Glór na bealtaine

Page 1

Glรณr na Bealtaine 2017


Fáiltiú ón bPríomhoide Míle fáilte chuig nuachtlitir an tSamhraidh. Tá súil agam go mbainfidh sibh fíor-thaitneamh as. Beidh seans agaibh eolas d’fháil ar roinnt de na himeachtaí éagsúla inar ghlac daltaí Choláiste Ghlór na Mara páirt i rith na scoilbhliana 2016/2017. Táimid ana mhorálach as na duaiseanna atá buaite acu i rith na bliana idir dhuaiseanna fiontair, duaiseanna spóirt, duaiseanna eolaíochta, duaiseanna filíochta, duaiseanna ceoil srl. Ba mhaith linn freisin ceiliúradh a dhéanamh ar chomórtaisí díospóireachta agus comórtaisí ceoil inar ghlacadar páirt. Bhailigh coiste an Gaelbhrataigh an bhratach ar son na scoile ar an 29ú Bealtaine ag ócáid iontach i mBaile na Lobhar. Crochfar an bhratach sa scoilbhliain nua. Táimid ana bhródúil as an dul chun cinn atá déanta ag na daltaí i rith na bliana ó thaobh cúrsaí teangan de. Léiríonn said meas ar a dteanga féin agus is ábhar bróid dúinn an scéal seo a scaipeadh ar chách. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le daltaí, tuismitheoirí, foireann na scoile agus an Bord Bainistíochta as ucht an fáilte iontach a cuireadh romham ag tús na míosa seo. Tá súil in airde agam bheith ag obair le pobal uile na scoile chun cur leis an dea-obair atá déanta ó bunaíodh Coláiste Ghlór na Mara. Is mian liom daltaí a spreagadh chun barr feabhais a bhaint amach ó thaobh forbairt teangan, forbairt acadúil agus forbairt pearsanta de. Guím gach rath ar na daltaí atá i mbun scrúduithe an Teastais Shóisearaigh don chéad uair i mbliana. Guím gach rath freisin ar Aoife Elster agus í ag tosú i scoil nua i bPort Laoise. Gabhaimid buíochas léi as ucht gach a rinne sí ar son na scoile. Bainigí fíor thaitneamh as saoire an tSamhraidh. Beimid ag súil go mór leis an scoilbhliain nua a thosóidh ar an 24ú Lúnasa.

Le gach dea-ghuí, Maedhbh Daltún.


Glór na Bealtaine ‘17 Scríofa ag na daltaí do na daltaí Bhuaigh Hannah Ní Bhaolláin an chéad áit sa chomórtas Bácúis. Rinne sí éacht agus bhí an cáca go hálainn mar hata mór leipreacháin. Bhuaigh Óisín Ó Murchú as an gcéad bhliain Comórtas Filíochta na Scoile lena dhán ‘An Ghaeilge’. Is féidir leat é a léamh thíos. Chuir na daltaí isteach ar chomórtas filíochta Gael-linn ach faraor níor éirigh leo, ach beidh bliain eile ann dóibh! Bhuaigh Jamie Mac Siúrtáin agus Kevin as 1T Comórtas Póstaer Pun lena líne ‘an bhfuil pinn i do cheann’ (pian). An Ghaeilge Le Oisín Ó Murchú

Tairbhe Obair Chrua an Choiste Gaelbhrataigh!! BUA Bratach na Gaeilge Bhí tús mór curtha ag an gCoiste Gaelbhrataigh le himeachtaí eagraithe ar son na Gaeilge sa scoil. I mí Feabhra, bhí Maidin Chaife ann agus bhailigh siad €190 ar fad. Dhíol siad freisin líreacán Vailintín agus imeoidh leath den airgead go leabhair nua a chéannach dár Leabharlann nua. I mí an Mhárta, bhí Seachtain Mhór Spóirt is Spraoi eagraithe agus bhí comórtais Bácúis, Filíochta, Céilí, Trath na gCeist, Biongó Bliana agus Lá Spraoi le Coláiste Phobail Rath Cairn. Tháinig Coláiste Pobail Rath Cairn ar cuairt chugainn chun comórtas cispheile agus díospóireachta a dhéanamh. Bhí veain sceallóga agus uachtair reoite ann chomh maith agus táimid cinnte gur ócáid bhliantúil a bheas ann. Tháinig beirt mholtóirí amach ar mheasúnú ón bhfeachtas Gaelbhrataigh le Gael Linn chuig an scoil chun féachaint ar an bhfillteán agus céard a bhí ar siúl ag an gCoiste ó thús na bliana. Ba mhaith le Múinteoir Niamh a buíochas a ghabháil as gach duine a thug a dtacaíocht. Nár laga Dia sibh!

Gaeilge go deo Go daingean i’m chroí Is breá liom an teanga Is linne í Gan an Ghaeilge Ní bheadh mé anseo Ag foghlaim í Ó dhá mhíle is a seacht Is pribhléid iontach Ag labhairt na Gaeilge Ag foghlaim ar scoil Is ag obair le chéile Ag labhairt Gaeilge Ag foghlaim go deo Cabhraígí liom í a choinneáil beo


Bua ag Fiontraí Aoife Ní Chuanaigh i bhFine Gall agus ag an gcomórtas naisiúnta i bPáirc an Chrócaigh. Tá fiontraí óg inár measc i gColáiste Ghlór na Mara. Ghlac Aoife Ní Chuanaigh páirt sa chomórtas fiontraíochta lena leabhar a scríobh sí ‘Make Every Step Count’. Spreagadh Aoife sa rang gnó nuair a thuig sí go raibh bearna sa mhargadh den chineál leabhair seo. Is treoir é an leabhar seo do chailíní ar chúrsaí smididh, cúrsaí sláinte agus ar bhealaí conas dul i ngleic le gnáthfhadhbanna an tsaoil. Chuir Aoife an leabhar i gcló agus dhíol sí fiche cóip den leabhar sa cheantar áitiúil.

Lá Cairdis: Múinteoirí Laura, Michelle agus Niamh ag bailiú airgid le haghaidh Amnesty International. Díoladh uachtar reoite ag am lóin agus chuaigh an t-airgead i dtreo Amnesty. Miocrorgánaigh an tsaoil: James Ó Deoráin agus Caoimhe Breathnach lena dtionscadail bitheolaíochta. Tá víreas ag Caoimhe agus baictéir ag James.

Tharraing sí neart poiblíochta uirthi féin maidir leis an meán. Bhí príomhoidí scoile agus múinteoirí áirithe ag fiosrú ar an lá an mbeidís in ann cóip a fháil dá scoil féin. Tá muintir na scoile an-bhródúil aistí as ucht an éacht atá bainte amach ag Aoife. Chuir 22,000 daltaí scoile isteach ar an gcomórtas agus bhí 23 grúpa eile in iomaíocht le hAoife ar lá an chomórtais i mBaile Átha Cliath. Bhí an t-ádh ag Aoife filleadh abhaile le duais. Is nuacht iontach é seo dár nGaelcholáiste bheag.


Tionscadal O.S.S.P. Bliain 3 Le Gráinne Ní Chochláin

Rinne an tríú bhliain tionscnaimh O.S.S.P. An tionscanamh a bhí ann ná ag bailiú airgid chun pacáistí a chruthú ionas go mbeadh siad in ann iad a thabhairt chuig daoine gan dídean. Bhí mé ag labhairt leis na daltaí sa tríú bliain chun níos mó eolas a bhailiú faoin tionscanamh iontach seo. D’oibrigh siad leis an gcarthanas ‘Inner City Helping Homeless’ chun na pacáistí a thabhairt amach. Chun airgead a bhailiú, d’eagraigh siad díolachán cácaí. D’eagraigh siad lá gan éadaí scoile chomh maith. Bhí ar gach dalta sa scoil €2 a íoc chun a n-éadaí féin a chaitheamh. San iomlán, bhailigh an bhliain €240 chun na pacáistí a chur le chéile. Dúirt na daltaí liom dá mbeadh seans eile chun an tionscaimh a dhéanamh, go ndéanfaidís iarracht níos mó chun níos mó airgid a bhailiú. In sna pacáistí, chuir siad blaincéadaí, bia, stocaí, milseán, scúba fiacla, taos fiacla, hataí agus a lán rudaí eile. Ar an 22ú de mhí na Bealtaine, bhailigh fearr ó ‘Inner City Helping Homeless’ na pacáistí ar fad. D’fhoghlaim siad faoin trioblóid a bhí ann taobh thiar de easpa dídine agus do na constaicí sóisialta agus pearsanta a bhfuil ag na daoine gan dídean. Dúirt siad go bhfuil sé faoi dhaoine óga na tíre seo chun rudaí a athrú do na daoine bochta seo. Bhain an tríú bhliain ar fad an sult as an tionscnamh seo. Tá an scoil an fad an-bhródúil astú. Maith sibh ar fad!

Cuimhneacháin na céad bhliana Bhí an chéad bhliain an-mhaith. Chas mé le a lán cairde nua. D'fhoghlaim mé a lán rudaí nua. Bhain mé an-taitneamh as na hábhair nua - eacnamaíocht bhaile, gnó agus Spáinnis. Bliain an-mhaith a bhí inti Aoife Ní Charthaigh Ní Bhroin Tharla go leor rudaí iontacha i mbliain a haon. Bhí díolacháin chácaí, leis an airgead ag dul i dtreo na leabharlainne. Tháinig bean isteach le seilidí chun rudaí a mhúineadh dúinn faoin DSPCA. Ceapaim féin go bhfuil carthanais anthábhachtach, agus gur rud iontach é gur tháinig an ceann sin go dtí ár scoil bheag. Chomh maith leis sin, bhí na seó tallainne go léir ar siúl. Bhí sé go hiontach a bheith ag éisteacht agus féachaint lenár gcomhscoláirí ag seinnt ceol nó ag damhsa. Éimear Ní Thuama Bhí mo thuras ón mbunscoil an-éasca dom, bhain mé taitneamh as an mbliain seo. Thosaigh mé amach le mo cairde ó mo shéan-scoil i mo rang agus mar sin, ní raibh gach duine mar strainséir dom. Tar éis cúpla seachtain rinne mé cairde nua agus táim chomh sásta gur tharla sé sin. Iarla Ó Ceallaigh Chuaigh an chéad bhliain go maith domsa. Rinne mé go leor rudaí nua agus rinne mé go leor cairde nua. Cheap mé go rachadh sé go dona dom, ach bhí sé go breá. Bhí an obair ceart go leor freisin agus bhí na múinteoirí go deas. Macdara Maitiú


Lá ar son an D.S.P.C.A. Le Sháhín Houshidari Ar an Déardaoin 26ú Aibreán 2017, chuir an scoil Tionscadal Gníomhach i bhfeidhm. Bailíodh os cionn €200 don DSPCA ar an lá, figiúr an-mhór go háirithe nuair nach bhfuil ach 125 dalta ar scoil. Chun an lá a reáchtáil, rinne rang 2L (le cabhair ó rang 2S) eagrúchán den scoth ar lá spraoi agus craic. Bhí ar na mic léinn €3 a íoc chun páirt a ghlacadh i léig sacair, burgairí a fháil ag am lóin agus chun a gcuid éadaí féin a chaitheamh. I rith an ceathrú ranga, tháinig bean ón DSPCA isteach chun labhairt linn faoi na bealaí gur féidir linn cabhrú leo agus le hainmhithe. Thug sí roinnt fíricí dúinn faoin DSPCA agus faoin bpost atá acu. Bhí sé seo an-shuimiúil agus bhainimid an-sult as. Ina dhiaidh sin, rinne cúpla dalta eagrúchán (agus cócaireacht) iontach ar na burgairí blasta a dhíol siad do na daltaí eile. Chuir siad aniarracht isteach le gach rud á eagrú, agus d'fhan siad siar tar éis scoile an lá roimhe fiú, chun gach rud a ullmhú! Ag am lóin, cuireadh tús leis an péinteáil aghaidhe. Cheapfá go raibh na daltaí siúd á dhéanamh chuile sheachtain! Bhí siad anphroifisiúnta agus flaithiúil lena gcuid ama shaor. Tar éis am lóin, ag leath uair tar éis a haon, thosaigh an ócáid mhór: An léig sacar! D'fill gach duine ar an halla ag súil leis an gcéad chluiche. Agus iad ag fanacht, bhí cluiche beag idir Múinteoir Elaine agus Múinteoir Seán chun fáil amach cé aige/aici a bhí na scileanna peile is fearr. Ach faraor, níor freagraíodh an cheist sin toisc go raibh an léig le tosú go luath ina ndiaidh! Bhí foireann Seán Puirséil ag imirt ar dtús in aghaidh foireann Seán Ó Biatháin. Leis an fhírinne a rá, bhí an formhór ag ceapadh gur cluiche

éasca a bheadh ann do Sheán Purséil, Greg, Eoin Ó Dúfaigh agus an fhoireann ar fad. Chomh maith leis sin, shíl roinnt dúinn go mbeadh an léig ar fad buaite acu! Ach faraor, d'imir an fhoireann eile (le himreoirí cosúil le Kevin Ó Fearnáin, Seán Ó B, Luke agus Adam Ó agus níos mó) thar barr, ag teacht ar ais ó 1-0 chun an cluiche a bhuachan 3-1! Bhí cúl thar barr ag Eoin, dhá cúl iontach ag Adam Ó agus chuir Seán Ó B an cluiche chun bháis le cúl iontach uaidh. Ina dhiaidh sin d'imir foireann Sean Ó

Fearnáin in aghaidh foireann Seán Ó B (sa chéad chluiche bhí sé mar ionadaí, agus bhí air imirt toisc nach raibh na huimhreacha mar an gcéanna.). Cluiche tábhachtach go leor a bhí ann - shíl gach duine gurbh iad siúd an dá fhoireann is fearr. D'imir Mitchell, Seán, Seán, Niall, Jamie agus Aoife thar barr sa chluiche sin. Ach faraor, chríochnaigh an cluiche le ciceanna pionóis agus bhí an bua ag foireann Seán Ó Fearnáin. Ansin bhí cluiche idir foireann James Ó Deoráin agus foireann Sháhín. Bhí James agus Evan ag súil leis an mbua, agus bhí Sháhín, Jack, Connor agus Ryan ag súil nach bhfaigheadh Evan Ó Cléirigh an liathróid!!! Thosaigh an cluiche agus bhí cúl ag Connor go luath sa cluiche. Ina dhiaidh sin, chuaigh Sháhín ar rith beag agus bhuail sé an liathróid i dtreo an cúil. Ach bhuail an liathróid an chuaille agus isteach i mbealach Connor. Thóg sé cic iontach ach rinne James Doran sábháil den scoth cheapfá gur De Gea a bhí ann! Phreab an liathróid amach go

Jack ach bhuail sé an trasnán. Nuair nach raibh ach nóiméad fágtha sa cluiche, shíl foireann Sháhín go raibh siad ag dul ar aghaidh chuig an chéad chluiche eile. Ach ansin fuair Evan an liathróid. Chreid é nó ná creid, scóráil sé dhá chúl i 15 soicind chun brionglóidí na foirne eile a scriosadh ina milliún píosaí. Deirtear go bhfuil Sháhín fós croíbhriste sa lá atá inniu ann. Sa chéad chluiche eile, áfach, bhí fios maith ag an lucht féachana cé a mbuafadh an léig. Bhí cluiche den scoth ag foireann Oisín Ó Murchú in aghaidh foireann Darragh Ó Baoileáin. Bhíomar isteach sna cluichí ceathrú ceannais anois. Ansin, D'imir foireann Oisín Ó Murchú in aghaidh foireann James Ó Deoráin. Ach anois ní raibh ach dhá fhoireann fágtha. An cluiche mór. Bhí roinnt pointí dearfacha le fáil anois don mbuaiteoir agus bhí an halla ag fáil te leis an teannas. Bhí foireann Seán Ó Fearnáin ag imirt in aghaidh foireann Oisín Ó Murchú. Faoi dheireadh thiar thall, ní raibh ach buaiteoir amháin, agus b'in foireann Oisín. D'imir siad thar barr tríd an léig ar fad, le roinnt cúl nach bhféadfá a chreidiúint. Tá roinnt comhghairdeas breise le tabhairt amach againn. Caithfear a rá gurb é cúl Evan Ó Carthaigh an cúl is fearr den léig ar fad agus ba é an "assist" a rinne Aaron Pacelli chun an seans sin a chruthú ar ceann de na pasanna is fearr dá bhfaca an scoil. Chuir sé cic foirfe suas an líne chuig Evan a rith ar nós na gaoithe chun an liathróid a choimeád. Agus é ag teacht isteach sa bhosca, bhuail sé an liathróid go foirfe isteach sa chúinne ar bharr an chúil.


Lúthchleasaíocht agus Tras-tíre Le Aoife Ní Chuanaigh, Liam Ó hAoláin agus Niamh Nic Aoidh

Chuir múinteoir Elaine foireann lúthchleasaíochta le chéile le haghaidh na ndaltaí ina raibh suim acu sa rith. Tháinig an fhoireann le chéile chun go leor traenáil a dhéanamh. Nuair a bhí na daltaí aclaí go maith, chuaigh siad go dtí an chéad rás i gContae na Mí. Níor éirigh le haon duine bonn a bhuachan ach bhí lá den scoth acu. Tar éis coicíse, chuaigh siad ag rith faoi dhó agus d’éirigh le Liam Ó hAoláin agus Róisín Ní Chatháin bonn a thógáil abhaile. Ghlac an fhoireann páirt i dtrí rás mór i bPáirc an Fhionnuisce. D’éirigh go hiontach le CGNM agus bhí cúig bhonn déag buaite an lá sin. Ghlac an scoil páirt i run-a-muc. Bhí lá iontach salach agus fliuch acu. Bhain gach duine fíorthaitneamh as an lá sin. Ag deireadh na bliana, d’fhreastal an fhoireann ar Sheantrabh. Bhuaigh Evan Ó Carthaigh bonn sa rás 100m. Tá an fhoireann ag súil go bhfaighidh siad cultacha reatha an bhliain seo chugainn.

Lá lus an chromchinn Bhí Lá Lus an Chromchinn ar 2ú de Mhárta. Bailíodh €245 do Chumann Ailse na hÉireann. Ar an lá, chaith gach duine éadaí buí agus dhíol múinteoirí Laura agus Michelle málaí milseáin chun airgead a thuilleadh. Feicimid Éimear, Aisling agus Aaron ag tacú na hócáide.


Lá Spóirt i gCaisleán Ard Giollán

Aaron Ó Maoinigh ag glacadh páirte sa troid uisce

Liam Ó hAoláin ag críochnú go compordach sa chéad áit

Buachaillí bliain 1 ag léim go tréan

Príomhoide Maedhbh ag taispeáint cé chomh láidir is a bhfuil sí leis an bplanc

Oisín, Evan, Niall agus Ben ag sú na gréine ag an lá spóirt.


Taispeantáis na ndaltaí

Le Megan Ní Bhranagáin Ar an Déardaoin 4ú de mhí Bhealtaine, bhí an oíche eolaíochta againn. Tháinig na tuismitheoirí. Bhí trathnóna iontach againn, lán de chraic agus spraoi. Bhí tionscnaimh iontacha ann, chuir gach uile dálta iarracht agus obair isteach sna tionscnaimh. Chroch muid dánta agus scéalta ón rang Gaeilge suas agus is breá leis na tuismitheoiri ag léamh agus ag breathnú tríd ár scéalta agus dánta. Chomh maith leis sin, bhí ár n-obair O.S.S.P agus reiligiún ansin. Bhí ár bhfillteáin ealaíne

ansin ag taispeáint na scileanna a d’fhorbair muid an bhliain seo. Bhí ár bpríomhoide nua ansin freisin agus bhí seans ag na tuismitheoirí dul agus labhairt léi. Freisin, seans maith i gcomhair an príomhoide nua chun buaileadh leis na daltaí agus labhairt leo faoin obair a raibh á déanamh acu agus an iarracht a chuir siad isteach le linn na bliana.

Bhí Taispeántas ealaíne agus teicneolaíochta ar siúl Dé Céadaoin 24ú Bealtaine. Chuir naonúr ón rang ealaíne agus seisear ón rang teicneolaíochta a gcuid oibre i láthair. Chan Rebecca Ní Mhóráin ar an oíche. Taispeánadh meascán de phéintéireacht, obair cré , eitseáil agus dearadh grafaice. Bhí an obair ealaíona bunaithe ar fhoirgneamh nua na scoile.

Bhí an chigire, Seán P Ó Briain, ana shásta lena chuairt anseo ar Choláiste Ghlór na Mara. Bhí sé an-dearfach ar fad. Thaitin atmaisféar na scoile leis agus mheas sé go raibh na daltaí an-oscailte agus go raibh spiorad iontach sa scoil. Bhí sé ana shásta leis an gcaighdeán múinteoireachta freisin.


Comhairle na ndaltaí

Rinneadh vótáil i gcomhair na n-oifigigh do Chomhairle na nDaltaí. Seo a leanas mar a vótáil siad: Aingeal Todaro -Cathaoirleach Adam Tantas - Leas-Chathaoirleach Rúnaí - Sorcha Ní Allúin Louise Ní Bharúin - Cisteoir Sadie Ní Ifearnáin- Oifigeach caidreamh poiblí Baill den Comhairle : Finnán , Adam Ó , Iarla , Seán Mac , Éimear Ní Thuama, Shauna Nic Uillin, Shauna Ní Dhúil , Grace Ní Chroim Bolger. Ag rith i dtreo an tsolais sa Sceirí: Ghlac 13 dhalta páirt ann, in aonach le roinnt tuismitheoirí agus beirt mhúinteoirí, Treasa agus Órna. Thuilleamar €125 do Theach Pieta. Daltaí ná: Gráinne Ní Chlocháin , Grace, Angela , Rebecca Ni Mhóráin , Micah, Aisling Ni Bhriain, Helen 1N , Éimear ní Thuama, Sorcha Ni Allúin , Emma 1N , Róisin 1N, Sadie , Darragh Ó Maonaigh. Gníomhachtaí: Tá múinteoir Seán agus an rang teicneolaíochta ag cruthú bosca moltaí dúinn, le crochadh san atriam d'aon mholtaí atá ag pobail na scoile. Tá an Chomhairle ag cabhrú liom póstaer/ealaín a chrochadh i mbealach tarraingteach sa scoil. Ionchur ar smaointe d'áiteanna scíthe timpeall na scoile/binse taobh amuigh. Caighdeán den gheansaí scoile a fheabhsú , go mairfeadh sé níos mó ná bliain scoile. Taighde ar thurais scoile don bhliain seo chugainn.

Turas go I.A.D.T. Le Gráinne Ní Chochláin Ar an 9ú de mhí an Mhárta, i gcomhair ‘Seachtain na hInnealltóireachta’ chuaigh an chéad agus an dara bhliain chuig I.A.D.T chun taispeántas innealltóireachta a fheiceáil. Bhí anshuim ag chuid is mó de na daltaí sa taispeántas. Bhí bean darbh ainm Becca Smithers ag labhairt faoin saghas innealltóireachta atá timpeall orainn ar fad sa domhain inniu. Bhí cúpla turgnamh le déanamh ansin, lig Becca cúpla dalta páirt a ghlacadh sna turgnaimh. Tar éis an taispeantais, bhí cead ag na daltaí féachaint ar thionscadail na ndaltaí ó I.A.D.T. Bhí bróga in ann ceol a sheinnt ar challaire. Tar éis a d’fhág muid slán le I.A.D.T, chuaigh muid chuig Dún Laoghaire chun bia a ithe agus spraoi a bhaint as an ngrian a bhí ag taitneamh go hard sa spéir an lá sin

B.T. Eolaí Óg Ar an 12ú de mhí Eanáir, chuaigh an dara bliain chuig an BT Eolaí Óg in san RDS. Bhí cead ag na daltaí siúl thart an halla lán le tionscadail den scoth. Bhí a lán rudaí suimiúla ann le feiceáil. Bhí cead ag na daltaí bia a cheannach chomh maith ag na siopaí beatha. Spreag sé muid páirt a ghlacadh sa chomórtas sa todhchaí.


Bliain a trí ag Dáil Éirinn leis an Teachta Dála Alan Farrell

Gaelscoil Bhaile Brigín leis an triú mBrat Glas!

Gaelscoil Bhaile Bhrigín ar Chleas Act—TG4

Gaelscoil Bhaile Bhrigín ag ceiliúradh deich mbliain ar an bhfód

Daltaí Ros Eo ag glacadh páirte sa chomórtas JEP

Scoláirí Ghlór na Mara ag rith ar an trá

Tvuíteanna is fearr!


Gradaim Na Scoile Dalta na Bliana:

B1 - Ailbhe Ní Fhoghlú, B2 - Grace Ní Chroim Ní Bholgúir, B3 - Ciarán Ó Biatháin

Gaeilgeoir na Bliana:

B1 - Sadhbh Ní Ghrádaigh, Eoin Ó Meachair, B2 - Niamh Nic Aoidh, Hannah Ní Bhaolláin, Bliain 3 - Aaron ó Maonaigh

Ceoltóir na Bliana:

Sadie Ní Ifearnáin, B3

Ealaíontóir na Bliana:

B1 - Aoife Nic Aoidh, B2 - Aisling Ní Bhriain, B3 - Carley Bearnárd

Eolaí na bliana:

Megan Ní Bhranagáin, Sháhín Houshidari

File na bliana:

Eoin Ó Meachair

Pointí is airde:

Bliain 1: Eoin Ó Meachair, Sinéad Cinsealach, Aoife Nic Aoidh Bliain 2 - Gráinne Ní Chochláin, Niamh Nic Aoidh, Aingeala Todaro Bliain 3 - Alex Mac Seoin, Carley Ní Bhearnáin, Finnán Breathnach

Duais Tinrimh:

Oisín Ó Murchú, Seán Ó Chluanaigh, Riain Ó hAilpín, Ailbhe Ní Fhoghlú, Aisling Lignon, Ellie-Rose Ní Dhomhnaill

Garraíodóir na bliana:

Evan Ó Cléirigh

Matamaiticeoir na bliana: Angela Todaro Teicneolaí na bliana:

Grace Ní Chroim Ní Bholgúir

Moladh tugtha do na daltaí tíreolais (Comórtas Léargas) Coiste Gaelbhrataigh: Teastas don choiste

Moladh don fhoireann díospóireachta: Sháhín, Gráinne, Aoife, Sadie (Ionadaí) Duaiseanna SNAG:

Hannah Ní Mhadáin (Cáca), Jamie de Sutún agus Caoimhín Ó Ruairc (Póstaer), Oisín Ó Murchú (Filíocht)

Comhairle na nDaltaí:

Bronnfar suaitheantaisí orthu

Fiontraí na bliana:

Aoife Ní Chuanaigh

Duais Aclaíochta:

Liam Ó hAoláin

Peileadóir na Bliana:

Jamie De Sutún


Turn static files into dynamic content formats.

Create a flipbook
Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.