AONAD DE CHUID NA HIDIRBHLIANA IS EA AN TIONSCADAL SEO FAOI STIÚIR AN MHÁISTIR UÍ CHÉILLEACHAIR
Súil Eile
http://issuu.com/colaisteanphairsaigh#
SÚIL EILE : EAGRÁN AN tSAMHRAIDH 2015
www.colaisteanphiarsaigh.ie
Ábhar gairdis do phobal na scoile Curaidh Chamógaíochta na hÉireann Dhá Ghradam Spóirt Bua agus Treise le Coláiste An Phiarsaigh
AONAD DE CHUID NA HIDIRBHLIANA IS EA AN TIONSCADAL SEO FAOI STIÚIR AN MHÁISTIR UÍ CHÉILLEACHAIR
SÚIL EILE : EAGRÁN AN tSAMHRAIDH 2015
AONAD DE CHUID NA HIDIRBHLIANA IS EA AN TIONSCADAL SEO FAOI STIÚIR AN MHÁISTIR UÍ CHÉILLEACHAIR
Focal ón bPríomhoide Mar is eol daoibh tá sé mar chúram laethúil orainne, anseo i gColáiste an Phiarsaigh, cabhrú in aon slí is féidir linn le fás iomlán gach uile dhalta. Déanann Foireann na Scoile seo tréan iarracht i gconaí a chinntiú go mbeidh gach dalta fíreannach, freagrach, dílis, dea-bhéasach, iontaofa is macánta. Táimid thar a bheith bródúil as gach uile dalta atá anseo linn agus as na sár iarrachtaí a bhíonn ar siúl acu laistigh is lasmuigh den seomra ranga. Bliain den scoth a bhí againn agus ba cheart gach rud atá bainte amach againn idir imeachtaí acadúla agus gníomhaíochtaí seach-churaclaim, a chéiliúradh. Ba cheart go mbeadh gach éinne toilteannach buaic a gcumais a bhaint amach i gcónaí agus gan amhras, tús áite a thabairt do labhairt na Gaeilge sa scoil. Ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh le foireann eagarthóireachta na Nuachtlitreach scoile agus leis an Máistir Ó Céilleachair a thugann treoir agus tacaíocht dóibh de shíor. Maith sibh. Ba mhaith liom buíochas ó chroí a ghabháil le gach uile bhall fóirne as ucht na tréan-iarrachta i mbliana, mar is dual dóibh. Guím gach rath ar lucht na Scrúduithe Stáit. Bíodh Samhradh iontach agaibh go léir. Micheál Ó Tuama Príomhoide
Comórtas Náisiúnta Tá triúr dalta sa chéad bhliain i mbun comórtais faoi láthair le daichead a naoi scoil eile ar fud na tíre. Is iad na daltaí ná Lilian Chan, Olywn Nic Phaidín agus Elionóir Ramsell. Is é teideal an chomórtais ná ‘One Good Idea’. Tá sé urraithe ag banc AIB agus is é Údarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann atá á reachtáil. Iarradh ar dhaltaí ar fud na hÉireann smaoineamh ar aon tuairim amháin a raghadh chun tairbhe na timpeallachta. Is é an smaoineamh a bhí ag an bhfoireann seo don chomórtas ná an timpeallacht a chaomhnú agus níos mó crainn a chur ar dhromchla an domhain. Thosaigh an smaoineamh i rang OSSP nuair a bheartaigh siad ar leabhar a scríobh le haghaidh páistí óga. Is amhlaidh gur theastaigh uathu na páistí a spreagadh chun smaoineamh faoin damáiste atá a dhéanamh don timpeallacht agus a chur ar a súile dóibh cad a d’fhéadfaidís féin a dhéanamh. Do gach leabhar a dhíolfaí, chuirfí síol sa talamh agus d’fhásfadh crann nua dá réir.
Níorbh aon dóithín é an comórtas céanna, deirimse leat go raibh an t-uafás oibre i gceist. Cuirim i gcás, i dtosach báire bhí orthu teacht suas le tuairim, ansan bhí feachtas le déanamh, anuas ar sin bhí orthu pitseáil a dhéanamh agus anois beidh an cur i láthair le déanamh i Eimear Ní Chorrbuí gceann seachtaine. Ní Chárthaigh agus Ellie Ní Dhúnaigh a ghlac páirt sa chomórtas Scoil Factor
SÚIL EILE : EAGRÁN AN tSAMHRAIDH 2015
D’éirigh leis na cailíní sna réamh bhabhtaí den gcomórtas agus mar thoradh ar sin tugadh cuireadh dóibh taisteal go dtí Baile Átha Cliath. Cé nár bhuadar an babhta ceannais bronnadh duais €500.00 orthu. Ar fheabhas ar fad a chailíní, bua agus treise libh.
“SÚIL EILE” EAGRÁN AN tSAMHRAIDH 2015 FOIREANN NA NUACHTLITREACH
de Buitléir, Antonia Ní Chearúil, Dionne Breathnach, Cliodhna Breathnach, Síomha de Baróid, Ruby de Baróid, Millie Mac Cana, Cyiaph Ní Chaoimh, Lauren Ní Chúipéir, Ella Ní Dhálaigh, Aisling Ní Thuama, Áine Ó Dubhghaill, Colm Ó Dorchaí, Cian Ó Foghlu Ó Tuama, Fionn Ó Mathúna, Cian Ó Muirí, Seán Ó Néill, Ben Ó Néill, Conchúir Ní Dhonnabháin, Róisín Ní Shúilleabháin, Hilary Ní Ghoilín, Aoife Ní Chearbhaill, Fiona
Painéal Camógaíochta Fé-19 Julie Ní hAilín An Captaen Dáta bréithe: 16 Feabhra 1996 Club: Na Sáirséalaigh Ionad ar an bpáirc: Tosaí Imreoir is fearr leat: Daniel Kearney
COLÁISTE AN PHIARSAIGH, GLEANN MAGHAIR,
Lucy Ní hAilín Dáta bréithe: 16 Feabhra 1996 Club: Na Sáirséalaigh Ionad ar an bpáirc: Tosaí Imreoir is fearr leat: Daniel Kearney
CORCAIGH.
Deiseal: Lilian Chan, Elionóir Ramsell agus Olywn Nic Phaidín.
Grianghraf an chlúdaigh: Glanmire & District Monthly Sports Award, á bhronnadh ag Ms. Roisin Healy, Bainisteoir Margaíochta agus Díolachán, Fitzgerald’s Vienna Woods Hotel, urraitheoirí, ar Julie Ní hÁilín captaen Choláiste an Phiarsaigh as craobh na hÉireann sa chamógaíocht a bhuachaint i 2015. Bronnadh Gradam Rebel Óg ar an bhfoireann freisin. Ár mbuíochas le Séamus Ó Súilleabháin as a chúnamh leis an eagrán seo de ‘Súil Eile’. Grianghraif chamógaíochta le Noel Costello. Grianghraf an chlúdaigh le Ger Bonus. Buíochas leo beirt as cead a thabhairt iad a úsáid san iris seo
2
AONAD DE CHUID NA hIDIRBHLIANA IS EA AN TIONSCADAL SEO FAOI STIÚIR AN MHÁISTIR UÍ CHÉILLEACHAIR “SÚIL EILE 2015” Go barr do chumais
AONAD DE CHUID NA HIDIRBHLIANA IS EA AN TIONSCADAL SEO FAOI STIÚIR AN MHÁISTIR UÍ CHÉILLEACHAIR
SÚIL EILE : EAGRÁN AN tSAMHRAIDH 2015
Curaidh Chamógaíochta na hÉireann 2015
Ar chúl, deiseal; Ellie Ní Thuama, Lauren Whitford, Róisín Ní Dhonnabháin , Máire Pléimeann, Ciara Ní Shúilleabháin, Lucy Ní Cheallaigh, Sorcha Ní Choisteala, Meadhbh Damery, Edel Ní Chéilleachair, Síofra Ní Fhionnagáin, Hilary Ní Shúilleabháin, Caroline Ní Chondúin, Ally Nic Chárthaigh, Jane Nic Ailín, Fiona Nic Canna, Orla Damery, Clár Ní hIcí, Carolanne Nic Chárthaigh. Chun tosaigh, deiseal: Antonia De Butléir, Edel Ní Lonargáin, Julie Ní hAilín, Meadhbh Nic Cárthaigh, Lucy Ní hAilín, Ruth Nic Cárthaigh, Méabh Ní Mhaoláin, Clár Ní Mhaoláin, Lauren De Barra, Sorcha Ní Bhrúdair, Íde Ní Dheasúmhnaigh, Shauna Ní Chróinín, Gráinne Ní Laighin .
fhoireann againne, ní chreidfeá an claochlú a bhí tarlaithe idir an dá linn. Bhí an scil a léirigh na cailíní foirfe, iad ag ardú an tsliotair den bpáirc gan aon dua in aon chor, á bhualadh go diail ar fad agus deirimse leat go raibh cúilíní agus cúil go leor á fháil againn. Tháinig na scóir go fras agus go tiubh. Faoi dheireadh an chluiche ba é an scór ná, 6-14 le 3-7.
Nuair a fhéachfar siar ar stair na scoile seo ní foláir nó go mbeidh an-chuimhne go deo ar an mbliain scoile 2014/2015. Déarfainn gurb é ceann de na blianta ab fhearr sa scoil seo é ó thaobh na camógaíochta de agus a bhuíochas san do gach aon duine a thug cúnamh in aon slí. A leithéid de thús a bhí ag foireann camógaíochta sinsear na scoile i mbliana. Bhuadar corn Coláistí Chorcaí fé 16 agus corn Coláistí na Mumhan, Sinsear Roinn D i mí Eanáir 2015 agus faoin 7 Márta 2015 cháillíodar do Chluiche Ceannais na hÉireann, sa chamógaíocht, Roinn D, Sinsear fé 19.
Ar an 11 Eanáir 2015 d’fhilleamar ar Mhachain agus d’imríomar Cluiche Ceannais na Mumhan i gcoinne ár gcomharsana, Coláiste an Chroí Naofa, Carraig na bhFear. Bhuel n’fheadar an mó uair a bhí mo chroí i mo bhéal an lá sin. Neosfaidh mé an fhirinne ghlan duit, bhí an teannas dofhulaingthe geall leis. Bhí an-iomaíocht go deo ar an bpáirc agus cé nach raibh an uain thar mholadh beirte, mar go raibh fuacht feanntach ann níor bhraitheamar é i ndáiríre mar bhí an teannas chomh fíochmhar san ar pháirc an áir. Rinne an dá fhoireann an-ghaisce go deo. Seoladh an liathród suas agus síos an pháirc uair i ndiaidh a chéile go gasta le luas. Ba i lár na páirce a chonacthas an imirt b’fhíochmhaire agus b’fhiúntaí ar feadh tamaill.
I mí na Samhna 2014 thaisteal an fhoireann camógaíochta go dtí Pobalscoil, Sráid an Mhuillinn. Cé nach raibh fáil ar ladhar maith de na himreoirí sinsir ar an lá úd, léirigh an fhoireann díograis agus diongbháilteacht dochreidthe. Bhuaigh Coláiste an Phiarsaigh 7-9 le 2-5. Le foireann iomlán um Nollaig thugadar an sway leo i gcoinne Clochar Loretto i Mainistir Fhear Maí, 6-9 le 2-2. D’fhág san go rabhamar cáilithe do bhabhta leathcheannais na Mumhan i gcoinne scoil Naomh Iosaif, Buiríos Ó Luigheach, Contae Thiobrad Árainn.
D’aimsigh Meabh Nic Chárthaigh cúilín sa chéad noiméad den chluiche ach níorbh fhada gur aimsigh Katie Barry cúilín don fhreasúra. Go gairid ina dhiaidh sin sheol Emma Murphy an sliotar go scilúil isteach in ár gcúl. Níorbh fhada gur chuaigh Sorcha Ní Choisteala ar ruathar aonair áfach caol díreach i dtreo an chúil agus sheol sí an sliotar thar an trasnán go gasta sciliúil do Choláiste an Phiarsaigh. Bhí an fhoireann againne ag cosaint go diail ar fad agus nuair a sháraigh ár gcúl báire, Edel Ní Chéilleachair an sliotar a tháinig ar nós urchair i dtreo an chúil cuireadh an sméar mhullaigh ar an scéal
Imríodh an cluiche i mBóthar an Chaisleáin, i Machain i gCorcaigh ar an 6 Eanáir 2015. Ní h-aon bhréag a rá go raibh dúshlán mór i gceist dúinne. Ba dhóigh leat go mbeadh an cluiche thart ag leath am, bhí an freasúra chomh tapaidh oilte san ar pháirc na himeartha. Ar an droch uair bhíomar ag streachailt agus faoin am gur thosaigh an dara leath den chluiche bhíomar ceithre phointe chun deiridh. N’fheadar ó thalamh an domhain go dti an lá atá inniu ann, cad as a tháinig an t-athrú ach sa dara leath bhí foireann éagsúil ar fad againne ar an bpáirc. Dá bhfeicfeá an scil a léirigh an 3
AONAD DE CHUID NA HIDIRBHLIANA IS EA AN TIONSCADAL SEO FAOI STIÚIR AN MHÁISTIR UÍ CHÉILLEACHAIR
SÚIL EILE : EAGRÁN AN tSAMHRAIDH 2015
dúinne. Ar an dtaobh eile den pháirc áfach d’imir Laura Dineen go hiontach ar fad sa chúl do Charraig na bhFear. Sháraigh sí sliotar i ndiaidh sliotair. Dá bhfeicfeá an imirt seo ní chreidfeá é. Ar aon nós. le díograis na foirne uile againne agus le cruinneas na bpocanna saor a thóg Lucy Ní hAilín, faoi leath-am bhí Coláiste an Phiarsaigh chun tosaigh 1-4 le 1-1.
cúilín amháin faighte ag Lucy Ní Cheallaigh gan trácht ar an gcúl a d’aimsigh Julie Ní hAilín. Bhí an lámh in uachtar ag Coláiste an Phiarsaigh sa dara leath arís. Chinntigh Meadhbh Nic Chárthaigh i lár an ghoirt agus Lucy Ní hAilín sna lántosaithe le tacaíocht a gcomhleacaithe gur coiméadadh ceangal na gcúig gcaol ar imeoirí Charn an Bhua don chuid ba mhó den gcluiche. Mar sin féin d’éirigh le hAoibhin Myres cúl a aimsiú do Choláiste Bhríde ach d’éirigh le Julie Ní hAilín cúl a aimsiú láithreach mar fhreagra ar sin. D’fhág san go raibh an scór ag 2-11 le 1-4. Lastigh de chúpla noiméad bhí dhá chúl agus cúilín faighte ag lántosaí Charn an Bua ach níor leor é chun srian a chur le bua iontach Choláiste an Phiarsaigh mar dá fheabhas a d’imir an freasúra is ea is fearr a d’imir Coláiste an Phiarsaigh agus ní bréag a rá gur bhain a lán dár n-imeoirí barr a gcumais amach ar pháirc na himeartha. Ba é an scór deireanach Meadhbh Nic Cárthaigh i seilbh na liathróide agus ná 4-13 le 3-5. í ag déanamh filí caocha d’imreoirí an fhreasúra
Athrú chun donais ba ea tús an dara leath den gcluiche dúinne mar a luaithe agus a fuair Katie Barry agus Orla Connolly an sliotar d’aimsigh siad beirt cúl an duine a mhic ó. Mar sin féin bhí an sliotar á sheoladh thar an trasnán againne chomh maith céanna tar éis tamaill. Ní fhaca riamh ar pháirc na himeartha an choimhlint dhiamhair dhiongbhálta a léiríodh idir Ruth Nic Chárthaigh agus Catherine Fouhy i lár an ghoirt. Uair i ndiaidh a chéile sheoladar an sliotar go neata mear gasta íseal chun a dtosaithe a bhí ar bís os comhair na gcúl ag feitheamh leis. D’imir Meabh Ní Mhaoláin sár-chluiche don scoil seo sna cúlaithe. Ní bréag a rá gur imir Lucy Ní hAilín go seoigh ar fad agus ní raibh a sárú le fáil sna tosaithe an lá úd nuair a scóráil sí 1-7 do Choláiste an Phiarsaigh. D’aimsigh sí ceithre chúilín acu sin ó phocanna saor. Bhí an-tionchar ag Clár Ní Mhaoláin agus ag Sinéad Níc Ailín ar chúrsaí an chluiche nuair a tugadh ar an ngort iad mar ionadaithe. Ba é an scór deireanach ná, Coláiste an Phiarsaigh 2-11, Coláiste an Chroí Naofa 3-2.
Cluiche Ceannais na hÉireann
Thugamar faoi chluiche ceannais camógaíochta na hÉireann i lár mhí na Márta nuair a d’imir Coláiste an Phiarsaigh i gcoinne Ard Scoil Loretto, Ráth Fearnáin, Baile Átha Cliath san Aonach, Contae Thiobraid Árainn. A leithéid de chluiche, deirimse leat go raibh an-dua againne an bua a fháil ar fhoireann iontach. D’éirigh linn áfach faoi dheireadh agus faoi dheoidh an sway a thabhairt linn. Ní chreidfeá an ghaoth a bhí ann an lá sin, bhí sé fíochmhar láidir go deo agus ní bréag a rá go raibh sé feanntach Cluiche Leathcheannais na hÉireann. pholltach goimhiúil. D’imir an fhoireann againne i gcoinne na gaoithe sa chéad leath den gcluiche agus muna bhfuil dearmad ormsa ba bhuntáiste é mar gur chabhraigh an ghaoth go mór I lár mí Feabhra d’imir Coláiste an Phiarsaigh i gcoinne linn sa dara leath den gcluiche gan aon agó. Ní raibh an imirt Choláiste Bhríde, Carn an Bhua, Cill Mhantáin. Bhí orainne againne thar mholadh beirte sa chéad leath. Caifhfidh mé a rá taisteal don chluiche seo. Cé gur thosaigh Carn an Bhua go nach raibh sé éasca an sliotar a ardú diail ar fad is againne a bhí an bua ar san aer mar go raibh an ghaoth deireadh. Léiríomar smacht iontach chomh láidir san. D’éirigh leis an ar an sliotar ar fud an ghoirt. Déanta bhfreasúra an lámh in uachtar a fháil na fírinne bhí an luas agus an fuinneagus faoi leath-am ní raibh ach trí amh againn agus bhí an cruinneas ar chúilín againn ach ambaiste féin bhí fheabhas. I mo thuairimse ba í cúl agus sé chúilín ag Ard Scoil Meadhbh Ní Chárthaigh laoch na Loretto. Ba léir go raibh dúshlán himeartha i lár an ghoirt agus a romhainn sa dara leath. Ba léir luaithe agus a thosaigh an cluiche seo áfach chomh maith céanna go bhí cúilín iontach aimsithe aici raibh athrú meoin le feiceáil agus láithreach baill. D’aimigh Nicole go raibh an imirt againne ag feabhsú Curran cúilín ón bpoc saor a thóg sí de réir a chéile. Mar sin féin bhí a go gairid ina dhiaidh sin do Charn an lán oibre le déanamh chun teacht Bhua . Bhí na foirne ar comhscór, dá roimh an fhoireann eile. Le ceathrú réir. Ba í Curran a fuair an triú scór uair an chloig fágtha sa chluiche do Choláiste Bhríde chomh maith bhíomar fós chun deiridh agus nuair a d’ardaigh sí an sliotar go bhíomar ag déanamh streachailte neata slachtmhar gleoite den talamh mhór leis an imirt. Pé scéal é níorbh agus sheol sí thar an trasnán é gan fhál go haer é an lámh in uachtar a dua ná deacracht. D’fhág san go fháil ar an bhfreasúra. Le deich Lúsaí Ní Cheallaigh ar ruathar aonair agus noiméad le dul nár scóráil Lucy Ní raibh Coláiste an Phiarsaigh chun imreoir de chuid Charn an Bhua ar a tóir Cheallaigh an-chúl go deo nuair a tosaigh le cúilín amháin tar éis ocht bhuail sí an sliotar go múiníneach noiméad déag den imirt, 0-4 le 0-3. néata slachtmhar cróga beacht go dtí Níorbh fhada áfach gur léirigh an cúinne an chúil. Dá bhfeicfeá an t-ardú croí a thug sé seo do fhoireann againne go raibh an cumas acu agus léiríodar a gcuid Choláiste an Phiarsaigh, nochtadh dúinn díograis agus dóchas scileanna iománaíochta go paiteanta bláfar. Faoi leath-am bhí nua na foirne. Ba dhóigh leat gur ó neamh anuas a tháinig an ceithre chúilín faighte ag Lucy Ní hAilín agus anuas ar sin bhí
4
AONAD DE CHUID NA HIDIRBHLIANA IS EA AN TIONSCADAL SEO FAOI STIÚIR AN MHÁISTIR UÍ CHÉILLEACHAIR
t-inspreagadh. Chuaigh an fhoireann ó neart go neart agus iad ag éirí níos tréine, níos cróga agus níos muiníní le gach noiméad a chuaigh thart. Nuair a chuir Lucy Ní hAilín dhá phoc saor thar an trasnán chuir an dá chuilín sin bailchríoch ar an gcluiche do Choláiste an Phiarsaigh agus chríochnaigh an scór ag 1-7 le 1-9. Bhí an bua ag an bhfoireann ab fhearr agus é tuillte go maith acu. Is ábhar mór gáirdis é an bua seo do Choláiste an Phiarsaigh gan aon agó.
SÚIL EILE : EAGRÁN AN tSAMHRAIDH 2015
Cispheil na gCailíní 2014 2015
Meitheal Is é an bhrí a bhí le meitheal i dtraidisiún na tíre seo ná grúpa daoine a tháinig le chéile ar fheirm chomharsan faoin tuath chun an fómhar a bhaint. Ghníomhaigh siad mar fhoireann agus thug siad le chéile a gcuid scileanna chun an sprioc úd a bhí curtha rompu acu a chur i gcrích. Chuir an saghas seo gníomhaíochta borradh faoi chairdeas an phobail agus neartaigh sé an nasc a bhí eatarthu. Bunaíodh Clár Ceannasaíochta Óige Meitheal i 1990 i gContae Chill Dara. I 1992 chuir Scala, clár píolótach i bhfeidhm i sé scoil i gCorcaigh. Sa lá atá inniu ann is é an clár ceannaireacht scoile is mó i gCorcaigh é. Cuireann an clár seo oiliúint ar fáil d’fhoireann daoine óga, a chuireann ar a gcumas riachtanais scoile i measc daltaí a shainaithint. Leis an eolas seo agus trí na scileanna atá foghlamtha acu a thabhairt le chéile leagann an fhoireann amach straitéis chun teacht ar réitigh phraiticiúla do na riachtanais a aithníodh. Is é an aidhm atá leis an gclár ná chun daltaí a spreagadh chun caighdeán an saoil scoile a fheabhsú dá gcomhleacaithe agus is é an tslí a dhéantar é seo ná, go n-oibrítear ar ghátar amháin aitheanta i measc daltaí, in aghaidh na míosa. Os rud é go raibh an scoil seo páirteach sa chlár ón gcéad lá is iontach an traidisiún atá cruthaithe ag foirne Meitheal sa scoil le breis is trí bliana agus scór anuas, dá réir. I láthair na huaire tá an fhoireann ar a seacht ndícheall ag obair ar son na ndaltaí. Is é an chloch is mó atá ar a bpaidrín ag na baill i Meitheal ná go mbeadh daoine óga ag obair go díograiseach dúthractach dícheallach, ag tabhairt aire dá chéile agus do dhaltaí eile lena n-oibríonn siad. Chuige seo eagraíonn an fhoireann imeachtaí éagsúla do dhaltaí mar a bhfuil tráth na gceist agus céilithe agus labhraíonn siad le ranganna i dtaobh nithe a dheineann buairt dóibh, tugann siad aoichainteoirí chun na scoile agus mar sin ar aghaidh.
Buaiteoirí Chraobh Chorcaí Roinn A Fé-19. Deiseal, ar chúl: Aoife Ní Mhuimhneachán, Sorcha Ní Chionnaith, Éabha de Róiste, Sinéad Nic Gearailt, Sinéad Ní hAilín. Chun tosaigh: Shauna Ní Chróinín, Aimee Ní Fhaoláin, Annaliese Ní Mhurchú, Lisa Ní Mhaoláin.
Foireann Meitheal 2014 2015
Buaiteoirí Chraobh Chorcaí Roinn A Fé-16 Deiseal, ar chúl: Rebecca Ní Drisceoil, Sinéad Nic Gearailt, Éabha Nic Pháidín, Éabha de Róiste, Sinéad Ní hAilín. Chun tosaigh: Martha Ní Liatháin, Áine Ní Loingsigh, Annaliese Ní Mhurchú, Sophie Ní Riagáin.
Deiseal, ar chúl: Chloe Ní Ghuidhir, Meadbh Damery, Síothmhaith Níc Fhlannchadha, Darragh Mac Con Coille, Colin Ó Meachair, Sinéad Ní Argáin, Cáit Nic Chárthaigh, Róisín Ní Chinnéide. (As láthair bhí Eoin Ó Céilleachair, Ailbhe Nic Con Coille)
5
AONAD DE CHUID NA HIDIRBHLIANA IS EA AN TIONSCADAL SEO FAOI STIÚIR AN MHÁISTIR UÍ CHÉILLEACHAIR
SÚIL EILE : EAGRÁN AN tSAMHRAIDH 2015
Scoil Factor 2015
Iomaitheoirí: Deiseal: Robyn Ní Chaoimh, Ruth Hodder, Aubrey Ní hAonghusa, Ruadhán Mac Gearailt, Seán Mac Gearailt, Malachy Ó Rian, Faye Langley, Cáit Ní Chorcoráin, Tamzyn Nic Óda, Saoirse Millard, Daithí De Roiste, Aaron Ó Grada Chun tosaigh: Con Ó Bruadair, Eimear Ní Chárthaigh, Róisín Ní Eidhin , Ellie Ní Dhúnaigh, Heather Ní Chaoimh , Dearbhla Nic Risteáird, Emer Nic Chárthaigh, Zoe Ni Craith, Caoimhe Ní hAirthéadan, Aoife Ní Mhainnín.
Gradam Rebel Óg
Corn Rebel Óg na Míosa (Márta) á bhronnadh ag Cian O’Brien, Oifigeach Caidrimh Phoiblí Cumann Luthchleas Gael ar Mheadhbh Nic Chárthaigh, Lúsaí Ní Ailín agus ar Charoline Ní Chondúin, triúr de phainéal camógaíochta sinsear na scoile ag ócáid a eagraíodh in ostán an Silverspring ar na mallaibh. Ba mhór an ócáíd é gan amhras agus ba é an chéad uair i stair na scoile an duais áirithe seo a bhuacaint. Bronnadh é mar aitheantas don ghaisce a rinne an fhoireann chamógaíochta nuair a bhuadar cluiche Ceannais Camógaíochta na hÉireann, Roinn D Sinsear i mbliana. Tá Craobh Chomórtas an Chontae fé 16½ agus Craobh Chomórtas na Mumhan Sinsear agus Craobh Chomórtas na hÉireann Sinsear D, buaite ag foirne camógaíochta na scoile i mbliana. Ba mhaith linn comhghairdeas a dhéanamh leo as an éacht atá bainte amach acu.
Thuas, deiseal: Saoirse Millard, Robyn Ní Chaoimh, Con Ó Brudair a ghlac páirt i Scoil Factor agus thíos Ruadhán agus Seán Mac Gearailt a bhuaigh an comórtas.
6
AONAD DE CHUID NA HIDIRBHLIANA IS EA AN TIONSCADAL SEO FAOI STIÚIR AN MHÁISTIR UÍ CHÉILLEACHAIR
SÚIL EILE : EAGRÁN AN tSAMHRAIDH 2015
Aladdín Ceoldráma na hIdirbhliana 2015 7
AONAD DE CHUID NA HIDIRBHLIANA IS EA AN TIONSCADAL SEO FAOI STIÚIR AN MHÁISTIR UÍ CHÉILLEACHAIR
8
SÚIL EILE : EAGRÁN AN tSAMHRAIDH 2015
AONAD DE CHUID NA HIDIRBHLIANA IS EA AN TIONSCADAL SEO FAOI STIÚIR AN MHÁISTIR UÍ CHÉILLEACHAIR
9
SÚIL EILE : EAGRÁN AN tSAMHRAIDH 2015
AONAD DE CHUID NA HIDIRBHLIANA IS EA AN TIONSCADAL SEO FAOI STIÚIR AN MHÁISTIR UÍ CHÉILLEACHAIR
SÚIL EILE : EAGRÁN AN tSAMHRAIDH 2015
Ceoldráma - Aisteoirí agus Foireann Alaidín - Lucás Ó Liatháin Jasmine - Jill Ní Bhuachalla Jafar - Éabha De Londrus Widow Twankey - Laura Ní Dhonnabháin Wishee Washee - Eimear De Bhruadair Genie - Alison Ní Dhaimhín Genie an Fháinne - Amy Ní hArgáin Pc Pong - Muireann Ní Dhuinneacha Sairsint Ping - Íde Ní Dheasmhúnaigh Impire 1 - Ruáirí Ó Cionnaith Impire 2 - Dónal Ó hÉireamhóin Jafette - Síofra Nic Risteard Tyson - Seán Ó Duinneacha Reamhrá - Sadhbh Ní Fhionnagáin
Cairde Jasmin - Gráinne Ní Laighin Daría Ní Laoi Kelsey Ní Thiománaí Caitín Ní Chaomhánach Leah Ní Thuama Grúpa Genie - Lauren Ní Mhathúna Tara Ní Shúilleabháin
Foireann Eile - Aoife Ní hOistín Meabh Ní Mhaoláin Tadhg Ó Mathúna Antonia De Buitléir Holly Ní Chéilleachair Áine Ní hAonghusa Sorcha Ní Choisteala Cillian Mac Scolóige Emily Ní Bhaoil Roibéard Ó Laoire
Fuaim agus Soilse - Aaron Ó Grádaigh Ruth Hodder
Rinceoirí - Lauren Ní Fhloinn Aoife Ní Chonghaile Amy Ní hArgáin Alison Ní Dhaimhín Ceol - Sinead Ní hÁrgáin agus an Cór
Múinteoirí - Iníon Ní Chionnaith Iníon Ní Riordáin Kelly-Áine Ní Mhurchú (iardhalta a bhí i bhfeighil ar an roinn damhsa agus aisteoireachta)
10
AONAD DE CHUID NA HIDIRBHLIANA IS EA AN TIONSCADAL SEO FAOI STIÚIR AN MHÁISTIR UÍ CHÉILLEACHAIR
SÚIL EILE : EAGRÁN AN tSAMHRAIDH 2015
Turas go dtí Barcelona
Turas go dtí Ceapaigh na Lao
Cuntas a h-aon: I mí Dheireadh Fómhair, chuaigh an idirbhliain ar thuras scoile go Barcelona na Spáinne. D’fhanamar in óstán i Salou darbh ainm “Hotel Calypso.” Tháinig roinnt múinteoirí in ár dteannta freisin. Ar an gcéad lá, ar aon nós thugamar cuairt ar chathair Bharcelona agus chuamar go dtí iarsmalann ealaíne. Bhí roinnt pictiúrí le Picasso le feiceáil ann.
Cuntas a haon: D’fhan an idirbhliain i gcampa eachtraíochta Cheapaigh an Lao i ndeisceart Chontae Chiarraí cúpla mí ó shin. D’fhág an chéad ghrúpa ón gceathrú bliain ar an Luan agus d’fhilleadar go scafánta ar an Máirt. D’imigh an dara grúpa ar an Máirt. Bhí mé mar bhall den dara grúpa mar sin bhí go leor scéalta cloiste agam faoin áit roimh ré.
Ar an dara lá chuamar go dtí Camp Nou, an staid sacair i mBarcelona. Chuamar go dtí an t-uisceadán chomh maith, ach i mo thuairim bhí sé saghas díomách mar cheap mé nach raibh sé chomh maith leis an gceann sa Ghaillimh. Ar an tríú lá chuamar go dtí Puerta Ventura agus i mo thuairim, ba é sin an lá ab fhearr mar thaithin na rollchóistóirí go mór liom. Thugamar cuairt ar an dtrá an lá sin chomh maith agus bhí an-chraic go deo againn. Bhí an t-uisce go hálainn. Faraor, ní fhéadfainn an rud céanna a rá faoin mbia san óstán.
Bhí an rogha againn dhá ghníomh a roghnú agus bheartaigh mé an cadhcáil agus an dreapadóireacht a roghnú. Bhí an t-uisce an-fhuar don chadhcáil agus chaitheamar dhá uair an chloig i mbun an ghnímh sin amuigh ar an loch. Lá arna mhárach thugamar faoin ndreapadóireacht go moch ar maidin. Bhaineamar ana thaitneamh as ar feadh cúpla uair an chloig ach um mhéan lae bhíomar ar an mbóthar abhaile arís. Cuntas a dó: Chuaigh mé go dtí Ceapaigh na Lao ar an 3 Feabhra 2015. Bhí mé sa dara grúpa. Bhí sé tar éis a bheith ag cur sneachta an oíche sara gcuamar ann ach níor ligeamar don aimsir cur isteach orainn. Turas den scoth ab ea é. D’fhágamar an scoil ag a deich a chlog go díreach agus bhí turas uair an chloig go leith againn ar an mbus. Nuair a shroicheamar an áit tugadh rogha dúinn, dreapadóireacht, treodóireacht nó cadhcáil a dhéanamh. Bhí orainn dhá cheann a roghnú.
Bhuel chun a bheith macánta ní raibh sé thar mholadh beirte pé scéal é ach sin scéal eile. Bhí an-chraic againn sna seomraí chomh maith. Ar an lá deireanach, d’féachamar ar an gcluiche sacair. Bhí Éire ag imirt i gcoinne na Gearmáine. Bhí Éire ag cailliúint 1-0 ach le cúpla nóiméad fágtha scóráil John O’Shea cúl chun comhscór a bhaint amach. Thabharfainn deich as deich don turas, bhaineas ana thaitneamh as caithfidh mé a rá.
Roghnaigh mé cadhcáil agus treodóireacht mar ní thaitníonn airde liom tá a fhios agat. Rinne mé cadhcáil i ndiaidh lóin. Bhí grúpa mór dúinn ann. Fuaireamar culaith uisce, seaicéid tharrthála agus clogaid. Bhí orainn geansaí a chaitheamh faoin gculaith uisce de bharr go raibh sé chomh fuar san lasmuigh. Bhailíomar síos go dtí an loch ar aon nós. Bhí cadhc an duine ar fáil dúinn go léir. Sheolamar isteach san uisce agus d’imríomar cluiche darbh ainm “bing bong”. Cluiche gabhála ab ea é. I ndiaidh an chluiche chuamar timpeall an locha ar fad. Thit beirt isteach san uisce. Bhí mo lámha tuirseach traochta faoin am a shroicheamar an cé. Nuair a bhí na cadhcanna ar fad curtha isteach againn léim mé isteach san uisce agus deirimse leat go raibh sé fuar, chun na fírinne a rá is teocht 0°C a bhí ann.
Cuntas a dó: An turas ab fhearr a bhí againn go dtí seo i mbliana san idirbhliain ab ea an turas go dtí Barcelona. Chuamar ann ar an 12 Deireadh Fómhair 2014. Bhíomar ann ar feadh trí oíche. D’fhanamar san óstán Calypso i Salou. Bhí orainn éirí go luath maidin Dé Domhnaigh agus chasamar go léir ar a chéile ag an aerfort. Shroicheamar Barcelona timpeall a deich a chlog agus thaistealaíomar ar bhus go dtí an chathair. D’itheamar greim bídh ann. Chuamar ar chamchuaird timpeall na cathrach i ndiaidh lóin. Shiúlamar síos na sráideanna cúnga agus chonaiceamar roinnt séipéil. Chuamar chuig músaem Picasso ansin. Níor thaitin an músaem liom mar níl puinn suime agamsa san ealaín. Tar éis an músaem a fhágaint chuamar ar ais ar an mbus agus ar aghaidh linn go dtí séipéal, Sagrada Familia.
I ndiaidh dinnéir chuamar amach agus d’imríomar ‘manhunt’. Bhíomar roinnte i dtrí ghrúpa agus bhí ar ghrúpa amháin dul i bhfolach sa bhforaois agus ansin bhí ar an dá ghrúpa eile iad a aimsiú. Ghnothaigh an fhoireann pointe muna mbearfaí orthu. Tar éis do gach foireann a seal a chaitheamh faoi cheilt aon bhabhta amháin d’athraíomar an cluiche. Buachaillí i gcoinne cailíní a bhí i gceist ansin. Rugas féin ar chúigear buachaillí ach níor tháinig aon buachaill I ngiorracht scread asail domsa. Nuair a d’fhilleamar ar an ionad bhí orainn dul suas chuig an tolglann. D’fhanamar ann ag caint go dtí a haon déag a chlog agus ansin bhí orainn dul a chodladh ag leathuair tar éis a haon déag. Rinne mé treodóireacht ar an dara lá.
Ar aghaidh linn ansan chuig an staid Oilimpeach. Tar éis dul isteach chuig an staid chuamar in airde go dtí an pointe is airde agus bhí an chathair ar fad le feiceáil thíos fuinn. Mont Juic a ghlaotar ar an áit sin. Bhí orainn dul thar nais ar an mbus chun an turas uair an chloig a dhéanamh chuig an óstán. Chuamar go dtí ár seomraí agus bhí am againn sin féin a eagrú. Bhí dinnéar againn ansin. Bhí líon ollmhór de bhianna éagsúla ar fáil. Bhí an t-ostán féin an-mhór go deo ach i dáiríre bhraitheas féin go raibh an fhoireann oibre go deas agus bhíodar cairdiúil go leor freisin. I ndiaidh an dinnéir chuamar ar shiúlóid ar an trá. Bhain gach duine an-sult go deo as an tsiúlóid san agus bhí na radharcanna go hálainn ar fad. Bhí an fharraige an-chiúin go deo agus ní raibh aon fhuacht ann. Caithfidh mé a rá go raibh an chuid daoine ar saoire san áít.
Bhí bricfeásta againn agus bhí orainn ár gcuid éadaí a bhailiú sara thosnaíomar. Roinneamar suas i ngrúpaí de bheirt nó triúr. Thug an múinteoir léarscáil éasca dúinn ar dtús. Bhí na pointí ar fad anchóngarach dá chéile. Bhí an dara ceann a fuaireamar i bhfad níos deacra áfach. Bhí na spriocanna a bhí le baint amach istigh sa bhforaois. Tugadh fiche nóiméad dúinn an tasc a chomhlíonadh. Bhí orainn dul lasmuigh de na geataí chun an tasc deireanach a dhéanamh. Bhain mé ana thaitneamh as an gceann sin. Bhí mé ag rás i gcoinne na ndaoine eile. Bhuaigh mo ghrúpa an babhta sin ach thángamar sa dara h-áit sa chomórtas. Bhí lón againn sara gcuamar ar an mbus chun filleadh ar an scoil. Caithfidh mé a rá go raibh na háiseanna ar fheabhas ar fad san ionad agus bhí an t-ádh dearg linn go raibh an uain go diail. I mo thuairimse ba é seo ceann de na turasanna ab fhearr a bhí againn i mbliana. Bhaineamar go léir sásamh ár gcroí as. Táimid fíorbhuíoch do na múinteoirí a bhí in ár dteannta agus a thug aire na huibhe circe dúinn ar an dturas seo agus gach turas eile. Go raibh mile maith agaibh a mhúinteoirí.
D’éiríomar go luath an mhaidin dar gcionn agus bhí bricfeásta againn. Ansin chuamar ar an mbus chuig Puerta Ventura. Chaitheamar an lá ar fad ann geall leis. Bhain mé an-taitneamh as. Níor chuaigh mé ar an rollchóstóir is mó ach chuaigh mé ar na cinn eile. Tar éis dúinn roinnt ama a chaitheamh ann thugamar ár n-aghaidh ar an trá. Bhí seans againn dul ag snámh. Bhí uisce na farraige breá te. Nuair a bhí gach duine réidh d’itheamar an dinnéar. Tar éis dinnéir d’fhéachamar ar seó a bhí ar siúl san óstán. Ar an lá deireanach a bhí againn ann chuamar chuig Camp Nou. Staid peile atá ann. Ansin chuamar chuig ionad siopadóireachta. Chun na fírinne a rá ba bheag airgid a bhí fágtha agam faoin am seo mar sin ní raibh le déanamh ach siúl timpeall agus féachaint sna siopaí mar ceal airgid ní raibh ar mo chumas faic a cheannach. Bhí an eitilt abhaile ag fágaint go luath maidin Dé Céadaoin mar sin bhí orainn dul a chodladh go luath an óiche sin. 11
AONAD DE CHUID NA HIDIRBHLIANA IS EA AN TIONSCADAL SEO FAOI STIÚIR AN MHÁISTIR UÍ CHÉILLEACHAIR
Taispeántas Ealaíne
Roinnt dár gCeannairí agus Leas-cheannairí 2014 2015
Heather Ní Chaoimh Ní Chonaill Ceannaire Rang Aoife
Shane Ó Drisceoil
Laura Ní Loinsigh Austin Ó Coileáin Ceannaire
Ceannaire
Rang Béibhinn
Rang Barra
Pádraig Ó Treasaigh
Gearóid Pléimeann
Leas-cheannaire
Leas-cheannaire
Rang Clár
Rang Ciarán
Clodagh Nic Fhinn
Aindriú Ó Cearrbhall
Ríona Ní Chrualaoi
Leas-cheannaire
Leas-cheannaire
Ceannaire
Rang Beití
Rang Aodán
Rang Cormac
Leas-cheannaire Rang Ailbhe
SÚIL EILE : EAGRÁN AN tSAMHRAIDH 2015
Aodh Ó Conchúbhair
Méabh Ní Mhaoláin
Aoife Ní Mhainnín
Leas-cheannaire
Leas-cheannaire
Ceannaire
Rang Bríd
Rang Cóilín
Rang Cormac
Bhí taispeátas ealaíne ar siúl sa Courtyard Gallery i Mainistir na Corann ón 18 Aibreán 2015 a lean ar feadh seachtaine. Taispeántas saothair ealaíne meánscoileanna an cheantair máguaird a bhí ann agus bhí obair dhaltaí Choláiste an Phiarsaigh go hálainn ar fad. Rug na saothair bua ar a bhfaca mé riamh. Bhí an pobal chomh tógtha san leo. Comhghairdeas leis na múinteoirí ealaíona as ucht an sár-obair a rinne siad chun ócáid iontach a eagrú. Sa ghrianghraf thuas tá cuid de shaothair ár ndaltaí léirithe mar a bhfuil, saothair Áine, Leah, Eimear, Austin agus Callús sa chéad cholún, saothair Áine, Austin, Catríona, Katie, Leah agus Emma sa dara colún, saothair Ruby sa triú cholún agus saothair Daria agug Ben sa cheathrú cholún.
Gardaí Síochána ar Cuairt
Deiseal: Aoife ní Mhainnín, An Garda Curran, Saoirse Breathnach, An Garda Fitzgerald agus Dónal Ó Súilleabháin.
Mar chuid dár bhfeachtas frith-bhulaíochta d’fhreastal beirt Gharda Síochána ar an scoil le déanaí. Bhíodar ann chun labhairt le daltaí an dara bliain. Ba é an t-ábhar a bhí le plé ná an teicneolaíocht agus an bhulaíocht. Thugadar beirt oráid bhreá uathu ag míniú do chách cad iad na baoil a bhaineann leis na meáin chumarsáide, an fón póca agus an ríomhaire ach go háirithe. Cuireadh ar a súile do gach aon duine go gcaithfear a bheith thar a bheith cáiréiseach ar an idirlíon. Míníodh cad a bhí le déanamh i gcás práinne. Léiríodh an chontúirt a bhaineann le suíomhanna a mbíonn tóir ag déagóirí orthu. Bhí go leor ceisteanna ag daltaí agus deineadh iad seo a shoiléiriú agus a fhreagairt. 12
AONAD DE CHUID NA HIDIRBHLIANA IS EA AN TIONSCADAL SEO FAOI STIÚIR AN MHÁISTIR UÍ CHÉILLEACHAIR
SÚIL EILE : EAGRÁN AN tSAMHRAIDH 2015
An Painéal Camógaíochta 2014 2015 Clár Ní hIcí Dáta breithe: 7 Samhain 2000 Club: Fánaithe na Bríde Ionad ar an bpáirc: Leathchúlaí Aon spórt eile: Peil agus Snámh Imreoir is fearr leat: Anthony Nash
Edel Ní Cheilleachair Dáta breithe: 16 Bealtaine 2000 Club: Na Sáirséalaigh Ionad ar an bpáirc: Cúl báire Aon spórt eile: Peil Imreoir is fearr leat: Anthony Nash
Ciara Ní Shúilleabháin Dáta breithe: 26 Meán Fómhair 1998 Club: Na Sáirséalaigh Ionad ar an bpáirc: Leathchúlaí Aon spórt eile: Sacar Imreoir is fearr leat: Daniel Kearney
Meadhbh Damery Dáta breithe: 15 Iúil 1997 Club: An Cóbh Ionad ar an bpáirc: Lánchúlaí Aon spórt eile: Níl Imreoir is fearr leat: Orla Cotter
Jane Ní hAilín Dáta breithe: 20 Aibreán 1999 Club: Na Sairséalaigh Ionad ar an bpáirc: Lánchúlaí Aon spórt eile: Cispheil agus peil Imreoir is fearr leat: Daniel Kearney
Fiona Nic Cana Dáta breithe: 12 Nollaig 2000 Club: Na Sáirséalaigh Ionad ar an bpáirc: Tosaí Aon spórt eile: Haca Imreoir is fearr leat: Anthony Nash
Edel Ní Lonargáin Dáta breithe: 26 Meitheamh 1999 Club: Na Sairséalaigh Ionad ar an bpáirc: Lánchúlaí Aon spórt eile: Peil Imreoir is fearr leat: Anthony Nash
Orla Damery Dáta breithe: 7 Iúil 1999 Club: An Cóbh Ionad ar an bpáirc: Lán- tosaí Aon spórt eile: Níl Imreoir is fearr leat: Anthony Nash
Lucy Ní Cheallaigh Dáta breithe: 12 Márta 1998 Club: Na Sáirséalaigh Ionad ar an bpáirc: Lántosaí Aon spórt eile: Níl Imreoir is fearr leat: Anna Geary
Caroline Ní Chondúin Dáta breithe: 31 Nollaig 1999 Club: Naomh Caitríona Ionad ar an bpáirc: Lánchúlaí Aon spórt eile: Níl Imreoir is fearr leat: Orla Cotter
Lauren Whitford Dáta breithe: 15 Deireadh Fómhair 2000 Club: Fánaithe an Ghleanna Ionad ar an bpáirc: Cosainteoir Aon spórt eile: Cispheil Imreoir is fearr leat: Anthony Nash
Hilary Ní Shúilleabhán Dáta breithe: 30 Eanáir 1999 Club: Na Sáirséalaigh Ionad ar an bpáirc: Cosainteoir Aon spórt eile: Curling, Quidditch Imreoir is fearr: Vincent Browne
Meabh Ní Mhaoláin Dáta breithe: 26 D. Fomhair 1998 Club: Na Sáirséalaigh Ionad ar an bpáirc: Lánchúlaí Aon spórt eile: Níl Imreoir is fearr leat: Catherine Foley
Ally Nic Cárthaigh Dáta breithe: 28 Meán Fómhair 2000 Club: Na Sairséalaigh Ionad ar an bpáirc: Tosaí Aon spórt eile: Cúlaí Imreoir is fearr leat: Elaine Harte
Síofra Ni Fhionnagáin Dáta breithe:3 bréithe:3 Lúnasa L 1999 Club:Na Brian Diolúnaigh Ionad ar an bpáirc: Tosaí Aon spórt eile: Péil Imreoir is fearr: Juliet Murphy
Máire Pléimeann: Dáta breithe: 2 Lunasa 1996 Club: Na Sairséalaigh Ionad ar an bpáirc: Leathchúlaí Aon spórt eile: Nil Imreoir is fearr leat: Conor Lehane
Róisín Ní Dhonnabháin Dáta breithe: 27 Aibreán 1998 Club: Na Sáirséalaigh Ionad ar an bpáirc: Leath-thosaí Aon spórt eile: Surfing, snámh,sacar, Imreoir is fearr leat: Iníon Ní Bhroinn
Gráinne Ní Laighin Dáta breithe: 24 Mean Fómhair 1998 Club:Bántír Ionad ar an bpáirc: Leath-thosaí Aon spórt eile: Peil Imreoir is fearr leat: Geraldine O’ Flynne
Meabh Nic Cárthaigh Dáta breithe: 13 Aibreán 1997 Club: Na Sairséalaigh Ionad ar an bpáirc: Lár na páirce Aon spórt eile: Peil Imreoir is fearr leat: Briege Corkery
Sorcha Ní Choistealla Dáta breithe: 8 Iúil 1998 Club: Na Sáirséalaigh Ionad ar an bpáirc: Leath-thosaí Aon spórt eile: Sacar Imreoir is fearr leat: Anthony Nash
Clár Ní Mhaoláin Dáta breithe: 29 Márta 2000 Club: Na Sáirséalaigh Ionad ar an bpáirc: Leath-thosaí Aon spórt eile: Peil Imreoir is fearr leat: Eimear O’Farrell
Rúth Nic Cárthaigh Dáta breithe: 24 Iúil 1999 Club: Na Sairséalaigh Ionad ar an bpáirc: Lár na páirce Aon spórt eile: Peil Imreoir is fearr leat: Emer O’ Farrell
Íde Ní Dheasúmhnaigh Dáta breithe: 17 Feabhra 1999 Club:Baile an Easpaigh Ionad ar an bpáirc: Lánchúlaí Aon spórt eile: Peil Imreoir is fearr leat: Briege Corkery
Lauren De Barra Dáta breithe:7 Nollag 1997 Club:Na Brian Diolúnaigh Ionad ar an bpáirc: Leath–thosaí Aon spórt eile: Peil Imreoir is fearr leat: Conor Lehane
Antonia De Buitléir Dáta breithe: 9 Lúnasa 1999 Club: An Cóbh Ionad ar an bpáirc: Tosaí Aon spórt eile: Péil Imreoir is fearr leat: Anthony Nash
Sorcha Ní Bhrudair Dáta breithe: 21 Meán Fomhair 1999 Club:An Charraig Dhubh Ionad ar an bpáirc: Tosaí Aon spórt eile: Damhsa Gaelach Imreoir is fearr leat: Orla Cotter
Ellie Ní Thuama Dáta breithe: 29 Samhain 2000 Club: Na Sairséalaigh Ionad ar an bpáirc: Tosaí Aon spórt eile: Damhsa Gaelach Imreoir is fearr leat: Anthony Nash
13
AONAD DE CHUID NA HIDIRBHLIANA IS EA AN TIONSCADAL SEO FAOI STIÚIR AN MHÁISTIR UÍ CHÉILLEACHAIR
SÚIL EILE : EAGRÁN AN tSAMHRAIDH 2015
An Chrannóg: Tionscadal Staire na Chéad Bhliana 2015
Turas Staire
Daltaí agus múinteoirí ar chéimeanna Mhueseúm na Breataine
Chuaigh daltaí an cúigiú agus an séú bliain agus ceathrar muinteoir faru ar thuras staire sall go Londain Shasana ar an 21 Eanáir 2015. Turas lae a bhí beartaithe agus d’éirigh go seoigh leo. Ba é an chloch ba mhó a bhí ar an bpaidrín acu ná camchuaird a thabhairt ar dhá mhúseum. D’eitliodar ó aerfort Chorcaí go luath ar maidin sall go dtí aerfort Stansted. Chuadar as san isteach go lár cathair Londain agus thugadar cuairt ar Mhúsaem na Breataine. Chaitheadar cúpla uair an chloig ann. Shiúladar as san go dtí Covent Garden ach níor chuir an tsiúlóid sin aon chaduaic orthu agus ligeadar a scíth ar feadh tamaill ann. Chuireadar rompu ansan a n-aghaidh a thabhairt ar an Múseum Impiriúil Cogaidh. Bhí na taispeántais san áit úd ar fheabhas. B’fhiú go mór dóibh dul ann mar bhíodar tógtha go mór le gach gné den áit. Thabharfaidís aon ní ach cuairt a thabhairt ar an áit arís. Bhí mórán Éireann nithe le feiceáil ann dar ndóigh ach tar éis cúpla uair an chloig bhí orthu filleadh ar an aerfort. Caithfear a rá go raibh an lá go diail ar fad. Bhain idir mhúinteoirí agus daltaí an-tairbhe go deo as. Cuireadh an sméar mhullaigh ar an scéal do na daltaí ach go háirithe um thráthnóna nuair a casadh an banna ceoil Walking on Cars orthu ag an aerfort thall. Ghlacadar roinnt grianghrafanna ina dteannta agus bhí dreas beag cainte acu leo. Deirimse leat go raibh clab go cluas ar gach éinne ar shroichint aerfort Chorcaí dóibh toisc gur éirigh chomh maith sin leis an turas agus de réir cosúlachta tá an chéad turas eile á phleanáil cheanna féin.
An Museúm Impiriúil Cogaidh
Darcy Saville
Caoimhe Ní Bhruadair
Seán Ó Maoldomhnaigh
14
AONAD DE CHUID NA HIDIRBHLIANA IS EA AN TIONSCADAL SEO FAOI STIÚIR AN MHÁISTIR UÍ CHÉILLEACHAIR
SÚIL EILE : EAGRÁN AN tSAMHRAIDH 2015
Daltaí Ag Caint
Saothair Ár nDaltaí Ildánacha
Ainm: Conchúr Ó Feargail Caitheamh aimsire spóirt: Badóireacht, CLG An banna ceoil is fearr leat: The Script Éacht is mó i do shaol: Sraitheanna sráide faoi 9 a bhuachaint An t-ábhar is fearr leat: Béarla Do laoch: Emile Heskey An bia is fearr leat: Píoga
Líníocht: Caoilinn Ní hAodha
Ainm: Nathan Ó Conaill Caitheamh aimsire spóirt: Aeróbaic uisce An banna ceoil is fearr leat: Na Wolfe Tones Éacht is mó i do shaol: Cúl a scórail do mo chlub. An t-ábhar is fearr leat: Staidear Gnó Do laoch: Tom Daley An bia is fearr leat: Seacláid
Líníocht: Martha Ní Liathain
Cré: Alí Ní Dhaimhín
Ainm: Riain Ó Riagáin Caitheamh Aimsire Spóirt: Iascaireacht agus judo An banna ceoil is fearr: Crystal Swing Éacht is mó i do shaol: Cluiche craoibhe a bhuacaint le Rogha Éireann An t-ábhar is fearr leat: Staidear Gnó Do laoch: Niki An bia is fearr leat: Spíonáin
Bloc Priontáil:
Clíona Ní Laoire 15
AONAD DE CHUID NA HIDIRBHLIANA IS EA AN TIONSCADAL SEO FAOI STIÚIR AN MHÁISTIR UÍ CHÉILLEACHAIR
An Ghaeltacht Ar an 21 Aibreán 2015 chuaigh ranganna na hidirbhliana ar thuras lae go dtí Baile Bhúirne. Ceathrar múinteoir a bhí farainn. Fágadh na busanna ag Coláiste Ghobnait agus shiúlamar an turas gairid go dtí abhainn an tSuláin. Trasna an droichid linn agus níorbh fhada gur bhaineamar amach Tobar Naomh Ghobnatan. Tugadh roinnt eolais dúinn mar gheall ar an dtobar agus na traidisiúin a bhaineann leis. Ar aghaidh linn ansin go dtí an dealbh atá ag barr an chnoic. Míníodh an stair a bhaineann leis an láthair An “Síle na Gig” á chuimilt dúinn agus conas mar a tháínig Naomh Gobnait go dtí an ceantar an chéad lá. Bhí mórán scéalta a bhain leis an naomh seo agus chualamar cuid mhaith díobh. Chuamar ansan go dtí an sean teampall atá le hais uaigh Ghobnatan. Bhí go leor le feiceáil anseo, mar a raibh an “Bulla”, an “Gadaí Dubh” agus “Síle na Gig”. Tá an “Bulla” le feiceáil istigh i bpoll i bpinniúr sa sean eaglais. Cloch leighis a thugtaí air tráth. Sé an mianach atá ann ná Agate agus níl a leithéid le fáil in Éirinn ach aon cheann amháin de réir cosúlachta i nDún na nGall. Nuair a bhíonn duine ag déanamh turas Ghobnatan cuimlíonn sé brat trí huaire dhe, deineann sé fíor na croise ar féin leis an mbrat agus ar pé ball dá chorp go mbíonn an gearán. Maidir leis an “Gadaí Dubh” deirtear gur tháinig sé agus gur ghoid sé capall Ghobnatan. Nuair a d’éirigh sí ar maidin áfach bhí an gadaí fós ar an láthair agus é ar mhuin an chapaill agus é ag dul ar chos in airde timpeall An “Gadaí Dubh” agus timpeall an teampaill. Rugadh air gan mhoill gan amhras. Gearradh a dhealbh ar chloch mar phionós i dtreo is go gcuimhneofaí go brách ar a choir. Tá an dealbh seo le feiceáíl go soiléir fós i dteampall Ghobnatan. Is é an scéal a bhaineann leis an “Síle na Gig” ná má chuimilíonn tú é le do lámh go mbeidh an t-ádh leat. Os rud é go bhfuil sé os cionn na fuinneoige bíonn ar dhuine seasamh ar leac na fuinneoige chun é a shroichint.
SÚIL EILE : EAGRÁN AN tSAMHRAIDH 2015
Turas Go Dtí An India
Deiseal: Ruby De Baróid, Aoife Ní Ghóilín, Fiona Ní Chearbhaill, Muireann Ní Dhuinneacha, Síofra Nic Ristéaird, Hilary Ní Shúilleabháin, Áine Ní hAonghusa. As láthair: Sorcha Ní Choisteala
I mbliana, beidh ochtar dalta ón scoil ag taisteal leis an bhFondúireacht Hope go dtí an India. Beidh Ruby, Aoife, Áine, Sorcha, Fiona, Muireann, Síofra agus Hilary, daltaí an ceathrú bliain ag imeacht sall go dtí an India i mí na Márta. Táid tar éis €24,800 a bhailiú ó thosach mí Mheán Fómhair seo a d’imigh tharainn, idir díolacháin cístí, mhaidineacha caife, bhailiúcháin sa chathair, ag díol barraí seacláide Hope agus roinnt imeachtaí eile. D’eagraigh na daltaí féin na himeachtaí agus is obair dheonach atá i gceist. Bronnfar formhór an airgid ar an bhFondúireacht, €19,200 go díreach. Úsáidfear an fuíollach chun cuid den gcostas a bhainfidh le taisteal go dtí an India a chlúdach. Tá sé ar na bioráin ag an bhFondúireacht an t-airgead sin a chaitheamh ar thionscadail éagsúla a raghaidh chun tairbhe do na leanaí sráide atá faoina gcúram. Is é aidhm na fondúireachta ná dídean a chur ar fáil do leanaí gan dídean san India agus d’admhódh an té is daille amuigh go bhfuil sé tuillte go dóite acu. Tugtar tacaíocht dóibh, agus tairgtear oideachas saor in aisce dóibh. Tá mórán Éireann ospidéil agus díleachtlainne bunaithe acu freisin le haghaidh na bpáistí seo. Is leis na páistí seo a bheidh na daltaí ag obair ar feadh cúpla seachtain sara bhfillfidh siad ar a gcuid staidéir. Go n-éirí go geal leo.
Ar aghaidh linn arís go dtí an reilig agus chonaiceamar uaigh Sheáin Uí Riordáin agus uaigh Sheáin Uí Riada. Bhí roinnt siúlóide le déanamh againn ansin mar chuamar isteach i gcoill agus bhogamar linn go gasta síos le fána go dtí gur shroicheamar abhainn an tSuláin. Chaitheamar leath uair an chloig nó mar sin ar bhruach na habhann ar ár suaimhneas agus d’itheamar ár lón. Bhogamar linn arís agus shiúlamar soir le hais an bhóthair i dtreo na mbusanna agus thóg sé isteach is amach le fiche cúig noiméad an carrchlós a bhaint amach. Bhí sé in am filleadh ar an scoil faoin dtráth san.
Daltaí ag filleadh ó Thobar Ghobnatan
16