
1 minute read
LÁ SPÓIRT 2023 AN MHAIRDÍOG


Advertisement
Bhí lá den scoth againn sa Mhairdíog ag tús mí na Bealtaine. Molaimid rannpháirtíocht agus dearcadh dearfach ár ndaltaí uile ar an lá speisialta seo.



SCANNÁNAÍOCHT An Cailín Ciúin
Tháinig an scannán An Cailín Ciúin amach i bpictiúrlanna na hÉireann agus an Ríochta Aontaithe i mí Bealtaine 2022. Is ionann é agus an scannán trí Ghaeilge a ghnóthaigh an méid is mó airgid ag Oifig na dTicéad riamh. Tá sé bunaithe ar leabhar a scríobh Claire Keegan, d’arbh ainm ‘Foster’.
Tugtar léiriú sa leabhar agus sa scannán ar scéal cailín óg, atá ina páiste altrama. Téann sí chuig teach a gaolta nach bhfuil aithne aici orthu nuair atá a máthair ag iompar clainne. Ní raibh mórán aire tugtha di nuair a bhí sí sa bhaile agus níl sí compordach ag an tús leis an aire atá tugtha di i dteach a gaolta. Tar éis tamaill, Cuireann sí an chúthaileacht di agus fásann sí mar chailín óg inti féin.

Is scéal brónach é i ndáiríre ach tá dóchas le brath i gcónaí chomh maith. Bhí scéal an leabhair léirithe go héifeachtach tríd an scannán.
Bhí An Cailín Ciúin ainmnithe do ghradam Oscar i gcatagóir na scannán idirnáisiúnta, ach ní raibh an lá leo ar deireadh. Ba scannán den scoth é ar aon chuma agus ba cheart go bhfuilimid bródúil as an scannán a chuireann ár teanga dhúchais ar taispeáint ar an ardán idirnáisiúnta.



Club Leabhar Nascoile

Buaileann club leabhar na scoile le le chéile gach seachtain chun labhairt faoi gach rud a bhaineann le leabhair. Bíonn na cruinnuithe ar siúl ag am loin ar an gCéadaoin agus ar an Déardaoin.
Tá club sinsearach agus sóiseareach ann, a bhuaileann le chéile ar laethanta difriúila. Tá roinnt leabhar nua ordaithe againn don bhliain seo chugainn.
Má thaitníonn an léitheoireacht leat, bígí linn i seomra 24 ar an gCéadaoin nó ar anDéardaoin gach seachtain. Fáilte roimh chách!