile

D'eagraigh Conradh na Gaeilge agus Guth na Gaeltachta agóid tobstailce lasmuigh den Dáil ar an lá a d'fhógair an Rialtas go raibh sé i gceist acu Oifig an Choimisinéara Teanga a dhúnadh mar oifig reachtúil neamhspleách. Chruinnigh beagnach 100 duine ar bheagán foláirimh ann le cur in iúl láithreach don Rialtas míshástacht agus uafás phobal na teanga leis an gcinneadh a bhí glactha acu. Tá sé ar an gcinneadh is cúlaithí, is meathlaí dá bhfuil glactha ag Rialtas ar bith i dtaca le cur chun cinn na Gaeilge le blianta fada anuas, agus ba mhaith linn an feachtas ina choinne a láidriú agus an méid is mó de phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta a aontú taobh thiar de. Chuige sin, táimid ag iarraidh ar gach éinne páirt iomlán a ghlacadh sa phróiseas athbhreithnithe ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003, agus go háirithe chun Ceist 20 den suirbhé ag www.pobail.ie/ie/AnGhaeilge/AchtnadTe angachaOifigiula2003/ a líonadh i d’fhocail féin chun tacú le hOifig an Choimisinéara Teanga. Tá go dtí an 31 Eanáir 2012 ag an bpobal aighneachtaí a chur faoi bhráid na Roinne Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta freisin, agus molann Conradh na Gaeilge do dhaoine tábhacht Oifig an Choimisinéara Teanga mar oifig reachtúil neamhspleách a chur in iúl don Rialtas in aon aighneacht a sheolann siad isteach, i measc moltaí eile. Ó ceapadh

Seán Ó Cuirreáin ina Choimisinéir Teanga, tá dul chun cinn dochreidte déanta ag an oifig s'aige i dtaca le monatóireacht ar chomhlachtaí poiblí lena chinntiú go gcomhlíonann siad forálacha Acht na dTeangacha Oifigiúla; tá siad tar éis aon sárú den Acht a thuairisc an pobal dóibh a imscrúdú, agus tá siad tar éis comhairle den chéad scoth a chur ar fáil don phobal maidir lena gcearta teanga faoin reachtaíochta. Creideann pobal na Gaeilge i neamhspleáchas na hoifige, tá muinín acu aisti, agus tá seo anois á chur i mbaol ag an Rialtas. Thug Éamon Ó Cuív TD - a bhí ina Aire nuair a dréachtaíodh agus a reachtaíodh Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 - le fios go raibh sé 100% cinnte de nach n-oibreodh ná nach bhfeidhmeodh an tAcht mar ba chóir gan Oifig an Choimisinéara Teanga agus í ina hoifig reachtúil neamhspleách: "Bhí sé de chúram ar Oifig an Ombudsman cearta teanga phobal na Gaeilge a chosaint roimh theacht Acht na dTeangacha Oifigiúla i 2003, ach ba léir nach raibh sin ag tarlú agus sin an fáth go bhfuil géarghá go gcoimeádfaí Oifig an Choimisinéara Teanga iomlán neamhspleách." Is féidir aon cheist nó treoir a lorg ó Chonradh na Gaeilge ag eolas@cnag.ie nó féach www.cnag.ie faoin bhfeachtas Athbhreithniú Achta & Oifig an Choimisinéara Teanga. Tuilleadh eolais: www.pobail.ie

Is féidir scéalta a chur chuig nuacht@cnag.ie

11


Is Leor Beirt

Níl slua i gcónaí de dhíth le daoine a chur ag labhairt i nGaeilge i ngach cearn den tír - is leor beirt! Tá ábhar an leathanaigh seo dírithe ar chabhrú leat ciorcal comhrá neamhfhoirmeálta a reáchtáil i d’áit oibre féin nó i

mbialann áitiúil. Cuir fáilte roimh Ghaeilgeoirí nua tríd na ceisteanna seo a leanas a ghearradh amach agus lig do gach duine ceist a roghnú nuair a éiríonn an comhrá gann.

An Nollaig:

• An bhfuil traidisiúin ar leith agat nó ag do mhuintir um Nollaig?

• An dtéann tú ar saoire thar lear le linn na laethanta saoire? • An bhfanann tú sa bhaile Lá Nollag?

• Cén dáta a chuireann tú na maisiúcháin Nollag in airde?

• An ndéanann tú ceiliúradh ar Nollaig na mBan ar an 6 Eanáir? • An dtagann Daidí na Nollag chuig an teach go fóill?

• Cén uair go n-osclaíonn tú na bronntanais s'agat? • An dtéann tú ar Aifreann Oíche Nollag?

• An mbíonn mainséar faoin gcrann agat?

• An bhfaca tú beithilín beo riamh?

• Cad é an rud is ansa leat faoin Nollaig?

• An raibh cóisir na Nollag agat leis an bhfoireann oibre fós?

• Ar cheannaigh tú crann Nollag go fóill?

• An bhfaca tú soilse na Nollag lasta sa chathair?

• An ndeachaigh tú ag siopadóireacht?

• Ar cheannaigh tú bronntanas ar bith ar-líne?

• An mbeidh turcaí agus liamhás agat Lá Nollag? • An íosfaidh tú pióga agus mearóga Nollag?

• An ólfaidh tú scailtín fíona leis an dinnéar?

• An mbeidh tú ag spraoi sa sneachta i mbliana?!

• An rachaidh tú chuig geamaireacht na Nollag leis na páistí?

Guíonn foireann Chonradh na Gaeilge Nollaig faoi shéan 's faoi mhaise ar ár mbaill ar fad agus tá súil againn dul i mbun oibre libh ar son na Gaeilge arís san Athbhliain!


Turn static files into dynamic content formats.

Create a flipbook
Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.