2 minute read

SEACHTAIN NAGAEILGE

Bhí spiorad agus spraoi sa halla agus daltaí na céad bliana gafa le céilí. Ghlac an idirbhliain páirt an lá dár gcionn. Idir Ballaí Luimnigh, Cur Crúb ar an Asal, an Dreoilín agus níos mó, bhí am den scoth acu ag rince timpeall na háite. Comh maith le sin, chur roinnt de dhaltaí na hidirbhliana péinteáil aghaidhe ar fáil dóibh, mar sin bhí dathanna na hÉireann le feiscint fud fad na scoile.

Advertisement

Ige V Oillte

Bhí an bua ag daltaí na séú bliana thar na múinteoirí i gcomórtas fíóchmhar. Aidhm an chomórtais ná an cheist seo a fhreagairt: An fearr a bheith óg nó a bheith oillte? Is traidisiún láidir scoile é an comórtas seo nach raibh curtha ar bun le cúpla bliain anuas de bharr srianta na paindéime. É sin ráite, tar éis obair na gcapall ó hIníon Ní Riordáin a d’eagraigh an comórtas, níl aon amhras faoi ach go bhfuil sé ar ais i mbarr a réime.

Aoichainteoir

Ceol Traidisi Nta

Bhí ceol breá bríomhar le chloisteáil timpeall na scoile gach lá ar maidin agus ag am loin. Bhí idir cheol traidisiúnta agus cheol chomhaimseartha ar fáil dúinn uile. Chomh maith leis sin, bhí seisiúin ceoil beo curtha ar siúl ag an Máistir Ó Tuathail agus ag na daltaí ceoil.

Bhí tús iontach curtha le Seachtain na Gaeilge nuair a tháinig aoichainteoirí isteach chun labhairt leis an séú bliain faoin luach agus faoin bhfiúntas a bhaineann lenár dteanga dúchais. Chuireamar fáilte roimh an Dochtúir Caitríona Ó Dochartaigh, an Dochtúir Seán Ó Conaill, Brian Tyres agus Tomás Ó Sé. Labhair na cainteoirí uile le paisean agus le fuinneamh maidir leis an tábhacht a bhaineann lenár dteanga a chaomhnú agus a neartú.

Dreapad Ireacht

Bhí deis ar leith ag daltaí na ceathrú agus na triú bliana le déanaí nuair a thug said cuairt ar an ionad dreapadóireachta ‘Awesome Walls’. Ghlac siad páirt i gComórtas Náisiúnta Dreapadóireachta na Scoileanna. Seo an cúigiú uair a ritheadh an comórtas seo. Bhí dhá chatagóir de dhreapadh i gceist les an gcomórtas - dreapadh rópa uachtair agus luas-dhreapadh. I gcás an dreapaidh rópa uachtair, an aidhm ná dreapadh chomh hard is gur féidir. Bhain an luas-dhreapadh le dul in airde chomh tapaidh is gur féidir in aghaidh iomaitheora.

Ghlac dhá fhoireann páirt sa chomórtas An fhoireann ceathrú bliana ná; Seán Ó Gógáin, Oisín Ó hÁinle, Stiofán Ó Súilleabháin, Billy Ó Loin-

MEITHEAL 2023 / 2024

sigh agus Ciarán De Róiste. An fhoireann tríú bliana ná; Maitiú Ó Donnchú, Dáire Ó Cuimín, Seán Fergy agus Fiacc Ó Laighin.

Mór chomhghairdeas le Seán Ó Gógáin a d’imigh ar aghaidh chuig an gCraobh Dreapadóireachta Uile Éireann agus bhain sé an dara háit amach. Tréaslaímid leat a Sheáin!

I lár mí Aibreáin, bhí foireann úrnua Mheitheal na bliana 20232024 i mbun traenála le Scala don bhliain seo chugainn agus iad ag ullmhú le fáilte a chur roimh an gcéad bhliain nua anseo i gColáiste an Phiarsaigh:

Chaitheamar ceithre lá den scoth ar lá treanála Meithil i dteannta le Scala sa Charraig Dhubh. Cuireadh oiliúint chríochnúil orainn maidir leis na bealaí is fearr le lámh chúnta a thabhairt do dhaltaí na Céad Bliana le linn na scoilbliana seo chugainn. Thogamar Niamh Nic Gafraigh mar cheannaire an ghrúpa agus Gráinne Sneddon mar rúnaí. Le linn na seachtaine chuireamar barr feabhais ar ár scileanna éisteachta agus labhartha. Táimid ag tnúth go mór leis an mbliain seo chugainn agus le fáilte Uí Cheallaigh a chur roimh dhaltaí nua Choláiste an Phiarsaigh!”

Guímid gach rath ar fhoireann Mheitheal sa scoilbhliain atá amach romhainn. Beidh siad ina n-eiseamláirí do dhaltaí na Céad Bliana agus don scoil uile. Ár seasamh oraibh a dhaltaí

This article is from: