E ag r án 8 .6
18 Nol l ai g 2013
Cearta & Coimisinéir don Nollaig
T
á géarchéim tagtha chun cinn ó a d’fhógair Seán Ó Cuirreáin don Chomhchoiste um Fhormhaoirsiú ar an tSeirbhís Phoiblí agus Achainíocha go bhfuil sé ag éirí as oifig ar 23 Feabhra 2014. D’fhógair An Coimisinéir Teanga go bhfuil sé le seasamh siar mar thoradh ar imeallú leanúnach na teanga sa chóras riaracháin phoiblí agus cur i bhfeidhm uireasach, neamhleorach na scéimeanna reachtúla teanga le comhlachtaí poiblí. Is tromchúiseach an cáineadh ar an Rialtas é agus is cosúil go bhfuil dhá choiscéim á dtabhairt ar gcúl do gach ceann a thugtar chun tosaigh i gcur chun cinn na Gaeilge san earnáil phoiblí. Sna sála air seo, tá cearta teanga agus comhionannas do phobal labhartha na Gaeilge á lorg ag Conradh na Gaeilge agus Aontas na Mac Léinn in Éirinn (AMLÉ) ón Rialtas um Nollaig. Táimid ag iarraidh
ar an Rialtas aghaidh a thabhairt ar ábhair imní an Choimisinéara Teanga maidir le ceart gach saoránaigh plé le heagrais stáit trí Ghaeilge, agus
cinnte a dhéanamh de go gcuirtear bearta i bhfeidhm chun deireadh a chur leis an bpolasaí de Bhéarla éigeantach atá i réim i ranna stáit agus i gcomhlachtaí poiblí mar ábhar práinne. Chuige seo, tá feachtas leanúnach le rannpháirtíocht an-láidir ó mhuintir na Gaeilge agus na Gaeltachta á moladh againn agus mar thúschéim, tá cruinniú feachtais á eagrú i Halla na Saoirse i mBaile Átha Cliath Dé Sathairn, 11 Eanáir 2014, ag meánlae. Ní neart go cur le chéile!
SAN EAGRÁN SEO: 1. Cearta & Coimisinéir don Nollaig 2. Crannchur na Nollag 2. Stiúrthóir ón gConradh 3. Nuacht Áitiúil 4. Teicneolaíocht na Teanga 4. Gaeilge na Cruinne 5. Leabhair Mhóra na Bliana 5. Barrliosta na Leabhar 6. Raidió Fáilte Buacach 6. Eoraip Tiomanta don Teanga 7. Samhain & Diwali 7. Atógáil Phobal na Gaeilge 8. Togra Ilardáin TG4 8. Teilifís na Nollag 9. Gaeilgeoir na Seachtaine 9. An Ghaelscolaíochta & Próisis Iontrála 10. Craobh na Cúirte 10. Folúntais Ghaeilge & Ghaeltachta 11. Aighneachtaí 11. Géarghá Le Gardaí Le Gaeilge 12. Is Leor Beirt 12. Comórtas na Nollag
Is féi di r s c é a lt a a c hu r c hu i g nu a c ht @cn ag.i e
1
M
Crannchur na Nollag
íle buíochas le gach duine a ghlac páirt sa Chrannchur Mór an Nollaig seo! Tá lóistín do dheireadh seachtaine na hArd-Fheise sa Heights Hotel i gCill Airne, Co. Chiarraí ó 28 Feabhra – 2 Márta 2014 buaite ag Mags Moloney mar chéad dhuais an chrannchuir. Tá dearbhán €100 le caitheamh ag Emma Madigan ins An Siopa Leabhar in Uimhir 6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2; tá dearbhán €50
buaite ag Pádraig Ó Fathaigh do Shiopa Bréagán Uí Ghairbhí i Ráth Caola, Luimneach; agus is é John Besnett a bhain ticéid do cheolchoirm le Declan O’Rourke san INEC. Tá moladh mór ag dul do Róisín Ní Ghairbhí agus do Chóilín Ó Cearbhaill, Tánaiste, as an gcrannchur a eagrú. Bailíodh €945 le cur i dtreo costas an Stiúrthóra Forbartha atá le fostú i mí Eanáir 2014.
Stiúrthóir ón gConradh
á Conradh na Gaeilge ag féachaint le giniúint ioncaim agus tiomsú airgid T na heagchta a fheabhsú, agus chun na
seirbhísí do bhaill na heagraíochta a mhéadú. Chuige seo, tá Stiúrthóir Forbartha le ceapadh chun cabhrú le plean fáis uaillmhianach a sheachadadh, post atá maoinithe ag craobhacha Chonradh na Gaeilge. Beidh de dhualgas ar an Stiúrthóir Forbartha plean forbartha na heagraíochta a chur i ngníomh. Beidh an té a cheapfar freagrach as gníomhaíochtaí thiomsú airgid, as margaíocht agus as forbairt na seirbhísí agus na gclár ghiniúint ioncaim nua go príomha, agus as luach bhallraíocht na gcraobhacha agus na mball aonair a fhorbairt, agus tacú le tiomsú airgid go háitiúil. Ní mór go mbeadh iarrthóirí ina gcainteoirí líofa Gaeilge atá tiomanta do bhunchuspóir na heagraíochta le
2
céim (sa mhargaíocht, sa bhainistíocht ghnó nó ina leithéid de dhisciplín inmhianaithe); le heolas maith ar Éirinn agus ar a hinstitiúidí; le hardscileanna cumarsáide, idir scríofa agus labhartha, i nGaeilge agus i mBéarla; le cumas oibriú as láimh a chéile le baill foirne agus le hoibrithe deonacha; le ceadúnas tiomána glan; agus le taithí i réimsí cosúil le tionscnaimh nuathionscanta / bainistíocht / díolacháin / forbairt. Beidh an post lonnaithe in Uimhir 6, Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2, agus reáchtálfar na hagallaimh an tseachtain dar tús 20 Eanáir 2014. Is gá CV agus litir chumhdaigh a chur chuig post@cnag.ie faoin Máirt, 7 Eanáir 2014 ag 12.00in. Scála Tuarastail: €45,000 - €60,000 ag brath ar thaithí.
Cu i r n a s c é a lt a c hu g ai n n roi m h 14 E an ái r 2013
Nuacht Áitiúil
Ceatharlach á Amhrán na hÉireann 2014 le roghnú agus €1,000 le buachan! Tá an comórtas náisiúnta á reáchtáil chun amhrán nua as Gaeilge a roghnú le dul san iomaíocht ar son na hÉireann sa Chomórtas Idirnáisiúnta Pan Cheilteach 2014. Is gá go mbeadh na focail agus an ceol nuachumtha agus ní foláir na hiarratais a bheith ar dhlúthdhiosca ag Glór Cheatharlach roimh 5.00in Dé hAoine, 31 Eanáir 2014. Gach eolas: www.glorcheatharlach.ie
T
Gaillimh eidh an chéad ócáid eile ar bun ag Tuismitheoirí na Gaeltachta, Conamara Dé Sathairn, 21 Nollaig 2013. Cinema Gaelach a bheidh i gceist, áit a thaispeánfar leagan Gaeilge den scannán Happy Feet i Seanscoil Sailearna ar 2.00in. Tá an ócáid á reáchtáil i gcomhar le Club Scannán Sailearna agus Cúla4 le maoiniú ó Chomhairle Contae na Gaillimhe. Fáilte roimh chách!
B
Maigh Eo hí oíche go maidin ag Gaeilgeoirí Mhaigh Eo nuair a bronnadh gradam speisialta ar Mháirtín Tom Sheáinín Mac Donncha le déanaí! D’eagraigh Conradh na Gaeilge Chaisleán an Bharraigh an oíche shiamsaíochta don chraoltóir aitheanta le RTÉ Raidió na Gaeltachta in Óstaín an Welcome Inn an mhí seo caite.
B
Má Nuad eidh Scrúdú C1 Theastas Eorpach na Gaeilge (TEG) ar siúl in Ollscoil na hÉireann, Má Nuad, Co. Chill Dara ar 24 agus 25 Eanáir 2014. Scrúdú ar Ardleibhéal 1 atá i gceist leis an scrúdú seo agus is é
B
10 Eanáir 2014 an spriocdháta d’iarratais. Cáilíocht idirnáisiúnta atá i gceist leis an gcáilíocht TEG. Páipéir shamplacha agus tuilleadh eolais: www.teg.ie
Na Solláin s grúpa pobail é Sult na Sollán a bunaíodh chun an Ghaeilge agus ceol agus cultúr traidisiúnta na hÉireann a chur chun cinn sna Solláin, Co. Chill Dara. Bíonn seisiúin cheoil acu gach mí agus cuireann siad ranganna Gaeilge ar fáil do dhaoine fásta. Bíonn bricfeasta as Gaeilge gach maidin Shathairn i Nás na Ríogh agus ceardlanna cultúrtha don chlann ar fad ó am go ham. Gach eolas: www.feilenasollan.com
I
Trá Lí s gnóthach an dream Gaeilge iad baill Óg-Ógras i gCiarraí! Chuir siad críoch le himeachtaí na bliana seo trí aghaidh a thabhairt ar an mbabhláil i dTrá Lí ar an Aoine, 13 Nollaig 2013. Beidh clár imeachtaí nua acu do Ghaeilgeoirí óga Chiarraí go luath san Athbhliain. Teagmháil: mumhan@ogras.ie
I
Náisiúnta ael Champa An bhfuil suim agat sa spóirt? An bhfuil suim agat sa Ghaeilge?! An bhfuil scileanna bainistíochta agat?! Má tá, tá tú ag teastáil an samhradh seo! Tá Gael-Champa ag leathnú timpeall na tíre agus tá bainisteoirí á lorg acu chun campaí samhraidh a eagrú agus a rith ar a son. Má cheapann tú gur tusa an duine oiriúnach don phost seo, cuir glaoch ar an mbainisteoir réigiúnda Helena ar +353 (0)86 3737047. Tuilleadh eolais: www.gaelchampa.ie
G
Is féi di r s c é a lt a a c hu r c hu i g nu a c ht @cn ag.i e
3
Gaeilge na Cruinne
Ó
n bhFleadh Éireannach Oulu a bhí ar siúl san Fhionlainn go dtí Lá na dTeangacha Eorpacha i Vilnius sa Liotuáin, comórtas scríbhneoireachta Mhanchain agus Comhrá 24/7 ar siúl i mBéising na Síne, bhí Bliain na Gaeilge ina bliain iontach don Ghaeilge idirnáisiúnta ar fud na cruinne! Ní hamháin sin ach chuir muintir Mhaigh Eo céad míle fáilte roimh Ghaeilgeoirí Cheanada ó Ghaeltacht Thuaisceart an Oileáin Úir mar chuid de Thóstal Éireann 2013 níos luaithe i mbliana agus tá craobhacha nua de Chonradh na Gaeilge i gcónaí á mbunú, i gcóngar agus i gcéin, ó Londain go Singeapór. Tá ciorcal comhrá ar siúl in Auckland na Nua Shéalainne, ranganna Gaeilge i Melbourne na hAstráile, Club Leabhar Gaeilge i Nua Eabhrac agus
deireadh seachtaine tumtha in Idaho, ach dóibh siúd nach bhfuil teacht acu ar fhoghlaimeoirí Gaeilge eile in aice láimhe, tá líonra sóisialta idirnáisiúnta seolta ar SpeakTalkChat. com le déanaí. Is féidir cuardach a dhéanamh do dhaoine de réir na dteangacha a labhraíonn siad, an leibhéal teanga atá acu agus cén caitheamh aimsire atá acu, ansin is féidir le daoine físchomhráite a bheith acu lena chéile más spéis leo na teangacha céanna. Is féidir le húsáideoirí cuntas a chruthú do dhuine fásta, do dhéagóir nó d’oideoir. Ar an dóigh seo, is féidir le bunscoileanna, meánscoileanna, ollscoileanna agus seomraí ranga do dhaoine fásta ar fud na cruinne nasc a dhéanamh le rang eile ar an aoisghrúpa/ bliain scoile/leibhéal foghlamtha céanna.
Teicenolaíocht na Teanga
T
á cinn lae faisin Gaeilge ag Sionainn Ní
Ghreacháin, scoláire 16 mbliana d’aois i Meánscoil Chnoc na Labhras, Luimneach, ar www.plhfaisean.blogspot. ie. Deir sí féin gur breá léi faisean agus go bhfuil sí craiceáilte faoin nGaeilge, mar sin cheap mí go mbeadh sé go hiontach blag Gaeilge bunaithe ar fhaisean a chruthú. Tá
scéalta aici ar gach rud ó shiopadóireacht go geansaithe Nollag, cultacha Oíche Shamhna,
4
seodra agus bácáil bhrioscaí le híomhá ag dul le gach iontráil. Ainmníodh an cinn lae do ghradam sa Chomórtas Náisiúnta Blagadóireachta - Blog Awards Ireland - sa rannóg don bhlag Gaeilge is fearr. Fáiltíonn sí roimh
aiseolas nó smaointe maidir leis an mblag ach ríomhphost a sheoladh chuig paiseanlehaghaidhfaisean@ gmail.com. Tá leathanach Facebook ag an gcinn lae chomh maith le cuntas Twitter @plhfaisea.
Cu i r n a s c é a lt a c hu g ai n n roi m h 14 E an ái r 2013
Leabhair Mhóra na Bliana
T
á Gradam Uí Shúilleabháin de chuid Oireachtas na Gaeilge buaite ag Leabhar Mór na nAmhrán foilsithe ag Cló Iar-Chonnacht, agus focail, stair agus cúlra de os cionn 400 amhrán traidisiúnta Gaeilge ar fáil ann. Leabhar é seo don scoláire, don amhránaí agus do dhuine ar bith ar suim leo teacht ar thuiscint níos leithne ar amhránaíocht thraidisiúnta na Gaeilge, agus tá sé ar an leabhar do dhaoine fásta
is mó tóir air ins An Siopa Leabhar an mhí seo. Bhain an t-úrscéal grafach ar an mban fhoghlaí Gráinne Mhaol Gradam Réics Carló de chuid an Oireachtais freisin, gradam leabhar na bliana do dhaoine óga. Tá an saothar scríofa ag Gisela Pizatto agus ag Bruno Büll, aistrithe go Gaeilge ag Iarla Mac Aodha Bhuí agus foilsithe ag Cló Mhaigh Eo. Bhronn Uachtarán na hÉireann, Micheál D. Ó hUigínn, an dá mhórghradam ar Mhícheál Ó Conghaile, stiúrthóir Chló Iar-Chonnacht, agus ar Cholmán Ó Raghallaigh, stiúrthóir Chló Mhaigh Eo, ag ócáid Leabhar na Bliana níos luaithe i mbliana.
Barrliosta na Leabhar
Tá na cártaí Nollag dátheangacha landáilte, tá na béiríní Gaeilge tagtha ón Mol Thuaidh agus tá An Siopa Leabhar ullamh don Nollaig! Seo a leanas na hearraí is mó díolta atá déanta ag an bhfear leis an bhféasóg bhán é féin: Páistí agus Daoine Óga 1. Sraith Elie’s Books - Ciara Ní Dhuinn - Cló Mhaigh Eo - €7 2. Cúil Bheag Óg – aistrithe ag Gabriel Rosenstock - Walker Éireann - €8.50 3. Vroom Town - Emer Conlon - €10.50 4. Leanbh Nua - Olivia Golden - Cló Mhaigh Eo - €9 5. Cosa Beaga (sraith) - aistrithe ag Darach Ó Scolaí - Leabhar Breac - €5.97 Daoine Fásta 1. Leabhar Mór na nAmhrán Mícheál Ó Conghaile - CIC - €25 2. Splancanna ó Shaol Eile (le Féilire 2014) - Alex Hijmans - Cois Life - €14 3. Fuíoll Feá - Liam Ó Muirthile - Cois Life - €20 4. Leabhar Laethanta - Donla Uí Bhraonáin - Cois Life - €12 5. 1916 Seachtar Dearmadta - Aindrias Ó Cathasaigh - Coiscéim - €10 Eolas & orduithe: siopa@cnag.ie +353 (0)1 4783814 4785428 (facs) www.cnag.ie/siopa
Is féi di r s c é a lt a a c hu r c hu i g nu a c ht @cn ag.i e
5
Raidió Fáilte Buacach
I
s ag Raidió Fáilte a bhí an bua sna Radio Academy Awards le déanaí! Ghnóthaigh stáisiún raidió Gaeilge Bhéal Feirste ardmholadh ó mholtóirí an chomórtais, iad ag tabhairt suntais don obair chrua a dhéanann Raidió Fáilte, ní amháin leis an teanga a chur chun cinn agus a chaomhnú, ach le raidió cruthaitheach, fírinneach a chur chun cinn. Is craoltóirí deonacha iad formhór na gcraoltóirí ach bíonn an stáisiún pobail ag craoladh 24/7 ar
107.1FM i mórcheantar Bhéal Feirste agus ar w w w. r a i d i o f a i l t e . c o m ar fud an domhain. Tá eiteas láidir for-rochtana acu agus bíonn daoine ón phobal Phrotastúnach, Aontachtach agus na n-inimirceach ag éisteacht agus ag craoladh ar Raidió Fáilte. Tá súil ag an stáisiún cead a fháil an tseirbhís a leathnú thar limistéar tíreolaíochta níos forleithne ná mar a ceadaítear faoi rialacha craolacháin Ofcom faoi láthair.
Eoraip Tiomanta don Teanga D ’fháiltigh Conradh na Gaeilge go croíúil roimh ráiteas Martin Schultz, Uachtarán Pharlaimint na hEorpa, go n-úsáidfear an Ghaeilge ar shuíomh gréasáin na Parlaiminte amach anseo sna sála ar ghearán a rinne saoránach Éireannach le hOifig an Ombudsman sa bhliain 2012. I mí an Mheithimh 2013 d’iarr P. Nikiforos Diamandouros, an tOmbudsman Eorapach ag an am, ar Pharlaimint na hEorpa úsáid a bhaint as an nGaeilge ar a suíomh gréasáin ar a laghad sna cásanna sin ina bhfáiltíonn an Pharlaimint roimh theagmháil ón bpobal, ach tá Parlaimint na hEorpa ag dul níos faide ná sin. Dúirt Emily Ní Raghallaigh, an tOmbudsman Eorpach nua ó thús Dheireadh Fómhair 2013: “Ní amháin go
6
mbeidh codanna den suíomh aistrithe go Gaeilge, ach tá sé beartaithe anois ag an bParlaimint an suíomh iomlán a bheith ar fáil trí Ghaeilge. Tá sé tábhachtach go mbeadh ar chumas an phobail dul i ngleic, ina theanga féin, leis an institiúid a dhéanann ionadaíocht dhíreach ar a shon. Is iontach an rud é go bhfuil an dearcadh sin ag an bParlaimint.” Tá plean eisithe anois ag Uachtarán na Parlaiminte, Martin Schultz, ina leagtar amach 4 ghníomh éagsúla chun a chinntiú go mbeidh leagan Gaeilge den suíomh gréasáin ar fáil roimh na toghcháin Eorpacha i mí na Bealtaine 2014. Dúirt sé go raibh an-tábhacht ag baint leis an gceist seo ó thaobh Pharlaimint na hEorpa agus go bhfuil siad tiomnaithe stádas na Gaeilge a aithint.
Cu i r n a s c é a lt a c hu g ai n n roi m h 14 E an ái r 2013
Samhain & Diwali
L
áithrigh POBAL agus ArtsEkta oíche dhraíochtach de cheol agus damhsa Indiach agus Gaelach in Amharclann Mhuileann Mhic Chonmhidhe, Béal Feirste ar 7 Samhain 2013 mar chomhcheiliúradh ar Shamhain, ceiliúradh ársa na gCeilteach, agus ar Diwali, féile Hiondúch na soilse. Seinneadh amhráin agus ceol den chéad scoth ón tír seo agus ón India agus thug Damhsóirí Indiacha ArtsEkta léiriú dathúil bríomhar de dhamhsa Indiach le barr maise a chur ar shiamsaíocht na hoíche. Cuireadh 3 cheardlann speisialta ar fáil do dhaltaí bunscoile mar chuid den Fhéile Samhain & Diwali. Léigh Caoimhe Ní Chathail scéalta na hIndia i nGaeilge fad
agus a léirigh Vaishali ó ArtsEkta damhsa Indiach do na páistí i Scoil na Fuiseoige i nDún Muirigh, i nGaelscoil Éanna i nGleann Ghormlaithe agus i nGaelscoil Uí Néill sa Chorr Chríochach.
Atógáil Phobal na Gaeilge
T
á seimineár lae dar teideal Atógáil Phobal na Gaeilge á reáchtáil in Áras Chrónáin i gCluain Dolcáin, Baile Átha Cliath 22, ar 9.45rn Dé Sathairn, 25 Eanáir 2014. Tá an seimineár dírithe ar cheantracha ina bhfuil an Ghaeilge mar theanga mionlaigh faoi láthair agus ar na bealaí praiticiúla atá ann chun an Ghaeilge a chur chun cinn sa phobal. Beidh aíonna ó eagraíochtaí pobail ó cheann ceann na tíre ag caint ar ábhair éagsúla i rith an lae - idir chur chun cinn na Gaeilge i measc teaghlach, imeachtaí don aos óg agus do dhaoine fásta, chur chun cinn na Gaeilge san earnáil ghnó agus bhunú Ghaeltachtaí nua. Beidh ceardlanna ar na hábhair seo ar siúl chomh
maith. I measc na n-aoichainteoirí ar an lá, labhróidh Emma Ní Bhroin, Glór Cheatharlach; Seán Ó Maoilsté, Cairde Teo; Helena Ní Dhea, Gael-Taca Chorcaí; Anita Nic Amhlaoidh, Glór na Ríogh, Glór na Ríogh; ionadaí ó Charn Tóchair, Doire; agus Séamas Mac Seáin, Gaeltacht Bhóthar Seoighe i mBéal Feirste. “Tabharfaidh an seimineár deis do dhaoine ar spéis leo an Ghaeilge an taithí atá acu ó thaobh cur chun cinn na teanga sa phobal a roinnt le gníomhaithe eile agus le daoine atá ag iarraidh imeachtaí no grúpaí pobail nua a bhunú,” arsa Colm Ó Broin, Cathaoirleach Choiste Ghaeilge Áras Chrónáin. “Beidh muid ag díriú ar an taobh praiticiúil den athbheochan, na rudaí a oibríonn sa phobal.”
Is féi di r s c é a lt a a c hu r c hu i g nu a c ht @cn ag.i e
7
D
Togra Ilardáin TG4
’fhógair an tAire Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha, Pat Rabbitte TD, go bhfuil Togra Dáileacháin Ábhair nua coimisiúnaithe agus le cur i bhfearas i gCeannáras TG4, le cabhair infheistíochta chaipitiúil €690k óna Roinn. Sheol an tAire Rabbitte an togra le linn cuairte ar Cheannáras TG4 i mBaile na hAbhann i nGaeltacht na Gaillimhe le linn na míosa agus dúirt: “Léiríonn an togra cumas TG4 fanacht bord
T
Teilifís na Nollag
á cara nua ag Bábógbaby! Beidh an béar Gaeilge le feiceáil ar chlár teilifíse réamhscoile do pháistí ó 6 mhí – 5 bliana d’aois dar teideal BB agus Bella um Nollaig. Craolfar na cláir ar TG4 thar 10 lá ó 23 Nollaig 2013 agus is ealaíonta an tsraith atá sna cláir, deartha ag Igloo Productions. SMARTlab atá taobh thiar den toise oideachasúil a bhaineann leis agus príomhcharachtar ar breá léi bheith ag foghlaim ann. Chum Colm Ó Snodaigh de cháil an bhanna Kíla an ceol don chlár beochana i gcomhar le hEoin O’Brien, agus is nia le Colm – Tarlach, mac lena dheartháir Rossa – a thugann guth don bhéar BB. Ba í Keelan O’Rourke stiúrthóir na sraithe agus níl ach 5 nóiméad i ngach clár. Beidh clár faisnéise nua faoin laoch peile Páidí Ó Sé
8
ar bhord le forbairtí i dteicneolaíocht an chraolacháin agus an dáileacháin ábhair i ré seo an tsíorathruithe.” Cuirfidh an tionscadal nua seo ar chumas TG4 ábhar a sheachadadh chuig an iliomad ardán agus éascóidh sé an bealach ina bhfuil a lucht féachana in ann teacht ar ábhar an chainéil ar na hardáin nua. Tá féidearthachtaí ann do chruthú tairseach dáileacháin do Aipeanna agus modhanna eile teagaisc arlíne d’fhoghlaimeoirí freisin.
á chraoladh ar TG4 Lá Nollag ar 10.20in istoíche chomh maith. Insíonn Páidí Ó Sé – Rí an Pharóiste scéal an laoch caide a chroch a bhróga caide don uair dheireanach ar 15 Nollaig 2012. Cuirfear Páidí i láthair i gcomhthéacs a phobal tuaithe Gaeltachta féin, agus nochtfar fíornádúr an fhir trí shúile dóibh siúd is giorra dó, ina measc a bhean chéile Máire Uí Shé, a bpáistí, cairde scoile agus gaolta leis. Seo portráid pearsanta do Pháidí ón dtaobh istigh, ó chroí an pharóiste, óna mhuintir fhéin. Déanann an clár seo tochailt ar laochas i gcomhthéacs shaol agus scéal Pháidí chomh maith.
Tuilleadh eolais: www.bbagusbella.tv
Cu i r n a s c é a lt a c hu g ai n n roi m h 14 E an ái r 2013
Gaeilgeoir na Seachtaine
T
á áthas ar Sheachtain na Gaeilge frámaí nua Gaeilgeoir na Seachtaine a fhógairt! Buíochas leis an gComhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG), tá frámaí pictiúir ar fáil ó oifig Sheachtain na Gaeilge do scoileanna ar mian leo an Ghaeilge a chur chun cinn i rith na bliana ar fad. Tá €1.50 ar fhráma amháin, €15 ar phaicéad de 10 gcinn
agus €25 ar 2 phaicéad (costas poist san áireamh). Is féidir iad a úsáid sa rang agus sa scoil ar fad chun daltaí a spreagadh le níos mó Gaeilge a labhairt ar scoil roimh, le linn agus i ndiaidh Sheachtain na Gaeilge 2014! Déan teagmháil le hoifig Sheachtain na Gaeilge le tuilleadh eolais a fháil nó chun frámaí a ordú do do scoilse.
An Ghaelscolaíochta & Próisis Iontrála
T
á fearg ar thuismitheoirí na bpáistí i nGaelscoileanna agus i mbunscoileanna eile i dtuaisceart chathair Chorcaí sna sála ar Ghaelcholáiste Mhuire, meánscoil Chaitliceach lánGhaeilge do chailíní agus buachaillí sa Mhainistir Thuaidh, athruithe a dhéanamh ar bheartas iontrála na meánscoile i mbliana. Diúltaíodh áiteanna do bhreis agus 50 dalta don bhliain acadúil 2014 agus in uireasa Ghaelcholáiste eile sa cheantar, tá díomá ar leith ar thuismitheoirí na bpáistí Gaelscoile ar mian leo go leanfadh a bpáistí leis an nGaelscolaíocht ag an dara leibhéal. Reáchtáladh agóid lasmuigh d’oifigí Iontaobhas Scoileanna Éamainn Rís i mBaile Átha Cliath le déanaí agus tá pleananna idir lámha chun Gaelcholáiste nua a bhunú sa cheantar, ach tá ráite ag an Roinn Oideachais agus Scileanna nach bhfuil
sé beartaithe acu aon scoileanna dara leibhéal nua a thógáil i dtuaisceart na cathrach. Nuair a pléadh DréachtScéim Ghinearálta Bhille Oideachais (Ligean Isteach ar Scoil) i dTeach Laighean le déanaí, cuireadh in iúl don Chomhchoiste um Oideachas agus Coimirce Shóisialach go mbíonn ar 22% de na bunscoileanna lánGhaeilge agus 29% de na hiarbhunscoileanna lánGhaeilge daltaí a dhiúltú de bharr ró-éilimh. Ba é príomhmholadh na ngrúpaí Gaeilge a bhí i láthair ná go gcosnófaí éiteas teanga na nGaelscoileanna faoi bheartas iontrála ar bith agus go dtabharfaí túsáite do pháistí ó theaghlaigh Gaeilge i gcónaí. D’aithin an Comhchoiste eisceacht chás na Gaelscolaíochta i gcomhthéacs phróisis iontrála scoileanna ach beidh le feiceáil cén tionchar a imreoidh an t-aitheantas seo ar an mbille deiridh.
Is féi di r s c é a lt a a c hu r c hu i g nu a c ht @cn ag.i e
9
R
Craobh na Cúirte
eáchtáladh chéad chruinniú Chraobh na Cúirte de Chonradh na Gaeilge i mBéal Feirste le déanaí. Seoladh an chraobh go hoifigiúil le léacht dar teideal Thíos Seal, Thuas Seal: Stair na Gaeilge mar Theanga Shóisialta agus Riaracháin leis an Dr AJ Hughes ó Ollscoil Uladh i Seomra na Leabharlainne Uachtaraí sna Cúirteanna Ríoga. Ócáid stairiúil ab ea ós rud é gurbh í an chéad léacht a reáchtáladh as Gaeilge san fhoirgneamh
riamh; tá sé neamhdhleathach go fóill an Ghaeilge a úsáid sna cúirteanna ó thuaidh. Tá sí mar aidhm ag an chraobh an lucht dlí ó thuaidh a thabhairt le chéile go sóisialta, rud a dhéanfar arís go luath san Athbhliain. Tá caint ar chiorcal comhrá agus ar thuras le bualadh le Craobh na gCeithre Cúirteanna amach anseo. Teagmháil: michael@michael-flanigan.com +44 (0)28 90233309
Folúntais Ghaeilge & Ghaeltachta
á Tuairisceoirí Parlaiminte T dátheangacha á n-earcú ag Tithe an Oireachtais agus ní mór d’iarratasóirí
ar a laghad leibhéal 8 (céim onóracha) i gCreat Náisiúnta na gCáilíochtaí a bheith acu chomh maith le sár-chumas scríofa/ eagarthóireachta; an cumas spriocanna a bhaint amach taobh istigh d’am gairid; a bheith cruinn; agus sárscileanna TE a bheith acu. Cuireann Oifig na nDíospóireachtaí an Tuarascáil Oifigiúil faoi imeachtaí sa dá Theach de chuid Thithe an Oireachtais agus dá gCoistí le chéile, agus bíonn an Tuairisceoir Parlaiminte freagrach as imeachtaí sa Dáil agus sa Seanad agus sna Coistí a thaifead, agus as taifead oifigiúil na ndíospóireachtaí a chur le chéile. Tá iarrthóirí á lorg a bhfuil cumas scríofa i mBéarla acu, agus iarrthóirí a bhfuil cumas scríofa i mBéarla agus i nGaeilge acu. Is féidir go ndéanfar dhá
10
phainéal do Thuairisceoirí Parlaiminte i mBéarla agus i mBéarla/Gaeilge as a líonfar folúntais amach anseo. Chomh maith leis sin, tá folúntas in Ard-Oifig Údarás na Gaeltachta, Co. na Gaillimhe, do dhlíodóir a bheidh freagrach as Rannóg Dlí an Údaráis. Tá iarratais á lorg ó dhaoine a bhfuil cáilíochtaí cuí acu agus Gaeilge labhartha agus scríofa ar a dtoil acu. Beidh an té a cheapfar cáilithe mar dhlíodóir agus taithí 7 mbliana iarchéime ar a laghad aige/aici i réimsí dlí a bheidh ábhartha do réimsí gníomhaíochtaí Údarás na Gaeltachta, ar nós dlí cuideachtaí, tíolacadh, dlí talún, dlí tráchtála, reachtaíocht fostaíochta, comhlíonadh reachtaíochta agus rialachán, agus eile. Breis eolais: www.udaras.ie www.oireachtas.ie/parliament
Cu i r n a s c é a lt a c hu g ai n n roi m h 14 E an ái r 2013
T
Aighneachtaí
á Bord Oideachais agus Oiliúna na Gaillimhe agus Ros Comáin ag lorg tuairimí ón bpobal maidir leis na seirbhísí a chuirtear ar fáil dá chustaiméirí trí mheán na Gaeilge. Fáiltítear roimh aighneachtaí ó pháirtithe leasmhara maidir le hullmhú na chéad scéime teanga i gcomhréir le hAlt 11 d’Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003. Is é bun chuspóir an Achta ná fáil níos fearr agus caighdeán níos fearr a chinntiú maidir le seirbhísí poiblí
trí Ghaeilge. Is féidir aighneacht a dhéanamh trí ríomhphost chuig fiosruithe@gretb.ie nó tríd an bpost chuig Scéim Teanga, Bord Oideachais agus Oiliúna na Gaillimhe agus Ros Comáin, An Coiléar Bán, Baile Átha an Rí, Co. na Gaillimhe roimh 5.00in Dé hAoine, 20 Nollaig 2013. Eolas: www.countygalwayvec.ie www.cgvec.ie www.roscommonvec.ie
Géarghá Le Gardaí Le Gaeilge
D
hiúltaigh An Garda Síochána seirbhís Ghaeilge do shaoránach eile nuair a stopadh é i mí Iúil 2013, de réir fianaise curtha in iúl don chúirt i mBaile Átha Cliath ag tús na míosa. Is teip iomlán é seo ar cheart gach saoránach plé leis an nGarda Síochána as Gaeilge. Is ball de Chonradh na Gaeilge é an fear a stopadh agus is ábhar imní é gur chaith na Gardaí chomh dona leis nuair a lorg sé seirbhís as Gaeilge. Tá an scéal níos measa fós nuair a chuirtear san áireamh eachtra eile inar diúltaíodh seirbhís Ghaeilge a chur ar fáil don ghearánach sular gabhadh é agus tugadh faoi ghlais lámh é go stáisiún Gardaí i mBaile Átha Cliath i Feabhra 2011. Bíonn an Conradh ag iarraidh lucht labhartha
na Gaeilge - go háirithe daoine óga - a spreagadh lena gcuid Gaeilge a úsáid go poiblí agus go rialta; tugann cásanna mar seo teachtaireacht uafásach dóibh, ní amháin nach mbeidh seirbhís Ghaeilge ar fáil, ach go bhféadfadh impleachtaí diúltacha breise a bheith ann má bhaintear úsáid as príomhtheanga oifigiúil na tíre. Leis seo a réiteach, tá Conradh na Gaeilge ag moladh don Gharda Síochána cód cleachtais oiriúnach agus iontaobhach a chur i bhfeidhm go práinneach do shaoránaigh gur rogha leo an Ghaeilge a úsáid, agus fáiltíonn go croíúil roimh an bhfógra go mbeidh Gaeilge ag suas go 10% den 100 Garda nua a rachaidh i mbun traenála i mí Iúil 2014.
Is féi di r s c é a lt a a c hu r c hu i g nu a c ht @cn ag.i e
11
N
Is Leor Beirt
íl slua i gcónaí de dhíth le daoine a chur ag labhairt i nGaeilge i ngach cearn den tír - is leor beirt! Tá ábhar an leathanaigh seo dírithe ar chabhrú leat ciorcal comhrá neamhfhoirmeálta a
• • • • • • • • • • • • • • • •
reáchtáil i d’áit oibre féin nó i mbialann áitiúil. Cuir fáilte roimh Ghaeilgeoirí nua tríd na ceisteanna seo a leanas a ghearradh amach agus lig do gach duine ceist a roghnú nuair a éiríonn an comhrá gann.
• Nollaig Shona agus Athbhliain Faoi Mhaise! An bhfuil Daidí na Nollag ag teacht síos an simléar i do theachsa? An dóigh leat go mbeidh sé ag cur sneachta i mbliana? Ar thug tú airgead do charthanacht don Nollaig? An dóigh leat go bhfuil an Nollaig róchostasach do theaghlaigh? An dóigh leat gur tréimhse dheacair í an Nollaig d’fheoilséantóirí? Ar thug tú cuairt ar an mBeithilín Beo go fóill? An bhfuil aon amhrán Nollag ar eolas agat? Cad é an bronntanas is measa a fuair tú riamh? Cad é an féirín is fearr a fuair tú riamh? An itheann tú mearóg Nollag? An mbíonn carúil Nollag á gcasadh i do cheantar? An bhfreastalaíonn tú ar an Aifreann Oíche Nollag? An mbíonn An Dreoilín ar siúl agat ar Lá Fhéile Stiofáin nó ar Lá Coille? An ndéanfaidh tú aon rud deas d’Oíche Chinn Bhliana? An bhfuil saoire ar bith beartaithe agat don Athbhliain?
An Nollaig: pióg Nollag, dinnéar Nollag, Daidí na Nollag, bronntanas / féirín, cárta Nollag, sceitimíní, breith Íosa, fear sneachta, Rudolf an Fia Rua, carthanacht, comhluadar, teaghlaigh, cóisir na Nollag, Aifreann, mainséar, beithilín beo, Oíche Nollag, Mol Thuaidh, crann Nollag, maisiúchán, soilse Nollag, réalta, aingeal
12
Cu i r n a s c é a lt a c hu g ai n n roi m h 14 E an ái r 2013