Nuachtlitir | Conradh na Gaeilge | Samhain 2011

Page 1

Eagrán 7.1

Athbhreithniú Achta

Fáiltíonn Conradh na Gaeilge roimh an athbhreithniú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 a d'fhógair an tAire Stáit Donnchadh Mac Fhionnlaoich TD le déanaí, agus súil againn an deis a thapú le soláthar seirbhísí trí Ghaeilge níos éifeachtaí agus níos cuimsí a chinntiú do phobal na Gaeilge. Beidh an tathbhreithniú á stiúradh ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta agus rachfar i gcomhairle le príomhpháirtithe leasmhara, lena n-áirítear Oifig an Choimisinéara Teanga, eagrais Ghaeilge agus Ghaeltachta, Ranna Rialtais, comhlachtaí poiblí eile, agus an pobal i gcoitinne. Molann Conradh na Gaeilge go mbeadh dualgais reachtúla á gcur ar chomhlachtaí poiblí a gcuid seirbhísí a sholáthar trí Ghaeilge sa Ghaeltacht, ar chomhchaighdeán leis na seirbhísí a chuirtear ar fáil trí Bhéarla in áiteanna

eile. Ní mór an t-éileamh náisiúnta do sheirbhísí poiblí trí Ghaeilge faoin Acht a chothú ar bhonn pro-ghníomhach freisin, agus an t s e i r b h í s Ghaeilge a dhíol leis an bpobal mar rogha comhchaighdeánach leis an tseirbhís Bhéarla. Molann go dtabharfaí faoin gcastacht a bhaineann leis na seirbhísí curtha ar fáil trí na scéimeanna teanga go dtí seo agus go bhforbrófaí córas nua le caighdeán a bheadh bunaithe ar rialacháin reachtúla leis. Ba chóir go mbeadh soiléiriú déanta ar dhualgais reachtúla teanga sa chás go gceapann nó go núdaraíonn comhlacht poiblí cuideachta phríobháideach nó gníomhaireacht de chineál ar bith eile le feidhmiú thar a cheann agus é ag déileáil leis an bpobal freisin. Spriocdháta moltaí: 31 Eanáir 2012. Tuilleadh eolais: www.ahg.gov.ie

15 Samhain 2011 SAN EAGRÁN SEO:

1. Athbhreithniú Achta 2. Comóradh Chathailriabhaigh 2. Comhaltaí Ag Caint 3. Nuacht Áitiúil 4. Gaeilge na Cruinne 4. Teicneolaíocht na Teanga 5. Imeachtaí Oireachtais 5. Barrliosta na Leabhar 6. Bailiúchán 2012 6. Duais Iriseoireachta na nGael 7. Gearrscannáin SnaG 7. Fuinneamh Úr don bhFéile Ghaeilge 8. Aistritheoirí an Aontais 8. Thugamar Féin An Nollaig Linn! 9. Club na Samhna 9. Forbairtí Dlí na Gaeilge 10. Pobal Phort Láirge 10. Rith 2012 Seolta! 11. Aighneachtaí 11. Saor-Chomhairle Dlí Ghaoth Dobhair 12. Is Leor Beirt 12. Comórtas BábógBaby

Is féidir scéalta a chur chuig nuacht@cnag.ie

Le cabhair ó:

1


Turn static files into dynamic content formats.

Create a flipbook
Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.