17
Comhairle Dhearaidh & Cheardaíochta na hÉireann Tuarascáil Bhliantúil agus Ráitis Airgeadais 2017
Chomhairle Dhearaidh & CheardaÍochta na hÉireann Tuarscáil Bhliantuil agus Ráitis Airgeadais 2017
Íomhá: Déantús gloine – Jerpoint Glass Studio
Íomhá: Teicstílí – Cushendale Woollen Mills
Clár Ábhair
Ár Bhfís agus Ár Misean
6
Ár Straitéis 2017 – 2020
7
Príomh-Mhéadracht 2017
8
1
Tuarascáil an Chathaoirligh & an Phríomhfheidhmeannaigh
11
2
Ár nGníomhaíochtaí
2.1 2.2 2.3 2.4 2.5 2.6
Forbairt Mhargaidh Cláir Nuálaíochta & Forbartha Gailearaí Náisiúnta Dearaidh & Ceardaíochta Oideachas, Oiliúint & Forbairt Balleagraíochtaí & Seirbhísí Cliant Gnóthaí Poiblí & Cumarsáid
3
Ár nGnó
3.1 3.2 3.3 3.4
Ár gCliaint Ár Stair 1970 – 2017 Forbhreathnú ar ár gCláir Thacaíochta agus Forbartha Eochair-Staitisticí Cláir 2017
4
Ár Rialachas
4.1 4.2 4.3 4.4 4.5
Nuashonrú ar Rialachas Corparáideach Ár gComhaltaí Boird Ár bhFoireann Ár mBalleagraíochtaí Ár gCoistí
5
Ráitis Airgeadais
5.1 5.2 5.3 5.4 5.5 5.6 5.7 5.8 5.9 5.10 5.11
Faisnéis faoin gCuideachta Tuarascáil na Stiúrthóirí Tuarascáil na nIniúchóirí Neamhspleácha Ráiteas Ioncaim agus Caiteachais Ráiteas maidir leis an Ioncam Cuimsitheach Clár Comhardaithe Ráiteas maidir le hAthruithe ar Chothromas Ráiteas maidir le Sreafaí Airgid Nótaí leis na Ráitis Airgeadais Cuntas Mionsonraithe Brabúis agus Caillteanais agus Achoimrí Sceideal leis na Ráitis Airgeadais
6
Buíochas
17 29 39 49 61 69
81 85 89 95
101 105 106 107 109
113 115 117 121 124 125 126 127 128 129 141 142
144
Ár bhFÍ bhFÍs Tá aitheantas agus meas á thabhairt d’Éirinn mar gheall ar a cultúr dearaidh agus ceardaíocht.
6
Ár Misean
Chomhairle Dhearaidh & CheardaÍochta na hÉireann
Is muidne an ghníomhaireacht náisiúnta d'fhorbairt tráchtála na ndearthóirí agus na ndéantóirí Éireannacha, do nuálaíocht a spreagadh, do smaointeoireacht dearaidh a chur chun cinn agus d’fhaisnéis a thabhairt do bheartas an Rialtais.
Ár Straitéis 2017–2020 Fiontar Éilimh do dhearadh agus do cheardaíocht na hÉireann a spreagadh trí infheistiú go straitéiseach in onnmhairithe, ar líne agus i margaí intíre. Tacú le cliaint chun riachtanais an tomhaltóra a thuiscint agus a shásamh. Taighde & Nuálaíocht An taighde agus an cleachtas nuálach sa dearadh agus sa cheardaíocht a stiúradh chun dearadh a leabú mar rud a chuireann le forbairt iomaíochas, gheilleagar agus shochaí na hÉireann amach anseo.
7
Cur Chun Cinn & Feasacht Obair na ndearthóirí agus ndéantóirí Éireannacha a chur chun cinn i margaí intíre agus i margaí idirnáisiúnta. Comhoibriú le comhpháirtithe straitéiseacha chun feasacht a ardú faoin earnáil dearaidh agus cheardaíochta. Beartas & Abhcóideacht Feasacht a mhéadú ar an luach atá ag dearadh agus ceardaíocht don tsochaí agus don gheilleagar. Oibriú leis an Rialtas agus le páirtithe leasmhara maidir le smaointeoireacht dearaidh a chomhtháthú i mbeartas agus i dtionscal an Rialtais.
Ár bhFÍs / Ár Misean / Ár Straitéis
Eolas & Scileanna Comhoibriú le hoideachas, le tionscal agus le comhpháirtithe eile chun tacú le heolas agus le forbairt scileanna chun freastal ar riachtanais reatha agus ar riachtanais na todhchaí.
Príomh-Mhéadracht 2017 Ár bPobal 3,094
Líon na gcliantfhiontair atá cláraithe*
Forbairt Mhargaidh €140.4m
8
Clár NuálaÍochta agus Forbartha
GailearÍ Náisiúnta Dearaidh & CeardaÍochta
Chomhairle Dhearaidh & CheardaÍochta na hÉireann
Oideachas, Oiliúint agus Forbairt
BalleagraÍochtaÍ & SeirbhÍsÍ Cliaint
GnÓthaÍ PoiblÍ & Cumarsáid
*amhail an 31 Nollaig 2017
48
Ioncam féideartha bliantúil le haghaidh na dtaispeántóirí ag Showcase
Ceardlann Fiontair agus Nuálaíochta a seachadadh
68,450
cuairteoir a d’fhreastail ar thaispeántais Ghailearaí Náisiúnta Dearaidh agus Ceardaíochta (Cill Chainnigh agus camchuairt)
10,926
Mac léinn agus baill den phobal a ghlac páirt sna cláir for-rochtana
€48,685
a leithdháileadh ar bhalleagraíochtaí a fhorbairt tríd an Scéim Tacaíochta Gréasáin
€4.5m
AVE clúdach na meán do na gníomhaíochtaí go léir
59 400+
Líon na gCuallachtaí, Comhlachais, Líonraí agus Cumainn (CCLC)
Cliant a fuair tacaíocht trí fheachtais tomhaltóra
79% 40
Cliaint lasmuigh de Bhaile Átha Cliath
Fiontar ag glacadh páirt i gclár OPTIMISE Dearadh na hÉireann
9
167
€22,500
24
Cliant Dhearadh na hÉireann a fuair meantóireacht
65
Cliantfhiontar a bhain leas as seisiúin duine le duine
Déantóir, dearthóir agus stiúideo a ndearnadh ionadaíocht dóibh sa chlár taispeántais
Ciste duaise iomlán do chlár Dámhachtainí & Tacaíochtaí do Dhéantóirí na Todhchaí 2017
CCLC ar tugadh maoiniú dóibh tríd an Scéim Tacaíochta Gréasáin
2,070
Scoláire a ghlac páirt sa chlár CRAFTed
Príomh-Mhéadracht 2017
96
Chomhairle Dhearaidh & CheardaÍochta na hÉireann
Íomhá: Ciseadóireacht – Joe Hogan Basketry
10
Tuarascáil an Chathaoirligh & an Phríomhfheidhmeannaigh
Karen Hennessy PrÍomhfheidhmeannach
Ár Straitéis —— páirt a ghlacadh le páirtithe leasmhara I 2017, chonacthas Plean Straitéiseach 2017 agus le comhpháirtithe straitéiseacha 2020 CDCÉ á chur i gcrích agus á fhoilsiú, maidir le glacadh le smaointeoireacht plean a forbraíodh tar éis dul i gcomhairle le deartha a chur chun cinn ar fud an Rialtais cliaint chláraithe, balleagraíochtaí agus páirtithe agus an tionscail, agus a chinntiú go leasmhara eile. Tá ár straitéis fós dírithe ar chláir gcuirfear dearadh agus ceardaíocht san ábhartha agus phraiticiúla a chur i bhfeidhm, ina áireamh i mbeartas an Rialtais bhfuil sé mar aidhm againn dearthóirí agus —— an acmhainneacht atá ag dearadh a déantóirí a spreagadh ag gach céim dá ngairm leabú ionas go gcuirfear bunathrú ar ár agus chun tacú lena bhforbairt tráchtála. Is é an ngeilleagar agus ar an tsochaí ar mhaithe cuspóir atá againn ná tacaíochtaí a le gach duine sheachadadh atá oiriúnach do riachtanais ár —— freastal ar riachtanais scileanna sa gcliant agus ár mball cláraithe agus ag an am todhchaí trína gcláir oideachais agus ár céanna tionchair intomhaiste a bhaint amach straitéis um Ionaid Sármhaitheasa chomh maith le luach ar airgead agus sochair Tá an Plean Straitéiseach seo ag teacht le eacnamaíocha náisiúnta a bhaint amach. Mar cuspóirí Éire – an tOileán Dearaidh: páipéar atá luaite inár bPlean Straitéiseach, áiríodh leis comhairliúcháin i dtreo Straitéis Náisiúnta na príomhréimsí fócais: Dearaidh a sheol an Rialtas i 2017. Tugtar —— ag cinntiú go bhfuil an earnáil in áit breac-chuntas ar na nuashonruithe maidir leis mhaith chun deiseanna fáis amach an dul chun cinn a rinneadh i rith na bliana i anseo a sheachadadh gcoinne ár gcuspóirí thuasluaite, agus de réir ár —— ag spreagadh agus ag cabhrú le cliaint luachanna Sármhaitheasa, Nuálaíochta & a gcuid uaillmhianta a bhaint amach Cruthaitheachta, Comhpháirtíochta, Saineolais maidir lena ngnó a mhéadú agus dul san agus Oidhreachta, laistigh de chodanna na iomaíocht go rathúil i margaí intíre agus tuarascála seo thíosluaite. idirnáisiúnta —— ag tacú le balleagraíochtaí ballraíochta maidir le méadú a chur ar a gcumas
11
Tuarascáil an Chathaoirligh & an Phríomhfheidhmeannaigh
Breege O’Donoghue Cathaoirleach
Mar an eagraíocht náisiúnta d'fhorbairt tráchtála na ndearthóirí agus ndéantóirí Éireannacha, tá Comhairle Dhearaidh & Cheardaíochta na hÉireann (CDCÉ) bródúil as ionadaíocht a dhéanamh d’earnáil dearaidh agus cheardaíochta bhríomhar na hÉireann ar leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal idirnáisiúnta araon. Soláthraítear poist ríthábhachtacha san earnáil i gceantair uirbeacha agus i gceantair thuaithe ar fud na tíre. Cothaítear na scileanna a bhfuil oidhreacht uathúil na hÉireann maidir le dearadh agus ceardaíocht bunaithe air. Tá comhoibriú fíothábhachtach don earnáil a fhorbairt agus chun bonneagar tacaíochta a chruthú do dhearthóirí agus do dhéantóirí. Tá sé de phribhléid againn oibriú le líonra leathan d’eagraíochtaí comhpháirtíochta agus atá ár sainchúram á seachadadh againn. Bhí na comhpháirtíochtaí seo ríthábhachtach dár ngníomhaíochtaí agus dár n-éachtaí le linn 2017.
Chomhairle Dhearaidh & CheardaÍochta na hÉireann
12
Ár nEarnáil / Ár bPoist Meastar go bhfuil 6,000 duine ar a laghad fostaithe san earnáil. Aithnítear go forleathan go bhfuil cumas suntasach ag dearadh agus ceardaíocht chun onnmhairí a ghiniúint agus chun poist réigiúnacha inbhuanaithe bhreise a chruthú agus iad ag cur borradh faoi cháil idirnáisiúnta na hÉireann maidir le barr feabhais agus nuálaíocht. Léirítear é seo nuair a chuirtear dearadh agus ceardaíocht san áireamh mar phríomhchodanna de Phlean Gníomhaíochta an Rialtais do Phoist, ar leibhéal náisiúnta agus réigiúnach araon. Soláthraíonn ár n-earnáil fostaíocht ríthábhachtach i ngach réigiún den tír agus tá gach gníomhaíocht CDCÉ dírithe ar obair lenár bpáirtithe leasmhara agus lenár gcomhpháirtithe chun an timpeallacht a chruthú ina bhfuil an deis ag gnóthais dearaidh agus ceardaíochta fás agus poist bhreise a ghiniúint. Tá ár gcláir oideachais ag gach leibhéal, ó CRAFTed do Dhéantóirí na Todhchaí, ríthábhachtach maidir le píblíne de bhua cruthaitheach a ghiniúint chomh maith le tuiscint ar dhearadh agus ar cheardaíocht nuálaíoch a fhorbairt i measc na dtomhaltóirí de dhearadh agus ceardaíocht na hÉireann atá ann faoi láthair agus a bheidh ann sa todhchaí. Deiseanna Idirnáisiúnta Ar aon dul lenár gcláir maidir le cumais ár gcliant a fhorbairt agus le méadú a chur ar dhíolacháin intíre de dhearadh agus ceardaíocht Éireannach, leanamar ar aghaidh ag forbairt deiseanna i margaí idirnáisiúnta. Neartaíodh an dlúthchaidreamh oibre atá againn le Fiontraíocht Éireann i rith 2017, go háirithe i gcur chun cinn Showcase, ár Seó Trádála Bliantúil, lenar áiríodh réamhléirithe de sheó na bliana 2018 a eagrú i bPáras agus i Chicago ag deireadh na bliana 2017. Mar thoradh ar dhearadh agus ceardaíocht a chur i láthair faoin mbanda Dearadh na hÉireann sa spás mór le rá Accent on Design® ag NY NOW® 2017 agus mar gheall ar an bhforbairt leanúnach den suíomh DesignIreland.ie tugadh nochtadh luachmhar de shaibhreas an chumais chruthaithigh atá in Éirinn. Le linn na bliana, bhí áthas orainn a bheith ina chomhpháirtí le IE Domain Registry (IEDR) agus leis na hOifigí Fiontair Áitiúla chun an clár OPTIMISE Dearadh na hÉireann a sheoladh. Tugann an tionscnamh idirghníomhaireachta seo cumhacht do ghnóthais nuálacha dearaidh chun feabhas a chur ar a láithreacht ar líne, chun a gcumas digiteach a fheabhsú agus chun a ndíolachán
ríomhthráchtála domhanda a fhás, agus dá bharr cuirtear méadú ar iomaíochas na hearnála dearaidh agus ceardaíochta sa mhargadh domhanda. Le linn na bliana, chomhoibrigh an CDCÉ agus na hOifigí Fiontair Áitiúla chun an Clár um Smart Exporter luathaithe a sheachadadh do ghrúpa de ghnóthais dearaidh agus cheardaíochta. Beidh dhá phríomhdhúshlán os comhair fáis na gcliant CDCÉ sna blianta amach romhainn: an méadú atá ag teacht ar dhíolachán ar líne a chuirfear brú ar chainéil díolacháin traidisiúnta, agus an Breatimeacht, a mbeidh tionchar aige ar onnmhairí agus ar dhíolacháin le turasóirí, agus a chruthóidh iomaíocht ón Ríocht Aontaithe agus a chuirfidh méadú ar chostais. In ainneoin an dá dhúshláin seo, tá deis shuntasach ann, áfach. Tá méadú ag teacht ar mheas an tomhaltóra thar lear do dhearadh agus do cheardaíocht d’ardchaighdeán, agus tá bealaí nua miondíola idirnáisiúnta ag teacht chun cinn chomh maith leis an méadú atá ag teacht ar fheasacht ar dhearadh na hÉireann. Má táthar chun na deiseanna seo a sheachadadh beidh gá le cumas a neartú inár n-earnáil sna réimsí d'éagsúlú margaidh, forbairt táirgí nua, forbairt ar líne agus athdhearadh an slabhra soláthair. Beidh siad seo mar chuid lárnach dár ngníomhaíochtaí thar thréimhse ár bPlean Straitéisigh reatha de réir agus a dhéanaimid ár ndícheall a chinntiú go bhfuil ár n-eagraíocht agus ár n-earnáil in áit mhaith chun freastal ar na dúshláin atá ann faoi láthair sa mhargadh. Tá ár gclár de thaispeántais d’ardchaighdeán ag an nGailearaí Náisiúnta Dearaidh & Ceardaíochta ríthábhachtach maidir le deiseanna sa todhchaí a ghiniúint chun saothair na ndéantóirí agus na ndearthóirí Éireannach a thaispeáint thar lear trínár gclár camchuairte chomh maith le saothar nuálach ó gach cearn den domhan a thaispeáint inár príomhspás taispeántais i gCill Chainnigh. Ba mhór an onóir do CDCÉ a bheith ina hóstach do chuairt Phrionsa na Breataine Bige agus Bandiúc na Coirnéil ar ár nIonad Sármhaitheasa sa Cheirmeacht i mí na Bealtaine. Chuidigh an chuairt le próifíl chaighdeán na scileanna oiliúna atá ar fáil in Éirinn a ardú agus deiseanna a chruthú chun comhoibriú a dhéanamh amach anseo le háiseanna oiliúna idirnáisiúnta eile, rud atá ríthábhachtach dár straitéis um Ionaid Sármhaitheasa.
Níos faide amach, tá uachtaránacht na hÉireann ar an gComhairle Cheardaíochta an Domhain – an Eoraip, agus a bheidh mar sin suas go dtí 2020, ina chuid lárnach d'fhonn tuilleadh infheictheachta a thabhairt agus guth a thabhairt do dhearthóirí agus déantóirí na hÉireann go hidirnáisiúnta, lena dtugtar na deiseanna dóibh páirt a ghlacadh i gcláir arna reáchtáil ag eagraíochtaí comhpháirtíochta. Ár Rialachas Tá an Bord freagrach as rialachas na comhlachta i gcomhréir le deachleachtas agus as cloí lena hoibleagáidí arna leagan amach sa Chód Cleachtais chun Comhlachtaí Stáit a Rialú. Ceanglaítear ar CDCÉ comhlíonadh le forálacha an Chóid a mhéid agus is infheidhme maidir le struchtúr agus nádúr na cuideachta. Choinnigh Bord CDCÉ le béim láidir a chur ar rialachas corparáideach i rith 2017 agus thug sé faoi oiliúint rialachais chorparáidigh. Forbraíodh plean iniúchta inmheánaigh dhá bhliana lena gcumhdaítear forbairt agus cur i bhfeidhm straitéiseach, comhlíonadh rialachais chorparáidigh, creataí bainistíochta riosca agus athbhreithnithe ar rialú inmheánach. Déanann Fo-Choiste Ainmniúcháin na Comhairle athbhreithniú ar bhallraíocht an Bhoird lena chinntiú go bhfuil Bord CDCÉ cothrom cuí agus go bhfuil na scileanna riachtanach aige chomh maith le cumhdach agus éagsúlacht earnála. Bhí roinnt stiúrthóirí i measc na hathruithe a tháinig ar leibhéal an Bhoird i rith 2017 – Patrick Hughes, Dermott
Rowan, Martina Hamilton, Michael Hanley agus Sonya Lennon – a chuir a dtéarmaí i gcrích. Is mian linn iad a mholadh go léir as a gcuid rannchuidiú luachmhar ar thug siad do threo straitéiseach CDCÉ. Chomh maith le hatoghadh John C. O'Connor agus Elaine Riordan ar feadh téarma eile de thrí bliana, chuireamar fáilte roimh thriúr comhalta nua don Bhord – Fiona Deegan, Mairéad McCorley agus Edmund Shanahan – tar éis an toghcháin ag ár gCruinniú Ginearálta Bliantúil. Ina dhiaidh sin d'fhógair an Aire Gnóthaí, Fiontar & Nuálaíochta ceapachán Andrew Bradley agus Toby Scott ar Bhord CDCÉ. Ár gComhlíonadh Tá ár n-eagraíocht tiomanta do fhreagrachtaí agus riachtanais rialála a chomhlíonadh mar chomhlacht arna maoiniú ag an Rialtas agus chun feidhmiú de réir an dea-chleachtais. Tá ár gcaiteachas i gcomhréir leis an gCód Caiteachais Phoiblí ina leagtar amach na hoibleagáidí atá ag comhlachtaí poiblí maidir le cistí poiblí a chóireáil le cúram, agus a chinntiú go bhfuarthas an luach ar airgead is fearr agus is féidir. Táimid tiomanta freisin dár n-oibleagáidí reatha a chomhlíonadh faoin gCód Cleachtais chun Comhlachtaí Stáit a Rialú, 2016; an tAcht um Eitic in Oifigí Poiblí, 1995; an tAcht um Shaoráil Faisnéise, 2014; agus Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003. Chuireamar tús le pleanáil i rith 2017 chun ár bhfreagrachtaí faoin Rialachán Ginearálta um Chosaint Sonraí (GDPR) a thuiscint agus a chomhlíonadh agus chun éifeachtacht fuinnimh a fheabhsú i gcomhréir leis an bPlean Gníomhaíochta Náisiúnta um Éifeachtúlacht Fuinnimh (NEEAP). Ár bPobal Tá comhoibriú ríthábhachtach do rath an dearaidh agus na ceardaíochta in Éirinn. Tá sé ríthábhachtach dár bpleananna de mhéadú a chur ar an earnáil dearaidh agus ceardaíochta é a bheith ag obair go dlúth lenár mballeagraíochtaí agus lenár gcliantfhiontair mar aon le comhpháirtithe poiblí agus príobháideacha tábhachtacha ag leibhéal náisiúnta agus áitiúil Rialtais, agus i réimsí an fhiontair, an oideachais, an chultúir agus na turasóireachta, Táimid an-bhuíoch don Roinn Gnóthaí, Fiontar agus Nuálaíochta agus d’Fhiontraíocht Éireann a thugann maoiniú dár gcuid oibre agus a thacaíonn linn i rith na bliana chun dearadh agus ceardaíocht a chur chun
13
Tuarascáil an Chathaoirligh & an Phríomhfheidhmeannaigh
Abhcóideacht Ba chloch mhíle suntasach don earnáil dearaidh agus cheardaíochta é an foilseachán de Éire – an tOileán Dearaidh: páipéar comhairliúcháin i dtreo Straitéis Náisiúnta Dearaidh. D’eascair é seo de bharr sainordaithe a thug an Rialtas do CDCÉ an bhliain roimhe sin chun próiseas comhairliúcháin a threorú ar straitéis dearaidh d'Éirinn. Ba é an príomhthoradh a tháinig as an bpáipéar comhairliúcháin ná an bunú den chéad Fhóram Dearaidh Náisiúnta in Éirinn atá faoi stiúir an Aire. Tá an Fóram comhdhéanta de ghnóthais, gníomhaireachtaí Rialtais, coláistí Tríú Leibhéal, cleachtóirí dearadh agus eagraíochtaí dearaidh. Is iad cuspóirí an Fhóraim ná cumas agus cáil na hÉireann a spreagadh mar fhoinse nuálaíochta dearaidh agus chun moltaí a thabhairt don Rialtas, do Ranna agus do Ghníomhaireachtaí.
Chomhairle Dhearaidh & CheardaÍochta na hÉireann
Íomhá: Obair Chloiche – Hennessy & Byrne
14
Ba mhaith linn buíochas a ghabháil le comhaltaí uile Bhord CDCÉ as a gcuid maoirseacht agus díograis chun na caighdeáin is airde rialachais chorparáidigh a choimeád agus as a dtreo straitéiseach i rith 2017. Ba mhaith linn buíochas a ghabháil le gach ball den fhoireann CDCÉ as a ngairmiúlacht, a dtiomantas agus a gcuid oibre déine thar ceann na hearnála dearaidh agus ceardaíochta agus as a gcuid rannchuidithe aonair lenár ngníomhaíochtaí agus lenár n-éachtaí i rith 2017.
Ionchas Táimid ag tnúth le leanúint lenár gcuid oibre leis an Roinn Gnó, Fiontair agus Nuálaíochta, le Fiontraíocht Éireann, leis na hOifigí Fiontair Áitiúla agus lenár gcliaint agus lenár mballeagraíochtaí chun ár bpleananna uaillmhianacha a sheachadadh chun an earnáil dearaidh agus cheardaíochta a fhorbairt in Éirinn. Ag obair i dteannta lenár ngréasán fairsing de chomhpháirtithe straitéiseacha, ba mhaith linn a chinntiú go bhfuil aitheantas agus meas do chultúr dearaidh agus ceardaíochta na hÉireann sa bhaile agus go hidirnáisiúnta agus táimid ag tnúth go bhfeicimid an earnáil leanúint ar aghaidh ag forbairt agus go mbeidh rath uirthi sna blianta atá le teacht. Ar aon dul lenár bPlean Straitéiseach 2017 - 2020, i measc na bpríomhréimsí fócais don todhchaí tá méadú a chur ar dheiseanna onnmhairithe, ag leathnú bonn scileanna na hÉireann lenár nIonad Sármhaitheasa agus pleananna a thiomáint chun infheictheacht níos fearr a chruthú le haghaidh dearaidh agus ceardaíochta na hÉireann trí láithreacht fhisiciúil ardphróifíl tiomanta. Le tacaíocht leanúnach, táimid muiníneach gur féidir lenár n-earnáil cur go mór le geilleagar na hÉireann ina iomláine agus le cáil idirnáisiúnta na hÉireann maidir le sármhaitheas sa nuálaíocht, dearadh agus ceardaíocht. Breege O’Donoghue Cathaoirleach
15
Karen Hennessy Príomhfheidhmeannach
Tuarascáil an Chathaoirligh & an Phríomhfheidhmeannaigh
cinn. Ba mhaith linn ár mbuíochas a chur in iúl leis an Aire Gnóthaí, Fiontar & Nuálaíochta Heather Humphreys TD chomh maith le iar-Airí Post, Fiontar & Nuálaíochta Frances Fitzgerald TD agus Mary Mitchell O'Connor TD agus Príomhfheidhmeannach ’Fhiontraíocht Éireann Julie Sinnamon as a gcuid tacaíochta leanúnaí don earnáil a ndéanaimid ionadaíocht di. Táimid buartha chomh maith le go leor Ranna agus Gníomhaireachtaí Rialtais eile agus lenár ngréasán comhpháirtithe sna tionscail chruthaitheacha níos leithne, in Éirinn agus ar fud an domhain araon, as a dtacaíocht agus a gcomhoibriú leanúnach chun cuidiú linn ár sainchúram a chur i bhfeidhm. Buíochas speisialta le Roinn an Taoisigh, leis an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála agus leis an Roinn Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil as an tacaíocht ar thug siad do thionscnaimh i rith 2017.
Chomhairle Dhearaidh & CheardaÍochta na hÉireann
16
Oibríonn an fhoireann um Fhorbairt an Mhargaidh de chuid Chomhairle Dearaidh agus Ceardaíochta na hÉireann chun deiseanna díolachán agus margaíochta a fhorbairt in Éirinn agus go hidirnáisiúnta dár gcliaint trí thionscnaimh spriocdhírithe, Showcase,, aonaigh thrádála idirnáisiúnta, Showcase cláir forbartha miondíola, agus taispeántais ina measc siúd.
17
Ár nGníomhaíochtaí: Forbairt Mhargaidh
2.1
Forbairt Mhargaidh
Chomhairle Dhearaidh & CheardaÍochta na hÉireann
18
Showcase – Expo® Cruthaitheach na hÉireann NY NOW®: Arran Street East; J.HILL’s Standard Showcase – Expo® Cruthaitheach na hÉireann Dearadh na hÉireann: Foxford Woollen Mills; Candella; Whackpack Furniture; Arran Street East; Chaïm Factor; Waters + Wild; The Tweed Project; KaroArt; Mianra Bath & Body; Jando Design; Cooper Handcrafted Furntiure Limistéar Roghnaithe de Dhearadh na hÉireann ag Showcase – Ireland's Creative Expo®
Dearadh na hÉireann Is branda CDCÉ é Dearadh na hÉireann a bhíonn i dteagmháil dhíreach le tomhaltóirí a chuireann dearadh agus ceardaíocht d’ardchaighdeáin déanta in Éirinn chun cinn chun lucht féachana domhanda a spreagadh. Seoladh Dearadh na hÉireann i 2016 ag taispeántais trádála agus tomhaltóra, mar phointe miondíola díolacháin feachtais phromóisin sa siopa, go digiteach agus sna meáin chumarsáide. DesignIreland.ie Tá DesignIreland.ie ina phríomhphointe rochtana anois do thomhaltóirí ionas go bhféadfaidís níos mó a fhoghlaim faoi dhearadh Éireannach den scoth. Tá taispeáint láidir aige ar théarmaí cuardaigh iomadúla ar Google ar fud an domhain agus tá líon ard de leantóirí aige ar Instagram agus Facebook. Tá go leor féidearthacht aige a bheith ina fhoinse riachtanach maidir le dearadh den scoth in Éirinn, rud a chabhródh le clú de bhrandaí ár gcliant a fheabhsú agus ag an am céanna tacaíocht a thabhairt do dhíoltóirí ar líne d’ardchaighdeán, agus cosaint a thabhairt don tionscal ó na dúshláin a bhaineann le ceannach ar líne amach anseo. Seoladh DesignIreland.ie chun pobail dhigiteach dhomhanda a chruthú do lucht déanta ceardaíochta agus deartha na hÉireann, d’athdhíoltóirí iontaofa agus do thomhaltóirí. Leis an ardán gréasáin ligtear do thomhaltóirí ceannach ar líne i dtrí chliceáil nó níos lú go díreach ón déantóir nó ó mhiondíoltóir iontaofa. Rinneadh feabhsúcháin dearaidh ar an suíomh i rith 2017, lena n-áirítear é a dhearadh chun breathnú air ar fhón móibíleach agus ar tháibléid le hinneachar d’ardchaighdeáin agus aistriú níos éasca ó leathanach go leathanach, lena gcuirtear eispéireas úsáideora níos fearr ar fáil. I 2017, bhí 53K cuairteoir ar leith ann, agus astu sin, tháinig 29K cuairteoir ó thíortha eile. Tá méadú seasmhach ag teacht ar an suíomh mí ar mhí ó seoladh é agus táimid an-sásta lena threocht, rud a léiríonn acmhainneacht láidir ar líne dár bhfiontair chliaint agus dár n-earnáil. I mí na Nollag 2017, tháinig 65% den trácht as Éirinn, 24% ó na Stáit Aontaithe agus 5% ón Ríocht Aontaithe.
OPTIMISE Dearadh na hÉireann Sheol CDCÉ, i gcomhpháirtíocht le IE Domain Registry (IEDR) agus le líonra an Oifig Fiontair Áitiúil, clár nua spreagúil le pleananna ceannasacha agus uaillmhianacha chun dearadh agus ceardaíocht na hÉireann a thabhairt don domhan. Le OPTIMISE Dearadh na hÉireann, tugtar cumhacht do bhrandaí nuálacha Éireannacha atá á dtreorú ag an dearadh chun feabhas a chur ar a gcuid láithreachta ar líne, barr feabhais a chur ar a gcumas digiteach agus méadú a chur ar a gcuid díolacháin ríomhthráchtála domhanda tríd an tsaineolas is fearr ó na hearnálacha digiteacha, fiontraíochta agus dearaidh a thabhairt le chéile. Tugann an clár roinnt de na cuideachtaí is mó is cruthaithí in Éirinn ar thuras digiteach bunathraitheach agus tacaíonn sé leo fad a théann siad san iomaíocht ar fud an domhain agus fad a fhásann siad a ngnólacht laistigh den limistéar ríomhthráchtála. I ndiaidh próiseas roghnaithe, roghnaíodh 40 gnólacht ar fud na tíre chun páirt a ghlacadh sa chlár. Áiríodh orthu sin brandaí cáiliúla ar nós dearthóir seodra, Chupi, in éineacht leis an dearthóir faisin Alison Conneely, (ceirmeacht) KaroArt, (seodra) Inner Island, Jennifer Slattery Textiles, agus branda bréagáin bhoig lámhdhéanta, Red Rufus. Faoi dheireadh 2018, beidh an clár tugtha chun críche ag na cuideachtaí rannpháirteacha dearaidh agus ceardaíochta atá in ainm is a ngnólacht a thabhairt chun na nua-aoise, feabhas a chur ar a iomaíocht agus a margadh a fhás. Seoladh an clár OPTIMISE Dearadh na hÉireann go hoifigiúil ar an 24 Samhain ag Pat Breen TD, Aire Trádála, Fostaíochta, Gnó, Margadh Aonair Digiteach an AE agus Cosaint Sonraí.
19
Ár nGníomhaíochtaí: Forbairt Mhargaidh
≤ Thall Deiseal ón mbarr ar chlé:
Chomhairle Dhearaidh & CheardaÍochta na hÉireann
20
Dearadh na hÉireann: Benefield Spencer Glass; John Ryan Ceramics; Mary Neeson Ceramics; Wild Cocoon; Saturday Workshop; Brookfield Farm; Elements of Action TextISLE Taispeántas TextISLE ag Showcase – Ireland's Creative Expo® Gairm Ghrianghraif TextISLE: tá cóta cniotáilte laitíse agus gúna ‘aqua mist’ atá déanta d’Olann 100% Luxe Merino á gcaitheamh ag an mainicín Louise Byrne (ar chlé) agus tá cóta cáblachniotáilte agus gúna ‘forest glade’ atá déanta d’Olann 100% Luxe Merino á gcaitheamh ag Karen Fitzpatrick (ar dheis). Ba é Irelands Eye a rinne na héadaí go léir. Tá gúna de stíl pilirín á chaitheamh ag Yomiko Chen (sa lár) atá déanta de bhréidín a rinne Mariad Whisker le haghaidh John Hanly ar a bhfuil fallaing Olla 100% Luxe Merino a rinne Irelands Eye Seó Faisin TextISLE ag Showcase – Expo® Cruthaitheach na hÉireann: Tá gúna olla lámhchniotáilte Árann á chaitheamh ag Teo Sutra le Katie Hanlan a rinne Muileann Olla Dhún na nGall a dhéanamh de shnáth bréidín.
Showcase 2017 – Expo® Cruthaitheach na hÉireann D’oscail an tAire Post, Fiontar & Nuálaíochta, Mary Mitchell O'Connor T.D. Showcase 2017 an 22 Eanáir. Is é Showcase an príomh-imeacht trádála don earnáil dearaidh agus cheardaíochta agus ceann de na himeachtaí trádála is mó sa tír. Bhí saothar 468 dearthóir agus déantóir ar spéis leo a dtáirgí is déanaí a thaispeáint don domhan le feiceáil in Showcase 2017, an 42ú bliain a bhí an t-aonach ar siúl. Le roinnt bliana anuas, bhí Showcase suite ag an CDCÉ mar aonach trádála dearaidh comhaimseartha chun na ceannaitheoirí trádála idirnáisiúnta chomh maith leo siúd ó Éirinn a mhealladh. Bhí na hábhair mhargaíochta, an láithreán gréasáin agus an ghiniúint de liosta sprice dírithe go mór ar cheannaitheoirí tábhachtacha a mhealladh agus déantar iarrachtaí i gcomhar le Fiontraíocht Éireann chun an seó agus a bhuntáistí a chur chun cinn go hidirnáisiúnta. I rith 2017, bhí an CDCÉ agus Showcase ina pháirtí le Fiontraíocht Éireann chun dhá réamhthaispeántas sa mhargadh a sheachadadh: Páras an 11 Deireadh Fómhair agus Chicago an 19 Deireadh Fómhair. Dearadh na himeachtaí bliantúla seo chun cuidiú le Fiontraíocht Éireann díriú ar cheannaitheoirí nua a bhféadfadh suim a bheith acu taisteal go Baile Átha Cliath i mí Eanáir agus iad a mhealladh trí dheis a thabhairt do lucht freastail blaiseadh a fháil den éagsúlacht agus den chaighdeán atá ar taispeáint sa seó. Tharla réamhléiriú Showcase Páras ar siúl sa Centre Culturel Irlandais (CCI) le tacaíocht ó Fhiontraíocht Éireann; Nora Hickey M'Sichili, Stiúrthóireacht CCI; le haoi oinigh, Ambasadóir na hÉireann sa Fhrainc, Patricia O'Brien. I Chicago, reáchtáladh an réamhamharc ag Chicago Architecture Foundation. D'oscail Brian O'Brien, Ard-Chonsal na hÉireann, Meániarthar na Stát Aontaithe Mheiriceá an ócáid ar fhreastail miondíoltóirí ar tugadh cuireadh dóibh uirthi, seacht gcliantchuideachta ó Fhiontraíocht Éireann agus CDCÉ, agus ionadaithe ó fhoireann Fhiontraíocht Éireann SA. Léiríodh taispeántas gonta de shaothair ó níos mó ná 40 taispeántóir Showcase chun blais a thabhairt do cheannaitheoirí agus d’iriseoirí tábhachtacha sna margaí seo go léir de chaighdeán, d’éagsúlacht agus d’ábharthacht
na mbrandaí spreagúla a d’fhéadfaidís aimsiú ag Showcase 2018. Bhí an fhreagairt ar gach ceann de na réamhléirithe dearfach, agus bhí líon réamhchlárúchán do Showcase 2018 sna margaí seo láidir mar thoradh air sin. I 2017, b’ionann líon na gceannaitheoirí a d’fhreastail air agus 5,108, laghdú de 4% ar an bhfreastal i gcomparáid le 2016. Agus machnamh a dhéanamh ar na dúshláin atá ag an mBreatimeacht ar an earnáil mhiondíola in Éirinn, tháinig formhór an laghdaithe ó mhargadh intíre na hÉireann agus Thuaisceart Éireann. Ar bhealach níos dearfaí, tháinig méadú suntasach ó roinnt margaí idirnáisiúnta, le méadú de 14% ón bhFrainc, méadú de 8% ó na Stáit Aontaithe agus méadú de 5% ón Ríocht Aontaithe. B’ionann na horduithe a rinneadh ag Showcase 2017 agus €21.2M, beagán níos lú ón bhfigiúr de 2016 de €21.6M, ach i bhfad níos mó ná na horduithe a rinneadh i 2015 de €18.6M. B'ionann luach margaidh bliantúlaithe 2017, bunaithe ar ath-orduithe réamh-mheasta, agus €140.4M.
21
Eagraíodh Showcase 2017 de réir earnálacha táirge: seodra; faisean & oiriúintí; agus earraí baile & earraí bronntanais, agus roghnaigh coimeádaithe sainiúla de gach earnáil Natasha Sherling, Catherine Condell agus Alanna Gallagher na táirgí is fearr 'nach mór a fheiceáil' le haghaidh na gceannaitheoirí. Ba é líon na gcliant CDCÉ a ghlac páirt i Showcase agus 251, lena n-áirítear 77 dearthóirdéantóir roghnaithe ar chuir a n-earraí ar taispeáint i nDearadh na hÉireann, réimse nua a seoladh le haghaidh 2017 inar roghnaigh painéal neamhspleách de shaineolaithe miondíola na cliaint go sonrach. Ag Showcase Fiontar Áitiúil, réimse ainmnithe do 22 oifig d'Oifigí Fiontair Áitiúil na hÉireann, taispeánadh 110 fiontar ag an seó.
Ár nGníomhaíochtaí: Forbairt Mhargaidh
≤ Thall Deiseal ón mbarr ar chlé:
Fógraíodh buaiteoirí na nDámhachtainí Showcase bliantúla ar maidin oscailte an aonaigh agus roghnaigh na coimeádaithe iad de réir thrí chatagóire an seó. Ba iad na buaiteoirí: Dámhachtain don Táirge is Fearr:
22
I 2017, sheol CDCÉ agus Showcase TextISLE, TextISLE, tionscnamh spreagúil nua chun monaróirí agus dearthóirí teicstíle a spreagadh chun comhoibriú le chéile chun táirgí nua a fhorbairt a bheidh le taispeáint i dtaispeántas speisialta ag an aonach.
John Hanly & Co Ltd. i gcomhar le Mariad Whisker (TextISLE) Buaiteoirí Catagóire an Táirge is Fearr: Faisean & Oiriúintí: John Hanly & Co. Teo i gcomhar le Mariad Whisker (TextISLE) Bronntanas: Jo Browne Seodra: Emer Roberts Deartha Tí: Cooper Handcrafted Furniture Buaiteoirí Eile de Dhámhachtainí Showcase: Dámhachtain Dhearadh na hÉireann de chuid Chomhairle Dhearaidh & Cheardaíochta na hÉireann: Cooper Handcrafted Furniture i gcomhar le Wild Cocoon (TextISLE)
Chomhairle Dhearaidh & CheardaÍochta na hÉireann
Dámhachtain Cheardaíochta de chuid Chomhairle Dhearaidh & Cheardaíochta na hÉireann: Aoife Mullane Design Taispeántas TextISLE ag Showcase 2017 I 2017, sheol CDCÉ agus Showcase TextISLE, tionscnamh spreagúil nua chun monaróirí agus dearthóirí teicstíle a spreagadh chun comhoibriú le chéile chun táirgí nua a fhorbairt a bheidh le taispeáint i dtaispeántas speisialta ag an aonach. Ba é cuspóir an tionscadail ná féidearthacht chruthaitheach ollmhór teicstílí na hÉireann a scaoileadh isteach san earnáil fhaisin agus bhaile, dearadh níos láidre a spreagadh i ndéantúsaíocht na hÉireann agus feasacht cheannaitheoirí a ardú maidir le hacmhainneacht na hÉireann. Roghnaigh grúpa comhairleach saineolaithe 41 cuideachta Éireannach chun páirt a ghlacadh sa seó, áiríodh sa ghrúpa seo; Catherine Condell, an Dr. Karen Fleming, Alanna Gallagher, John Redmond, Deirdre McQuillan agus Angela O'Kelly, agus taispeánadh 72 táirge nua i seó agus taispeántas faisin spreagúil. Cuireadh comhshaothar spreagúil i láthair, lena n-áirítear Mourne Textiles ag obair le Taetum Jones agus Peter O'Brien; Electronic Sheep ag obair le
Fisherman Out of Ireland; John Hanly & Co. Ltd ag obair le Mariad Whisker; agus Thomas Ferguson ag obair le Tionscadal The Tweed. Bhí na ceannaitheoirí agus na meáin an-sásta leis an tionscadal, agus mar thoradh air sin rinneadh comhpháirtíochtaí a bhí mar chúis le hobair tháirgeadh i 2017. Cruinnithe Faisnéise Taispeántóra Oifig Fiontair Áitiúil / Showcase D'oibrigh líonra na hOifige Fiontair Áitiúil (LEO) go dlúth leis an CDCÉ agus leis an bhfoireann Showcase chun a gcuid cliant a ullmhú don taispeántas ag Showcase. Chuir an Showcase Fiontar Áitiúil limistéar dea-dheartha le brandaí láidre ar fáil do na taispeántóirí a fuair tacaíocht ón Oifig Fiontair Áitiúil. Bhí Showcase nua do go leor de na gnólachtaí seo agus ní raibh roinnt acu ach cúig bhliain nó níos lú sa ghnó. Ar an iomlán, chabhraigh an CDCÉ agus Showcase le líonra an LEO chun trí chruinniú faisnéise taispeántóra maidir le Showcase a sheachadadh i: Chill Chainnigh, 7 Samhain Béal Átha na Sluaighe, 8 Samhain Baile Átha Cliath, 9 Samhain San áireamh i ngach cruinniú faisnéise bhí cur i láthair ó ionadaí ó cheann de na LEOanna a thug cur síos ar na tacaíochtaí a bhí ar fáil acu do chliaint, forbhreathnú ar Showcase ón CDCÉ (lena n-áirítear cad a fhéadfaidh a bheith ag súil leis agus conas a ullmhú don seó), caint ó Showcase maidir le praiticiúlacht a bhaineann le páirt a ghlacadh ann (socrú, baint anuas, seastán a thógáil srl) agus mionsheisiún ar dhíolacháin ó Russel Ferguson, saineolaí idirnáisiúnta ar dhíolacháin. Bhí an tinreamh ard, agus bhí 112 cliant LEO i láthair thar na trí lá, agus bhí an t-aiseolas dearfach agus bhí an lucht freastail an-sásta le nádúr praiticiúil agus úsáideach na seisiún. An Ciste Aonaigh Idirnáisiúnta 2017 Is é cuspóir an Chiste Aonaigh Idirnáisiúnta ná tacú le agus cabhrú le cliaint CDCÉ taispeáint ag aontaí trádála idirnáisiúnta agus chun a gcuid díolachán onnmhairithe a fhás. Ba í 2017 an séú bliain den chiste forbartha straitéiseach seo agus, arís eile, bhí líon maith d’iarratasóirí d’ardchaighdeán ann, ach bhí níos mó éilimh ar an gciste ná a bhí soláthar.
Ba iad seo a leanas na fiontair a fuair maoiniú: Alan Ardiff Arran Street East Belinda Northcote Designs Caulfield Country Boards Ciara Silke Hanna Hats Jando Juvi Mullan Lighting Superfolk Zelouf+Bell NY NOW® Ionad Comhdhála Jacob K. Javits 20 – 23 Lúnasa Bhí taispeántas ag CDCÉ ag seó trádála idirnáisiúnta tábhachtach amháin i rith 2017: NY NOW® san Ionad Jacob K. Javits Center i NuaEabhrac. Is é seo an dara huair a thaispeáin CDCÉ ag an seó mór le rá seo a bhíonn raon leathan de cheannaitheoirí ó na Stáit Aontaithe, i gCeanada, i Meiriceá Theas, san Eoraip, sa tSeapáin agus sa Mheánoirthear i láthair. Roghnaíodh Dearadh na hÉireann a bheith mar chuid de Accent on Design®, réimse roghnaithe galánta den aonach atá tiomanta do dhearadh agus táirgeadh d’ardchaighdeán. Roghnaíodh seacht mbranda Éireannacha chun taispeántais a thabhairt ar phailliún Dhearadh na hÉireann in Accent on Design®, agus bhí a limistéar ainmnithe féin ag gach ceann acu chun a gcuid saothair a chur i láthair. Ba iad seo a leanas na brandaí a roghnaíodh: Diem Pottery Avoca Handweavers Bunny & Clyde Stable of Ireland Arran Street East J. HILL’s Standard Field Apothecary
Bhí na ceannaitheoirí agus na meáin a d’fhreastail ar an aonach trádála tábhachtach seo sna Stáit Aontaithe an-tógtha le Dearadh na hÉireann Bhí rannpháirtíocht an cheannaitheora láidir agus chuir na brandaí go léir in iúl go raibh siad sásta le caighdeán agus méid na dteagmhálacha a rinneadh, agus leis na díolacháin a rinneadh ag an ócáid agus i ndiaidh an tseó araon. Bhuaigh puball Dhearadh na hÉireann an Gradam foriomlán don Léiriú is Fearr, an chéad uair a bhuaigh puball náisiúnta dámhachtain ag an aonach. Forbairt Mhiondíola in Éirinn I 2017, thug CDCÉ tacaíocht do bhreis is 175 ionad miondíola Éireannach, ag cabhrú leo táirgí dearaidh agus ceardaíochta Éireannach a dhíol agus a chur chun cinn go gníomhach. Oibríonn CDCÉ i rith na bliana le miondíoltóirí gaolmhara chun tacaíocht mhargaíochta, oiliúint foirne, brandáil, díolphointe, agus faisnéis maidir le cliaint chláraithe a chur ar fáil. Oibríonn an fhoireann Forbartha Margaidh go dlúth le miondíoltóirí móra a bhfuil suim acu i gceardaíocht agus i ndearadh na hÉireann a chur chun cinn. I measc na bpríomhthionscadal mhiondíola in Éirinn i rith 2017 bhí: Brown Thomas Thug CDCÉ tacaíocht do Brown Thomas in CREATE i 2017 (an preabsheastán faisin bliantúil) agus do Dhearadh na hÉireann 2017 (preabsheastán tí agus bronntanais) a seoladh sa siopa an 3 Iúil. San iomlán, thaispeáin 18 cliant de CDCÉ a gcuid saothar sna spásanna tiomnaithe sa siopa ar Shráid Grafton ar feadh sé seachtaine. Ina theannta sin, níos déanaí sa bhliain, thaispeáin roinnt cliant de CDCÉ sna Marvel Room ag Brown Thomas; tá go leor tóir ar na táirgí atá ar fáil sa spás seo gach Nollag. Kilkenny Group D'oibrigh CDCÉ leis an Kilkenny Group ar roinnt tionscnamh nua, lena n-áirítear cuidiú lena gclár nua Open Call, ina bhfhéadfaidh daoine nach bhfuil eolas fúithi go fóill a gcuid táirgí a dhíol laistigh den siopa trí chabhair a thabhairt don seoladh agus le pleananna margaíochta an chláir. D'oibrigh CDCÉ freisin go dlúth leis an ngrúpa maidir le treo straitéiseach d’athsheoladh na cuideachta ar a gcuid siopaí a bhfuil cuma nua orthu agus tharla an chéad nochtadh i rith Sheachtain Cheardaíochta agus Deartha Chill Chainnigh, ón 9 go 15 Deireadh Fómhair. B’fheachtas ar fud na tíre
23
Ár nGníomhaíochtaí: Forbairt Mhargaidh
I 2017, tugadh maoiniú do 11 fiontar páirt a ghlacadh in 11 aonach i dtrí thír i rith na bliana. Thug Coimisiún Forbartha an Iarthair tacaíocht don Chiste Aonaigh Idirnáisiúnta 2017 freisin.
Chomhairle Dhearaidh & CheardaÍochta na hÉireann
24
D'oibrigh CDCÉ leis an Kilkenny Group ar roinnt tionscnamh nua, lena n-áirítear cuidiú lena gclár nua Open Call, ina bhfhéadfaidh daoine nach bhfuil eolas fúithi go fóill a gcuid táirgí a dhíol laistigh den siopa trí chabhair a thabhairt don seoladh agus le pleananna margaíochta an chláir.
é seo a chuir béim ar na hearraí is fearr de chuid Kilkenny Group sa réimse dearaidh agus ceardaíochta Éireannacha. Chomh maith leis sin, bhí an Kilkenny Group ina chomhpháirtí le hIonad Sármhaitheas um Sheodra agus Órcheardaíocht de chuid CDCÉ chun an Dearthóir Seodra is Fearr in Éirinn a aimsiú d’fhonn a saothar a dhíol sa siopa ar feadh sé seachtaine idir mí Dheireadh Fómhair agus mí na Samhna 2017. Arnotts D'oibrigh CDCÉ go dlúth le foireann cheannaigh Arnotts ar a gcuid spásanna tiomnaithe sna réimsí bronntanais, faisin, oiriúintí agus seodra do chliaint Dhearadh na hÉireann. Cé gur laghdaíodh méid a gcuid siopaí i 2016, mhéadaigh Arnotts a thairiscint le naoi mbranda eile agus ar an iomlán anois tá 74 cliant CDCÉ ann i rannóga éagsúla. Is é an spás seodra déanta in Éirinn faoi Dhearadh na hÉireann an dara lamháltais seodra is airde, don tríú bliain as a chéile. Lean CDCÉ ar aghaidh le tacaíocht a thabhairt d’Arnotts ar a phearsantú bronntanais Éireannach do thréimhse na Nollag trí chliaint a aimsiú a d'fhéadfaí seirbhísí den sórt sin a chur ar fáil.
An próiseas roghnúcháin do PORTFOLIO: I mí Dheireadh Fómhair 2016, reáchtáladh an foilseachán débhliantáin Critical Selection 20172018 agus PORTFOLIO an clár níos leithne. Ba iad seo a leanas na moltóirí: Gregory Parsons, Léiritheoir Neamhspleách, Comhairleoir Taispeántas agus Miondíola; An Dr. Maureen Bampton, Stiúrthóir Bluecoat Display Centre, Learpholl; agus Suzanne Macdougald, bunaitheoir de Solomon Fine Art Gallery Baile Átha Cliath. Ghlac Deirdre McQuillan páirt sa phainéal don roghnúchán faisin. Is iad seo a leanas an 28 déantóir a roghnaíodh le haghaidh PORTFOLIO: Critical Selection 2017-2018: Roger Bennett, Adhmad Úna Burke, Leathar Anne Butler, Ceirmeacht Edmond Byrne, Gloine Mike Byrne, Ceirmeacht Stuart Cairns, Miotail Julie Connellan, Seodra Jack Doherty, Ceirmeacht
I measc na dtionscadal suntasach eile a d'oibrigh an CDCÉ air le linn na bliana 2017 bhí an tacaíocht ar thug siad do Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, le forbairt táirgí ceardaíochta nua déanta in Éirinn a bhí le díol faoi bhranda na Tríonóide chomh maith leis an gcabhair ar thug siad do House of Ireland ina bhfeachtas Nollag leis an mbéim curtha ar chliaint Dhearadh na hÉireann ar stocáil siad.
Liam Flynn, Adhmad
PORTFOLIO Oibríonn clár PORTFOLIO de chuid an CDCÉ go gníomhach chun cáil dearaidh agus féidearthacht tráchtála de dhéantóirí agus de dhearthóirí a fhás thar na mórdisciplíní dearaidh agus ceardaíochta comhaimseartha go léir. Is iad na déantóirí atá ar an gclár ná déantóirí a chruthaíonn rudaí nuálacha, saothair aon uaire nó eagráin teoranta, agus a bhíonn ag obair de réir ardchaighdeán de cháilíocht deartha agus de scil theicniúil. Is painéal de shaineolaithe idirnáisiúnta a roghnaíonn é agus faoi láthair taispeánann PORTFOLIO saothar comhaimseartha de na 140 déantóir is cáiliúla in Éirinn thar na disciplíní de cheirmeacht, seodra, gloine, miotail, páipéar, teicstílí, callagrafaíocht, troscán, adhmadóireacht, ciseadóireacht, faisin agus ceirdsaoirseacht chloiche.
Alison Lowry, Gloine
Sara Flynn, Ceirmeacht Karl Harron, Gloine Pierce Healy, Seodra Jennifer Hickey, Ceirmeacht Joe Hogan, Ciseadóireacht John Lee, Troscán Michael McCrory, Miotail Cecilia Moore, Miotail Cara Murphy, Miotail Eily O’Connell, Seodra Stephen O’Briain, Troscán Susan O’Byrne, Ceirmeacht Cóilín Ó Dubhghaill, Miotail Angela O’Kelly, Seodra Sasha Sykes, Troscán Gráinne Watts, Ceirmeacht Joseph Walsh, Troscán Zelouf+Bell, Troscán
Max Brosi, Adhmad Cathy Burke, Ceirmeacht Chloë Dowds, Ceirmeacht Terry Dunne, Fíodóireacht Chaïm Factor, Adhmad Róisín Gartland, Faisean Stevan Hartung, Troscán Umit Kutluk, Faisean Emma Manley, Faisean Ciarán McGill, Troscán Alan Meredith, Adhmad Vaida Rasciute, Faisean Natasha Rollinson, Seodra Jane Seymour, Ceirmeacht Seoladh an foilseachán PORTFOLIO: Critical Selection 2017-2018 an 12 Bealtaine in éineacht leis an taispeántas comhfhreagrach, Narratives in Making sa Ghailearaí Náisiúnta Dearaidh & Ceardaíochta. Dáileadh an foilseachán seo ar dhánlanna, institiúidí cultúrtha, coimeádaithe, bailitheoirí, meáin, tioncharoirí agus leabharlanna ar fud na tíre agus thar lear. Léiríodh Gregory Parsons an taispeántas agus thug sé camchuairt ar Ionad Ceardaíochta Ruthin sa Bhreatain Bheag ó Iúil go Meán Fómhair. Reáchtáladh sraith thaispeántais de cheardaíocht chomhaimseartha a roghnaíodh ón gclár PORTFOLIO ag Ionad Ealaíon Chill Rialaig i gCo. Chiarraí ó mhí an Mheithimh go mí Lúnasa. Thug PORTFOLIO tacaíocht do ‘Decoding Craftsmanship II’, seimineár de lá amháin an 23 Meán Fómhair eagraithe Joseph Walsh Studio ina ndearnadh iniúchadh ar na bealaí a fhéadfaidh teicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn cur le cineál nua de chultúr déantóra. Tá clú domhanda ar na cainteoirí ina gcuid réimsí agus ina measc bhí Humberto Campana, John Makepeace, Gareth Neal, Joe Hogan, Chris Lefteri, Jorg Berchtold agus Joseph Walsh. An Bailiúchán Comhaimseartha Dearaidh & Ceardaíochta ag Ard-Mhúsaem na hÉireann Bunaíodh an Bailiúchán Comhaimseartha Dearaidh agus Ceardaíochta (CCDC) i 2003 mar chiste ceannaigh comhpháirteach chun saothair
nua-aimseartha d’ardchaighdeán a bhailiú ó phríomhdhéantóirí/dhearthóirí na hÉireann le haghaidh Ard-Mhúsaem na hÉireann (NMI) chun seandachtaí an todhchaí a chaomhnú do na glúnta atá le teacht. Tá an bailiúchán maoinithe go comhpháirteach ag Ard-Mhúsaeim na hÉireann agus CDCÉ agus roghnaíonn coimeádaithe an mhúsaeim na saothair le comhairle ón CDCÉ chun bailiúchán reatha an mhúsaeim um oidhreacht iniompartha na hÉireann a chomhlánú agus a fheabhsú. Is mór an tairbhe é ciste ceannaigh comhpháirteach dá leithéid do dhéantóirí-dearthóirí óna gceannaítear a saothar, chomh maith leis an stádas a thagann dá bharr le bheith ina chuid de bhailiúchán an Ard-Mhúsaeim. Tá gach éadáil ó 2003 ar taispeáint ar ghailearaí ar líne: portfolio.dccoi.ie/museum. Cuireadh tús leis an tionscadal gréasáin seo chun aird de lucht féachana níos leithne a tharraingt ar an mbailiúchán fairsing den saothar comhaimseartha atá i seilbh an mhúsaeim anois. Ba iad seo a leanas na héadálacha a rinneadh i 2017: Conversations (confession) le Louise Rice (ealaíontóir gloine); Memory Map le Pierce Healy (seodóir) agus 54 saothar le J. HILL’s Standard (dearthóirí gloine). An Bailiúchán Idirnáisiúnta Comhaimseartha de Dhearadh & Ceardaíocht na hÉireann leis an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála Chuir an CDCÉ Meabhrán Comhthuisceana i gcrích leis an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála (RGET) lena ndearnadh comhaontú ciste ceannaigh a fhoirmliú, comhaontú atá i bhfeidhm le breis agus 10 mbliana anuas. Tugtar Bailiúchán Idirnáisiúnta Comhaimseartha de Dhearadh & Ceardaíocht na hÉireann ar an gciste seo. Ag obair le chéile, leanann an CDCÉ agus RGET ar aghaidh ag roghnú agus ag ceannach an dearaidh agus na ceardaíochta is fearr in Éirinn d'ambasáidí ar fud an domhain. Cuireann an CDCÉ comhairle ar fáil maidir le ceardaíocht déanta in Éirinn a bhfuil oiriúnach le haghaidh bronntanais, de réir mar a éilíonn Ambasáidí nó réimsí feidhmeacha eile ó am go ham. Bailiúchán Ceirmeachta Comhaimseartha Na hÉireann Lean an CDCÉ air le tacaíocht a thabhairt do Bhailiúchán Ceirmeachta Comhaimseartha na hÉireann. Anois sa tríú bliain, is comhoibriú é an bailiúchán idir Scoil Ealaíne agus Deartha Luimnigh agus an Músaem Hunt.
25
Ár nGníomhaíochtaí: Forbairt Mhargaidh
Cuireadh ceathrar déantóir déag leis an gclár níos leithne de chuid PORTFOLIO:
TurasÓireacht Eispéireas Stiúideo Cheardaíochta na hÉireann Ar dtús báire seoladh Eispéireas Stiúideo Ceardaíochta na hÉireann (craftinireland.com/ explore) le Fáilte Ireland in 2013, agus leanadh ar aghaidh leis an eispéireas ceardaíochta is fearr in Éirinn a shainaithint agus a chur chun cinn agus iad a chur i láthair do chuairteoirí ar bhealach mealltach, comhleanúnach agus sothuigthe. I dtaighde a rinne Turasóireacht Éireann, léirítear go bhfuil suim ag cuairteoirí go hÉirinn ceardaíocht a fheiceáil mar chuid dá saoire. D’fhéadfaí í seo a fheiceáil ag féilte agus margaí, i siopaí agus i ndánlanna ach níos tábhachtaí fós, i stiúideonna na ndéantóirí.
26
ImeachtaÍ D ImeachtaÍ DÍÍolacháin DhÍ DhÍrigh in Éirinn Bloom in the Park, Páirc an Fhionnuisce, Baile Átha Cliath 1 – 5 Meitheamh Is é Bloom in the Park an féile gharraíodóireachta agus nós maireachtála is mó in Éirinn, agus i 2017 chonacthas líon mór cuairteoirí arís le beagnach 120,000 duine ABC1 ag freastal ar an seó, líon ba mhó de chuairteoirí a taifeadadh.
Chomhairle Dhearaidh & CheardaÍochta na hÉireann
Bhí Sráidbhaile Ceardaíochta na hÉireann curtha i láthair ag CDCÉ agus bhí sé suite arís i gcroílár an taispeántais agus bhí 26 taispeántóir miondíola le feiceáil ó raon leathan de dhisciplíní, lena n-áirítear ceirmeacht, déanamh gallúnaí, déanamh coinnle, teicstílí, seodra agus adhmadóireacht. Bhí díolacháin cheardaíochta láidir le deiseanna breise ag leibhéal miondíola mar thoradh ar thaispeántais ag an seó. Bhí balleagraíochtaí de chuid CDCÉ ag Sráidbhaile Ceardaíochta na hÉireann agus chuir siad taispeántais bheo ar fáil nó reáchtáil siad ceardlanna ag an ócáid, agus bhí gníomhaíochtaí ann do leanaí a bhí os cionn cúig bliana d’aois i dteicstílí, priontáil agus cré. Gifted – An tAonach Ceardaíochta & Deartha Comhaimseartha 5 – 10 Nollaig Is imeacht tábhachtach é Gifted – an tAonach Ceardaíochta & Deartha Comhaimseartha (ar tugadh an tAonad Náisiúnta Ceardaíochta agus Deartha air roimhe seo) i bhféilirí de go leor dár gcliant. Is cuspóir CDCÉ ag an ócáid seo ná ár gcliaint a chur chun cinn ag an seó agus tacaíocht a thabhairt d’fheachtas tomhaltóra Dhearadh na hÉireann. Is í an phríomhtheachtaireacht do chuairteoirí ag an
aonach ná táirgí atá deartha agus déanta anseo in Éirinn a lorg. In 2017, cuireadh lá breise leis an ócáid agus mar sin bhí sé ar siúl ar feadh sé lá. Ar an iomlán, ghlac 174 cliant atá cláraithe leis an CDCÉ páirt sa seó. Soláthraíodh lógó an CDCÉ do gach cliant ar a gcomharthaíocht seastáin ionas go bhféadfadh tomhaltóirí táirgí déanta in Éirinn a aithint go héasca. Ina theannta sin, chruthaigh an CDCÉ spás taispeántais léirithe dar teideal Bronntanais Roghnaithe Dearadh na hÉireann i lár an Phríomh-Halla, lenar léiríodh smaointe bronntanais ó níos mó ná 121 dár gcliaint. Tá an-tóir ar an spás seo ag cuairteoirí ar an seó, inar tugadh inspioráid agus smaointe dóibh chomh maith le forbhreathnú a thabhairt dóibh ar éagsúlacht agus ar chaighdeán na ceardaíochta atá ar fáil ar fud na hÉireann. D’éirigh go hiontach le díolacháin na dtáirgí a bhí ar taispeántas sa spás seo. Léirigh seachtar déantóir a gceardaíocht ag an ócáid le linn na sé lá, rud a thug léargas pearsanta don tomhaltóir ar an bpróiseas déanta.
€21.2M
27
5,108
251
174
40
Ceannaitheoirí a d’fhreastail ar Showcase
Cliaint de CDCÉ a ghlac páirt in Gifted — An tAonach Ceardaíochta & Deartha Comhaimseartha
Cliaint de CDCÉ a ghlac páirt i Showcase
Fiontair ag glacadh páirt i gclár OPTIMISE Dearadh na hÉireann
Ár nGníomhaíochtaí: Forbairt Mhargaidh
Orduithe a rinneadh ag Showcase 2017
Chomhairle Dhearaidh & CheardaÍochta na hÉireann
28
Trí chláir mheantóireachta, forbartha agus oiliúna a sholáthar, tá ról fíorthábhachtach ag an bhfoireann Nuálaíochta agus Forbartha i bhfás leanúnach na hearnála dearaidh agus ceardaíochta. Seachadtar na cláir seo, nuair is féidir, trí chomhchomhpháirtíochtaí straitéiseacha náisiúnta agus idirnáisiúnta lena ligtear don CDCÉ an leas is mó a bhaint as na hacmhainní atá ar fáil. Cuirtear iad ar fáil do bhaill Cuallachtaí, Comhlachais, Líonraí agus Cumainn (CCLC) agus do chliaint chláraithe leis an CDCÉ, agus cuimsítear forbairt ghnó agus straitéiseach, tionscnaimh, taispeántais agus for-rochtain á dtreorú ag an dearadh tríd an nGailearaí Náisiúnta Dearaidh & Ceardaíochta, agus comhpháirtíochtaí idirnáisiúnta trí Chomhairle Ceardaíochta an Domhain.
29
Ár nGníomhaíochtaí: Cláir Nuálaíochta & Forbartha
2.2
Cláir Nuálaíochta & Forbartha
Chomhairle Dhearaidh & CheardaÍochta na hÉireann
30
Caint na ndéantóirí ag Dúshlán Domhanda Dearaidh na hÉireann ag an Dánlann Náisiúnta Dearaidh agus Cheardaíochta Exhibition opening of Global Irish Design Challenge at the National Design & Craft Gallery Gabhdán coinnleora lúibe le Superfolk Make:Shift Ireland ag an Helix i mBaile Átha Cliath Make:Shift Ireland láithreoirí agus aoichainteoirí
Díríonn an Clár um Thógáil Fiontair Cheardaíochta agus Dearaidh ar dhearadh táirge, ar chumas táirgthe, ar fhorbairt ghnó, ar ullmhúchán de sheó trádála agus ar an timpeallacht mhiondíola. Is príomhghné í an chuairt taighde agus mhiondíola ar Londain.
Forbairt Fiontair Clár um Thógáil Fiontair Cheardaíochta agus Dearaidh arna seachadadh i gcomhpháirtíocht le hOifigí Fiontair Áitiúla (LEOanna) Is é cuspóir an chláir ná gnóthais cheardaíochta agus dhearaidh a neartú, táirgí inmharthana tráchtála a fhorbairt agus acmhainneacht onnmhairithe a mhéadú. Arna seachadadh thar thréimhse de sheacht mí, díríonn an clár ar dhearadh táirge, ar chumas táirgthe, ar fhorbairt ghnó, ar ullmhúchán de sheó trádála agus ar an timpeallacht mhiondíola. Is príomhghné í an chuairt taighde agus mhiondíola ar Londain. Cuireadh clár 2017 ar fáil do 22 rannpháirtí le LEO Chathair Bhaile Átha Cliath, atá anois ina chúigiú bliain de chomhpháirtíocht. Reáchtáladh an clár freisin le LEO na Gaillimhe (15 rannpháirtí), LEO Dhún na nGall (10 rannpháirtí) agus LEO Tiobraid Árann (10 rannpháirtí). Ceardlanna Fiontair agus Nuálaíochta Is ceardlanna a bhíonn ar siúl ar feadh lá amháin iad na Ceardlanna Fiontair agus Nuálaíochta atá dírithe ar théamaí forbartha bunúsacha agus déantar iad a sheachadadh i gcomhpháirtíocht le LEOanna. I 2017, chuaigh LEO Mhaigh Eo isteach i gcomhpháirtíocht le 36 gnóthas a bhí ag freastal ar na ceardlanna.
31
Ba iad seo a leanas na príomhthéamaí forbartha: Marsantú éifeachtach de tháirgí Ag ullmhú d’onnmhairiú ag aontaí náisiúnta agus idirnáisiúnta Costas agus praghsáil táirgí Clár um Smart Exporter Chomhoibrigh an CDCÉ agus na hOifigí Fiontair Áitiúla chun an Clár um Smart Exporter luathaithe a sheachadadh do ghrúpa de 15 gnóthas dearaidh agus ceardaíochta. Rinneadh an clár seo a reáchtáil thar thréimhse trí bliana agus tá roinnt de na cuideachtaí rannpháirteacha anois ina gcliaint d’Fhiontraíocht Éireann. I 2017 chonacthas an clár trí bliana seo a chur i gcrích go rathúil. Clár Meantóireachta Tá meantóireacht duine le duine ar fáil do chliaint i gcaitheamh na bliana. Tá réimse leathan saineolais ag an bpainéal CDCÉ sna réimsí dearaidh, táirgthe, forbairt gnó, onnmhairithe, margaíochta agus brandála. Le linn 2017, bhí an mheantóireacht dírithe ar dhearadh, ar fhorbairt táirgí, ar chumas táirgthe, ar dheiseanna easpórtála, agus ar an leas is fearr a bhaint as na meáin shóisialta mar uirlis
Ár nGníomhaíochtaí: Cláir Nuálaíochta & Forbartha
≤ Thall Deiseal ón mbarr ar chlé:
Chomhairle Dhearaidh & CheardaÍochta na hÉireann
32
Cuireadh sraith seisiún meantóireachta duine le duine ar fáil i 2017 d'fhiontair chliant a roghnaíodh le haghaidh Dearadh na hÉireann ag Showcase 2018 – Expo® Cruthaitheach na hÉireann. hÉireann. Chuidigh na seisiúin seo le rannpháirtithe de chuid Dearadh na hÉireann chun a n-acmhainneacht tráchtála iomlán a thaispeáint agus chun méadú a chur ar orduithe onnmhairithe ag an seó.
forbartha. Ar an iomlán, bhain 65 fiontar cliaint leas as seisiúin duine le duine i rith na bliana, ina raibh 40 cliant CDCÉ agus 25 fiontar a raibh tar éis atreorú a fháil ó LEOanna. Is é aidhm an mheantóireachta duine le duine seo ná a mbonn gnó agus a feidhmíocht onnmhairithe a neartú. Dearadh na hÉireann ag Showcase 2018 Meantóireacht & Ceardlanna Cuireadh sraith seisiún meantóireachta duine le duine ar fáil i 2017 d'fhiontair chliant a roghnaíodh le haghaidh Dearadh na hÉireann ag Showcase 2018 – Expo® Cruthaitheach na hÉireann. Chuidigh na seisiúin seo le rannpháirtithe de chuid Dearadh na hÉireann chun a n-acmhainneacht tráchtála iomlán a thaispeáint agus chun méadú a chur ar orduithe onnmhairithe ag an seó. Ghlac 76 gnóthas san iomlán páirt ann. Ar bhonn cás ar chás, bhí meantóireacht leantach do Dhearadh na hÉireann 2018 ann do 20 eile agus maidir leis na gnóthais eile bhí sí dírithe ar phlean forbartha fadtéarmach i dtreo Dearadh na hÉireann 2019. Cuireadh meantóireacht mharsantaithe duine le duine ar fáil do gach fiontar a bhí cláraithe ag CDCÉ a bhí ag taispeáint ag Showcase 2017, lena n-áirítear Dearadh na hÉireann, agus do thaispeántóirí Showcase Fiontar Áitiúil. Thug an fhoireann marsantaithe comhairle do 63 gnóthas tar an láthair ag an RDS. Suíomh Gréasáin Fiontraíochta Rinneadh an láithreán gréasáin tiomnaithe seo, DCCoI.ie/enterprise a nuashonrú i 2017 mar acmhainn do dhuine ar bith a thosaíonn nó a mhéadaíonn a ngnó, lena gcuirtear an fhaisnéis is déanaí chomh maith le mionsonraí ar na ceardlanna a seachadadh i gcaitheamh na bliana ar fáil do chliaint. Clinicí Forbartha Táirgí FUSE Tá na Clinicí Forbartha Táirgí FUSE ríthábhachtach d'fhiontair cheardaíochta agus dearaidh atá ag iarraidh a réimse táirgí agus aitheantais branda a fhorbairt. An 13 Deireadh Fómhair i dTeach Butler, Cill Chainnigh, thug raon de shaineolaithe comhairle i gclinicí duine le duine agus cur i láthair ar na hábhair seo a leanas: onnmhairiú; miondíol; seónna trádála; marsantú; brandáil; agus treochtaí. Rinne an CDCÉ iad seo a sheachadadh i gcomhar leis an Oifig Fiontair Áitiúil, Cill Chainnigh agus d’fhreastail 15 cliant orthu.
Ceardlann Easpórtála Idirghníomhaí Reáchtáladh Ceardlann Easpórtála Idirghníomhaí i gcomhar le Coimisiún Forbartha an Iarthair (CFI) agus sheachaid an CDCÉ í i Liatroim agus i nGaillimh an 28 Feabhra agus 1 Márta. San iomlán d’fhreastail 42 cliant orthu. Make:Shift Ireland Make:Shift Ireland, comhdháil idirnáisiúnta de lá amháin ina ndearadh iniúchadh ar an todhchaí maidir le déanamh agus nádúr na nuálaíochta trioblóidí i gceardaíocht agus i ndearadh, a reáchtáladh an 6 Samhain i gcomhar le Féile Dearaidh Bhaile Átha Cliath. Tháinig breis agus 250 gairmí, céimní agus mac léinn le chéile ag an ócáid, a bhí ar siúl ag an Helix i mBaile Átha Cliath, a raibh suim acu éisteacht le agus plé a dhéanamh ar smaointe agus coincheapa ceannródaíocha a mbíonn tionchar acu ar an mbealach ina gcónaímid, ina bhfoghlaímid, ina ndéanaimid agus ina roinnimid. Ghlac ceannródaithe sna príomhréimsí páirt ann, na réimsí bithdhearaidh agus inbhuanaitheachta ina measc, chomh maith leis na réimsí nuálaíochta agus dáileacháin déantúsaíochta, lena n-áirítear:
33
Kirsty Emery a bhfuil a gcuideachta Unmade tar éis ardán saincheaptha a thógáil chun cló úr a chur ar éadaí cniotáilte. Jeff Powers ó Stiúideo Heatherwick a oibríonn ag an gcrosaire d’fhréamhshamhaltú mear agus ceardaíocht Carole Collet a oibríonn ar phróisis mhonaraithe na todhchaí le haghaidh teicstílí Shelley James a dhéanann iniúchadh ar shiméadracht chúigfhillte agus déanann sí taighde ar struchtúir mhóilíneacha a fhreagraíonn don solas Jarmo Eskelinen ó Future Cities Catapult atá dírithe ar nuálaíocht uirbeach a chur chun cinn trí chathracha cliste na todhchaí Indy Johar de Project 00, Opendesk agus WikiHouse atá ag pléascadh an próiseas déantóireachta trí thionscadail dearaidh dhomhanda comhoibríocha foinse oscailte Dearthóir bróige Noritaka Tatehana a bhfuil a chuid Heel-less Shoes ag ionchorprú teicnící ceardaíochta Seapánacha traidisiúnta isteach i bhfoirmeacha inmhianaithe agus comhaimseartha Gabha geal Cóilín Ó Dubhghaill atá ag déanamh iniúchta ar an gcrosaire idir an próiseas ceardaíochta traidisiúnta agus an teicneolaíocht nua
Ár nGníomhaíochtaí: Cláir Nuálaíochta & Forbartha
Thug MakeShift: Ireland os cionn 250 gairmí, céimí agus mac léinn le chéile ar spéis leo eolas a fháil ar agus plé a dhéanamh ar smaointe agus coincheapa ceannródaíocha a bhfuil tionchar á imirt acu ar an mbealach a mhairimid, a fhoghlaimímid, a dhéanaimid agus a roinnimid.
Is branda agus imeacht de chuid Chomhairle Ceardaíochta na Ríochta Aontaithe í Make:Shift. Ba í Comhairle Dhearaidh & Cheardaíochta na hÉireann a chur Make:Shift Ireland le chéile i gcomhar le Comhairle Ceardaíochta na Ríochta Aontaithe agus fuair sí maoiniú ó Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath agus ó Institiúid na Fionlainne i Londain. Cláir Idirnáisiúnta Comhairle Cheardaíochta an Domhain – An Eoraip (CCD-AE) Toghadh Louise Allen, Ceann Chláir Nuálaíochta agus Forbartha CDCÉ mar Uachtarán ar an gComhairle Cheardaíochta an Domhain – an Eoraip i Meán Fómhair 2016. Ritheann an uachtaránacht go dtí 2020. Is líonra leathan é an CCD – Eoraip a dhéanann ionadaíocht do níos mó ná 29 eagraíocht ceardaíochta náisiúnta, réigiúnacha agus gairmiúla ar fud an AE.
34
Is iad príomhchuspóirí an CCD – Eoraip ná: ceardaíocht agus ealaíon feidhmeach á dtreorú ag an dearadh san Eoraip a chur chun cinn líonra idirnáisiúnta de theagmhálacha a thógáil sna réimsí ceardaíochta seo faisnéis a bhailiú agus a scaipeadh ar fud líonra mór de bhallaonáin ceirdeanna a léiriú ag leibhéil idirnáisiúnta, oifigiúla, pholaitiúla agus riaracháin
Chomhairle Dhearaidh & CheardaÍochta na hÉireann
ceirdeanna a chothú mar ghníomhaíocht ghairmiúil a tháirgeann obair den chaighdeán is airde páirt a ghlacadh i dtionscadail chomhoibrithe idirnáisiúnta atá tábhachtach don earnáil cheardaíochta Cruinnithe Boird an CDD Reáchtáladh cruinniú boird de CDD idirnáisiúnta i gCuáit an 24 Eanáir. Tharla an cruinniú ag an am céanna agus a bhí taispeántas saothair ag dearthóirí agus ceardaithe ó Mheiriceá Theas agus ó Mheiriceá Laidineach arna maoiniú ag an gComhairle Náisiúnta um Chultúr agus Ealaíon, Cuáit. Moladh go mbeadh taispeántas dá leithéid á óstáil do dhearthóirí agus do cheardaithe ón AE agus ó Mheiriceá Thuaidh i 2019. Reáchtáladh cruinniú boird de CDD – Eoraip: I Maidrid, 23 Feabhra, arna óstáil ag EOI Fundesarte I bPáras, 4 Bealtaine, arna óstáil ag Atelier d’Arts at Revelation In Barcelona, 5 Deireadh Fómhair i gcomhthráth le Joya, imeacht trádála seodra comhaimseartha Barcelona.
Reáchtáladh Comhthionól Ginearálta an CCD – Eoraip (CDD – AE) i bhFlórans ón 8 go 10 Meitheamh. D'fhreastail baill CCD – AE ón Spáinn, ón Iodáil, ón bhFrainc, ón Iorua, ó Éirinn, ón mBeilg, ón Danmhairg, ón tSeapáin, ón bhFionlainn, ón tSeoirsia, ón nGearmáin, ón bPortaingéil, ón Albain agus ón Ísiltír air. Thug na baill cur i láthair ar dheiseanna tráchtála agus bolscaireachta don earnáil cheardaíochta, ag cur béime ar phríomh-thaispeántais, imeachtaí trádála, margaí ceardaíochta, agus gailearaí a bhfuil baint ag na baill leo. Áirítear ar na haíonna ar tugadh cuireadh dóibh bhí an Fhondúireacht Michelangelo, an Institutio Europea Di Design, agus Uachtarán Cumann na hIodáile de Cities of Ceramics gus an Ghrúpáil Eorpach um Chomhar Críche. Rinneadh roinnt gníomhaíochtaí agus tionscnaimh i 2017, lena n-áirítear: Uasghrádú ar láithreáin ghréasáin CCD – AE agus CCD idirnáisiúnta Seoladh Duais Eorpach d’Ealaíon Feidhmeach CCD – Belgique Francophone (CCD – BF) le duaiseanna de €3,500 don Mháistir-Cheardaí agus €3,000 don Bua Óg Rolladh amach den tionscnamh Cathracha Ceardaíochta CCD le Bornholm sa Danmhairg a bhí ina chéad réigiún den AE chun an t-ainmniúchán a fháil agus tá iarratas ar feitheamh do Harris Tweed, Albain Cuireadh tús le hiarratas ar son CCD – AE do Ghlao ar Thograí EACEA 32/2017: Tacaíocht do thionscadail um chomhar Eorpach 2018. Bhí an t-iarratas dírithe ar oiliúint agus ar shoghluaisteacht do choimeádaithe óga agus do cheardaithe óga san AE. Ach, ar an drochuair níor éirigh leis. Bliain Eorpach um Oidhreacht Chultúrtha 2018 Is é cuspóir foriomlán na Bliana Eorpaí um Oidhreacht Chultúrtha ná comhroinnt agus meas ar oidhreacht chultúrtha na hEorpa a spreagadh, chun feasacht a ardú maidir lenár stair choitianta agus lenár luachanna, agus chun muintearas i spás comhchoiteann Eorpach a neartú. D'oscail an Coimisiún Eorpach Comhphlé Struchtúrtha le roinnt geallsealbhóirí roghnaithe ar an ábhar, 'Scileanna, Oiliúint agus Aistriú Eolais: oidhreacht thraidisiúnta agus oidhreacht atá ag teacht chun cinn'. Chuir an CDCÉ iarratas isteach.
Comhpháirtíochtaí um Oifigí Fiontair Áitiúla Tá Meabhrán Tuisceana (MT) ag an CDCÉ le líonra na nOifigí Fiontair Áitiúla (LEOanna) ar bhonn náisiúnta. Tá sé mar aidhm ag an gcomhpháirtíocht seo an leas is mó a bhaint as na hacmhainní agus tacaíochtaí don earnáil. I rith 2017, sholáthair an CDCÉ agus na LEOanna meantóireacht, sraith de cheardlanna fiontraíochta agus nuálaíochta, an Clár um Tógáil Fiontair Cheardaíochta agus Dearaidh, agus tacaíochtaí gnó chun scileanna fiontraíochta cliant a fhorbairt agus chun fás a chumasú. Oibríonn an CDCÉ freisin le LEOanna san fhorbairt leanúnach den Showcase Fiontar Áitiúil ag Showcase – Expo® Cruthaitheach na hÉireann, lena n-ardaítear caighdeán na marsantaithe amhairc ag an seó. Coimisiún Forbartha an Iarthair Mar chomhpháirtí straitéiseach a bhfuil suim acu i bhforbairt agus i bhfás na dtionscal cruthaitheach ceardaíochta agus gaolmhara, thug Coimisiún Forbartha an Iarthair (CFI) maoiniú de suas le €10,000 ar fáil don Ciste Aonaigh Idirnáisiúnta de chuid CDCÉ chun tacú le lucht déantóirí i Réigiún an Iarthair a ghlacann páirt i dtrádáil idirnáisiúnta aontaí. Is é Réigiún an Iarthair limistéar oibríochta an CFI – contaetha Dhún na nGall, Liatroma, Sligigh, Ros Comáin, Maigh Eo, na Gaillimhe, agus an Chláir. Mol Dearaidh Tá CDCÉ ag obair le cuibhreannas comhpháirtithe, lena n-áirítear Comhairle Contae Chill Chainnigh (CCCC), IT Cheatharlach (ITC), agus Cuideachta Forbartha Tionscail Chill Chainnigh (CFTCC) maidir le Mol Dearaidh a fhorbairt don Oirdheisceart. Tá an tionscnamh seo san áireamh i bPlean Gníomhaíochta an OirDheiscirt do Phoist (SEAPJ). Bronnadh conradh ar Treacy Consulting tar éis próisis iomaíoch chun staidéar féidearthachta a dhéanamh chun samhail ghnó a chur san áireamh don fhorbairt atá beartaithe. Rinneadh sraith seisiún comhairliúcháin i mí Dheireadh Fómhair agus
35
Ár nGníomhaíochtaí: Cláir Nuálaíochta & Forbartha
I rith 2017, sholáthair an CDCÉ agus na LEOanna meantóireacht, sraith de cheardlanna fiontraíochta agus nuálaíochta, an Clár um Tógáil Fiontair Cheardaíochta agus Dearaidh,, agus Dearaidh tacaíochtaí gnó chun scileanna fiontraíochta cliant a fhorbairt agus chun fás a chumasú.
Caidreamh á ChothÚ ChothÚ Tá CDCÉ ar an eolas faoin fíorthábhacht a bhaineann leis na comhpháirtíochtaí straitéiseacha maidir leis an ngréasán agus bonneagar na dtacaíochtaí a chothú d'fhorbairt thionscal dearaidh agus ceardaíochta na hÉireann. Mar gheall ar chomhpháirtíochtaí suntasacha i rith 2017, fuarthas maoiniú breise, méadú ar líon na gclár, agus rochtain ar shaineolas agus ar chomhairle ar bhonn náisiúnta.
i mí na Samhna 2017 le gnólachtaí, corparáidí agus le páirtithe leasmhara san earnáil phoiblí agus phríobháideach. Déanfar tuilleadh forbartha ar phleananna i 2018. Féile Design Futures Fuair an CDCÉ maoiniú ó Fáilte Ireland chun imscrúdú a dhéanamh ar fhéidearthacht Féile Design Futures a óstáil san Oirdheisceart. Bronnadh conradh ar Willie Miller Urban Design, atá lonnaithe san Albain, chun an staidéar seo a dhéanamh. Cuireadh an fhéidearthacht i gcrích i mí Dheireadh Fómhair.
Chomhairle Dhearaidh & CheardaÍochta na hÉireann
36
Fondúireacht Michelangelo Is eintiteas idirnáisiúnta neamhbhrabúis í an Fhondúireacht Michelangelo (arna bhunú ag grúpaí bunaitheoirí Richemont) a cheiliúrann agus a chaomhnaíonn an mháistircheardaíocht agus a neartaíonn a nasc le domhan an dhearaidh. Tá suim acu oibriú le CDCÉ agus CCD – an Eoraip ar roinnt tionscadal a bhfuil próifíl sármhaitheasa agus mháistircheardaíocht acu agus le heagraíochtaí ar fud an AE. Bhuail an CDCÉ le Ceann na gComhpháirtíochtaí Straitéiseacha sa Ghinéiv an 24 Aibreán agus tar éis an chruinnithe seo, d'fhreastail ionadaithe Michelangelo ar an gComhthionól Ginearálta an CCD – AE i bhFloráns i mí an Mheithimh. I mí Iúil, thug Bainisteoir an Chláir agus an Fhondúireacht cuairt ar CDCÉ d'fhonn dul i dteagmháil le daltaí ó na hIonaid Sármhaitheasa sa Cheirmeacht agus sa Seodra & Órcheardaíocht de chuid an CDCÉ mar chuid de thaispeántas mórscála dar teideal 'Homo Faber – Crafting a more future human'. Roghnófar idir cúigear agus deichiniúr mac léinn as an dá Ionad Sármhaitheasa de chuid an CDCÉ chun cuidiú leis an ócáid a thosú i Meán Fómhair 2018 agus ghlac beirt céimí ó na hIonaid a bhain céim amach le déanaí san fhíseán chur chun cinn don imeacht a scannánaíodh sa Veinéis i mí Mheán Fómhair. Tugann sé seo deis gan fasach léargas a fháil ar shaol na brandaí sómasacha agus na ceardaithe idirnáisiúnta den scoth. Is é 'Homo Faber' an chéad taispeántas mórchultúrtha atá tiomanta do cheardaíocht na hEorpa agus tá sé mar aidhm aige míncheardaíocht a chur ar an léarscáil domhanda agus méadú a chur ar aitheantas agus infheictheacht do mháistircheardaithe. Ag clúdach thart ar 4,000 méadar cearnach, beidh 'Homo Faber' an taispeántas is mó riamh a bheidh ar siúl reáchtáladh ag Fondazione
Giorgio Cini ar Oileán San Giorgio Maggiore sa Veinéis, An Iodáil ón 14 go dtí 30 Meán Fómhair, 2018. Tá plé leis an bhfondúireacht ar siúl maidir le ceardaithe na hÉireann a bhfuil ionadaíocht le déanamh dóibh mar chuid den taispeántas i 2018. Nordic Network Agus na naisc leis an Nordic Network a neartú, thug Institiúid na Fionlainne i Londain tacaíocht airgeadais don chomhdháil Make: Shift Ireland agus is mian leo comhoibriú ar thionscadail amach anseo i 2018. Tionóladh cruinnithe in Éirinn le Ambasadóirí Nordacha ón Danmhairg agus ón bhFionlainn i rith 2017. Oifig na nOibreacha Poiblí (OOP) Bíonn an CDCÉ ag obair go dlúth leis an OOP, go háirithe maidir le clár taispeántas Gailearaí Náisiúnta Dearaidh & Ceardaíochta. I 2017, bhí an-áthas ar CDCÉ go raibh an chamchuairt taispeántais Hi! Fashion ag an nGailearaí Farmleigh, Baile Átha Cliath.
96
37
Cuireadh meantóireacht duine ar dhuine ar fáil
65
48
57
42
Cliant a ghlac páirt i scéimeanna meantóireachta Chomhairle Dhearaidh & Cheardaíochta na hÉireann
Fiontar a ghlac páirt sa chlár Déantús agus Dearadh Cheardaíochta agus Fiontraíochta
Ceardlann Fiontraíochta agus Nuálaíochta a cuireadh ar súil
Cliant a d’fhreastail ar Cheardlanna Idirghníomhacha Easpórtála
Ár nGníomhaíochtaí: Cláir Nuálaíochta & Forbartha
do rannpháirtithe Dhearadh na hÉireann
Chomhairle Dhearaidh & CheardaÍochta na hÉireann
38
Bhunaigh Comhairle Dhearaidh & Ceardaíochta na hÉireann é sa bhliain 2000, is é an Gailearaí Náisiúnta Dearaidh & Ceardaíochta an príomhionad i leith ceardaíochta agus dearaidh chomhaimseartha na hÉireann. Lena chlár taispeántais léirítear na dearthóirí agus na déantóirí is cumasaí agus is oilte i leith ceardaíochta agus dearadh comhaimseartha na hÉireann a bhfuil meas idirnáisiúnta orthu as a ndea-chleachtas. Le linn 2017, léiríodh saothair ó 167 déantóir, dearthóir agus stiúideo i sé thaispeántas ag an nGailearaí Náisiúnta Dearaidh & Ceardaíochta. Leagadh béim sa chlár ar réimse éagsúil bua, ón lucht cruthaitheacha atá ag teacht chun cinn agus ó na déantóirí dea-bhunaithe Éireannacha is fearr, chomh maith le dearthóirí idirnáisiúnta a bhfuil teacht domhanda orthu. I measc na bpríomhréimsí béime, bhí féiniúlacht agus cultúr, nuálaíocht agus dearadh, seodra luachmhara, faisean agus cleachtadh ceirmeachta comhaimseartha.
39
Ár nGníomhaíochtaí: Gailearaí Náisiúnta Dearaidh & Ceardaíochta
2.3
Gailearaí Náisiúnta Dearaidh & Ceardaíochta
Chomhairle Dhearaidh & CheardaÍochta na hÉireann
40
Narratives in Making: Caint leis an gCoimeádaí le Gregory Parsons Hi! Fashion: Aideen Gaynor Touchstone: Jack Doherty (tosaigh), Susan O'Byrne Oscailt an Taispeántais Hi! Fashion ag an Gailearaí Náisiúnta Dearaidh & Ceardaíochta Lustre: Ubh i stíl Fabergé le Lina Siaudvytyte
Clár Taispeántais 2017 Shape the Future 18 Samhain, 2016 – 5 Feabhra, 2017 In Shape the Future cuireadh i láthair saothar nua le 20 de na dhéantóirí-dearthóirí is spreagúla in Éirinn a fuair maoiniú Dámhachtainí & Tacaíochtaí do Dhéantóirí na Todhchaí de chuid CDCÉ sna seacht mbliana roimhe sin. Arna gcur i láthair ag Angela O'Kelly, rinneadh iniúchadh sa taispeántas ar an gcaoi a dtéann ceardaíocht agus dearadh i bhfeidhm ar ár bhféiniúlacht chultúrtha agus an chaoi a bhfuil tionchar ag cultúr ar obair na ndéantóirí rannpháirteacha. Rinne an taispeántas iniúchadh ar thionchair chultúrtha ar dhéanamh comhaimseartha, chomh maith le luach na foinse agus na scéalta maidir le hábhair a chruthaítear in Éirinn a thabhairt go dtí an margadh domhanda. B’ionann líon na gcuairteoirí agus 6,301. Global Irish Design Challenge 10 Feabhra – 1 Bealtaine Ba thaispeántas fairsing é Global Irish Design Challenge comhdhéanta de 54 táirge dearaidh nuálacha le 81 dearthóir agus stiúideo rannpháirteach a chuir réitigh uathúla ar fáil maidir leis na dúshláin a bhíonn romhainn go laethúil. Ag díriú ar théamaí lárnacha inbhuanaitheachta, folláine, muintearas, agus ar nuálaíocht, tugadh cuireadh do dhearthóirí de ghinealach Éireannach nó a bhfuil cleamhnas láidir acu le hÉirinn chun tionscadail a chur isteach inar díríodh ar shaincheisteanna sochaíocha nó inar tugadh réitigh chliste ar fhadhb. Ba í Louise Allen CDCÉ i gcomhpháirtíocht le hOifig na nOibreacha Poiblí (OOP) a léirigh an taispeántas agus cuireadh i láthair é roimhe seo ag an Teach Cóiste i gCaisleán Bhaile Átha Cliath i 2016. B’ionann líon na gcuairteoirí agus 7,121. Narratives in Making 12 Bealtaine– 5 Iúil Ba thaispeántas é Narratives in Making inar ceiliúradh na saothair is fearr de cheardaíocht chomhaimseartha na hÉireann le saothair nuálacha ó PORTFOLIO: Critical Selection 2017–2018 de chuid CDCÉ. Roghnaigh painéal idirnáisiúnta na 28 déantóir-dearthóir a bhí curtha i láthair chun sármhaitheas a léiriú sa cheardaíocht, sa chaighdeán dearaidh agus sa scil theicniúil. Arna léiriú ag Gregory Parsons, bhreithnigh an taispeántas ar bhunús na n-ábhar, cé a rinne é, an áit ina ndearnadh é,
conas a rinneadh é agus cad é a úsáideadh chun é a dhéanamh. Tugadh scéalta iontacha le chéile ag an taispeántas, ó ghrá don ábhar, deasghnátha den déanamh, agus an próiseas dearaidh, go dtí an rithim fhisiceach agus an t-am a bhí i gceist. Rinne an léiritheoir machnamh ar an méid a chuireann ceardaíocht chomhaimseartha lenár bhfolláine, tríd an fhaisnéis a fheabhsaíonn an saol le lámh an déantóra, an t-áthas ar an méid a tháirgeann sé agus an t-áthas a bhaineann lena bheith i do sheilbh. B’ionann líon na gcuairteoirí agus 9,472. Ina dhiaidh sin, tugadh Narratives in Making ar camchuairt ar an Ionad Ceardaíochta Ruthin An Bhreatain Bheag ó 22 Iúil go dtí an 24 Meán Fómhair. Lustre 14 Iúil - 7 Lúnasa Taispeántas de sheodra agus earraí tolla luachmhara in ór, airgead, platanam agus geamanna leis na deichniúr céimí den bhliain 2017 ó Ionad Sármhaitheasa sa Seodra & Órcheardaíocht an CDCÉ in Lustre, taispeánadh an ardleibhéal ceardaíochta agus scileanna a bhain na mic léinn amach le linn an dhianchláir dhá bhliana. Ba bhuaicphointe an taispeántais é an bailiúchán ghleoite de dheich n-ubh stíl Fabergé, idir uibheacha airgid íostacha le geamanna, agus uibheacha le dromchlaí eitseáilte agus greanta go cúramach agus uibheacha cruanta mionsaothraithe. B’ionann líon na gcuairteoirí agus 11,336. Hi! Fashion 12 Lúnasa - 12 Samhain Taispeántas faisin ón tSeapáin agus ó Éirinn Hi! Fashion inar léiríodh éadaí agus gabhálais do mhná, agus ina ndearnadh iniúchadh ar chomhghabhálacha agus codarsnachtaí amhairc idir an dá oileán le 60 bliain anuas. Úsáideadh an coincheap Kanreki, rud a shamhlaíonn deireadh le seal amháin agus tús seala eile i gcultúr na Seapáine traidisiúnta, mar chúlra chun na sealanna faisin a iniúchadh i dtéarmaí inspioráide agus próisis. Trí scéal seicheamhach a éalú, rinne an taispeántas turgnamhach seo iniúchadh ar fhoirm amhairc, le dearaí a chur le hais a chéile i suiteálacha chun aiste snasta scaoilte a chruthú. Curtha i láthair ag Gemma A. Williams agus a ceapadh i gcomhar le ROJI, cuireadh an taispeántas i láthair mar chuid d'Fhéile Ealaíon Chill Chainnigh agus bhí sé ina ócáid oifigiúil i gceiliúradh an 60ú Comóradh de Chaidreamh
41
Ár nGníomhaíochtaí: Gailearaí Náisiúnta Dearaidh & Ceardaíochta
≤ Thall Deiseal ón mbarr ar chlé:
Chomhairle Dhearaidh & CheardaÍochta na hÉireann
42
Mar chuid d'fhorbairt comhpháirtíochta le hIonad Ceardaíochta Ruthin, tugadh Narratives in Making, Making, arna reáchtáil ag Gregory Parsons, ar camcuairt ar an mBreatain Bheag le linn an tsamhraidh 2017, ag léiriú saothair ó na 28 déantóirí-dearthóirí de PORTFOLIO de chuid CDCÉ: Critical Selection 2017-2018 de chuid CDCÉ.
Taidhleoireachta idir an tSeapáin agus Éire. Thug Fondúireacht na Seapáine tacaíocht dó. B’ionann líon na gcuairteoirí agus 21,537. Ina dhiaidh sin, tugadh Hi Fashion! ar camchuairt ar an nGailearaí Farmleigh i mBaile Átha Cliath ón 30 Samhain, 2017 go 29 Aibreán, 2018. Touchstone 17 Samhain, 2017 – 21 Eanáir, 2018 I Touchstone ceiliúradh fairsingiú chleachtas ceirmeach na hÉireann trí chur chuige éagsúil a léiriú maidir le bheith ag obair le cré, ag féachaint ar fhoirm, cruth, feidhm agus timpeallacht. Léiríodh saothair nua ó 36 ealaíontóir ceirmeachta a roghnaigh aoiphainéal, lena n-áirítear: Ann Mulrooney, POF ag Visual Carlow; An Dr. Audrey Whitty, Coimeádaí ag Ard-Mhúsaem na hÉireann; agus Andrew Livingstone PhD. Sa rogha léiríodh sraith chuimsitheach de cheirmeacht chomhaimseartha na hÉireann, lenar taispeánadh éagsúlacht teicnící agus bhí speictream leathan de chleachtais chré á scrúdú i measc saothar dealbhóireachta, maisiúil, feidhmiúil agus suiteála. Rinne Touchstone comóradh ar 40 bliain de Cheirmeacht Éireann agus ba é an tríú bliain ina sraith thríbhliantúil a bhí á gcur ar láthair ag Elaine Riordan agus Tina Byrne. B’ionann líon na gcuairteoirí suas go dtí an 31 Nollaig 2017 agus 4,965. Clár na dTaispeántas ar Camchuairt Narratives in Making ag an Ionad Ceardaíochta Ruthin, An Bhreatain Bheag 22 Iúil - 24 Meán Fómhair Mar chuid d'fhorbairt comhpháirtíochta le hIonad Ceardaíochta Ruthin, tugadh Narratives in Making, arna reáchtáil ag Gregory Parsons, ar camcuairt ar an mBreatain Bheag le linn an tsamhraidh 2017, ag léiriú saothair ó na 28 déantóirí-dearthóirí de PORTFOLIO de chuid CDCÉ: Critical Selection 2017-2018 de chuid CDCÉ. Bhí cainteanna gailearaí agus ceardlanna ag gabháil leis an taispeántas, lena n-áirítear máistir-rang de dhá lá le Susan O'Byrne. B’ionann líon na gcuairteoirí agus 8,545.
Hi! Fashion ag an nGailearaí Farmleigh, Baile Átha Cliath 30 Samhain, 2017 – 29 Aibreán, 2018 Ag leanúint ar aghaidh leis an nasc leanúnach leis an OOP, tugadh Hi! Fashion ar camchuairt ar an nGailearaí Farmleigh le linn an gheimhridh 2017, d’oscail Deirdre McQuillan Eagarthóir Faisin le The Irish Times é go hoifigiúil. B’ionann líon na gcuairteoirí suas go dtí an 31 Nollaig 2017 agus 3,500. Comhpháirtíochtaí & Tacaíochtaí I 2017, lorg an Gailearaí Náisiúnta Dearaidh & Ceardaíochta caidrimh a fhorbairt le roinnt comhlachtaí chun tacaíocht a mhéadú dá chláir. D'aontaigh Pembroke Kilkenny, tacaitheoir áitiúil lánaimseartha lena thacaíocht a leathnú mar chomhpháirtí cóiríochta chomh maith le manglaim shaincheaptha spreagtha ag gach taispeántas ar a n-oícheanta oscailte faoi seach. Le haghaidh ár seó bliantúil is mó, mar chuid d'Fhéile Ealaíon Chill Chainnigh, daingníodh deontais ó Fhondúireacht na Seapáine de beagnach €14,000 chun tacú le rannpháirtíocht na naonúir dearthóir Seapánach in Hi! Fashion. Bhí Savour Kilkenny ina chompháirtí leis an gailearaí chun oíche speisialta bia agus faisin a óstáil leis an gcócaire cáiliúil Seapánach Takashi Miyazaki le linn Hi! Fashion. Rinneadh tuilleadh forbartha ar an gcaidreamh dearfach le hOifig na nOibreacha Poiblí (OOP) i rith na bliana le hidirbheartaíocht de chomhpháirtíocht chun taispeántais roghnaithe de chuid Gailearaí Náisiúnta Dearaidh & Ceardaíochta a chur i láthair in ionaid OOP Bhaile Átha Cliath, agus ba é an chéad cheann díobh seo ná Hi! Fashion ag an nGailearaí Farmleigh a d’oscail i mí na Nollag 2017. Féadtar cláir an Gailearaí Náisiúnta Dearaidh agus Ceardaíochta a chur i gcrích trí thacaíocht leanúnach ó na comhlachtaí sin agus táimid thar a bheith buíoch dóibh.
Spreagadh agus cúiteamh a thabhairt do scileanna taispeántais gairmiúla faoi stiúir an Ghailearaí a fhorbairt i measc na ndéantóirí agus na léiritheoirí dearaidh agus ceardaíochta. Deiseanna taispeántais shuntasacha a fhorbairt do dhéantóirí na hÉireann Caidrimh le gailearaí idirnáisiúnta agus bailitheoirí a éascú Feasacht a mhéadú trí ghníomhaíochtaí oideachais agus for-rochtana a bhaineann le taispeántais dearaidh agus ceardaíochta d’ardchaighdeáin
43
Feabhas a chur ar cháil dearaidh agus ceardaíochta na hÉireann in Éirinn agus thar lear Tar éis próisis roghnúcháin i 2016, thug Ciste na dTaispeántas Seachtrach tacaíocht do raon taispeántais a chur le chéile le linn 2017: ‘Spirits of the Sky’ ag an nGailearaí Timeless Textiles, Newcastle, an Astráil, 15 Feabhra – 12 Márta: taispeántas aonair le healaíontóir teicstíle agus déantóir priontaí Nicola Henley ina ndearna sí iniúchadh ar ghluaiseacht na n-éan sa timpeallacht a d’fhorbair sí trí staidéar a dhéanamh ar éin agus a n-eitilt le linn ama a chaith sí ag tearmann ealaíontóirí i gCill Rialaig i gCiarraí ‘CRUX: A Dialogue in Metal’ i nGlór, Inis mar chuid de Fhéile Chlub Leabhar Inis, 3 Márta – 1 Aibreán. I dtaispeántas grúpa de dhéantóirí miotail Éireannaigh, 'CRUX' léiríodh éagsúlacht an mhiotail, idir an féitheach séimh de shaothair Jane Murtagh agus foirmeacha ailtireachta soladach de Moss Gaynor, chomh maith leis na línte fíneálta agus na cuair mhealltacha de shaothair Michael Calnan, John Hogan agus Gunver Anhøj. Tugadh an taispeántas ar camchuairt freisin ar Teach Burtown, Cill Dara ón 4 Aibreán go dtí an 4 Meitheamh; Gailearaí Custom House Studios, Maigh Eo ón 13 Iúil go 6 Lúnasa; agus ar Siamsa Tíre, Ciarraí ón 2 go 27 Deireadh Fómhair
Ár nGníomhaíochtaí: Gailearaí Náisiúnta Dearaidh & Ceardaíochta
Le haghaidh ár seó bliantúil is mó, mar chuid d'Fhéile Ealaíon Chill Chainnigh, daingníodh deontais ó Fhondúireacht na Seapáine de beagnach €14,000 chun tacú le rannpháirtíocht na naonúir dearthóir Seapánach in Hi! Fashion. Fashion.
Ciste na dTaispeántas Seachtrach Leanann an CDCÉ ar aghaidh le tacaíocht a thabhairt do dheiseanna taispeántais agus le taispeántais a chur le chéile do dhéantóirí agus dearthóirí na hÉireann trí Chiste bliantúil na dTaispeántas Seachtrach (EEF). Is é cuspóir an chiste seo ná:
‘Shadow of Sodeisha: Japanese and Irish Art in Clay’ ag Ard-Mhúsaem na hÉireann, Dún Uí Choileáin, Baile Átha Cliath, Márta 2017 – Márta 2018: ina ndearnadh iniúchadh ar thionchar an Ghrúpa Sodeisha ar ealaíontóirí ceirmeachta na Seapáine agus na hÉireann. San áireamh as taispeántas bhí saothair na n-ealaíontóirí Seapánacha Satoru Hoshino, Jia-haur Liang, Akito Morino, Mitsuo Shoji, Kazuo Takiguchi and Hidemi Tokutake; agus ealaíontóirí Éireannacha Isobel Egan, Frances Lambe, Deirdre McLoughlin, Michael Moore, Nuala O’Donovan agus Katharine West
44
‘Residue' in Ionad Ealaíon na Gaillimhe, 12 – 27 Deireadh Fómhair: inar díríodh ar shaothair chré neamhghníomhach leis an gceirmeoir cáiliúil Phoebe Cummings ón Ríocht Aontaithe agus le Gail Mahon as Doire, a bhain MA amach le déanaí ón Royal College of Art. Ba é Contemporary Clay (Rob D'Eath agus Kate Howard) a léirigh é agus rinneadh iniúchadh ar thraidisiúin ceirmeacha agus ar fhorbairtí nua cruthaitheacha
Chomhairle Dhearaidh & CheardaÍochta na hÉireann
‘David Seeger: 80 Moving Still’ le Uillinn ag Ionad Ealaíon Iarthar Chorcaí, 4 Samhain – 12 Nollaig: comóradh dá lá breithe de 80 bhliain, in Uillinn cuireadh i láthair taispeántas suirbhé ollmhór de sheasca bliain de shaothair le David Seeger, ceannródaí in ealaín ceirmeachta comhaimseartha. ‘Enignum Locus’ ag an nGailearaí Yufuku, Tóiceo, An tSeapáin, 16 Samhain – 10 Nollaig: taispeántas i gcomhar le Joseph Walsh Stiúideo a bhí dírithe ar théamaí de shaol an oileáin, foirm agus an caidreamh le hábhair a úsáidtear. Rinneadh an sraith saothar seo sa tSeapáin ag baint úsáide as ábhair áitiúla Le linn 2017, fuair Ciste na dTaispeántas Seachtrach 13 iarratas chun tacú le taispeántais i 2018. Rinne painéal roghnúcháin, lena n-áirítear beirt mholtóir seachtracha idirnáisiúnta Liz Cooper agus Gaëlle Cornut, athbhreithniú ar na hiarratais agus leithdháileadh maoiniú ar sé thionscadal. Ba iad seo leanas na tionscadail a roghnaíodh le linn 2017 le haghaidh maoiniú a fháil i 2018: Rannpháirtíocht Jaki Coffey i dtaispeántas cónaithe 'Mutter Schmuckers' sa Ghearmáin, Márta 2018
‘A little nonsense now and then’: taispeántas de shaothair nua ó 15 dearthóirí seodra ag Fumbally Exchange, Baile Átha Cliath i mí Aibreáin 2018 Rannpháirtíocht Alan Meredith i 'Sorti du Bois/Out of the Wood', taispeántas grúpa idirnáisiúnta arna léiriú ag Carole Baillargeon in Deschambault, Ceanada ó mhí an Mheithimh go mí Meán Fómhair 2018 Táirgeadh Taispeántas Náisiúnta Scagrafaíochta ón Irish Society of Stage & Screen Designers ag an Abbey, Baile Átha Cliath, i gcomhar le féile Amharclainne Bhaile Átha Cliath i mí Mheán Fómhair 2018 Forbairt de sheó taispeántais ó Cork Textiles Network’s le haghaidh Twisted Threads ag The Knitting & Stitching Show, mí na Samhna 2018 Taispeántas aonair le Bernie Leahy de shaothair nua ag Irish Arts Centre, NuaEabhrac i 2018 Athbhrandáil den Ghailearaí Náisiúnta Ceardaíochta Le linn 2017, cuireadh ‘Dearadh' isteach sa teideal den Ghailearaí Náisiúnta Ceardaíochta chun léiriú a dhéanamh ar an gcuimsiú leanúnach de thaispeántais, smaointe agus próisis a bhaineann le dearadh laistigh de chlár an ghailearaí agus chun a bheith comhsheasmhach le hainm trádála na heagraíochta de Chomhairle Dhearaidh agus Cheardaíochta na hÉireann. Rinneadh athbhreithniú ar lógó an ghailearaí chun an t-athrú ar an teideal a léiriú don Ghailearaí Náisiúnta Dearaidh & Ceardaíochta.
Clár Teaghlaigh D'éascaigh na ceardlanna míosúla um Lá Teaghlaigh do leanaí agus do thuismitheoirí scileanna nua a fhoghlaim, triail a bhaint as ábhair agus dul i mbun foghlama cruthaithí chomh le scileanna ceardaíochta agus dearaidh a chur in aithne do leanaí ag céim luath. Sna ceardlanna d’fhreastail leanaí idir cúig agus 13 bliana d'aois le 32 rannpháirtí sa mheán in aghaidh na míosa. Tá an réimse foghlama mar chuid lárnach d’eispéireas an Gailearaí Náisiúnta Dearaidh agus Ceardaíochta, rud a thugann deis do chuairteoirí rannpháirtíocht níos críochnúla agus níos leanúnaí a bhaint amach laistigh den ghailearaí. Ba ghníomhaíocht a d’éirigh go hiontach léi i 2017 ná na ceardlanna buaileadh isteach um thógáil chré le linn an taispeántais Touchstone. Clár Scoileanna Bhí béim leanúnach ar fhorbairt Chlár na Scoileanna 2017, agus ghlac 814 scoláire ón mBunscoil suas go dtí an Tríú Leibhéil páirt i dturais chomhrá threoraithe ar thaispeántais agus ar cheardlanna sa ghailearaí. Bhí na cláir seo dírithe ar thuiscint ar chleachtais cheardaíochta, dhearaidh agus chruthaitheacha a chur chun cinn d’fhonn litearthacht amhairc a chothú agus chun deiseanna a thabhairt do scileanna teagmhálacha.
Tionscadal Deartha & Sláinte Mar chuid den chlár for-rochtana taispeántais Global Irish Design Challenge, forbraíodh tionscadal píolótach mar fhreagra ar ‘User Experience Design in the use of the Accu-Chek Pump’ le Frontend. Bhí teacht ar an tionscadal, le dearthóirí Jaki Coffey agus Caroline Schofield, ar dhéagóirí agus ar dhaoine óga a bhfuil Diaibéiteas Cineál 1 acu agus reáchtáladh ceardlann lae maidir le húsáid a gcuid caidéil féin. Áiríodh sa cheardlann freisin mála fréamhshamhlacha a dhearadh agus a chruthú dá gcaidéil féin. Ceardlanna, Seimineáir agus Cainteanna um Rannpháirtíocht le Daoine Fásta I 2017, ghlac 1,626 duine fásta páirt i máistirranganna, ceardlanna agus cainteanna de chuid an Ghailearaí Náisiúnta Dearaidh & Ceardaíochta chun páirt a thabhairt do lucht féachana aosach, idir cuairteoirí ginearálta agus déantóirí-dearthóirí
45
I measc na mbuaicphointí sna taispeántais seo a leanas bhí: Narratives in Making: Deep Drawing tcaint teicníce agus taispeántas le Michael McCrory (d’fhreastail 12 duine air) Hi! Fashion: Noritaka Tatehana: teicnící um ruaimniú leathair agus tógáil bhróige ag an nGailearaí Náisiúnta Dearaidh agus Ceardaíochta agus ag an NCAD (d’fhreastail 60 duine air) Experimental Textile Techniques arna spreagadh ag cniotáil, fíochán agus lásadóireacht na Seapáine leis an dearthóir faisin Derek Lawlor (d’fhreastail 15 duine air) Gabhálais leathair shaincheaptha a chruthú le Úna Burke (d’fhreastail 15 duine air) Thug roinnt léiritheoirí isteach agus chuir siad a gcuid taispeántas i gcomhthéacs le rannchuidí ó dhéantóirí-dearthóirí ag na seónna i gcaitheamh na bliana. I measc na léiritheoirí a chur a gcuid taispeántas i láthair bhí: Louise Allen (Global Irish Design Challenge) Gregory Parsons (Narratives in Making) Eimear Conyard (Lustre) Gemma A. Williams (Hi! Fashion) Tina Byrne and Elaine Riordan (Touchstone)
Ár nGníomhaíochtaí: Gailearaí Náisiúnta Dearaidh & Ceardaíochta
Oideachas agus For-rochtain Tá oideachas, rannpháirtíocht phoiblí bhríomhar agus múscailt feasachta trína chláir ríthábhachtach d'obair an Ghailearaí Náisiúnta Dearaidh agus Ceardaíochta. I gclár fairsing um Oideachas agus For-rochtain cuirtear gach ceann dá thaispeántais i gcomhthéacs, agus cuimsítear clár éagsúil de ghníomhaíochtaí oideachais, ar nós: turais ghailearaí; cláir theaghlaigh; ceardlanna do dhaoine fásta; imeachtaí rannpháirtíochta poiblí; cainteanna ó dhearthóir, dhéantóir agus léiritheoirí; ábhar acmhainní oideachais a tháirgeadh; máistirranganna agus seimineáir um fhorbairt ghairmiúil. Bhí páirt ghníomhach ag CDCÉ i dtionscnaimh agus imeachtaí for-rochtana lasmuigh den láthair a sheachadadh mar chuid dá chlár taispeántais. Le haghaidh tuilleadh sonraí, féach leathanach 55.
Tríd is tríd, labhair níos mó ná 37 dearthóir agus déantóir faoina gcuid saothar ag an nGailearaí Náisiúnta Dearaidh agus Ceardaíochta agus chuir siad a gcuid tionchair, teicnící agus ábhair imní ar aghaidh. I measc na mbuaicphointí ar chlár an ghailearaí d'Imeachtaí Late Date bhí: Global Irish Design Challenge: Narrative and Animation le Susan Broe de Wiggleywoo Sustainable Textile Production le Berni Raeside-Bell de Detta Textiles Narratives in Making: Phléigh Sasha Sykes agus Stephen O'Briain cur chuige ar throscán Lustre
46
Thug mic léinn ó Lárionad Sármhaitheasa sa Seodra & Órcheardaíocht CDCÉ caint mhionsonraithe maidir lena gcuid oibre Hi! Fashion
Chomhairle Dhearaidh & CheardaÍochta na hÉireann
Bhí caint, ‘Samurai Armour – Collections to Contemporary Craft’ leis an Dochtúir Audrey Whitty ar armúr na Seapáine ar siúl in Ard-Mhúsaem na hÉireann. Labhair Derek Lawlor freisin faoi éabhlóid chomhaimseartha na bhfoirmeacha armúir. Ceardlanna CeardaÍ CeardaÍochta mar chuid de Chlá Chl áir Ná Náisi isiú únta Bealtaine Bealtaine, rinneadh comóradh ar an bhféile a cheiliúrann cruthaitheacht de réir mar a théimid in aois ag an nGailearaí Náisiúnta Dearaidh & Ceardaíochta leis an ócáid bhliantúil Crafternoon Tea, ag an am céanna agus an taispeántas Narratives in Making. D’fhreastail 63 duine as cumann gníomhaíochta lucht scoir éagsúla ó cheantar Chill Chainnigh ar thuras gailearaí treoraithe comhrá dár taispeántas agus dár tráthnóna tae cultúrtha. Lá Líníochta Náisiúnta Chuir an Gailearaí Náisiúnta Dearaidh & Ceardaíochta fáilte roimh beagnach 350 duine fásta, déagóir agus leanbh chun páirt a ghlacadh i gceardlanna a d'éascaigh déantóirí ón bPainéal Oideachais Ceardaíochta.
Féile Ealaíon Chill Chainnigh Gach bliain, cuireann an Gailearaí Náisiúnta Dearaidh agus Ceardaíochta clár fairsing ceardlanna agus deiseanna ar fáil do leanaí, do dhéagóirí agus do dhaoine fásta chun a bheith páirteach le dearadh agus ceardaíocht le linn na gceiliúradh bliantúil ealaíon i gCill Chainnigh. I 2017, ag an am céanna le Hi! Fashion – taispeántas faisin ón tSeapáin agus ó Éirinn – dhírigh na ceardlanna do leanaí agus do dhéagóirí ar thaiscéaladh ábhartha maidir le páipéar, cló agus meáin mheasctha, le inspioráid théamach ón saothar laistigh den seó. Ghlac beagnach 500 duine páirt sna ceardlanna. Oíche Chultúir Mar fhreagra ar Hi! Fashion, dhírigh an clár Oíche Chultúir ar fhaisean, ag díriú go príomha ar lucht féachana nua de dhéagóirí. D'fhreastail líon nach bhfacthas riamh roimhe seo de níos mó ná 920 duine de gach aois ar Oíche Chultúir ag an nGailearaí Náisiúnta Dearaidh & Ceardaíochta. Ghlac an lucht freastail páirt i ngníomhaíochtaí ilghnéitheacha ar fud an tráthnóna lena n-áirítear: seó faisin Junk Kouture (Meánscoileanna); Taispeántas Fashion EyeCons (Bunscoileanna áitiúla); siamsaíocht cheoil le Banna Ceoil Óige Osraí Chill Chainnigh; taispeántas tine le Solas; suiteáil fite; agus go leor ceardlanna buaileadh isteach. Ag an Oíche Chultúir 2017 den Ghailearaí Náisiúnta Dearaidh agus Ceardaíochta, chonacthas méadú de 70% ar líon na ndaoine a d’fhreastail air an bhliain roimhe sin, agus ba chuairteoirí den chéad uair an chuid is mó acu.
68,450
47
Líon na gcuairteoirí a d’fhreastail ar thaispeántais Ghailearaí Náisiúnta Dearaidh & Ceardaíochta
167
1,626
21,537
2
Líon na ndéantóirí, dearthóirí agus stiúideonna a ndearnadh ionadaíocht dóibh sa chlár taispeántais
Líon na gcuairteoirí a d’fhreastail ar Hi! Fashion ag an nGailearaí Náisiúnta Dearaidh & Ceardaíochta
Líon na ndaoine fásta a ghlac páirt i máistir-ranganna, ceardlanna agus cainteanna Ghailearaí Náisiúnta Dearaidh & Ceardaíochta
Líon na dtaispeántas a bhí ar chamchuairt ar dhánlanna eile: Gailearaí Farmleigh, Baile Átha Cliath agus an tIonad Ceardaíochta Ruthin, An Bhreatain Bheag
Ár nGníomhaíochtaí: Gailearaí Náisiúnta Dearaidh & Ceardaíochta
(Cill Chainnigh agus camchuairt)
Chomhairle Dhearaidh & CheardaÍochta na hÉireann
48
Le linn 2017, dhírigh an fhoireann Oideachais, Oiliúna agus Forbartha ar a réimse cláir oiliúna agus forbartha d'ardchaighdeán a threisiú do dhéantóirí atá ag teacht chun cinn agus do dhéantóirí atá bunaithe cheana féin, chomh maith le foghlaimeoirí aonair agus grúpaí ó gach leibhéal oideachais, ag dul i dteagmháil go díreach ar bhonn leanúnach le roinnt comhpháirtithe tionscail.
49
Ár nGníomhaíochtaí: Oideachas, Oiliúint & Forbairt
2.4
Oideachas, Oiliúint & Forbairt
Chomhairle Dhearaidh & CheardaÍochta na hÉireann
50
Sráidbhaile Ceardaíochta Éireannacha ag Bloom in the Park Breege O'Donoghue, Cathaoirleach CDCÉ ag bronnadh an Dámhachtain Dhéantóir Todhchaí na Bliana 2017 ar Dhéantóir Troscáin Alan Meredith Céimithe na bliana 2017 den Ionad Sármhaitheasa sa Seodra & Órcheardaíocht CDCÉ le Bainisteoir Cúrsa Eimear Conyard (lár) A Mórgacht Ríoga ag tabhairt cuairt ar an Ionad Sármhaitheasa sa Cheirmeacht CDCÉ, Baile Mhic Andáin, Co. Chill Chainnigh
Painéal Oideachais CDCÉ Is acmhainn thábhachtach é Painéal Oideachais CDCÉ a chabhraíonn le seachadadh agus forbairt rathúil de chláir oideachais CDCÉ. Tá an painéal comhdhéanta de níos mó ná 100 déantóir agus dearthóir gairmiúla a fhaigheann grinnfhiosrúchán an Gharda Síochána, oiliúint um chosaint leanaí agus Forbairt Ghairmiúil Leanúnach (FGL). Reáchtáladh lá FGL ag The Ark Children’s Cultural Centre, Barra an Teampaill an 4 Feabhra. San áireamh san imeacht bhí cainteanna agus máistir-ranganna ina ndearnadh iniúchadh ar mhodhanna agus cur chuige cruthaitheacha chun bealaí nua a spreagadh chun dul i mbun comhthéacsanna oideachais le 46 ball de Phainéal Oideachais CDCÉ a bhí i láthair. An Chéad Leibhéal CRAFTed Scileanna don Saol a Fhoghlaim Is Clár do bhunscoileanna ar fud na tíre é CRAFTed, atá á reáchtáil ag CDCÉ a thacaíonn le seachadadh an curaclaim amharcealaíona. Seachadadh CRAFTed: Clár um Scileanna don Saol a Fhoghlaim do Bhunscoileanna 2017 i gcomhpháirtíocht le 15 Cumann lánaimseartha Ionad Oideachais na Múinteoirí in Éirinn (ATECI). I gceist i gclár na bliana 2017 bhí: 15 Ionad Oideachais 68 tionscadal scoile 64 ceardaí 68 múinteoir 9 comhordaitheoir réigiúnacha 2,070 dalta a ghlac páirt ghníomhach i ngníomhaíochtaí ceardaíochta agus dearadh bunaithe ar oideachas sa seomra ranga
Chainnigh an 14 Eanáir chun ceardlann a dhéanamh faoi chur chuige úr do na seisiúin phleanála chomhoibritheacha ina ndéantar múnla den mhodheolaíocht CRAFTed maidir le rannpháirtíocht phraiticiúil próiseas-bhunaithe agus a ionchorprú an t-eolas riachtanach a scaipeadh cheana ag na tráthnónta pleanála. Áis Foghlama do Riachtanais Speisialta Oideachais (RSO) D'oibrigh sé scoil leis an gclár CRAFTed 2017, scoileanna a raibh líon suntasach acu nó líon iomlán de dhaltaí a raibh riachtanais speisialta oideachais (RSO) acu. Chun tacú le painéal Oideachais CDCÉ i seachadadh CRAFTed do mhic léinn a bhfuil RSO acu, rinneadh taighde d'acmhainn foghlama a choimisiúnú. D'oibrigh ceardaí Sheila Jordan i gcomhpháirtíocht le Scoil an Spioraid Naoimh i gCill Chainnigh chun taifead a dhéanamh ar an gcaoi a bhfuil an clár CRAFTed infheidhme d’fhoghlaimeoirí de gach cumas. Cuireadh an t-eispéireas seo i gcomhthéacs taighde ar RSO agus tá sé foilsithe ar líne ar láithreán gréasáin CDCÉ. Cúrsa Samhraidh FGL um Scileanna Ceardaíochta Cruthaitheacha do Mhúinteoirí Arna mhaoiniú ag Ionaid Oideachais, bhí Cúrsaí Samhraidh FGL do mhúinteoirí ar siúl i seacht n-ionad ar fud na tíre agus bhí 139 múinteoir rannpháirteach agus deichniúr ceardaí fostaithe. Thug déantóirí ó Phainéal Oideachais CDCÉ cainteanna agus chuir siad ceardlanna ar fáil do na múinteoirí chun scileanna a thabhairt dóibh agus atá siad ag seachadadh an Churaclaim Amharcealaíon ag leibhéal na Bunscoile. Cill Chainnigh: 11 múinteoir (arna seachadadh ag déantóirí Carrie Lynam agus Adele Stanley) Sligeach: 25 múinteoir (Kim Sharkey)
Críochnaíodh gach tionscadal faoi mhí an Mheithimh agus bhí taispeántais ag formhór na nIonad Oideachais chun an próiseas cruthaitheach a d'éascaigh an clár a chur ar thaispeáint.
Maigh Eo: 22 múinteoir (Aoife O'Toole)
Seisiúin ‘Ag Breathnú agus ag Freagairt’ CRAFTed ar fud na Tíre Reáchtáladh 15 Seisiún ‘Ag Breathnú agus ag Freagairt’ ar fud na tíre i 2017 chun meastóireacht phiaraí a chothú, agus smaointe agus taithí a roinnt idir ceardaithe agus múinteoirí, ag teacht le caighdeáin idirnáisiúnta dea-chleachtais laistigh den oideachas.
Iarthar Chorcaí: 25 múinteoir (Liz Flatman agus Julie Forrester)
Meitheal Machnaimh le Comhordaitheoirí Réigiúnacha CRAFTed Tháinig naonúir Comhordaitheoir Réigiúnach CRAFTed le chéile in Ionad Oideachais Chill
51
An Clár: 21 múinteoir (Jackie Maurer) Trá Lí (nua don chúrsa FGL: 25 múinteoir (Aidan Power)
Laois: 10 múinteoir (Marika Mklosi agus Christien Van Bussel) Cúrsaí an Fhómhair um FGL bunaithe ar scileanna CRAFTed Mar gheall ar an spéis a bhí ag múinteoirí bunscoile ina gceantar, roghnaigh Ionaid Oideachais Mhaigh Eo agus an Chláir araon sraith de cheardlanna tráthnóna CPD CRAFTed bunaithe ar FGL a reáchtáil san fhómhair 2017:
Ár nGníomhaíochtaí: Oideachas, Oiliúint & Forbairt
≤ Thall Deiseal ón mbarr ar chlé:
Ionad Oideachais Mhaigh Eo: 8 múinteoir 2 x ceardlann fabraic agus snáithín arna n-éascú ag Aoife O'Toole 2 x ceardlann chré arna n-éascú ag Jodi Coyne Ionad Oideachais an Chláir: 13 múinteoir 2 x ceardlann chré arna n-éascú ag Jackie Maurer B’ionann líon iomlán na múinteoirí a bhí ag freastal ar chúrsaí FGL bunaithe ar CRAFTed sa samhradh agus san fhómhar 2017 agus 160, méadú de 31 múinteoir ar an mbliain roimhe sin.
Chomhairle Dhearaidh & CheardaÍochta na hÉireann
52
Naisc CRAFTed le Coláistí Tríú Leibhéal a Fhorbairt Aithníodh coláistí tríú leibhéil a raibh baint acu le hoiliúint múinteoirí mar phríomhchomhpháirtithe d'fhonn tionchar a bhaint as modhanna múinteoireachta CRAFTed ar Churaclam na nAmharcealaíon sna Bunscoileanna agus chun tuiscint a fháil ar an ról tábhachtach atá ag an gceardaíocht agus dearadh san oideachas. Is é aidhm na gcomhpháirtíochtaí CRAFTed Tríú Leibhéil ná an dearcadh maidir le hoideachas na n-ealaíon a dhúshlánú agus a athrú agus ag an am céanna an acmhainneacht ghairme atá ag an tionscal dearaidh agus ceardaíochta a chur chun cinn. In 2017, rinneadh tuilleadh forbartha ar ár rannpháirtíocht le hOllscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, le hInstitiúid Oideachais agus Coláiste Mhuire gan Smál, Ollscoil Luimnigh. Cuireadh torthaí ó thaighde comhpháirtíochta Tríú Leibhéil a rinne CDCÉ i gcomhar le Coláiste Mhuire gan Smál i láthair ag: Comhdháil Taighde Bliantúil ATECI; Tacú le Nuálaíocht agus Athrú Scoile an 14 Deireadh Fómhair Iris Idirnáisiúnta de Comhdháil Ealaíon agus Deartha ag an NCAD an 17 agus 18 Samhain An Dara Leibhéal Plean Gníomhaíochta an Oir-Dheiscirt do Phoist (SEAPJ): Comhpháirtíocht CDCÉ & designCORE Mar chuid den SEAPJ (Gníomh 84), tá CDCÉag obair le IT Cheatharlach chun tionscnamh 'Smaointeoireacht Dearaidh' a fhorbairt do mhúinteoirí iarbhunscoileanna chun scileanna fiontraíochta a sheachadadh do dhaoine óga. Tar éis cruinniú agallaimh mhúinteora agus mac léinn i mí Mheán Fómhair, baineadh
úsáid as na torthaí chun faisnéis a thabhairt do cheardlann chomh-dhearaidh a bhí ar siúl i mí na Nollag ag IT Ceatharlach faoi stiúir na héascaitheoirí designCORE Sandra Reid agus Lynne Whelan. D’fhreastail 19 duine air, lena n-áirítear ionadaithe ón tSeirbhís um Fhorbairt Ghairmiúil do Mhúinteoirí (PDST), Encountering the Arts Ireland (ETAI), mic léinn agus múinteoirí ó thrí scoil san Oirdheisceart, agus trí dhéantóir-dearthóir atá cláraithe le CDCÉ, chomh maith le IT Cheatharlach agus baill foirne CDCÉ. Ba é an aidhm a bhí aige ná struchtúr cláir scoile ‘Smaointeoireachta Dearaidh' a chomhthógáil agus táthar ag súil go mbeidh sé críochnaithe i 2019. Laethanta Gairmeacha Cruthaitheacha na hIdirbhliana (I) Mar fhorbairt nua don Idirbhliain, dhear foireann Oideachais CDCÉ Lá Gairmeacha Cruthaitheacha na hIdirbhliana i rith an Insealbhaithe Bhébhliantúil de Ghloine na hÉireann, i gcomhpháirtíocht le Gailearaí NCAD agus an Roinn Gloine & Ceirmeachta sa NCAD. Mar gheall ar an éileamh ard a bhí ar áiteanna don ócáid seo, d'aontaigh NCAD imeacht bhreise a éascú dóibh siúd a bhí ar an liosta feithimh. Reáchtáladh na himeachtaí seo an 9 agus 10 Samhain. Bhí na laethanta comhdhéanta de chuairteanna léirithe, ceardlanna, cainteanna agus taispeántais ina raibh deis ag na scoláirí buaileadh le déantóirí agus triail a bhaint as séideadh gloine, oibriú lampa agus greanadh: Ghlac 21 scoil ón Muineachán, Lú agus ó Bhaile Átha Cliath páirt sna himeachtaí D'fhreastail 117 scoláire air thar an dá lá D’éascaigh 8 déantóir gloine gairmiúla na cainteanna, taispeántais agus ceardlanna FGL Múinteoirí Iar-Bhunscoile: Cumann Múinteoirí Ealaíne na hÉireann (ATAI) & An Músaem Hunt D'eagraigh CDCÉ ceardlann smaointeoireachta dearaidh faoi stiúir Ana Faye an dearthóir faisin agus gabhálais, a bhfuil duaiseanna buaite aici, mar chuid de chuairt Chumann Múinteoirí Ealaíne na hÉireann (ATAI) ar an Músaem Hunt. Bhain an ceardlann úsáid as bailiúchán an mhúsaeim mar inspioráid i gcomhair coimre dearaidh a bhí nasctha le torthaí foghlama na hAmharcealaíne 'Snáithe 3: Dearadh ‘ den Teastas Sóisearach. Scríobh Ana tuarascáil inar thug sí cur síos ar ábhar, próiseas agus torthaí na ceardlainne, agus is acmhainn luachmhar
Le haghaidh Déantóirí na Todhchaí 2017, roghnaigh painéal moltóirí, lena n-áirítear déantóirídearthóirí a bhfuil cáil idirnáisiúnta orthu Clive Fiddis agus Aisling Farinella, gearrliosta de 43 duine don mheasúnú deiridh agus ina dhiaidh sin roghnaigh siad 23 buaiteoir agus faighteoir de Dhámhachtainí agus Tacaíochtaí Déantóirí na Todhchaí i 2017.
Tríú Leibhéal Applied Arts Ireland I 2017, thug CDCÉ tacaíocht a thabhairt do Applied Arts Ireland (AAI) chun dhá mhórimeacht a fhorbairt i nGaillimh agus i Luimneach. Tugann AAI oibrithe ceirde comhaimseartha d'ardchaighdeán i dteagmháil le mic léinn as sé institiúid Tríú Leibhéil a chuireann rannpháirtíocht shaibhir ar fáil le cleachtas ceardaíochta reatha ar leibhéal nach bhféadfadh na hinstitiúidí sin a sholáthar gan an tacaíocht luachmhar seo. Thug déantóirí-dearthóirí Phoebe Cummings agus Gail Mahon cainteanna ag Coláiste na nEalaíon agus na Meán, GMIT na Gaillimhe agus Ionad Ealaíon na Gaillimhe agus d’fhreastail 50 duine air ar an iomlán. Sheachaid Marcus O'Mahony, Christy Keeney, Anne Butler agus Deirdre McLoughlin ceardlanna agus cainteanna ag Scoil Ealaíne & Deartha Luimnigh agus ag an Músaem Hunt. D'fhreastail 67 duine san iomlán ar na ceardlanna agus d’fhreastail 59 ar na cainteanna. Idirchaidrimh agus Tacaíocht Tríú Leibhéil Le linn 2017, lean CDCÉ ar aghaidh le cabhair a thabhairt do roinnt coláistí lena n-iarratais ar aighneachtaí cláir éagsúla, lena n-áirítear iad siúd a cuireadh isteach ar lingclár, printíseacht agus nuashonruithe athbhreithnithe AE agus curaclaim. Clár um Dámhachtainí agus Tacaíochtaí Déantóirí na Todhchaí Tá sé mar aidhm ag an gclár um Dámhachtainí agus Tacaíochtaí Déantóirí na Todhchaí, a seoladh CDCÉ é i 2009, cabhrú le daltaí agus céimithe de staidéir nó oiliúint lánaimseartha ceardaíochta agus dearaidh chun gairm bheatha spreagúil agus thairbheach a shaothrú sa tionscal ceardaíochta agus dearadh. Le haghaidh Déantóirí na Todhchaí 2017, roghnaigh painéal moltóirí, lena n-áirítear déantóirí-dearthóirí a bhfuil cáil idirnáisiúnta orthu Clive Fiddis agus Aisling Farinella, gearrliosta de 43 duine don mheasúnú deiridh agus ina dhiaidh sin roghnaigh siad 23 buaiteoir agus faighteoir de Dhámhachtainí agus Tacaíochtaí Déantóirí na Todhchaí i 2017. Reáchtáladh an searmanas bronnta ag an Déan, Baile Átha Cliath an 6 Iúil. Dámhachtainí sna catagóirí Mic Léinn a fuair Céim le Gairid / Cleachtóirí atá ag teacht chun cinn: Dámhachtain do Dhéantóir Todhchaí na Bliana 2017 (€3,000): déantóir troscáin Alan Meredith
Dámhachtain Nuálaíochta (€1,500): déantóir troscán Simon Doyle Dámhachtain Dearaidh (€1,000): dearthóir éadaí cniotáilte Pearl Reddington Dámhachtain ‘Imagined Futures’ (€1,000): dearthóir seodra Pierce Healy Tacaíocht Cónaitheachta (€1,000 an duine): dearthóir seodra Aisling McGloughlin agus ceirmeoir Chloë Dowds Tacaíocht Stiúideo (€1,000 an duine): ceirmeoir Ann McBride agus ealaíontóir teicstíle Marlene Dahl Tacaíocht Taispeántais/Aonaigh Trádála (€1,000 an duine): ceirmeoirí Alanna Plekkenpol agus Zsiri Melinda Dempsey Dámhachtainí i gcatagóir na Mac Léinn: Dámhachtain um Déantóirí Mac Léinn na Todhchaí don bhliain 2017 (€2,000): Caoimhe McGuckin, ag déanamh staidéir ar Seodra agus Miotalóireacht ag NCAD
53
Dámhachtain Nuálaíochta (€1,000): Adele Walsh, mac léinn Ceirmeachta ag NCAD An Dámhachtain Dearaidh (€1,000): Caoimhe Hill, mac léinn um Dhearadh Faisin NCAD Tacaíochtaí Cónaitheachta (€1,000 an ceann): Fiona Byrne, mac léinn LSAD san Fhaisean, Éadaí Cniotáilte & Teicstíl agus Sophie Kate Curran, mac léinn Ceirmeachta & Gloine NCAD Tacaíochtaí Ábhair (€500 an ceann): Georgia Dunne (Dearadh Dromchla Teicstíle & Amharc-Chultúr, NCAD); Laoise Carey (Dearadh Faisin, NCAD); Lauren McElvaney (Dearadh Faisin, LSAD); Marie O'Rourke (Mínealaín (Onóracha), Gloine agus Ceirmeacht, NCAD); Rachel Blanckensee (Dearadh Faisin, NCAD); Sarah Roseingrave (Ealaín Fheidhmeach Comhaimseartha, Coláiste Ealaíne agus Deartha Crawford CIT); agus Matthew Howard (Teicneolaíocht Troscáin & Adhmaid, GMIT). Tacaíocht Taispeántais (€500): Dan Eames, mac léinn BA (Onóracha) Dearaidh & Amharc-Chultúir ag NCAD
Ár nGníomhaíochtaí: Oideachas, Oiliúint & Forbairt
é chun idirghabhálacha a fhorbairt ag leibhéal iar-bhunscoile. Fuair ochtar múinteoir mioncheardlann leis an mórdhearthóir.
Tionscnaimh Eile Comhpháirtíocht um Ghradaim Ceardaíochta CDCÉ agus RDS In 2017, thug CDCÉ urraíocht do na duaiseanna catagóire do dhéantóirí atá ag teacht chun cinn agus do dhéantóirí atá bunaithe cheana féin ag Gradaim Cheardaíochta RDS de luach €10,000. B’ionann duais iomlán agus € 30,000 ag na Gradaim Cheardaíochta RDS 2017. Bhí Ceoláras iomlán an RDS tógtha suas leis an taispeántas ag an Taispeántas Capall Bhaile Átha Cliath agus thug os cionn 8,000 duine cuairt air. Reáchtáladh taispeántais cheardaíochta i bhfeiltiú agus i ndeileadóireacht i spásanna tiomnaithe agus bhí an-tóir orthu le cuairteoirí.
54
Bhuaigh Gráinne Watts €5,000 sa Gradam Sármhaitheasa do Dhéantóir Bunaithe RDS 2017 agus Bonn Óir California as a cré poircealláin lámhdhéanta, soitheach le ballaí dúbailte dar teideal Vortex. Don tríú bliain as a chéile, bhuaigh céimí ó Ionad Sármhaitheasa sa Seodra & Órcheardaíocht CDCÉ an Gradam Sármhaitheasa RDS don Déantóir atá ag Teacht Chun Cinn. Ba é Eleanor Haworth faighteoir na bliana 2017. Liosta de BhuaiteorÍ BhuaiteorÍ na Duaise CatagÓire 2017 (Urraithe ag CDCÉ, €500 in aghaidh an dámhachtain) CISEADÓIREACHT Déantóir Bunaithe: Joe Hogan CALLAGRAFAÍOCHT & LITREOIREACHT Déantóir Bunaithe: Gareth Colgan
Chomhairle Dhearaidh & CheardaÍochta na hÉireann
CEIRMEACHT Déantóir Bunaithe: Gráinne Watts Déantóir atá ag teacht chun cinn: Kate O’Kelly TEICSTÍLÍ TÓGTHA Déantóir Bunaithe: Lorna Donlon Déantóir atá ag teacht chun cinn: Edel Traynor TEICSTÍLÍ ORNÁIDEACHA Déantóir Bunaithe: Mary Palmer agus Anne Kiley Déantóir atá ag teacht chun cinn: Niamh McCarthy TROSCÁN Déantóir Bunaithe: Ryan Connolly Déantóir atá ag teacht chun cinn: Ciarán McGill GLOINE Déantóir atá ag teacht chun cinn: Alice Burns SEODRA Déantóir Bunaithe: Nigel O'Reilly Déantóir atá ag teacht chun cinn: Eleanor Haworth GAIBHNEACHT GHEAL & MIOTALTÓIREACHT
Déantóir Bunaithe: Jane Murtagh Déantóir atá ag teacht chun cinn: Annemarie Reinhold DEILEADÓIREACHT Déantóir Bunaithe: Gintaras Malinauskas Déantóir atá ag teacht chun cinn: Alan Meredith an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (NCCA) – Comhairliúchán um Athchóiriú ar an Ealaín sa Teastas Sóisearach Chuir CDCÉ le próiseas comhairliúcháin an NCCA i gcomhar na sonraíochta don Amharc-Ealaíne sa tSraith Shóisearach (Ealaín, Ceardaíocht, Dearadh). Chuir an tsonraíocht in ionad siollabas Ealaíne, Ceardaíochta, Dearaidh an Teastais Shóisearaigh agus cuireadh i bhfeidhm go hoifigiúil í ar bhonn náisiúnta ó mhí Mheán Fómhair ar aghaidh. an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (NCCA) – Comhairliúchán um Athchóiriú ar an Ealaín san Ardteistiméireacht Thug CDCÉ rannchuidiú i rith 2017 don phróiseas comhairliúcháin NCCA don dréacht-shonraíocht don Amharc-Ealaíne sa tSraith Shinsearach. Tá an siollabas ealaíne Ardteistiméireachta (lena n-áirítear ceardaíocht) ann ó 1971 agus beidh an tsonraíocht nua, faoi chomhairliúchán in 2017 agus ar aghaidh i 2018 freisin, in ionad é seo ó 2019 ar aghaidh. Ceramics and its Dimensions – Tionscadal Eorpach Cuireadh comórtas bliantúil idirnáisiúnta ‘Future Lights’ chun cinn do dhaoine i gcéimeanna tosaigh de ghairm na ceirmeachta ar fud na hEorpa i 2017. Gach bliain, tugtar cuireadh do chéimithe a bhain céim amach le déanaí ó gach cearn den Eoraip iarratas a dhéanamh ar speisialtóirí ceirmeachta, Porzellanikon, chun a n-eispéireas a leagan amach agus chun freagairt ar théama na bliana. Ba é Chloë Dowds, iarbhuaiteoir de Dhámhachtainí & Tacaíochtaí do Dhéantóirí na Todhchaí agus buaiteoir agus céimí den Ionad Sármhaitheasa sa Cheirmeacht CDCÉ, a roghnaíodh chun ionadaíocht a dhéanamh d’Éirinn agus ina dhiaidh sin chuaigh sí ar aghaidh agus bhí sí ina Ambasadóir de ‘Future Lights’. Mar thoradh air sin, sa chuid dheireanach de 2017 agus i 2018 chomh maith, bhí sí ag baint leasa as deiseanna a bhain lena chuid gnó, ag cuidiú lena gairme san earnáil cheirmeachta.
ComhpháirtíÓchtaí Clárúcháin Oideachais i 2017 D'fhorbair agus neartaigh foireann Oideachais & For-rochtana CDCÉ príomh-chomhpháirtíochtaí cláir le heagraíochtaí cultúrtha náisiúnta eile mar chuid den straitéis leanúnach um fhorbairt lucht féachana de chuid an Ghailearaí Náisiúnta Dearaidh & Ceardaíochta. I measc na gcomhpháirtíochtaí clár náisiúnta agus áitiúla do 2017 bhí: Ard-Mhúsaem na hÉireann; Gailearaí Náisiúnta na hÉireann; Coláiste Náisiúnta Ealaíne is Deartha; Scoil Ealaíne agus Deartha Luimnigh; Scéim um Deiseanna Oiliúna Gairmoideachais; Bealtaine; Oíche Chultúir; Ceramics Ireland; The Ark; Oifig Ealaíon Chill Chainnigh; Open Circle Arts; An Chomhairle Oidhreachta; Savor Kilkenny; Yulefest; Tradfest Chill Chainnigh; Turasóireacht den Chomhairle Contae Chill Chainnigh; Ionad Deartha Chill Chainnigh; The Parade Tower Chill Chainnigh; Ceramics and its Dimensions; Pembroke Chill Chainnigh; Óstán Rivercourt; agus an Gailearaí Butler, chomh maith le leabharlanna, stiúideonna ceardaíochta agus scoileanna ar fud an réigiúin. Oideachas agus For-rochtain Le linn 2017, d'fhorbair CDCÉ acmhainní oideachais agus bhunaigh sí comhpháirtíochtaí. Rinneadh imeachtaí agus gníomhaíochtaí a chlárú chun scrúdú a dhéanamh agus tacaíocht a thabhairt don chlár taispeántais bhliantúil ag an nGailearaí Náisiúnta Dearaidh agus Ceardaíochta agus bhí páirt ghníomhach ag an bhfoireann maidir le tionscnaimh agus imeachtaí for-rochtana lasmuigh den láthair a
55
Ár nGníomhaíochtaí: Oideachas, Oiliúint & Forbairt
Cuireadh comórtas bliantúil idirnáisiúnta ‘Future Lights’ chun cinn do dhaoine i gcéimeanna tosaigh de ghairm na ceirmeachta ar fud na hEorpa i 2017. Ba é Chloë Dowds, iarbhuaiteoir de Dhámhachtainí & Tacaíochtaí do Dhéantóirí na Todhchaí agus buaiteoir agus céimí den Ionad Sármhaitheasa sa Cheirmeacht CDCÉ, CDCÉ, a roghnaíodh chun ionadaíocht a dhéanamh d’Éirinn agus ina dhiaidh sin chuaigh sí ar aghaidh agus bhí sí ina Ambasadóir de ‘Future Lights’.
Gradam DELTA de chuid an Fhóraim Náisiúnta um Feabhsúchán Teagaisc & Foghlama (NFETL) I 2017 lean CDCÉ ar aghaidh, i gcomhthionscnamh CDCÉ agus NFET, chun gradam ceardaíochta dearaidh a chur ar fáil d’fhonn é a bhronnadh ar phríomhléachtóirí oideachais na hÉireann. Bronnadh gradam coimisiúin nua DELTA don NFETL agus do Chomórtas Gradam DELTA um Fhoghlaim san Ardoideachas, de luach €1,500, ar cheirmeoir Zuzana Jerikova. Tá an gradam seo i gcomhpháirtíocht leis na hOllscoileanna agus na hInstitiúidí Ardoideachais ar fud na hÉireann. Dhear agus léirigh Zuzana na dámhachtainí a chuirfear i láthair ag Teach an Ard-Mhéara, Baile Átha Cliath i mí an Mhárta, 2018 do ghrúpaí disciplín DELTA a rinne tiomantas chun feabhas agus bunathrú a chur ar theagasc agus ar fhoghlaim.
Caoilainn O’Reilly ag taispeáint saothar Chaoimhe Hill, buaiteoir den Dámhachtain Dearaidh, Clár Dámhachtainí & Tacaíochtaí Dhéantóirí na Todchaí 2017
Chomhairle Dhearaidh & CheardaÍochta na hÉireann
56
Oideachas Cheardaíochta agus Ceardlanna For-rochtain ag imeachtaí Poiblí Chomhordaigh an fhoireann Oideachais & For-rochtana sraith cheardlanna éagsúla agus suimiúla do leanaí agus do dhaoine fásta ag imeachtaí poiblí ar scála mór agus mar chuid de chláir náisiúnta i rith 2017. I measc na mbuaicphointí bhí: Tradfest Thug CDCÉ tacaíocht do raon ceardlann ceardaíochta ag The Ark i mBaile Átha Cliath le linn Tradfest 2017, arna éascú ag baill Painéal Oideachais Ceardaíochta CDCÉ. B’ionann líon iomlán na bpáistí a ghlac páirt sna seisiúin Chlub Ceardaíochta a bhí ar siúl thar an dá lá agus 337, móide 152 duine fásta a bhí in éineacht leo, agus ar an iomlán d’fhreastail 489 duine orthu. Cruinniú na Cásca D'óstáil CDCÉ Mion-Sráidbhaile Ceardaíochta i gCaisleán Bhaile Átha Cliath le haghaidh Cruinniú na Cásca ar Luan na Cásca. Ag tarraingt ar ionadaithe ballraíochta CDCÉ, na Cuallachtaí, Comhlachais, Líonraí agus Cumainn (CCLC), bhí taispeántais ar fáil ó Ceramics Ireland, Feltmakers Ireland agus Print Block ag an Mion-Sráidbhaile Cheardaíochta, lenar léirgh siad a gcuid teicnící agus próisis cheardaíochta. Ghlac breis agus 1,500 duine den phobal páirt i réimse ceardlann idirghníomhach ceardaíochta. Bloom in the Park Le haghaidh Bloom 2017, chuir CDCÉ raon spreagúil d’eispéireas dearaidh agus ceardaíochta i láthair sa Sráidbhaile Ceardaíochta Éireannacha. Reáchtáladh cúig lá de cheardlanna i gcló fabraicí, cré agus teicstílí, taispeántais CCLC agus suiteálacha idirghníomhacha sa Sráidbhaile Ceardaíochta Éireannacha, agus mealladh an líon is mó de rannpháirtithe a taifeadadh riamh le níos mó ná 3,236 duine ann de gach aois acu a ghlac páirt i ngníomhaíochtaí ceardaíochta agus tógála cruthaitheacha.
Ionaid Sármhaitheasa Ionad Sármhaitheasa sa Cheirmeacht CDCÉ Leanann an tIonad Sármhaitheasa sa Cheirmeacht CDCÉ, atá lonnaithe i mBaile Mhic Andáin, Co. Chill Chainnigh, ar aghaidh ag seachadadh dianchláir bunaithe ar scileanna a bhfuil clú agus cáil den scoth bainte amach aige as oiliúint a chur ar mhic léinn ard-spreagtha a bheidh ina chéad ghlúin eile de dhéantóirídearthóirí gairmiúla. Tá naisc láidre ag an Ionad Sármhaitheasa leis an earnáil cheirmeachta in Éirinn agus thar lear trí cheardlanna, comhdhálacha agus cónaitheachtaí a reáchtáil. D'éirigh le dhá mhic léinn dhéag an chéad bhliain dá gcúrsa a chur i gcrích i mí Iúil 2017 agus thosaigh siad an dara bliain den chlár i Meán Fómhair 2017. I mí na Bealtaine, d'óstáil an tIonad Sármhaitheasa HRH Prionsa na Breataine Bige agus HRH, Bandiúc na Coirnéil. Tógadh na cuairteoirí Ríoga ar thuras ar áiseanna Bhaile Mhic Andáin, le stiúrthóir an chúrsa Gus Mabelson agus chuir na mic léinn taispeántais ar fáil maidir le gach gné de tháirgeadh ceirmeachta. Tá Prionsa na Breataine Bige ina phátrún de roinnt clár oideachais, lena n-áirítear iad siúd ag Dumfries House san Albain agusRoyal Drawing School i Londain. I mí na Samhna, bhí cuairteanna leantacha ar an Ionad Sármhaitheasa ó Simon Sadinsky, Ceann Oideachais le haghaidh Fondúireacht an Phrionsa ag Dumfries House, Albain agus an Dr William Beharrell ón bhfondúireacht Mountain Turquoise i gCúbúl, an Afganastáin. Reáchtálann an dá fhondúireacht cláir oiliúna ceardaíochta. Leis an turas staidéir ar Ceramic Art London i mí an Mhárta, tugadh deis do na scoláirí breathnú ar 80 de na déantóirí ceirmeacha is fearr san Eoraip ar thaispeáint agus bhí a gcuid oibre ar díol chomh maith. Bhí clár léachta fairsing ag an ócáid freisin agus bhí cuairteanna ar Mhúsaem na Breataine agus ar an Músaem V & A chomh maith. I mí an Mheithimh, chuaigh mic léinn agus an fhoireann ar thuras staidéir de chúig lá chuig Hor Grenzhausen, Koblenz, an Ghearmáin, ag tabhairt cuairt ar mhargaí ceirmeacha, músaeim, coláistí, saotharlanna potaireachta agus stiúideonna n-ealaíontóirí, agus i mí Dheireadh Fómhair d'fhreastail an grúpa ar British Ceramics Biennial in Stoke-on-Trent. I measc na gcuairteanna músaeim agus monarchan bhí Músaeim Gladstone, Stoke City agus Wedgewood chomh maith le cuairt ar Clay College Stoke, atá nuabhunaithe, atá samhlaithe ar Lárionad Sármhaitheasa sa Cheirmeacht CDCÉ.
57
Ár nGníomhaíochtaí: Oideachas, Oiliúint & Forbairt
sheachadadh mar chuid de chlár taispeántais CDCÉ. Le haghaidh mionsonraí iomlána ar an gClár Oideachais & For-rochtana ag an nGailearaí Náisiúnta Dearaidh & Ceardaíochta i 2017, féach leathanach 43.
Ionad Sármhaitheasa sa Seodra & Órcheardaíocht CDCÉ Cuireann an tIonad Sármhaitheasa sa Seodra & Órcheardaíocht CDCÉ, a bhfuil cáil idirnáisiúnta air, oiliúint d’ardchaighdeán ar fáil trí dhianchlár dhá bhliain,agus cuirtear feabhas air le cuimsitheacht agus tacaíocht ó ghairmithe atá oilte sa tionscal agus a bhfuil ina speisialtóirí i ngach gné den ór agus geal. Reáchtáladh socrúcháin oibre tionscail ghairmiúil i mí Feabhra le: Theo Fennel, Londain David McCaul, Gabha Óir, Londain O.C. Tanner, Utah, Stáit Aontaithe Mheiriceá Birmingham School of Jewellery, an Ríocht Aontaithe Appleby, Baile Átha Cliath
58
Rudolf Heltzel, Cill Chainnigh JMK Goldsmith, Cill Chainnigh Performance Prototypes, Baile Átha Cliath Aaron O’Sullivan, Goldsmith, Chill Dara Tuula Harrington, Goldsmith, Corcaigh
Chomhairle Dhearaidh & CheardaÍochta na hÉireann
Liam Costigan, Goldsmith, Cill Chainnigh Reáchtáil an tIonad Sármhaitheasa tionscadal miondíola i gcomhar le Kilkenny Group i rith na bliana 2017 áit a ndearna na daltaí bailiúchán seodra a dhearadh agus a tháirgeadh a cuireadh faoi bhráid painéal moltóirí ina dhiaidh sin. Tar éis próiseas cur i láthair agus roghnúcháin, roghnaíodh ceithre bhailiúchán seodra i gcomhar iad a chur ar sárthaispeáint sa spás fuinneoige agus seodra ag siopa suaitheanta Kilkenny Group ar Sráid Nassau, Baile Átha Cliath ar feadh sé seachtaine i nDeireadh Fómhair agus i mí na Samhna 2017. As na ceithre chéimí seo, bhronn Kilkenny Group sparánacht de €1,000 ar Cassie McCann freisin. Reáchtáladh sraith cúrsaí gairide freisin don Association of Fine Jewellers i rith 2017, a bhí deartha go sonrach don chumann. Gradaim Bronnadh an Gradam Sparánachta ó Enamelling Guild of Great Britain, ar Yasmin Belkhayat, a bhain céim amach i mí Iúil 2017, as sármhaitheas i gcruanadh dá hubh i stíl Fabergé.
Bhuaigh Yasmin Duais Airgid agus ChréUmha ag na gradaim cháiliúla Goldsmiths Design and Craft i Londain sa Chatagóir Cruanadóirí agus Péinteoirí Cruain. Bhuaigh Eleanor Haworth, a bhain céim amach i 2015, an Gradam RDS Sármhaitheasa do Dhéantóir atá ag teacht chun cinn agus Bonn Óir California (€5,000) as a hobair iarchéime CDCÉ. Bhí an taispeántas iarchéime 2017, Lustre, ar oscailt don phobal ó 14 Iúil go dtí 7 Lúnasa, ag fáil níos mó ná 11,000 cuairteoir i rith na tréimhse sin. D'éirigh leis an deichniúr rannpháirtí an clár dhá bhliana a chur i gcrích agus thaispeáin siad breis is 100 píosa seodra agus gaibhneacht gheal sa taispeántas iarchéime. Ba é buaicphointe an taispeántais é bailiúchán d'uibheacha stíl Fabergé arna oscailt go hoifigiúil ag Gaynor Andrews, iar-Cheann School of Jewellery Birmingham. Reáchtáladh searmanas bronnta i mí na Samhna 2017 in Ollscoil Mhaigh Nuad. Cónaitheachtaí Chríochnaigh an dearthóir seodra Genevieve Howard cónaitheacht i bPáras le Ateliers de Paris agus Centre Culturel Irlandais ó mhí Mheán Fómhair go mí na Nollag mar chuid den chlár malairte atá anois sa tríú bliain. Chuir CDCÉ, Ateliers de Paris agus Centre Culturel Irlandais fáilte roimh iarratais maidir leis an deis cónaitheachta seo do dhearthóir Éireannach maireachtáil agus obair i bPáras. I mí Dheireadh Fómhair, thug Lili Gayman, dearthóir na Fraince, faoi chónaitheacht trí sheachtaine sa stiúideo nua-chríochnaithe i mBaile Mhic Andáin, i gCill Chainnigh tar éis iarratas a chur isteach trí chomórtas oscailte agus tar éis an Duais um Dearadh-Malartú Paris Irlande a bhuaigh. Ba chomhpháirtíocht chomhoibríoch é seo, arna tacú ag Ambasáid na Fraince i bPáras agus arna comhordú idir CDCÉ agus Ateliers de Paris. Thug an chónaitheacht deis do Lili scileanna nua luachmhara a fháil agus thug sí rochtain di ar na háiseanna agus ar an saineolas a bhí ar fáil.
2,070
59
Dalta a ghlac páirt sa chlár CRAFTed
68
Múinteoir a ghlac páirt i gceardlanna CPD CRAFTed-bhunaithe
Bunscoil aonair a ghlac páirt sa chlár CRAFTed
10
€22,500
de sheodóirí nua na hÉireann a bhain céim amach sa chúrsa Scileanna agus Dearadh Seodóireachta agus Gaibhneachta Óir ó Ionad Barr Feabhais i Seodóireacht agus Gaibhneacht Óir agus a chuir a gcuid oibre ar taispeántas i dtaispeántas Lustre
An duais iomlán do Dhuaiseanna & Tacaíochtaí do Dhéantóirí na Todhchaí 2017, bronnta ar 23 mac léinn agus déantóir ar éirigh leo sa chlár Duaiseanna & Tacaíochtaí do Dhéantóirí na Todhchaí 2017
Ár nGníomhaíochtaí: Oideachas, Oiliúint & Forbairt
160
Chomhairle Dhearaidh & CheardaÍochta na hÉireann
60
Tá ról fíorthábhachtach ag balleagraíochtaí de Chomhairle Dhearaidh & Cheardaíochta na hÉireann, lena n-áirítear CCLC (Cuallachtaí, Comhlachais, Líonraí agus Cumainn) chomh maith le comhlachtaí corparáideacha maidir le gníomhaíochtaí agus tacaíochtaí CDCÉ in Éirinn. Tá rannpháirtíocht dár mballeagraíochtaí agus dár gcliaint ríthábhachtach chun faisnéis a thabhairt dár bpleananna straitéiseacha maidir leis an earnáil dearaidh agus cheardaíochta a fhorbairt agus chun go leor tionscnamh de chuid an CDCÉ a sheachadadh ar fud oileán na hÉireann.
61
Ár nGníomhaíochtaí: Balleagraíochtaí & Seirbhísí Cliant
2.5
Balleagraíochtaí & Seirbhísí Cliant
Chomhairle Dhearaidh & CheardaÍochta na hÉireann
62
Taispeántas ag Irish Artist Blacksmiths Association ag Bloom in the Park Taispeántas ag Ailbhe Gerrard ó Brookield Farm ag Gifted – An tAonach Ceardaíochta & Deartha Comhaimseartha Thread Song: Frances Crowe At the Medieval Table Ceardlanna Buaileadh Isteach ag an Sráidbhaile Ceardaíochta Éireannacha ag Bloom in the Park
Cuallachtaí, Comhlachais, Líonraí agus Cumainn (CCLC) Laethanta Faisnéise CCLC D’éascaigh CDCÉ dhá lá faisnéise CCLC i 2017, lenar cuireadh fóram luachmhar do na balleagraíochtaí ar fáil chun líonrú, nuashonruithe a fháil ar chláir agus ghníomhaíochtaí CDCÉ, agus chun aiseolas a sholáthar faoin earnáil agus plé a dhéanamh ar dhúshláin agus ar dheiseanna comhroinnte.
Scéim Tacaíochta Gréasáin Soláthraíonn an Scéim Tacaíochta Gréasáin maoiniú do ghníomhaíochtaí a chabhróidh chun ár CCLC a fhorbairt agus a ghairmiúlú. I 2017, bronnadh maoiniú ar 24 CCLC agus b’ionann an leithdháileadh iomlán agus €48,685.
Tionóladh an chéad chruinniú CCLC an 26 Aibreán i mBaile an Fheamrógaigh, Chill Chainnigh. I measc na gcur i láthair bhí:
Ainm an Ghréasáin
Bronnadh €
Blackstack Studios
1,220
Bridge Street Studios
1,275
Ceardlann Stiúideonna Ceardaíochta & Dearaidh an Spidéil
2,000
Ceramics Ireland
4,000
Forbhreathnú ar Chiste Taispeántais Seachtrach an CDCÉ le Susan Holland, Léirítheoir Taispeántais & Cláir ag an nGailearaí Náisiúnta Dearaidh & Ceardaíochta
Clare Crafts Association
1,500
Cork Craft & Design
4,000
Cork Textiles Network
3,400
‘Conas is féidir le d'Oifig Fiontar Áitiúil Tacaíocht a thabhairt duit' le Bord Fiontair Chill Chainnigh
Council of Irish Fashion Designers
2,850
Feltmakers Ireland
1,500
Glass Society of Ireland
1,500
Guild of Irish Lacemakers
2,000
Irish Artist Blacksmiths Association
1,900
Irish Patchwork Society
2,500
Ina dhiaidh na gcur i láthair, reáchtáladh cuairt threoraithe ar an Músaem ‘Medieval Mile’ i gCill Chainnigh, ina raibh saothair le roinnt ceardaithe atá bunaithe i gCill Chainnigh ar taispeántas.
Louth Craftmark Designers Network
3,000
Made in Westmeath
1,000
MADE in Kilkenny
2,500
Na Píobairí Uilleann
1,500
Reáchtáladh an dara imeacht de chuid CCLC an 28 Samhain i dTeach Butler, Cill Chainnigh.
New Ross Needlecraft Ltd. (The Ros Tapestry)
1,140
I measc na gcur i láthair bhí:
Print Block
2,000
‘Oirthear Ársa na hÉireann agus conas is féidir le heispéireas ceardaíochta cur le Tairiscintí Turasóireachta’ le Sarah Fitzpatrick, Fáilte Ireland
Forbhreathnú ar chláir Oideachais agus For-rochtana de chuid CDCÉ le Fiona Byrne, Bainisteoir Oideachais CDCÉ agus Caroline Ryan, Oifigeach Oideachais CDCÉ
Society of Cork Potters
‘Cinntiú go bhFeidhmíonn an Cheardaíocht: Cur chuige atá Dírithe ar an Margadh d'Fhiontair Cheirde’ le Eddie Shanahan, Comhairleoir Forbartha Gnó & Táirgí ‘Grianghrafadóireacht Táirgí: Leideanna & Comhairle’ le Evelyn McNamara, Grianghrafadóir ‘Eolas ar Bhliain Eorpach na hOidhreachta Cultúrtha agus ar Sheachtain na hOidhreachta’ le Helene O'Keeffe, an Chomhairle Oidhreachta I ndiaidh na gcur i láthair bhí cuairteanna ar Touchstone, Taispeántas Ceirmeachta na hÉireann ag an nGailearaí Náisiúnta Dearaidh & Ceardaíochta agus ar an At the Medieval Table, taispeántas arna léiriú ag an CDCÉ ag Teach Rothe, Cill Chainnigh.
900
The Leitrim Design House
2,000
The Quilters Guild of Ireland
3,000
West Cork Craft & Design Guild
1,000
Wexford Craft Trail
1,000
63
€48,685
Ár nGníomhaíochtaí: Balleagraíochtaí & Seirbhísí Cliant
≤ Thall Deiseal ón mbarr ar chlé:
64
D’eagraigh an CDCÉ sraith thaispeántais ceardaíochta i lár an spás taispeántais ar feadh na tréimhsè iomláine de Gifted, ag tabhairt deis uathúil do chuairteoirí freastal ar na déantóirí agus breathnú orthu nuair a bhíonn siad ag obair.
Taispeántais Ceardaíochta agus Ceardlanna le Balleagraíochtaí ag Imeachtaí Poiblí Bloom in the Park, Baile Átha Cliath 1 – 5 Meitheamh Mar chuid de rannpháirtíocht an CDCÉ ag Bloom, gairdín ildaite de cheardlanna cruthaitheacha, taispeántais agus gníomhaíochtaí ceardaíochta buaileadh isteach, cuireadh ar fáil eispéireas ceardaíochta le cuimhneamh air do chuairteoirí de gach aois. Chuir na CCLC seo a leanas taispeántais agus ceardlanna ar fáil: Feiltiú le Feltmakers Ireland Lása a Dhéanamh le Guild of Irish Lacemakers Bróidnéireacht le Guild of Irish Embroiderers Obair Phaistí le Irish Patchwork Society Cré le Ceramics Ireland Taispeántais laethúla le Irish Artists Blacksmith Association
Chomhairle Dhearaidh & CheardaÍochta na hÉireann
Gifted – An tAonach Ceardaíochta & Deartha Comhaimseartha 5 – 10 Nollaig D’eagraigh an CDCÉ sraith thaispeántais ceardaíochta i lár an spás taispeántais ar feadh na tréimhsè iomláine de Gifted, ag tabhairt deis uathúil do chuairteoirí freastal ar na déantóirí agus breathnú orthu nuair a bhíonn siad ag obair. Tá an-tóir ar thaispeántais i measc na gcuairteoirí, rud a léiríonn suim agus meas ar scileanna agus ar cheird na ndéantóirí cumasacha seo. Áiríodh leis na taispeántais: Deileadóireacht le William McHutcheon de Ballyshane Irish Wood Design Fíodóireacht le Beth Moran de Ballytoughey Loom Déanamh seodra le seodóir Mairead DeBláca Déanamh coinnle le Ailbhe Gerrard de Brookfield Farm Déanamh bosca le Mary Coonan de Gléasta Criadóireacht le Henri Hedou de Terrybaun Pottery
I measc na ndéantóirí ó MADE in Kilkenny bhí: Ceirmeoir Claire Molloy Ceirmeoir Mark Campden Ceirmeoir Ray Power Stiúideo Gloine Jerpoint Glass Seodóir Freiderike Grace Ceirmeoir Andrew Ludick Bhí saothar le mic léinn ó Ionad Sármhaitheasa sa Seodra & Órcheardaíocht an CCDÉ le feiceáil sa taispeántas ag an músaem freisin. Cruinniú na Cásca 17 Aibreán D'óstáil an CDCÉ mion-Sráidbhaile Ceardaíochta do cheiliúradh Chruinniú na Cásca ag Caisleán Bhaile Átha Cliath. Ag tarraingt ar léiriúcháin ó balleagraíochtaí agus ó chliaint an CDCÉ, bhí trí spás ceardlainne ag an ócáid. Áiríodh leis na ceardlanna; conas próca a chur ar roth potaireachta; tógáil láimhe le cré le baill de Ceramics Ireland; ag foghlaim ceird an fheiltithe le Feltmakers Ireland; agus mála gualainne a phriontáil le baill ón Print Block. Ghlac breis agus 1,500 duine de gach aois páirt san imeacht Sráidbhaile Ceardaíochta. Thug RTÉ maoiniú do Chruinniú na Cásca mar chuid de chlár Creative Ireland. Taispeántais Thread Song 2017 I dtús báire forbraíodh Thread Song don The Knitting and Stitching Show i 2015, agus bhí sé fós ar chamchuairt le linn 2017 agus suiteáladh é agus cuireadh é ar taispeáint i nGlór in Inis ó 9 Meitheamh go dtí 29 Iúil. Sheachaid Frances Crowe, duine de déantóirí atá in Thread Song, sraith cheardlainne do leanaí agus do dhaoine fásta. Ag an taispeántas bhí saothar le feiceáil ó: Geraldine Beirne Hilary Bell Amy Brannigan Maeve Coulter
65
Ár nGníomhaíochtaí: Balleagraíochtaí & Seirbhísí Cliant
I dtús báire forbraíodh Thread Song don The Knitting and Stitching Show i 2015, agus bhí sé fós ar chamchuairt le linn 2017 agus suiteáladh é agus cuireadh é ar taispeáint i nGlór in Inis ó 9 Meitheamh go dtí 29 Iúil.
An Músaem Medieval Mile Tháinig deis chun cinn leis an Músaem Medieval Mile chun saothar ó cheardaithe Cill Chainnigh a thaispeáint sa mhúsaem dá hoscailt oifigiúil ar an 28 Feabhra. Mar gheall ar an tóir a bhí ag na cuairteoirí air, d'fhan an taispeántas sa mhúsaem go dtí an 14 ú Lúnasa.
Patricia Cox Frances Crowe Marie Danaher Ethelda Ellis
Chomhairle Dhearaidh & CheardaÍochta na hÉireann
66
Rinneadh At the Medieval Table,, taispeántas de Table cheardaíocht na hÉireann a thug féasta meánaoiseach chun beatha, a thaispeáint sa Chistin Thúdarach ag Teach Rothe agus, mar gheall ar an tóir a bhí air, rinneadh é a athfhorbairt le haghaidh Yulefest Chill Chainnigh 2017 agus cuireadh síneadh leis an the taispeántas a fhad le hEanáir 2018.
Jane Enticknap Theresa Kelly Anne Kiely Frances Leach Dorinda McCormack Nessa McCormack Mary Moorkens Sara O’Hara Mary Palmer Lesley Stothers Savour Kilkenny agus Yulefest Kilkenny 27 Deireadh Fómhair, 2017 go 12 Eanáir, 2018 At the Medieval Table, d’eagraigh agus léirigh bláthadóir Lamber de Bie agus Mary Whelan, CDCÉ taispeántas de cheardaíochta Éireannacha a raibh féasta meánaoiseach á chur i gcuimhne don lucht féachana, i gcomhar le Teach Rothe agus leis an bhféile bia Savour Kilkenny. Taispeánadh an saothar sa Tudor Kitchen ag Teach Rothe agus, de bharr an tóir a bhí air, athfhorbraíodh é do Yulefest Kilkenny 2017 agus leathnaíodh an taispeántas go dtí Eanáir 2018. Ag na taispeántais seo, éascaítear do chaidreamh a fhorbairt le heagraíochtaí cultúrtha agus turasóireachta chun deiseanna agus ionaid nua a chur ar fáil chun ceardaíocht oidhreachta na hÉireann a thaispeáint. I measc na saothar Éireannach a bhí ar taispeáin i bhí: ceirmeacht le Magda Bethani, Helen Faulkner, Castle Arch Pottery, Klaus Hartmann, Les Reed, Paddy Dunne, Claire Molloy, Aisling McElwain agus Nikita Oakley; adhmad le David Comerford, Willie McHutcheon, Robert O'Connor, Eoghan Leadbetter agus Eamon O'Sullivan; Mullingar Pewter; ciseadóireacht le Kathleen McCormick, Heike Kahle agus Cathy Hayden; Jerpoint Glass; coinnle le Moth to a Flame; agus leabhair chumhdaithe le Barbara Hubert.
24
67
GANS a fuair maoiniú tríd an
59
1,500
6
6
Déantóirí a léiríodh ag Gifted – An tAonach Ceardaíochta & Deartha Comhaimseartha
GANS a léiríodh ag Bloom in the Park
Líon iomlán na mballeagraíochtaí
Daoine a ghlac páirt sna ceardlanna ag an mion Craft Village a chuir Comhairle Dhearaidh & Cheardaíochta na hÉireann ar fáil ag Cruinniú na Cásca
Ár nGníomhaíochtaí: Balleagraíochtaí & Seirbhísí Cliant
Scéim Tacaíochta Líonraí
Chomhairle Dhearaidh & CheardaÍochta na hÉireann
68
D’éascaigh agus thug an fhoireann Chumarsáide tacaíocht do thionscadail a sheachadadh sna feidhmeanna go léir atá ag an eagraíocht i rith na bliana. Ag obair le chéile lenár gcliantfhiontair, lenár mballeagraíochtaí, comhpháirtithe iomadúla agus na meáin chumarsáide, bhí ár ngníomhaíochtaí cumarsáide dírithe ar phoiblíocht leanúnach a chur chun cinn agus a ghiniúint maidir le caighdeán agus éagsúlacht oibre na ndearthóirí agus na ndéantóirí Éireannacha, agus ar fheasacht a ardú maidir leis an méid a chuireann an earnáil dearaidh agus cheardaíochta do gheilleagar na hÉireann agus do thairiscint chultúir agus turasóireachta na hÉireann.
69
Ár nGníomhaíochtaí: Gnóthaí Poiblí & Cumarsáid
2.6
Gnóthaí Poiblí & Cumarsáid
Chomhairle Dhearaidh & CheardaÍochta na hÉireann
70
Dinnéar ceiliúrtha den chéad bliain de Dhearadh na hÉireann NY NOW®: Avoca; Bunny & Clyde Searmanas bronntanais do Dhámhachtainí & Tacaíochta do Dhéantóirí na Todhchaí 2017 ag The Dean, Baile Átha Cliath Gairm ghrianghraif den seoladh de OPTIMISE Dearadh na hÉireann Hi! Fashion: Maiko Takeda
Ós rud é go bhfuil ról lárnach ag cumarsáid i ngach tionscadal de chuid an CDCÉ, tá go leor de na gníomhaíochtaí agus na héachtaí sa réimse seo thuasluaite sna codanna eile den tuarascáil seo. Tá breis eolais agus cláir bhreise leagtha amach thíos. Comhpháirtíochtaí agus Caidreamh á gCothú gCothú Tá comhoibriú ríthábhachtach do rath ár ngníomhaíochtaí cumarsáide. Bhunaigh agus d’fhorbair CDCÉ go leor caidrimh agus comhpháirtíochta le blianta beaga anuas agus leanadh ar aghaidh leis seo i 2017 leis an bpreas agus na meáin chraolta réigiúnacha, náisiúnta agus idirnáisiúnta, chomh maith leis na foirne cumarsáide in eagraíochtaí comhpháirtíochta eile. D'oibrigh an fhoireann go dlúth le comhghleacaithe i roinnt Ranna agus Gníomhaireachtaí Rialtais, go háirithe leis an Roinn Gnó, Fiontair agus Nuálaíochta, le linn na bliana maidir le himeachtaí agus gníomhaíochtaí tábhachtacha a phleanáil agus a sheachadadh agus le tuairisc a thabhairt ar ghníomhartha a chuimsítear i bPlean Gníomhaíochta an Rialtais do Phoist. I measc na mbuaicphointí i rith 2017 bhí seoladh de Éire – an tOileán Dearaidh: páipéar comhairliúcháin i dtreo Straitéis Náisiúnta Dearaidh i mí Feabhra agus seoladh OPTIMISE Dearadh na hÉireann le IE Domain Registry (IEDR), i gcomhpháirtíocht le CDCÉ agus leis na hOifigí Fiontair Áitiúla, i mí na Samhna. Ina theannta sin, rinne CDCÉ teagmháil le foireann Creative Ireland maidir le hábhar a sholáthar do Ireland.ie agus chun tacú le cur chun cinn a n-imeachtaí réigiúnacha chun a bheith rannpháirteach le heagraíochtaí comhpháirtíochta. Lean an fhoireann ar aghaidh ag obair go dlúth le Fiontraíocht Éireann chomh maith leis an líonra d'Oifigí Fiontair Áitiúla ar roinnt tionscadal i rith 2017, go háirithe maidir le Showcase a chur chun cinn, sa tréimhse roimh an seó trádálaí bliantúil agus le linn an tseó araon. Mar thoradh ar na cuairteanna ag na meáin idirnáisiúnta ar Showcase, cuairteanna a chomhordaigh líonra na n-oifigí thar lear de chuid Fiontraíocht Éireann, bhí clúdach idirnáisiúnta ar dhearthóirí agus ar dhéantóirí Éireannacha thar roinnt míonna. Tá tacaíocht tugtha ag an tsraith RTÉ Nationwide le Showcase le tamall fada anois, agus arís eile taifeadadh clár a bhí tiomnaithe don seó trádála agus craoladh é i mí Eanáir, ina raibh roinnt de na taispeántóirí rannpháirteacha le feiceáil i gcodanna réamh-thaifeadta nó in agallaimh
ar an láthair. Le linn na bliana bhí tuilleadh cumhdaigh de dhearthóirí agus de dhéantóirí Éireannacha ar Nationwide agus craoladh go leor gnéithe ar an gclár teilifíse príomh-ama seo a bhfuil an-tóir air. Ba ríthábhachtach an obair dhlúth a rinneadh le Tourism Ireland agus le Fáilte Ireland araon maidir le heispéireas dearaidh agus ceardaíochta a chuimsiú i gcúrsaí taistil na ngrúpaí preasa a bhí ag teacht isteach, chun gabháil leis na meáin idirnáisiúnta i rith 2017. Mar thoradh ar chruinnithe sceidealta agus cuairteanna ar stiúideonna le dearthóirí agus le déantóirí, rinneadh clúdach ardphróifíle idirnáisiúnta ar earnáil dearaidh agus cheardaíochta na hÉireann, rud a chur le tuilleadh deiseanna a chruthú sa todhchaí. I measc an chaidrimh tábhachtacha a forbraíodh i rith 2017 d’oibríomar leis an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, Ambasáid na Breataine, Comhairle na Breataine agus ionadaithe ó Theach Clarence maidir le socruithe chun cuairt den HRH Prionnsa na Breataine Bige agus HRH, Bandiúc na Coirnéil a óstáil ar Ionad Sármhaitheasa sa Cheirmeacht CDCÉ agus ar Scoil Cheardaíochta Mhuileann an Ghrianáin i mBaile Mhic Andáin. Bhí sé seo mar chuid den chúrsa taistil den chuairt Ríoga go hÉirinn ar Chill Chainnigh i mBealtaine. Ag tacú le gníomhaíochtaí cur chun cinn eile i gcaitheamh na bliana bhí obair le comhpháirtithe ar nós Brown Thomas maidir le preabsiopa Dearadh na hÉireann mar chuid de CREATE 2017; Kilkenny Group maidir lena hinsealbhú Open Call agus maidir lena tionscnamh From Bench to Business; Bord Bia maidir le heispéireas dhearaidh agus ceardaíochta i Sráidbhaile Ceardaíochta na hÉireann ag Bloom in the Park; agus na heagraithe de Gifted – An tAonach Ceardaíochta & Deartha Comhaimseartha. Forbairt Bheartais I mí Feabhra 2017 sheol an tAire Post, Fiontar agus Nuálaíochta, Mary Mitchell O'Connor, TD Éire – an tOileán Dearaidh: páipéar comhairliúcháin i dtreo Straitéis Náisiúnta Dearaidh go hoifigiúil. Mar leanúint ar aghaidh leis an tionscnamh Dearadh na hÉireann 2015 arna thacú ag an Rialtas, bhunaigh CDCÉ Coiste Stiúrtha d’ionadaithe tionscail agus thionóil sé chun tabhairt faoi phróiseas comhairliúcháin fhairsing i rith 2016 chun páirt ghníomhach a thabhairt do raon leathan de pháirtithe leasmhara i gceardlanna agus in agallaimh. Ina measc na bpáirtithe leasmhara, bhí cliaint
71
Ár nGníomhaíochtaí: Gnóthaí Poiblí & Cumarsáid
≤ Thall Deiseal ón mbarr ar chlé:
72
Bhí an CDCÉ i dteagmháil leis na meáin agus le heagraíochtaí comhpháirtíochta i rith 2017 chun tacaíocht a thabhairt dá gcliaint agus don earnáil dearaidh agus ceardaíochta ina hiomláine agus d’fhonn iad a cur chun cinn trí chlúdach meán ardphróifíle sa phreas, trí chraolachán agus ar líne.
agus balleagraíochtaí atá cláraithe le CDCÉ; Cliantchuideachtaí ó Fhiontraíocht Éireann; fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) atá ag baint úsáide as nó ag smaoineamh ar dhearadh a úsáid, arna gcomhordú trí líonra na hOifige Fiontar Áitiúil; cuideachtaí ilnáisiúnta arna gcomhordú tríd an IDA; chomh maith le hoideoirí dearaidh tríú leibhéil agus comhlachtaí gairmiúla. D’ullmhaigh CDCÉ páipéar comhairliúcháin mar thoradh ar an bpróiseas seo, inar spreagadh infheistíocht leanúnach i ndearadh agus moladh sraith gníomhartha le haghaidh forbartha straitéisí de dhearadh agus de smaointeoireacht dearaidh. In Éire – an tOileán Dearaidh cuimsítear raon de shaincheisteanna a gcaithfear scrúdú a dhéanamh orthu chun Straitéis Dearaidh Náisiúnta d'Éirinn a fhorbairt agus tá sé struchtúraithe faoi cheithre théama lena léirítear na príomhdhúshláin atá os comhair na hearnála: Beartas agus Cur Chun Cinn; Taighde & Nuálaíocht; Oideachas trí Fhiontraíocht; agus an tSochaí, Cultúr agus Comhoibriú. Is iad príomhfheidhmeanna an pháipéir chomhairliúcháin ná: Éire a fhorbairt mar lárionad sármhaitheasa a aithnítear go hidirnáisiúnta le haghaidh dearaidh agus taighde dearaidh, ag tógáil ar oidhreacht shaibhir na hÉireann sa cheardaíocht, nuálaíocht agus sa chruthaitheacht
Chomhairle Dhearaidh & CheardaÍochta na hÉireann
cultúr deartha a chruthú agus tuiscint níos fearr a chur chun cinn maidir le dearadh agus an luach atá ag dearadh i ngnó agus sa tsochaí bonn scileanna dearaidh na hÉireann a leathnú, ó oideachas Bunleibhéil agus ar aghaidh méadú a chur ar an úsáid a bhaintear as dearadh mar fhoinse nuálaíochta i ngnóthais Éireannacha, go háirithe sna hearnálacha a shainaithnítear mar phríomhréimsí fáis d'Éirinn Úsáid de dhearadh maith a chur chun cinn chun dul i ngleic le dúshláin sochaí na hÉireann agus méadú a chur ar úsáid dearaidh i measc comhlachtaí poiblí úsáid dearaidh i bpróisis soláthair phoiblí a spreagadh chun nuálaíocht a thiomáint Mar thoradh ar fhoilsiú an pháipéir chomhairliúcháin, bhunaigh an Roinn Gnó, Fiontar agus Nuálaíochta an chéad Fhóram Dearaidh Náisiúnta in Éirinn atá faoi stiúir Aire.
Clú Cl údach na Meán Cumarsáide Bhí an CDCÉ i dteagmháil leis na meáin agus le heagraíochtaí comhpháirtíochta i rith 2017 chun tacaíocht a thabhairt dá gcliaint agus don earnáil dearaidh agus ceardaíochta ina hiomláine agus d’fhonn iad a cur chun cinn trí chlúdach meán ardphróifíle sa phreas, trí chraolachán agus ar líne. Bhí dearthóirí agus déantóirí agus a gcuid táirgí, go mór le feiceáil i bhfeachtais na heagraíochta mar chuid dá príomhthionscnaimh ar nós Showcase agus a branda tomhaltóra, DesignIreland.ie chomh maith le himeachtaí agus gníomhaíochtaí eile in Éirinn agus go hidirnáisiúnta. Tá CDCÉ buíoch dár gcomhpháirtithe go léir sna meáin as a dtacaíocht leanúnach dá ghníomhaíochtaí agus don earnáil. I rith 2017, le clúdach na meán gineadh coibhéis fhógraíochta réamh-mheasta de luach €4.5M ó na tionscadail uile. Tá buaicphointí ar chlúdach na meáin le linn 2017 leagtha amach sna leathanaigh seo a leanas. Showcase 2017 Bhí Showcase, an phríomhimeacht trádála príomhthionscadal don earnáil dearaidh agus ceardaíochta agus ceann de na himeachtaí trádála is mó sa tír, ar siúl ón 22 go 25 Eanáir sa RDS, Baile Átha Cliath. I ngairm ghrianghraif a bhain le faisean le TextISLE an 8 Eanáir fógraíodh Showcase 2017 agus cuireadh tús le dianfheachtas sna meáin a bhí ar siúl suas go dtí agus le linn an aonaigh trádála. Bhí an clúdach forleathan sa phreas cló, craolachán agus ar líne, go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta. Is iad seo na buaicphointí meán: Áiríodh sa réamhchlúdach íomhánna ón ngairm ghrianghraif TextISLE a bhí le feiceáil in The Irish Times agus san Irish Independent chomh maith le léiriú agus píosaí breise in The Irish Times, The Irish Times Magazine, Irish Examiner, Sunday Independent Business, Irish Independent, Irish Independent Weekend, Irish Examiner Weekend, IMAGE Interiors & Living, Futura, agus in Irish Country Magazine. San iris IMAGE bhí léiriú il-leathanaigh ina chéad eagrán de 2017 agus roghnaíodh gach éadach agus gabhálas ó thaispeántóirí a ghlac páirt i Showcase. Sa clúdach raidió roimh an aonach bhí agallamh ar RTÉ Radió a hAon The Business Bhí Clúdach den oscailt oifigiúil an 22 Eanáir le feiceáil in The Irish Times, Irish Independent, Irish Examiner agus, le linn an
aonaigh trádála, foilsíodh alt il-leathanaigh agus clúdach tosaigh in The Sunday Business Post Magazine
Tuairiscíodh an t-oscailt oifigiúil ar líne freisin ar BusinessWorld.ie agus Newstalk.ie, chomh maith le hagallamh ar ThinkBusiness.ie Bhí clúdach réigiúnach fhorleathan de bhuaiteoirí dámhachtana Showcase 2017 ina gcuid foilseachán réigiúnacha faoi seach i rith agus tar éis an aonaigh trádála D'oibrigh CDCÉ le Fiontraíocht Éireann d’fhonn a bheith i mbéal an phreasa idirnáisiúnta tar éis Showcase, agus mar thoradh air seo rinne raon leathan cliant thar lear clúdach air, lena n-áirítear Marie Claire Belgium; Nuachtlitir na Stát Aontaithe, The Trend Curve; Foinse faisin na Fraince, fashionunited.fr; agus blaganna na Gearmáine zeitlos-bezaubernd.de agus happyface313.com
73
Bhí píosaí leanúnacha ar TextISLE in Irish Examiner Weekend agus in Irish Country Magazine i mí an Mhárta Dearadh na hÉireann agus DesignIreland.ie Leanadh le branda tomhaltóra CDCÉ Dearadh na hÉireann a chur chun cinn i rith 2017 tar éis dó a sheoladh i mí na Samhna 2016. Chomh maith le tacaíocht leanúnach a sholáthar maidir le cliaint agus a dtáirgí a chur chun cinn, reáchtáladh roinnt feachtais suntasacha ar nós na cinn seo a leanas: Bhí preabsiopa Dearadh na hÉireann ag Brown Thomas ag an am céanna agus CREATE, ceiliúradh bliantúil an stóir ar bhua cruthaitheach na hÉireann, agus ginneadh clúdach láidir don phreabspás agus do na dearthóirí aonair a bhí ar taispeáint sa stór. San áireamh sa raon leathan de theidil bhí The Sunday Times, The Irish Times, Irish Independent, Irish Examiner, Irish Country Magazine, Totally Dublin, Woman’s Way agus Beaut.ie chomh maith le leathanach dhúbailte sa Sunday Business Post Magazine agus comórtas ar líne a reáchtáladh i gcomhar le House and Home a cuireadh chun cinn ar a gcuid cainéal ar líne agus sóisialta
Ár nGníomhaíochtaí: Gnóthaí Poiblí & Cumarsáid
Bhí Showcase Showcase,, an phríomhimeacht trádála príomhthionscadal don earnáil dearaidh agus ceardaíochta agus ceann de na himeachtaí trádála is mó sa tír, ar siúl ón 22 go 25 Eanáir sa RDS, Baile Átha Cliath. Bhí an clúdach forleathan sa phreas cló, craolachán agus ar líne, go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta.
I measc an clúdach teilifíse le linn Showcase bhí clár iomlán tiomnaithe dó ar Nationwide RTÉ; agus bhí codanna le feiceáil ar Six One News ar RTÉ agus Xposé ar TV3 agus ar an raidió bhí agallamh de deich nóiméad ar Dublin City FM.
Reáchtáladh seoladh feachtais séasúrach bliantúil CDCÉ don Nollaig ag an am céanna le dinnéar ceiliúrtha den chéad bliain de Dhearadh na hÉireann a léiríodh i roinnt foilseachán, lena n-áirítear Irish Country Magazine, Irish Independent, The Irish Times, The Herald, Business Plus agus Irish Examiner Mar chuid de fheachtas séasúrach roimh tréimhse na Nollag 2017, bhí clúdach sa Sunday Independent, The Sunday Times agus san Irish Examiner, chomh maith le treoracha bronntanais i bhfoilseacháin éagsúla, lena n-áirítear Irish Country Magazine, Sunday Independent agus i The Gloss Magazine’s ‘Glossy Gift Guide’
74
I measc an chlúdaigh ar Dhearadh na hÉireann in NY NOW® bhí raon d’fhoilseacháin ar líne SAM ar nós Home Accents Today, Home World Business agus Culturs Chun leanúint ar aghaidh le seoladh an chláir OPTIMISE Dearadh na hÉireann, áiríodh leis an gclúdach agallamh faoin tionscnamh ar The Show Business Sunday de chuid Today FM, ina raibh dearthóir seodra Chupi Sweetman-Pell, an dearthóir teicstíle Jennifer Slattery agus Oonagh McCutcheon ó IEDR chomh maith le hailt in The Sunday Business Post agus in Business Plus
Chomhairle Dhearaidh & CheardaÍochta na hÉireann
Gailearaí Náisiúnta Dearaidh & Ceardaíochta Chuir CDCÉ an clár taispeántais agus imeachtaí chun cinn ag an nGailearaí Náisiúnta Dearaidh agus Ceardaíochta agus thug sí tacaíocht PR freisin do thaispeántais ar camchuairt agus do chomhpháirtíochtaí i rith 2017. Is iad seo a leanas na buaicphointí tábhachtacha a bhaineann le clúdach de roinnt de na taispeántais seo: The Shuttle Hive: A Century of Rising Threads in Ard-Mhúsaem na hÉireann – Na hEalaíona Maisiúla agus Stair i gclúdach il-leathanaigh in Sunday Independent Life Clúdaíodh taispeántas camchuairte Shape the Future ag NCAD i The Sunday Business Post Magazine agus san Irish Independent Weekend Áiríodh san The Irish Times Magazine píosa ar thaispeántas camchuairte CDCÉ VASE: Function Reviewed ag Farmleigh
Cuireadh agallamh ar CDCÉ ar Sunday Breakfast with Alison Curtis ar Today FM maidir leis an Global Irish Design Challenge Léiríodh roinnt déantóirí ó Narratives in Making, taispeántas saothair ó PORTFOLIO: Critical Selection 2017-2018, de chuid CDCÉ san Irish Times Léiríodh Hi! Fashion ar leathanach dhúbailte in The Irish Times Magazine agus cuireadh agallamh ar léirítheoir Gemma A. Williams le haghaidh píosa san iris Cara. I measc an chlúdaigh eile bhí Irish Independent, The Sunday Business Post, Irish Examiner agus Design Portfolio de chuid Irish Arts Review Craoladh go beo an Festival of Fashion & Light ag an nGailearaí Náisiúnta Dearaidh & Ceardaíochta inar ceiliúradh Culture Night 2017 ó Chlós an Chaisleáin, Cill Chainnigh ar Six One News ar RTÉ. Sa mhír de dhá nóiméad go leith léiríodh na himeachtaí mar chuid d'Oíche Chultúir chomh maith le saothair ón taispeántas Hi! Fashion, agus bhí agallaimh réamh-thaifeadta san áireamh. I measc na gclúdach clóite bhí ailt san Irish Times agus san iris The Gloss Bhí clúdach ar an taispeántas seodra céimithe Lustre sa Sunday Business Post, Irish Examiner agus Irish Country Magazine. Luaitear Ionad Sármhaitheasa sa Seodra & Órcheardaíocht CDCÉ in ailt éagsúla i bhfoilseacháin ar sheodóirí Éireannacha atá ag teacht chun cinn, ar nós IMAGE Magazine, Irish Arts Review agus sa phreas réigiúnach Bhí an taispeántas Touchstone san áireamh i bpíosa ar dhéantóirí ceirmeacha sa Sunday Business Post, agus sa Sunday Independent agus IMAGE Interiors & Living chomh maith. Déantóirí na Todhchaí 2017 D'eisigh CDCÉ gairm ar iarratais ar Dámhachtainí & Tacaíochta do Dhéantóirí na Todhchaí de chuid CDCÉ 2017 i mí an Mhárta agus fógraíodh na 23 buaiteoir ag searmanas i mBaile Átha Cliath ar an 6 Iúil. I measc na mbuaicphointí a clúdaíodh le linn na tréimhse chur chun cinn seo bhí: Bhí clúdach ar an ngairm ar iarratais le feiceáil ar fud na tíre, lena n-áirítear san Irish Independent Property Plus agus sa phreas réigiúnach, lena n-áirítear The Clare Champion, Donegal Now, Mayo Advertiser, Nenagh Guardian, West Cork Times, agus Donegal Post chomh maith le agallamh ar Galway Bay FM
Áiríodh leis an gclúdach ar bhuaiteoirí aonair agus ar a gcuid saothar bhí Alan Meredith, buaiteoir gradam Dhéantóirí na Todhchaí san Irish Examiner, Sunday Independent agus House and Home; Pierce Healy in Irish Arts Review; Pearl Reddington in iris Stellar; Sophie Kate Curran agus Adele Walsh in The Irish Times; agus Simon Doyle agus Chloë Dowds in House and Home Buaicphointí eile Threoraigh an CDCÉ feachtais PR agus thug sí tacaíocht do chliaint agus do chomhpháirtithe i ngníomhaíocht phreasa i rith 2017. Chomh maith le cur chun cinn tábhachtach mar atá leagtha amach sna leathanaigh roimhe seo, léiríodh raon leathan d’imeachtaí agus tionscnaimh eile i meáin na hÉireann agus sna meáin idirnáisiúnta araon. Ba iad seo a leanas na buaicphointí: In alt de 18 leathanach maidir le ceardaíocht agus dearadh na hÉireann, léiríodh agallamh le CDCÉ in Hole & Corner, iris cló ráithiúilRA, agus bhí próifílí ann ar J. HILL’s Standard, The Tweed Project, Joe Hogan, Superfolk agus Gus Mabelson, rud a chomhoibrigh CDCÉ air le Tourism Ireland chun tacú le cuairt na hirise ar Éirinn Sna míreanna de 12 nóiméad ar cheardaíocht agus dearadh na hÉireann ar The Business ar RTÉ Raidió a hAon bhí agallaimh taifeadta le Philip Cushen de Cushendale, Denis Kenny de Cheadogán agus Chupi Sweetman-Pell de Chupi inar chuir siad chun cinn Eispéireas Stiúideo Cheardaíochta na hÉireann Foilsíodh gnéalt leathleathanaigh lena n-áirítear agallamh le CDCÉ sa Sunday Business Post ina ndearnadh tagairt don tábhacht a bhaineann le ceannach earraí áitiúla, na tionchair fhéideartha den Bhreatimeacht, Showcase agus margadh bronntanais na hÉireann Cuireadh agallamh ar CDCÉ ar Business Breakfast ar Newstalk maidir le seoladh oifigiúil de Éire – an tOileán Dearaidh: páipéar comhairliúcháin i dtreo Straitéis Náisiúnta Dearaidh le clúdach freisin ar bizplus.ie agus industryandbusiness.ie
Clúdaíodh roinnt tionscadal CDCÉ san Irish Arts Review i gcaitheamh na bliana, lena n-áirítear Dearadh na hÉireann 2015, taispeántas Global Irish Design Challenge, Showcase 2017 agus Annemarie Reinhold faighteoir den Tacaíocht Chónaithe 2016 um Dhéantóirí na Todhchaí. Uirlisí Cumarsáide Suíomh Gréasáin Le linn 2017, rinneadh nuashonrú rialta ar shuíomh gréasáin corparáideach DCCoI.ie d’fhonn cruinneas, comhsheasmhacht agus seachadadh tráthúil d’fhaisnéis d'úsáideoirí a chinntiú. Spreagadh cliaint CDCÉ dul i dteagmháil leis an suíomh trí rannóg na ndeiseanna a sheiceáil go rialta le haghaidh fógraí agus gairmeacha tionscail ábhartha, agus chun logáil isteach ar uirlis féinseirbhíse an suímh chun fógraí agus liostaí aicmithe a phostáil. Rinne CDCÉ agus úsáideoirí an suímh nuashonrú rialta ar shuíomh gréasáin na n-imeachtaí ceardaíochta, CraftinIreland.com, trína tairseach féinseirbhíse i rith na bliana mar an phríomh-eolaire d’imeachtaí agus gníomhaíochtaí ceardaíochta ar fud na tíre don phobal i gcoitinne. Ríomhchumarsáid agus Líonrú Sóisialta Leanadh le ríomhiris mhíosúil na heagraíochta, CRAFTlink, a chur le chéile agus a eisiúint chuig síntiúsóirí, lena n-áirítear cliaint chláraithe ghlactha, balleagraíochtaí agus páirtithe leasmhara i gcaitheamh na bliana. Sna ríomhirisí seo, cuireadh ar fáil nuacht agus deiseanna a bhain leis an earnáil, gairm do chláir, fógraí maoiniúcháin chomh maith le nuashonruithe ar thaispeántais agus ar an earnáil. Eisíodh ríomh-nuachtlitir CraftinIreland.com, inar cuireadh chun cinn gníomhaíochtaí dearaidh agus ceardaíochta don phobal i gcoitinne freisin chuig síntiúsóirí i rith 2017 chomh maith le ríomhirisí aon uaire eile a cruthaíodh chun fógraí tábhachtacha a thabhairt do chliaint. Tháinig méadú seasta ar ghníomhaíochtaí líonraithe sóisialta CDCÉ i rith 2017 ar fud a lán ardán, ag dul i dteagmháil le lucht féachana agus úsáideoirí éagsúla trí Facebook, Instagram, Twitter agus Pinterest go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta. I measc na bpríomhchuntas mheán sóisialta bhí CDCÉ, Gailearaí Náisiúnta Dearaidh & Ceardaíochta, CraftinIreland.com agus Dearadh na hÉireann inar chonacthas méadú ar lucht leanúna trí phostálacha agus nuashonruithe rialta, ábhar saibhir agus cur chun cinn éifeachtach ó thaobh costais de.
75
Ár nGníomhaíochtaí: Gnóthaí Poiblí & Cumarsáid
In iarchlúdach, bhí píosa ar Dhéantóirí na Todhchaí 2017 agus ar na faighteoirí de na dámhachtainí agus tacaíochtaí in eagrán an fhómhair de Design Portfolio in Irish Arts Review.
Maidir le Showcase 2017 chomhoibrigh CDCÉ le IMAGE.ie chun a gcuntas Instagram a ghlacadh le haghaidh an lá oscailte den seó trádála, ag postáil íomhánna ón seó faisin TextISLE agus ag roinnt íomhánna de tháirgí ó sheastáin de roinnt cliant ar fud an lae, agus mar sin chuathas i dteagmáil le lucht féachana nua trí IMAGE.ie agus brandaí tras-chur chun cinn. Le linn tréimhse na Nollag, seoladh feachtas meán sóisialta chun Dearadh na hÉireann agus a chliaint a chur chun cinn do lucht leanúna agus chun dul i dteagmháil le lucht féachana nua leis an FestiveGiveaway Dearadh na hÉireann. Rinneadh clúdach suntasach ar an bhféirín le hailt ar líne le The Gloss ar fud na Nollag agus ar ardáin ilmheáin shóisialta mar chuid de ghníomhaíochtaí spriocdhírithe chun tomhaltóirí a spreagadh chuig an suíomh.
Chomhairle Dhearaidh & CheardaÍochta na hÉireann
76
Chomh maith leis seo, lean ardáin CDCÉ agus Dearadh na hÉireann le nuacht agus íomhánna de ghníomhaíochtaí ag imeachtaí miondíola, seónna trádála, ceardaíochta agus aontaí dearaidh a roinnt chomh maith le naisc dhíreacha ar láithreáin ghréasáin na ndéantóirí a sholáthar. Cuireadh postanna blog rialta, 'Stories', ar shuíomh Gréasáin Dearadh na hÉireann ina raibh agallaimh cliaint agus irisí coimriúcháin míosúla le híomhánna d’ardchaighdeáin a roinntear ansin trí ardáin shóisialta Dhearadh Éireann agus le síntiúsóirí trí ríomhirisí chun rannpháirtíocht il-ardán a spreagadh. Príomhfhoilseacháin Chorparáideacha Tacaíonn an fhoireann Gnóthaí Poiblí & Cumarsáide le foirne CDCÉ eile i gcaitheamh na bliana chun príomhcháipéisí a fhoilsiú, ar nós chatalóga taispeántais agus treoracha bronntanais do thomhaltóirí. Chomh maith leis sin, tá an fhoireann freagrach as foilseacháin chorparáideacha CDCÉ, lena n-áirítear tuarascáil bhliantúil na heagraíochta a chuirtear ar fáil i nGaeilge agus i mBéarla gach bliain i gcomhlíonadh leis na dualgais atá ag CDCÉ faoi hAcht na dTeangacha Oifigiúla 2003. Le linn 2017 bhainistigh an fhoireann freisin an ghné dhearaidh agus chló de Phlean Straitéiseach CDCÉ 2017 - 2020. Coinníodh an rannóg um Shaoráil Faisnéise ar shuíomh Gréasáin CDCÉ ar bhonn leanúnach i rith 2017 de réir Alt 8 den Acht um Shaoráil Faisnéise 2014 lena n-éilítear ar chomhlachtaí um Shaoráil Faisnéise an oiread eolais agus is féidir a ullmhú agus a fhoilsiú ar bhealach oscailte agus inrochtana go rialta lasmuigh de Shaoráil Faisnéise.
Cartlannú Le linn 2017, lean an CDCÉ ar aghaidh le cartlannú agus foilsiú a dhéanamh de Éire – an tOileán Dearaidh: páipéar comhairliúcháin i dtreo Straitéis Náisiúnta Dearaidh trí ardán foilsitheoireachta digiteach ISSUU. Tá tuarascálacha agus foilseacháin ábhartha eile ag an stórlann cartlainne ar líne, ar nós foilseacháin Kilkenny Design Workshops, Craft Review 1987-1991; Nuachtlitreacha Chomhairle Ceardaíochta na hÉireann 1975-1993; treoracha gnó; tuairiscí/ábhair oideachais; treoracha maidir le dearadh agus ceardaíocht in Éirinn; agus iris CDCÉ, Stopress 1997-2010. Tá cartlann íomhánna ag an eagraíocht freisin ón am de Kilkenny Design Workshops ar aghaidh.
€4.5M
77
AVE clúdach na meán do na
176
88,000
Gearrthóga meán d’fheachtas Showcase 2017
Líon na nÚsáideoirí de DCCoI.ie i 2017
8,559
569,000
Líon na Leantóirí ar Facebook CDCÉ, fás de 30% i gcomparáid leis an mbliain roimhe sin
Líon iomlán na n-imprisean Tweets do CDCÉ a rinneadh i 2017 (meánráta rannpháirtíochta 1.4%)
Ár nGníomhaíochtaí: Gnóthaí Poiblí & Cumarsáid
gníomhaíochtaí go léir
Chomhairle Dhearaidh & CheardaÍochta na hÉireann
Íomhá: Gaibhneacht Dhubh – Calnan & Anhøj
78
79
Chomhairle Dhearaidh & CheardaÍochta na hÉireann
80
Tá cúlraí agus disciplíní éagsúla ag ár gcliaint, dearann siad agus cruthaíonn siad nithe as gach cineál ábhair, éadaí agus seodra, troscán agus ceirmeacht, cibé acu saothair choincheapúla nó saothair fheidhmiúla. Soláthraíonn ár gcliantfhiontair poist inbhuanaithe réigiúnacha, agus is rannchuidiú ríthábhachtach é seo do gheilleagar agus do thairiscint chultúrtha na hÉireann. Léiríonn an raon leathan de dhisciplíní atá inár gclár cliaint an uaillmhian atá againn chun tacú le hoidhreacht cheardaíochta agus Dearadh na hÉireann agus ag an am céanna nuálaíocht deartha a spreagadh i ngach rud a dhéanann ár gcliaint.
81
Ár nGnó
3.1
Ár gCliaint
Chomhairle Dhearaidh & CheardaÍochta na hÉireann
82
Cushendale Woollen Mills Tutty’s Handmade Shoes
Miondealú de chlár na gcliantfhiontar de réir contae amhail an 31 Nollaig, 2017 Cliantfhiontair de réir Contae
Helen Steele Fashion
Baile Átha Cliath 647
The Tweed Project agus William Clark & Sons
Corcaigh Gaillimh Cill Mhantáin Cill Chainnigh Ciarraí Loch Garman Cill Dara Maigh Eo Port Láirge An Clár Dún na nGall Tiobraid Árann
Bláithín Ennis Jewellery
339 172 146 124 117 110 109 106 93 88 88 73
An Mhí Sligeach Lú Luimneach An Iarmhí Liatroim Ceatharlach Laois Uíbh Fhailí Muineachán An Cabhán Ros Comáin An Longfort
72 65 63 56 54 48 44 42 37 32 24 22 15
Tuaisceart Éireann An Dún 100 Fear Manach 20 Aontroim 71 Doire 17 Tír Eoghain 33 Ard Mhacha 11 Cliaint Oileán na hÉireann (Poblacht na hÉireann 2,786/ Tuaisceart Éireann 252) Cliaint Idirnáisiúnta Líon Foriomlán na gCliantfhiontar Cláraithe
3,038
Gaibhneacht Gheal/Earraí Tolla
14
Déanamh Leabhair/ Leabharcheangal
13
Litreoireacht
13
Sníomh
10
Déanamh Páipéir Eile Slinnre/ Mósáic Tuíodóireacht/ Péintéail Freascó/ Uaireolaíocht/ Ceangal Cuileog
9 18
Anaithnid 8 Líon Foriomlán na gCliantfhiontar Cláraithe
3,094
Clár Comhlach Mic Léinn
359
Déantóir Comhlach/ Nuathionscanta
354
Amaitéarach
347
56
Léachtóirí Ceardaíochta
82
3,094
Neamhghníomhach Go Sealadach/Ar Scor
17
Eile
41
Cliantfhiontair de réir Disciplín Teicstílí
737
Seodra
486
Ceirmeacht 478 Adhmadóireacht 275 Déantóirí Troscáin
238
Déanamh Gloine
194
Miotalóireacht lena n-áirítear Gaibhneacht Dhubh
105
Obair Pháipéir
74
Tógáil Meáin Mheasctha
70
Priontáil
64
Déanamh Coinnle
56
Obair Chloiche
55
Obair Leathair
43
Ciseadóireacht 42 Déanamh Gallúnaí
36
Déanamh Uirlisí Ceoil
30
Déanamh Bréagán
26
Líon Foriomlán na gComhlachas Cláraithe
83
1,200
I 2017, chuireamar tús le hathbhreithniú ar ár gclár de chliantfhiontair d'fhonn cruinneas na faisnéise ar ár dtaifid a chinntiú. D'iarramar ar chliaint a gcuid faisnéise a athbhreithniú agus a nuashonrú trínár dtairseach féinseirbhíse. Ba é aidhm an tionscadail ná a chinntiú go raibh próifílí aonair na gcliant CDCÉ cothrom le dáta ionas go bhféadfadh an eagraíocht cumarsáid éifeachtach a dhéanamh leo maidir le gach gné, ar nós clár CDCÉ agus deiseanna meán, agus chun a chinntiú go raibh na cuairteoirí ar DCCoI.ie, a úsáideann ár n-eolaire ar líne, ag breathnú ar fhaisnéis chruinn. Cuireadh tús leis an tionscadal seo i 2017 agus leanadh ar aghaidh leis i 2018. Mar sin, is ionann an méid thuas agus na figiúirí is nuashonraithe atá ar fáil maidir le cliantfhiontair agus atá an próiseas fós ar siúl.
Ár nGnó
≤ Thall Deiseal ón mbarr ar chlé:
Chomhairle Dhearaidh & CheardaÍochta na hÉireann
84
Dátaí tábhachtacha i stair Chomhairle Cheardaíochta na hÉireann Teoranta, atá anois ag trádáil mar Chomhairle Dhearaidh & Cheardaíochta na hÉireann.
85
Ár nGnó
3.2
Ár Stair 1970–2017
Chomhairle Dhearaidh & CheardaÍochta na hÉireann
86
Ionad Sármhaitheasa sa Cheirmeacht CDCÉ Oscailt an Taispeántais Touchstone ag an nGailearaí Náisiúnta Dearaidh & Ceardaíochta Global Irish Design Challenge ag an nGailearaí Náisiúnta Dearaidh & Ceardaíochta Seoladh den Oileán Dearaidh: Páipéar comhairliúcháin i dtreo Straitéis Náisiúnta Deartha Ionad Sármhaitheasa sa Seodra & Órcheardaíocht CDCÉ
1970 D’óstáil Comhairle Cheardaíochta an Domhain (CCD) a Comhthionól Ginearálta in Éirinn 1971 Bunaíodh Comhairle Cheardaíochta na hÉireann (CCÉ) i mBaile Átha Cliath mar chomhlacht deonach faoi choimirce an RDS 1976 Rinneadh cuideachta theoranta de CCÉ, ag fáil maoiniú ón Aire Tionscail agus Tráchtála agus ón Údarás Forbartha Tionscail 1977 Cuireadh tús le Showcase mar an tAonach Trádála Ceardaíochta Náisiúnta 1980 Osclaíodh oiliúint ghnó agus scileanna CCÉ i gCill Uird, Co. Chorcaí 1986 Aistríodh riarachán CCÉ go Lárionad Teach Cathrach Chúirt an Phaoraigh, Baile Átha Cliath 1989 Aistríodh oiliúint ghnó agus scileanna CCÉ go hiar-Cheardlanna Dearthóireachta Chill Chainnigh i gCathair Chill Chainnigh 1990 D’oscail an CCÉ Cúrsa Scileanna & Dearaidh Ceirmeachta i mBaile Mhic Andáin, Co. Chill Chainnigh 1993 D’oscail an CCÉ an Cúrsa Scileanna & Dearaidh Seodra agus Órcheardaíocht i gCill Chainnigh 1997 Aistríodh riarachán CCÉ ó Bhaile Átha Cliath go Clós an Chaisleáin, Cill Chainnigh 2000 D’oscail CCÉ an Gailearaí Náisiúnta Ceardaíochta i gClós an Chaisleáin, Cill Chainnigh 2011 D'ainmnigh an CCÉ 2011 mar Bhliain na Ceardaíochta agus ceiliúrann sé an earnáil i gcomhpháirtíocht le Ceardaíocht Thuaisceart Éireann agus le líonra comhpháirtithe straitéiseacha ar fud na hÉireann agus go hidirnáisiúnta
2013 Cheiliúr an CCÉ comóradh 50 bliain ó bunaíodh Ceardlanna Dearaidh Chill Chainnigh (KDW) agus déantar togra ag Fóram Eacnamaíoch Domhanda na hÉireann chun bliain a ainmniú d’fhonn dearadh na hÉireann a cheiliúradh agus a chur chun cinn 2014 Leasaíodh ainm thrádála an CCÉ go Comhairle Dhearaidh & Cheardaíochta na hÉireann (CDCÉ) tar éis di comhaontú leibhéal seirbhíse a shíniú le Fiontraíocht Éireann agus seoladh Dearadh na hÉireann 2015 (DnÉ2015) 2015 Thionóil an CCÉ an tionscnamh bliana DnÉ2015 a fuair tacaíocht ón Rialtas ina ndearnadh iniúchadh ar, inar cuireadh chun cinn agus inar ceiliúradh dearadh Éireannach ar fud na hÉireann agus go hidirnáisiúnta chun cruthú post a spreagadh, onnmhairí a fhás agus iomaíochas a mhéadú
87
2016 Mar thoradh ar staidéar ar an earnáil dearaidh a choimisiúnaigh mar chuid de DnÉ2015 d’fhoilsigh an Rialtais an 'Creat Beartais le haghaidh Dearaidh i bhFiontraíocht in Éirinn' tugadh sainordú don Rialtas oibriú le heagraíochtaí comhpháirtíochta chun straitéis dearaidh d'Éirinn a fhorbairt 2017 D’fhoilsigh CDCÉ An tOileán Dearaidh: Páipéar comhairliúcháin i dtreo Straitéis Náisiúnta Deartha, agus mar thoradh air seo, bunaíodh an chéad Fóram Dearaidh Náisiúnta in Éirinn atá faoi stiúir an Aire
Ár nGnó
≤ Thall Deiseal ón mbarr ar chlé:
Chomhairle Dhearaidh & CheardaÍochta na hÉireann
88
Nuair a chláraíonn dearthóirí agus déantóirí le CDCÉ, tugtar an deis dóibh leas a bhaint as go leor clár tacaíochta agus forbartha atá á gcur ar fáil ag CDCÉ. Faoi láthair tá ceithre leibhéal clárúcháin: déantóir-dearthóir gairmiúil; déantóirdearthóir leathghairmiúil; díograiseoir dearaidh/ceardaíochta; agus mac léinn. Déanann an Painéal Athbhreithnithe Clárúcháin measúnú ar iarratais ar chlárú CDCÉ gach trí mhí. DCCoI.ie/register
89
Ár nGnó
3.3
Forbhreathnú ar ár gCláir Thacaíochta agus Forbartha
Chomhairle Dhearaidh & CheardaÍochta na hÉireann
90
Réamhléiriú Showcase ag an Centre Culturel Irlandais, Páras Comharliúchán cliaint don chlár OPTIMISE Dearadh na hÉireann Narratives in Making ag an Gailearaí Náisiúnta Dearaidh & Ceardaíochta Spás Dearadh na hÉireann ag Showcase – Expo® Cruthaitheach na hÉireann Lustre,Taispeántas Ionad Sármhaitheasa sa Seodra & Órcheardaíocht CDCÉ
Cláir Nuálaíochta agus Forbartha Meantóirí Ceardaíochta, Dearaidh & Gnó Leis an gclár meantóireachta, tugtar tacaíocht shaincheaptha do ghnóthais cheardaíochta agus dearaidh ó raon saineolaithe i ndearadh, táirgeadh, gnó, margaíocht, brandáil agus saineolas teicniúil atá sonrach don cheardaíocht. Déantar meantóireacht a sheachadadh duine le duine nó i suíomhanna grúpa. Is féidir le cliantfhiontair chláraithe iarratas a dhéanamh ar mheantóireachta ar fud na bliana. Ceardlanna Forbartha Fiontair Sna Ceardlanna Forbartha Fiontair, cumhdaítear ábhair a d’aithin CDCÉ agus ár gcliaint gur ábhair iad a bhfuil baint acu leis an bhforbairt leanúnach d’fhiontair cheardaíochta agus dearaidh. Eagraíonn CDCÉ na ceardlanna seo, go minic i gcomhpháirtíocht le hOifigí Fiontair Áitiúla (LEOanna), agus déantar iad a fhógairt ar dhátaí agus amanna ar leith in áiteanna éagsúla in Éirinn. Pleananna Straitéiseacha le haghaidh Balleagraíochtaí Tá CDCÉ ina comhpháirtí le Business to Arts chun saineolas a thairiscint dár gCuallachtaí, Comhlachais, Líonraí agus Cumainn (CCLC) maidir le pleananna straitéiseacha a cheapadh chun cuidiú lena bhforbairt agus lena ngairmiúlacht leanúnach. Áirítear sa chlár seo ceardlanna, seisiúin comhairle, cuairteanna ar láithreáin agus athbhreithniú, anailís agus seachadadh ar ábhar pleananna gnó. FUSE Soláthraíonn Clinicí FUSE rochtain ar raon de meantóirí dearaidh agus gnó thar tréimhse de lá amháin nó de dhá lá. Déanann meantóirí measúnú ar agus tugann siad comhairle maidir le gnéithe éagsúla de tháirgí ceardaíochta agus dearaidh, lena n-áirítear marsantú, brandáil, táirgeadh, dearadh agus úsáid ábhar nuálach agus teicneolaíocht nuálacha. Leis na Clinicí FUSE ligtear do na cliaint nascadh lena chéile agus le meantóirí a aithníonn na céimeanna atá riachtanach chun fiontar ceardaíochta agus dearaidh a fhorbairt agus a fhás. Clár um Tógáil Fiontair Cheardaíochta agus Dearaidh i gComhpháirtíocht le hOifigí Fiontar Áitiúla (LEOnna) Is éard atá sa Chlár um Tógáil Fiontair Cheardaíochta agus Dearaidh, i gcomhpháirtíocht leis na LEOanna, ná pacáiste den scoth de thacaíocht shaincheaptha le haghaidh dearthóirí-déantóirí chun borradh a
chur faoina dtáirge sa mhargadh trí shraith de cheardlanna á treorú ag an dearadh. Le linn an chláir, tugann rannpháirtithe faoi thaighde margaidh agus cuairt taighde agus miondíola ar Londain, glacann siad páirt i gceardlanna atá dírithe ar dhearadh agus foghlaimíonn siad faoi bhrandáil, costais, cur chun cinn agus straitéisí chun bealaí margaidh atá ann cheana a leathnú. Scéim Tacaíochta Gréasáin Is féidir le balleagraíochtaí CDCÉ iarratas a dhéanamh ar thacaíocht airgeadais tríd an Scéim Tacaíochta Gréasáin (STG). Cuirtear maoiniú ar fáil ar bhonn bliantúil. Is féidir le daoine aonair foirm iarratais a chur isteach thar ceann a ngréasáin nó a gcomhlachais, agus ní mór do gach iarratasóir a bheith ábalta maoiniú meaitseála a sholáthar. (Ba chóir a thabhairt faoi deara gurb é seisear ar a laghad líon na gceardaithe a theastaíonn chun gréasán nó comhlachas a chruthú.)
91
Gailearaí Náisiúnta Dearaidh & Ceardaíochta Is é an Gailearaí Náisiúnta Dearaidh & Ceardaíochta an príomhionad i leith ceardaíochta agus dearaidh chomhaimseartha in Éirinn, lena spreagtar tuiscint, cruthaitheacht agus nuálaíocht trí thaispeántais, imeachtaí agus cláir oideachais. Tá ról ríthábhachtach ag an nGailearaí Náisiúnta Dearaidh agus Ceardaíochta maidir le tuiscint ar cheardaíocht, dearadh agus cultúr ábhartha a fhorbairt in Éirinn Léiríodh sna cláir, bíonn dearthóirí, ealaíontóirí agus déantóirí Éireannacha agus idirnáisiúnta atá chun tosaigh ar fud disciplíní éagsúla trí thaispeántais intí agus ar camchuairt. ndcg.ie Cláir um Fhorbairt Mhargaidh Showcase Tá Showcase – Expo® Cruthaitheach na hÉireann bunaithe anois mar an imeacht trádála is fearr do mhiondíoltóirí ón domhain ar fad chun teacht ar tháirgí dearaidh uathúla thar na réimsí faisin, seodra agus tí & bronntanais Ag croílár an taispeántais tá Dearadh na hÉireann, spás atá tiomanta do bhrandaí comhaimseartha na hÉireann a chur chun cinn arna roghnú ag giúiré neamhspleách as a gcuid cruthaitheachta, nuálaíochta agus ceardaíochta, agus tá na táirgí go léir sa réimse seo deartha agus déanta in Éirinn. Is comhpháirtíocht é Showcase idir CDCÉ agus Showcase Ireland Events Ltd. showcaseireland.com
Ár nGnó
≤ Thall Deiseal ón mbarr ar chlé:
Chomhairle Dhearaidh & CheardaÍochta na hÉireann
92
Is éard atá in OPTIMISE Dearadh na hÉireann, hÉireann, lena dtugtar cumhacht do chuideachtaÍÍ nuálacha chuideachta Éireannacha atá á dtreorú ag an dearadh chun feabhas a chur ar a gcuid láithreachta ar líne, barr feabhais a chur ar a gcumais dhigiteacha agus méadú a chur ar a gcuid díolacháin ríomhthráchtála domhanda tríd an tsaineolas is fearr ó na hearnálacha digiteacha, fiontraíochta agus dearaidh a thabhairt le chéile.
Dearadh na hÉireann Is branda é Dearadh na hÉireann atá tiomanta d'fhonn fairsingiú agus cáilíocht dearaidh agus ceardaíochta na hÉireann a chur chun cinn do lucht féachana domhanda agus Éireannach. Tá an t-aitheantas Dearadh na hÉireann le feiceáil ar thaispeántais CDCÉ, ag seónna trádála, ábhar pointí díola laistigh den stór agus i bhfeachtais chur chun cinn. Sa láithreán gréasáin a ghabhann leis, DesignIreland.ie, aimsítear agus roinntear smaointí, inspioráid agus eolas ar dhearthóirí cumasacha Éireannacha agus an áit ina bhféadfaidh a gcuid saothar a cheannach, cibé ar líne nó i siopaí liostaithe. DesignIreland.ie OPTIMISE Dearadh na hÉireann Is éard atá in OPTIMISE Dearadh na hÉireann, ná comhpháirtíocht idir IE Domain Registry (IEDR), CDCÉ agus líonra na hOifige Fiontair Áitiúla, lena dtugtar cumhacht do chuideachtaÍ nuálacha Éireannacha atá á dtreorú ag an dearadh chun feabhas a chur ar a gcuid láithreachta ar líne, barr feabhais a chur ar a gcumais dhigiteacha agus méadú a chur ar a gcuid díolacháin ríomhthráchtála domhanda tríd an tsaineolas is fearr ó na hearnálacha digiteacha, fiontraíochta agus dearaidh a thabhairt le chéile. Féadfaidh gach gnó a roghnaítear chun páirt a ghlacadh leas a bhaint as iniúchadh digiteach fairsing, seiceáil sláinte a láithreán gréasáin, sraith laethanta meantóireachta agus cruinniú leantach chun monatóireacht a dhéanamh ar athruithe agus ar fheabhsuithe. Deiseanna Díolacháin Dhírigh Tugann CDCÉ tacaíocht d’fhiontair dhearaidh agus cheardaíochta roghnaithe ag imeachtaí díol díreach agus déantar iad a chur chun cinn. Áirítear orthu sin seónna tábhachtacha atá ar oscailt don phobal, ar nós Bloom in the Park agus Gifted – An tAonach Ceardaíochta & Deartha Comhaimseartha. Féach ar DCCoI.ie/opportunities le haghaidh glaonna ábhartha. An Ciste Aontaigh Idirnáisiúnta Bunaíodh an Ciste Aontaigh Idirnáisiúnta chun cuidiú airgeadais a thabhairt do dhearthóirí agus do cheardaithe teacht ar phríomh-mhargaí onnmhairithe. Leis an gciste seo, soláthraítear maoiniú meaitseála teoranta d’aontaí trádála mórdhíola thar lear.
Eispéaras Stiúideo Cheardaíochta na hÉireann Le hEispéaras Stiúideo Cheardaíochta na hÉireann, léirítear roinnt de na heispéiris stiúideo is fearr atá ar fáil in Éirinn. Is iad na láithreáin atá léirithe ná stiúideonna ceardaíochta atá oscailte do chuairteoirí ar bhonn lánaimseartha nó i ndánlanna ceardaíochta agus i spásanna miondíola a thugann deis do chuairteoirí bualadh leis an déantóir nó idirghníomhú leis. D’fhonn liosta iomlán de na suíomhanna faofa a fháil chomh maith le faisnéis maidir le hiarratas a chur isteach ar mheasúnú don scéim, tabhair cuairt ar craftinireland.com/explore Oideachas, Oiliúint & Forbairt Cláir Oideachais agus For-rochtana Tá sé mar aidhm ag na cláir oideachais agus for-rochtana feasacht an phobail a fhorbairt maidir le meáin agus teicnící ceardaíochta agus leis an bpróiseas dearaidh trí cheardlanna le déantóirí gairmiúla, suiteálacha ceardaíochta, taispeántais a dhéanamh, cainteanna agus fóraim phlé. Is minic a bhíonn cláir fhor-rochtana mar chuid de láithreacht CDCÉ ag imeachtaí náisiúnta nó déantar iad a cheapadh mar thionscadail chun naisc a dhéanamh le grúpaí sonracha. CRAFTed Leis an gclár CRAFTed de chuid CDCÉ, tugtar deis iontach do leanaí Bunscoile agus múinteoirí chun a gcuid cruthaitheachta a iniúchadh agus scileanna nua a fhoghlaim trína bheith ag obair le dearthóirí gairmiúla agus ceardaithe. Cuirtear oiliúint chomhoibríoch ar fáil chomh maith le rochtain ar cheardaithe ardoilte agus tugtar an deis do mhúinteoirí agus do scoláirí ábhair nua a iniúchadh, ar nós cré, prionta, fabraic agus snáithín, mar aon le tógáil mhiotail, adhmaid agus adhmad sailí.
designED Is tionscnamh taighde gníomhaíochta sa seomra ealaíne agus ceardaíochta é designED le haghaidh daltaí meánscoile agus a múinteoirí ar fud na hÉireann. Le designED spreagtar scileanna comhoibritheacha agus réiteach fadhbanna. Comhlánaíonn sé foghlaim curaclaim sna hamharcealaíona trí chumadóireacht shamhlaíoch, dearadh agus ceardaíocht a fheabhsú, agus is cur chuige taitneamhach atá ann maidir le ceardaíocht. Soláthraíonn designED sparánachtaí maoiniúcháin chun ligean do Bhunscoileanna páirt a ghlacadh i dtionscadail chruthaitheacha le ceardaithe gairmiúla agus le déantóirídearthóirí i dtimpeallacht an tseomra ranga. Is fiontar comhoibritheach é designED agus i 2017 bhí sé mar chuid d'anailís bunaithe ar thaighde le comhpháirtithe in IT Ceatharlach. Déantóirí na Todchaí Le clár Dámhachtainí agus Tacaíochtaí Déantóirí na Todhchaí de chuid CDCÉ tugtar luach saothair don chéad ghlúin eile de dhéantóirí cruthaitheacha, trí thacaíocht a thabhairt do ghairm iontach a fhorbairt sa tionscal ceardaíochta agus dearaidh. Tríd an gclár, tugtar maoiniú do thaighde, oiliúint, cónaitheachtaí, taispeántais, forbairt stiúideo agus a thuilleadh. futuremakers.ie Lárionad Sármhaitheasa San Ionad Sármhaitheasa um Sheodra agus Órcheardaíocht, is é an speisialtóireacht atá ann ná an traidisiún maidir lena bheith ag obair le miotail agus geamchlocha luachmhara, lena dtugtar na scileanna praiticiúla do chéimithe atá ag teastáil uathu chun gairmeacha a fhorbairt sa tionscal seodra in Éirinn agus go hidirnáisiúnta. Cuirtear dianchlár dhá bhliain ar fáil agus tá sé suite i gceanncheathrú CDCÉi gCill Chainnigh. jewellerycourse.ie Tá an tIonad Sármhaitheasa sa Cheirmeacht suite ag Muileann an Oileáin, Baile Mhic Andáin, Contae Chill Chainnigh. Seachadtar dianchlár bunaithe ar scileanna ar feadh dhá bhliain, agus tá clú agus cáil bainte amach aige sa tionscal go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta araon. ceramicscourse.ie Is é fís CDCÉ oibriú le heagraíochtaí comhpháirtíochta d’fhonn Ionaid Sármhaitheasa a fhorbairt i ndisciplíní tábhachtacha eile chun a chinntiú go gcomhlíontar riachtanais an tionscail trí oiliúint speisialaithe agus go mbíonn rochtain ar shaoráidí.
93
Ár nGnó
PORTFOLIO Oibríonn PORTFOLIO go gníomhach chun clú agus féidearthachtaí na gceardaithe agus na ndearthóirí comhaimseartha atá ag iarraidh a gcuid láithreachta sa mhargadh gailearaí agus bailitheora a fhorbairt. Tá na moltóirí don chlár cáiliúil seo comhdhéanta de shaineolaithe Éireannacha agus idirnáisiúnta agus roghnaíonn siad saothar bunaithe ar ardchaighdeán cáilíochta agus scileanna teicniúla dearaidh. Faoi láthair, in PORTFOLIO léirítear saothar comhaimseartha le níos mó ná 130 dearthóir-déantóir is cáiliúla in Éireann. DCCoI.ie/portfolio
Chomhairle Dhearaidh & CheardaÍochta na hÉireann
94
Tugtar leis an eolas sa rannóg seo achoimre ar dhlúthbhaint na mballeagras, na gcliant, na gcomhpháirtithe I gcláir agus imeachtaí CDCÉ le linn 2017.
95
Ár nGnó
3.4
Eochair-Staitisticí Cláir 2017
Forbairt Mhargaidh: Cliaint a ghlac páirt i Showcase – Ireland’s Creative Expo® 251 Cliaint Dhearadh na hÉireann ag Showcase 77 Ceannaitheoirí a d’fhreastail ar Showcase 5,108 Líon na miondíoltóirí in Éirinn arna dtacú ag CDCÉ (lena n-áirítear ar líne) Cliaint a fuair tacaíocht trí fheachtais tomhaltóra
175 400+
Fiontair ag glacadh páirt i gclár OPTIMISE Dearadh na hÉireann 40 Déantóirí a fuair tacaíocht tríd an International Fair Fund
11
Imeachtaí díolacháin dhírí suaitheanta le príomh-láithreacht i leith ceardaíochta agus dearaidh na hÉireann
2
Cliaint chláraithe a ghlac páirt i Gifted- An tAonach Ceardaíochta & Deartha Comhaimseartha (dá dtugtar an tAonad Náisiúnta Ceardaíochta & Deartha roimhe seo)
174
Cliaint chláraithe le taispeántais ag Bloom in the Park
26
Cliaint chláraithe le taispeántais i nDearadh na hÉireann ag NY NOW®
96
7
Suíomhanna a áirítear sa chlár Eispéireas StiuÍdeo CeardaÍochta na hÉireann 91 Déantóirí a léiríodh i PORTFOLIO: Critical Selection 2017-2018 28 Déantóirí a léiríodh i gclár foriomlán PORTFOLIO overall programme (Critical Selection plus wider programme)
140
Gailearaí Náisiúnta Dearaidh & Ceardaíochta: Taispeántais san áireamh sa chlár 2017 (Cill Chainnigh agus camchuairt) Dearthóirí agus déantóirí a bhí páirteach sa chlár taispeántais
167
Líon na gcuairteoirí ar thaispeántais an Ghailearaí Náisiúnta Dearaidh agus Ceardaíochta
56,498
Líon na gcuairteoirí ar taispeántais (Cill Chainnigh agus camchuairt)
68,450
Líon na bhFaighteoirí de Chiste na dTaispeántas Seachtrach
Chomhairle Dhearaidh & CheardaÍochta na hÉireann
6
6
Cláir Nuálaíochta & Forbartha: Líon iomlán na gceardlann fiontraíochta agus nuálaíochta (gan seisiúin mheantóireachta duine-le-duine san áireamh) a sheachadadh
48
Líon na bhfiontar cliaint a ghlac páirt i gceardlanna fiontraíochta agus nuálaíochta
36
Rannpháirtithe a ghlac páirt i gceardlanna FUSE
15
Rannpháirtithe a ghlac páirt i gCeardlann Easpórtála Idirghníomhaí 42 Cliaint a ghlac páirt i scéimeanna meantóireachta CDCÉ
65
Líon na gceardlann um Tógáil Fiontair Cheardaíochta agus Dearaidh a sheachadadh 40 Líon iomlán na rannpháirtithe ar an gclár um Tógáil Fiontair Cheardaíochta agus Dearaidh 57 Rannpháirtithe Dearadh na hÉireann a fuair meantóireacht
96
Taispeántóirí Showcase a fuair meantóireacht mharsantaithe
63
Rannpháirtithe ar chláir easpórtála
15
Líon na n-iarratas ar chistiú Eorpach a seoladh ar aghaidh
1
Oideachas, Oiliúint & Forbairt Ionaid Oideachais Réigiúnda a bhí ina gcomhpháirtí le CDCÉ le haghaidh CRAFTed a sheachadadh
15
Bunscoileanna Aonair a ghlac páirt sa chlár CRAFTed
68
Daltaí a ghlac páirt sa chlár CRAFTed
2,070
Ceardaithe a ghlac páirt sa chlár CRAFTed
64
Múinteoirí a ghlac páirt sa chlár CRAFTed
68
Múinteoirí a ghlac páirt i gceardlanna CPD bunaithe ar CRAFTed
160
Cúrsaí Scileanna CDCÉ leabaithe le caighdeáin L7 bainte amach
2
Mic léinn agus an pobal i gcoitinne a ghlac páirt i gcláir for-rochtana
10,926
Balleagraíochtaí & Seirbhísí Cliant Líon iomlán na mBalleagraíochtaí
59
Cruinnithe CCLC arna n-óstáil ag CDCÉ
2
Cliaint ag baint leasa as maoiniú na Scéime Tacaíochta Líonra
24
Líon na rannpháirtithe i dtaispeántais GANS
47
Déantóirí a léiríodh ag Gifted – an tAonach Ceardaíochta & Deartha Comhaimseartha (dá dtugtar an tAonad Náisiúnta Ceardaíochta & Deartha roimhe seo)
6
Déantóirí a léiríodh ag Bloom in the Park
6
CCLC a léiríodh ag Cruinniú na Cásca
3
Líon na bhfiontar cliaint cláraithe
97
3,094
Gnóthaí Poiblí & Cumarsáid €4.5M
Ár nGnó
Coibhéis Luach Fógraíochta clúdach na meán do na gníomhaíochtaí go léir
Chomhairle Dhearaidh & CheardaÍochta na hÉireann
Íomhá: Obair Leathair – De Bruir
98
99
Chomhairle Dhearaidh & CheardaÍochta na hÉireann
100
Is cuideachta atá faoi theorainn ráthaíochta gan scairchaipiteal í CDCÉ. Rialaítear í lena Meabhrán Comhlachais agus lena Airteagail Chomhlachais agus feidhmíonn sí faoi choimirce an Aire Gnó, Fiontair & Nuálaíochta. 101
Ár Rialachas
4.1
Nuashonrú ar Rialachas Corparáideach
Chomhairle Dhearaidh & CheardaÍochta na hÉireann
Íomhá: Éadaí Cniotáilte – Carraig Donn
102
Lean Bord CDCÉ ar aghaidh ag cur béime láidre ar rialachas corparáideach i rith 2017 chun a chinntiú go bhfeidhmíonn a caighdeáin rialachais chorparáidigh go dtí an leibhéal is airde. Forbraíodh plean iniúchta inmheánaigh bhliain lena gcumhdaítear forbairt agus cur i bhfeidhm straitéiseach, comhlíonadh rialachais chorparáidigh, creataí bainistíochta riosca agus athbhreithnithe ar rialú inmheánach. Reáchtáladh Ionduchtú do bhaill nua an Bhoird CDCÉ i gCill Chainnigh an 28 Iúil, 2017 roimh an chéad chruinniú de chomhaltaí nua an Bhoird. Tugadh eolas do chomhaltaí nua maidir leis na freagrachtaí atá acu agus iad ina gcomhalta den Bhord agus eolas maidir le saincheisteanna ábhartha eile chomh maith. Ina theannta sin, thug na comhaltaí Boird go léir faoi oiliúint rialachais chorparáidigh, chomh maith, i Meán Fómhair 2017.
Ár gComhlíonadh Tá CDCÉ tiomanta do chomhlíonadh lena chuid freagrachtaí mar chomhlacht arna maoiniú ag an Rialtas. Tá ár gcaiteachas i gcomhréir leis an gCód Caiteachais Phoiblí ina leagtar amach na hoibleagáidí atá ag comhlachtaí poiblí maidir le cistí poiblí a chóireáil le cúram, agus a chinntiú go bhfuarthas an luach ar airgead is fearr agus is féidir nuair a chaitear nó a infheistítear airgead poiblí. Táimid tiomanta freisin dár n-oibleagáidí reatha a chomhlíonadh faoin gCód Cleachtais chun Comhlachtaí Stáit a Rialú, 2016; an tAcht um Eitic in Oifigí Poiblí, 1995; an tAcht um Shaoráil Faisnéise, 2014; agus Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003. Chuireamar tús le pleanáil i rith 2017 chun ár n-oibleagáidí faoin Rialachán Ginearálta um Chosaint Sonraí (GDPR) a thuiscint agus a chomhlíonadh. Tá CDCÉ tiomanta freisin d'fheabhas a chur ar éifeachtacht fuinnimh, i gcomhréir lenár n-oibleagáidí faoin bPlean Gníomhaíochta Náisiúnta um Éifeachtúlacht Fuinnimh (NEEAP), Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Éifeachtúlacht Fuinnimh na Críochúsáide agus Seirbhísí Fuinnimh) 2009, agus IR 426 de 2014. Tá an Bord freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar an straitéis agus polasaithe ginearálta don eagraíocht. Tá sé freagrach as na córais rialaithe airgeadais inmheánaigh sa chuideachta agus chun a chinntiú go bhfuil próisis agus nósanna imeachta i bhfeidhm ag an gcuideachta d’fhonn a chinntiú go bhfuil na córais ag feidhmiú go héifeachtach. Comhlíonann sé na feidhmeanna seo go díreach agus trí choistí sonracha an Bhoird de réir théarmaí tagartha faofa. Is an Bord amháin a dhéanann cinneadh ar sceideal foirmiúil d’ábhair de réir dea-chleachtas. Tá an Fhoireann Bainistíochta Feidhmiúcháin CDCÉ freagrach as cur i bhfeidhm an bheartais. Cuireann an Bord an leibhéal cuí de scileanna agus taithí ar fáil chun tacú le straitéis CDCÉ.
103
Ár Rialachas
Ár mBord Tá an Bord freagrach as rialachas na cuideachta i gcomhréir le dea-chleachtas agus as cloí le hoibleagáidí na cuideachta arna leagan amach sa Chód Cleachtais chun Comhlachtaí Stáit a Rialú. Ceanglaítear ar CDCÉ comhlíonadh le forálacha an Chóid a mhéid agus is infheidhme maidir le struchtúr agus nádúr na cuideachta.
Ceapaithe an Aire
104
Breege O’Donoghue Chair
Andrew Bradley 1
Patrick Hughes 2
Stephen Hughes
Dermott Rowan 2
Toby Scott 1
Fiona Deegan 3
Martina Hamilton 4
Michael Hanley 4
Sonya Lennon 4
Mairéad McCorley 3
John C. O'Connor 5
Mary Palmer
Ray Power
Chomhairle Dhearaidh & CheardaÍochta na hÉireann
Ionadaithe Tofa
1 ceaptha ar an 3 Iúil 2 ar scor an 4 Márta 3 tofa ar an 14 Meitheamh 4 ar scor an 14 Meitheamh 5 atofa 14 Meitheamh
Rachel Quinn
Elaine Riordan 5
Edmund Shanahan 3
4.2 Ár gComhaltaí Boird
Tinrimh an Bhoird
Ceapaithe an Aire Breege O’Donoghue (Cathaoirleach)
Tugtar sa tábla thíos achoimre ar thinrimh Stiúrthóirí ag cruinnithe Boird a raibh siad cáilithe le freastal orthu i rith na bliana a chríochnaigh ar an 31 Nollaig 2017.
Andrew Bradley 1
Reáchtáladh seacht gcruinniú Boird in 2017:
Patrick Hughes 2 Dermott Rowan 2 Toby Scott 1 Ionadaithe Tofa
Stiúrthóir Cruinnithe Boird Ar fhreastail sé/sí orthu / a raibh sé/sí cáilithe le freastal orthu Breege O’Donoghue
7/7
Fiona Deegan 3
Andrew Bradley
3/3
Martina Hamilton 4
Fiona Deegan
2/3
Michael Hanley 4
Martina Hamilton
3/4
Sonya Lennon 4
Michael Hanley
4/4
Mairéad McCorley 3
Patrick Hughes
1/1
John C. O’Connor 5
Stephen Hughes
7/7
Mary Palmer
Sonya Lennon
3/4
Ray Power
Mairéad McCorley
3/3
Rachel Quinn
John C. O’Connor
6/7
Elaine Riordan 5
Mary Palmer
7/7
Edmund Shanahan 3
Ray Power
7/7
Rachel Quinn
3/7
2 ar scor an 4 Márta
Elaine Riordan
7/7
3 tofa ar an 14 Meitheamh
Dermott Rowan
1/1
1 ceaptha ar an 3 Iúil
4 ar scor an 14 Meitheamh 5 atofa 14 Meitheamh
Toby Scott
3/3
Edmund Shanahan
3/3
Bhí baill den bhoird rannpháirteach i roinnt coistí agus fochoistí freisin: D’fhreastail Fiona Deegan, Stephen Hughes agus John C. O’Connor ar an gCoiste Airgeadais agus Iniúchta; Ray Power agus Elaine Riordan ar an gCoiste Ainmniúchán; Toby Scott, Andrew Bradley agus Edmund Shanahan ar Fhochoiste Fhóram Dearaidh Náisiúnta DCCoI.
105
Ár Rialachas
Stephen Hughes
4.3 Ár bhFoireann Karen Hennessy Príomhfheidhmeannach Tanya Jones Cúntóir Feidhmiúcháin don POF agus Oifigeach Feidhmiúcháin Beartais & Prótacail
Gailearaí Náisiúnta Dearaidh & Ceardaíochta Susan Holland55 Coimeádaí Taispeántais & Cláir Brian Byrne Comhordaitheoir Gailearaí Gnóthaí Poiblí & Cumarsáid
Oideachas, Oiliúint & Forbairt John Tynan Ceann Oideachais, Oiliúna & Forbartha Fiona Byrne 11 Bainisteoir Oideachais Eimear Conyard Bainisteoir an Chúrsa Scileanna & Dearaidh Seodra Susan Holland22 Oifigeach Oideachais & Rannpháirtíochta
106
Gus Mabelson (Conraitheoir Neamhspleách) Bainisteoir an Chúrsa Scileanna & Dearaidh Ceirmeachta Caroline Ryan33 Oifigeach Oideachais & For-Rochtana Amanda Walsh Education, Riarthóir Oideachais, Oiliúna & Forbartha
Susan Brindley Ceann na nGnóthaí Poiblí & Cumarsáide Ciara Gannon Oifigeach Cumarsáide Deirdre O’Reilly Bainisteoir Cumarsáide Oibríochtaí Mary Blanchfield Ceann Oibríochtaí agus Rúnaí na Cuideachta Julie Jackman Cúntóir Airgeadais Nuala McGrath Bainisteoir Acmhainní Daonna & Seirbhísí Corparáideacha Nótaí
Cláir Nuálaíochta & Forbartha Louise Allen Ceann na gClár Nuálaíochta & Forbartha
Chomhairle Dhearaidh & CheardaÍochta na hÉireann
Emer Ferran Bainisteoir an Chláir Forbartha Gnó Mary Rhatigan44 Riarthóir Seirbhísí Cliant Mary Whelan Oifigeach Idirchaidrimh Cliant Forbairt Mhargaidh Brian McGee Stiúrthóir Forbartha Margaidh Nicola Doran Bainisteoir an Chláir Mhiondíola Mary Dunne Oifigeach um Fhorbairt Mhargaidh Ciara Garvey Bainisteoir Forbartha, na gClár Bailitheora agus Turasóireachta Emma McGrath Bainisteoir na Forbartha Trádála
1 ón 3 Iúil 2 suas go dtí 22 Eanáir 3 ón 10 Lúnasa 4 páirtaimseartha 5 ón 23 Eanáir Ba mhaith le CDCÉ aitheantas a thabhairt freisin don ranníocaíocht luachmhar de chuid: Marie Wilgaard Kelly, teicneoir sa seodra; Klaus Hartmann, teicneoir sa cheirmeacht; Carrie Lynam, Comhordaitheoir Náisiúnta do CRAFTed agus Polly Minett, Comhordaitheoir CPD & Tionscadail Thaighde do CRAFTed, chomh maith leis na conraitheoirí agus oibrithe deonacha gearrthéarmacha a chabhraigh le himeachtaí agus gníomhaíochtaí CDCÉ.
4.4 Ár mBalleagraíochtaí
26 Balleagraíocht – de réir an Disciplín Blackstack Studios
Is Cuideachta faoi Theorainn Ráthaíochta í Comhairle Cheardaíochta na hÉireann, ag trádáil mar Chomhairle Dhearaidh & Cheardaíochta na hÉireann. Cuimsítear balleagraíochtaí agus institiúidí a roinneann aidhmeanna agus cuspóirí CDCÉ agus tá siad páirteach i gceardaíocht agus dearadh comhaimseartha agus traidisiúnta a chur chun cinn. Áirítear ar bhaill na cuideachta: Síntiúsóir ar an Meabhrán Comhlachais (ar a dtugtar baill bunaitheoirí) Cuallachtaí, Comhlachais, Líonraí agus Cumainn (CCLC) neamhchorpraithe, a admhaíonn an Bord lena gcuid ballraíochta Comhlachtaí corparáideacha a admhaíonn an Bord lena gcuid ballraíochta 4 Ball Bunaitheora Patsy Duignan (RIP) Mary V. Mullin
Ceramics Ireland Contemporary Tapestry Artists (CTA) Council of Irish Fashion Designers Design Island – The Cream of Irish Design Feltmakers Ireland Filament Fibre Artists Federation of Jewellery Manufacturers in Ireland (FJMI) Glass Society of Ireland Guild of Irish Lacemakers Handweavers Guild of Cork Institute of Designers in Ireland (IDI) Irish Artist Blacksmiths Association (IABA) Irish Basketmakers Association (IBA)
107
Irish Guild of Embroiderers Irish Guild of Weavers, Spinners and Dyers Irish Patchwork Society
Blanaid Reddin
Irish Society of Stage and Screen Designers (ISSSD)
Betty Searson
Irish Woodturners’ Guild Mountmellick Development Association Ltd.*
12 Ball Corparáideacha Crawford College of Art and Design Fire Station Artist Studios Irish Countrywomen’s Association Limerick School of Art and Design Na Píobairí Uilleann National College of Art and Design New Ross Needlecraft Limited (The Ros Tapestry) National University of Ireland, Maynooth Royal Dublin Society School of Art, Design & Printing at Dublin Institute of Technology St. Angela’s College University of Ulster
Peannairí Print Block Society of Cork Potters Textile Collective* The Quilters Guild of Ireland Traditional Lace Makers of Ireland *Balleagraíocht a chuaigh isteach i CDCÉ i 2017
Ár Rialachas
I dteannta na ceathrear Ball Bunaitheora, le haghaidh na bliana 2017 bhí 12 Ball Corparáideacha ag an CDCÉ, 26 Balleagraíocht de réir an Disciplín agus 21 Balleagraíocht de réir Réigiún.
21 Balleagraíocht – de réir Réigiúin Cumann na LEOanna Bridge Street Studios Ceardlann, Spiddal Craft & Design Studios Clare Crafts Cork Craft & Design (CAD) Cork Textile Network Group Craft & Design Collective (Space Craft) Craft Granary Donegal Designer Makers FORM Designmade In Carlow Louth Craftmark Designers Network MADE in Kilkenny Made in Sligo Made in Westmeath
108
Offaly Crafty Original Kerry South Wexford Craft Network The Design Tower The Leitrim Design House West Cork Arts Centre
Chomhairle Dhearaidh & CheardaÍochta na hÉireann
West Cork Craft & Design Guild
4.5 Ár gCoistí An Coiste Iniúchta & Airgeadais
Fochoiste um Fhorbairth Straitéise** Breege O’Donoghue Cathaoirleach an Fhochoiste
Michael Hanley Cathaoirleach an Choiste 1
Michael Hanley
Fiona Deegan Cathaoirleach an Choiste 2
Stephen Hughes
Patrick Hughes 3
Sonya Lennon
John C. O’Connor 2
John C. O’Connor
Stephen Hughes
Ray Power
Mary Blanchfield*
Martina Hamilton Karen Hennessy*
Coiste Ainmniúchán
Brian McGee*
Ray Power Cathaoirleach an Choiste
Susan Brindley*
Elaine Riordan
Mary Blanchfield*
Martina Hamilton 1 Karen Hennessy* Louise Allen*
An Bord dár gCuideachta Comhfhiontair Showcase Ireland Events Ltd.
109
Karen Hennessy Cathaoirleach agus Rúnaí Cuideachta
Fochoiste Fóraim Náisiúnta um Dearaidh
Tony Donegan
Toby Scott Cathaoirleach an Fhochoiste
Gerry Murphy
Andrew Bradley
Brian McGee
Edmund Shanahan Eugene Forde 4
*Bhí Feidhmeannach i láthair
Karen Hennessy*
**Rinneadh an Fo-choiste a dhíscaoileadh i ndiaidh gur foilsíodh Straitéis CDCÉ 20172020 an 14 Meitheamh, 2017 1 an scor 14 Meitheamh 2 ó 19 Meán Fómhair 4 Príomhoisigeach, DBEI
Ár Rialachas
3 an scor 4 Márta
Chomhairle Dhearaidh & CheardaÍochta na hÉireann
Íomhá: Priontáil – Print Block
110
111
Chomhairle Dhearaidh & CheardaÍochta na hÉireann
112
5
Ráitis Airgeadais
Airgeadais don bhliain dar crÍoch 31 Nollaig 2017 Comhairle CheardaÍochta na hÉireann Faoi theorainn RáthaÍochta t/a Comhairle Dhearaidh agus CheardaÍochta na hÉireann
Faisnéis faoin gCuideachta Tuarascáil na Stiúrthóirí Tuarascáil na nIniúchóirí Neamhspleácha Cuntas Ioncaim agus Caiteachais Ráiteas maidir leis an Ioncam Cuimsitheach Clár Comhardaithe Ráiteas maidir le hAthruithe ar Chothromas Ráiteas maidir le Sreafaí Airgid Nótaí leis na Ráitis Airgeadais
115 117 121 124 125 126 127 128 129
Níl na leathanaigh seo a leanas ina gcuid de na ráitis airgeadais reachtúla:
113
141 142
Ráitis Airgeadais
Cuntas Mionsonraithe Brabúis agus Caillteanais agus Achoimrí Sceideal leis na Ráitis Airgeadais
Íomhá: Gaibhneacht Óir – Ionad Sármhaitheasa sa Seodra & Órcheardaíocht CDCÉ
Chomhairle Dhearaidh & CheardaÍochta na hÉireann
114
Faisnéis Faoin gCuideachta
StiúrthÓirÍ Andrew Bradley Fiona Deegan Stephen Hughes Mairéad McCorley John C O’Connor Breege O’Donoghue (Cathaoirleach)
Mary Palmer Ray Power Rachel Quinn Elaine Riordan Toby Scott Edmund Shanahan
RúnaÍ na Cuideachta
Oifig Chláraithe
Mary Blanchfield
Clós an Chaisleáin, Chill Chainnigh
Uimhir Chláraithe
115
56542
IniúchÓirÍ Neamhspleácha Crowe Horwath Bastow Charleton Cuntasóirí Cairte agus Gnólacht Iniúchóireachta Reachtúla Teach na Mara Cúirt Chlann Liam Baile Átha Cliath 2 BaincéirÍ Bainc Aontas Éireann cpt Ionad na mBanc Droichead na Dothra Baile Átha Cliath 4 Banc na hÉireann Sráid na Parlaiminte Chill Chainnigh
Aturnaetha Beauchamps Cois Abhainn a Dó Cé Sir John Rogerson Baile Átha Cliath 2
Bainc Aontas Éireann St Helens, 1 Undershaft Londain EC3A 8AB
Ráitis Airgeadais
5.1
Chomhairle Dhearaidh & CheardaÍochta na hÉireann
116
Tuarascáil na Stiúrthóirí Don bhliain dar crÍoch 31 Nollaig 2017
Cuireann na stiúrthóirí a dtuarascáil bhliantúil agus na ráitis airgeadais iniúchta i láthair don bhliain dar críoch 31 Nollaig 2017. Ráiteas Maidir le FreagrachtaÍ na StiúrthÓirÍ Tá na stiúrthóirí freagrach as Tuarascáil na Stiúrthóirí agus na ráitis airgeadais a ullmhú de réir dlí agus rialacháin na hÉireann. Le dlí cuideachtaí na hÉireann, ceanglaítear ar na stiúrthóirí na ráitis airgeadais a ullmhú do gach bliain airgeadais, ina dtugtar léargas fíor agus cothrom ar staid chúrsaí na Cuideachta. Faoin dlí, thogh na stiúrthóirí na ráitis airgeadais a ullmhú de réir Chleachtais Chuntasaíochta a nGlactar go Ginearálta leo in Éirinn, lena n-áirítear Caighdeán Tuairiscithe Airgeadais 102 'An Caighdeán Tuairiscithe Airgeadais is infheidhme sa Ríocht Aontaithe agus i bPoblacht na hÉireann' agus arna fhógairt ag Institiúid na gCuntasóirí Cairte in Éirinn agus le dlí na hÉireann. Faoi dhlí cuideachtaí, níl cead ag na stiúrthóirí na ráitis airgeadais a faomhadh mura bhfuil siad sásta go dtugtar léargas fíor agus cothrom iontu maidir le sócmhainní, dliteanais agus staid airgeadais na Cuideachta amhail dáta deireadh na bliana airgeadais, agus maidir le brabús nó caillteanasna Cuideachta don bhliain airgeadais sin agus go gcloíonn siad le hAcht na gCuideachtaí 2014.
117
Agus atá na ráitis airgeadais sin á n-ullmhú acu, ceanglaítear ar na stiúrthóirí: — beartais chuntasaíochta chuí a roghnú agus iad a chur i bhfeidhm go comhsheasmhach ina dhiaidh sin; — breithiúnais agus meastacháin chuntasaíochta atá réasúnta agus stuama a dhéanamh; — luaigh cibé an ullmhaíodh na ráitis airgeadais nó nach ullmhaíodh iad de réir na gcaighdeán cuntasaíochta is infheidhme, na caighdeáin sin a aithint, agus aird a thabhairt ar an éifeacht agus na cúiseanna atá le haon imeacht ábhartha ó na caighdeáin sin; agus — na ráitis airgeadais a ullmhú ar bhonn gnóthais leantaigh mura bhfuil sé míchuí glacadh leis go leanfaidh an Chuideachta i mbun gnó. Deimhníonn na stiúrthóirí gur chomhlíon siad na ceanglais thuasluaite agus a bhí na ráitis airgeadais á n-ullmhú acu. Tá na stiúrthóirí freagrach as a chinntiú go gcoimeádann an Chuideachta taifid chuntasaíochta cuí, nó go mbíonn sí mar chúis leo a choimeád, ina dtugtar míniú agus taifead ceart maidir le hidirbheart na Cuideachta, a chumasú go mbeifear ábálta tráth ar bith sócmhainní, dliteanais, staid airgeadais agus brabús nó caillteanas na Cuideachta a dhearbhú go réasúnta cruinn, agus a chinntiú go gcomhlíonann na ráitis airgeadais agus Tuarascáil na Stiúrthóirí le hAcht na gCuideachtaí 2014 agus go mbeifear ábalta na ráitis airgeadais a iniúchadh. Tá siad freagrach freisin as sócmhainní na Cuideachta a chosaint, agus dá bhrí sin chun bearta réasúnta a ghlacadh chun calaois agus neamhrialtachtaí eile a chosc agus a bhrath. Tá na stiúrthóirí freagrach as cothabháil agus ionracas na faisnéise corparáidí agus airgeadais atá le fáil ar shuíomh Gréasáin na Cuideachta. D'fhéadfadh reachtaíocht i bPoblacht na hÉireann, lena rialaítear ullmhú agus scaipeadh na ráiteas airgeadais a bheith difriúil ó reachtaíocht i ndlínsí eile.
Ráitis Airgeadais
5.2
5.2 lean.
Tuarascáil na Stiúrthóirí Don bhliain dar crÍoch 31 Nollaig 2017
PrÍomhghnÍomhaoÍchtai Is é Comhairle Cheardaíochta na hÉireann faoi Theorainn Ráthaíochta, a bhfuil a gceanncheathrú i gCill Chainnigh, an ghníomhaireacht náisiúnta d'fhorbairt tráchtála na dearthóirí agus na ndéantóirí Éireannacha, do nuálaíocht a spreagadh, do smaointeoireacht dhearaidh a chur chun cinn agus d’fhaisnéis a thabhairt do bheartas an Rialtais. Tá gníomhaíochtaí Chomhairle Cheardaíochta na hÉireann faoi Theorainn Ráthaíochta maoinithe ag an Roinn Gnó, Fiontar agus Nuálaíochta trí Fhiontraíocht Éireann. Athbhreithniú GnÓ Tá na stiúrthóirí sásta le feidhmíocht na cuideachta i gcaitheamh na bliana.
118
Ag deireadh na bliana bhí sócmhainní de luach €571,886 (2016: €504,344) agus dliteanais de luach €330,366 (2016: €340,631) ag an gcuideachta. Tháinig méadú de €77,807 ar ghlansócmhainní na cuideachta (2016: méadú de €53,392) agus tá na stiúrthóirí sásta leis an leibhéal de chúlchistí coinnithe ag deireadh na bliana. TorthaÍ agus DÍbhinnÍ B'ionann an barrachas don bhliain, tar éis cánachais agus €80,937 (2016 – €73,555) . Ní mholann na stiúrthóirí dearbhú díbhinne Aistríodh an barrachas de €80,937 chuig an gCúlchiste Ioncaim agus Caiteachais agus laghdaíodh an Cúlchiste Caipitil de €3,130.
Chomhairle Dhearaidh & CheardaÍochta na hÉireann
Taifid ChuntasaÍochta Is iad na bearta a ghlacann na stiúrthóirí chun a chinntiú go gcomhlíontar leis na ceanglais Ailt 281 go 285 d'Acht na gCuideachtaí 2014 maidir le taifid chuntasaíochta a choinneáil, bearta atá faoi chúram pearsanra cuntasaíochta a bhfuil cáilíochtaí cuí acu chomh maith le cothabháil na gcóras cuntasaíochta ríomhairithe. Coimeádtar taifid chuntasaíochta na cuideachta ag oifig chláraithe na cuideachta ag Clós an Chaisleáin, Cill Chainnigh. ForbairtÍ don TodhchaÍ Níor tháinig aon athrú ar phríomhghníomhaíochtaí na cuideachta, agus measann na stiúrthóirí go mbeadh baint ag aon fhorbairtí amach anseo leis na gníomhaíochtaí sin. StiúrthÓirÍ Ba iad seo a leanas na stiúrthóirí a d’fhreastail i rith na bliana: — Andrew Bradley 1 — Fiona Deegan 3 — Martina Hamilton 4 — Michael Hanley 4 — Patrick Hughes 2 — Stephen Hughes — Sonya Lennon 4 — Mairéad McCorley 3 — John C O’Connor 5 — Breege O’Donoghue (Cathaoirleach) — Mary Palmer
— Ray Power — Rachel Quinn — Elaine Riordan 5 — Dermott Rowan 2 — Toby Scott 1 — Edmund Shanahan 3 1 ceaptha ar an 3 Iúil 2 ar scor an 4 Márta 3 tofa ar an 14 Meitheamh 4 ar scor an 14 Meitheamh 5 atofa 14 Meitheamh
Tuarascáil na Stiúrthóirí Don bhliain dar crÍoch 31 Nollaig 2017
CuspÓirÍ agus Beartais Maidir le BainistÍochta Riosca Airgeadais Tá nósanna imeachta buiséadacha agus tuairiscithe airgeadais ag an gcuideachta, le tacaíocht ó tháscairí príomhfheidhmíochta cuí, d’fhonn creidmheas, leachtacht agus riosca airgeadais eile a bhainistiú. Déantar monatóireacht ar na príomhfhigiúirí airgeadais go léir ar bhonn leanúnach. Ráiteas Maidir le Faisnéis Iniúchta Ábhartha Deimhnigh gach duine de na stiúrthóirí ag an am a cheadaítear Tuarascáil na Stiúrthóirí seo: — a mhéid a bhfuil an stiúrthóir ar an eolas, nach bhfuil aon fhaisnéis iniúchta ábhartha ann nach bhfuil iniúchóirí na Cuideachta ar an eolas faoi, agus — gur ghlac an stiúrthóir na céimeanna go léir ar chóir dó a ghlacadh mar stiúrthóir chun a bheith ar an eolas faoi aon fhaisnéis iniúchta ábhartha agus chun a chinntiú go bhfuil iniúchóirí na Cuideachta ar an eolas faoin eolas sin. IniúchÓirÍ Tá na hiniúchóirí, Crowe Horwath Bastow Charleton, incháilithe agus chuir siad in iúl go leanfaidh siad in oifig de réir alt 383 (2) d'Acht na gCuideachtaí 2014.
119
Breege O'Donoghue Stiúrthóir 9 Bealtaine 2018
Fiona Deegan Stiúrthóir 9 Bealtaine 2018
Ráitis Airgeadais
D'fhaomh an bord an tuarascáil seo agus shínigh sé í ar a son.
Chomhairle Dhearaidh & CheardaÍochta na hÉireann
120
Tuarascáil na nIniú nIniúch chÓ Óir irÍÍ Neamhspleácha do ChomhaltaÍ ChomhaltaÍ Comhairle CheardaÍ CheardaÍochta na hÉireann faoi Theorainn RáthaÍ RáthaÍochta ag trádáil mar Comhairle Dhearaidh agus CheardaÍ CheardaÍochta na hÉireann Tuarascáil Maidir leis an Iniúchadh ar na Ráitis Airgeadais Tuairim Rinneamar iniúchadh ar ráitis airgeadais Chomhairle Cheardaíochta na hÉireann Cuideachta faoi Theorainn Ráthaíochta ag trádáil mar Comhairle Dhearaidh agus Cheardaíochta na hÉireann (an 'Chuideachta') don bhliain dar críoch 31 Nollaig 2017, ina gcuimsítear an Ráiteas Ioncaim, an Ráiteas maidir leis an Ioncam Cuimsitheach, an Clár Comhardaithe, an Ráiteas maidir le Sreafaí Airgid, an Ráiteas maidir le hAthruithe ar Chothromas agus na nótaí leis na ráitis airgeadais, lena n-áirítear achoimre ar bheartais chuntasaíochta shuntasacha. Ba é an creat tuairiscithe airgeadais a cuireadh i bhfeidhm ina n-ullmhú ná dlí na hÉireann agus Caighdeán Tuairiscithe Airgeadais 102 'An Caighdeán Tuairiscithe Airgeadais is infheidhme sa Ríocht Aontaithe agus i bPoblacht na hÉireann'. Is é ár dtuairim maidir leis na ráitis airgeadais: — go dtugtar léargas fíor agus cothrom ar shócmhainní, ar dhliteanais agus ar staid airgeadais ghnóthaí na Cuideachta amhail an 31 Nollaig 2017 agus ar a bharrachas don bhliain dar críoch sin; — gur ullmhaíodh iad i gceart de réir Caighdeán Tuairiscithe Airgeadais 102 'An Caighdeán Tuairiscithe Airgeadais is infheidhme sa Ríocht Aontaithe agus i bPoblacht na hÉireann'; agus — gur ullmhaíodh iad i gceart de réir cheanglais Acht na gCuideachtaí 2014.
121
Bunús don Tuairim Rinneamar ár n-iniúchadh de réir na gCaighdeán Idirnáisiúnta um Iniúchóireacht (Éire) (ISA (Éire)) agus i gcomhréir leis an dlí is infheidhme. Tugtar cur síos breise ar ár bhfreagrachtaí faoi na caighdeáin sin i bhfreagrachtaí na nIniúchóirí i gcuid eile dár dtuarascáil maidir le hiniúchadh ar na ráitis airgeadais. Tá muid neamhspleách ón gCuideachta de réir na gceanglas eitice a bhaineann lenár n-iniúchadh ar ráitis airgeadais in Éirinn, lena n-áirítear an Caighdeán Eiticiúil a d'eisigh Údarás Maoirseachta Iniúchóireachta agus Cuntasaíochta na hÉireann (IAASA), agus chomhlíonamar ár bhfreagrachtaí eiticiúla eile i gcomhréir leis na ceanglais sin. Creidimid gur leor an fhianaise iniúchta a fuaireamar agus tá sé cuí chun bunús dár dtuairim a sholáthar. ConclúidÍ a Bhaineann le GnÓthas Leantach Ní aon ní le tuairisciú maidir leis na nithe seo a leanas i leith ceanglais na ISAnna (Éire) lena n-éilítear orainn tuairisc a thabhairt nuair: — nach bhfuil úsáid na stiúrthóirí ar bhonn gnóthais leantaigh cuntasaíochta in ullmhú na ráiteas airgeadais oiriúnach; nó — nach nocht na stiúrthóirí aon neamhchinnteacht ábhartha aitheanta a d'fhéadfadh amhras suntasach a bheith acu faoi chumas na Cuideachta leanúint ar aghaidh agus gur chóir glacadh leis an mbunús gnóthais leantaigh cuntasaíochta ar feadh tréimhse dhá mhí dhéag ar a laghad ón dáta a údaraítear na ráitis airgeadais lena n-eisiúint.
Ráitis Airgeadais
5.3
5.3 lean.
Tuarascáil na nIniú nIniúch chÓ Óir irÍÍ Neamhspleácha do ChomhaltaÍ ChomhaltaÍ Comhairle CheardaÍ CheardaÍochta na hÉireann faoi Theorainn RáthaÍ RáthaÍochta ag trádáil mar Comhairle Dhearaidh agus CheardaÍ CheardaÍochta na hÉireann Faisnéis Eile Tá na stiúrthóirí freagrach as an fhaisnéis eile. Cuimsítear san fhaisnéis eile an fhaisnéis atá san áireamh sa Tuarascáil Bhliantúil, seachas na ráitis airgeadais agus tuarascáil dár nIniúchóirí maidir leis sin. Inár dtuairim ar na ráitis airgeadais, ní chuimsítear an fhaisnéis eile agus, ach amháin sa mhéid a luaitear a mhalairt go sainráite inár dtuarascáil, ní chuirimid in iúl aon chineál de chonclúid dearbhaithe air sin.
122
Maidir lenár n-iniúchadh ar na ráitis airgeadais, is é an fhreagracht atá againn ná an fhaisnéis eile a léamh agus, atá é sin á dhéanamh againn, breithniú a dhéanamh cibé an bhfuil an fhaisnéis eile neamhréireach go hábhartha leis na ráitis airgeadais nó an míluaitear ár n-eolas a fuarthas san iniúchadh nó a mhalairt. Má aithnímid neamhréireachtaí ábhartha dá leithéid nó míráitis ábhartha dhealraitheacha, ní mór dúinn a chinneadh an bhfuil aon mhíráiteas ábhartha sna ráitis airgeadais nó míráiteas ábhartha den fhaisnéis eile. Más rud é go bhfuil, bunaithe ar an obair a rinneamar, tagaimid go dtí an tuairim go bhfuil míthuiscint ábhartha den eolas eile seo, ní mór dúinn an fíoras sin a thuairisciú. Níl aon ní le tuairisciú againn maidir leis seo. Tuairim ar na Nithe eile ForordaÍtear le hAcht na gCuideachtaÍ 2014 Bunaithe go hiomlán ar an obair a rinneadh le linn an iniúchta, tuairiscímid: — is é ár dtuairim, go bhfuil an fhaisnéis a thugtar i dTuarascáil na Stiúrthóirí ag teacht leis na ráitis airgeadais; agus — is é ár dtuairim, gur ullmhaíodh Tuarascáil na Stiúrthóirí de réir na gceanglas dlíthiúla is infheidhme. Fuaireamar an fhaisnéis agus na mínithe go léir a mheasamar a bheith riachtanach chun críocha ár n-iniúchta.
Chomhairle Dhearaidh & CheardaÍochta na hÉireann
Is é ár dtuairim go raibh taifid chuntasaíochta na Cuideachta leordhóthanach chun go bhféadfaí na ráitis airgeadais a iniúchadh go héasca agus go cuí, agus go bhfuil na ráitis airgeadais ag teacht leis na taifid chuntasaíochta. Nithe a gceanglaÍtear Orainn a Thuairisciú trÍ Eisceacht Bunaithe ar an eolas agus ar an tuiscint ar an gCuideachta agus ar an timpeallacht a aimsítear le linn an iniúchta, níor aithníomar míráitis ábhartha i dTuarascáil na Stiúrthóirí. Le hAcht na gCuideachtaí 2014 ceanglaítear orainn tuairisciú a thabhairt, más rud é, inár dtuairim, nach ndéantar nochtadh luach saothair na stiúrthóirí agus na hidirbheart, lena gceanglaítear le hailt 305 go 312 den Acht. Níl aon ní le tuairisciú againn maidir leis seo.
Tuarascáil na nIniú nIniúch chÓ Óir irÍÍ Neamhspleácha do ChomhaltaÍ ChomhaltaÍ Comhairle CheardaÍ CheardaÍochta na hÉireann faoi Theorainn RáthaÍ RáthaÍochta ag trádáil mar Comhairle Dhearaidh agus CheardaÍ CheardaÍochta na hÉireann FreagrachtaÍ faoi Seach FreagrachtaÍ na StiúrthÓirÍ maidir leis na Ráitis Airgeadais Mar a mhínítear níos iomláine sa Ráiteas maidir le Freagrachtaí na Stiúrthóirí ar leathanach 115, tá na stiúrthóirí freagrach as na ráitis airgeadais a ullmhú agus a bheith sásta go dtugann siad léargas fíor agus cothrom, agus as amhail rialú inmheánach a chinneann na stiúrthóirí a bheith riachtanach d’fhonn ráitis airgeadais atá saor ó mhíráiteas ábhartha, cibé mar gheall ar chalaois nó ar earráid, a ullmhú. Agus na ráitis airgeadais á n-ullmhú acu, tá na stiúrthóirí freagrach as measúnú a dhéanamh ar chumas na Cuideachta leanúint uirthi mar ghnóthas leantach, ag nochtadh, mar is infheidhme, nithe a bhaineann le gnóthas leantach agus ag baint úsáide as an mbunús gnóthais leantaigh a bhaineann le cuntasaíocht mura bhfuil sé i gceist ag an mbainistíocht an Chuideachta a leachtú nó deireadh a chur lena hoibríochtaí, nó nach bhfuil aon rogha aici ach é sin a dhéanamh. FreagrachtaÍ na nIniúchÓirÍ maidir le hIniúchadh na Ráitis Airgeadais Is iad na cuspóirí atá againn ná dearbhú réasúnta a fháil maidir le cibé an bhfuil na ráitis airgeadais ina iomláine saor ó mhíráiteas ábhartha, cibé mar gheall ar chalaois nó ar earráid, agus chun Tuarascáil na nIniúchóirí a eisiúint ina n-áirítear ár dtuairim. Is dearbhú ardleibhéil é dearbhú réasúnta, ach ní ráthaíocht é go mbraithfear míráiteas ábhartha i gcónaí, nuair a bhíonn siad ann, fiú nuair a dhéantar an t-iniúchadh de réir ISAnna (Éire). Féadtar míráiteas teacht as calaois nó earráid agus meastar go bhfuil siad ábhartha más rud é go bhféadtar a mheas go réasúnta go mbeadh tionchar acu ar chinntí eacnamaíocha na n-úsáideoirí a ghlactar ar bhonn na ráiteas airgeadais seo, ina n-aonar nó ina n-iomláine.
123
Tá cur síos breise ar ár bhfreagrachtaí maidir le hiniúchadh na ráiteas airgeadais ar láithreán gréasáin an IAASA ag: https://www.iaasa.ie/Publications/ISA-700-(Ireland). Is cuid dár dTuarascáil Iniúchóirí é an cur síos seo.
Déantar an tuarascáil seo do chomhaltaí na cuideachta amháin, mar chomhlacht, de réir Alt 391 d'Acht na gCuideachtaí 2014. Rinneadh ár gcuid oibre iniúchta ionas gur féidir linn na nithe sin a a chur in iúl do bhaill na cuideachta, nithe nach mór dúinn a chur san áireamh i dTuarascáil na nIniúchóirí agus ní le haghaidh aon chuspóir eile. Go dtí an méid is mó a cheadaítear faoin dlí, ní ghlacaimid le freagracht as duine ar bith seachas an chuideachta agus comhaltaí na cuideachta, mar chomhlacht, dár gcuid oibre iniúchta, don tuarascáil seo, nó do na tuairimí a chruthaíomar. George Kennington do agus thar ceann Crowe Horwath Bastow Charleton Cuntasóirí Cairte agus Gnólacht Iniúchóireachta Reachtúla Teach na Mara Cúirt Chlann Liam Baile Átha Cliath 2 22 Bealtaine 2018
Ráitis Airgeadais
CuspÓir ár nObair Iniúchta agus Cé a Bhfuileamar Freagrach as
5.4
124
Cuntas Ioncaim agus Caiteachais Don bhliain dar crÍoch 31 Nollaig 2017
Nóta
2017 2016 € €
Ioncam 4
3,453,091 3,576,502
Caiteachas Oibríochtaí Eolas agus Scileanna Forbairt Mhargaidh agus Fiontair Taighde agus Nuálaíocht Cur chun Cinn agus Feasacht
(154,833) (182,728) (323,119) (351,688) (1,289,657) (1,226,887) (1,168,909) (1,312,540) (455,636) (432,118)
Caiteachas Iomlán 5
(3,392,154) (3,505,961)
Barrachas Oibriúcháin Ioncam ó Infheistíochtaí Sócmhainne Seasta eile
60,937 70,541 20,000 —
Barrachas Roimh Cánachais Cáin ar bharrachas 8
80,937 70,541 — 3,014
Barrachas don bhliain Airgeadais
80,937 73,555
Baineann na méideanna go léir le gníomhaíochtaí leanúnacha. Ní raibh aon ghnóthachain agus caillteanais aitheanta ann do 2017 ná do 2016 seachas iad siúd atá san áireamh sa chuntas ioncaim agus caiteachais.
Chomhairle Dhearaidh & CheardaÍochta na hÉireann
Tá na nótaí ar leathanaigh 129 go 140 ina gcuid de na ráitis airgeadais seo.
Ráiteas maidir leis an Ioncam Cuimsitheach Don bhliain dar crÍoch 31 Nollaig 2017
Nóta
2017 2016 € €
Barrachas don bhliain airgeadais
80,937 73,555
Ioncam Cuimsitheach eile Ioncam Cuimsitheach don bhliain
—
—
80,937 73,555
125
Ráitis Airgeadais
5.5
5.6
Clár Comhardaithe Amhail 31 Nollaig 2017
Nóta 2017 €
2016 €
Sócmhainní Seasta 224,352 227,482 Sócmhainní inláimhsithe 9 10 1 1 Sócmhainní airgeadais 224,353 227,483 Sócmhainní Reatha 273,408 Féichiúnaithe: méideanna dlite laistigh 11 331,480 de bhliain amháin Airgead tirim ag an mbanc agus ar láimh 12 16,053 3,453
126
347,533
13 (330,366) Creidiúnaithe: méideanna dlite laistigh de bhliain amháin
Glan-Sócmhainní/(Dliteanais) Reatha
17,167
276,861 (340,631) (63,770)
Glan-Sócmhainní 241,520 163,713 Caipiteal agus CúlchistÍ Cúlchistí eile 224,353 227,483 Cuntas ioncaim agus caiteachais 17,167
(63,770)
Ciste na nGeallsealbhÓirÍ 241,520
163,713
Chomhairle Dhearaidh & CheardaÍochta na hÉireann
D’fhaomh an bord na ráitis airgeadais agus d’údaraigh sé iad lena n-eisiúint:
Breege O'Donoghue Fiona Deegan Stiúrthóir Stiúrthóir 9 Bealtaine 2018 9 Bealtaine 2018
Tá na nótaí ar leathanaigh 129 go 140 ina gcuid de na ráitis airgeadais seo.
Ráiteas maidir le hAthruithe ar Chothromas Don bhliain dar crÍoch 31 Nollaig 2017
Cuntas Brabúis Cuntas Caipitil agus Caillteanais Cothromas iomlán € € €
Amhail 1 Eanáir 2017 227,483 (63,770)
163,713
Ioncam Cuimsitheach don Bhliain Barrachas don bhliain — 80,937 80,937 Cistí a leithdháiltear chun 40,995 — sócmhainní seasta a fháil Amúchadh de réir dímheasa (44,125) —
40,995 (44,125)
Amhail 31 Nollaig 2017 224,353 17,167
241,520
127
Cuntas Brabúis Cuntas Caipitil agus Caillteanais Cothromas iomlán € € €
Ráiteas maidir le hAthruithe ar Chothromas don bhliain dar CrÍoch 31 Nollaig 2016 Amhail 1 Eanáir 2016 247,646 (137,325) 110,321 I oncam Cuimsitheach don Bhliain Barrachas don bhliain — 73,555 73,555 Cistí a leithdháiltear chun 31,615 — 31,615 sócmhainní seasta a fháil Amúchadh de réir dímheasa (51,778) — (51,778) Amhail 31 Nollaig 2016 227,483 (63,770)
Tá na nótaí ar leathanaigh 129 go 140 ina gcuid de na ráitis airgeadais seo.
163,713
Ráitis Airgeadais
5.7
5.8
Ráiteas maidir le SreafaÍ SreafaÍ Airgid Don bhliain dar crÍoch 31 Nollaig 2017
2017 2016 € € SreafaÍ airgid Ó ghnÍomhaÍochtaÍ oibriúcháin Barrachas don bhliain airgeadais 80,937
73,555
Coigeartú le hAghaidh: Dímheas de shócmhainní inláimhsithe 44,125 51,777 Aistriú chuig / ón gcuntas caipitil (3,130)
(20,163)
Díbhinn a fuarthas (20,000) — Muirear cánachais
— (3,014)
(Méadú) i bhféichiúnaithe (58,072) (49,039)
128
(Laghdú) i gcreidiúnaithe (5,199) (25,919) Cáin chorparáide a fuarthas — 214 Glanairgid tirim Ó ghnÍomhaÍochtaÍ oibriúcháin 38,661
27,411
SreafaÍ airgid Ó ghnÍomhaÍochtaÍ infheistÍochta Ceannach de shócmhainní seasta inláimhsithe (40,995) (31,615) Sale of fixed asset investments — 1 Díbhinní a fuarthas 20,000 — SreafaÍ airgid Ó ghnÍomhaÍochtaÍ infheistÍochta
(20,995)
(31,614)
Chomhairle Dhearaidh & CheardaÍochta na hÉireann
Méádú/(Laghdú) ar airgead tirim 17,666 (4,203) agus coibhéisÍ airgead tirim Airgead tirim agus coibhéisí airgid thirim ag tús na bliana (1,613) 2,590 Airgead tirim agus coibhéisí airgid thirim ag tús na bliana
16,053
(1,613)
Airgead tirim agus coibhéisí airgid thirim ag deireadh na bliana Comhdhéanta de: Airgead tirim sa bhanc agus ar láimh 16,053 3,453 Rótharraingtí bainc — (5,066) 16,053 (1,613)
NÓta taÍÍ leis na Ráitis Airgeadais Don bhliain dar crÍoch 31 Nollaig 2017
1 Beartais ChuntasaÍochta Is é Comhairle Cheardaíochta na hÉireann faoi Theorainn Ráthaíochta, a bhfuil a gceanncheathrú i gCill Chainnigh, an ghníomhaireacht náisiúnta d'fhorbairt tráchtála na dearthóirí agus na ndéantóirí Éireannacha, do nuálaíocht a spreagadh, do smaointeoireacht dhearaidh a chur chun cinn agus d’fhaisnéis a thabhairt do bheartas an Rialtais. Tá gníomhaíochtaí Chomhairle Cheardaíochta na hÉireann faoi Theorainn Ráthaíochta maoinithe ag an Roinn Gnó, Fiontar agus Nuálaíochta trí Fhiontraíocht Éireann. Tá an oifig cláraithe suite ag Clós an Chaisleáin Chill Chainnigh. Is cuideachta atá faoi theorainn ráthaíochta í an chuideachta atá ionchorpraithe agus sainchónaitheach in Éirinn. Is cónaitheoir in Éirinn í an chuideachta chun cuspóirí cánach. 1.1 Bunús le hullmhú na ráiteas airgeadais Ullmhaíodh na ráitis airgeadais de réir Caighdeán Tuairiscithe Airgeadais 102, an Caighdeán Tuairiscithe Airgeadais is infheidhme sa Ríocht Aontaithe agus i bPoblacht na hÉireann agus i reacht na hÉireann ina cuimsítear Acht na gCuideachtaí 2014.
129
Le hullmhú na ráiteas airgeadais i gcomhréir le FRS 102, éilítear meastacháin chuntasaíochta criticiúla áirithe a úsáid. Ní mór don bhainistíocht breithiúnas a fheidhmiú maidir le beartais chuntasaíochta na Cuideachta á gcur i bhfeidhm acu (féach nóta 2). 1.2 Ioncam Léiríonn an t-ioncam a thaispeántar sa chuntas ioncaim agus caiteachais méideanna a sonrascaíodh le linn na tréimhse chomh maith leis na deontais a fuarthas i rith na bliana. 1.3 Sócmhainní seasta inláimhsithe Luaitear sócmhainní seasta inláimhsithe faoin múnla costas ag costas stairiúil lúide dímheas carntha agus aon chaillteanas lagaithe carntha. Áirítear sa chostas stairiúil caiteachas atá inchurtha go díreach i leith na sócmhainne a thabhairt don suíomh agus don riocht is gá chun go mbeifear ábalta í a oibriú ar cibé bealach atá beartaithe ag an mbainistíocht. Cuireann an Chuideachta le méid tughta anonn de mhír sócmhainní seasta an costas a bhaineann le cuid de mhír den sórt sin a athsholáthar nuair a thabhaítear an costas sin, má táthar ag súil go soláthróidh an chuid athsholáthair sochair incriminteacha sa todhchaí don Chuideachta. Díaithnítear an méid tugtha anonn den chuid athsholáthair. Gearrtar deisiúcháin agus cothabháil ar an gcuntas brabúis nó caillteanais le linn na tréimhse ina dtabhaítear iad. Gearrtar dímheas ionas go ndéanfar costas sócmhainní a leithdháileadh lúide a luach iarmharach thar a saolré úsáideacha measta, ag baint úsáide as an modh líne dhírigh. Soláthraítear dímheas ar an mbonn seo a leanas: Maoin Léasachta Fadtéarmaí
— 15 bliana
Trealamh Oifige
— 3 bliana
Trealamh ceardlainne
— 20 bliain
Trealamh ríomhaireachta
— 3 bliana
Sócmhainní seasta eile
— 5 bliana
Ráitis Airgeadais
5.9
5.9 lean.
NÓta taÍÍ leis na Ráitis Airgeadais Don bhliain dar crioch 31 Nollaig 2017
Sócmhainní seasta inláimhsithe (ar leanúint) Déantar athbhreithniú ar luachanna iarmharacha na sócmhainní, ar shaolré úsáideach agus ar mhodhanna dímheasa, agus déantar iad a choigeartú de réir mar is cuí, nó má léirítear go bhfuil athrú suntasach tagtha orthu ón dáta tuairiscithe deireanach. Déantar gnóthachain agus caillteanais ar dhiúscairtí a chinneadh trí na fáltais a chur i gcomparáid leis an méid tugtha anonn agus aithnítear iad sa Chuntas Ioncaim agus Caiteachais. 1.4 Luacháil na n-infheistíochtaí Déantar infheistíochtaí i bhfochuideachtaí a thomhas ar chostas lúide lagú carntha. Sa chás go bhfuil faoiseamh cumaisc infheidhme, déantar costas na hinfheistíochta i bhfochuideachta a thomhas ag luach ainmniúil na scaireanna a eisíodh mar aon le luach cóir d’aon chomaoin bhreise a íocadh.
130
Déantar infheistíochtaí i scaireanna Cuideachta neamhliostaithe, ar féidir a luach margaidh a chinneadh go hiontaofa, a atomhas ag luach an mhargaidh ag gach dáta chláir chomhardaithe. Aithnítear gnóthachain agus caillteanais ar atomhas sa Ráiteas Ioncaim don tréimhse. I gcás nach féidir luach margaidh a chinneadh go hiontaofa, luaitear na infheistíochtaí dá leithéid ar chostas stairiúil lúide lagú. Déantar infheistíochtaí i scaireanna cuideachta liostaithe a atomhas ag luach an mhargaidh ag gach dáta Chláir Chomhardaithe. Aithnítear gnóthachain agus caillteanais ar atomhas sa chuntas brabúis nó caillteanais don tréimhse
Chomhairle Dhearaidh & CheardaÍochta na hÉireann
1.5 Féichiúnaithe Déantar féichiúnaithe gearrthéarmacha a thomhas ag praghas idirbhirt, lúide aon lagú. Déantar iasachtaí infhaighte a thomhas ar dtús ag luach cóir, glan ó chostais idirbhirt, agus déantar iad a thomhas ina dhiaidh sin ar chostas amúchta ag baint úsáide as an modh úis éifeachtaigh, lúide aon lagú. 1.6 Airgead tirim agus coibhéisí airgid thirim Léirítear airgead tirim le hairgead tirim ar láimh agus taiscí le hinstitiúidí airgeadais atá inaisíoctha gan pionós ar fhógra nach faide ná 24 uair an chloig. Is infheistíochtaí ardleachtacha iad coibhéisí airgid a aibíonn laistigh de thrí mhí ó dháta na fála agus féadtar iad a thiontú go héasca go méideanna airgid aitheanta agus níl mórán riosca ann go tiocfadh athrú ar an luach. Sa Ráiteas ar Shreabhadh Airgid, taispeántar airgead tirim agus coibhéisí airgid glan ó rótharraingtí bainc atá in-aisíoctha ar éileamh agus mar chuid bhunúsach de bhainistíocht airgid na Cuideachta. 1.7 Ionstraimí airgeadais Ní théann an Chuideachta isteach in idirbhearta ionstraimí bunúsacha airgeadais a mbíonn aitheantas sócmhainní agus dliteanais airgeadais mar thoradh orthu ar nós trádáil agus féichiúnaithe agus creidiúnaithe eile, iasachtaí ó bhainc agus tríú páirtithe eile, iasachtaí le páirtithe gaolmhara agus d'infheistíochtaí i ngnáthscaireanna neamh-indíola. Déantar ionstraimí fiachais (seachas iad siúd atá inaisíoctha nó infhála go hiomlán laistigh de bhliain amháin), lena n-áirítear iasachtaí agus cuntais eile infhála agus iníoctha, a thomhas ar dtús ar luach reatha na sreafaí airgid amach anseo agus ar chostas amúchta ina dhiaidh sin ag baint úsáide as an modh úis éifeachtaigh. Déantar ionstraimí fiachais atá iníoctha nó infhála laistigh de bhliain amháin, féichiúnaithe agus creidiúnaithe is iad sin de ghnáth, a thomhas, ar dtús agus ina dhiaidh sin, den mhéid neamh-lascainithe an airgid thirim nó den chomaoin eile a bhfuiltear ag súil lena íoc nó lena fháil. Mar sin féin, más ionann socruithe ionstraimí gearrthéarmacha agus idirbheart maoinithe, cosúil le híocaíocht d’fhiachas trádála a iarchuirtear thar gnáth-théarmaí gnó nó a mhaoinítear ar ráta úis nach ráta margaidh é nó i gcás
NÓta taÍÍ leis na Ráitis Airgeadais Don bhliain dar crioch 31 Nollaig 2017
Sócmhainní seasta inláimhsithe (ar leanúint) iasachta gearrthéarmaí nach bhfuil ag ráta an mhargaidh, déantar an tsócmhainn airgeadais nó an dliteanas airgeadais a thomhas, ar dtús, ar luach reatha an tsreafa airgid den todhchaí a lascainítear ar ráta an mhargaidh úis d'ionstraim fiachais den chineál céanna agus ina dhiaidh sin ag an gcostas amúchta. Déantar infheistíochtaí i scaireanna tosaíochta neamh-inchomhshóite agus i ngnáthscaireanna agus i scaireanna tosaíochta neamh-in-dhíola a thomhas mar seo a leanas: (i) ar luach cóir le hathruithe a aithnítear sa Ráiteas Ioncaim má dhéantar na scaireanna a thrádáil go poiblí nó más féidir a luach cóir a thomhas go hiontaofa ar shlí eile; (ii) ar chostas lúide lagú do gach infheistíocht eile. Déantar measúnú ar shócmhainní airgeadais a thomhaistear ar chostas agus ar chostas amúchta ag deireadh gach tréimhse tuairiscithe le haghaidh fianaise oibiachtúla ar lagú. Má aimsítear fianaise oibiachtúil ar lagú, aithnítear caillteanas lagaithe sa Ráiteas Ioncaim. Maidir le sócmhainní airgeadais arna dtomhas ag costas amúchta, déantar an caillteanas lagaithe a thomhas mar an difríocht idir méid iompair sócmhainne agus luach reatha na sreafaí airgid thirim measta a lascainítear ag ráta úis éifeachtaigh bunaidh na sócmhainne. Má tá ráta úis athraitheach ag sócmhainn airgeadais, is é an ráta lascaine d’aon chaillteanas laga a thomhas ná an ráta úis éifeachtaigh reatha a chinnfear faoin gconradh.
131
Maidir le sócmhainní airgeadais arna dtomhas ar chostas lúide lagú, déantar an caillteanas lagaithe a thomhas mar an difríocht idir méid iompair sócmhainne agus an meastachán is fearr ar an méid inghnóthaithe, arb ionann é agus an méid a gheobhaidh an Chuideachta don tsócmhainn dá ndíolfaí í ag dáta an chláir chomhardaithe.
Ní ionstraimí airgeadais bunúsacha iad díorthaigh, lena n-áirítear babhtálacha rátaí úis agus réamhchonarthaí malairte eachtraí. Aithnítear díorthaigh ar dtús ag luach cóir ar an dáta a ndéantar conradh díorthach a iontráil agus déanfar iad athomhas ina dhiaidh sin ar a luach cóir. Aithnítear athruithe ar luach cóir na ndíorthach sa bhrabús nó sa chaillteanas i gcostais airgeadais nó ioncam de réir mar is cuí. Faoi láthair níl cuntasaíocht fálaithe i bhfeidhm ag an gcuideachta maidir le ráta úis agus díorthaigh malairte eachtraí. 1.8 Creidiúnaithe Déantar creidiúnaithe gearrthéarmacha a thomhas ag praghas an idirbhearta. Déantar dliteanais airgeadais eile, lena n-áirítear iasachtaí bainc a thomhas ar dtús ag luach cóir, glan ó chostais idirbhirt, agus déantar iad a thomhas ina dhiaidh sin ar chostas amúchta ag baint úsáide as an modh úis éifeachtaigh. 1.9 Deontais Rialtais Déantar deontais a chuntas faoin múnla fabhraithe mar a cheadaítear le FRS 102. Déantar deontais a bhaineann le caiteachas ar shócmhainní seasta inláimhsithe a chreidiúnú don Ráiteas Ioncaim ag an ráta céanna leis an dímheas ar na sócmhainní lena mbaineann an deontas. Áirítear an eilimint iarchurtha deontais leis na creidiúnaithe mar ioncam iarchurtha. Aithnítear deontais de chineál ioncaim sa Ráiteas Ioncaim sa tréimhse chéanna leis an gcaiteachas gaolmhar.
Ráitis Airgeadais
Déantar sócmhainní agus dliteanais airgeadais a fhritháireamh agus tuairiscítear an glanmhéid a sa Chlár Comhardaithe nuair atá ceart in-fhorfheidhmithe chun na méideanna aitheanta a fhritháireamh agus i gcás go bhfuil sé i gceist socrú ar ghlanbhonn nó chun an tsócmhainn a réadú agus an dliteanas a réiteach ag an am céanna.
5.9 lean.
NÓta taÍÍ leis na Ráitis Airgeadais Don bhliain dar crioch 31 Nollaig 2017
Sócmhainní seasta inláimhsithe (ar leanúint) 1.10 Costais airgeadais Gearrtar costais airgeadais ar an Ráiteas Ioncaim thar téarma an fhiachais ag baint úsáide as an modh úis éifeachtaigh ionas go mbeidh an méid a ghearrtar ag ráta seasta ar an méid tugtha anonn. Aithnítear costais eisiúna ar dtús mar laghdú ar fháltais na hionstraime caipitil ghaolmhara. 1.11 Pinsin Feidhmíonn an chuideachta scéim le ranníocaíochtaí sainithe PRSA d'fhostaithe áirithe. Tá dhá scéim ranníocaíochta le sochair shainithe neamh-mhaoinithe i bhfeidhm ag an gcuideachta atá dúnta anois do chomhaltaí nua, tá na sonraí leagtha amach i nóta 16 de na ráitis airgeadais. 1.12 Ioncam úis Aithnítear ioncam úis sa Ráiteas Ioncaim ag baint úsáide as an modh úis éifeachtaigh.
132
1.13 Costais iasachta Aithnítear na costais iasachta go léir sa Ráiteas Ioncaim sa bhliain ina dtabhaítear iad. 1.14 Cánachas Aithnítear cáin sa Ráiteas Ioncaim, ach amháin go n-aithnítear muirear is inchurtha i leith míre ioncaim agus costas mar ioncam cuimsitheach eile nó le mír a aithnítear go díreach i gcothromas in ioncam cuimsitheach eile nó go díreach i gcothromas faoi seach.
Chomhairle Dhearaidh & CheardaÍochta na hÉireann
Ríomhtar an muirear cánach ioncaim reatha ar bhonn rátaí cánach agus dlíthe a achtaíodh nó a achtaíodh go substaintiúil faoi dháta an chláir chomhardaithe sna tíortha ina n-oibríonn an Chuideachta agus ina ngintear ioncam.
NÓta taÍÍ leis na Ráitis Airgeadais Don bhliain dar crioch 31 Nollaig 2017
2 Breithiúnais maidir le feidhmiú beartas cuntasaÍochta agus prÍomhfhoinsÍ um éiginnteacht réamh-mheasta Éilíonn ullmhú na ráiteas airgeadais seo go mbainfidh bainistíocht leas as breithiúnas, meastacháin agus boinn tuisceana a dhéanann difear d'fheidhmiú polasaithe agus méideanna tuairiscithe de shócmhainní agus dliteanais, ioncaim agus caiteachais. Déantar measúnú leanúnach ar bhreithiúnais agus ar mheastacháin agus tá siad bunaithe ar thaithí stairiúla agus ar fhachtóirí eile, lena n-áirítear ionchais ar imeachtaí sa todhchaí a chreidtear a bheith réasúnach faoi na himthosca. Déanann an chuideachta meastacháin agus boinn tuisceana maidir leis an todhchaí. Is annamh a bheidh na meastacháin chuntasaíochta mar i gcéanna leis na torthaí iarbhír a bhaineann leo. Pléitear thíos na meastacháin agus na boinn tuisceana a bhfuil riosca suntasach acu de choigeartú ábhartha a dhéanamh ar mhéideanna iompair na sócmhainní agus na ndliteanas laistigh den chéad bhliain airgeadais eile.
133
3 Athaicmiú ar chur i láthair na bliana roimhe seo Le linn na bliana d'ullmhaigh Comhairle Dhearaidh agus Cheardaíochta na hÉireann plean corparáideach athbhreithnithe ina roinntear gníomhaíochtaí faoi chúig chatagóir nua - Oibríochtaí, Eolais agus Scileanna, Forbairt Mhargaidh agus Fiontair, Taighde agus Nuálaíochta agus Cur Chun Cinn agus Feasachta. Athaicmíodh méideanna áirithe na bliana roimhe seo ionas go mbeidh sé comhsheasmhach leis an bplean corparáide athbhreithnithe. Ní raibh aon éifeacht ag na haicmiúcháin seo ar thorthaí na n-oibríochtaí a tuairiscíodh.
Ráitis Airgeadais
(a) Saolréanna a bhunú chun críocha dímheasa maoine, gléasra agus trealaimh Is cuid shuntasach de na sócmhainní iomlána iad na sócmhainní a bhfuil saolré fada acu, lena gcuimsítear réadmhaoin, gléasra agus trealamh go príomha. Braitheann an muirear dímheasa bliantúil go príomha ar shaol measta gach cineál sócmhainne agus ar mheastacháin ar luachanna iarmharacha. Déanann na stiúrthóirí athbhreithniú rialta ar shaolré na sócmhainne agus déantar iad a athrú de réir mar is gá chun machnamh reatha a léiriú maidir le saolréanna atá fágtha i bhfianaise úsáide eacnamaíche ionchasaí agus riocht fisiciúil na sócmhainní lena mbaineann. D'fhéadfadh tionchar suntasach a bheith ag athruithe ar shaolré sócmhainne ar mhuirir dímheasa agus amúchta don tréimhse. Airítear mionsonraí ar na saolré úsáideacha sna polasaithe cuntasaíochta.
NÓta taÍÍ leis na Ráitis Airgeadais
5.9 lean.
Don bhliain dar crioch 31 Nollaig 2017
2017 2016 € € 4 Ioncam Fiontraíocht Éireann - Ioncam Deontais Eolas agus Scileanna Forbairt Mhargaidh agus Fiontair Tionscnamh Fiontraíochta Pobail Taighde agus Nuálaíocht Oibríochtaí Aistriú ón gcuntas caipitil
134
Eascraíodh an t-ioncam ar fad in Éirinn.
5
Barrachas/(Easnamh) de ghnáthghnÍomhaÍochtaÍ roimh cánachas
2,919,000 19,597 280,727 54,559 173,264 2,814 3,130
3,019,000 44,953 235,295 191,441 64,661 989 20,163
3,453,091 3,576,502
Chomhairle Dhearaidh & CheardaÍochta na hÉireann
Luaitear an barrachas / (easnamh) oibriúcháin tar éis muirearaithe: Dímheas ar shócmhainní seasta inláimhsithe 44,125 51,777 Taisteal agus cothabháil náisiúnta 88,795 121,485 Taisteal agus cothabháil idirnáisiúnta 17,194 14,850 Fáilteachas 14,578 13,697 6 Fostaithe Ba iad mar seo a leanas na costais foirne: Pá agus tuarastail Costais árachais shóisialaigh Costas na scéime le ranníocaíocht shainithe agus
1,288,018 130,704 40,536
na scéime neamhmhaoinithe le sochair shainithe
1,459,258 1,460,369
1,321,683 120,165 18,521
Ba é seo a leanas meánlíon míosúil na bhfostaithe, lena n-áirítear na stiúrthóirí, i gcaitheamh na bliana: Foireann 23 Stiúrthóirí 12
23 11
35 34 7 Luach saothair na Stiúrthóirí Luach saothair na Stiúrthóirí 58,140 59,251 58,140 59,251 Luach Saothair na Príomh-Bhainistíochta I measc na bpríomh-phearsanra bainistíochta tá an fhoireann bainistíochta sinsearaí arb’ionann an costas iomlán luach saothair agus €575,439 (2016: €575,700).
NÓta taÍÍ leis na Ráitis Airgeadais Don bhliain dar crioch 31 Nollaig 2017
2017 2016 € € 8 Cánachas Cáin reatha ar bhrabúis don bhliain
—
— (3,014)
(3,014)
FactÓirÍ a bhfuil tionchar acu ar an muirear cánach don bhliain Tá an cáin a mheasúnú don bhliain níos ísle ná (2016 - níos ísle ná) an ráta caighdeánach cánach corparáide in Éirinn de 12.5% (2016 – 12.5%). Mínítear na difríochtaí thíos: Barrachas ar ghnáthghníomhaíochtaí roimh cháin 80,937
70,541
Barrachas ar ghnáthghníomhaíochtaí arna iolrú faoin ráta caighdeánach cánach corparáide in Éirinn 12.5% (2016 – 12.5%) 10,117
8,818
135
ÉifeachtaÍ de: Amúchadh nach bhfuil ina cháin asbhainteach de dhea-thoil agus lagú (100) 468 Ioncam Infheistíochta frainceáilte (2,500) — Úsáid de chaillteanais chánach (7,517) (12,300) Muirear cánach iomlán don bhliain
— (3,014)
Ní raibh aon fhachtóirí ann a d'fhéadfadh difear a dhéanamh do mhuirir chánacha sa todhchaí.
Ráitis Airgeadais
FactÓirÍ a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do mhuirir chánacha sa todhchaÍ
NÓta taÍÍ leis na Ráitis Airgeadais
5.9 lean.
Don bhliain dar crioch 31 Nollaig 2017
Léasach Trealamh Trealamh Bailiúchán Fadtéarmach oifige ríomhaire Infheistíocht Iomlán € € € € €
9 Sócmhainní Seasta Inláimhsithe Costas nÓ luacháil Amhail 1 Eanáir 2017 561,150 388,557 374,899 48,607 1,373,213 Breiseanna 4,092 11,276 25,627 — 40,995
Chomhairle Dhearaidh & CheardaÍochta na hÉireann
136
Amhail 31 Nollaig 2017 565,242 399,833 400,526 48,607 1,414,208
DÍmheas Amhail 1 Eanáir 2017 502,500 327,152 316,079 Muirear don bhliain ar shócmhainn í atá faoi úinéireacht 5,663 23,178 15,284
Amhail 31 Nollaig 2017 508,163 350,330 331,363
Glan-luach Leabhair Amhail 31 Nollaig 2017
57,079
49,503
69,163
48,607
224,352
Amhail 31 Nollaig 2016
58,650
61,405
58,820
48,607
227,482
—
1,145,731
— 44,125 — 1,189,856
NÓta taÍÍ leis na Ráitis Airgeadais Don bhliain dar crioch 31 Nollaig 2017
Infheistíochtaí i bhfochuideachtaí €
10 SÓcmhainnÍ Airgeadais Costas nÓ luacháil Amhail 1 Eanáir 2017 1 Amhail 1 Eanáir 2017 1 Glan-luach Leabhair Amhail 31 Nollaig 2017 1 Amhail 31 Nollaig 2016 1
137
TÍr Aicme de Príomhghníomhaíocht Ionchorpraithe scaireanna Sealúchais
gNÓthas Fochuideachta Ba iad seo a leanas gnóthais fhochuideachta na Cuideachta: Showcase Ireland Events Limited Éire Gnáth 50% Aonach Trádála
Is é seo a leanas comhiomlán an scairchaipitil agus na gcúlchistí amhail an 30 Aibreán 2017 agus den bhrabús nó den chaillteanas don bhliain dar críoch an dáta sin do na fochuideachtaí: Showcase Ireland Events Limited 61,928 6,251
61,928
6,251
Ráitis Airgeadais
Comhiomlán de scairchaipital agus cúlchistÍ Brabús/(caillteanas) € €
5.9 lean.
NÓta taÍÍ leis na Ráitis Airgeadais Don bhliain dar crioch 31 Nollaig 2017
2017 2016 € € 11 Feichiúnaithe Feichiúnaithe trádála 120,085 191,545 Suimeanna atá dlite ag gnóthais ghrúpa (Nóta 19) 61,000 60,844 Féichiúnaithe eile 22,215 — Réamhíocaíochtaí agus ioncam fabhraithe 128,180 21,019 331,480
273,408
12 Airgead tirim agus coibhéisí airgid thirim Airgead tirim ag an mbanc agus ar láimh 16,053 3,453 Lúide: rótharraingtí bainc — (5,066)
Chomhairle Dhearaidh & CheardaÍochta na hÉireann
138
16,053 (1,613) 13 Creidiúnaithe: Méideanna dlite laistigh de bhliain amháin Rótharraingtí atá dlite le hinstitiúidí creidmheasa — Creidiúnaithe trádála 134,273 Cánachas agus árachas sóisialta 119,762 Creidiúnaithe eile 4,230 Fabhruithe 52,182 Ioncam iarchurtha 19,919
5,066 168,647 41,150 6,306 106,862 12,600
340,631
330,366
Cánachas eile agus Árachas SÓisialta Cánacha párolla 99,811 Cáin bhreisluacha 19,951
36,262 4,888
119,762
41,150
14 IonstraimÍ Airgeadais SÓcmhainnÍ Airgeadais Sócmhainní airgeadais arna dtomhas ag luach cóir tríd an gcuntas ioncam agus caiteachas 16,053 3,453 Sócmhainní airgeadais atá ina n-ionstraimí fiachais arna dtomhas ag costas amúchta 142,300 191,545 158,353 Dliteanais Airgeadais Dliteanais Airgeadais arna dtomhas ag costas amúchta
(134,269) (168,647)
(134,269) Sna sócmhainní airgeadais arna dtomhas ag luach cóir tríd an gcuntas ioncaim agus caiteachais, cuimsítear airgead tirim sa bhanc agus ar láimh. Sna sócmhainní airgeadais arna dtomhas ag costas amúchta cuimsítear féichiúnaithe trádála agus féichiúnaithe eile. Sna dliteanais airgeadais arna dtomhas ag costas amúchta cuimsítear creidiúnaithe trádála.
194,998
(168,647)
NÓta taÍÍ leis na Ráitis Airgeadais Don bhliain dar crioch 31 Nollaig 2017
15 Stádas Cuideachta Tá an chuideachta faoi theorainn ráthaíochta agus dá bhrí sin níl scairchaipiteal aici. 16 Gealltanais Phinsin An 15 Nollaig 1986 bhunaigh an tAire Tionnscail agus Tráchtála a bhí ann ag an am sin Scéim Aoisliúntais Foirne Chomhairle Ceardaíochta na hÉireann, Teoranta 1986 agus an 11 Aibreán 1990, bhunaigh an tAire Tionnscail agus Tráchtála a bhí ann ag an am sin Scéim Pinsean Ranníocach do Chéilí agus Leanaí Chomhairle Ceardaíochta na hÉireann, 1990. Ní fhéadtar baill nua dul isteach sa dhá scéim phinsin. Is scéimeanna ranníocaíochta le sochair shainithe neamh-mhaoinithe iad an dá scéim seo. Úsáidtear ranníocaíochtaí a bhaintear ón bhfoireann thar na blianta chun dliteanais phinsin leanúnacha a mhaoiniú. Creideann na stiúrthóirí go bhfuil freagracht ag an Stát don chuideachta agus do bhaill na scéime chun comhlíonadh le hoibleagáidí na Scéime de réir agus a thagann siad chun cinn.
139
Creideann na stiúrthóirí go bhfuil sócmhainn ag an gcuideachta de mhéid chomhionann le haon dliteanas iarchurtha neamh-mhaoinithe le haghaidh pinsin ar bhonn na mbonn tuisceana atá mionsonraithe thíos agus ar bhonn roinnt imeachtaí a tharla roimhe seo. Áirítear leis na himeachtaí seo an bonn reachtúil maidir le bunú na scéimeanna aoisliúntais agus an beartas agus an cleachtas atá i bhfeidhm faoi láthair maidir le maoiniú pinsin na seirbhíse poiblí lena n-áirítear ranníocaíochtaí na bhfhostaithe leis an bpróiseas meastachán bliantúil. Níl aon fhianaise ag an gcuideachta nach leanfaidh an beartas maoinithe seo ar aghaidh ag íoc cibé méideanna i gcomhréir leis an gcleachtas reatha. Bunaithe ar an méid thuas tá cuntas tugtha ag an gcuideachta ar na ranníocaíochtaí amhail is dá mba rud é gur scéim ranníocaíochta sainithe í. Is iad seo a leanas mionsonraí na bpinsean a asbhaineadh ó fhostaithe, ranníocaíochtaí fostóirí agus na sochair a íocadh le hiarfhostaithe le linn na bliana: Ranníocaíochtaí pinsin a asbhaineadh ó fhostaithe i rith na bliana S ochair a íocadh le baill na scéimeanna i rith na bliana
2017 2016 € 18,807 41,347
€ 18,278 41,301
Sa bhreis ar na nithe thuasluaite, tá scéimeanna pinsean le ranníocaíochtaí sainithe (PRSA) i bhfeidhm ag an gcuideachta i leith fostaithe nach bhfuil i dteideal dul isteach sa scéim thuasluaite. Coinnítear sócmhainní na scéimeanna PRSA ar leithligh ó sceimeanna na cuideachta i gcistí a ndéantar riarachán neamhspleách orthu. Léiríonn costais an phinsin na ranníocaíochtaí atá iníoctha ag an gcuideachta chuig an gciste agus b'ionann iad seo agus €18,321 (2016: €18,521). Is ionann costais na ranníocaíochtaí pinsin atá inghnóthaithe ag an stát ag deireadh na bliana agus €22,215. 17 SÓcmhainn chánach iarchurtha Tá sócmhainn chánach féideartha de €43,090 (2016: €53,207) ag eascrú as caillteanais trádála. Féadtar na caillteanais ain a fhritháireamh i gcoinne barrachais trádála inchánach a d'fhéadfadh teacht chun cinn amach anseo.
Ráitis Airgeadais
5.9 lean.
NÓta taÍÍ leis na Ráitis Airgeadais Don bhliain dar crioch 31 Nollaig 2017
2017 2016 € € 18 Gealltanais faoi leasanna oibriúcháin Ar 31 Nollaig 2017 bhí íocaíochtaí léasa íosta todhchaí ag an gCuideachta faoi léasanna oibriúcháin neamh- chealúnaithe, mar seo a leanas:
140
Níos lú ná bliain amháin 75,000 Níos déanaí ná bliain amháin agus tráth nach déanaí ná 5 bliana 162,500
75,000 237,500
237,500
312,500
19 Idirbhearta de pháirtithe gaolmhara I rith na bliana dar críoch 31 Nollaig 2017, fuair Comhairle Cheardaíochta na hÉireann Teoranta ioncam de €149,841 agus díbhinn de €20,000 (2016: €172,719) ó Showcase Ireland Events Limited, cuideachta chomhlachaithe. Bhí iarmhéid de €61,000 (2016: €60,844) dlite leis an gcuideachta ag deireadh na bliana ag Showcase Ireland Events Limited. Ó am go chéile, féadfaidh stiúrthóirí Chomhairle Cheardaíochta na hÉireann Teoranta a bheith páirteach in eagraíochtaí comhaltais eile a bhféadfadh idirbhearta a bheith acu le Comhairle Cheardaíochta na hÉireann Teoranta gan aon sochar ag fabhrú do na stiúrthóirí. 20 ImeachtaÍ iar-chlár comhardaithe Níor tharla aon imeachtaí suntasacha a rinne difear don Chuideachta ó dheireadh na bliana. 21 Faomhadh na Ráiteas Airgeadais
Chomhairle Dhearaidh & CheardaÍochta na hÉireann
D'fhaomh an bord stiúrthóirí na ráitis airgeadais seo lena n-eisiúint an 9 Bealtaine 2018.
Cuntas Mionsonraithe Brabú Brabúis agua Caillteanais Don bhliain dar crÍoch 31 Nollaig 2017
2017 2016 € € 3,453,091
Ioncam Caiteachas Oibríochtaí Taighde agus Nuálaíocht Eolas agus Scileanna Forbairt Mhargaidh agus Fiontair Cur Chun Cinn agus Feasacht
3,576,502
(154,833) (182,728) (1,168,909) (1,312,540) (323,119) (351,688) (1,289,657) (1,226,887) (455,636) (432,118)
Ioncam infheistíochta
(3,392,154) 20,000
(3,505,961) —
(3,372,154)
(3,505,961)
Barrachas Oibriúcháin Cáin ar bhrabús ar ghnáthghníomhaíochtaí
80,937 70,541 — 3,014
Barrachas don bhliain
80,937 73,555
141
Ráitis Airgeadais
5.10
5.11
Chomhairle Dhearaidh & CheardaÍochta na hÉireann
142
Sceideal leis na Cuntais Mionsonraithe Don bhliain dar crÍoch 31 Nollaig 2017
2017 2016 € €
Ioncam Fiontraíocht Éireann - Ioncam Deontais Eolas agus Scileanna Forbairt Mhargaidh agus Fiontair Taighde agus Nuálaíocht Oibríochtaí Tionscnamh Fiontraíochta Pobail Aistriú ón/(chuig an) gCuntas Caipitil
2,919,000 3,019,000 19,597 44,953 280,728 235,295 173,263 64,661 2,814 989 54,559 191,441 3,130 20,163
3,453,091 3,576,502
Caiteachas Oibríochtaí Costais TF Dímheas Seirbhísí Corparáideacha Táillí Stiúrthóirí Costais Stiúrthóra
34,040 35,671 44,122 51,777 6,449 21,400 58,140 59,251 12,082 14,629
154,833 182,728
Taighde agus Nuálaíocht Clár Nuálaíochta Ballraíocht agus Clárú Gailearaí Tráchtála agus Cainéal Taispeántais do Cheardaíocht na hÉireann Acaíocht Conartha Costais Foirne agus Riaracháin Ionaid Sármhaitheasa
161,200 276,327 44,112 37,066 160,288 127,216 — 21,623 633,703 659,745 169,606 190,563 1,168,909 1,312,540
Sceideal leis na Cuntais Mionsonraithe Don bhliain dar crÍoch 31 Nollaig 2017
2017 2016 € €
Eolas agus Scileanna Oideachas agus Feasacht Costais Foirne agus Riaracháin
139,716 163,189 183,403 188,499
323,119 351,688
Forbairt Mhargaidh agus Fiontair Cainéal Miondíola do Cheardaíocht na hÉireann Costais Foirne agus Riaracháin Forbairt Ghnó Clár Bailitheora
411,393 372,782 728,922 753,993 85,236 62,363 64,106 37,749 1,289,657 1,226,887
Cur Chun Cinn agus Feasacht Cumarsáid Costais Foirne agus Riaracháin
143
182,309 149,370 273,327 282,748 455,636 432,118
20,000 — 20,000 —
Ráitis Airgeadais
Ioncam Eile Díbhinn a fuarthas ó Showcase Ireland Events Limited
BuÍochas
Dearadh TÍonscadal Atelier: www.atelier.ie Íomhá Chlúdaigh Oileán Dearadh: TeicstÍlÍ – Carraig Donn GrianghrafadÓir Peter Rowen GrianghrafadÓirÍ / DearthÓirÍ Brownes Photography Julien Behal Sarah Doyle Leon Farrell Rory Hanrahan Kieran Harnett Rob Lamb Sasko Lazarov Lensmen Maxwell Photography Yvan Moreau Peter Rowen Dylan Vaughan ICAN Pixel Design Photocall Ireland ROJI Together We Create
Chomhairle Dhearaidh & CheardaÍochta na hÉireann ClÓs an Chaisleáin, Cill Chainnigh, R95 CAA6, Éire t. +353 (0)56 776 1804 www.dccoi.ie
Comhairle Dhearaidh & Cheardaíochta na hÉireann dccoi.ie Comhairle Dhearaidh & Cheardaíochta na hÉireann Clós an Chaisleáin, Cill Chainnigh, R95 CAA6, Éire
ISBN 978–1–906691–65–3