Nuachtlitir - Samhradh 16

Page 1

Nuacht na Scoile An dara bliain ar an bhfód

Dámhachtainí Fiontair Mac Léinn Ghlac dhá fhoireann gnó ó Choláiste Ghlór na Mara páirt sa chomórtas fiontraíochta i mBaile Bhlainséir Bhí an dara bliain gnó an-ghnóthach i mbliana ag ullmhú don chomórtas fiontraíochta Fine Ghall. Bhí ar na foirne mion-chomhlacht a bhunú agus plean gnó a scríobh. Scríobh Piaras Ó hÓgáin, Conor Ó Leancháin, Turlough Mac Cana agus Ciaráin Ó Biatháin Leabhar Béarlagair darbh ainm ‘The Little Book of Bearlagáir’. Tá an leabhar seo dátheangach agus is bailiúcháin greannmhar é don bhéarlagair is coitianta ó fud na tíre. Chuir Conor Ó Dúil, Donál Ó Sluain, Aaron O’ Maoinigh agus Jamie O’ Dúfaigh ais foghlama le chéile a chabhródh le daltaí le disléicse. Báistíodh ‘LCW’ ar an áis teagaisc seo nó ‘Look Cover Write’. Tháinig meántóirí ón mbord fiontraíochta chun na scoile chun tacaíochta a thabhairt dóibh. D’fhoghlaim siad an-chuid ar an lá agus mhúsclaíodh an-chuid spéise iontu i gcúrsaí gnó. Bhuaigh Piarais, Conor, Turlough agus Ciaran duais ar an lá mar gheall ar an smaoineamh iontach a bhí acu.

Díospóireachtaí Gaeilge ‘Glór Beo’ i ngaelscoile Bhaile Brigín an comórtas díospóireachta ‘Glór Beo’. Bhí ocht bhfoireann san iomlán, péire ó gach scoile agus ceithre rúin rúin le plé acu. Bhí dhá fhoireann láidir ag Coláiste Ghlór na Mara. Bhí Caoimhe Breathnach, Aoife Ní Chuanaigh agus Niamh Nic 1


Aoidh in aghaidh Gaelscoil an Bhradáin Feasa leis an rún ‘Is iontach an áis í an fón póca don fhoghlaim ar scoil’ . Bhí na cailíní ar son an rúin agus rinne siad an-iarracht toisc go raibh sé an chéad uair d’Aoife agus do Niamh a bheith i mbun díospóireachta. Bhí Sháhín Houshidari, Seán Mac Fearnáin agus Cormac Ó hOdhráin arís i gcoinne Gaelscoil an Bhradáin Feasa leis an rúin “Ba cheard don domhan ar fad aon teanga amháin a labhairt’. D’éirigh thar cionn leis na buachaillí agus bhuaigh siad an comórtas díospóireachta. Léirigh an halla a gcuid measa ar Sháhín Houisidari ach go háirithe as ucht a gcuid scileanna óráidíochta.

Stiofáin Cormac, Seán agus Shahín

Bronnadh sólaistí deasa ar na scoláirí uilig ag am lóin agus bhí deis acu am lóin a chaitheamh le chéile ag imirt peile faoin ngrian.

Niamh Nic Aoidh, Caoimhe Breathnach

Gráinne, Piaras agus Darragh

Searmanas Bronnta an Bhrataí Náisiúnta Ghlac Coláiste Ghlór na mara páirt i Searmanas Bronnta an Bhrataí Náisiúnta ar na hIarbhunscoileanna i bPáirc an Chrócaigh, Dé Luain 7ú Márta 2016. Is bliain anspeisialta í 2016 ina bhfuil comóradh á dhéanamh ar an Éirí Amach. Bhí óráid ó Uachtarán na hÉireann, Micheál D.Ó hUigínn mar aon le Cigireacht ar an nGarda Onóra, an 12ú Cathlán Coisithe. Tugadh scéal bheatha Thomas Francis Meagher agus bhí ceol ón ngrúpa Seo Linn. D’fhreastal Gráinne Nic an Ultaigh, Piaras Ó hÓgáin agus Darragh Mac Eochaidh in éindí le Múinteoir Carly agus Múinteoir Louise.

2


An céilí uaine le linn Corpoideachais Bhailigh an scoil ar fad istigh sa halla ar an aoine le linn seachtain na Gaeilge le haghaidh céilithe. Bhí an atmaisféar le brath sa halla toisc go raibh gach duine gléasta go náisiúnach don ócáid. Ní neart craic is spraoi le linn na huaire agus bhí deis ag gach duine dul i mbun rince. Cuireadh ceol ar siúl go Ballaí Luimnigh, Ionsaí na hInse, an Seáinín agus Damhsa na scuaibe. Bhí gach duine tuirseach traochta i ndiaidh na gníomhaíochta gan dabht! Seán Mac Cearáin

An La Stáire ag Bliain a haon Cuireadh ionadh ar roinnt múinteoirí nuair a shroich Bliain a haoin doras na scoile roimh an Cháisc.. Bhí meascán de charachtair stairiúla i láthair agus roinnt dóibh an scanrúil. I measc na gcarachtar, bhí muintir na Róimhe, daoine ón éirí amach, mná cáiliúla agus ceannairí faisisteacha.

Hannah, Aoife, Caoimh, Seamus, Seán agus Liam - Na Rómhánaigh

Aoife, Aingeal, Rebecca, Ella agus Sháhín

Seán, Luka, Darragh agus Cormac

Aisling, Ciara, Grace, Gráinne, Eilís, Hollie, Ellen agus Kelly

3


Comórtas Scifest - ag cothú na heolaíochtaí Cuireadh aonach eolaíochta ar siúl i halla na scoile roimh an Cháisc. Bhí ar ghrúpaí de thriúr teacht suas le ceist taighde. Chaith daltaí na scoile roinnt mhaithe seachtaine ag déanamh turgnaimh ag am lóin agus ag fiosrú a gceisteanna. Ansin, bhí orthu póstaer eolaíochta a chruthú agus tuairisc a scríobh bunaithe ar na torthaí a bhí acu. Ar lá an chomórtas , bhailigh gach duine sa halla le seastán agus póstaer. Tháinig beirt moltóirí ó Scifest chun na scoile agus chabhraigh Múinteoir Louise leis an moltóireacht freisin. Bhí an-éagsúlacht i measc na dturgnamh agus lá spraíúil ba ea é. Ar deireadh, bheartaigh na moltóirí dhá fhoireann chun dul ar aghaidh go dtí an chéad bhabhta eile i mí an Bhealtaine. Is iad na buailteoirí i mbliana ná Caoimhe Breathnach, Ella Ní Riabhaigh, agus Aífe Ní Chaoimhánaigh. D’fhiosraigh na cailíní cé mhéad baictéar a bhíonn ar scuaba smididh.Sa dara áit, tháinig Caitlín NewPort agus Aoife Ní Chuanaigh leis an gceist taighde faoin méid siúcra a bhíonn in ár ndeochanna.

Shauna, Cian agus Aaron ag an aonach eolaíochta Scifest

Hannah Ní Bhaíolláin ag taispeáint a turgnaimh.

4


Turn static files into dynamic content formats.

Create a flipbook
Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.