Chomhairle Dhearaidh & Cheardaíochta na hÉireann Tuarscáil Bhliantuil 2018

Page 1

18

Comhairle Dhearaidh & Cheardaíochta na hÉireann Tuarascáil Bhliantúil agus Ráitis Airgeadais 2018



Chomhairle Dhearaidh & Cheardaíochta na hÉireann Tuarscáil Bhliantúil agus Ráitis Airgeadais 2018


Chomhairle Dhearaidh & Cheardaíochta na hÉireann

Íomha: An Lámhfhíodóireacht – Stiúideo Dhún na n Gall



Chomhairle Dhearaidh & Cheardaíochta na hÉireann

Íomha: An Bhrógadóireacht – Bróga Lámhdhéanta Tutty


Clár Ábhar

Maidir le Comhairle Dhearaidh & Cheardaíochta na hÉireann 7

Ár bhFís agus Ár Misean

8

Ár Straitéis 2017 – 2020

9

Súil Siar ar 2018

1

Tuarascáil an Chathaoirligh agus an Phríomhfheidhmeannaigh 13

2

Ár gcuid Gníomhaíochtaí

2.1 2.2 2.3 2.4 2.5

An Fiontar An Staidéar & An Taighde Saineolas & Scileanna An Cur Chun Cinn & an Fheasacht An Beartas & An Abhcóideacht

3

Ár nGnó

3.1 3.2 3.3 3.4

Ár gCliaint Stair na hEagraíochta 1970 – 2018 Léargas Ginearálta ar ár gCláir Thacaíochta & Forbartha Príomhstaitisticí um Chláir 2018

4

An Rialachas inár Eagraíocht

4.1 4.2 4.3 4.4 4.5

An tEolas is Deireanaí faoin Rialachas Chorparáideach Comhaltaí ár mBord Ár bhFoireann Na Ball-Eagraíochtaí dár gCuid Ár nGealltanais

97 103 104 105 107

5

Ráitis Airgeadais

111

5.1 5.2 5.3 5.4 5.5 5.6 5.7 5.8 5.9

Faisnéis Faoin gCuideachta Tuarascáil na Stiúrthóirí Tuarascáil na nIniúchóirí Neamhspleácha Ráiteas maidir leis an Ioncaim agus an Caiteachas Ráiteas maidir leis an Ioncam Cuimsitheach Clár Comhardaithe Ráiteas ar Athruithe i gCaipiteal Gnáthscaireanna Ráiteas maidir le Sreafaí Airgid Nótaí a ghabhann leis na Ráitis Airgeadais

113 115 119 122 123 124 125 126 127

6

Buíochas

10

19 33 43 55 65

77 81 85 91

140


Íomha: An Chriadóireacht – Ionad Sármhaitheasa sa Chriadóireacht DCCoI

Chomhairle Dhearaidh & Cheardaíochta na hÉireann

6


Maidir le Comhairle Dhearaidh & Cheardaíochta na hÉireann Is í Comhairle Dhearaidh & Cheardaíochta na hÉireann ( CDCÉ ) an ghníomhaireacht náisiúnta d’fhorbairt tráchtála na dearthóirí agus na ndéantóirí Éireannacha, do nuálaíocht a spreagadh, do smaointeoireacht dhearaidh a chur chun cinn agus d’fhaisnéis a thabhairt do bheartas an Rialtais. Tá gníomhaíochtaí Chomhairle Cheardaíochta na hÉireann faoi Theorainn Ráthaíochta maoinithe ag an Roinn Gnó, Fiontar agus Nuálaíochta trí Fhiontraíocht Éireann.

— Ardchaighdeán agus próifíl na hearnála seo a ardú in Éirinn agus go hidirnáisiúnta. — An poitéinseal ríomhthráchtála a fhorbairt agus onnmhairí a fhás. —

Infheistiú i ndul chun cinn na chéad ghlúine eile de cheardaithe trína thionscnaimh oideachais lena ndeimhnítear go bhfuil an t-eolas agus na scileanna riachtanacha aici, agus conair á leagadh amach chun earnáil dhinimiciúil agus nuálach a chur i gcrích agus cultúr cruthaithigh á cothú.

A bheith i bhfách le comhtháthú an dearaidh agus beartas agus tionscal Rialtais, chomh maith le forbairt bhonneagar dearaidh na hÉireann.

De réir taighde atá déanta ag an Roinn Gnó, Fiontar agus Nuálaíochta, is ionann luach na hearnála seo in Éirinn agus €38 billiún. Is é aschur foriomlán na bhfiontar ceardaíochta ná €498 milliún, agus is ionann luach na n-easpórtálacha ón earnáil cheardaíochta agus €125 milliún.

Amhail an 31 Nollaig 2018, tá 59 balleagraíocht agus 3,035 cliant cláraithe faoi choimirce an CDCÉ. dccoi.ie Ár bhFoireann Tá Foireann Feidhmiúcháin CDCÉ freagrach as bainistíocht agus oibriú laethúil na heagraíochta agus feidhmíonn siad de réir na bpolasaithe faofa de chuid Bhord CDCÉ agus na tosaíochtaí atá ag a gcuid páirtithe leasmhara. Is éard a gcuimsítear leis an Fhoireann Feidhmiúcháin ná an POF agus cúigear ceannairí feidhmeanna atá freagrach as an Fhorbairt Fiontar, as an Taighde agus Nuálaíocht, as Oibríochtaí agus Airgeadas, an Eolas agus Scileanna, agus as an gCumarsáid. Bíonn na ceannairí feidhmeanna ag obair go díreach faoin POF agus coimeádann siad Bord CDCÉ ar an eolas is deireanaí maidir le hobair na heagraíochta. Tá freagracht ag an POF tuairisc a thabhairt do Chathaoirleach CDCÉ agus dá Bhord. Tá oifig CDCÉ agus an Gailearaí Náisiúnta Deartha & Ceardaíochta lonnaithe i gCill Chainnigh agus 23 fostaí ann ( coibhéis lánaimseartha ). Tá na hIonaid Sármhaitheasa lonnaithe i gCill Chainnigh ( An Seodra & An Ghaibhneacht Óir ) agus i mBaile Mhic Andáin ( An Cheirmeacht ). Creat Beartais don Dhearadh san Fhiontraíocht in Éirinn, Roinn Gnó, Fiontar agus Nuálaíochta trí Fhiontraíocht Éireann, 2016 Tábhacht Eacnamaíoch agus Poitéinseal na hEarnála Ceardaíochta in Éirinn, Indecon International Economic Consultants, 2010

Maidir le CDCÉ

Is í Comhairle Dhearaidh & Cheardaíochta na hÉireann ( CDCÉ ) an ghníomhaireacht náisiúnta d’fhorbairt tráchtála na dearthóirí agus na ndéantóirí Éireannacha, do nuálaíocht a spreagadh, do smaointeoireacht dhearaidh a chur chun cinn agus d’fhaisnéis a thabhairt do bheartas an Rialtais. Tá gníomhaíochtaí Chomhairle Cheardaíochta na hÉireann faoi Theorainn Ráthaíochta maoinithe ag an Roinn Gnó, Fiontar agus Nuálaíochta trí Fhiontraíocht Éireann.

7


Ár bhFís Tá Éire aitheanta mar áit fhiúntach don dhearadh agus don cheardaíocht.

8

Ár Misean

Chomhairle Dhearaidh & Cheardaíochta na hÉireann

Is sinne an ghníomhaireacht náisiúnta d'fhorbairt tráchtála na dearthóirí agus na ndéantóirí Éireannacha, do nuálaíocht a spreagadh, do smaointeoireacht dhearaidh a chur chun cinn agus d’fhaisnéis a thabhairt do bheartas an Rialtais.


Ár Straitéis 2017 — 2020 An Fhiontraíocht Éileamh ar dhearadh agus ar cheardaíocht na hÉireann a thiomáint trí infheistíocht straitéiseach a dhéanamh i margaí easpórtála, ar líne agus intíre. Tacú lenár gcliaint chun riachtanais tomhaltóirí a thuiscint agus a shásamh. An Staidéar & An Taighde Ceannaireacht a thabhairt don taighde agus don chleachtas nuálach sa dearadh agus sa cheird chun an dearadh a dhaingniú mar ghníomhaire straitéiseach i bhforbairt iomaíochas, gheilleagar agus sochaí na hÉireann amach anseo.

9

An Cur Chun Cinn & an Feasacht Saothar dearthóirí agus déantóirí Éireannacha a chur chun cinn i margaí intíre agus idirnáisiúnta araon. Dul i mbun comhoibrithe le comhpháirtithe straitéiseacha chun an fheasacht atá ar an earnáil deartha agus ceardaíochta a mhúscailt. An Beartas & An Abhcóideacht Feasacht a mhéadú faoin méid luacha a thugann an dearadh agus an cheardaíocht don tsochaí agus don gheilleagar. Dul i mbun oibre leis an Rialtas agus le páirtithe leasmhara maidir le comhtháthú smaointí a bhaineann leis an dearadh i mbeartas agus i dtionscal Rialtais.

Ár bhFÍs / Ár Misean / Ár Straitéis

Saineolas & Scileanna Comhoibriú le comhpháirtithe oideachais agus tionscail, agus le comhpháirtithe eile, chun tacú le forbairt an eolais agus scileanna chun freastal ar riachtanais reatha chomh maith le riachtanais thodhchaíoch.


Súil Siar ar 2018 3,035

59

Fiontair de chuid na gcliant cláraithe

gCinn de Chuallachtaí, de Chomhlachais, de Líonraí agus de Chumainn ( CCLC )

27

142

Cliant a thacaigh CDCÉ leo le haghaidh forbartha idirnáisiúnta

liant de chuid CDCÉ a tugadh tacaíocht C dóibh trí ghníomhaíochtaí meantóireachta agus forbartha

11,140

€23,500

Mac léinn agus daoine ón bpobal a ghlac páirt i gcláir fhor-rochtana

Duaischiste iomlán do chlár um Dámhachtainí agus Tacaíochtaí Déantóirí na Todhchaí 2018, an duaischiste is mó do mhic léinn san Eoraip

Chomhairle Dhearaidh & Cheardaíochta na hÉireann

10


€152.5m

217

Ioncam reatha ionchasach bliantúil na taispeántóirí ag Sárthaispeántas 2018

Cliant de chuid CDCÉ a ghlac páirt i Sárthaispeántas 2018

109,430

85

Cuairteoir a d’fhreastail ar thaispeántais Deartha & Ceardaíochta Náisiúnta ( Cill Chainnigh agus camchuairteanna )

Déantóirí, dearthóirí agus stiúideonna a raibh ionadaíocht acu sa chlár taispeántais

€29,180

€4m

Leithdháilte chun 20 balleagraíocht tríd an Scéim Tacaíochta Líonra

AVE de chumhdach sna meáin do gach gníomhaíocht

Le haghaidh tuilleadh staitisticí tábhachtacha don bhliain 2018, féach leathanach 91

Súil Siar ar 2018

11


Chomhairle Dhearaidh & Cheardaíochta na hÉireann

Íomha: An Dearadh Seodra – Bláithín Ennis

12


Tuarascáil an Chathaoirligh & an Phríomhfheidhmeannaigh

Karen Hennessy Príomhfheidhmeannach

Ár nEarnáil / bPoist Tá sé mar bhunchloch phríomhchláir CDCÉg go rachfar i mbun oibre leis na páirtithe leasmhara atá againn agus lenár gcomhpháirtithe chun timpeallacht a chruthú ina dtugtar deis do ghnólachtaí dearaidh agus ceardaíochta tuilleadh fostaíochta a fhorbairt agus a ghiniúint. Bíonn ionadaíocht ag ár n-earnáil i gclár Jobs Ireland, lena léirítear an t-aitheantas a thugann an Rialtais don phoitéinseal suntasach atá ann sa dearadh agus sa cheardaíocht poist inbhuanaithe breise a bhaint amach timpeall na tíre agus d’ onnmhairithe a mhéadú chomh maith le próifíl agus clú idirnáisiúnta na hÉireann as bheith ina tír bharr feabhais ó thaobh cruthaitheachta agus nuálaíochta de a ardú. Díríonn ár nIonaid Sármhaitheasa sa Cheirmeacht agus sa Seodóireacht ar an eolas agus na scileanna cuí a fhorbairt chun freastal ar riachtanais an mhargaidh sa todhchaí agus chun a chinntiú go ngintear sraith de thallann chruthaitheach don todhchaí chun fostaíocht san earnáil a chosaint. Tacaíonn ár gcláir oideachais ag gach leibhéal, idir

13

CRAFTed agus Future Makers, leis seo trí chruthaitheacht, nuálaíocht agus ceardaíocht a chothú sa chéad ghlúin eile de dhearthóirí agus déantóirí atá sna bacáin. Deiseanna idirnáisiúnta Tugtar tacaíocht le chliaint chun a n-uaillmhianta a bhaint amach maidir le margaí idirnáisiúnta a scálú agus a iomaíocht go rathúil ríthábhachtach dár straitéis chun poitéinseal fáis san earnáil deartha agus ceardaíochta a uasmhéadú. Agus sinn ag cur leis na gníomhaíochtaí agus leis an méid a bhaineamar amach i mblianta roimhe seo, leanamar ag forbairt deiseanna go hidirnáisiúnta i rith 2018. Agus muid ag obair go dlúth i gcomhar le Fiontraíocht Éireann, dírímid ar chur chun cinn Showcase, ár dtaispeántas bliantúil, le ceannaitheoirí spriocdhírithe ar fud an domhain chun díolacháin onnmhairithe a uasmhéadú. Ag Cur Dearadh agus ceardaíocht na hÉireann i láthair faoin teideal Dearadh na hÉireann san

Tuarascáil an Chathaoirligh & an Phríomhfheidhmeannaigh

Breege O’Donoghue Cathaoirleach

Le linn 2018 leanadh le Comhairle Dhearaidh & Cheardaíochta na hÉireann ( CDCÉ ) a bheith fós dírithe ar na ngníomhaíochtaí atá inár bPlean Straitéiseach 2017 – 2020 a chur i gcrích. Tá an straitéis atá againn dírithe ar chláir atá ábhartha agus phraiticiúla a bheith curtha lena bhfuil sé d’ aidhm dúinn dearthóirí agus déantóirí a spreagadh ag gach uile chéim dá ngairm agus chun tacú le forbairt thráchtála ár gcliant cláraithe agus ár gcomhaltaí chomh maith. Táimid tiomanta freisin do thionchair intomhaiste a bhaint amach chomh maith le cinntiú go mbainfear amach luach ar airgead agus sochair eacnamaíocha náisiúnta. Tá an comhoibriú ríthábhachtach chun an earnáil bhríomhar dheartha agus cheardaíochta in Éirinn a fhorbairt agus táimid an-sásta a bheith ag obair i gcomhar leis an Roinn Gnó, Fiontar agus Nuálaíochta agus le Fiontraíocht Éireann mar aon le líonra leathan d’ eagraíochtaí comhpháirtíochta chun ár sainchúram a sheachadadh. Tá na gníomhaíochtaí ard-leibhéil de réir cúig bhunthéama leagtha amach inár bPlean Straitéiseach: An Fhiontraíocht, An Taighde & Nuálaíocht, An Saineolas & Scileanna, An Cur Chun Cinn & Feasacht agus An Beartas & Abhcóideacht. Sna codanna seo a leanas den tuarascáil seo tá an t-eolas is deireanaí ar fáil maidir leis an dul chun cinn chun ár gcuspóirí sonraithe a bhaint amach.


fhoilseachán mór-le-rá NOW! Mar gheall ar DESIGN À VIVRE ag AISON&OBJET i bPáras agus an taispeántais mór-le-rá Accent on Design® ag NY NOW® 2018 i Nua-Eabhrac d’ éirigh linn poitéinsiúil suntasach a bhaint amach do dhearthóirí agus do dhéantóirí Éireannacha a bhfuil tairiscint táirge láidir acu do cheannaitheoirí idirnáisiúnta agus a bhfuil an uaillmhian agus an cumas acu chun a gcuid díolacháin a easpórtáil. Leanaimid ar aghaidh a bheith ag féachaint ar dheiseanna tráchtála a thagann suas ó na himeachtaí seó trádála seo go hidirnáisiúnta. Cruthaíonn forbairt leanúnach DesignIreland.ie nochtadh luachmhar don saibhreas tallann chruthaitheach atá ar tairiscint in Éirinn, a chuireann smaointe, inspioráid agus eolas ar fáil don chuairteoir ar an suíomh cá háit ar féidir dearadh barántúil Éireannach a cheannach.

Chomhairle Dhearaidh & Cheardaíochta na hÉireann

14

Leanadh ar aghaidh lenár gcomhpháirtíocht leis an IE Domain Registry ( IEDR ) agus leis na hOifigí Fiontair Áitiúla ar an gclár OPTIMISE Design Ireland i rith 2018. Is í aidhm dheiridh an tionscnaimh idirghníomhaireachta seo ná iomaíochas na hearnála dearaidh agus ceardaíochta a mhéadú sa mhargadh domhanda. Chomhoibrigh CDCÉ agus na hOifigí Fiontair Áitiúla freisin ar Chlár Easpórtála Tiomána a chur ar fáil do ghrúpa gnólachtaí deartha agus ceardaíochta. Leanann le cliaint de chuid CDCÉ aghaidh a thabhairt ar dhúshláin in aghaidh fhás faoina gcuid gnólachtaí, go háirithe an neamhchinnteacht atá ann maidir le Brexit a bhfuil tionchar diúltach aige ar onnmhairithe agus ar dhíolacháin do thurasóirí. Is dúshlán breise é an iomaíocht mhéadaithe atá ag teacht ón RA. Mar sin féin, tá deiseanna suntasacha ann fós féin freisin agus táimid ag obair go gníomhach chun leas a bhaint as an meas atá ag dul i méid ar thomhaltóirí ar fud an domhain as dearadh agus ceardaíocht uathúil, barántúil agus an fheasacht mhéadaitheach ar chaighdeán na hoibre comhaimseartha atá ag teacht ón earnáil deartha agus ceardaíochta in Éirinn. Éacht straitéiseach lárnach a d’ éirigh linn baint amach le linn 2018 ná € 1.8 miliún a dheonaíodh do CDCÉ thar 3 bliana i gCáinaisnéis 2019 chun ár gcláir mhargaíochta agus forbartha a leathnú. Is mór againn an tacaíocht a thug an tAire Humphreys agus an Roinn Gnó, Fiontair agus Nuálaíochta dúinn agus maoiniú á dheonú againn don chlár infheistíochta seo. Tá sé fíorthábhachtach maidir le saothar dearthóirí agus déantóirí Éireannacha a chur i láthair lucht

féachana idirnáisiúnta agus deiseanna breise díolacháin easpórtála agus ioncaim ar líne a ghiniúint do ghnólachtaí dearaidh agus ceardaíochta ardchumais. Buaicphointe eile den bhliain 2018 ab ea láithreacht shuntasach na hÉireann maidir leis an dearadh agus an ceardaíocht ag Homo Faber, an chéad mhór-taispeántas cultúrtha a bhí dírithe ar thogha na ceardaíochta Eorpaí, a tionóladh sa Veinéis i mí Mheán Fómhair. Ba iad na dearthóirí agus na ceardaithe Éireannacha a roghnaíodh chun páirt a ghlacadh an ionadaíocht is mó ó thír amháin ag an imeacht suntasach seo a tharlóidh gach dara bliain. Tá ról fíorthábhachtach ag ár gclár taispeántas sa Ghailearaí Náisiúnta Deartha & Ceardaíochta i gCill Chainnigh chun deiseanna a ghiniúint d’ obair dearthóirí agus déantóirí Éireannacha a chur ar taispeáint thar lear. Tá comhoibriú le comhpháirtithe straitéiseacha trínár gclár camchuairte, chomh maith le saothar ceannródaíoch a thaispeáint ar fud an domhain i gCill Chainnigh, fós mar chuid lárnach den réimse seo. An Abhcóideacht Thionóil an Fóram Náisiúnta Deartha dhá chruinniú le linn 2018. Ag cuimsiú gnólachtaí, Gníomhaireachtaí Rialtais, coláistí tríú leibhéal, cleachtóirí dearaidh agus eagraíochtaí dearaidh, is é cuspóir an Fhóraim ná cumas agus cáil na hÉireann a thiomáint ar aghaidh mar fhoinse nuálaíochta don dearadh agus chun moltaí a dhéanamh don Rialtas, do Ranna Rialtais agus do Ghníomhaireachtaí Stáit. Tríd an bhFóram, tá obair déanta ag CDCÉ i gcomhar le heagraíochtaí eile chun tionchar a chur ar fhorbairt an bhonneagair dearaidh ar fud na hÉireann mar obair leantach a bhaint amach sna sála ar fhoilseachán Ireland – the Design Island: a consultation paper towards a National Design Strategy a foilsíodh in 2017. Ba iad na príomhnithe a baineadh amach i rith na bliana ná bunú Ionad Deartha Náisiúnta sa Phlean Forbartha Náisiúnta 2018 – 2027 agus fógra € 1.8 milliún de mhaoiniú ag an Aire Humphreys chun lárionad deartha don oirdheisceart a fhorbairt faoi An Ciste Forbraíochta Fiontar Réigiúnach. Is é seo an chéad ionad tiomnaithe lena ndéanfar an dearadh agus coincheapa smaointeoireachta dearaidh a chur chun cinn sa tír. D’ éirigh go maith leis an bhfógra chun comhoibriú a dhúnadh i rith na bliana idir Institiúid Teicneolaíochta Cheatharlach, Comhairle Contae


Ag an leibhéal idirnáisiúnta, leanann uachtaránacht na hÉireann ar an gComhairle Cheardaíochta Domhanda – an Eoraip ar aghaidh go dtí 2020 de bheith lárnach chun críche tuilleadh aitheantas a tharraingt ar dhearthóirí agus ar dhéantóirí Éireannacha, agus tugtar deiseanna dóibh chun páirt a ghlacadh i gcláir a reáchtálann eagraíochtaí comhpháirtíochta dá bharr. Ina theannta sin, tugann CDCÉ, a bhfuil ionadaíocht aige ar Bhord Bhiúró na gCumann Deartha Eorpach ( BEDA ), ionadaíocht agus urlabhra do dhearthóirí agus do dhéantóirí Éireannacha ar Bhord na heagraíochta cáiliúla seo ina bhfuil 50 ball ar fud 28 tír Eorpach, agus lena dtugtar ionadaíocht ar son thart ar 400,000 dearthóir. An Rialachas inár Eagraíocht Tá an Bord freagrach as rialachas an chomhlachta de réir an chleachtais is fearr, agus tá sé freagrach chomh maith agus as an gcomhlíonadh lena gcuid oibleagáidí mar atá leagtha amach sa Chód Cleachtais um Rialachas Comhlachtaí Stáit. Ceanglaítear ar CDCÉ cloí le forálacha an Chóid a mhéid is a mbaineann sé le struchtúr agus nádúr na cuideachta. Choinnigh Bord CDCÉ leis a bheith an-dírithe ar an rialachas corparáideach le linn 2018 i gcomhréir leis an bplean iniúchta inmheánaigh dhá bhliain a forbraíodh in 2017 lena gclúdaítear an fhorbairt agus an cur i bhfeidhm straitéiseach, an comhlíonadh rialachais chorparáidigh, creataí bainistíochta riosca agus athbhreithnithe rialaithe inmheánaigh. Comhlíonann an Bord na feidhmeanna atá aige ar bhonn díreach agus trí choistí agus fochoistí sonracha Boird de réir téarmaí tagartha faofa. Chuir an Bord tús le hathbhreithniú seachtrach measúnuithe ar éifeachtúlacht an Bhoird i Ráithe 4 2018, agus tugadh é chun críche le linn na Ráithe sin chomh maith. Tugann ár gCoiste Ainmniúcháin moltaí don Bhord maidir le balleagraíochtaí a ligean isteach. Déanann an Coiste seo athbhreithniú rialta ar chomhaltas Bhord na heagraíochta chun a chinntiú go bhfuil Bord CDCÉ cothrom mar is cuí ó thaobh scileanna, eolais faoin earnáil agus éagsúlachta de. I measc na hathruithe a tharla sa Bhord le linn 2018, thug Stephen Hughes agus Ray Power a dtéarmaí oifige chun críche. Is mian linn buíochas a ghabháil le Stephen agus le Ray a mholadh agus iad a mholadh go mór as ucht an

méid atá déanta acu chun cur le treo straitéiseach CDCÉ le linn na sé bliana a d’ fhreastail siad ar an mBord. Chomh maith Mary Palmer agus Rachel Quinn a bheith tofa den athuair chun freastail téarma trí bliana eile, bhain Donagh Quigley amach áit ar an mbord sa Bhord tar éis an toghcháin a rinnedh ag ár gCruinniú Cinn Bliana i mí an Mheithimh. Chuireamar fáilte roimh Paul McKeown, CFO ar Fiontraíocht Éireann, chun Bord CDCÉ i mí Lúnasa freisin. An Comhlíonadh san Eagraíócht Táimid san eagraíocht tiomanta dó go gcomhlíonfar na freagrachtaí agus na ceanglais rialála mar atá orainn mar chomhlacht atá maoinithe ag an Rialtas agus go bhfeidhmeofar de réir an dea-chleachtais. Cloíonn caiteachas CDCÉ leis an gCód Caiteachais Phoiblí ina leagtar amach na dualgais atá ar chomhlachtaí poiblí chun caitheamh go cúramach le cistí poiblí agus lena ndeimhnítear go mbaintear amach an luach is fearr is féidir ar airgead. Táimid tiomanta freisin chun freastal ar na hoibleagáidí reatha atá orainn faoin gCód Cleachtais um Rialachas Comhlachtaí Stáit, 2016; faoin Acht um Eitic in Oifigí Poiblí, 1995; faoin tAcht um Shaoráil Faisnéise, 2014; faoin Rialachán Ginearálta um Chosaint Sonraí ( GDPR ) agus faoin Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003. Chomh maith leis sin, táimid tar éis a bheith dírithe ar éifeachtúlacht fuinnimh na heagraíochta a fheabhsú i gcomhréir leis an bPlean Gníomhaíochta Náisiúnta um Éifeachtúlacht Fuinnimh ( NEEAP ).

15

Tuarascáil an Chathaoirligh & an Phríomhfheidhmeannaigh

Chill Chainnigh, Comhlacht Forbartha Tionscail Chill Chainnigh ( KIDCo ), Comhpháirtíocht LEADER Chill Chainnigh agus CDCÉ chun ionad deartha a dhearadh san oirdheisceart réigiún.


Chomhairle Dhearaidh & CheardaÍochta na hÉireann

Íomha: An Dearadh Faisin – Helen Steele

16


Ba mhaith linn buíochas a ghabháil leis na comhaltaí uile de Bhord CDCÉ as a maoirseacht agus a ndíograis as deimhniú go bhfuil na caighdeáin rialachais chorparáidigh is airde i bhfeidhm, agus as a dtiomantas agus as an méid a chuir siad leis an treoir straitéiseach le linn 2018 chomh maith. Mar fhocal scoir, ba mhaith linn aitheantas a thabhairt do gach aon ball d’ fhoireann CDCÉ as an méid a chuir siad leis na gníomhaíochtaí agus na héachtaí a rinne siad le linn 2018 agus as a ngairmiúlacht, a dtiomantas agus a n-obair chrua thar ceann na hearnála uile deartha agus ceardaíochta in Éirinn.

Dearcadh Beidh comhoibriú le Ranna Rialtais agus le Gníomhaireachtaí agus lenár bpáirtithe leasmhara fós lárnach i gcur i bhfeidhm rathúil ár bpleananna uaillmhianacha chun an earnáil deartha agus ceardaíochta a fhorbairt agus a bhaint amach a leathnú go hidirnáisiúnta. Chuige sin, táimid ag tnúth le dlúthchaidreamh oibre a choinneáil leis an Roinn Gnó, Fiontar agus Nuálaíochta, Fiontraíocht Éireann, na hOifigí Fiontair Áitiúla, lenár gcliaint agus lenár mballeagraíochtaí, mar aon leis an líonra fairsing de pháirtithe leasmhara straitéiseacha atá againn in Éirinn agus thar lear. Beidh ár gcomhiarrachtaí ríthábhachtach chun deimhniú go mbeidh cultúr dearaidh agus ceardaíochta na hÉireann a aitheanta agus go mbeidh dtabharfar faoi deartha an luach atá ag baint léi, agus go mbeidh an earnáil in ann deiseanna a thapú nuair a bhíonn siad ann. Ar aon dul lenár bPlean Straitéiseach 2017–2020, áirítear ar ár dtosaíochtaí amach anseo dearadh a leabú i bpolasaí an Rialtais agus infrastruchtúr dearaidh na hÉireann a fhorbairt; tacaíocht a thabhairt d’ infheistíocht leanúnach agus mhéadaithe san earnáil deartha agus ceardaíochta; próifíl deartha agus ceardaíochta na hÉireann a ardú go hidirnáisiúnta agus fás onnmhairí agus díolacháin ar líne a thiomáint ar aghaidh; agus taifead fada de dhearthóirí agus de dhéantóirí cumasacha Éireannacha a bhfuil an t-eolas agus na scileanna riachtanacha acu chun freastal ar riachtanais sa todhchaí a thiomsú. Beidh siad seo mar bhonn lenár gcéad Phlean Straitéiseach eile agus muid ag tnúth le comóradh 50 bliain Chomhairle Dhearaidh agus Cheardaíochta na hÉireann in 2021.

Breege O’ Donoghue Cathaoirleach

Karen Hennessy Príomhfheidhmeannach

17

Tuarascáil an Chathaoirligh & an Phríomhfheidhmeannaigh

An Pobal Dár gCuid Braitheann rath ghníomhaíochtaí CDCÉ air go ndéanfar earnáil deartha agus ceardaíochta na hÉireann a chothú agus go gcuirfear fás fúithi agus braitheann sé go mór chomh maith ar ár gcomhoibriú le líonra leathan páirtithe leasmhara. Bhí sé i gcónaí ríthábhachtach, ar mhaithe lenár pleananna uaillmhianacha atá againn don earnáil bheoga seo a chur i gcrích, go rachfar i mbun dlúthoibre lenár mballeagraíochtaí agus lenár gcliant-fhiontair chláraithe chomh maith leis na páirtithe leasmhara príomhúla, poiblí agus príobháideacha araon, ar leibhéal an Rialtais náisiúnta agus áitiúil, agus i réimsí na fiontraíochta, an oideachais, an chultúir agus na turasóireachta. Táimid an-bhuíoch den Roinn Gnó, Fiontar agus Nuálaíochta agus d’ Fhiontraíocht Éireann as an maoiniú agus as an tacaíocht atá tugtha acu don obair a dhéanann CDCÉ. Ba mhaith linn ár mbuíochas a chur in iúl don Aire Gnó, Fiontair agus Nuálaíochta Heather Humphreys T.D. agus do Phríomhfheidhmeannach Fhiontraíocht Éireann Julie Sinnamon as an tacaíocht leanúnach a bhfaighimid uathusan. Táimid faoi chomaoin chomh maith ag go leor Ranna agus Gníomhaireachtaí Rialtais eile agus ag an líonra de pháirtithe leasmhara atá againn sna tionscail chruthaitheacha go ginearálta, in Éirinn agus ar fud an domhain, as an tacaíocht leanúnach atá tugtha acu, agus as an rannpháirtíocht ghníomhach agus an comhoibriú atá déanta acu linn, chun cabhrú linn ár sainchúram a chur i bhfeidhm. Ba mhaith linn ár mbuíochas a chur in iúl do Roinn an Taoisigh, don Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála agus don Roinn Cumarsáide, Gníomhaíochta Aeráide agus Comhshaoil as an tacaíocht atá tugtha acu do thionscnaimh éagsúla le linn 2018.


Chomhairle Dhearaidh & Cheardaíochta na hÉireann

18


Seachadann Comhairle Dhearaidh & Cheardaíochta na hÉireann ( CDCÉ ) cláir nuálacha fiontraíochta a chuireann feabhas ar scileanna gnó a gcliant chun méadú a chur ar onnmhairí agus chun ligean dóibh a gcumas díolachán intíre agus ríomhthráchtála a fhorbairt.

19

Cuspóir: Éilimh do dhearadh agus do cheardaíocht na hÉireann a spreagadh trí infheistiú straitéiseach a dhéanamh in onnmhairithe, ar líne agus i margaí intíre. Tacú le cliaint chun riachtanais an tomhaltóra a thuiscint agus a shásamh. Béim agus Aidhmeanna Straitéiseacha: Cumas cliaint a fhorbairt. — Fiontair chliaint a aithint a bhfuil an poitéinseal acu fás. — Meantóireacht agus tacaíocht a thabhairt do chliaint.

Infheistiú i margaí idirnáisiúnta atá ag dul i méid. — Cur le cáil idirnáisiúnta agus poitéinsealtráchtála dearaidh agus ceardaíochta na hÉireann. — Fiontair chliant a aithint agus cúnamh a thabhairt dóibh maidir le poitéinseal fáis easpórtála. Cabhrú le cliaint méadú a chur ar ríomhthráchtáil. — An tionscal a threorú chun láithreacht ar líne a chruthú chun feasacht ar bhranda agus ríomhthráchtáil a thiomáint. Méadú a chur ar an margadh intíre. — Tacú le cliaint a dhíolann go príomha ina margadh intíre. — Feasacht agus meas a choimeád i measc na bpáirtithe leasmhara go léir in Éirinn.

Ár gcuid Gníomhaíochtaí

2.1

FiontraÍocht


Chomhairle Dhearaidh & Cheardaíochta na hÉireann

20


Deiseal ó chlé ar bharr Seó faisin MADE / Slow ag Showcase – Ireland's Creative Expo®. An mainicín Sarah Morrissey ag caitheamh éadaí cniotáilte de chuid Bernie Murphy lena dtaispeáint

≤ ≤ Cuireann Anne Cassin, láithreoir Nationwide ar RTÉ, agallamh ar Benny Magennis ó Whackpack Furniture mar chuid de chlár faoi OPTIMISE Design Ireland Dearthóirí agus déantóirí Éireannacha in Scéal, tobshiopa faisin i siopa Shráid Nassau de chuid Ghrúpa Kilkenny Showcase – Ireland’s Creative Expo® Aoife Mullane; Baressential; Ballyshane Irish Wood Design; Arran Street East; BTU Glass

Showcase – Ireland’s Creative Expo® 21 – 24 Eanáir Tá Showcase – Ireland’s Creative Expo®, príomhimeacht trádála bliantúil de chuid CDCÉ, ar cheann de na haontaí trádála is mó sa tír. Aonach trádála comhaimseartha dearaidh agus ceardaíochta atá ann, a cruthaíodh chun ceannaitheoirí trádála Éireannacha agus idirnáisiúnta a mhealladh. D’ oscail Heather Humphreys, TD, an t Aire Gnó, Fiontair agus Nuálaíochta an 43ú heagrán go hoifigiúil ag an RDS, Baile Átha Cliath ar an Domhnach, 21 Eanáir.

Buaiteoirí Eile de Ghradam Showcase: Gradam Dearadh na hÉireann de chuid Chomhairle Dhearaidh & Cheardaíochta na hÉireann: Holden Leathergoods

Ba sheó faisin bríomhar a bhí in MADE / Slow ag Showcase 2018 arna léiriú ag an stíleálaí Catherine Condell ina raibh 54 stíl ann ó bhrandaí, lena n-áirítear Áine Knitwear, Avoca, Fishermen Out of Ireland, Irelands Eye, Magee 1866, McNutt of Donegal, Triona Design, Bernie Murphy, Ros Duke agus Tissue. Dearadh agus rinneadh an saothar go léir in Éirinn, rud a chuir fostaíocht tuaithe inbhuanaithe ar fáil trí mheascán teicneolaíochta agus modhanna táirgthe traidisiúnta.

I measc taispeántóirí ag Showcase 2018 bhí 217 cliant CDCÉ ( 51 % de líon iomlán na dtaispeántóirí ).

Tháinig méadú ar líon na gceannaitheoirí a d’fhreastail ar Showcase ó roinnt margaí idirnáisiúnta in 2018, le méaduithe ó mhargaí atá tábhachtach go straitéiseach, lena n-áirítear Sasana ( + 11 % ), an Eoraip ( + 4 % ) agus SAM ( + 2 % ). Ach, tháinig laghdú de 13% ó Thuaisceart Éireann, áfach. Bhí tionchar ag an éiginnteacht faoi Brexit agus an ghluaiseacht ghéar i rátaí malairte ar chostais miondíoltóirí i bPoblacht na hÉireann, agus tháinig laghdú de 18 % ar líon na ndaoine a d’ fhreastail air; Bhí 7 % den laghdú seo mar gheall ar laghdú i líon na siopaí a bhí ag freastal agus bhí an 11 % eile mar gheall ar laghdú ar líon na foirne a sheol gach miondíoltóir de bharr cúiseanna rialaithe costais. Tháinig méadú de 6. 4 % ar orduithe díolacháin a cuireadh isteach ag Showcase 2018 suas go € 23. 9 milliún, rud a léirigh go raibh comhchruinniú níos airde de cheannaitheoirí níos mó d’ardchaighdeán i láthair. Ba iad seo a leanas buaiteoirí na nGradam Showcase bliantúla a fógraíodh an 22 Eanáir: Dámhachtain don Táirge is Fearr: Áine Knitwear Buaiteoirí Catagóire an Táirge is Fearr: Faisean & MADE / Slow: Áine Knitwear Baile: Foxford Woollen Mills Bronntanas: Ballyshane Seodra: Scribble & Stone

Gradam Nuálaíochta agus Ceardaíochta de chuid Chomhairle Dhearaidh & Cheardaíochta na hÉireann: Benefield Spencer Glass Dámhachtain Showcase d’ Fhiontar Áitiúil: Soul Engraver Príomh-ghnóthachtálacha:

I measc taispeántóirí ag Showcase 2018 bhí 217 cliant CDCÉ ( 51 % de líon iomlán na dtaispeántóirí ). D’ fhreastail 4,357 ceannaitheoir trádála as Éirinn agus 23 tír eile air.

21

Tháinig méadú ar líon na gceannaitheoirí a d’ fhreastail air a tháing as na príomh-mhargaí, lena n-áirítear Sasana (+ 11%), an Eoraip (+ 4%) agus SAM ( + 2%). Mhéadaigh orduithe díolacháin a cuireadh isteach ag Showcase 2018 le 6. 4% i gcomparáid le 2017 suas go € 23. 9 milliún. Bhí 428 taispeántóir san iomlán ag Showcase 2018 agus úsáideadh an t-uasmhéid acmhainneachta taispeántais de 4,500 méadar. Roghnaíodh 76 den 217 taispeántóir cliant CDCÉ chun a saothar a chur ar taispeáint sa spás Dearadh na hÉireann®. Bhí 91 taispeántóir le feiceáil sa Taispeántas Fiontair Áitiúil. Baineadh amach clúdach forleathan sna meáin in Éirinn, lena n-áirítear ar Nationwide de chuid RTÉ, Xposé de chuid TV3 agus sna meáin chlóite náisiúnta, réigiúnacha agus ar líne. I measc an chumhdaigh in irisí trádála idirnáisiúnta bhí Senken Shimbun ( an t Seapáin ) agus Home Accents Today ( SAM). Ag tógáil ar an rath a bhí ag imeachtaí roimhe seo agus mar ullmhúchán do Showcase 2019, rinne Fiontraíocht Éireann SAM agus CDCÉ Réamhamharc Showcase a óstáil i Nua-Eabhrac an 14 Lúnasa 2018 chun díriú ar cheannaitheoirí nua don bhliain dár gcionn. Labhair Ard-Chonsal na hÉireann i NuaEabhrac, Ciarán Madden, ag an ócáid.

Ár gcuid Gníomhaíochtaí


Chomhairle Dhearaidh & Cheardaíochta na hÉireann

22


← Dearthóirí Éireannacha ag seastán Dearadh na hÉireann® ag MAISON&OBJET i bPáras ↙

Árthaí Poircealláin Camber-Esker (Droma-Eiscir) le Sara Flynn

↓↓ Showcase – Ireland’s Creative Expo® ↖

Eamonn Terry as Criostal na Rinne

I rith na bliana, lean CDCÉ ar aghaidh ag díriú ar cheann dá phríomh-aidhmeanna straitéiseacha: tacaíochtaí a aithint dá cliaint a bhfuil an cumas acu fás agus tacaíocht a thabhairt do na cumais sin agus iad a fhorbairt trí réimse clár fiontraíochta, ceardlanna agus seisiúin meantóireachta duine le duine.

Cumais na gCliant Á Leathú I rith na bliana, lean CDCÉ ar aghaidh ag díriú ar cheann dá phríomh-aidhmeanna straitéiseacha: tacaíochtaí a aithint dá cliaint a bhfuil an cumas acu fás agus tacaíocht a thabhairt do na cumais sin agus iad a fhorbairt trí réimse clár fiontraíochta, ceardlanna agus seisiúin meantóireachta duine le duine. Ina measc bhí: Clár Fiontraíochta Ceardaíochta agus Deartha á Thógáil: clár saincheaptha de sheacht mí, a sheachadtar i gcomhpháirtíocht le h Oifigí Fiontair Áitiúla ( OFÁ ) ar fud na tíre, a chuir léargais ar fáil do chliaint roghnaithe maidir le taighde margaidh, dearadh táirgí, cumas táirgthe agus costáil, forbairt ghnó, ullmhúchán do sheó trádála agus an timpeallacht mhiondíola. Ghlac rannpháirtithe páirt i gcuairt trádála taighde agus miondíola ar Londain. Clár um Onnmhairithe a Spreagadh: seachadta i gcomhpháirtíocht le OFÁanna ar fud na tíre, chuidigh an clár seo le brandaí a bhfuil ardacmhainneacht acu chun taighde a dhéanamh ar a sprioc-mhargaí, bealaí chuig an margadh a mheas agus chun a n-ullmhacht onnmhairithe a fheabhsú. Ceardlanna agus Meantóireacht Duine le Duine: cliaint a thaispeánann ag Dearadh na hÉireann® ag Showcase – Irish Creative Expo® 2019 agus cuireadh seisiúin mheantóireachta duine le duine ar fáil dóibh maidir le díol agus marsantú amhairc. Cuireadh cúnamh agus comhairle mharsantaithe ar fáil do gach fiontar a bhí cláraithe le CDCÉ a bhí ag taispeáint ag Showcase 2018, lena n-áirítear Dearadh na hÉireann® agus do na taispeántóirí de chuid na Local Enterprise Showcase, agus a bhí siad a chur ar bun san RDS. Reáchtáladh ceardlanna ar onnmhairí a thógáil agus ar tháirgí a bhrandáil i rith 2018 freisin le haghaidh 24 cliant i gcomhpháirtíocht le OFÁ Mhaigh Eo agus OFÁ Chill Mhantáin. Príomh-ghnóthachtálacha: Bhain 62 cliant as Baile Átha Cliath, Gaillimh, Cill Dara agus Dún na nGall céim amach sa chlár um Thógáil Fiontraíochta Ceardaíochta agus Dearaidh 2018, lena n-áirítear Soul Engraver a raibh a thaispeántas bailiúcháin comhaimseartha arna spreagtha ag an oidhreacht ag Weir & Sons, Baile Átha Cliath ó 24 Bealtaine go 4 Meitheamh. D’ fhreastail 35 cliant ar MAISON&OBJET Paris, Premiere Classe, Paris agus Top Drawer i mí Mheán Fómhair mar chuid de mhisin taighde.

23

Ár gcuid Gníomhaíochtaí

←← Deiseal ó chlé ar bharr Dearadh na hÉireann® ag MAISON & OBJET Páras: Arran Street East; Wild Cocoon; Superfolk


D’ oibrigh 11 cliant sa chlár um Onnmhairithe a Spreagadh ar a bpleananna forbartha onnmhairithe atá le críochnú faoi Mhárta 2019.

Chomhairle Dhearaidh & Cheardaíochta na hÉireann

24

Le linn 2018, díríodh ar Optamúchán Inneall Cuardaigh ( OIC ), ar chruthú ábhar agus ar straitéisí na meán sóisialta, rud a chuireann feabhas ar fheidhmíocht an tsuímh agus ar fhás a sheachadadh i bpríomhréimsí amhail.

Ghlac 84 cliant páirt i gceardlanna ar fhorbairt láithreán gréasáin, brandáil, poitéinseal easpórtála & caidreamh miondíola. Bhain 30 cliantfhiontar tairbhe as seirbhísí meantóireachta duine le duine i rith na bliana. Ghlac 9 bhfiontar páirt san imeacht Wearing Irish i Nua Eabhrac agus fuair siad meantóireacht duine le duine chun tacú leo. Dearadh na hÉireann® Is branda tomhaltóra é Dearadh na hÉireann® arna chruthú ag CDCÉ atá tiomanta d’fhonn fairsingiú agus cáilíocht dearaidh agus ceardaíochta na hÉireann a chur chun cinn do lucht féachana domhanda agus Éireannach. Sa láithreán gréasáin a ghabhann leis, DesignIreland.ie, aimsítear agus roinntear smaointí, inspioráid agus eolas ar dhearthóirí cumasacha Éireannacha agus an áit ina bhféadfaidh a gcuid saothar a cheannach, cibé ar líne nó i siopaí liostaithe. DesignIreland.ie Le linn 2018, díríodh ar Optamúchán Inneall Cuardaigh ( OIC ), ar chruthú ábhar agus ar straitéisí na meán sóisialta, rud a chuireann feabhas ar fheidhmíocht an tsuímh agus ar fhás a sheachadadh i bpríomhréimsí amhail trácht orgánach agus atreorú óna dhá ardán meán sóisialta: Facebook agus Instagram. Lean na torthaí ar aghaidh go bhfuil méadú ag teacht ar lucht féachana an tsuímh agus go bhfuil sé anois mar an fhoinse tagartha le haghaidh dearaidh Éireannaigh ar ardchaighdeán, ag cuidiú le feabhas chur ar chlú Chliaint CDCÉ agus ag an am céanna ag tacú le díoltóirí ar líne ardchaighdeáin. Rinneadh feabhsúcháin dearaidh freisin ar DesignIreland.ie i rith 2018. I measc na ngnéithe nua a bhí páirtmhaoinithe ag an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála ( RGET ), bhí léarscáil ‘de réir contae’ de dhearthóirí agus de dhéantóirí agus bunachar sonraí inchuardaithe de cheardlanna agus eispéireas stiúideo ( i gcomhpháirtíocht le Fáilte Ireland ) le haghaidh tomhaltóirí, go háirithe diaspóra na hÉireann, agus tairseach phríobháideach le húsáid go sonrach ag foirne RGET chun an roghnú agus an fháil de bhronntanais a dhéanamh níos éifeachtaí.


Thug 74,000 cuairteoir uathúil ar DesignIreland.ie i rith na bliana, méadú de bheagnach 75% i gcomparáid le 2017, le níos mó ná 33,000 cuairteoir ó thar lear i gcomparáid le 25,000 in 2017. Bhí méadú suntasach ar thrácht tiomáinte ag OAI le méadú de 50% ar líon na tráchta cuardaigh orgánaigh in 2018 i gcomparáid le díreach faoi bhun 25% in 2017. Tháinig méadú ar líon úsáideoirí an tsuímh trí chuardach Google/orgánach 250% ( 36,003 v 10,284 ) agus tháinig méadú de 232% ar líon na seisiún, i gcomparáid le 2017. Dearadh na hÉireann® Ag ImeachtaÍ IDIRNÁISIÚNTA IdirnáisiÚnta Mar chuid de phróiseas roghnóireachta foriomlánn Dearadh na hÉireann®, rinne painéal measúnú ar aon chliaint a léirigh spéis in imeachtaí idirnáisiúnta. Dhírigh roghnóirí ar ullmhacht easpórtála, ar chumas, ar oiriúnacht don mhargadh agus ar scileanna / taithí. Ansin, cuireadh cliaint roghnaithe san áireamh sa liosta fada de bhrandaí a cuireadh faoi bhráid na ngiúiréithe do na seónna sonracha inar ghlac CDCÉ seastáin ghrúpa, ar nós NY NOW® nó MAISON&OBJET Paris. Léirigh 120 cliant san iomlán spéis ann, agus roghnaíodh 54 cinn agus moladh 29 eile don bhliain 2019 chun ligean dá gcuid gnóthaí a bheith níos bunaithe. OPTIMISE Dearadh na hÉireann Is éard atá in OPTIMISE Dearadh na hÉireann, arna fhorbairt ag CDCÉ i gcomhpháirtíocht idir IE Domain Registry ( IEDR ), agus líonra na hOifige Fiontair Áitiúla ( OFÁ ), lena dtugtar cumhacht do bhrandaí nuálacha Éireannacha atá á dtreorú ag an dearadh chun feabhas a chur ar a gcuid láithreachta ar líne, barr feabhais a chur ar a gcumais dhigiteacha agus méadú a chur ar a gcuid díolacháin ríomhthráchtála domhanda tríd an tsaineolas is fearr ó na hearnálacha digiteacha, fiontraíochta agus dearaidh a thabhairt le chéile. Tar éis próisis roghnúcháin, roghnaíodh 40 gnólacht ar fud na tíre don chlár 2017 / 2018 agus, i rith 2018, d’aontaigh IEDR maoiniú a thabhairt do 20 cliant eile don chlár 2019 / 2020. Thuairiscigh na rannpháirtithe go bhfaca siad

buntáistí láidre dá ngnó agus go raibh aiseolas dearfach ag teacht ó na cliaint go léir maidir lena dtuarascálacha, a máistir-ranganna agus na seisiúin ghrianghrafadóireachta. Príomh-ghnóthachtálacha: Chríochnaigh 40 fiontar an clár lena n-áirítear rannpháirtíocht i máistir-ranganna áit a bhfuair siad am duine le duine le sainchomhairleoirí agus eagraíodh seisiúin ghrianghrafadóireachta le haghaidh a n-íomhánna a úsáid ar a láithreáin ghréasáin. Rinne 90 % athruithe ar a gcur chuige i leith ríomhthráchtála agus dúirt 62 % go raibh siad ag baint úsáide as margaíocht ríomhphoist anois nó gur athraigh siad a gcur chuige maidir le margaíocht ríomhphoist. Rinne 90 % athruithe ar a n-ábhar ar líne agus rinne 82 % athruithe ar a ngníomhaíochtaí sna meáin shóisialta.

25

Rinne IEDR infheistíocht i sraith scannán gearr faoin gclár inar léiríodh Red Rufus, Liadain Aiken, Brendan Joseph, agus Áine Breen. Rinne Nationwide RTÉ clár a scannánú a dhírigh ar OPTIMISE Dearadh na hÉireann a craoladh an 15 Deireadh Fómhair agus a raibh agallaimh leis na déantóirí Susannagh Grogan, Danu Ceramics, Whackpack Furniture, Jennifer Slattery Textiles agus Brendan Joseph. An Ciste Aonaigh Idirnáisi Tá an Ciste Aonaigh Idirnáisiúnta ( IFF ) deartha chun tacú le cliaint atá ag réidh le honnmhairiú chun rochtain a fháil ar mhargaí thar lear trí thacaíocht airgeadais a chur ar fáil le haghaidh a dtaispeántas ag aontaí trádála idirnáisiúnta. Déantar roghnúcháin san earrach agus san fhómhar le haghaidh seónna don bhliain dár gcionn. Tacaíonn Coimisiún Forbartha an Iarthair ( CFI ) leis an gciste. Le linn 2018, bronnadh maoiniú ar na fiontair seo a leanas: Claypipe Centre Hanna Hats of Donegal Ltd Jando Julie Clarke Candles Mc Kernan Woollen Mills Natalie B Coleman

Ár gcuid Gníomhaíochtaí

Príomh-ghnóthachtálacha:


Shane Holland Design Workshop Triona Crafts Ltd Zelouf & Bell Príomh-ghnóthachtálacha: Leithdháileadh € 27,000 de mhaoiniú ( € 25,000 ó CDCÉ agus € 2,000 ón WDC ) ar naoi bhfiontar chun páirt a ghlacadh in ocht bhféile i dtrí thír i rith na bliana.

26

NY NOW® 12 – 15 Lúnasa Léirigh seacht ngnólacht deartha agus ceardaíochta Éireannacha a gcuid saothar mar chuid de Dhearadh na hÉireann® sa ceantar suntasach de Accent on Design® ag NY NOW® 2018 i Nua-Eabhrac. Ba é seo an tríú huair a thaispeáin CDCÉ ag NY NOW® agus is é an taispeántas d’earraí baile, stíle beatha agus bronntanais is mó in Oirthear na Stáit Aontaithe ina bhfuil 2,300 taispeántóir.

Arran Street East John Hanly & Co Ltd. Rathbornes 1488 Superfolk Wild Cocoon

Diem Pottery & Design Studio

Rinneadh gníomhaíocht mhargaíochta láidir roimh an seó trádála, lena n-áirítear fótaisheisiún, bróisiúr dátheangach, cuirí do phríomhcheannaitheoirí, pacáiste preasa agus cur chun cinn trí DesignIreland.ie agus suíomh gréasáin M&O. Thug Ambasadóir na hÉireann go dtí an Fhrainc, HE Patricia O’Brien cuairt ar an seó an 23 Eanáir.

Field Apothecary

Príomh-ghnóthachtálacha:

Roghnaigh giúiré NY NOW® seacht mbranda Éireannacha chun páirt a ghlacadh iontu: Bláithín Ennis

Foxford Woollen Mills J. HILL’s Standard Jando Slated

Chomhairle Dhearaidh & Cheardaíochta na hÉireann

MAISON&OBJET Paris 19 – 23 Eanáir Is é MAISON&OBJET Paris ( M&O ) an t-aonach maisiúcháin baile is mó ina ndéantar an pobal idirnáisiúnta deartha intí agus stíl mhaireachtála a nascadh. Roghnaíodh Dearadh na hÉireann® le taispeáint in NOW! DESIGN À VIVRE in 2018, an chuid den seó trádála tábhachtach seo. Chomh maith le taispeántas lárnach coimeádaithe, sa spás Design Ireland® bhí cúig bhranda a roghnaigh giúiré MAISON&OBJET, a raibh seastán tiomnaithe ag gach ceann acu:

D’ fhreastail gach taispeántóir ar an réamhamharc margaidh Showcase a eagraíodh i gcomhar le Fiontraíocht Éireann, agus inar léiríodh táirge ó gach ceann de na brandaí. Bhí Ard-Chonsal na hÉireann i Nua-Eabhrac, Ciarán Madden, mar aoi oinigh ag an ócáid Príomh-ghnóthachtálacha: Bhí orduithe díolacháin ag an aonach ar chomhchéim leis an mbliain roimhe sin agus bhí dóchas láidir ann faoi dhíolacháin a dhéanfar i ndiaidh an seó. Fuair beirt den triúr taispeántóir a d’fhreastail in 2017 orduithe ó mhiondíoltóirí tábhachtach a dhírigh siad orthu tar éis an imeachta de 2017: Músaem Nua-Ealaíne ( MOMA ), San Francisco agus roinnt ball de Chumann Siopa Músaeim.

Bhí an t-aiseolas a fuarthas ón gcúigear thaispeántóir Design Ireland® dearfach, agus bhuail gach branda le ceannaitheoirí spriocdhírithe agus daoine tábhachtacha ag an seó. Thug grúpa mór ceannaitheoirí as Éirinn agus as an Ríocht Aontaithe cuairt ar an seastán, chomh maith le ceannaitheoirí ó Mheiriceá Thuaidh, ón bhFrainc, ón nGearmáin, ó Chríoch Lochlann, ón tSeapáin, ón Meánoirthear agus ó Mheiriceá Theas.


Ghlac ceithre bhranda páirt sa seó: Jando Jennifer Rothwell Mc Kernan Woollen Mills Slated Bhí an seastán suite ag an mbealach isteach chuig an bpríomh halla comhdhála agus an spás taispeántais agus bhí tionchar maith aige agus d’ fhreastail líon maith daoine air. D'oibrigh CDCÉ go dlúth leis an bhfoireann FÉ, a raibh 12 cliant ag taispeáint seastáin gar dóibh, chun láithreacht na hÉireann a uasmhéadú. Príomh-ghnóthachtálacha: D’ fhreastail 328 ceannaitheoir MSA ar an imeacht agus b’ ard a bhí an leibhéal rannpháirtíochta. D’ úsáid CDCÉ agus FÉ an deis chomh maith chun Showcase 2019 a chur chun cinn, ag spreagadh ceannaitheoirí chun machnamh a dhéanamh ar fhreastal ar an ócáid in Éirinn. 2019 – 2021 Clár InfheistÍochta Chun Méadú A Chur Ar OnnmhairÍ Agus DÍolacháin Ar LÍne An 9 Deireadh Fómhair, mar chuid de Bhuiséad 2019, d’fhógair an t Aire Gnó, Fiontair agus Nuálaíochta, Heather Humphreys TD, go bhfaigheadh CDCÉ maoiniú breise de € 1, 800, 000 ón Rialtas le haghaidh clár nua um fhorbairt mhargaidh trí bliana ( 2019 – 2021 ). Cabhróidh sé seo le cliaint ionchasacha méadú a chur ar ioncam easpórtála agus ar líne trí pháirt a ghlacadh in aontaí trádála idirnáisiúnta, trí chomhoibriú le miondíoltóirí suaitheanta agus trí chumais ríomhthráchtála a fheabhsú.

PORTFOLIO Leis an gclár PORTFOLIO de chuid an CDCÉ cothaítear an fás de cháil dearaidh agus féidearthacht tráchtála de dhéantóirí agus de dhearthóirí thar na mórdisciplíní dearaidh agus ceardaíochta comhaimseartha go léir. Tá na déantúsóirí ag táirgeadh earraí nuálacha agus ag obair de réir ardchaighdeán dearaidh agus le scileanna teicniúla. Arna roghnú ag painéal saineolaithe idirnáisiúnta, taispeánann PORTFOLIO saothar comhaimseartha ó níos mó ná 140 de na déantóirí is cáiliúla in Éirinn. Tar éis sheoladh an fhoilseacháin PORTFOLIO: Critical Selection 2017 – 2018 i mBealtaine 2017, leanadh den fhoilseachán a dháileadh ar phríomhspriocanna, lena n-áirítear dánlanna, institiúidí cultúrtha, coimeádaithe, bailitheoirí, na meáin, lucht tionchair, agus leabharlanna go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta, i rith 2018. Osclaíodh an próiseas roghnúcháin do PORTFOLIO: Critical Selection 2019 – 2020 i mí na Samhna agus fuarthas 84 iarratas. Ón 19 go 22 Samhain, tháinig an painéal moltóirí le chéile – Liz Cooper, Coimeádaí Neamhspleách, an Ríocht Aontaithe; Kim Mahwhinney, Ceann Ealaíne, Músaeim Náisiúnta Thuaisceart Éireann agus Johan Valcke, Bunaitheoir Design Flanders agus úinéir de Dhánlann Valcke in Ghent, an Bheilg – chun athbhreithniú a dhéanamh ar na hiontrálacha agus ar an saothar go léir, agus tháinig an Dr. Audrey Whitty, Ard-Mhúsaem na hÉireann, chun an sparánacht a bhreithniú mar ionadaí an RDS.

27

Príomh-ghnóthachtálacha: Don dara bliain, thacaigh PORTFOLIO le ‘MAKING IN / Decoding Craftsmanship’, an dara heagrán de shiompóisiam a d’eagraigh Joseph Walsh Studio chun smaointeoireacht a spreagadh maidir le ceardaíocht, ealaín, dearadh agus ailtireacht. Reáchtáladh an imeacht a mhair an lae uile an 15 Meán Fómhair agus d’fhreastail os cionn 300 aoi air. Tar éis a rannpháirtíochta rathúla in 2017, ghlac CDCÉ páirt in Ealaín, ceiliúradh lae d’ealaín agus de chultúr na hÉireann i nGailearaí Náisiúnta na hÉireann an 15 Iúil. Ba é an téama ná na sufraigéidí agus leagadh béim ar saothar na n-ealaíontóirí ban. Bhí preabthaispeántas de sheacht déantóir ban ón gclár PORTFOLIO: na ceirmeoirí Nuala O’Donovan agus Jennifer Hickey, déantóir leathair Úna Burke, an t-ealaíontóir gloine Alison Lowry, na healaíontóirí miotail Cecilia Moore, an seodóir Julie Connellan,

Ár gcuid Gníomhaíochtaí

Seó Museum Store Association 26 – 30 Aibreán Thaispeáin CDCÉ ag comhdháil bhliantúil agus seó trádála de chuid Museum Store Association ( Washington ) i Washington DC, i gcomhar le Fiontraíocht Éireann ( FÉ ). Bhí an tionscadal seo mar thoradh ar an obair rannpháirtíochta a rinne FÉ le príomhbhaill den MSA, lena n-áirítear cuairt ó bhaill MSA ar Showcase i mí Eanáir.


agus an déantóir troscáin Sasha Sykes. Ina theannta sin, thug Alison Fitzgerald, ball de PORTFOLIO, taispeántas ciseáin.

28

Fuair ionadaithe ó Fhondúireacht Michelangelo rochtain ar chlár PORTFOLIO chun taighde a dhéanamh ar dhéantóirí a d’ fhéadfadh a bheith oiriúnach do Homo Faber, taispeántas ina thaispeántar an cheardaíocht Eorpach is fearr a bhí ar siúl sa Veinéis i mí Mheán Fómhair 2018. Ba iad seo a leanas na hochtar gceardaí Éireannacha a roghnaíodh chun páirt a ghlacadh iontu: an t-ealaíontóir gloine Róisín de Buitléar; an déantóir ciseáin Joe Hogan; an ceirmeoir Jennifer Hickey; an t-ealaíontóir gloine Alison Lowry; an gabha geal Cara Murphy; an dealbhóir cloiche Helen O’ Connell; an dealbhóir Nuala O’ Donovan; agus an t-ealaíontóir agus an déantóir troscáin dealbhóireachta Sasha Sykes. Tá tuilleadh sonraí faoin imeacht seo le fáil ar leathanach 36. Forbairt MhiondÍola In Éirinn Oibríonn CDCÉ i rith na bliana le miondíoltóirí gaolmhara chun tacaíocht mhargaíochta, oiliúint foirne, brandáil, ábhar díolphointe, agus faisnéis maidir le cliaint chláraithe a chur ar fáil. Oibríonn an eagraíocht go dlúth le miondíoltóirí móra a bhfuil suim acu i gceardaíocht agus i ndearadh na hÉireann a chur chun cinn.

Chomhairle Dhearaidh & Cheardaíochta na hÉireann

Príomh-ghnóthachtálacha: Thacaigh CDCÉ le cur chun cinn CREATE 2018 ag Brown Thomas i mBaile Átha Cliath, an t-ochtú ceiliúradh bliantúil ar thallann chruthaitheach na hÉireann, a seoladh an 2 Iúil agus a bhí ar siúl go dtí an 12 Lúnasa. Ghlac níos mó ná 20 dearthóir páirt sa tionscnamh, lena n-áirítear 13 cliant CDCÉ ar nós déantóir leathair Úna Burke, seodóir Helena Malone agus dearthóir éadaí cniotála Pearl Reddington.

Sheol Arnotts a gceiliúradh 175 ú lá breithe an 17 Bealtaine agus d’oibrigh sé le CDCÉ chun imeacht faisin 10 seachtaine a reáchtáil inar cuireadh ar taispeáint dearthóirí agus brandaí Éireannacha, lena n-áirítear taispeántóirí ó MADE / Slow ag Showcase 2018. Seoladh é i mí Mheán Fómhair, agus i measc na ndaoine a roghnaíodh ó MADE / Slow chun páirt a ghlacadh ann bhí Triona Design, Fisherman Out of Ireland, Electronic Sheep, Magee Women’s and Tissue. Chomhoibrigh CDCÉ leis an Kilkenny Group chun bailiúchán faisin agus gabhálais Éireannach a chur i dtoll a chéile ar DesignIreland.ie agus é a chur chun cinn ina shiopa suaitheanta ar Shráid Nassau i rith mhí Mheán Fómhair mar chuid de Scéal, ceiliúradh míosa de chuid Kilkenny Group ar dhearadh agus ceardaíocht Éireannach. Ba iad na cliaint CDCÉ a roghnaíodh ná Elaine Madigan Cashmere, Holden Leathergoods, Debbie Millington Designs, Manley, Emblem Weavers, Shevlin Millinery, Bernie Murphy agus Triona Design. ImeachtaÍ DÍolacháin DhÍrigh In Éirinn Bloom in the Park 31 Bealtaine – 4 Meitheamh Ar siúl i bPáirc an Fhionnuisce, Baile Átha Cliath le linn deireadh seachtaine Shaoire Bainc na Bealtaine, is é Bloom in the Park an fhéile ghairdín agus stíl bheatha is mó in Éirinn, a mheallann tomhaltóirí ABC1 agus meascán d’aois, ó theaghlaigh óga go daoine aosta. Is bealach iontach é do bhrandaí atá ag teacht chun cinn iad féin don lucht féachana seo, chun smaointe táirge a thástáil agus chun ioncam a ghiniúint. Bhí Sráidbhaile Ceardaíochta na hÉireann curtha i láthair ag CDCÉ agus bhí sé suite arís i gcroílár an taispeántais agus bhí 28 taispeántóir miondíola le feiceáil ó raon leathan de dhisciplíní, lena n-áirítear ciseadóireacht, creimeacht, feiltiú, déanamh gallúnaí, déanamh coinnle, teicstílí, agus seodra. Chomh maith leis na taispeántóirí miondíola, bhí ball-eagraíochtaí CDCÉ agus cliantfhiontair ag seachadadh taispeántais bheo nó ag stiúradh ceardlanna ag an ócáid ag Sráidbhaile Ceardaíochta na hÉireann. Thug an t Uachtarán Michael D. Higgins agus a bhean chéile Sabina cuairt ar Shráidbhaile Ceardaíochta na hÉireann i rith an lae oscailte.


Bhí 28 taispeántóir miondíola ag Sráidbhaile Ceardaíochta na hÉireann thar 25 seastán amuigh faoin aer. Rinne seachtar de na gnólachtaí seo a gcuid táirgí a thaispeáint ag Bloom den chéad uair: Erica Devine Botanical Casts; Fab Cow; Lynn Kenny; Martina Scott; Rawsaol; Roy Humphreys; agus Sallyann’s Handmade Bags. Gifted – An t Aonach Ceardaíochta & Dearaidh Comhaimseartha 5 – 9 Nollaig Tá Gifted – An t Aonach Ceardaíochta & Deartha Comhaimseartha fós ar cheann de na seónna is láidre in Éirinn ina ndéantar teagmháil dhíreachleis-an-tomhaltóir agus bhí180 cliant atá cláraithe le CDCÉ ag taispeáint agus agus bhí os cionn 400 taispeántóir san iomlán. Chomh maith le tacú le feachtas tomhaltóra Dearadh na hÉireann® , is é cuspóir CDCÉ ag an ócáid seo ná díriú ar a chuid cliant ag an seó a chur chun cinn agus cuirtear an lógó CDCÉ ar an seastán de gach ceann acu ionas gur féidir le tomhaltóirí táirgí a dhéantar in Éirinn a aithint go héasca. Chruthaigh CDCÉ spás lárnach Bronntanais Roghnaithe sa Phríomh-Halla, taispeántas coimeádaithe de shaothar ó dhéantóirí taispeána atá ina sheirbhís láidir breisluacha do chliaint a thaispeánann agus a chuireann inspioráid agus smaointe ar fáil do chuairteoirí. Príomh-ghnóthachtálacha: Thaispeáin 180 cliant atá cláraithe leis an CDCÉ ag Gifted 2018. Bhí 150 táirge le feiceáil i limistéar taispeána Bronntanais Roghnaithe CDCÉ. Sparánacht CheardaÍochta RDS Tá comhpháirtíocht seanbhunaithe ag CDCÉ leis an RDS, a rinne infheistíocht shuntasach agus leanúnach san earnáil cheardaíochta le 50 bliain anuas leis na Gradaim Cheardaíochta RDS. Chinn an RDS athruithe a dhéanamh ar an gclár dámhachtainí seo in 2018 tar éis athbhreithniú a dhéanamh ar an struchtúr roimhe seo chun an clár dámhachtainí ceardaíochta a ailíniú le clár saothar ealaíon an RDS agus a sprioc chun tacú le healaíontóirí an t-aistriú a dhéanamh ó chleachtas theacht chun cinn go cleachtas gairmiúil. Mar chuid den athstruchtúrú seo bunaíodh Sparánacht

Cheardaíochta Éireannach de chuid an RDS de luach €10,000 a bhronnfaí ar dhéantóir seanbhunaithe in 2019 agus a d’ fhéadfaí a chaitheamh ar bhreisoideachas agus ar oiliúint; taighde; obair nua a fhorbairt; meantóireacht; ceannach trealaimh; feabhsucháin stiúideo; teicneolaíocht; forbairtí agus cónaitheachtaí láithreán gréasáin. D’ fhonn bheith i dteideal na dámhachtana seo, ní mór d’iarratasóirí a bheith ina mball den chlár PORTFOLIO agus den phróiseas iarratais agus déantar an breithniú ag an am céanna leis an bpróiseas roghnúcháin PORTFOLIO ionas go mbeidh fáilte roimh iarratasóirí nua iarratas a dhéanamh ar an sparánacht freisin. D’ óstáil CDCÉ seimineár speisialta faoi Sparánacht Cheardaíochta Éireannach de chuid an RDS an 21 Meán Fómhair agus d’fhreastail go leor déantóirí atá in PORTFOLIO air agus iad siúd a bhfuil sé i gceist acu iarratas a dhéanamh ar an gclár. Rinneadh 32 iarratas don Sparánacht Cheardaíochta Éireannach de chuid an RDS a ndearna painéal saineolaithe neamhspleách measúnú orthu, lena n-áirítear an Dr. Audrey Whitty, Ard-Mhúsaem na hÉireann, a ghníomhaigh mar ionadaí don RDS. BaiIúchán Comhaimseartha Dearaidh & CeardaÍochta Bunaíodh an Bailiúchán Comhaimseartha Dearaidh agus Ceardaíochta ( CCDC ) i 2003 mar chiste ceannaigh comhpháirteach chun saothair nua-aimseartha d’ardchaighdeán a bhailiú ó phríomhdhéantóirí / dhearthóirí na hÉireann le haghaidh Ard-Mhúsaem na hÉireann ( NMI ) chun seandachtaí an todhchaí a chaomhnú do na glúinte atá le teacht. Tá an bailiúchán á chómhaoiniú ag NMI agus CDCÉ. Tá gach éadáil ó 2003 ar taispeáint ar ghailearaí ar líne: portfolio.dccoI.ie/museum. I measc na bhfáltas a rinneadh in 2018 bhí: Julie Connellan Eimear Conyard Sara Flynn Jennifer Hickey James Kelly ó JMK Goldsmiths

29

Ár gcuid Gníomhaíochtaí

Príomh-ghnóthachtálacha:


ComhpháirtÍocht Leis An Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála Tá Meabhrán Tuisceana i bhfeidhm ag CDCÉ agus ag an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála ( RGET ) le haghaidh comhchiste ceannaigh dar teideal An Bailiúchán Comhaimseartha Idirnáisiúnta de Dhearadh agus Ceardaíocht na hÉireann. Oibríonn CDCÉ agus RGET le chéile chun an dearadh agus an cheardaíocht is fearr in Éirinn a fháil ionas go mbeidís ábalta iad a bhronnadh agus a úsáid in ambasáidí in áiteanna éagsúla. Príomh-ghnóthachtálacha:

30

D’oibrigh CDCÉ go dlúth le foireann réadmhaoine an RGET chun comhairle a thabhairt maidir le hearraí deartha agus ceardaíochta agus chun iad a sholáthar, lena n-áirítear an coimisiúnú de ruga d’Ambasáid na hÉireann i Vín agus do mhisean nua na Éireannach ag na Náisiúin Aontaithe i Nua-Eabhrac.

Chomhairle Dhearaidh & Cheardaíochta na hÉireann

Chruthaigh CDCÉ tairseach ar shuíomh gréasáin Dearadh na hÉireann® ( DesignIreland.ie) atá le húsáid go sonrach ag an RGET, ag cur táirgí molta i láthair ar phraghsanna lascainithe nó mórdhíola agus mar sin beidh an roghnú agus an fáil de bhronntanais níos éifeachtaí. D’fhógair an tAire Stáit don Diaspóra agus don Fhorbairt Idirnáisiúnta, Ciarán Cannon TD, an tionscnamh le gairm ghrianghraif an 4 Nollaig. Cónaitheacht Dearaidh Na hÉireann Ag Centre Culturel Irlandais, Páras Le linn 2018, leanadh ar aghaidh leis an gcomhpháirtíocht idir CDCÉ agus Centre Culturel Irlandais leis an gceathrú Cónaitheacht Dhearadh Éireannach bliantúil. Tar éis gairme ar iarratais, bronnadh dhá chónaitheacht ar feadh míosa ar Cóilín Ó Dubhghaill agus Triona Ellis ó The Tweed Project, i gcomhpháirtíocht le Ateliers de Paris.

Turasóireacht Ar dtús báire seoladh Eispéireas Stiúideo Ceardaíochta na hÉireann le Fáilte Ireland in 2013, agus leanadh ar aghaidh leis an teispéireas ceardaíochta is fearr in Éirinn a shainaithint agus a chur chun cinn le linn 2018 agus iad a chur i láthair do chuairteoirí ar bhealach mealltach, comhleanúnach agus sothuigthe. Rinne CDCÉ idirchaidreamh leis an bhfoireann Ireland’s Ancient East agus d’fhreastail sé ar an gceardlann ceardaíochta a d’eagraigh Fáilte Éireann in 2018 leis an aidhm d’feasacht ar eispéiris cheardaíochta i Sean-Oirthear na hÉireann a fheabhsú.


€23.9m

31

4,357

217

84

62

Ceannaitheoir trádála Éireannacha agus idirnáisiúnta a d’fhreastail ar Showcase

Cliant CDCÉ a ghlac páirt i gceardlanna ar fhorbairt láithreán gréasáin, brandáil, poitéinseal easpórtála & caidreamh miondíola

Cliaint de CDCÉ a ghlac páirt i Showcase

Cliant-fhiontar a bhain cáilíocht amach sa chlár Fiontar Ceardaíochta & Deartha a Thógáil

Ár gcuid Gníomhaíochtaí

Orduithe a rinneadh ag Showcase 2018


Chomhairle Dhearaidh & Cheardaíochta na hÉireann

32


Tacaíonn Comhairle Dhearaidh & Cheardaíochta na hÉireann ( CDCÉ ) le fás na hearnála dearaidh agus ceardaíochta trí thaighde agus trí thaispeántais agus cláir forbartha a sheachadadh. Cuspóir: Taighde agus cleachtas nuálaíoch i ndearadh agus i gceardaíocht a threorú chun dearadh a neadú mar rannpháirtí straitéiseach d’fhorbairt iomaíochta, eacnamaíochta agus sochaí na hÉireann amach anseo. Béim agus Aidhmeanna Straitéiseacha: Tacú le nuálaíocht atá bunaithe ar dhearadh — Cur le cáil na hÉireann i nuálaíocht atá bunaithe ar dhearadh. Smaointeoireacht dearaidh a chur chun cinn — Smaointeoireacht dearaidh a leabú ar fud na sochaí.

33

Díriú ar mhaoiniú taighde agus nuálaíochta — Fiosraigh meicníochtaí maoinithe féideartha do nuálaíocht agus taighde atá bunaithe ar dhearadh. Rannpháirtíocht a fhorbairt tríd an nGailearaí Náisiúnta Dearaidh & Ceardaíochta — Taighde a dhéanamh ar chláir thaispeántais, eispéiris agus imeachtaí agus iad a shainiú agus a mhúnlú.

Ár gcuid Gníomhaíochtaí

2.2

Taighde & Nuálaíocht


Chomhairle Dhearaidh & Cheardaíochta na hÉireann

34


Deiseal ó chlé ar bharr Lasting Impressions ag an n Gailearaí Náisiúnta Dearaidh & Ceardaíochta: saothar le Eleri Mills

≤ ≤ Lasting Impressions: An Coimeádaí Gregory Parsons i mbun an an taispeántais a chur ar oscailt Lasting Impressions: saothar le John Mc Keag Saothar ceirmeachta le Nuala O’ Donovan ag Homo Faber

Chabhraigh an clár le 10 micreafhiontar agus mionfhiontair chun dearadh a úsáid mar uirlis straitéiseach d’ fhás gnó.

D’ fhonn an leas is mó a bhaint as acmhainní CDCÉ, lorgaítear maoiniú breise trí iarratais ar institiúidí Eorpacha agus náisiúnta agus is minic a sheachadtar cláir trí chomhpháirtíochtaí straitéiseacha náisiúnta agus idirnáisiúnta. Forbraítear cláir chun cabhrú le baill na g Cuallachtaí, Comhlachais, Líonraí agus Cumainn (  CCLC ) agus na gcliant atá cláraithe le CDCÉ. Orthu seo tá forbairt ghnó agus straitéiseach, tionscnaimh atá beartaithe ar dhearadh, taispeántais agus for-rochtain tríd an n Gailearaí Náisiúnta Dearaidh & Ceardaíochta, agus comhpháirtíochtaí idirnáisiúnta trí Chomhairle Cheardaíochta an Domhain – Eoraip. Design4Growth Fuair Comhairle Dhearaidh agus Cheardaíochta na hÉireann ( CDCÉ ) maoiniú ón Roinn Gnó, Fiontar agus Nuálaíochta ( RGFN ) in 2018 chun Design4Growth a sheachadadh i gcomhpháirtíocht le hOifigí Fiontair Áitiúla ( OFÁ ) in oirdheisceart na hÉireann. Chabhraigh an clár le 10 micreafhiontar agus mionfhiontair chun dearadh a úsáid mar uirlis straitéiseach d’ fhás gnó. Leis an bpróiseas Design4Growth cuidítear le riosca a mhaolú, le costais a laghdú agus le héifeachtúlacht a thiomáint trína chinntiú go ndeartar croí-thairiscintí gnó chun freastal ar riachtanais agus ionchais reatha na gcustaiméirí. Díríodh ar bhuanna gearrthéarmacha rathúla a sheachadadh don úinéir / bainisteoir agus é sin a ailíniú le huaillmhianta agus le treochláir fhadtéarmacha ( bliain amháin go trí bliana ). Chabhraigh sé seo leis na cuideachtaí struchtúir eagraíochtúla níos fearr a chruthú, ullmhú chun scála a dhéanamh agus táirgí agus seirbhísí a fhorbairt do mhargaí nua. Príomh-ghnóthachtálacha: I measc na bpríomhthorthaí / aschuir a bhaineann le seachadadh na forbartha gnó tá: Trí phost lánaimseartha a chruthú agus tá 16 post breise beartaithe. Aithníodh ocht mír custaiméara nua. An Dearadh agus an fhorbairt de chúig thairiscint táirgí nua. An Dearadh agus an fhorbairt de sheacht dtairiscint táirgí nua. Treochláir aontaithe atá le leanúint chun leanúint ar aghaidh leis an turas bunathraithe.

35

Ár gcuid Gníomhaíochtaí


Clinicí Forbartha Táirgí FUSE Tá na Clinicí Forbartha Táirgí FUSE dírithe ar fhiontair cheardaíochta agus dearaidh atá ag iarraidh a réimse táirgí agus aitheantais branda a fhorbairt. Bhí an deis ag cliaint freastal ar chur i láthair inar cuimsíodh na hábhair seo a leanas: dearadh, miondíol, ríomhthaifeadadh, seónna trádála, marsantacht, brandáil, agus treochtaí, chomh maith le páirt a ghlacadh i gclinicí duine le duine le painéal sainchomhairleoirí. Príomh-ghnóthachtálacha: D’ eagraigh CDCÉ, i gcomhar le Cuideachta Forbartha Áitiúil Uíbh Fhailí agus Forbairt Pobail na hIarmhí Clinic FUSE a bhí ar siúl i mBéal an Átha, Baile Átha Luain, Co. na hIarmhí an 22 Samhain.

Chomhairle Dhearaidh & Cheardaíochta na hÉireann

36

An Ciste Forbraíochta Fiontraíochta RéigiúnaÍ Is ciste iomaíoch é an Ciste Forbraíochta Fiontraíochta Réigiúnaí atá deartha chun tacú le tionscnaimh réigiúnacha shuntasacha chun cur le láidreachtaí earnála agus / nó chun acmhainní níos fearr a shainaithint chun cumas fiontair a fheabhsú. Chuir CDCÉ, i gcomhpháirtíocht le Comhairle Contae Chill Chainnigh ( KCC ), IT Cheatharlach ( ITC ), agus Cuideachta Forbartha Tionscail Chill Chainnigh ( KIDCo ), iarratas isteach ar €1,800,000 chun Mol Dearaidh a fhorbairt do réigiún an oirdheiscirt, a bheidh bunaithe i g Cill Chainnigh. D’ oibrigh CDCÉ freisin le hInstitiúid Teicneolaíochta Luimnigh ( LIT ), Ollscoil Luimnigh ( OL ) agus Údaráis Áitiúla i Luimneach, sa Chlár agus i d Tiobraid Árann ar thairiscint de luach €1,400,000 chun Ionad Dearaidh Réigiúnach don Mheán-Iarthair a fhorbairt i Luimneach. Príomh-ghnóthachtálacha: D’ éirigh leis an iarratas ar Mhol Dearaidh a fhorbairt do réigiún an oirdheiscirt a bheidh lonnaithe i g Cill Chainnigh, agus fuarthas maoiniú ó Chiste Forbartha Fiontraíochta Réigiúnach Fhiontraíocht Éireann de €1,843,000. Cláir Idirnáisiúnta Comhairle CheardaÍochta an Domhain – An Eoraip ( CCD-E ) Is líonra leathan é an CCDE a dhéanann ionadaíocht do níos mó ná 30 eagraíocht ceardaíochta náisiúnta, réigiúnacha agus gairmiúla ar fud an Aontais Eorpaigh. Toghadh

Louise Allen, Ceann Cláir Nuálaíochta & Forbartha CDCÉ mar Uachtarán don CCDE i mí Mheán Fómhair 2016 agus cuirfear i gcrích a téarma reatha i Meitheamh 2020. Bhí tionchar suntasach ag atá ag óstáil na hÉireann den Uachtaránacht ar phróifíl cheardaíochta na tíre seo a ardú go hidirnáisiúnta agus soláthraíonn sí rochtain níos fearr ar dheiseanna idirnáisiúnta. Áirítear orthu sin rannpháirtíocht in Homo Faber agus Duais Eorpach na nEalaíon Feidhmeach in 2018 agus an deis do cheardaithe Eorpacha iarratas a dhéanamh ar thaispeántas mar chuid den 25ú Fhéile Chultúrtha Qurain i g Cuáit i mí Eanáir 2019. Ina theannta sin, chabhraigh Uachtaránacht na hÉireann ar CCDE le caidrimh a thógáil a sháraíonn an teacht agus acmhainneacht turasóireacht atá ag an n Gailearaí Náisiúnta Dearaidh & Ceardaíochta ( NDCG ). Príomh-ghnóthachtálacha: Roghnaíodh ochtar déantóirí Éireannacha le haghaidh Homo Faber, taispeántas ina léirítear an cheardaíocht Eorpach is fearr ar reáchtáladh sa Veinéis i mí Mheán Fómhair 2018. Ba é an ráta ab airde in aghaidh an daonra d’ aon tír a ghlac páirt san imeacht. Ba iad na ceardaithe a roghnaíodh: an t-ealaíontóir gloine Róisín de Buitléar; an déantóir ciseáin Joe Hogan; an ceirmeoir Jennifer Hickey; an t-ealaíontóir gloine Alison Lowry; an gabha geal Cara Murphy; an dealbhóir cloiche Helen O’ Connell; an dealbhóir Nuala O’ Donovan; agus an t-ealaíontóir agus an déantóir troscáin dealbhóireachta Sasha Sykes. Mheall Homo Faber 62,500 cuairteoir le linn a thréimhse dhá sheachtain agus breis agus 150,000 leantóir ar na meáin shóisialta. Roghnaíodh dhá mhac léinn déag ó na hIonaid Sármhaitheasa CDCÉ sa Cheirmeacht agus sa Seodra & Órcheardaíocht mar Ambasadóirí Óga don ócáid. Chuir 19 ceardaí Éireannacha isteach ar an Duais Eorpach do na hEalaíona Feidhmeacha in 2018. Roghnaíodh seachtar déantóirí Éireannacha as níos mó ná 600 iarratas ar an taispeántas, Monumentality / Fragility: Duais Eorpach na nEalaíon Feidhmeach a d’ oscail i Mons, an Bheilg an 21 Deireadh Fómhair agus a thug camchuairt ar Chill Chainnigh ( ag dhá shuíomh: Gailearaí Náisiúnta Dearaidh & Ceardaíochta agus Caisleán Chill Chainnigh ) i mí an Mhárta 2019. Ba iad na seachtar


I mí Aibreáin, ghlac Éire páirt don chéad uair i Laethanta Ceardaíochta Ealaíne na h Eorpa agus reáchtáladh os cionn 9,600 imeacht lenar leagadh béim ar cheirdeanna trasna na h Eorpa. Reáchtáladh roinnt imeachtaí ar fud na tíre agus rinneadh próifíl orthu ar shuíomhanna gréasáin Craft in Ireland agus CDCÉ. Roghnaíodh déantóirí Éireannacha Kevin Callaghan, Isobel Egan agus Claire Curneen chun taispeántas a dhéanamh ag Ceramics Biennale, Bornholm, an Danmhairg ón 15 Meán Fómhair go dtí an 11 Samhain. Roghnaigh ohan Valcke, iar-Chomhalta Boird WCCE triúr ceardaithe Éireannacha agus baill de chlár PORTFOLIO CDCÉ – Mike Byrne, Cathy Burke agus Cecilia Moore – chun iad a léiriú ina ghailearaí nua, Valcke Art Gallery in Ghent, An Bheilg in 2019. Maoiniú Eorpach Rinneadh obair shuntasach chun saineolas CDCÉ a fhorbairt, chun caidrimh a thógáil agus chun iarratais ar chistí Eorpacha a chur isteach. Rinneadh meastóireacht ar chásanna glaonna ábhartha a d’ eisigh an Coimisiún Eorpach in 2017 agus 2018 ar bhonn cás ar chás. Cuireadh dhá iarratas isteach le haghaidh maoiniú Interreg Europe agus dhá iarratas ar mhaoiniú Eoraip Chruthaitheach in 2018. Príomh-ghnóthachtálacha: Chomhoibrigh CDCÉ le roinnt comhpháirtithe, lena n-áirítear: Municipality of Florence IT; Vaasa University of Applied Sciences, An Fhionlainn; Artesis Plantijn University College Antwerp; EOI Foundation, Maidrid; Budapest Foundation for Enterprise Promotion; and RAM Central Stara Planina, ar thionscadal Interreg Europe dá dtugtar ‘Crafts Code’ air. D’ éirigh leis an tionscadal seo, a bhfuil sé mar aidhm aige aghaidh a thabhairt ar bheartais réigiúnacha chun iomaíochas a fheabhsú do FBManna ceardaíochta, agus fuarthas maoiniú de €1,500,000. Cuireadh na hiarratais ar mhaoiniú don Eoraip Chruthaitheach isteach i mí na Nollag 2018 agus táthar ag súil le cinntí i mí an Mheithimh 2019.

GailearaÍ Náisiúnta Dearaidh & Ceardaíochta Bunaithe ag CDCÉ sa bhliain 2000, is é an Gailearaí Náisiúnta Dearaidh & Ceardaíochta ( NDCG ) an t-ionad is tábhachtaí in Éirinn le haghaidh ceardaíocht agus dearadh comhaimseartha. Lena chlár taispeántais léirítear na dearthóirí agus na déantóirí is cumasaí agus is oilte i leith ceardaíochta agus dearadh comhaimseartha na hÉireann a bhfuil meas idirnáisiúnta orthu as a ndea-chleachtas. Leagtar béim sa chlár ar réimse éagsúil bua, ón lucht cruthaitheacha atá ag teacht chun cinn agus ó na déantóirí dea-bhunaithe Éireannacha is fearr, chomh maith le dearthóirí idirnáisiúnta a bhfuil teacht domhanda orthu. I measc na bpríomhréimsí fócais tá féiniúlacht, cultúr, nuálaíocht, dearadh agus ceardaíocht. D’ fhorbair agus dhoimhnigh NDCG caidrimh le roinnt comhlachtaí chun tacaíocht a mhéadú dá chláir. Leis an gcaidreamh dearfach a forbraíodh le h Oifig na nOibreacha Poiblí ( OOP ) éascaíodh an cur i láthair de thaispeántais roghnaithe an NDCG in ionaid an OOP, agus ceirdeanna comhaimseartha a nochtadh dá lucht féachana. I measc na dtaispeántas ardphróifíle bhí Hi! Fashion sa Dánlann Farmleigh ( Nollaig 2017 – Bealtaine 2018 ) agus In Precious Metal: Rudolf Heltzel i gCaisleán Bhaile Átha Cliath ( Samhain 2018 – Márta 2019 ).

37

Taispeántais ag an nGailearaí Náisiúnta Dearaidh & Ceardaíochta: Touchstone ( 17 Samhain 2017 – 21 Eanáir 2018 ): An tríú taispeántas i sraith tríbhliantúil a chuir Ceramics Ireland le chéile agus a cheiliúir a chomóradh 40 bliain. Sa taispeántas, léiríodh fairsinge chleachtas ceirmeach na hÉireann agus léiríodh cineálacha éagsúla cur chuige maidir le hobair le cré, agus ghlac 36 ceardaí páirt iontu. Ba iad Tina Byrne agus Elaine O’ Riordan a rinne coimeádaíocht air agus d’ oscail an t Aire Stáit, John Paul Phelan, TD é. In Precious Metal: Rudolf Heltzel ( 1 Feabhra – 18 Aibreán ) : Chuir Rudolf Heltzel, máistir-ghaibhneacht óir agus deilbhín de cheardaíocht agus de dhearadh na hÉireann, taispeántas aonair dá chuid siogairlíní dealbhóireachta eisceachtúla i láthair Ba í Susan Holland, Coimeádaí Taispeántais & Cláir CDCÉ, a rinne an choimeádaíocht agus d’ oscail Mary V. Mullin, Comhairleoir Dearaidh agus Cathaoirleach ar Sir Misha Black Design Awards UK.

Ár gcuid Gníomhaíochtaí

rannpháirtí Éireannacha ná: caoladóir Joe Hogan; gabha geal Cóilín Ó Dubhghaill; an ceirmeoir Nicola Kelly; ealaíontóirí teicstíle Caroline Schofield agus Niki Collier; agus seodóirí Eimear Conyard agus Annemarie Reinhold.


Chomhairle Dhearaidh & Cheardaíochta na hÉireann

38


← In Precious Metal : Rudolf Heltzel ↙

An oscailt de Luster + In Flux ag oscailt ag Gailearaí Famleigh

↙↙ Ó chlé go deis: Mary Heffernan (OPW), Susan Holland (CDCÉ), Rudolf Heltzel, Breege O’Donoghue (Cathaoirleach, CDCÉ), Karen Hennessy (POF, CDCÉ), Louise Allen (CDCÉ) agus Christopher Heltzel ag oscailt In Precious Metal: Rudolf Heltzel ag Gailearaí Árasáin an Stáit

Bounded + Unlimited: Contemporary Jewellery ( 1 Feabhra – 18 Aibreán ) : Chuir an taispeántas seo seodra agus gaibhneacht óir lómhara i láthair le ceathrar ealaíontóirí seodra comhaimseartha as Éirinn agus as an t Sín, agus rinne sé iniúchadh ar chleachtais oibre chomhthreomhara maidir le dearadh, teicnící agus ábhair. Ba í Eimear Conyard, Bainisteoir an Chúrsa sa Seodra & Órcheardaíocht CDCÉ agus Susan Holland Coimeádaí Taispeántais & Cláir CDCÉ, a rinne coimeádaíocht air. Lasting Impressions ( 27 Aib – 4 Iúil ) : Agus iniúchadh á dhéanamh ar an gcaoi a n déanann ceardaithe agus na próisis a úsáideann siad chun rud a tháirgeadh a mhairfidh, ceiliúradh ag an taispeántas seo an cheardaíocht d’ earraí a bheidh ina n-oidhreachtaí amach romhainn. Ba é Gregory Parsons a choimeád é agus d’ oscail Liz Cooper é, tá sí ina Bainisteoir Cláir de DesignNation, Ríocht Aontaithe agus ina Coimeádaí Neamhspleách. San iomlán, ghlac 18 déantóir páirt, ba Éireannaigh iad seachtar díobh, agus tháinig seachtar eile as an mBreatain Bheag agus ceathrar as an gcuid eile den Ríocht Aontaithe. In Flux ( 13 Iúil – 6 Lúnasa ) : Mar thoradh ar dhá bhliain d’ oiliúint dhian i ngach gné de chriadóireacht ag Lárionad Sármhaitheasa sa Cheirmeacht CDCÉ a bhfuil cáil idirnáisiúnta air, ag In Flux, taispeánadh an nuálaíocht agus an éagsúlacht atá i ndearadh agus i dteicníc ceirmeach de dháréag de na déantóirí is nuaí in Éirinn. Ba é Gus Mabelson, Bainisteoir Cúrsa sa Cheirmeacht CDCÉ, a rinne coimeádaíocht ar an taispeántas agus d’ oscail Sara Flynn, ealaíontóir ceirmeach é. OBJ ( 11 Lúnasa 2018 – 23 Eanáir 2019 ) : Cuireadh i láthar mar chuid d’ Fhéile Ealaíon Chill Chainnigh taispeánadh ag .OBJ saothar de 15 déantóirí Éireannacha agus idirnáisiúnta a bhfuil a gcleachtais suite ar an gcrosbhealach de dhigiteach agus analóg. Ba í Nora O Murchú a rinne coimeádaíocht air agus d’ oscail Natalie Kane é, atá mar Choimeádaí an Dearaidh Dhigitigh, Victoria & Albert Museum, Londain.

Taispeántais Camchuairte: Hi! Fashion ( 1 Nollaig 2017 – 3 Bealtaine 2018 ) ag an Dánlann Farmleigh, Baile Átha Cliath agus d’ oscail Deirdre McQuillan, eagarthóir faisin, The Irish Times í. Lasting Impressions ( 21 Iúil – 23 Meán Fómhair ) ag Ionad Ceardaíochta Ruthin, an Bhreatain Bheag agus d’ oscail Susan Holland, Coimeádaí Taispeántais & Clár CDCÉ é. Luster + In Flux ( 27 Meán Fómhair 2018 – 8 Eanáir 2019 ) ag an Dánlann Farmleigh, Baile Átha Cliath a d’ oscail Oliver Sears, Stiúrthóir Gailearaí Oliver Sears, Baile Átha Cliath é. In Precious Metal: Rudolf Heltzel ( 29 Samhain 2018 – 24 Márta 2019 ) ag DánlannaÁrasáin an Stáit, Caisleán Bhaile Átha Cliath arna oscailt ag James O’ Halloran, Stiúrthóir Bainistíochta, Adams Auction House.

39

PrÍomh-ghnóthachtálacha: D’ fhreastail 109,430 duine ar thaispeántais Náisiúnta Dearaidh & Ceardaíochta i g Cill Chainnigh agus in ionaid chamchuairte in 2018. Rinneadh ionadaíocht do 85 déantóir, dearthóir agus stiúideo sa chlár taispeántais. Ba é 55,717 líon iomlán na gcuairteoirí ar thaispeántais Náisiúnta Dearaidh & Ceardaíochta i g Cill Chainnigh in 2018. Ba é 53,713 líon iomlán na gcuairteoirí ar thaispeántais chamchuairte an Ghailearaí Náisiúnta Dearaidh & Ceardaíochta in 2018. Ciste na d’ Taispeántas Seachtrach Bunaíodh Ciste na dTaispeántas Seachtrach ( EEF ) chun cuidiú le forbairt taispeántas neamhspleách ardchaighdeáin a reáchtálann daoine aonair, eagraíochtaí nó grúpaí. Tacaíonn an ciste bliantúil seo le líon beag taispeántas a tháirgtear go gairmiúil ina léirítear ceardaíocht agus dearadh Éireannach in Éirinn nó thar lear. In 2017, d’ athraigh CDCÉ an próiseas iarratais go próiseas ar líne don ghairm ghlaoch EEF

Ár gcuid Gníomhaíochtaí

←← Deiseal ó chlé ar bharr Lasting Impressions ag an n Gailearaí Náisiúnta Dearaidh & Ceardaíochta: saothar le Nicola Henley


2018 do dhearthóirí agus ceardaithe, agus mar thoradh air sin rinneadh an próiseas do dhéantóirí, coimeádaithe agus giúiré a shruthlíniú. Is é cuspóir Ciste na d Taispeántas Seachtrach ( EEF ) ná: Spreagadh agus cúiteamh a thabhairt do scileanna taispeántais gairmiúla faoi stiúir an ghailearaí a fhorbairt i measc na ndéantóirí agus na léiritheoirí dearaidh agus ceardaíochta.. Deiseanna taispeántais shuntasacha a fhorbairt do dhéantóirí na hÉireann. Caidrimh le gailearaí idirnáisiúnta agus bailitheoirí a éascú. Feasacht a mhéadú trí ghníomhaíochtaí oideachais agus for-rochtana a bhaineann le taispeántais dearaidh agus ceardaíochta d’ ardchaighdeáin.

40

Feabhas a chur ar cháil dearaidh agus ceardaíochta na hÉireann in Éirinn agus thar lear. PrÍomh-ghnóthachtálacha: Bronnadh tacaíocht EEF do 2018 ar na faighteoirí seo a leanas: Alan Meredith as a rannpháirtíocht i ‘Sorti du Bois / Out of the Wood’ , taispeántas grúpa idirnáisiúnta arna léiriú ag Carole Baillargeon in Deschambault, Ceanada.

Chomhairle Dhearaidh & Cheardaíochta na hÉireann

Jaki Coffey as a rannpháirtíocht i dtaispeántas cónaithe ‘Mutter Schmuckers’ sa Ghearmáin. Cumann Éireannach na nDearthóirí Stáitse & Scáileáin chun ‘Design & Destroy’, taispeántas radharcagrafaíochta náisiúnta a tháirgeadh ag an Project Arts Centre, Baile Átha Cliath. ‘A Little Nonsense Now and Then’, taispeántas de shaothair nua le 15 dearthóir seodra ag Fumbally Exchange, Baile Átha Cliath. Forbairt de sheó taispeántais ó Cork Textiles Network’s le haghaidh ‘Twisted Threads’ ag an seó Cniotála & Fuála. Bernie Leahy as taispeántas aonair de shaothair nua dar teideal ‘Why We Are’ ag Ionad Ealaíon na hÉireann, Nua-Eabhrac.

Oideachas agus For-rochtain Is cuid lárnach d’ obair an Ghailearaí Náisiúnta Dearaidh & Ceardaíochta é clár ilghnéitheach a fhorbairt ina bhfuil rannpháirtíocht agus forrochtain fhiúntach phoiblí mar chuid den eispéireas taispeántais. I g clár fairsing um Oideachas agus For-rochtain cuirtear gach ceann dá thaispeántais i g comhthéacs, agus cuimsítear sceideal éagsúil de ghníomhaíochtaí oideachais, ar nós: turais ghailearaí; cláir teaghlaigh; ceardlanna do dhaoine fásta; imeachtaí rannpháirtíochta poiblí; cainteanna ó dhearthóir, dhéantóir agus léiritheoirí; ábhar acmhainní oideachais a tháirgeadh; máistir-ranganna agus seimineáir um fhorbairt ghairmiúil. PrÍomh-ghnóthachtálacha: Ghlac níos mó ná 11,000 duine fásta, leanaí agus déagóir páirt i ngníomhaíochtaí agus imeachtaí for-rochtana a d’ eagraigh an Gailearaí Náisiúnta Dearaidh & Ceardaíochta. In 2018, ghlac 1,422 cuairteoir ( gan teaghlaigh san áireamh ) páirt i máistir-ranganna, ceardlanna agus cainteanna de chuid an Ghailearaí Náisiúnta Dearaidh & Ceardaíochta chun páirt a thabhairt do lucht féachana aosach, idir cuairteoirí ginearálta agus déantóirí-dearthóirí. Bealtaine, an féile a cheiliúrann cruthaitheacht de réir mar a théimid in aois ag an n Gailearaí Náisiúnta Dearaidh & Ceardaíochta leis an ócáid​​ bhliantúil Crafternoon Tea, ag an am céanna agus an taispeántas Lasting Impressions. Bhí 65 duine i láthair ó chumainn scoir ghníomhacha éagsúla ó cheantar Chill Chainnigh. Chuir an Gailearaí Náisiúnta Dearaidh & Ceardaíochta fáilte roimh beagnach 350 duine fásta, déagóir agus leanbh chun páirt a ghlacadh i gceardlanna a d’ éascaigh déantóirí ón b Painéal Oideachais Ceardaíochta. Chuir an NDCG clár leathan ceardlann agus deiseanna ar fáil do leanaí, do dhéagóirí agus do dhaoine fásta chun páirt a ghlacadh sa dearadh agus ceardaíocht le linn Fhéile Ealaíon Chill Chainnigh i mí Lúnasa agus ag an am céanna leis an taispeántas, OBJ. Ghlac beagnach 650 duine páirt sna ceardlanna. D’ fhreastail níos mó ná 620 cuairteoir ar ghníomhaíochtaí Oíche Chultúir an 21 Meán Fómhair nuair a d’ eagraigh an NDCG Féile Déanta Cruthaithí i g Clós an Chaisleáin do gach aois.


109,430

41

11,140

85

3

6

Poist lánaimseartha a cruthaíodh tríd an tionscnamh Design4Growth a sheachadadh

Duine aonair nó grúpa a fhaigheann tacaíocht ó Chiste Taispeántas Seachtrach CDCÉ chun taispeántais neamhspleácha a fhorbairt

Duine fásta, leanbh agus déagóir a ghlac páirt i máistirranganna, ceardlanna agus cainteanna Ghailearaí Náisiúnta Dearaidh & Ceardaíochta

Rinneadh ionadaíocht do dhéantóirí, dearthóirí agus stiúideonna sa chlár taispeántais

Ár gcuid Gníomhaíochtaí

Cuairteoir a d’fhreastail ar thaispeántais Ghailearaí Náisiúnta Dearaidh agus Ceardaíochta ( Cill Chainnigh agus camchuairt )


Chomhairle Dhearaidh & Cheardaíochta na hÉireann

42


Tá méadú ag teacht ar an tábhacht atá ag cruthaitheacht agus ag dearadh ar fud an domhain agus i rith 2018 dhírigh Comhairle Dearaidh agus Ceardaíochta na hÉireann (CDCÉ) ar a raon clár oiliúna agus forbartha d’ardchaighdeán a neartú do dhéantóirí atá ag teacht chun cinn agus do dhéantóirí seanbhunaithe, chomh maith le foghlaimeoirí aonair, agus grúpaí ó leibhéil éagsúla oideachais. Rinne CDCÉ idirchaidreamh díreach ar bhonn leanúnach le roinnt comhpháirtithe tionscail chun iarracht a dhéanamh aghaidh a thabhairt ar na riachtanais atá i mbun athraithe ar fud an ghnó agus na sochaí. Cuspóir: Comhoibriú le hoideachas, le tionscal agus le comhpháirtithe eile chun tacú le heolas agus le forbairt scileanna chun freastal ar riachtanais reatha agus ar riachtanais na todhchaí. Béim agus Aidhmeanna Straitéiseacha: Ionaid Sármhaitheasa a fhorbairt. — Tacú le riachtanais na bpríomhearnálacha tionscail trí Ionaid Sármhaitheasa ábhartha a fhorbairt. Bealaí dul chun cinn gairme a fhorbairt. — Deiseanna gairme a fhorbairt i ndearadh agus sa cheardaíocht.

Deiseanna luathfhoghlama a mhéadú. — Deiseanna foghlama a fhorbairt i ndearadh agus i ndéanamh thar gach leibhéal oideachais. Riachtanais atá ag teacht chun cinn a aithint agus tionchar a imirt ar fhorbairtí sa todhchaí. — Ardáin nua a thógáil a dhéileálann le riachtanais gnó, pobal agus cumann atá i mbun athraithe.

43

Ár gcuid Gníomhaíochtaí

2.3

Eolas & Scileanna


Chomhairle Dhearaidh & Cheardaíochta na hÉireann

44


Deiseal ó chlé ar bharr Tionscadal CRAFTed ag SN Ghort na Cloiche, Dún na n Gall Future Makers Awards & Supports 2018: An Mainicín Eimear Helly ag caitheamh saothar seodóireachta le faighteoirí de chuid Future Makers 2018 Lily Read agus Egle Banyte

≤ ≤ Future Makers Awards & Supports 2018: Maincíní Eimear Helly ( c ) agus Appiok Tong ( d ) ag taispeáint míreanna saothair faisin a dhear faighteoirí de chuid Future Makers 2018 Pearl Reddington agus Niamh Flynn, faoi seach Céimithe 2018 Ionad Barr Feabhais sa Criadóireacht CDCÉ in éineacht le Karen Hennessy ( c ) agus Gus Mabelson ( d )

Ionaid Sármhaitheasa Leanadh leis an bhforbairt ar na cláir oiliúna scileanna seanbhunaithe de chuid an CDCÉ sa chriadóireacht ag Baile Mhic Andáin agus seodra agus gaibhneacht óir ag Clós an Chaisleáin, Cill Chainnigh agus le linn 2018 leagadh an bhéim ar iniúchadh a dhéanamh ar naisc bhreise le tionscal, lena n-áirítear an earnáil mhiondíola tráchtála. PrÍomh-ghnóthachtálacha: Osclaíodh Lustre + In Flux, taispeántas de shaothar na gcéimithe is deireanaí de Lár-Ionaid Sármhaitheasa sa Seodra & Órcheardaíocht agus sa Chriadóireacht, ag Dánlann Farmleigh, Baile Átha Cliath an 27 Meán Fómhair. D’oscail Oliver Sears, Stiúrthóir Dánlann Oliver Sears, Baile Átha Cliath, an seó a bhí ar siúl go dtí Eanáir 2019. Ba é seo an chéad chomhthaispeántas de dhá chlár oiliúna CDCÉ agus ba iad Bainisteoirí na gCúrsaí Eimear Conyard agus Gus Mabelson a ndearna coimeádaíocht air. Roghnaíodh cúigear céimithe a bhain cáilíocht amach le deireanaí sa chúrsa Criadóireachta CDCÉ agus seachtar mac léinn ón gcúrsa Seodra & Órcheardaíocht chun páirt a ghlacadh sa chlár Ambasadóirí Óga, comhthionscnamh uathúil oideachais agus cultúrtha a cuireadh i láthair mar chuid de Homo Faber, taispeántas mór cultúrtha a reáchtáladh sa Veinéis, san Iodáil ón 14 go dtí an 30 Meán Fómhair. Ba iad an 12 mac léinn agus céimí an ionadaíocht is mó ó institiúid oideachais aonair ag an ócáid agus tugadh deis uathúil dóibh bualadh le coimeádaithe, le máistir-cheardaithe, le dearthóirí agus le déantóirí óga as níos mó ná 20 tír san Eoraip. In 2018, lean CDCÉ le hobair ar thionscadal idirnáisiúnta an AE, Ceirmeacht agus A Gnéithe ( CAID ) agus roghnaíodh é chun an Cruinniú Comhpháirtíochta foirmiúil CAID a thionól. Reáchtáladh an chomhdháil i gCaisleán Chill Chainnigh ón 5 go dtí an 7 Meán Fómhair agus cuireadh fáilte roimh thoscairí a tháinig as 18 dtír. Cuireadh saothar de 18 déantóir nua as Éirinn agus ar fud na hEorpa ar taispeáint i dTúr na Paráide, Cill Chainnigh an 7 Meán Fómhair, chun é a reáchtáil i gcomhar leis an gcomhdháil CAID. Bhí na déantóirí sa bhabhta ceannais i Future Lights, comórtas bliantúil do chéimithe ceirmeacha as an Eoraip a

bhain cáilíocht amach le déanaí, comórtas atá deartha chun cabhrú leo a gcuid gairmeacha a chur chun cinn. Bhreithnigh painéal idirnáisiúnta de speisialtóirí ceardaíochta dearaidh na hiarrthóirí Future Lights a rinne cur i láthair don phainéal agus aíonna eile, lena n-áirítear baill den phobal. Tar éis próiseas tairisceana seachtrach foirmiúil, ceapadh Delcer Consulting mar athbhreithnitheoir neamhspleách chun staidéar oibiachtúil a dhéanamh ar sholáthar Ionaid Sármhaitheasa CDCÉ. D’fhaomh Fochoiste Athbhreithnithe Straitéisí Bhord an CDCÉ an obair seo. I gceist san athbhreithniú rinneadh faisnéis a bhailiú ó mhic léinn, ón bhfoireann, ón tionscal, ó anailís ar shonraí agus é seo a chur le chéile i dtuarascáil le moltaí le breithniú ag Fochoiste Athbhreithnithe Straitéisí Bhord an CDCÉ.

45

Ionad Sármhaitheasa sa Cheirmeacht CDCÉ Leanann an tIonad Sármhaitheasa sa Chriadóireacht CDCÉ, atá lonnaithe i mBaile Mhic Andáin, Co. Chill Chainnigh, ar aghaidh ag seachadadh dianchláir bunaithe ar scileanna a bhfuil clú agus cáil den scoth bainte amach aige as oiliúint a chur ar mhic léinn ard-spreagtha a bheidh ina chéad ghlúin eile de dhéantóirí-dearthóirí gairmiúla. Tá naisc láidre ag an Ionad Sármhaitheasa leis an earnáil cheirmeachta in Éirinn agus thar lear trí cheardlanna, comhdhálacha agus cónaitheachtaí a reáchtáil. Bhain dhá dhalta déag cáilíocht amach sa Chúrsa Criadóireachta dhá bhliain amach in Iúil 2018. PrÍomh-ghnóthachtálacha: Chuir na mic léinn a gcuid saothar ar taispeáint sa Dánlann Blue Egg, Loch Garman, rud a thabhairt deis dóibh a gcuid saothar a thaispeáint don phobal chomh maith le taithí luachmhar maidir le saothar a chostáil, phraghsáil agus a thaispeáint. Bhí an seó ar siúl ón 22 Márta go deireadh mhí Aibreáin. Ón 23 go 25 Márta, d’fhreastail na mic léinn ar Ceramic Art London, aonach criadóireachta de thrí lá a reáchtáladh sa choláiste ealaíon agus deartha, Central Saint Martins, coláiste a bhfuil cáil air ar fud an domhain. Roghnaíodh Chloë Dowds agus James Hake, scoláirí ó Chúrsa Scileanna Criadóireachta CDCÉ, chun a gcuid saothar a thaispeáint ag an seó mór le rá seo.

Ár gcuid Gníomhaíochtaí


An 17 Bealtaine thug Adam Buick, iarchéimí an Chúrsa Criadóireachta, máistir-rang agus taispeántas i saoráidí an chúrsa. Tháinig sé ar ais ón gCóiré le déanaí, agus labhair Adam faoina fhorbairt ghairme ó bhain sé céim amach agus thug sé léirithe praiticiúla faoina thrádmharc Moon Jars a scaipeadh.

Chomhairle Dhearaidh & Cheardaíochta na hÉireann

46

Reáchtáil Ceramics Ireland, an comhlacht ionadaíoch do chleachtóirí criadóireachta in Éirinn, an t-ochtú Fhéile Criadóireachta Idirnáisiúnta ag Ionad Sármhaitheasa Criadóireachta an CDCÉ. Is éard a bhí san fhéile seo a mhair trí lá ná taispeántais, léachtaí, agus lámhaigh áitheanna a thug ceirmeoirí Éireannacha agus eachtrannacha a raibh cáil orthu go hidirnáisiúnta. Fuair céimithe a bhain cáilíocht amach le déanaí agus i rith na blianta taithí luachmhar agus deiseanna líonraithe trí chabhrú leis an ócáid a eagrú agus a reáchtáil. D’oscail In Flux, taispeántas a chuir saothar na gcéimithe de 2018 i láthair, ag an n Gailearaí Náisiúnta Dearaidh & Ceardaíochta i g Cill Chainnigh an 13 Iúil. Labhair an t Aire Stáit um Oiliúint, Scileanna, Nuálaíocht, Taighde agus Forbairt, John Halligan T. D. ag an oscailt a sheol Sara Flynn, ceirmeoir comhaimseartha a bhfuil gradaim bainte amach aici. Ag an taispeántas léiríodh an sármhaitheas sa cheardaíocht agus sa dearadh a bhain céimithe amach sa chúrsa de dhá bhliain agus bronnadh duaiseanna ar Chris Crawford ( Mac Léinn an Chúrsa 2018 ) agus Natasha Swan ( Gradam an Phríomhfheidhmeannaigh 2018 ). Roghnaíodh saothar ón gcéimí Jin O’Sullivan le haghaidh Gradam Ceannaigh an Chathaoirligh 2018 ó CDCÉ. Bhí an taispeántas ar siúl go dtí an 6 Lúnasa. I gcomhar le Kilkenny Group, dhear agus rinne na mic léinn ceithre shraith de phoircealláin fheidhmiúil chun iad a chur ar taispeáint agus iad a dhíol i siopa suaitheanta na cuideachta ar Shráid Nassau, Baile Átha Cliath i rith mhí Mheán Fómhair. Leis an tionscadal seo, tugadh taithí ar tháirgeadh mórdhíola do mhic léinn, lena n-áirítear praghsáil, margaíocht, spriocdhátaí agus cur i láthair. Chuir na mic léinn láithreoireachtaí in-siopa faoina gcuid oibre i láthair, lena n-áirítear le linn cuairte VIP ó Sophie, Cuntaois Wessex an 28 Meán Fómhair. Bhronn Kilkenny Group duais de € 1,000 ar chéimí cúrsa 2018,

Chris Crawford, dá sraith. Áiríodh ar chritéir don dámhachtain seo úrnuacht dearaidh, cáilíocht na ceardaíochta, freagra ar achoimre tionscadail, díolacháin in-siopa agus aiseolas ó chustaiméirí. Ionad Sármhaitheasa sa Seodra & Órcheardaíocht CDCÉ Cuireann an tIonad Sármhaitheasa sa Seodra & Órcheardaíocht CDCÉ, a bhfuil cáil air, oiliúint d’ardchaighdeán ar fáil trí dhianchlár dhá bhliain, agus cuirtear feabhas air le cuimsitheacht agus tacaíocht ó ghairmithe atá oilte sa tionscal agus a bhfuil ina speisialtóirí i ngach gné den ór agus geal. D’ éirigh le dhá mhic léinn dhéag an chéad bhliain den chúrsa 2017 – 2019 a chur i gcrích i mí Iúil 2017 agus thosaigh siad an dara bliain den chlár i Meán Fómhair. PrÍomh-ghnóthachtálacha: Ghlac gach mac léinn páirt i roinnt máistirranganna a mhúin speisialtóirí tionscail i rith na bliana, lena n-áirítear ceardlanna greanta láimhe le Angus Mc Fadyen, Uachtarán Chumann Greanadóirí Láimhe na Breataine; geameolaíocht le Katharine Hopley, geameolaí; gaibhne geal mór ar scála mór le David Byrne, gabha geal; micrea-shuíomh le Michael Horan; ceardlann dearaidh le Gaynor Andrews; agus ceardlanna ‘snasú agus bailchríoch’ agus ‘laistí agus claspaí’ le Eimear Conyard, Bainisteoir an Chúrsa. Ghlac na mic léinn páirt i gcomórtas chun dámhachtainí a dhearadh agus a chruthú do Ghradaim Talmhaíochta Talamh Smart 2018, agus iad ag obair le Gerry Murphy ó Event Pro agus le cúnamh ón Bronze Art Foundry i mBaile Átha Cliath. Bhuaigh David McCauley an dearadh do Dhámhachtain Talmhaíochta Chliste na hÉireann; ba é Noreen McGuire, buaiteoir deartha Gradam Ceres RDS; agus fuair Eve Doyle an gradam Ard-Mholta dá dearadh. Bronnadh gradam airgid agus cré-umha ar Yasmin Belkhayat, a bhain cáilíocht amach i mí Iúil 2017, ag na gradaim cháiliúla Goldsmiths Design and Craft i Londain sa Chatagóir Cruanadóirí agus Péinteoirí Cruain. Chuir sí a hubh de stíl Fabergé isteach a chruthaigh sí mar chuid dá hobair thionscadail mar mhac léinn sa Chúrsa Seodra & Órcheardaíocht CDCÉ.


47

PrÍomh-ghnóthachtálacha: B’ ionann an duaischiste iomlán do Déantóirí na Todhchaí 2018 agus € 23,500 a roinneadh i 22 dámhachtain agus taca. Fuarthas os cionn 170 iarratas san iomlán. Reáchtáladh an searmanas bronnta an 12 Iúil agus fuair sé tacaíocht ó The Westbury, Baile Átha Cliath le breis agus 115 aoi i láthair. D’ oscail Comhalta Boird CDCÉ agus Cathaoirleach Chomhairle Dearthóirí Faisin na hÉireann an ócáid, Edmund Shanahan agus bhronn Cathaoirleach CDCÉ, Breege O’ Donoghue, gradaim ar an oíche. Roghnaíodh an clár Déantóirí na Todhchaí ag an RDS mar chlár roghnaithe nasctha le haghaidh na n Gradam Ceardaíochta RDS. Rinneadh suíomh gréasáin Déantóirí na Todhchaí ( futuremakers.ie ) a nuashonrú ar aon dul le brandáil an chláir agus chun ligean do ghailearaí buaiteoirí a chur leis.

Ár gcuid Gníomhaíochtaí

Tá sé mar aidhm ag an gclár um Dámhachtainí agus Tacaíochtaí Déantóirí na Todhchaí, arna seoladh ag CDCÉ in 2009, cabhrú le daltaí agus céimithe de staidéir nó oiliúint lánaimseartha ceardaíochta agus dearaidh chun gairm bheatha spreagúil agus thairbheach a shaothrú sa tionscal ceardaíochta agus dearadh.

TrÍÚ Leibhéal Clár um Dámhachtainí agus Tacaíochtaí Déantóirí na Todhchaí Tá sé mar aidhm ag an gclár um Dámhachtainí agus Tacaíochtaí Déantóirí na Todhchaí, arna seoladh ag CDCÉ in 2009, cabhrú le daltaí agus céimithe de staidéir nó oiliúint lánaimseartha ceardaíochta agus dearaidh chun gairm bheatha spreagúil agus thairbheach a shaothrú sa tionscal ceardaíochta agus dearadh. Tá sé ar cheann de na cláir dámhachtana is mó atá maoinithe ag duaiseanna atá i bhfeidhm san Eoraip, agus tá sé roinnte i gcatagóirí mac léinn agus cleachtóirí atá ag teacht chun cinn agus clúdaítear raon leathan disciplíní. Sa chlár Déantóirí na Todhchaí, aithnítear agus bronntar duais as fís, nuálaíocht agus barr feabhais i ndéanamh agus sa phróiseas cruthaitheach i measc mac léinn agus céimithe a bhain cáilíocht amach le déanaí. Ba iad Claudia Casali, Ard-Mhúsaem na Criadóireachta, na hIodáile agus Philip Hamilton, Stiúrthóir Cruthaitheach Perch, Baile Átha Cliath, na breithiúna don bhliain 2018.


Is acmhainn thábhachtach é Painéal Oideachais CDCÉ a chabhraíonn le seachadadh agus forbairt rathúil de chláir oideachais CDCÉ. 48

Ealaíon Feidhmeach Éireann Eagraíonn grúpa na nEalaíon Feidhmeach in Éirinn agus na nEalaíon Feidhmeach Tuaisceart Éireann clár léachtaí bliantúla ar fud na n-institiúidí tríú leibhéal. Tugann siad déantóirí a bhfuil cáil idirnáisiúnta orthu go hÉirinn chun scil agus smaointeoireacht chriticiúil a chur chun cinn i measc mac léinn, léachtóirí agus déantóirí gairmiúla. Déanann CDCÉ urraíocht ar dhá imeacht gach bliain. PrÍomh-ghnóthachtálacha: Bhí léacht le Kit Paulson, ealaíontóir gloine, ar siúl an 25 Deireadh Fómhair ag an gColáiste Náisiúnta Ealaíne is Deartha ( CNED ), Baile Átha Cliath. D’fhreastail os cionn 60 duine ar an ócáid seo. Tionóladh imeacht sraith léachtaí i gcomhpháirtíocht le Músaem Uladh an 13 Samhain. Mar chainteoirí ag an ócáid, bhí na ceirmeoirí Sara Flynn agus Matt Smith agus an t-ealaíontóir gloine Heike Brachlow. D’ fhreastail os cionn 100 duine ar an ócáid seo. Panel Oideachais CDCÉ ( forbairt ghairmiúil do dhéantóirí ) Is acmhainn thábhachtach é Painéal Oideachais CDCÉ a chabhraíonn le seachadadh agus forbairt rathúil de chláir oideachais CDCÉ. Tá an painéal comhdhéanta de níos mó ná 100 déantóir agus dearthóir gairmiúla a fhaigheann grinnfhiosrúchán an Gharda Síochána, oiliúint um chosaint leanaí agus Forbairt Ghairmiúil Leanúnach ( FGL ).

Chomhairle Dhearaidh & Cheardaíochta na hÉireann

PrÍomh-ghnóthachtálacha: Nuashonraíodh Cód Iompair & Beartas Cosanta Leanaí CDCÉ agus ráiteas um Chosaint Leanaí CDCÉ de réir an Achta um Thús Áite do Leanaí 2015 – Treoir Náisiúnta um Chosaint agus Leas Leanaí. Reáchtáladh dhá sheisiún cosanta leanaí don Phainéal Oideachais CDCÉ, seisiún amháin i gCorcaigh agus seisiún eile i mBaile Átha Cliath. D’ fhreastail 52 ball ar fud na tíre ar lá FGL bliantúil ag Ionad Cultúrtha Leanaí The Ark an 2 Feabhra. Ba í an t-ealaíontóir gloine Róisín de Buitléar an príomhchainteoir.


PrÍomh-ghnóthachtálacha:

49

Ghlac 77 scoil agus 1,865 mac léinn páirt sa chlár in 2018. Cuireadh 16 imeacht pleanála réigiúnacha agus 16 imeacht machnaimh ar fáil do mhúinteoirí bunscoile agus do cheardaithe mar bhailchríoch an chláir. Bhí CRAFTed i gcomhpháirtíocht leis an gComhairle Oidhreachta do Bhliain Eorpach na h Oidhreachta Cultúrtha ( EYCH ) agus fuair scoileanna a ghlac páirt san EYCH teastas rannpháirtíochta. Bhí CRAFTed i gcomhpháirtíocht le Narrative 4 chun taispeántas a reáchtáil de n 21 tionscadal EYCH a bhí bunaithe ar an téama, Making Places: Roinnt Oidhreachta, i g cathair Luimnigh le linn na Seachtaine Oidhreachta Náisiúnta. Ina theannta sin, reáchtáladh dhá cheardlann cheardaíochta, imeacht malartaithe scéalta agus gníomhaíochtaí buaileadh isteach le linn na Seachtaine. Tionscadal Pobail CRAFTed An Oileáin Mhóir: chun comaitéireacht a éascú don dhéantóir CRAFTed Liz Flatman chuig scoil ar an Oileán Mór, Iarthar Chorcaí, cuireadh an tionscadal le chéile le cónaitheacht a mhair ar feadh seachtaine ina raibh ceardlanna teicstíle san áireamh do na grúpaí scoir gníomhacha ar an oileán agus cómhaoinigh Ionad Oideachais Iarthar Chorcaí agus Tionscadal Pobail an Oileáin Mhór é. Chomh maith leis an scoil, ghlac 24 duine fásta páirt i gceardlanna scileanna ceardaíochta le Liz.

Ár gcuid Gníomhaíochtaí

Bíonn teacht ag an gclár CRAFTed CDCÉ ar bhreis agus 1,800 leanbh gach bliain trína chomhpháirtíocht leis na hIonaid Oideachais.

An Chéad Leibhéal CRAFTed Scileanna don Saol a Fhoghlaim Is Clár do bhunscoileanna ar fud na tíre é CRAFTed atá á reáchtáil ag CDCÉ a thacaíonn le seachadadh an curaclaim amharcealaíona. Leis an gclár CRAFTed de chuid CDCÉ, tugtar deis iontach do leanaí bunscoile agus múinteoirí chun a gcuid cruthaitheachta a iniúchadh agus scileanna nua a fhoghlaim trína bheith ag obair le dearthóirí gairmiúla agus ceardaithe. Éascaítear oiliúint chomhoibríoch chomh maith le rochtain ar cheardaithe ard-oilte agus tugtar an deis do mhúinteoirí agus do scoláirí ábhair nua a iniúchadh, ar nós cré, prionta, fabraic agus snáithín, mar aon le tógáil mhiotail, adhmaid agus adhmad sailí. Bíonn teacht ag an gclár CRAFTed CDCÉ ar bhreis agus 1,800 leanbh gach bliain trína chomhpháirtíocht leis na hIonaid Oideachais.


Oiliúint Múinteora agus Comhpháirtíochtaí Tríú Leibhéal Sainaithníodh coláistí tríú leibhéal agus Forbairt Ghairmiúil Leanúnach ( FGL ) do mhúinteoirí cleachtacha mar phríomhréimsí fócais chun cur le tionchar modheolaíochtaí teagaisc CRAFTed ar Churaclam na nAmharcealaíon i mbunscoileanna. Is í aidhm na gclár seo ná tuiscint a mhéadú i measc múinteoirí agus múinteoirí faoi oiliúint maidir leis an tábhacht atá ag ceardaíocht agus dearadh san oideachas. PrÍomh-ghnóthachtálacha: CRAFTed CPD Summer Courses for primary teachers were held in eight Education Centres: Cill Chainnigh ( arna seachadadh ag déantóirí Carrie Lynam agus Adele Stanley ) Sligeach ( arna seachadadh ag an déantóir Susan Basler )

50

Maigh Eo ( arna seachadadh ag an déantóir Aoife O’ Toole ) Baile Átha Luain ( arna seachadadh ag an déantóir Francis Kilcommins ) Trá Lí ( arna seachadadh ag an déantóir Aidan Power ) Iarthar Chorcaí ( arna seachadadh ag na déantóirí Julie Forrester agus Liz Flatman ) Cill Dara ( arna seachadadh ag na déantóirí Liadain De Buitlear agus Isobel Egan )

Chomhairle Dhearaidh & Cheardaíochta na hÉireann

Laois ( arna seachadadh ag na déantóirí Marika Miklosi agus Christien Van Bussell ) Reáchtáil modúil CRAFTed do mhúinteoirí faoi oiliúint san Institiúid Oideachais, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath agus Coláiste Mhuire gan Smál, Luimneach. Ghlac 132 múinteoir faoi oiliúint páirt iontu le linn 2018. Tugadh láithreoireachtaí taighde ag Comhdháil Chumann na Múinteoirí / Ionaid Oideachais in Éirinn ( ATECI ), Ionad Oideachais Chill Chainnigh an 14 Deireadh Fómhair agus ag an gComhdháil Idirnáisiúnta um Oideachas Ealaíne agus Deartha, a reáchtáladh in NCAD, Baile Átha Cliath an 17 Samhain.

Foilsíodh páipéar taighde dar teideal ‘Process Art and the Natural Environment – An Approach to Teaching Visual Art at Primary Level’ le Polly Minett agus Andrea Cleary ó Institiúid Oideachais Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath in ATECI Conference Journal. Scríobhadh an páipéar i gcomhpháirtíocht le CRAFTed. An Dara Leibhéal Clár Píolótach um Dhearadh le DesignCORE Ba staidéar taighde gníomhaíochta é an clár píolótach um smaointeoireacht dearaidh iar-bhunscoile a reáchtáil DesignCORE agus an Roinn Daonnachtaí in IT Cheatharlach agus thug CDCÉ tacaíocht dó. Ba é Sandra Reid a rinne an taighde faoi mhaoirseacht Carmel Maher, Colin Deevy agus an Dr. PJ White. Ba iad seo a leanas na scoileanna rannpháirteacha: Coláiste Duiske, Gráig na Manach, Co. Chill Chainnigh; Gairmscoil na Buiríse, an Bhuiríos, Co. Cheatharlach; Coláiste Tyndall, Ceatharlach; agus Coláiste Grennan, Baile Mhic Andáin, Co. Chill Chainnigh. Ba iad na dearthóirí a ghlac páirt ná an dearthóir grafach Leon Butler, an ceirmeoir Chloë Dowds, agus Aideen McHugh ( Cúntóir Taighde DesignCORE ). PrÍomh-ghnóthachtálacha: Reáchtáladh an cheardlann mhapála tosaigh an 15 Nollaig 2017 le 19 rannpháirtí a chuimsigh ionadaithe ón tSeirbhís um Fhorbairt Ghairmiúil do Mhúinteoirí ( SFGM ), Encountering the Arts Ireland ( ETAI ), mic léinn agus múinteoirí ó thrí scoil san oirdheisceart agus triúr dearthóir-déantóirí atá cláraithe le CDCÉ. Mar fhreagra ar riachtanais na múinteoirí agus na mac léinn, rinneadh an taighde i bhfoirm ceardlanna comhphleanála le seisear dearthóirí, seisear múinteoirí agus 12 mhac léinn ó cheithre scoil dara leibhéal rannpháirteacha i g Contae Cheatharlach. Leis an taighde agus na ceardlanna, scrúdaíodh na bealaí inar féidir le dearthóirí tacú le múinteoirí agus le daltaí chun cur chuige cruthaitheach a fhorbairt i leith réiteach fadhbanna. Bhí tionchar mór ag an taighde seo ar an gclár DesignSKILLS nua.


PrÍomh-ghnóthachtálacha Reáchtáladh lá oiliúna náisiúnta ag ArdMhúsaem na hÉireann, Dún Uí Choileáin an 13 Deireadh Fómhair.

FGL Samhraidh leis an tSraith Shóisearach do Mhúinteoirí (JCT) Leis an gclár samhraidh Forbartha Gairmiúla Leanúnaí (CPD) dhá lá a cuireadh ar fáil do mhúinteoirí Amharc-Ealaíne, tugadh deiseanna chun dul i ngleic leis na torthaí foghlama i sonraíocht nua Amharc-Ealaíne na Sraithe Sóisearaí. Ag baint úsáide as cur chuige praiticiúil, bhí taithí ag múinteoirí ar raon modheolaíochtaí agus teicnící chun tacú le himscrúdú agus iniúchadh na gcúig ghné ealaíne amhairc: teanga chriticiúil agus amhairc; líníocht; cultúr agus léirthuiscint amhairc; eilimintí ealaíne agus prionsabail dearaidh; agus na meáin. PrÍomh-ghnóthachtálacha Reáchtáladh ceardlann in Institiúid Teicneolaíochta na Gaillimhe-Maigh Eo (GMIT) an 6 agus an 7 Meitheamh leis an déantóir teicstíle Kathy Mooney agus ionadaí JCT Maria Moore agus ghlac 13 múinteoir páirt iontu.

Reáchtáladh an tionscadal i 26 scoil idir mí na Nollag 2018 agus mí Eanáir 2019 agus ghlac 504 mac léinn, 29 múinteoir agus 27 déantóirdearthóir páirt san iomlán.

Reáchtáladh ceardlann Chill Chainnigh ag an nGailearaí Náisiúnta Dearaidh & Ceardaíochta (6 Meitheamh) agus ag Ionad Oideachais Chill Chainnigh (7 Meitheamh) leis an bhfíodóir Sandra McAllister agus Margaret O'Shea, Ceannaire Foirne don Amharcealaín, FGL don tSraith Shóisearach (ghlac 26 múinteoir páirt).

Reáchtáladh cúig imeacht machnaimh réigiúnacha i Sligeach, i g Cill Chainnigh, san Uaimh, sa Charraig Dhubh agus i Luimneach áit a roinn múinteoirí agus dearthóirí-déantóirí a dtaithí ar an gclár.

Reáchtáladh ceardlann Chorcaí ag Coláiste Ealaíne Crawford CIT (5 agus 6 Meitheamh) leis an gceirmeoir Julie Forrester agus ionadaí JCT Gemma Tierney, agus ghlac 12 múinteoir páirt ann.

51

Ár gcuid Gníomhaíochtaí

DesignSKLLS Reáchtáiltear an clár DesignSKILLS i gcomhpháirtíocht leis an t Sraith Shóisearach do Mhúinteoirí ( JCT ). Tá sé mar aidhm aige scileanna a fhorbairt maidir leis an bpróiseas deartha in iar-bhunscoileanna in Éirinn. Tríd an gclár déantar nasc idir dearthóirí-déantóirí gairmiúla agus múinteoirí chun miontionscadal sé huaire a fhorbairt ina ndéantar scrúdú ar an bpróiseas dearaidh. Dírítear ar thús an phróisis seo agus cuirtear béim ar idé-eolaíocht, réiteach fadhbanna, smaointeoireacht éagsúil, tógáil riosca agus turgnamh. Bíonn tionchar ag an gclár ar na daoine óga a ghlacann páirt i dtionscadail an tseomra ranga, agus cruthaítear leagáid leis na múinteoirí, agus uasoiliúint á tabhairt dóibh i seachadadh an phróiseas deartha. Tá DesignSKILLS páirtmhaoinithe ag Éire Ildánach tríd an gCiste Náisiúnta Cruthaitheachta agus faightear tacaíocht ón gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta leis.


AIB Future Sparks Is clár é AIB Future Sparks atá dírithe ar mhic léinn sa tsraith shinsearach agus tá sé comhdhéanta de AIB Build A Bank Challenge and the AIB Future Sparks Festival. Dearadh an clár dara leibhéal agus na mic léinn ag an gcroílár, ag múineadh dóibh conas gnó a reáchtáil, ag tabhairt spreagtha dóibh le roghanna gairme na todhchaí agus iad a threorú maidir leis an méid atá le déanamh chun a bheith mar chuid d’ fhórsa saothair. PrÍomh-ghnóthachtálacha: Reáchtáladh na himeachtaí seo san RDS, Baile Átha Cliath an 21 agus 22 Márta. Bhí sé dírithe ar mhic léinn sa tsraith shinsearach agus ar a gcuid múinteoirí, ba é uaillmhian na n-imeachtaí ná gairmeacha sa ghnó agus san fhiontraíocht a spreagadh.

52

Bhí trí spás ceardlainne ag CDCÉ: Bloc Priontála, Fab Lab i gCluainín Mhainéir agus Criadóireacht Choill an tSrutháin. Rinne CDCÉ coimeádaíocht ar shraith cainteanna gairme ina raibh an t-oibrí leathair Úna Burke, an dearthóir táirgí Leo Scarff, an potaire Elaine Fallon agus Bainisteoir Oideachais CDCÉ, Fiona Byrne. Bhí spás taispeántais ag CDCÉ ina cuireadh ar taispeáint saothar na bhfaighteoirí CDCÉ Déantóirí na Todhchaí agus inar cuireadh chun cinn láithreacht CDCÉ ar careersportal.ie

Chomhairle Dhearaidh & Cheardaíochta na hÉireann

Measadh gurb’ionann líon na ndaoine ar fhreastail air thar dhá lá na hócáide agus 6,500.

Careersportal.ie Is é Careersportal.ie an príomhláithreán treorach gairme in Éirinn agus soláthraíonn sé an chomhairle is déanaí chun tacú le forbairt gairme agus taighde oideachais. Tá sé á reáchtáil ó 2007 i leith agus bíonn 1. 8 milliún cuairteoir air in aghaidh na bliana, ceithre mhilliún imprisean leathanaigh sa mhí agus 630,000 úsáideoir cláraithe lena bpunann gairme féin. Tá sé dírithe ar an dara agus tríú leibhéal, foghlaimeoirí aosaithe, cuardaitheoirí poist, tuismitheoirí agus caomhnóirí, agus gairmithe / soláthraithe gairmthreorach. PrÍomh-ghnóthachtálacha: Rinneadh próifíl CDCÉ ar careersportal.ie a athghníomhachtú agus a nuashonrú agus is é an saineolaí earnála le haghaidh ceardaíochta agus dearaidh. Sholáthair roinnt cliant CDCÉ freagraí ar cheisteanna faoina gcuid cosán gairme féin agus tá na próifílí seo á n-óstáil ar an suíomh. I measc na ndéantóirí rannpháirteacha tá an ceirmeoir Sara Flynn, an t-ealaíontóir gloine Scott Benefield, an dearthóir teicstíle TISSUE, an deileadóir adhmaid Alan Meredith, agus an déantóir seodra Gayle Anderson. Comhpháirtíochtaí Cruthaítear cláir níos cumhachtaí trí chomhpháirtíochtaí; cuireann siad saineolas agus acmhainní earnála le chéile. Ina theannta sin, fuarthas €21,580 ón g Ciste Náisiúnta Cruthaitheachta chun rolladh amach de DesignSKILLS in 2018 agus 2019. I measc na bpríomhchomhpháirtithe le linn 2018 bhí: Éire Ildánach; Cumann na Múinteoirí / Ionaid Oideachais in Éirinn ( ATECI ); An t Sraith Shóisearach do Mhúinteoirí ( JCT ); The Ark; Ealaíon Fheidhmeacha na hÉireann; designCORE ag IT Cheatharlach; Ard-Mhúsaem na hÉireann; An Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta ( CNCM ); agus Bainc-Aontas Éireann.


€23,500

53

1,865

77

Dalta a ghlac páirt sa chlár CRAFTed

Bunscoil aonair a ghlac páirt sa chlár CRAFTed

504

12

Mac léinn iar-bhunscoile a ghlac páirt i gclár DesignSKILLS i 26 scoil idir Nollaig 2018 agus Eanáir 2019

de cheirmeoirí nua na hÉireann a bhain cáilíocht amach sa Chúrsa Scileanna & Dearaidh Criadóireachta ag Ionad Sármhaitheasa sa Cheirmeacht CDCÉ agus thaispeáin siad a gcuid saothar sa taispeántas, In Flux

Ár gcuid Gníomhaíochtaí

Bronnta ar 22 mac léinn / céimí a bhain cáilíocht amach le déanaí agus ar dhéantóirí atá ag teacht chun cinn i gclár 2019 Dámhachtainí agus Tacaíochtaí Dhéantóirí na Todhchaí CDCÉ


Chomhairle Dhearaidh & Cheardaíochta na hÉireann

54


Tá sé mar phríomhaidhm ag Comhairle Dhearaidh agus Cheardaíochta na hÉireann ( CDCÉ ) poiblíocht a ghiniúint agus feasacht a mhúscailt maidir leis an ardchaighdeán agus éagsúlacht de shaothair dhearthóirí agus déantóirí Éireannacha in Éirinn agus thar lear.

55

Cuspóir: Obair na ndearthóirí agus ndéantóirí Éireannacha a chur chun cinn i margaí intíre agus i margaí idirnáisiúnta. Comhoibriú le comhpháirtithe straitéiseacha chun feasacht a ardú faoin earnáil dearaidh agus cheardaíochta. Béim agus Aidhmeanna Straitéiseacha: Cur le feasacht — Easacht ar an earnáil a mhúscailt trí thionscnaimh CDCÉ. Deiseanna bolscaireachta a chruthú agus an leas is mó a bhaint astu — Comhoibriú le comhpháirtithe agus leis na meáin chumarsáide chun dearadh agus ceardaíocht na hÉireann a chur chun cinn.

Páirt a thabhairt do lucht féachana — Leas a bhaint as cumarsáid dhigiteach chun teagmháil a dhéanamh le lucht féachana reatha agus nua. Cumhacht a thabhairt do chliaint agus do bhalleagraíochtaí — Treoir a thabhairt do bhalleagraíochtaí maidir lena gcur chun cinn.

Ár gcuid Gníomhaíochtaí

2.4

Cur Chun Cinn & Feasacht


Chomhairle Dhearaidh & Cheardaíochta na hÉireann

56


Deiseal ó chlé ar bharr .OBJ: Pom Pom Mirror le Daniel Rozin Photocall chun uasghráduithe le bheith curtha le DesignIreland.ie a fhógairt. An mainicín Januaruy Russell Winters ag caitheamh éadaí cniotáilte le Pearl Reddington Gairm ghrianghraf chun MADE / Slow at Showcase – Ireland's Creative Expo® a fhógairt. Ó chlé go deis: Eve Connolly ag caitheamh Triona; Thalia Heffernan ag caitheamh Elaide Madigan; Kelly Horrigan ag caitheamh Áine Díospóireacht phainéil ag taispeántas .OBJ sa Ghailearaí Náisiúnta Dearaidh & Ceardaíochta

Múscailt Feasachta Le chéile lenár gcliantfhiontair, lenár mballeagraíochtaí, comhpháirtithe iomadúla agus na meáin chumarsáide, táimid dírithe ar phoiblíocht leanúnach a chur chun cinn agus a ghiniúint maidir le caighdeán agus éagsúlacht oibre na ndearthóirí agus na ndéanta Éireannacha, agus ar ardú feasachta ar an méid a chuireann ár n-earnáil le geilleagar na hÉireann agus le tairiscint chultúir agus turasóireachta na hÉireann. Le linn 2018 rinneadh athbhreithniú ar fhéiniúlacht amhairc CDCÉ chun ailtireacht an bhranda agus na prionsabail threoracha chun an gaol idir an eagraíocht agus a cláir ghníomhaíochta a shoiléiriú. Is é an t-uaillmhian iomlán ná raon sócmhainní branda CDCÉ a shruthlíniú agus a shimpliú, agus atá sé sin a dhéanamh, tacú le branda agus féiniúlacht CDCÉ a dhéanamh níos láidre. Cuirfear an tionscadal seo i gcrích i rith 2019. Ós rud é go bhfuil sé ríthábhachtach do sheachadadh na gclár uile atá cuimsithe inár bPlean Straitéiseach 2017 – 2020, tá go leor de na gníomhaíochtaí agus na héachtaí i réimse an chur chun cinn agus na feasachta le feiceáil i gcodanna eile den Tuarascáil Bhliantúil seo. ComhpháirtÍochtaÍ & Caidreamh Á gCothú Tá comhoibriú leanúnach fíorthábhachtach chun deiseanna bolscaireachta a chruthú agus a threisiú dár n-eagraíocht agus don earnáil bheoga a ndéanaimid ionadaíocht di. Le blianta fada, tá caidrimh agus comhpháirtíochtaí straitéiseacha bunaithe agus forbartha ag C D C É, agus coinníodh béim ar an réimse seo i rith 2018, go háirithe leis na meáin réigiúnacha, náisiúnta agus idirnáisiúnta, agus leis na foirne cumarsáide in eagraíochtaí comhpháirtíochta eile. Le linn 2018, lean C D C É ag obair go dlúth le roinnt Ranna agus Gníomhaireachtaí Rialtais maidir le gníomhaíochtaí bolscaireachta, go háirithe leis an Roinn Gnó, Fiontar agus Nuálaíochta maidir le pleanáil agus seachadadh príomhimeachtaí agus clár ar nós seoladh Showcase – Ireland’s Creative Expo® agus fógra faoin tionscnamh Design4Growth san oirdheisceart i gcomhar le Fiontraíocht Éireann agus na hOifigí Fiontair Áitiúla ( O F Á ). D’ oibríomar go dlúth le Fiontraíocht Éireann chomh maith leis an líonra d’ OFÁanna, go háirithe maidir le Showcase – Creative Ireland Expo® a chur chun cinn, sa tréimhse roimh

agus i rith an tseisiúin bhliantúil. Chomhordaigh an líonra d’ oifigí thar lear de chuid Fiontraíocht Éireann na n-cuairteanna de na meáin idirnáisiúnta ar Showcase agus mar thoradh air seo, cumhdaíodh go hidirnáisiúnta dearthóirí agus déantóirí Éireannacha tar éis an seó. Tá tacaíocht tugtha ag an tsraith R T É Nationwide le Showcase le tamall fada anois, agus arís eile taifeadadh clár a bhí tiomnaithe don seó trádála agus craoladh é i mí Eanáir, ina raibh roinnt de na taispeántóirí rannpháirteacha le feiceáil. Le linn na bliana bhí tuilleadh cumhdaigh de dhearthóirí agus de dhéantóirí Éireannacha ar Nationwide agus craoladh go leor gnéithe ar an gclár teilifíse príomh-ama seo a bhfuil an-tóir air. Áiríodh orthu seo eipeasóidí ar an gclár OPTIMIZE Dearadh na hÉireann, láithreacht na hÉireann ag an mórthaispeántas cultúrtha Homo Faber sa Veinéis, agus taispeántóirí ag Aonach Ceardaíochta & Deartha Halla na Cathrach i gCorcaigh. Thug CDCÉ ionchur freisin do phleananna an seó maidir le sraith de thrí eipeasóid chothrom 25ú bliana lena n-áirítear breathnú arís ar The Handmade Soap Company sa Mhí don eipeasóid a craoladh i mí na Samhna. D’ oibrigh CDCÉ leis an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála ( RGET ) ar fhógra i mí na Nollag maidir le feabhsúcháin ar DesignIreland.ie chun cabhrú le diaspóra na hÉireann dearadh agus ceardaíocht a cheannach óna gcontae dúchais. Chomh maith leis sin, rinne CDCÉ idirchaidreamh le Roinn an Taoisigh agus le foireann Éire Ildánach chun ábhar a chur ar fáil do Ireland.ie chun infheictheacht na hearnála dearaidh agus ceardaíochta a choimeád ar an ardán gréasáin seo, ardán a chruthaíonn nasc amháin do lucht féachana idirnáisiúnta le hÉirinn agus is comhpháirt thábhachtach í de thionscnamh Éire Domhanda – Lorg Domhanda na hÉireann go dtí 2025. Arís eile, ba ríthábhachtach an obair dhlúth a rinneadh le Tourism Ireland agus le Fáilte Ireland araon maidir le heispéireas dearaidh agus ceardaíochta a chuimsiú i gcúrsaí taistil na ngrúpaí preasa a bhí ag teacht isteach, chun gabháil leis na meáin idirnáisiúnta i rith 2018, ar nós cuairte ag iriseoirí agus blagairí Síneacha go Cill Chainnigh i mí Dheireadh Fómhair. Mar thoradh ar chruinnithe sceidealta agus cuairteanna ar stiúideonna le dearthóirí agus le déantóirí, chomh maith le turais threoraithe ar thaispeántais, rinneadh clúdach idirnáisiúnta

57

Ár gcuid Gníomhaíochtaí


Chomhairle Dhearaidh & Cheardaíochta na hÉireann

58

Threoraigh an CDCÉ feachtais PR agus thug sí tacaíocht do chliaint agus do chomhpháirtithe i ngníomhaíocht phreasa i rith 2018, agus mar aidhm aige feasacht agus deiseanna lárnacha a chruthú agus a threisiú.

ar earnáil dhearaidh agus cheardaíochta na hÉireann, rud a chuireann le tuilleadh deiseanna a chruthú sa todhchaí. Rinneamar idirchaidreamh freisin le hOifig na nOibreacha Poiblí ( O O P ) maidir le taispeántais C D C É a chur chun cinn a thug cuairt ar an Dánlann Farmleigh agus ar an Dánlann Coach House Caisleán Bhaile Átha Cliath i rith 2018. Chun tacú le gníomhaíochtaí a bhí á stiúradh ag eagraíochtaí eile i rith na bliana a chur chun cinn, d’ oibríomar le comhpháirtithe ar nós Bord Bia agus Bloom maidir le heispéiris dearaidh agus ceardaíochta i Sráidbhaile Ceardaíochta na hÉireann thar an cúig lá de Bloom; le comhpháirtithe miondíola ar nós Arnotts agus an Kilkenny Group ar bhailiúcháin choimeádaithe de dhearthóirí agus de dhéantóirí Éireannacha a chuirtear i láthair ina gcuid siopaí; agus le heagraithe Gifted – an tAonach Ceardaíochta & Deartha Comhaimseartha chun cliaint atá cláraithe le C D C É a chur chun cinn a bhí ag taispeáint ag an aonach bhliantúil san RDS. Chabhraigh C D C É freisin le himeachtaí agus féilte ceardaíochta a chur chun cinn ar fud na tíre, mar shampla Mí Ceardaíochta Chorcaí a bhíonn á reáchtáil ag Cork Craft & Design gach mí Lúnasa, i gcathair agus i gcontae Chorcaí araon, agus Mí Ceardaíochta Lúnasa atá comhordaithe ag C R A F T T É thar ceann na hearnála ceardaíochta agus tá sé maoinithe ag Comhairle Ealaíon Thuaisceart Éireann tríd an gCrannchur Náisiúnta. Clúdach na Meán Cumarsáide Threoraigh an C D C É feachtais P R agus thug sí tacaíocht do chliaint agus do chomhpháirtithe i ngníomhaíocht phreasa i rith 2018, agus mar aidhm aige feasacht agus deiseanna lárnacha a chruthú agus a threisiú. I measc na ngníomhaíochtaí bhí feachtais sna meáin agus sna meáin shóisialta, fótasheisiúin agus fógraí preasa, agus comhpháirtíochtaí le heagraíochtaí eile i gcomhthionscnaimh margaíochta agus PR. I measc na ngníomhaíochtaí bhí: Clúdaíodh Showcase – Ireland’s Creative Expo® agus MADE / Slow go forleathan sna meáin chlóite agus chraolta náisiúnta agus réigiúnacha agus sna meáin ar líne: Príomh-ghnóthachtálacha: Ar an gclúdach réamhamhairc i gcló bhí The Irish Times, The Sunday Independent


Ar chlúdach teilifíse bhí Nationwide RTÉ a craoladh an seó ar tráthnóna Dé Luain agus ar Xposé TV3 . Sa chlúdach preasa le linn an aonaigh trádála bhí The Irish Times, Irish Examiner, Daily Mirror, The Sunday Independent, breaknews.ie chomh maith le clúdach fairsing réigiúnach. Clúdaíodh fógra na nGradam Showcase le híomhánna a ghabhann leis in The Irish Times, Irish Country Magazine, bizplus.ie, indulgeme.ie agus ar bhonn réigiúnach. Áiríodh ar chlúdach tar éis Showcase an Irish Independent agus an iris House & Home agus colún in Architecture Ireland. Clúdaíodh an fógra glao amach agus dámhachtainí oifigiúla do Ghradaim & Tacaíochtaí Déantóirí na Todhchaí 2018 go forleathan i gcló agus ar líne idir mhí Mhárta agus mí Iúil: Príomh-ghnóthachtálacha: Leagadh béim ar an nglaoch amach i nuachtáin náisiúnta agus réigiúnacha, lena n-áirítear The Sunday Times, The Irish Times, The Sunday Business Post, Irish Examiner agus ar bhonn réigiúnach. Bhí iar-bhuaiteoir de Dhéantóirí na Todhchaí , an t-oibrí leathair Úna Burke le feiceáil i roinnt píosaí, lena n-áirítear The Sunday Business Post agus The Sunday Independent. Bhí an ócáid oifigiúil 2018 de Dhéantóirí na Todhchaí clúdaithe in ailt agus i eathanaigh sóisialta in The Sunday Independent Living, Irish Examiner, Irish Country Magazine, Tatler Magazine, Irish Arts Review, iris VIP , agus ar broadsheet.ie agus EVOKE.ie agus ar bhonn réigiúnach chomh maith. Bhí Dearadh na hÉireann® agus DesignIreland. ie le feiceáil i go leor píosaí clóite agus ar líne i rith 2018: Príomh-ghnóthachtálacha: Roimh tréimhse na Nollag, bhí clúdach sa Sunday Independent, The Sunday Times agus san Irish Examiner, chomh maith le treoracha

bronntanais i bhfoilseacháin éagsúla, lena n-áirítear Irish Country Magazine, Sunday Independent agus in The Gloss Magazine’s ‘Glossy Gift Guide’. Rinneadh clúdach suntasach ar Fhéirín na Féile de chuid Dearadh na hÉireann® in hailt ar líne le The Gloss agus ar ardáin ilmheáin shóisialta mar chuid de ghníomhaíochtaí spriocdhírithe chun tomhaltóirí a spreagadh chuig an suíomh. Clúdaíodh an fógra ghairm ghrianghraif ar na huasghrádaithe DesignIreland.ie i mí na Nollag in Irish Examiner; Business Plus; Sunday Business Post Magazine; The Irish Times; Irish Examiner Property; Woman’s Way agus ar bizplus.ie chomh maith le clúdach réigiúnach i gcló. Chuir C D C É an clár taispeántais agus imeachtaí chun cinn ag an nGailearaí Náisiúnta Dearaidh & Ceardaíochta agus thug sí tacaíocht P R freisin do thaispeántais ar camchuairt agus do chomhpháirtíochtaí i rith 2018. I measc na ngníomhaíochtaí bhí fógraí preasa agus rannpháirtíocht sna meáin; fógraí gairm ghrianghraif agus dialainne sóisialta; clúdach sna meáin shóisialta agus gníomhaíochtaí comhpháirtíochta.

59

Príomh-ghnóthachtálacha: Clúdaíodh Touchstone in The Sunday Independent agus IMAGE Interiors & Living sgus i liostaí imeachtaí réigiúnacha agus náisiúnta, chomh maith. Clúdaíodh Hi! Fashion ag Farmleigh i roinnt foilseachán tar éis dó a oscailt, lena n-áirítear The Irish Times i mí Eanáir. Cuireadh agallamh ar an máistir-cheardaí Rudolf Heltzel don cholún Artistic License in The Gloss roimh oscailt Rudolf Heltzel: In Precious Metal i mí Feabhra. Fuair an taispeántas clúdach freisin in Kilkenny People, IMAGE, The Gloss , The Irish Times, Irish Country Magazine agus san eagrán idirnáisiúnta de The New York Times. Cuireadh agallamh ar Karen Hennessy agus Mary V. Mullin ( a d’ oscail an taispeántas ) ar The Way It Is with Sue Nunn ar K C L R F M. Clúdaíodh Bounded + Unlimited: Contemporary Jewellery in agallamh leis an seodóir Eimear Conyard san Irish Farmers Journal agus cuireadh béim air in The Sunday

Ár gcuid Gníomhaíochtaí

agus Irish Examiner , agus ar líne ar bizplus. ie, businessworld.ie agus indulgeme.ie. Fuair MADE / Slow agus Showcase clúdach freisin tar éis an gairm ghrianghraif faisin go luath i mí Eanáir san Irish Independent, Irish Examiner agus ar líne, agus sa phreas réigiúnach.


Business Post, RTÉ Guide, san iris Cara agus Irish Country Magazine i mí Eanáir. Ó Aibreán go Meitheamh, fuair Lasting Impressions clúdach forleathan i gcló, sa raidió agus ar líne, lena n-áirítear Irish Arts Review, The Sunday Independent Living, agallaimh leis an gcoimeádaí Gregory Parsons agus Coimeádaí Taispeántais & Cláir C D C É Susan Holland ar raidió K C L R agus léiríodh é ar Image.ie, KilkennyReporter.ie; K C L R.ie; agus Ondine.ie.

60

Chuaigh C D C É i gcomhpháirtíocht le K C L R F M chun craoladh seachtrach a reáchtáil an 18 Iúil chun oscailt an taispeántais do chéimithe criadóireachta, In Flux, a chlúdach. Bhí sé le feiceáil freisin in Irish Arts Review, The Sunday Times, The Irish Times, The Irish Daily Mail, Irish Examiner, The Sunday Business Post, IMAGE Interiors & Living, agus ar EVOKE.ie. Chuir Susan Holland, an Coimeádaí Taispeántais & Cláir CDCÉ béim ar an taispeántas le linn a hagallaimh ar The Way It is with Sue Nunn ar K C L R . Clúdaíodh . O B J, a d’ oscail mar chuid d’ Fhéile Ealaíon Chill Chainnigh i mí Lúnasa, in Arts Review Irish, Irish Examiner, Social & Personal, The Irish Times, The Sunday Times, Senior Time agus ar K C L R F M.

Chomhairle Dhearaidh & Cheardaíochta na hÉireann

I mí Dheireadh Fómhair, bhí an comhthaispeántas Luster + In Flux in Farmleigh le feiceáil in The Sunday Times, The Irish Times Magazine agus in eagrán geimhridh den Irish Arts Review. Chomh maith le cur chun cinn tábhachtach mar atá leagtha amach sna leathanaigh roimhe seo, léiríodh raon leathan d’ imeachtaí agus gníomhaíochtaí eile i meáin na h Éireann agus sna meáin idirnáisiúnta araon, cibé mar thoradh ar thionscnaimh P R C D C É nó i gcomhpháirtíocht le heagraíochtaí eile. Príomh-ghnóthachtálacha: Bhí eipeasóid de Nationwide de chuid R T É tiomnaithe do Homo Faber, ag díriú ar na rannpháirtithe Éireannacha sa taispeántas, a craoladh i mí na Samhna. Clúdaíodh rannpháirtíocht na hÉireann in Homo Faber sa phreas náisiúnta agus réigiúnach araon, lena n-áirítear san Irish Times, The Gloss, IMAGE.ie, IMAGE Interiors & Living agus Irish Arts Review, agus sna meáin réigiúnacha i rith

mhí Mheán Fómhair, chomh maith. I mí na Bealtaine, clúdaíodh an Irish Craft Village at Bloom in The Sunday Independent, The Irish Garden, Irish Country Magazine, agus The Sunday Independent Supplement, agus i bhfoilseacháin réigiúnacha éagsúla, chomh maith. I mí Lúnasa, áiríodh sa chlúdach ar N Y N O W® 2018 píosaí in The Irish Times, Irish Examiner Property, agus i nuachtáin réigiúnacha agus raidió chomh maith, agus ar láithreán gréasáin na Stát Aontaithe giftsanddec.com. Roimh Gifted i mí na Nollag, rinneadh próifíliú ar chliaint éagsúla CDCÉ ar fud na meán náisiúnta agus sna meáin chlóite. Bhí eipeasóid Nationwide de chuid RTÉ tiomnaithe ar Aonach Ceardaíochta agus Dearaidh Halla na Cathrach, Corcaigh a bhí ar siúl an tseachtain roimh an Gifted. Áiríodh sa chlúdach clóite bhí clúdach san Irish Examiner ; The Sunday Business Post Property ; The Sunday Independent Living; RTÉ Guide; IMAGE Magazine; agus The Gloss. Díríodh aird ar an gcúigear buaiteoir i nGradaim Cheardaíochta an RDS ( a bhí ina bhfaighteoirí de Ghradaim & Tacaíochtaí Dhéantóirí na Todhchaí 2018 ) in The Irish Times nuair a bhí siad ar taispeáint ag Gifted 2018. OPTIMISE Dearadh na hÉireann: Bhí eipeasóid Nationwide de chuid RTÉ tiomnaithe ar an gclár seo an 15 Deireadh Fómhair. Cuireadh an clár OPTIMISE chun cinn freisin trí agallamh ar The Sunday Business Show ar Today FM i mí na Samhna agus fuair sé clúdach in ailt chlóite agus ar líne ar nós The Sunday Business Post, Business Plus, Irish Independent, Irish Examiner agus irishtechnews.ie. Tarraingíodh aird ar Chúrsa Scileanna & Deartha Seodra agus Órcheardaíocht de chuid CDCÉ sna meáin chlóite le linn 2018 lena n-áirítear in IMAGE Magazine, Irish Arts Review, The Nationalist, Evening Echo. Bhí roinnt alumni de Chúrsa Scileanna & Deartha sa Seodra agus Órcheardaíocht CDCÉ le feiceáil freisin sna meáin chumarsáide, lena n-áirítear agallaimh le Nigel O’ Reilly ( Irish Farmers Journal ), Alex Thiel ( Evening Echo agus floralesque.com ), agus Anne Chapman ó Stonechat ar RTÉ Radio 1. San eagrán clóite agus ar líne den Irish Times i mí an Mheithimh clúdaíodh ceannach Ard-


Tarraingíodh aird ar Bhailiúchán Comhaimseartha an Dearaidh agus na Ceardaíochta san Irish Examiner i mí an Mhárta ; Clúdaíodh Cruinniú na nÓg in Kilkenny People agus ar The Saturday Show ar KCLR i mí an Mheithimh, agus clár Fiontar Ceardaíochta & Deartha A Thógáil CDCÉ agus preabsiopa in Galway City Tribune agus Galway Advertiser i mí Iúil. I mí Lúnasa, bhí an seó faisin AW18 de shaothar a rinne comhaltaí de Chomhairle Dhearthóirí Faisean na hÉireann ( CIFD ) i gcomhar le cliaint agus balleagraíochtaí CDCÉ le feiceáil san Irish Independent, san iris Anthology, agus in Irish Country Magazine. Luadh gníomhaíochtaí CDCÉ i gClós an Chaisleáin mar chuid den Oíche Chultúir 2018 i mí Mheán Fómhair in The Irish Daily Mail, IMAGE agus Kilkenny People, agus ar magazine.ie. Clúdaíodh an clár Design4Growth don oirdheisceart ar go leor nuachtán réigiúnach, lena n-áirítear Waterford Today, Waterford News & Star, Dungarvan Leader, Nenagh Guardian, Kilkenny People, agus ar líne ar bizplus.ie. I léiriú ar chriadóireacht in Éirinn in The New York Times i nDeireadh Fómhair luaitear DesignIreland.ie, Irish Craft Studio Experience agu PORTFOLIO chomh maith le déantóirí agus miondíoltóirí aonair. DámhachtainÍ Dúchasacha na hÉireann RTÉ Radio 1 D’ oibrigh C D C É le R T É i bpleanáil dá gcéad Ghradam Dúchasach na hÉireann. Dá bhrí sin, ba é ceardaí Éireannach a dhear agus a chruthaigh dámhachtainí coimisiún R T É don searmanas bronnta a reáchtáladh an 25 Deireadh Fómhair ag Vicar Street, Baile Átha Cliath. Príomh-ghnóthachtálacha: Fuair 22 dearthóir agus déantóir 22 iontráil agus cuireadh triúr ceardaithe ar an ngearrliosta: seodóirí Pierce Healy, Fiona Mulholland agus Jaki Coffey. Fuair Fiona Mulholland an coimisiún chun naoi ndámhachtain a dhéanamh don ócáid i

mí Dheireadh Fómhair. Fuair C D C É agus na cliaint seo próifíl shuntasach trí agallamh ar Arena i mí Lúnasa, agus i bhfógraí don choimisiún ar RTÉ Radio 1 chomh maith le clúdach ar RTE.ie. RannpháirtÍocht Lucht Féachana Baineann C D C É úsáid as raon uirlisí cumarsáide chun ceardaíocht agus dearadh na hÉireann a chur chun cinn agus chun páirt a thabhairt do lucht féachana in Éirinn agus ar fud an domhain. Le linn 2018, chríochnaigh C D C É cleachtadh glantacháin agus comhdhlúthaithe sonraí a tionscnaíodh in 2017 d’ fhonn comhleanúnachas, cruinneas agus iomláine na sonraí inár gcórais a bhaineann lenár gcliaint chláraithe agus ár mballeagraíochtaí a chinntiú. GnÍomhaÍocht Ar LÍne Rinneadh suíomh gréasáin corparáideach na heagraíochta, dccoi.ie a choimeád agus a nuashonrú i rith 2018. Cuireadh preasráitis CDCÉ, nuashonruithe ábhartha earnála, agus deiseanna CDCÉ / tionscail agus cuireadh iad ar aghaidh chuig CRAFTlink, ríomhiris CDCÉ, agus trí bhealaí meán sóisialta. Spreagadh cliaint CDCÉ chun logáil isteach ag baint úsáide as an uirlis féinseirbhíse chun deiseanna agus liostaí rangaithe a phostáil agus chun mír na ndeiseanna ar an suíomh agus ar an mblag a sheiceáil. Rinne CDCÉ agus úsáideoirí an suímh nuashonrú agus coimeád rialta ar shuíomh gréasáin na n-imeachtaí ceardaíochta, CraftinIreland.com, trína tairseach féinseirbhíse i rith na bliana mar an phríomh-eolaire d’ imeachtaí agus gníomhaíochtaí ceardaíochta ar fud na tíre don phobal i gcoitinne. Rinneadh nuashonruithe ar láithreáin ghréasáin CDCÉ agus ar an bpolasaí príobháideachais a bhaineann leis mar chuid de chur i bhfeidhm an Rialacháin um Chosaint Sonraí Ginearálta ( GDPR ) a tháinig i bhfeidhm ar fud an AE an 25 Bealtaine. R-Chumarsáid Lean CDCÉ ar aghaidh ag táirgeadh agus ag eisiúint ríomhiris na heagraíochta, CRAFTlink, do shíntiúsóirí, lena n-áirítear cliaint chláraithe, balleagraíochtaí, agus páirtithe leasmhara. Úsáidtear CRAFTlink mar uirlis ríomhmhargaíochta a threoraíonn cliaint chuig suíomh gréasáin corparáideach CDCÉ. Tháinig méadú ar rátaí oscailte agus cliceála le linn na bliana agus cad a tharlaíonn nuair a bhíonn

61

Ár gcuid Gníomhaíochtaí

Mhúsaem na hÉireann den árthach ‘Vortex’ le Bainisteoir an Chúrsa, Eimear Conyard.


na céatadáin níos airde ná caighdeáin an tionscail. I measc na n-eagrán ar CRAFTlink tá nuashonruithe ó CDCÉ, faisnéis agus deiseanna do sheónna trádála agus tionscail, tuarascálacha ábhartha tionscail, faisnéis ghnó do FBManna, glaonna ar chláir, fógraí maoinithe, chomh maith le nuacht taispeántais agus buaicphointí sna meáin. Cruthaíodh ríomhirisí agus bileoga eile agus dáileadh iad ar na príomh-mheáin, ar dhearthóirí, agus ar eagraíochtaí ar bhonn ad-hoc chun fógraí a dhéanamh agus chun béim a leagan ar láithreacht CDCÉ ag imeachtaí idirnáisiúnta. Príomh-ghnóthachtálacha: Ba é an meánráta ‘Oscailte ag ar CRAFTlink’ ná 46 % in 2018 i gcomparáid le meán de 38 % in 2017. Is é 20 % an tagarmharc tionscail.

62

Ba é an meánráta ‘Cliceáilte ag’ ar CRAFTlink’ ná 12 % in 2018 i gcomparáid le meán de 10 % in 2017. Is é 3 % an tagarmharc tionscail.

Chomhairle Dhearaidh & Cheardaíochta na hÉireann

Na Meáin Shóisialta Le linn 2018, leanadh leis an méadú seasta ar láithreacht mheáin shóisialta CDCÉ ar fud a chuid cainéal; athchóiríodh gníomhaíochtaí líonraithe sóisialta, ag baint úsáide as Facebook agus Instagram mar ardáin phríomhúla agus Twitter mar ardán tánaisteach, le YouTube agus Vimeo á n-úsáid chun ábhar físe a roinnt agus chun lucht féachana breise a mhealladh. Ba iad na príomhchuntais don bhliain ná an cuntas CDCÉ corparáideach atá dírithe ar an gcliant, Dearadh na hÉireann® dírithe ar mhiondíol agus ar thomhaltóirí, agus na cainéil de Ghailearaí Náisiúnta Dearaidh & Ceardaíochta a dhírigh ar theagmháil a dhéanamh le daoine a bhfuil dánlanna acu, baill den phobal i gcoitinne, agus le turasóirí. Mhéadaigh lucht leanúna intíre ar fud na gcainéal go léir, ag leathnú an lucht leanúna de dhearadh agus de cheardaíocht na hÉireann agus ag cruthú feasachta breise ar an earnáil. Cuireadh treoirlínte saincheaptha ar fáil do chliaint CDCÉ a bhí páirteach i gcur i láthair Dearadh na hÉireann® ag aontaí idirnáisiúnta, ag seónna trádála agus ag díolacháin dhíreacha chun cabhrú leo a láithreacht ag imeachtaí a chur chun cinn; ag plé le hanlaí, haicéid, sonraí rianaithe agus moltaí maidir le rath a bhaint amach ar líne. Tugadh faoi fheachtas bliana chun Dearadh na hÉireann® agus a chliaint a chur chun cinn

do lucht leanúna agus chun lucht féachana nua a mhealladh le tabhartais mhíosúla ar fud a chuid fothaí agus scéalta Facebook agus Instagram, agus dá bhrí sin tháinig méadú mór ar chuairteanna ar DesignIreland. ie. Cuireadh postanna blog rialta, ‘Stories’, ar shuíomh Gréasáin Dearadh na hÉireann® ina raibh agallaimh cliaint agus irisí coimriúcháin míosúla le híomhánna d’ ardchaighdeáin a roinntear ansin trí ardáin shóisialta Dhearadh Éireann® agus le síntiúsóirí trí ríomhirisí chun rannpháirtíocht il-ardán a spreagadh. Príomh-ghnóthachtálacha: Tháinig méadú de 10 % agus 28 % ar lucht leanúna Facebook agus Instagram CDCÉ ar 2017 faoi seach. Tháinig méadú de 32 % agus 8 % ar lucht leanúna Facebook agus Instagram Dearadh na hÉireann® ar 2017 faoi seach. Thuill Tvíteanna CDCÉ 414, 500 imprisean in 2018 ( meánráta rannpháirtíochta de 1.2 % ). D’ fhás líon na dtarchur líonra sóisialta ó Dearadh na hÉireann® Facebook go 15, 568 ó 4, 174 in 2017. Tháinig méadú ar líon na seisiúin trí Instagram ( gan Scéalta san áireamh ) go 939 suas ó 806. PrÍomhfhoilseacháin Cuirtear Tuarascáil Bhliantúil CDCÉ ar fáil i nGaeilge agus i mBéarla gach bliain de réir ár n-oibleagáidí faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003. Le linn 2018, lean CDCÉ le foilseacháin a chur ar fáil go poiblí lena n-áirítear tuarascálacha bliantúla na heagraíochta, catalóga taispeántais agus taighde. Cuireadh iad seo lenár gcartlann d’ ábhair amhail treoracha gnó agus tuarascálacha oideachais agus tionscail, chomh maith le foilseacháin Ceardlanna Dearaidh Chill Chainnigh agus ábhair CDCÉ níos sine ar nós Craft Review 1987 – 1991; Nuachtlitreacha Chomhairle Cheardaíochta na hÉireann 1975 – 1993; agus Stopress 1997 – 2010 a chuirtear ar fáil ar an ardán foilsitheoireachta digití ISSUU trínár suíomh gréasáin. Coinníodh an mhír um Shaoráil Faisnéise ar shuíomh Gréasáin CDCÉ ar bhonn leanúnach de réir Alt 8 den Acht um Shaoráil Faisnéise 2014 lena n-éilítear ar chomhlachtaí um Shaoráil Faisnéise an oiread eolais agus is féidir a ullmhú agus a fhoilsiú ar bhealach oscailte agus inrochtana go rialta lasmuigh de Shaoráil Faisnéise.


€4m

63

Meánchlúdach na meán do na gníomhaíochtaí go léir

46%

Gearrthóga meán don fheachtas bolscaireachta Showcase 2018

An meánráta 'oscailte ag' síntiúsóirí ar an ríomhiris CRAFTlink ( is é 20% tagarmharc an tionscail )

15,568

414,500

Líon na dtarchur líonra sóisialta ó Dearadh na hÉireann® Facebook go DesignIreland.ie

Líon iomlán na n-imprisean Tvíteanna do CDCÉ a rinneadh i 2018 ( meánráta rannpháirtíochta 1.2% )

Ár gcuid Gníomhaíochtaí

116


Chomhairle Dhearaidh & Cheardaíochta na hÉireann

64


Comhoibríonn Comhairle Dhearaidh & Cheardaíochta na hÉireann ( CDCÉ ) le heagraíochtaí comhpháirtíochta chun smaointeoireacht dearaidh a chur chun cinn agus a chinntiú go bhfuil dearadh ag croílár fhorbairt bheartais an Rialtais. 65

Cuspóir: Feasacht a mhéadú faoin luach a bhaineann le dearadh agus ceardaíocht don tsochaí agus don gheilleagar agus oibriú leis an Rialtas agus le páirtithe leasmhara ar chomhtháthú smaointeoireachta dearaidh i mbeartas agus i dtionscal an Rialtais. Béim agus Aidhmeanna Straitéiseacha: Polasaí dearaidh a leabú — Oibriú leis an Rialtas agus le páirtithe leasmhara chun beartas dearaidh a leabú. Cumhacht a thabhairt do bhalleagraíochtaí — Tacú le balleagraíochtaí CDCÉ maidir le pobail chruthaitheacha a thógáil.

Sochaí dearaidh a fhorbairt — Creat a fhorbairt chun dearadh agus ceardaíocht a mheas. — Aitheantas níos fearr a thabhairt don luach agus don tábhacht a bhaineann le dearadh agus le ceardaíocht don gheilleagar agus don tsochaí.

Ár gcuid Gníomhaíochtaí

2.5

Beartas & Abhcóideacht


Chomhairle Dhearaidh & Cheardaíochta na hÉireann

66


Deiseal ó chlé ar bharr Mion-shráidbhaile Ceardaíochta i gClós an Chaisleáin le haghaidh Cruinniú na n Óg

≤ ≤ Dearthóirí Éireannacha ag Homo Faber sa Veinéis i g cuideachta le Louise Allen ( c ) agus Karen Hennessy ( d ) Pailliún le haghaidh Togha na hEorpa ag Homo Faber, an Veinéis Mion-shráidbhaile Ceardaíochta i gClós an Chaisleáin le haghaidh Cruinniú na n Óg Taispeántas gaibhneachta duibhe sa Sráidbhaile Ceardaíochta Éireannach ag Bloom sa Pháirc

Tá roinnt d’ aidhmeanna straitéiseacha CDCÉ ag teacht le cúig cholún Future Jobs Ireland agus is mar seo a leanas atá siad: Ag glacadh le Nuálaíocht agus Athrú Teicneolaíochta; Táirgiúlacht FBM a Fheabhsú; Scileanna a Fheabhsú agus Tallan a Fhorbairt agus a Mhealladh; Rannpháirtíocht sa Lucht Saothair a mhéadú; agus Aistriú chuig Geilleagar Ísealcharbóin.

Abhcóideacht in Éirinn Oibríonn C D C É go dlúth le roinnt Ranna Rialtais agus Gníomhaireachtaí chun feasacht a mhúscailt ar an méid a chuireann dearthóirí agus ceardaithe le geilleagar agus cultúr na h Éireann. Tá an earnáil dearaidh agus ceardaíochta san áireamh i gclár Future Jobs Ireland, rud a léiríonn aitheantas an Rialtais ar an bpoitéinseal suntasach atá ag dearadh agus ceardaíocht chun fostaíocht inbhuanaithe a chruthú sna réigiúin agus chun onnmhairí a fhás. Tá roinnt d’ aidhmeanna straitéiseacha C D C É ag teacht le cúig cholún Future Jobs Ireland agus is mar seo a leanas atá siad: Ag glacadh le Nuálaíocht agus Athrú Teicneolaíochta; Táirgiúlacht F B M a Fheabhsú; Scileanna a Fheabhsú agus Tallan a Fhorbairt agus a Mhealladh; Rannpháirtíocht sa Lucht Saothair a mhéadú; agus Aistriú chuig Geilleagar Ísealcharbóin. Tá ról lárnach ag an earnáil dearaidh agus ceardaíochta freisin maidir le próifíl agus clú idirnáisiúnta na h Éireann a ardú maidir le sármhaitheas sa chruthaitheacht agus sa nuálaíocht. Bunaíodh an chéad Fhóram Deartha Náisiúnta faoi stiúir an Aire in 2017 mar phríomhthoradh ar fhoilseachán Ireland – the Design Island: a consultation paper towards a National Design ( Éire – An t Oileán Dearaidh; páipéar comhairliúcháin i dtreo Straitéis Dearaidh Náisiúnta ) in 2017. Tá an Fóram comhdhéanta de ghnóthais, gníomhaireachtaí Rialtais, coláistí Tríú Leibhéal, cleachtóirí dearadh agus eagraíochtaí dearaidh. Is iad cuspóirí an Fhóraim ná cumas agus cáil na h Éireann a spreagadh mar fhoinse nuálaíochta dearaidh agus chun moltaí a thabhairt don Rialtas, do Ranna agus do Ghníomhaireachtaí. Thionóil an Fóram roinnt cruinnithe le linn 2018. Tríd an bhFóram, tá C D C É ag obair chun tionchar a imirt ar fhorbairt an bhonneagair dearaidh ar fud na h Éireann i gcomhar le heagraíochtaí comhpháirtíochta ábhartha. Príomh-ghnóthachtálacha: San Áireamh sa Phlean Forbartha Náisiúnta 2018 – 2027 a sheol an Rialtas mar chuid de Thionscadal Éireann 2040, bhí an bunú d’ Ionad Dearaidh Náisiúnta. I mí na Nollag 2018, d’ fhógair an t Aire Gnó, Fiontair agus Nuálaíochta, Heather Humphreys TD, maoiniú de € 1, 800, 000 chun Ionad Dearaidh a fhorbairt don Oirdheisceart

67

Ár gcuid Gníomhaíochtaí


faoin g Ciste Forbartha Fiontair Réigiúnach. Bunaithe i gCeathrú na Mainistreach i g Cill Chainnigh, beidh an Lárionad Dearaidh an chéad cheann dá leithéid in Éirinn agus cuirfidh sé úsáid dearadh straitéiseach chun cinn mar phríomhchumasóir gnó. Tháinig an fógra mar thoradh ar an chomhoibrithe dhlúth sa 12 mhí roimhe seo a rinneadh idir an Institiúid Teicneolaíochta Ceatharlach, Comhairle Contae Chill Chainnigh, Comhlacht Forbartha Tionscail Chill Chainnigh ( KIDCo ), Comhpháirtíocht LEADER Chill Chainnigh agus CDCÉ maidir le hIonad Dearaidh do réigiúin an oirdheisceart a mholadh.

Chomhairle Dhearaidh & Cheardaíochta na hÉireann

68

Abhcóideacht Idirnáisiúnta Ar leibhéal idirnáisiúnta, bhí uachtaránacht na hÉireann ar Chomhairle Cheardaíochta an Domhain – An Eoraip (CCDE ) ríthábhachtach chun an caidreamh idir CDCÉ agus eagraíochtaí ceardaíochta eile ar fud na hEorpa a dhoimhniú. Toghadh Louise Allen, Ceann Cláir Nuálaíochta & Forbartha CDCÉ mar Uachtarán don CCDE i mí Mheán Fómhair 2016 agus cuirfear i gcrích a téarma reatha i Meitheamh 2020. Is é cuspóir CCDE stádas na ceardaíochta a neartú agus í a chur chun cinn mar chuid ríthábhachtach den saol cultúrtha, sóisialta agus eacnamaíoch trína líonra domhanda de chomhaltaí agus de chleamhnaithe. Tá ballraíocht oscailte do chomhlachtaí náisiúnta, réigiúnacha agus gairmiúla a bhfuil sainordú acu abhcóideacht a dhéanamh ar son na ceardaíochta agus í a fhorbairt. Le gníomhaíochtaí CCDE cuireadh deiseanna ar fáil do dhearthóirí agus do dhéantóirí Éireannacha teagmháil a dhéanamh le comhghleacaithe ar fud na hEorpa agus páirt a ghlacadh i gcláir a reáchtálann eagraíochtaí comhpháirtíochta, ag tabhairt tuilleadh infheictheachta don saibhreas tallainne cruthaithí in Éirinn. DCCoI is also represented on the Board of Tá ionadaíocht don CDCÉ ar Bhord Bhiúró na gCumann Deartha Eorpach ( BEDA ), chomh maith. Toghadh Karen Hennessy, Príomhfheidhmeannach CDCÉ, ar Bhord BEDA ag Tionól Ginearálta na heagraíochta i mí an Mheithimh 2018. Is eagraíocht neamhbhrabús é BEDA, comhdhéanta de 50 ball ó 28 tír san Eoraip, agus iad go léir dírithe ar dhearadh a chur chun cinn go náisiúnta nó go réigiúnach. Mar eagraíocht chomhchoiteann, déantar ionadaíocht do thart ar 400,000 dearthóir ó

gach cearn den Eoraip i ngach disciplín oibre, ó dhearadh tionsclaíoch agus laistigh go dearadh digiteach agus brandáil. Is iad príomhchuspóirí BEDA eolas agus sineirgíocht chomhroinnte a chruthú, chun deiseanna deartha a fhorbairt agus chun dearthóirí a chur chun cinn, trí theagmháil a dhéanamh le baill BEDA, san Eoraip agus le comhpháirtithe domhanda. Leis an ionadaíocht don CDCÉ ar an mBord seo, tugtar guth d’ Éirinn de réir agus a bhíonn BEDA ag iarraidh a chinntiú go bhfuil an dearadh ag croílár na mbeartas nuálaíochta agus oideachais ar fud na hEorpa. Príomh-ghnóthachtálacha: Roghnaíodh ochtar déantóirí Éireannacha le haghaidh Homo Faber, taispeántas ina léirítear an cheardaíocht Eorpach is fearr ar reáchtáladh sa Veinéis i mí Mheán Fómhair 2018. Roghnaíodh dhá mhac léinn déag ó na hIonaid Sármhaitheasa CDCÉ sa Cheirmeacht agus sa Seodra & Órcheardaíocht mar Ambasadóirí Óga don ócáid. Mheall Homo Faber 62,500 cuairteoir le linn a thréimhse de dhá sheachtain. Roghnaíodh seachtar déantóirí Éireannacha as níos mó ná 600 iarratas ar an taispeántas, Monumentality / Fragility: Duais Eorpach na nEalaíon Feidhmeach a d’ oscail i Mons, an Bheilg an 21 Deireadh Fómhair sular thug sé camchuairt ar Chill Chainnigh in 2019. Ghlac Éire páirt i Laethanta Ceardaíochta Ealaíne na hEorpa i mí Aibreáin nuair a reáchtáladh os cionn 9,600 imeacht ag cur ceardaíochta ar taispeáint ar fud na hEorpa. Reáchtáladh roinnt imeachtaí ar fud na tíre agus rinneadh iad a phróifíliú ar láithreáin ghréasáin Ceardaíochta in Éirinn agus de chuid CDCÉ. Roghnaíodh déantóirí Éireannacha Kevin Callaghan, Isobel Egan agus Claire Curneen chun taispeántas a dhéanamh ag Ceramics Biennale, Bornholm, an Danmhairg ón 15 Meán Fómhair go dtí an 11 Samhain. Cuallachtaí, Comhlachais, Líonraí & Cumainn ( CCLC ) Tá ról fíorthábhachtach ag balleagraíochtaí de CDCÉ, lena n-áirítear CCLC ( Cuallachtaí, Comhlachais, Líonraí agus Cumainn ) chomh maith le comhlachtaí corparáideacha maidir le gníomhaíochtaí agus tacaíochtaí CDCÉ in Éirinn. Tá rannpháirtíocht de bhalleagraíochtaí


CDCÉ agus a cliaint chláraithe ríthábhachtach chun fáisnéis a thabhairt dár bpleananna straitéiseacha maidir leis an earnáil dhearaidh agus cheardaíochta a fhorbairt agus chun go leor tionscnamh de chuid an CDCÉ a sheachadadh ar fud oileán na hÉireann.

Cumann Ghaibhne Dubha Ealaíontóirí na hÉireann Cuallacht Fíodóirí, Sníomhaithe & Ruaimneoirí na hÉireann

1,400

Ceadaíodh na CCLC seo a leanas le bheith mar bhall de CDCÉ in 2018:

Cuallacht Dheileadóirí Adhmaid na hÉireann

2,000

Leitrim Design House

1,500

Scoil Ealaíne agus Deartha Luimnigh

1,500

Líonra Dearthóirí Craftmark an Lú

1,000

MADE in Kilkenny

1,500

Mountmellick Development Association Limited

1,000

Na Píobairí Uilleann

1,500

Stiúideonna Ceardaíochta & Dearaidh an Spidéil

2,000

Headford Lace Project: tionscnamh pobail chun taighde a dhéanamh ar oidhreacht lása Áth Cinn a théann siar go dtí thart ar 1765, agus chun í a athbheochan agus a athchruthú. Inside Craft: líonra beoga a dhéanann ionadaíocht ar cheardaithe, ealaíontóirí agus dearthóirí an Chabháin, Liatroma, an Longfoirt agus Ros Comáin. Benchspace Cork: grúpa atá lonnaithe i Páirc Tráchtála Marina, Corcaigh a chuireann spás agus trealamh ar fáil do cheardaithe neamhspleácha san adhmadóireacht agus do dhaoine a bhíonn adhmadóireacht mar chaitheamh aimsire acu. Amhail an 31 Nollaig, 2018 ba é 59 líon iomlán na CCLC. Scéim Tacaíochta Gréasáin 2018 Chuir Scéim Tacaíochta Líonra CDCÉ maoiniú ar fáil do roinnt CCLC i rith 2018. Tá an scéim tacaíochta airgeadais seo, a chuirtear ar fáil ar bhonn maoiniú meaitseála, ar fáil d’ eagraíochtaí a bhfuil síntiús acu le CDCÉ . Is í aidhm na scéime ná maoiniú a chur ar fáil do ghníomhaíochtaí a fhorbróidh chomheagraíochtaí CDCÉ agus a dhéanfaidh iad a ghairmiúlú. Fuair na CCLC seo a leanas maoiniú in 2018: Ainm an Líonra

€ Bronnta

Benchspace Cork

2,000

Cork Craft & Design

2,000

Cork Textiles Network

2,000

Comhairle Dhearthóirí Faisin na hÉireann

2,000

Craft Granary

1,000

Inside Craft

2,000

Coláiste Oideachais Naomh Angela The Quilters Guild of Ireland Cuallacht Cheardaíochta & Deartha Iarthar Chorcaí

480

500

69

2,000 800 €29,180

Príomh-ghnóthachtálacha: Bronnadh maoiniú ar 20 CCLC in 2018 le breis agus €29,000 tugtha do raon gníomhaíochtaí cosúil le brandáil, margaíocht, aontaí agus féilte ceardaíochta, fótaisheisiún, cur i láthair sna meáin, ceardlanna, máistir-ranganna, ceárta agus seimineáir. Comhairliúchán le Cliaint agus le CCLC Go déanach in 2018, rinne CDCÉ suirbhé i measc ball-eagraíochtaí agus cliant cláraithe CDCÉ chun measúnú a dhéanamh ar bhealaí féideartha chun sármhaitheas a chur chun cinn agus a cheiliúradh i ndearadh agus i gceardaíocht na hÉireann. Rinneadh an suirbhé seo mar obair leantach ar chinneadh an RDS chun dámhachtainí bliantúil Ceardaíochta RDS a athstruchtúrú. Rinneadh an suirbhé chun meastóireacht a dhéanamh ar thionchar athstruchtúrú na nGradam Ceardaíochta RDS ( Comórtas Ceardaíochta an RDS roimhe seo ) agus an fiúntas a bhainfeadh le clár a fhorbairt amach anseo. Leis seo, tugadh deis do bhalleagraíochtaí agus do chliaint a n-ionchur agus moltaí a sholáthar maidir leis an gcineál cláir a d’ fhéadfadh a bheith an-tábhachtach

Ár gcuid Gníomhaíochtaí

Making: fóram plé ceardaíochta Éireannach a thairgeann deis chun smaointe, ábhair imní agus tuairimí faoi cheardaíocht na hÉireann a mhalartú.

Cumann Chaoladóirí na hÉireann

1,000


agus tairbheach don earnáil dhearaidh agus cheardaíochta. Iarradh ar fhreagróirí cuimhneamh go mbeadh an fhorbairt agus an seachadadh d’ aon chlár amach anseo ag brath go mór ar infhaighteacht maoinithe.

Chomhairle Dhearaidh & Cheardaíochta na hÉireann

70

D’ éascaigh CDCÉ dhá lá faisnéise CCLC i 2018, lenar cuireadh fóram luachmhar do na balleagraíochtaí ar fáil chun líonrú, nuashonruithe a fháil ar chláir agus ghníomhaíochtaí CDCÉ, agus chun aiseolas a sholáthar faoin earnáil agus plé a dhéanamh ar dhúshláin agus ar dheiseanna comhroinnte.

Fuarthas os cionn 500 freagairt, agus chuir 43% de na freagróirí isteach ar na Gradaim Cheardaíochta RDS roimhe seo. Is féidir achoimre a dhéanamh ar na príomhthorthaí mar seo a leanas: I measc na gcineálacha tionscnaimh a mheas na freagróirí ba mhó a bhainfidís tairbhe astu, agus a bhainfeadh an earnáil dhearaidh agus ceardaíochta astu amach anseo, bhí: Taispeántas aighneachta oscailte. Dámhachtain ardghradaim. Dámhachtain oidhreachta agus scileanna traidisiúnta. Áirítear leis an luach a mheas na freagróirí a bheadh ag clár nua dóibh, agus a bheadh ann don earnáil dhearaidh agus cheardaíochta ina iomláine: Próifíl do dhaoine aonair agus dá gcleachtas. Dámhachtain airgeadais. Próifíl don earnáil dhearaidh agus ceardaíochta ina hiomláine. Tá CDCÉ tar éis tabhairt faoi bhreithniú tuilleadh a dhéanamh ar thorthaí an chomhairliúcháin de réir mar a fhorbraítear straitéisí amach anseo. Laethanta Faisnéise do Chuallachtaí, Comhlachais, Líonraí Agus Cumainn ( CCLC ) D’ éascaigh CDCÉ dhá lá faisnéise CCLC i 2018, lenar cuireadh fóram luachmhar do na balleagraíochtaí ar fáil chun líonrú, nuashonruithe a fháil ar chláir agus ghníomhaíochtaí CDCÉ, agus chun aiseolas a sholáthar faoin earnáil agus plé a dhéanamh ar dhúshláin agus ar dheiseanna comhroinnte. Tionóladh an chéad chruinniú CCLC do 2018 an 26 Aibreán i gCill Chainnigh ag an am céanna le hoscailt an taispeántais Lasting Impressions ag an nGailearaí Náisiúnta Dearaidh & Ceardaíochta. I measc na gcur i láthair bhí: Making Craft Work: cur chuige dírithe ar an margadh d’ fhiontair cheardaíochta, le Edmund Shanahan, comhalta Boird CDCÉ.


Próifíl don earnáil dhearaidh agus ceardaíochta ina hiomláine. Chríochnaigh an lá le cuairt ar thaispeántas ‘At the Medieval Table’ ag Teach Rothe. Gifted – An tAonach Ceardaíochta & Deartha Comhaimseartha 5 – 9 Nollaig Eagraíonn an CDCÉ sraith thaispeántais ceardaíochta i lár an spás taispeántais ar feadh na tréimhse iomláine de Gifted gach bliain, ag tabhairt deis uathúil do chuairteoirí freastal ar na ceardaithe Éireannacha agus breathnú orthu nuair a bhíonn siad ag obair. Tá antóir ar thaispeántais i measc na gcuairteoirí, rud a léiríonn suim agus meas ar scileanna agus ar cheird na ndéantóirí cumasacha seo. Reáchtáladh an t-aonach 2018 idir an 5 agus an 9 Nollaig ag an RDS, Baile Átha Cliath agus thug cliaint taispeántais bheo agus i measc na mballeagraíochtaí bhí fíodóireacht, déanamh seodra agus déanamh coinneal. Crinniú na nÓg 23 Meitheamh Fuair CDCÉ maoiniú de € 3,000 ó Éire Ildánach trí Chomhairle Contae Chill Chainnigh le haghaidh Mion-Sráidbhaile Ceardaíochta do Chruinniú na nÓg ag Clós an Chaisleáin, Cill Chainnigh, chun oidhreacht cheirde chultúrtha na hÉireann a thaispeáint, ag ceiliúradh déantóirí comhaimseartha de cheirdeanna traidisiúnta. Bhí an MionSráidbhaile Ceardaíochta ina ollphuball ina raibh leanaí agus daoine óga ábalta taithí a fháil ar cheirdeanna traidisiúnta trí cheardlanna buail isteach agus taispeántais bheo, saor in aisce. Léirigh agus mhúin trí CCLC de chuid CDCÉ – Print Block, Ceramics Ireland agus Feltmakers a gcuid teicnící agus próiseas ceardaíochta do leanaí agus do dhaoine óga. I measc na ngníomhaíochtaí bhí déanamh bláthanna páipéir, priontáil scáileáin teicstíle, déanamh potaireachta, ceantar breacadaíl dearaidh agus níos mó. D’ fhreastail 150 duine ar an ócáid i gClós an Chaisleáin.

Sráidbhaile Ceardaíochta na hÉireann ag Bloom 2018 31 Bealtaine – 4 Meitheamh Le haghaidh Bloom 2018, chuir CDCÉ raon spreagúil de thaithí dearaidh agus ceardaíochta i láthair ina Shráidbhaile Ceardaíochta na hÉireann, lena n-áirítear taispeántais cheardaíochta, suiteálacha ceardaíochta idirghníomhacha agus ceardlanna. Ba iad seo a leanas na taispeántais agus na ceardlanna laethúla a chuir balleagraíochtaí agus cliaint CDCÉ i láthair: Gaibhneacht Dhubh le Cumann Ghaibhne Dubha Ealaíontóirí na hÉireann. Déanamh Ciseán le Heike Kahle, Cumann Chaoladóirí na hÉireann. Teicnící Feiltithe le Feltmakers Ireland. Priontáil Scáileán Síoda Teicstíle le Print Block. Saothar Cré le Ceramics Ireland.

71

Déanamh Coinnle le Feirm Brookfield. Taispeántas Babhla agus Ceant ‘Darkness into Light’ 12 – 28 Deireadh Fómhair Mar chuid d’ fhéile Savor Kilkenny, ghlac ceirmeoirí as gach cearn d’ Éirinn páirt sa tionscadal ‘Darkness to Light’ chun babhla a dhearadh agus a bhronnadh do Pieta House, ionad um chosc ar fhéindhíobháil nó ar fhéinmharú. Cuireadh saothar ar taispeáint i KBC Bank Ireland i gCill Chainnigh agus cuireadh ar ceant é le haghaidh Pieta House. Cuireadh an tionscadal seo chun cinn trí CDCÉ, Ceramics Ireland agus Savor Kilkenny. Príomh-ghnóthachtálacha: Ghlac breis agus 30 ceirmeoir páirt sa tionscadal trí phíosa a bhronnadh don cheant. Bailíodh € 2,000 agus tugadh do Pieta House é Comhoibriú le Comhairle Dhearthóirí Faisin na hÉireann Seoladh tionscadal comhoibritheach idir Comhairle Dhearthóirí Faisin na hÉireann ( CIFD ) agus balleagraíochtaí CDCÉ in 2018, agus d’ óstáil CIFD an chéad chruinniú i mBaile Átha Cliath an 15 Márta. Ba é aidhm an tionscadail ná buanna CCLC a chur i bpéirí le dearthóirí faisin Éireannacha. Ag leanúint ón gcruinniú, bhí 19 dearthóir faisin i mbun cainteanna

Ár gcuid Gníomhaíochtaí

Grianghrafadóireacht de Tháirgí: leideanna agus comhairle ó Evelyn McNamara, grianghrafadóir.


le baill de CCLC éagsúla lena n-áirítear clódóireacht, deileadóireacht, gaibhneacht dhubh, caoladóireacht agus déanamh teicstílí. Bhain na rannpháirtithe úsáid as scileanna agus modhanna oidhreachta chun nuálaíocht, cruthaitheacht agus dearadh a spreagadh agus a ghríosú. Taispeánadh an obair a bhí mar thoradh air ag deireadh seó bailiúchán bliantúil an fhómhair / gheimhridh CIFD an 30 Lúnasa.

Príomh-ghnóthachtálacha:

D’ fhorbair na péireanna seo a leanas saothar:

Taispeántas ag an Seó Cniotála agus Fuála 8 – 11 Samhain Taispeánadh obair a forbraíodh tríd an gcomhoibriú idir Comhairle Dearthóirí Faisin na hÉireann ( CIFD) agus ionadaithe ó bhalleagraíochtaí CDCÉ mar thaispeántas ag an Seó Cniotála agus Fuála, Baile Átha Cliath. Ba an-dearfach a bhí an t-aiseolas a fuarthas ó lucht eagraithe, lucht déanta, coláistí, gairmithe tionscail eile agus ón pobal i gcoitinne.

Wendy Louise Knight ( haitéir ) le Colm Bagnall ( gabha dubh ). Jill de Burca (dearthóir faisin ) le Aoife Ludlow ( ealaíontóir teicstíle agus dearthóir ). Niamh Daniels ( dearthóir gabhálais ) le Ger Hassett, Ester Kiely agus Anne Quinn ( déantóirí lása Áth Cinn ).

72

Leonora Fergusson ( haitéir agus dearthóir gabhálais ) le Dorota Majzer ( déantóir lása agus ealaíontóir cróise ). Hazel Greene ( ealaíontóir agus dearthóir gabhálais ) le Jane Murtagh ( gabha dubh ). Aoife Harrison ( haitéir ) le Friederike Grace ( gabha óir ). Siobhan Quinn / Ballyboy Design ( dearthóir faisin ) le Mark Wilson ( gabha dubh agus gabha copair ). Freya Ann Oatway / F A O Millinery ( haitéir ) le Ann Duggan ( bróidneoir ).

Chomhairle Dhearaidh & Cheardaíochta na hÉireann

Caroline Mitchell ( dearthóir éadaí cniotáilte ) le Dolores Dempsey ( lása Mhóinteach Mílic ). Deb Fanning ( haitéir ) le Mary Ann Fitzpatrick ( ealaíontóir teicstíle ). Keira agus Dairine Kennedy / KDK ( dearthóirí gabhálais ) le Caroline Ryan ( ealaíontóir teicstíle ). Margaret O’ Connor ( haitéir ) le James O’ Toole ( gabha dubh ). Helena Malone ( gabha óir ) le Angela Lavin ( ealaíontóir teicstíle ). Davina Lynch ( haitéir ) le Cathy Hayden ( caoladóir ). Delphine Grandjouan agus Mary Hunter le cuilteáil le Yvonne Whyte, Brenda Mohan, Aileen Hennigan, Marilyn Roantree, Sue Mulvihill, Helen Jacobsen, Joan Hayes le bróidnéireacht le Sheryl Cullen ( Cumann Píosála na hÉireann agus D 3 Textile Group ).

Bhí 16 dearthóir faisin agus 26 ball agus cliant CCLC páirteach sa tionscadal nuálach seo, rud a chruthaigh an acmhainneacht le haghaidh comhoibrithe sa todhchaí. Mheall an tionscnamh clúdach suntasach sna meáin.

Príomh-ghnóthachtálacha: Cuireadh taispeántas de 14 píosa comhoibritheacha i láthair ag an Seó Cniotála agus Fuála. Oíche Faisin Éireannaigh 4 Deireadh Fómhair Cuireadh i láthair na bailiúcháin is deireanaí ó rogha de na dearthóirí Éireannacha is fearr i seó faisin eisiach le haghaidh Oíche Faisin Éireannaigh an 4 Deireadh Fómhair i gcroílár Marylebone i Londain ar mhaithe le carthanas London Irish Centre. Le tacaíocht ó Chomhairle Dearthóirí Faisin na hÉireann ( CIFD ) agus CDCÉ, thug an ócáid seo deis thábhachtach chun faisean na hÉireann a chur i láthair i Londain. Ba é Edmund Shanahan, Cathaoirleach an CIFD, a chuir an seó ar fáil, i gcomhairle le Mary Whelan ó CDCÉ agus bhí saothar le Úna Burke, Theo+George, Heidi Higgins, Caroline Mitchell, Niamh O’ Neill, KDK, Sarah Murphy, Sara O’ Neill, Fisherman Out of Ireland, McConnell Woollen Mills agus Wild Cocoon ar taispeáint. Príomh-ghnóthachtálacha: Bhí na bailiúcháin is déanaí ó 11 branda faisin Éireannacha le feiceáil san Oíche Faisin Éireannaigh.


3,035

73

59

2

26

€29,180

Líon iomlán na mballeagraíochtaí nó CCLC ( Cuallachtaí, Comhlachais, Líonraí agus Cumainn )

Tá baint ag 26 ball agus cliant de chuid GANS i gcomhoibriú faisin idir Comhairle Dhearthóirí Faisin na hÉireann agus CDCÉ.

Laethanta faisnéise arna n-óstáil ag CDCÉ do bhalleagraíochtaí

Tugtha do 20 balleagraíocht in 2018 trí Scéim Tacaíochta Líonra CDCÉ.

Ár gcuid Gníomhaíochtaí

Líon iomlán na gcliantfhiontair atá cláraithe


Chomhairle Dhearaidh & Cheardaíochta na hÉireann

Íomha: Teicstílí – Cushendale Woollen Mills

74


75


Chomhairle Dhearaidh & Cheardaíochta na hÉireann

76


Tá earnáil dearaidh agus cheardaíochta na hÉireann beoga, éagsúil agus nuálach. Cuireann fiontair ár gcliant poist inbhuanaithe réigiúnacha ar fáil, a chuireann go rímhór le geilleagar, sochaí agus tairiscint chultúrtha na hÉireann. Ó chúlraí agus disciplíní éagsúla atá ár gcliaint agus déanann siad réimse éagsúil earraí a dhearadh agus a dhéanamh, idir sheodra agus teicstílí agus troscán agus cheirmeacht, bíodh píosaí coincheapúla nó saothar feidhmiúil i gceist leo. Áiríodh leis an réimse fairsing disciplíní a cuimsíodh inár gclár cliant ár n-uaillmhian chun tacú le agus cur le hoidhreacht cheardaíochta agus dearaidh agus scileanna traidisiúnta na hÉireann agus nuálaíocht dearaidh á spreagadh i ngach rud a dhéanann ár gcliaint.

77

Ár nGnó

3.1

Ár gCliaint


Miondealú ar an gclár fiontair chliaint de réir contae amhail an 31 Nollaig 2018 Clár Fiontair Chliaint de réir Contae

Doire 17

DÚn na nGall 95

Aontroim 73

TÍr Eoghain 23

Fear Manach 16

Muineachán 35

Sligeach 64

78

Maigh Eo 109

Liatroim 46

Ros Comáin 24

Gaillimh 160

An Cabhán 22

Lú 60

An Longfort 15

An MhÍ 71

An IarmhÍ 51

UÍbh FhailÍ 37

Chomhairle Dhearaidh & Cheardaíochta na hÉireann

CiarraÍ 111

Cill Dara 108

Tiobráid Árann 68

Ceatharlach 46 Cill Chainnigh 118

Port Láirge 92 Corcaigh 303

Baile Átha Atha Cliath 643

Cill Mhantáin 148

Laois 44

Clár 87

Luimneach 59

An DÚn 100 100

Ard Mhacha 11

Loch Garman 115


Clár Fiontair Chliaint de réir Contae Baile Átha Cliath Corcaigh Gaillimh Cill Mhantáin Cill Chainnigh Loch Garman CiarraÍ Maigh Eo Cill Dara Dún na nGall Port Láirge An Clár An MhÍ

643 Tiobraid Árann 68 303 Sligeach 64 160 Lú 60 148 Luimneach 59 118 An IarmhÍ 51 115 Ceatharlach 46 111 Liatroim 46 109 Laois 44 108 UÍbh FhailÍ 37 95 Muineachán 35 92 Ros Comáin 24 87 An Cabhán 22 71 An Longfort 15

Tuaisceart Éireann An Dún Aontroim TÍr Eoghain

100 73 23

Doire 17 Fear Manach 16 Ard Mhacha 11

Cliaint ó Oileán na hÉireann ( Poblacht na hÉireann 2,731/ Northern Ireland 240 ) Cliaint Idirnáisiúnta Iomlán Foriomlán na bhFiontar Cláraithe Cliaint

2,971

64 3,035

Clár Fiontair Chliaint de réir Disciplíne Teicstílí 796 Seodra 476 Ceirmeacht

464

Adhmadóireacht 290 Troscán a Dhéanamh

231

Gloine a Dhéanamh

203

Miotalóireacht Gaibhneacht Dhubh

116

Clódóireacht 100 Meáin Mheasctha a Thógáil

92

Saoirseacht Pháipéir

90

Saoirseacht Chloiche

65

Coinnle a Dhéanamh

59

Saoirseacht Leathair

47

Caoladóireacht 42 Gallúnach a Dhéanamh

42

Bréagáin a Dhéanamh

34

Gléasanna Ceoil a Dhéanamh

28

Gaibhneacht Gheal /  Earraí Cuasacha

16

Leabhair a Dhéanamh  /  a Cheangal

16

Sníomh 10 Litreoireacht 9 Páipéar a Dhéanamh Eile Saoirseacht Slinnte / Mósáic / Tuíodóireacht /  Péinteáil Fresco / Uaireolaíocht / Ceangal Cuileog

6

23

Líon Fiontair Chliaint a bhfuil breis agus disciplín amháin acu ( 220 ) Iomlán Foriomlán na bhFiontar Cláraithe Cliaint 3,035

79

Associate Register Mic Léinn

213

Díograiseoirí Ceardaíochta ( tugadh Amaitéaraigh orthu roimhe seo )

263

Leathghairmithe ( tugadh Comhpháirtithe orthu roimhe seo)

438

Ionadaithe Comhlachtaí Oideachais ( tugadh Léachtóirí Ceardaíochta orthu roimhe seo )

89

Neamhghníomhach / Díomhaoin go Sealadach

63

Iomlán Foriomlán Na gComhpháirtithe Cláraithe

1,066

Cuireadh tús le hathbhreithniú ar ár gclár fiontair chliaint lena chinntiú cruinneas na faisnéise ar ár dtaifid in 2017 agus gur críochnaíodh é in 2018. Leanann CDCÉ le hiarracht a dhéanamh chun gach próifíl aonair a choimeád cothrom le dáta chun gur féidir leis an eagraíocht cumarsáid éifeachtach a dhéanamh le cliaint maidir le gach gné, idir cláir CDCÉ agus deiseanna meán, agus lena chinntiú go mbíonn faisnéis chruinn ar fáil do chuairteoirí ar dccoi.ie a úsáideann ár n-eolaire.

Ár nGnó

Miondealú ar an gclár fiontair chliaint de réir contae amhail an 31 Nollaig 2018


Chomhairle Dhearaidh & Cheardaíochta na hÉireann

80


Príomhdhátaí i stair Chomhairle Cheardaíochta na hÉireann CTR, atá ag trádáil anois mar Chomhairle Dhearaidh agus Cheardaíochta na hÉireann.

81

Ár nGnó

3.2

Ár Stair 1970–2018


Chomhairle Dhearaidh & Cheardaíochta na hÉireann

82


Deiseal ó chlé ar bharr An t Saoirseacht Cloch – Hennessy & Byrne

≤ ≤ Lasting Impressions: saothar le Neil Wilkin An Gailearaí Náisiúnta Dearaidh & Ceardaíochta, Clós an Chaisleáin, Cill Chainnigh Díospóireacht phainéil ag taispeántas .OBJ sa Ghailearaí Náisiúnta Dearaidh & Ceardaíochta Ionad Barr Feabhais sa Criadóireacht CDCÉ

1970 Cuireann Comhairle Cheardaíochta an Domhain ( an WCC ) a gComhthionól Ginearálta ar siúl in Éirinn 1971 Bunaíodh Comhairle Cheardaíochta na hÉireann ( CCÉ ) i mBaile Átha Cliath mar chomhlacht deonach faoi choimirce Chumann Ríoga Bhaile Átha Cliath ( CRBÁC ) 1976 Déantar cuideachta theoranta de CCÉ, faigheann sé cistiú ón Aire Tionscail agus Tráchtála agus ón Údarás Forbartha Tionscail 1977 Cuirtear tús le Showcase mar an tAonach Trádála Ceardaíochta Náisiúnta 1980 Osclaítear oiliúint ghnó agus scileanna CCÉ i gCill Uird, Contae Chorcaí 1986 Aistrítear riarachán C C É go h Ionad Teach Baile Mhóir Chúirt an Phaoraigh, Baile Átha Cliath 1989 Aistrítear oiliúint ghnó agus scileanna C C É chuig iar-Cheardlanna Kilkenny Design i gCathair Chill Chainnigh 1990 Osclaíonn C C É an Cúrsa Scileanna agus Dearaidh Ceirmeachta i mBaile Mhic Andáin, Contae Chill Chainnigh 1993 Osclaíonn CCÉ an Cúrsa Scileanna agus Dearaidh Seodra agus Gaibhneachta Óir i gCill Chainnigh 1997 CCoI administration moves from Dublin to Castle Yard, Kilkenny 2000 Osclaíonn CCÉ an Dánlann Cheardaíochta Náisiúnta i gClós an Chaisleáin, Cill Chainnigh 2011 Ainmníonn CCÉ an bhliain 2011 mar Bliain na Ceardaíochta agus déanann sé ceiliúradh ar an earnáil i gcomhar le Ceardaíocht Thuaisceart Éireann agus líonra

comhpháirtithe straitéiseacha ar fud na hÉireann agus go hidirnáisiúnta 2013 Déanann C C É comóradh ar chothrom 50 bliain ó bunaíodh Ceardlanna Kilkenny Design ( K D W ) agus déanann Fóram Eacnamaíoch Éireannaigh an Domhain chun bliain a ainmniú chun ceiliúradh a dhéanamh ar dhearadh na h Éireann agus é a chur chun cinn 2014 Leasaíonn CCÉ a ainm trádála chuig Comhairle Dhearaidh agus Cheardaíochta na hÉireann ( CDCÉ ) i ndiaidh gur síníodh comhaontú seirbhíse le Fiontraíocht Éireann agus seolann sé Irish Design 2015 ( ID2015 ) 2015 Tionólann CDCÉ an tionscnamh bliana le tacaíocht ón Rialtas, ID2015, a dhéanann dearadh Éireannach a fhiosrú, a chur chun cinn agus a cheiliúradh ar fud na hÉireann agus go hidirnáisiúnta chun cruthú post a chur chun cinn, easpórtálacha a fhás agus iomaíochas a mhéadú

83

2016 Coimisiúnaíodh staidéar ar an earnáil dearaidh mar chuid de thorthaí ID2015 san fhoilseachán de chuid an Rialtais ‘Creat Beartais um Dhearadh san Fhiontraíocht in Éirinn’ ( ‘Policy Framework for Design in Enterprise in Ireland’ ) agus leagann an Rialtas an sainordú ar CDCÉ chun oibriú le heagraíochtaí comhpháirtithe chun forbairt straitéis dearaidh d’Éirinn a stiúradh 2017 Foilsíonn CDCÉ Ireland – the Design Island: A consultation paper towards a National Design Strategy ar bunaíodh chéad Fhóram Dearaidh Náisiúnta na tíre faoi stiúir Aire dá bharr 2018 Comhoibríonn CDCÉ le comhpháirtithe chun tacaíocht a thabhairt do bhonneagar dearaidh a fhorbairt, ar soláthraíodh Ionad Dearaidh Náisiúnta mar thoradh air mar chuid de Phlean Forbartha Náisiúnta 2018 – 2027 agus Mol Náisiúnta Nuálaíochta Náisiúnta don Oirdheisceart faoin gCiste Forbartha Fiontraíochta Náisiúnta

Ár nGnó


Chomhairle Dhearaidh & Cheardaíochta na hÉireann

84


Is é an príomhfhócas de straitéis CDCÉ ná clianint a spreagadh agus cuidiú leo a n-uaillmhianta a bhaint amach chun forbairt a dhéanamh, agus a bheith rathúil agus iomaíoch in Éirinn agus go hidirnáisiúnta. Tugann clárú le CDCÉ deis do dhearthóirí agus do dhéantóirí leas a bhaint as an iliomad tacaíochtaí agus clár forbartha atá le tairiscint ag CDCÉ. Faoi láthair na huaire tá ceithre leibhéal den chlárúchán ann: dearthóir-déantóir gairmiúil; dearthóir-déantóir leathghairmiúil; díograiseoir ceardaíochta; agus mac léinn. Déanann an Painéal Athbhreithnithe Clárúcháin iarratais ar chlárú CDCÉ a mheasúnú gach trí mhí. dccoi.ie/register Fógraítear glaonna chun iarratas a dhéanamh ar chláir agus ar thacaí de chuid CDCÉ ag www.dccoi.ie/ opportunities i rith na bliana.

85

Ár nGnó

3.3

Léargas Ginearálta ar ár gCláir Thacaíochta & Forbartha


Chomhairle Dhearaidh & Cheardaíochta na hÉireann

86


← Rathbornes 1488 i limistéar Dearadh Éireann® ag MAISON&OBJET Páras ↙

Showcase – Ireland’s Creative Expo® Debbie Millington; Rebecca Killen Ceramics; Scribble & Stone

↙↙ Ionad Barr Feabhais sa Criadóireacht CDCÉ ↖

Sráidbhaile Ceardaíochta Éireannach ag Bloom sa Pháirc

An Fhiontraíocht Tá Showcase – Creative Expo na hÉireann® bunaithe go mór mar an ócáid trádála is fearr in Éirinn do mhiondíoltóirí ar fud an domhain chun táirgí uathúla deartha-stiúrtha a fháil amach ar an fhaisean, ar an tseodóireacht, agus ar earraí tí agus bronntanais. Tá Dearadh na hÉireann i gcroílár an tseó tá, i spás atá curtha ar leataobh chun príomhbhrandaí comhaimseartha na hÉireann a chur chun cinn arna roghnú ag giúiré neamhspleách as a gcruthaitheacht, a nuálaíocht, as cáilíocht tráchtálachta a bheith acu agus as an saoirseacht atá le brath iontu. Tá na táirgí go léir sa limistéar sin deartha agus déanta in Éirinn. Is éard is Showcase ná comhpháirtíocht idir CDCÉ agus Showcase Ireland Events Limited le tacaíocht ó Fhiontraíocht Éireann chun an seó a chur chun cinn go hidirnáisiúnta agus na hOifigí Fiontair Áitiúla ( O F Á ). Showcaseireland.com Dearadh Éireann® Branda is é Dearadh Éireann® atá tiomanta don éagsúlacht agus don chaighdeán atá ar fáil sa dearadh agus sa cheard Éireannach chur chun cinn do dhaoine in Éirinn agus ar fud an domhain. Tá sainiúlacht Dhearadh Éireann® le feiceáil ar thaispeántais CDCÉ ag seónna trádála, ábhar díolachán in-siopa agus feachtais fógraíochta. Faigheann an láithreán gréasáin a ghabhann leis, DesignIreland.ie smaointe agus inspioráid agus eolas ar dhearthóirí cumasacha Éireannacha agus cá háit ar féidir leo a gcuid oibre a cheannach ar líne nó i siopaí liostaithe. DesignIreland.ie OPTIMISE Dearadh Éireann Tugann OPTIMISE Dearadh Éireann, comhpháirtíocht idir an Chlárlann IE Domain ( IEDR ), CDCÉ, agus líonra na nOifigí Fiontair Áitiúla, cumhacht do chuideachtaí Éireannacha nuálaíocha faoi stiúir deartha chun a láithreacht ar líne a fheabhsú, a gcumais dhigiteacha a mhúscailt agus a ndíolacháin ríomhthráchtála domhanda a fhás trí shaineolas is fearr a thabhairt le chéile sna hearnálacha digiteacha, fiontair agus dearaidh. Gach gnó a roghnófar chun páirt a ghlacadh, tugtar deis dó leas a bhaint as iniúchadh digiteach fairsing, tástáil sláinte láithreáin ghréasáin, chomh maith le sraith de laethanta meantóireachta agus cruinniú leantach chun monatóireacht a dhéanamh ar na hathruithe agus ar na feabhsúcháin ar cuireadh i gcrích iad.

Deiseanna Dír-díolta Tacaíonn agus cuireann CDCÉ fiontair roghnaithe / ceardaíochta roghnaithe chun cinn ag imeachtaí dír-díolacha. Ina measc siúd áirítear seónna tábhachtacha atá oscailte don phobal, mar shampla Bloom, a bhíonn ar siúl i bPáirc an Fhionnuisce, Baile Átha Cliath agus Gifted – an tAonach Ceardaíochta & Deartha san RDS. PORTFOLIO Téann PORTFOLIO go gníomhach i mbun oibre chun borradh a chur faoi chlú agus cumas lucht ceardaíochta agus dearthóirí comhaimseartha atá ag iarraidh a láithreacht a fhorbairt sa ghailearaí agus sa mhargadh bailitheoirí. Saineolaithe Éireannacha agus idirnáisiúnta a bhíonn ar an ngiúiré don chlár seo a bhfuil ardmheas air agus roghnaíonn an giúiré saothair de réir na n-ardchaighdeán den cháilíocht deartha agus den scil teicniúil atá le brath iontu. Faoi láthair, saothair chomhaimseartha a bhíonn ar taispeáint i bPORTFOLIO agus saothair ann de chuid breis agus 140 de na déantóirí deartha is cáiliúla in Éirinn. PORTFOLIO: Is éard atá i Critical Selection, atá mar chuid den chlár PORTFOLIO níos leithne, ná foilseachán débhliantúil den dearadh agus den cheardaíocht chomhaimseartha is fearr in Éirinn. Is éard is aidhm leis an fhoilseachán ná chun cur leis an fheasacht agus leis an tuiscint atá ann ar na déantóirí ceannródaíochta in Éirinn agus lena gcuid saothar. DCCoI.ie/portfolio Ciste An Aonaigh Idirnáisúinta Bunaíodh Ciste an Aonaigh Idirnáisiúnta chun cúnamh airgeadais a thabhairt do dhearthóirí agus do cheardaithe chun teacht a fháil ar phríomh-mhargaí easpórtála. Soláthraíonn an ciste maoiniú meaitseála teoranta le haghaidh aontaí trádála mórdhíola thar lear. Ciste Um DÍrmhargadh Déantóra Cuirtear tacaíocht airgeadais ar fáil ar bhonn cistithe mheaitseála do dhéantóirí atá sa chlár PORTFOLIO agus ar mian leo páirt a ghlacadh in aonaigh dír-dhíolta lasmuigh d’ Éirinn leis an gCiste Aonaigh Dhír-Dhíolta. Comhairleoirí Ceirde, Deartha & Gnó Cuireann clár meantóireachta CDCÉ tacaíocht shaincheaptha ar fáil do ghnólachtaí ceardaíochta agus dearaidh ó raon de shaineolaithe sa dearadh, sa táirgeacht, sa ghnó, sa mhargaíocht, sa bhrandáil agus ó shaineolaithe a bhfuil saintaithí acu i gceird ar leith. Cuirtear meantóireacht ar fáil ar nós duine-le-duine agus i ngrúpaí. Is féidir le fiontair chliaint iarratas a chur isteach ar mheantóireacht i rith na bliana ar fad.

87

Ár nGnó

←← Deiseal ó chlé ar bharr Meantóireacht duine-le-duine le hOPTIMISE Dearadh Éireann


Ceardlanna Forbartha Fiontair Is éard a chlúdaítear i gCeardlanna Forbartha Fiontair ná topaicí atá sannaithe ag CDCÉ mar ábhair a bhaineann le forbairt leanúnach fiontar ceardaíochta agus deartha. Eagraíonn CDCÉ na ceardlanna seo, go minic i gcomhpháirtíocht le hOifigí Fiontair Áitiúla ( LEOanna ) agus fógraítear iad ar dhátaí agus ar amanna ar leith in áiteanna éagsúla in Éirinn.

88

An Clár Tógála Ceardaíochta Agus Deartha a Chuirtear I gCrích É I gComhpháirtíocht Leis na Hoifigí Fiontair Áitiula Is éard atá sa Clár Tógála Ceardaíochta agus Deartha, a chuirtear i gcrích é i gcomhpháirtíocht leis na hOifigí Fiontair Áitiúla, ná pacáiste de huirlisí tacaíochta do déantóirí-dearthóirí chun a gcuid táirgí a ardú sa mhargadh trí sraitheanna de shaincheardlanna deartha. Le linn an chláir, déanann rannpháirtithe taighde margaidh, glacann siad páirt i gceardlanna atá dírithe ar dhearadh agus foghlaimíonn siad faoin mbrandáil, faoin costáil, faoin margaíocht agus faoi straitéisí chun bealaí margaidh atá ann cheana féin a leathnú.

Chomhairle Dhearaidh & Cheardaíochta na hÉireann

Ag Tiomáint an Easpórtáil Chun Tosaigh Is clár comhpháirtíochta CDCÉ/LEO é seo a dhíríonn ar fhorbairt easpórtála d’ fhiontair chliaint chun ullmhacht easpórtála a chinntiú agus bealaí éagsúla chuig margaí thar lear a iniúchadh. Taithí Stiúideo Ceardaíochta Na hÉireann Sa Taithí Stiúideo Ceardaíochta na hÉireann tá cuid de na heispéiris stiúideo is fearr in Éirinn. Stiúideonna ceardaíochta atá ar fáil do chuairteoirí ar bhonn lánaimseartha nó láithreáin dánlanna agus spásanna miondíola a thugann deis do chuairteoirí bualadh le chéile nó idirghníomhú leis an déantóir atá i suímh faoi leith. Chun teacht ar liosta iomlán de shuímh cheadaithe agus chun teacht ar fhaisnéis ar conas iarratas a dhéanamh le bheith measta chun áit a fháil sa scéim, téigh chuig: craftinireland.com/explore An Taighde Agus An Nuálaíocht Pleanáil Straitéiseach Do Na Ball-Eagraíochtaí Tá CDCÉ tar éis comhpháirtíocht a dhéanamh le Business to Arts chun saineolas a thairiscint dár gCuallachtaí, Comhlachais, Líonraí agus Cumainn ( CCLC ) chun cabhrú leo pleananna straitéiseacha a cheapadh chun cabhrú leo a bhforbairt agus a ngairmniú leanúnach. Cuimsítear ceardlanna, seisiúin chomhairle, cuairteanna ar láithreáin agus athbhreithniú, anailís agus seachadadh ábhair phlean gnó leis an gclár seo.

FUSE Tairgeann Clinicí FUSE rochtain ar réimse meantóirí dearaidh agus gnó i seisiún líonraithe luais thar thréimhse aon lá nó dhá lá. Déanann meantóirí comhairle a mheas agus a sholáthar maidir le gnéithe éagsúla de tháirgí ceardaíochta agus dearaidh, lena n-áirítear marsantacht, brandáil, táirgeadh, dearadh agus úsáid ábhar agus teicneolaíocht nuálach. Cuireann Clinicí FUSE ar chumas cliant líonrú lena chéile agus le meantóirí a aithníonn na chéad chéimeanna eile chun fiontar ceardaíochta agus dearaidh a fhorbairt agus a fhás. Scéim Tacaíochta Líonra Cuireann CDCÉ tacaíocht airgeadais measartha ar fáil do bhall-eagraíochtaí. Tairgtear maoiniú ar bhonn bliantúil agus ní mór dóibh siúd a dhéanann iarratas maoiniú comhoiriúnach a sholáthar. Chun rochtain a fháil ar Scéim Tacaíochta Líonra CDCÉ, is féidir le daoine aonair foirm iarratais a chur isteach thar ceann a líonra nó a gcomhlachais. Ba cheart tabhairt faoi deara gurb é an líon íosta ceardaithe atá ag teastáil chun coir, cumann, líonra nó sochaí a chruthú. Design4Growth Tá sé mar aidhm ag Design4Growth micreaghnóthais a dhreasú chun dul i dteagmháil le dearthóirí agus cúnamh a thabhairt do chuideachtaí rannpháirteacha chun an dearadh a chur chun feidhme ar bhealach éifeachtach agus a gcuid gnólachtaí á bhforbairt acu. Cuirtear an clár ar fáil thar ceann na Roinne Gnó, Fiontar agus Nuálaíochta, Chomhairle Dhearaidh & Cheardaíochta na hÉireann agus na nOifigí Fiontair Áitiúla. Ciste na dTaispeántais Seachtracha Bunaíodh Ciste na dTaispeántas Seachtrach chun cuidiú le forbairt taispeántas neamhspleách d’ ardchaighdeán a bhíonn eagraithe ag daoine aonair, eagraíochtaí nó grúpaí. Leis an gciste bliantúil seo cuirtear tacaíocht do líon beag de thaispeántas a bhíonn curtha i láthair go ghairmiúil agus ina mbíonn ceardaíocht agus dearadh Éireannach ar taispeáint, bíodh siad lonnaithe in Éirinn nó thar lear. Gailearaí Náisiúnta Dearaidh & Ceardaíochta Is é an Gailearaí Náisiúnta Dearaidh & Ceardaíochta an t-ionad is mó tábhacht in Éirinn maidir leis an gceardaíocht agus leis an dearadh comhaimseartha, lena spreagtar an tuiscint, an cruthaitheacht agus an nuálaíocht trí thaispeántais, imeachtaí agus cláir oideachais. Tá ról ríthábhachtach ag an nGailearaí Náisiúnta


Saineolas & Scileanna An Oideachais & Cláir Fhor-Rochtana Tá sé mar aidhm ag na cláir oideachais agus for-rochtana feasacht an phobail a chothú ar mheáin cheirde, ar theicnící agus ar phróisis deartha trí cheardlanna le déantóirí gairmiúla, suiteálacha ceardaíochta, taispeántais, cainteanna, fóraim phlé agus deiseanna láimhseála réada. Is minic a bhíonn cláir forrochtana mar chuid de láithreacht CDCÉ ag ardáin náisiúnta nó déantar iad a cheapadh mar thionscadail chun nascadh le grúpaí sainiúla. CRAFTed Leis an gclár CRAFTed de chuid CDCÉ, tugtar deis iontach do pháistí agus do mhúinteoirí bunscoile féachaint siar ar a gcumas cruthaitheachta agus scileanna nua a fhoghlaim trí bheith ag obair le dearthóirí agus ceardaithe gairmiúla. Cuirtear oiliúint chomhoibritheach ar fáil leis 10 uair an chloig d’ am teagmhála sa seomra ranga agus rochtain ar cheardaithe ardoilte lena dtugtar deis do mhúinteoirí agus do dhaltaí araon ábhair nua a fhiosrú dála na cré, an chló, na fabraice agus snáithín, chomh maith le conas rudaí a thógáil as miotail, adhmaid agus sailí. DesignSKILLS Is tionscnamh taighde-gníomhaíochta atá dírithe ar an seomra ealaíne agus ceardaíochta é DesignSKILLS, le haghaidh mac léinn iar-bhunscoile ealaíne ar fud na hÉireann agus a múinteoirí. Cuirtear DesignSKILLS ar siúl thar sé sheisiún a mhaireann uairan-chloig sa seomra ranga, chun scileanna comhoibritheacha agus réiteach fadhbanna a spreagadh. Réitíonn sé leis an fhoghlaim churaclaim sna hamharcealaíona tríd an gcomhdhéanamh samhlaíoch, an dearadh agus an ceardaíocht a fheabhsú, agus tá cur chuige teagmhálach ag baint leis chun dul i mbun obair cruthaitheachta, ar bhealach taitneamhach. Cuirtear maoiniúchán ar fáil trí DesignSKILLS chun iar-bhunscoileanna a chur ar a gcumas páirt a ghlacadh i dtionscadail chruthaitheacha le ceardaithe gairmiúla agus le dearthóirí déantóirí sa suíomh ranga.

Déantóirí Na Todhchaí Tá Dámhachtainí & Tacaíochtaí Future Makers CDCÉ, a seoladh in 2009, ag tairiscint réimse dámhachtainí agus tacaíochtaí do mhic léinn agus do dhéantóirí atá ag teacht chun cinn. Tá sé ar cheann de na cláir dámhachtana is mó duaischiste san Eoraip. Is í an aidhm atá aige ná tacú leis an gcéad ghlúin eile de dhéantóirí, de dhearthaí agus de cheardaithe chun an chéim ón oiliúint go dtí an fhiontraíocht a thógáil. I gclár na mac léinn agus na gcleachtóirí atá ag teacht chun cinn agus ag clúdach réimse leathan disciplíní, aithníonn agus bronnann clár na Future Makers ar fhís, nuálaíocht agus barr feabhais i ndéanamh agus sa phróiseas cruthaitheach i measc mac léinn agus céimithe le déanaí. futuremakers.ie Ionaid Sármhaithis sa Cheirmeacht agus sa tSeodóireacht Is éard atá sa Chúrsa Scileanna & Deartha Ceirmeachta ná dianchlár dhá bhliain bunaithe ar scileanna atá creidiúnaithe ag Ollscoil na hÉireann, Má Nuad. Déanann an cúrsa speisialtóireacht i scileanna táirgthe, teicneolaíocht cré agus glónraithe, teoiric agus oibriú áith, cóireálacha dromchla, líníocht agus dearadh, stair na criadóireachta agus an chleachtais chomhaimseartha. Suite ag Muileann an Oileáin, Baile Mhic Andáin, Co. Chill Chainnigh, tá suas le 12 mac léinn sa chlár. Mar gheall ar an gcomhcheangal timpeallachta, áiseanna agus saineolais maidir le hoiliúint, agus an bhaint atá ag curaclam an chúrsa leis an tionscal criadóireachta, tá sé uathúil laistigh d’ oiliúint criadóireachta in Éirinn. ceramicscourse.ie Déanann an Cúrsa Scileanna & Deartha Seodóireachta agus Gaibhne Óir sainfheidhmiú ar an traidisiún a bhaineann le bheith ag obair le miotail lómhara agus le clocha lómhara, ag tabhairt na scileanna praiticiúla do chéimithe a theastaíonn chun gairmeacha a fhorbairt sa tionscal seodra in Éirinn agus go hidirnáisiúnta. Ní hamháin go mbíonn céimithe ón gcúrsa a bhfuil cumais theicniúla acu, chomh maith le sin bíonn taithí acu ar na bunfhiriní tráchtála atá de dhíth chun gnó ceardaíochta a reáchtáil, dála a bheith ag cloí le spriocdhátaí agus a bheith ag coimisiúnú buiséad. Déanann an dianchlár dhá bhliain seo freastal ar suas le 12 mac léinn agus tá sé lonnaithe ag ceanncheathrú Chomhairle Dhearaidh & Cheardaíochta na hÉireann i gCill Chainnigh. jewellerycourse.ie

89

Ár nGnó

Dearaidh & Ceardaíochta maidir le tuiscint a fhorbairt ar chultúr ceardaíochta, deartha agus ábhair in Éirinn. I measc na gclár tá dearthóirí, ealaíontóirí agus déantóirí Éireannacha agus idirnáisiúnta ar fud raon disciplíní éagsúla trí thaispeántais intí agus camchuairte. ndcg.ie


Chomhairle Dhearaidh & Cheardaíochta na hÉireann

90


Tá achoimre le fáil san fhaisnéis atá sa chuid seo ar rannpháirtíocht ball-eagraíochtaí, cliant, comhpháirtithe agus daoine eile i gcláir CDCÉ, agus sna himeachtaí dá chuid, le linn 2018. 91

Ár nGnó

3.4

Bunstaitisticí Clár 2018


An Fhiontraíocht: Líon na n-orduithe a cuireadh isteach in Showcase 2018

€23,900,000

Líon na gcliant a ghlac páirt in Showcase – Ireland’s Creative Expo®

217

Líon na gcliant de chuid Dhearadh Éireann® a bhí ag Showcase

76

Líon na gceannaitheoirí a d’ fhreastail ar Showcase 4,357 Líon na ngnólachtaí a ghlac páirt i gclár OPTIMISE Dearadh Éireann

20

Líon na ndéantóirí ar thacaíodh iad trí Chiste an Aonaigh Idirnáisiúnta 9 Líon na n-imeachtaí dírdíolacha suaitheanta ina raibh áit lárnach tugtha don cheardaíocht agus don dearadh Éireannach

92

2

Líon na gcliant cláraithe a ghlac páirt in Gifted – an tAonach Ceardaíochta & Deartha

180

Líon na gcliant cláraithe chun taispeáint ag Bloom sa Pháirc

28

Líon cliant cláraithe chun taispeáint i nDearadh Éireann ag NY NOW®

7

Líon cliant cláraithe chun taispeáint ag MAISON & OBJET i bPáras

5

Líon cliant cláraithe chun taispeáint ag MAISON & OBJET i bPáras.

4

Suímh áirithe sa chlár Taithí Stiúideo Ceardaíochta na hÉireann

93

Líon déantóirí a bhí le feiceáil i PORTFOLIO: Roghnú Criticiúil 2017 – 2018

28

Líon déantóirí a bhí le feiceáil i gclár foriomlán PORTFOLIO ( Roghnú Criticiúil móide clár níos leithne )

Níos mó ná 140

Líon na gceardlann de chuid Fiontraíochta Ceardaíochta & Dearaidh Tógála a seachadadh

6

Líon iomlán na rannpháirtithe ar an gclár Fiontraíochta Ceardaíochta & Deartha Foirgníochta 62 Líon iomlán na gceardlann fiontar agus nuálaíochta ( gan seisiúin meantóireachta duine le duine san áireamh ) a seachadadh

3

Líon fiontair chliaint a ghlac páirt i gceardlanna fiontar agus nuálaíochta

24

Chomhairle Dhearaidh & Cheardaíochta na hÉireann

Líon Fiontar a roghnaíodh don Onnmhairithe a Spreagadh 11 Líon cliant a bhain leas as seisiúin meantóireachta duine le duine

30

Líon taispeántóirí ag Showcase a fuair meantóireacht mharsantais

60

An Taighde agus An Nuálaíocht: Líon na n-iarratas ar mhaoiniú Eorpach a cuireadh isteach Líon na gcuairteoirí ar thaispeántais Gailearaí Náisiúnta Deartha & Ceardaíochta

4 55,717

Líon na gcuairteoirí ar thaispeántais ( Cill Chainnigh agus camchuairteanna ) 109,430 Líon taispeántas curtha san áireamh i gclár 2018 ( Cill Chainnigh agus camchuairteanna ) Líon taispeántas ar cuireadh ar cuairt iad chuig dánlanna eile

10 4

Líon dearthóirí agus déantóirí a bhfuil baint acu leis an gclár taispeántas

85

Líon deearthóirí agus déantóirí Éireannacha a bhfuil baint acu le clár na dtaispeántas

63

Líón faighteoirí Chiste na dTaispeántas Seachtrach

6


Saineolas & Scileanna: Duaischiste iomlán do Dhámhachtainí & Tacaíochtaí Future Makers 2018

€23,500

Líon na nIonad Oideachais Réigiúnacha a chuaigh i gcomhpháirtíocht le CDCÉ chun CRAFTed a sheachadadh

11

Líon bunscoileanna ar leith a ghlac páirt i gclár CRAFTed

77

Líon daltaí a ghlac páirt i gclár CRAFTed 1,865 Líon deardaithe a ghlac páirt i gclár CRAFTed 66 Líon múinteoirí a ghlac páirt i gclár CRAFTed 77 Líon múinteoirí a ghlac páirt i gceardlanna CPD a bhí bunaithe ar CRAFTed 119 Líon Chúrsaí Scileanna CDCÉ a ndaingníodh iad trí chaighdeáin L7 a bheith bainte amach acu

2

Líon mac léinn agus líon daoine ón bpobal i gcoitinne a ghlac páirt i gcláir for-rochtana lena n-áirítear ceardlanna, máistir-ranganna agus cainteanna

11,140

An Cur Chun Cinn & An Fheasacht: Luach Cothromais Fógraíochta ( AVE ) an chumhdaigh sna meáin do gach gníomhaíocht

€4,000,000

Líon gearrthóga sna meán don fheachtas Showcase 2018

93

116

Líon leantóirí ar Facebook CDCÉ ( + 10% i gcomparáid le 2017 )

9,487

Líon leantóirí ar Instagram CDCÉ (  + 28% i gcomparáid le 2017 )

4,484

Líon leantóirí ar Facebook Dhearadh Éireann ( + 32% i gcomparáid le 2017 )

6,185

Leantóirí ar Instagram Dhearadh Éireann ( + 8% i gcomparáid le 2017 )

14,482

Líon iomlán na n-imprisean a thuill CDCÉ in 2018 ( meánráta rannpháirtíochta 1.2% )

414.5K

An Beartas & An Abhcóideacht: Líon iomlán na mBall-eagraíochtaí

3,035

Líon na ndéantóirí a thaispeánann Gifted – an tAonach Ceardaíochta & Deartha

4

Líon déantóirí a rinne cur i láthair ag Bloom sa pháirc

6

Líon GANS a rinne cur i láthair gCruinniú na n’ Óg

3

Líon laethanta faisnéise do CCLC arna n-óstáil ag CDCÉ

2

Líon CCLC agus cliaint a ghlac páirt i Seó Bailiúcháin an Fhómhair/ an Gheimhridh Dhearthóirí Faisin Chomhairle na hÉireann

26

Líon rannpháirtithe gníomhacha i gceardlanna FUSE 12 Líon cliant a bhain leas as maoiniú ón Scéim Tacaíochta Líonra

20

Méid maoinithe iomláin bronnta sa Scéim Tacaíochta Líonra €29,180

Ár nGnó

Líon na gcliantfhiontar cláraithe

59


Íomha: Ciseadóireacht – Uirlisí ciseadóireachta Joe Hogan

Chomhairle Dhearaidh & Cheardaíochta na hÉireann

94


95


Chomhairle Dhearaidh & Cheardaíochta na hÉireann

96


Cuideachta faoi theorainn ráthaíochta agus nach bhfuil aon scairchaipiteal aici atá i gceist le CDCÉ. Tá sé rialaithe ag a Mheabhrán agus Airteagail Chomhlachais agus oibríonn sé faoi choimirce an Aire Gnó, Fiontar agus Nuálaíochta. 97

An Rialachas inár Eagraíocht

4.1

Nuashonrú ar Rialachas Corparáideach


Íomha: Ionad Barr Feabhais sa Seodóireacht & sa Ghaibhneacht óir DCCoI

Chomhairle Dhearaidh & Cheardaíochta na hÉireann

98


Lean Bord CDCÉ le béim láidir a leagan ar rialachas corparáideach i rith 2018 lena chinntiú go n-oibríonn sé a chaighdeáin rialachais chorparáidigh i leith an leibhéil is airde. Forbraíodh plean iniúchóireachta inmheánaí dhá bhliain in 2017 a chumhdaíonn forbairt straitéiseach agus cur i bhfeidhm, comhlíonadh rialachais chorparáidigh, creataí bainistíochta riosca agus athbhreithnithe rialaithe inmheánaigh. Thit ionduchtúchán amach do chomhaltaí Boird CDCÉ amach i gCorcaigh an 2 Lúnasa 2018 roimh chéad chruinniú Boird na gcomhaltaí nua. Tugadh faisnéis do chomhaltaí nua faoina bhfreagrachtaí mar chomhalta Boird i measc ceisteanna ábhartha eile. Thosaigh agus chríochnaigh an Bord Athbhreithniú seachtrach Meastóireachta agus Éifeachtachta an Bhoird i Ráithe 4, 2018.

Ár gComhlíonadh Tá CDCÉ tiomanta dá fhreagrachtaí a chomhlíonadh mar chomhlacht atá cistithe ag an Rialtas. Comhlíonann ár gcaiteachas an Cód Caiteachais Phoiblí ina leagtar amach oibleagáidí chomhlachtaí poiblí chun caitheamh le cistí poiblí le cúram, agus lena chinntiú gur baineadh an luach is fearr agus is féidir ar airgead amach pé uair a chaitear nó a infheistítear airgead poiblí. Táimid tiomanta, chomh maith, dár n-oibleagáidí reatha faoin gCód Cleachtais chun Comhlachtaí Stáit a Rialú, 2016; an tAcht um Eitic in Oifig Poiblí, 1995; an tAcht um Shaoráil Faisnéise, 2014; agus Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003. Leanaimid lenár n-oibleagáidí a thuiscint agus a chomhlíonadh faoin Rialachán Ginearálta um Chosaint Sonraí ( an RGCS ). Tá CDCÉ tiomanta, chomh maith, d’fheabhas a chur ar éifeachtúlacht fuinnimh ar aon dul lenár n-oibleagáidí faoin bPlean Gníomhaíochta Náisiúnta um Éifeachtúlacht Fuinnimh ( NEEAP ), Rialacháin na gComhphobal Eorpach ( Éifeachtúlacht Úsáid Deiridh agus Seirbhísí Fuinnimh ), 2009, agus I.R. Uimh. 426 de 2014. Tá an Bord freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar na straitéisí agus beartais fhairsinge don eagraíocht. Tá sé freagrach as na córais rialaithe inmheánaigh airgeadais sa chuideachta agus a chinntiú go bhfuil próisis agus nósanna imeachta i bhfeidhm ag an gcuideachta ar mhaithe lena chinntiú go bhfuil na córais éifeachtach. Tugann sé faoi na freagrachtaí seo go díreach agus trí choistí ar leith Boird a oibriú i gcomhréir le téarmaí tagartha faofa. Tá sceideal foirmiúil ceisteanna ann atá forchoimeádta go ndéanfaidh an Bord cinneadh orthu i gcomhréir le dea-chleachtas. Is ar Fhoireann Bhainistíochta Feidhmiúcháin CDCÉ atá an fhreagracht as beartas a chur i bhfeidhm. Cuireann an Bord an leibhéal cuí de scil agus taithí ar fáil chun tacú le straitéis CDCÉ.

99

An Rialachas inár Eagraíocht

Ár mBord Tá an Bord freagrach as rialachas na cuideachta ar aon dul le dea-chleachtas agus as cloí le hoibleagáidí na cuideachta faoi mar a leagtar amach sa Chód Cleachtais chun Comhlachtaí Stáit a Rialú. Tá ar CDCÉ forálacha an Chóid a chomhlíonadh sa mhéid is infheidhme le struchtúr agus cineál na cuideachta.


Ceapaithe Aire

Breege O’Donoghue Cathaoirleach Bhí Breege O’ Donoghue, go dtí le déanaí, ina chomhalta Boird agus Stiúrthóir Grúpa ( Forbairt Gnó agus Margaí Nua ) ag Primark agus, tar éis 37 bliain, leanann sí ar aghaidh i ról ambasadóra agus tá sí ina iontaobhaí ar Fhondúireacht Primark Better Lives agus den Phlean Pinsin Primark. Is céimí d’ COBÁC í Breege agus tá sí ina Stiúrthóir Cairte, agus ina Chathaoirleach ar an nGrúpa Feidhmithe Gnó agus Cearta Daonna, ina Chathaoirleach ar Real World Analytics, ina Stiúrthóir Neamhfheidhmiúcháin ar Fáilte Ireland, ina Stiúrthóir Neamhfheidhmiúcháin ar Shaw & Sons Limited, comhalta den Bhord Scoil Ghnó Iarchéime Michael Smurfit COBÁC, agus ball den Bhord um Cheapacháin Lasmuigh ( Cód Caighdeán agus Iompair na Státseirbhíse ). Bhí poist arna gceapadh ag an Rialtas

100

aici ar Bhord de roinnt comhlachtaí stáit, lena n-áirítear An Post, Aer Rianta, Cathaoirleach ar an Shannon College of Hotel Management, Cathaoirleach ar an gCoimisiúin um Chaidreamh Oibreachais, agus bhí sé ina Iontaobhaí agus ina Bhall Comhairle de IBEC. Tá go leor gradam faighte ag Breege as a cuid oibre, ina measc tugadh an onóir di mar Phátrún Sármhaitheasa Smurfit 2017 – Gnó COBÁC; agus bronnadh Dochtúireacht Fealsúnachta (honoris causa) ó Ollscoil Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath air; Ceannaire is mó a bhfuil cáil uirthi ag The Irish Times Business Awards 2019; agus bhronn an tUachtarán François Hollande in 2016, an Chevalier de The Ordre National de la Legion d’ Honneur uirthi.

Andrew Bradley Bhain Andrew Bradley cáilíocht amach mar Dhearthóir Tionsclaíoch ag an g Coláiste Náisiúnta Ealaíne is Deartha agus, agus ag aithint go raibh spéis aige i gcabhrú le cuideachtaí an acmhainneacht dearaidh a bhaint amach, chuir sé tús le gairm bheatha i gceannaireacht dearaidh. Déanann a chomhlacht, Bradley Brand, speisialtóireacht in oibriú le cuideachtaí atá faoi bhainistíocht na n-úinéirí chun cabhrú leo poitéinseal tráchtála branda láidir a chomhlíonadh

chun buntáiste iomaíoch agus dílseacht chustaiméara a sheachadadh. Le linn a ghairme, bhí Andrew ina bhall gníomhach d’Institiúid na nDearthóirí in Éirinn agus bhí sé ina Uachtarán ó 2013 go 2015. Threoraigh sé an fhoireann chun Fiontraíocht Dearaidh Skillnet an IDÉ a bhunú agus tá sé ina cathaoirleach ar an tionscnamh oiliúna seo. Oibríonn sé freisin le h Oifig Fiontair Áitiúil Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin mar mheantóir.

Chomhairle Dhearaidh & Cheardaíochta na hÉireann

Paul Mc Keown  Is é Paul McKeown an Príomhoifigeach Airgeadais ( PA) ag Fiontraíocht Éireann. Mar PA, tá sé freagrach as bainistíocht straitéiseach airgeadais Fhiontraíocht Éireann. Sa bhreis ar an airgeadas, tá Paul ina Rúnaí ar an mBord agus soláthraíonn sé ceannawireacht agus maoirseacht shinsearach ar raon feidhmeanna i bhFiontraíocht Éireann, lena n-áirítear Acmhainní Daonna, Beartas, Pleanáil & Caidreamh Rialtais agus Rialachas Corparáideach & Bainistíocht Riosca. Sular

thosaigh sé ag obair le Fiontraíocht Éireann, bhí sé ina Stiúrthóir Airgeadais in Ospidéal Ollscoile Naomh Uinseann. Thosaigh sé a ghairm bheatha in KPMG agus rinne sé bainistiú ar phunann leathan de chliaint iniúchóireachta lena n-áirítear cuid de na heagraíochtaí leathstáit tráchtála is mó in Éirinn. Comhalta de Chuntasóirí Cairte na hÉireann, tá Baitsiléir Tráchtála ( B.Comm) agus Máistir sa Chuntasaíochta ( M.Acc ) ó Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath ag Paul.

Toby Scott  Faoi láthair tá Toby Scott ina Nuálaí Cónaithe ag Ciste Daonra na Náisiún Aontaithe áit a gcuireann sé smaointeoireacht dearaidh i bhfeidhm chun aghaidh a thabhairt ar chuid de na fadhbanna is dúshlánaí a bhaineann le foréigean inscne, sláinte ghnéasach agus atáirgthe agus mortlaíocht naíonán. Roimhe seo, bhí sé ina stiúrthóir ar UK Design Council, ina stiúrthóir ar Arts Council England agus ina cheann ar Creative Industries do Rialtas na Ríochta Aontaithe. Bhunaigh sé Ionad na hÉireann um Nuálaíocht Dearaidh agus bhí sé

i gceannas ar an tionscadal píolótach Design4Growth. Mar fhiontraí, tá Toby ina comhbhunaitheoir agus ina Stiúrthóir Foghlama de FRAMLABS a bhaineann úsáid as smaointeoireacht dearaidh chun luach sa todhchaí a chruthú do chuideachtaí forásacha agus de Knowinnovation a oibríonn le lucht acadúil, le heagraíochtaí neamhrialtasacha agus le gnóthaí chun ‘Wicked Problems’ a réiteach trí réiteach fadhbanna comhoibríocha.


Ionadaithe Tofa

Fiona Deegan Oibríonn Fiona Deegan mar Cheann Fiontair leis an Oifig Fiontair Áitiúil ( LEO  ) i g Cill Chainnigh agus bhí sí ina POF ar Bhord Fiontair Contae Chill Chainnigh roimhe seo. Tá tuiscint dhomhain ag Fiona ar riachtanais dearthóirí agus ceardaithe maidir le hacmhainn fiontair a fhorbairt óna cuid blianta fada ag obair le gnóthaí beaga. Bhí sí ríthábhachtach i

bhforbairt an bhunchoincheap in 2009 le haghaidh MADE in Kilkenny, a bunaíodh chun barr feabhais a chothú i gceirdeanna agus chun fás an tionscail ceirde ghairmiúil a spreagadh. Tá taithí ag Fiona ar straitéis a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm, ar bhuiséid a bhainistiú, ar chaighdeáin arda a leagan síos agus ar thorthaí a sheachadadh.

Mairéad McCorley Tá Mairéad McCorley ina bhall bunaitheora de Cork Craft & Design, grúpa ildisciplíneach de bhreis agus 100 ball. Laistigh den ghrúpa ghníomhaigh sí mar Chisteoir, Riarthóir agus Comhordaitheoir de Cork Craft Month. Bhunaigh Mairéad an chéad spás miondíola Cork Craft & Design in 2011 agus bhí

baint ghníomhach aici le go leor gnéithe d’earnáil cheardaíochta na hÉireann le 20 bliain anuas. Agus gnó á fhorbairt aici, Silverstone Dimensions Handmade Jewellery, trí thús, borradh agus cúlú, tá taithí díreach faighte aici ar na dúshláin iomadúla a bhaineann le gnó ceardaíochta a riar.

101

John C. O’Connor lánaimseartha a bhí le seachadadh ar oileán amach ó chósta na hÉireann, an BA san AmharcEalaín ar Inis Arcáin. Soláthróidh an campas nua san Ollscoil Teicneolaíochta i lár chathair Bhaile Átha Cliath i nGráinseach Ghormáin deiseanna féideartha do chomhoibriú le Comhairle Dhearaidh & Cheardaíochta na hÉireann i ndáil le hoiliúint, oideachas, lóistín, ceardlanna agus spás taispeántais.

Mary Palmer Is déantóir a bhuaigh il-duaiseanna í Mary Palmer a mhúineann agus a sholáthraíonn seirbhís ghairmiúil cuilteála. Bhí sí bainteach le Laethanta Faisnéise do Chuallachtaí, Comhlachais, Líonraí Agus Cumainn ( CCLC  ) le blianta fada anuas, mar bhall coiste le Cumann Píosála na hÉireann ar dtús. Tá Mary ar

dhuine de bhunaitheoirí Líonra Teicstílí Chorcaí agus an tionscnamh trasteorann, Chuallacht Chuilteoirí na hÉireann. Bhí sí ina ball gníomhach den choiste chomh maith le Cork Craft and Design, grúpa ildisciplíneach do dhearthóirí agus do dhéantóirí atá lonnaithe i g Corcaigh.

An Rialachas inár Eagraíocht

Tá John C. O’ Connor ina Stiúrthóir ar Ollscoil Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath agus ina Dhéan ar Choláiste na nEalaíon agus na Turasóireachta. Bhí sé ina Cheann ar Ealaíona Cruthaitheacha Scoil Bhaile Átha Cliath roimhe seo. Bhí sé freagrach as an gcéad chlár Máistreachta sa cleachtas dearaidh gairmiúil a bhunú leis an Dearadh, Priontáil agus Pacáistiú de chuid Skillsnet in 2008. Roimhe seo, ba é John a bhí i gceannas na forbartha den t-aon chlár céime


Ionadaithe Tofa Donagh Quigley  Tá cúlra i gceol traidisiúnta ag Donagh Quigley. Tar éis dó cúrsa oiliúna a chríochnú sa tuíodóireacht nuair a bhí sé thart ar 30 bliain d’ aois, thosaigh Donagh ag obair leis féin mar thuíodóir agus thosaigh sé ag fás a tuí féin. Nuair a tharla an cúlú, b’ éigean do Donagh athmheasúnú a dhéanamh air féin agus teacht suas le; ba ghá go mbeadh sé inscálaithe agus go mbeadh sé tairbheach don úsáideoir deiridh. Thosaigh Donagh agus a bhean Gemma ag cruthú gallúnaí lámhdhéanta ina gcistin agus

ach comhábhair nádúrtha á n-úsáid sular sheol siad The Handmade Soap Company ag Showcase – Irish Creative Expo® in 2010. Fostaíonn an Handmade Soap Company 21 duine i muileann athchúrsáilte i mBaile Shláine, Co. na Mí. Tá méadú tagtha ar an raon táirgí thar na blianta agus anois tá an chuideachta ag easpórtáil go forleathan. Tá fíor-thaithí dhomhanda ag Donagh ar ghnó ceardaíochta a thógáil agus a scálú.

Rachel Quinn

102

Bhain Rachel Quinn Dioplóma sa Mhín-Ealaín amach ó Institiúid Teicneolaíochta Shligigh sa bhliain 1995 agus fuair sí taithí oibre i gcomhthéacsanna éagsúla sular thosaigh sí ar a gnó ceirmeachta féin a bhuaigh gradaim. Is ball bunaitheora í de Made in Sligo, d’oibrigh sí go dlúth le Bord Fiontair Áitiúil Shligigh agus le comhpháirtíocht Leader Shligigh chun líonra de 15

táirgeoir micrea-cheardaíochta a thionscnamh. Bhí Rachel páirteach i roinnt tionscadal ar leibhéal áitiúil agus náisiúnta, lena n-áirítear féilte, teagasc, tionscadail a thionscain an pobal agus tá sí ina ball de chlár CRAFTed de chuid Chomhairle Dhearaidh & Cheardaíochta na hÉireann.

Elaine Riordan

Chomhairle Dhearaidh & Cheardaíochta na hÉireann

Le 27 bliain anuas, tá páirt ghníomach ag Elaine Riordan i gceird agus i ndearadh ar leibhéal áitiúil, náisiúnta agus idirnáisiúnta. Bhí sí ina Cathaoirleach ar Ceramics Ireland, eagraíocht de thart ar 260 ball ar fud na hÉireann, ó 2009 i leith. Sa cháil sin, eagraíonn sí ceardlanna, déanann sí coimeádaíocht ar thaispeántais agus eagraíonn sí gníomhaíochtaí tiomsaithe airgid eile gach bliain mar aon le comhordú a dhéanamh ar an bhFéile Ceirmeachta Idirnáisiúnta débhliantúil. Mhúin

sí thar dhisciplíní criadóireachta, éadaí cniotáilte faisin agus teicstílí, agus dearadh beochana agus gluaisne i Scoil Ealaíne & Deartha Luimnigh ó 2004 i leith. Tá sí ina ball den Acadamh Idirnáisiúnta Criadóireachta ( IAC ) agus bhí sí mar chuid den Choiste Eagraithe Áitiúil don 46ú Comhthionól Ginearálta den Acadamh Idirnáisiúnta Criadóireachta a tionóladh i mBaile Átha Cliath in 2014. Bhí sí freisin ina Coimisinéir Náisiúnta do European Ceramic Context, Bornholm, an Danmhairg in 2014.

Edmund Shanahan Is é speisialtóireacht atá ag Edmund Shanahan ná forbairt gnó agus táirgí do na hearnálacha faisin, teicstílí, ceardaíochta agus miondíola. I measc a chuid cliant tá dearthóirí, déantóirí ceirde, miondíoltóirí, gníomhaireachtaí stáit, corparáidí sliseanna gorma agus tallann atá ag teacht chun cinn sna margaí Éireannacha agus idirnáisiúnta araon. Tá sé ina Chathaoirleach ar Chomhairle Dearthóirí Faisin na hÉireann agus ina chomhalta Boird ar an Leitrim Design House.

Tugann sé léachtaí ar Chlár Céime um Chleachtas Bainistíochta Miondíola de chuid Retail Ireland. D’ fhorbair Edmund an tionscadal CREATE le Brown Thomas chun dearthóirí agus déantóirí Éireannacha a aithint agus a fhorbairt a bhfuil sé de chumas acu díol i siopa taobh le príomhbhrandaí an domhain. Is tráchtaire rialta é ar cheisteanna gnó agus stíl mhaireachtála ar chainéil éagsúla sna meáin.


4.2 Ár gComhaltaí Boird

Freastal an Bhoird

Ceapaithe Aire Breege O’ Donoghue ( Cathaoirleach )

Tugtar achoimre sa tábla thíos ar fhreastal na Stiúrthóirí ar chruinnithe Boird a raibh siad i dteideal freastal orthu i rith na bliana dar críoch an 31 Nollaig 2018.

Andrew Bradley

Cuireadh seacht gcruinniú Boird ar bun in 2018:

Stephen Hughes 1 Toby Scott Ionadaithe Tofa

Stiúrthóir Cruinnithe Boird Ar fhreastail sé/sí orthu / a raibh sé/sí cáilithe le freastal orthu

Fiona Deegan

Breege O’ Donoghue

7 / 7

Mairéad McCorley

Andrew Bradley

5 / 7

John C. O’ Connor

Fiona Deegan

6 / 7

Mary Palmer

Stephen Hughes

2 / 4

Ray Power 3

Mairéad McCorley

6 / 7

Donagh Quigley 4

Paul McKeown

2 / 3

Rachel Quinn

John C. O’ Connor

6 / 7

Elaine Riordan

Mary Palmer

7 / 7

Edmund Shanahan

Ray Power

4 / 4

Donagh Quigley

3 / 3

Rachel Quinn

4 / 7

3 imithe ar scor an 13 Meitheamh

Elaine Riordan

6 / 7

4 ceaptha an 13 Meitheamh

Toby Scott

5 / 7

Edmund Shanahan

7 / 7

1 imithe ar scor an 26 Meitheamh 2 ceaptha an 24 Iúil

Ghlac comhaltaí Boird páirt, chomh maith, i roinnt coistí agus fo-choistí. Chun teacht ar shonraí, tabhair cuairt, le do thoil, ar Mhír 4.5 Ár gCoistí ar leathanach 107.

103

An Rialachas inár Eagraíocht

Paul McKeown 2


4.3 Ár bhFoireann Karen Hennessy Príomhfheidhmeannach Tanya Jones Cúntóir Feidhmiúcháin leis an POF agus Oifigeach Feidhmiúcháin Beartais agus Prótacail Oideachas, Oiliúint agus Forbairt

Brian Byrne Comhordaitheoir na Dánlainne Gnóthaí Poiblí agus Cumarsáid Susan Brindley Ceann Gnóthaí Poiblí agus Cumarsáide

Fiona Byrne  Bainisteoir Oideachais

Ciara Gannon Oifigeach Cumarsáide

Eimear Conyard Bainisteoir Scileanna Seodra agus Cúrsa Dearaidh

Dominique Dumecz 3 CRM agus Riarthóir Seirbhísí Cliant

Gus Mabelson ( Independent Contractor ) Bainisteoir Scileanna Ceirmeachta agus Cúrsa Dearaidh

Deirdre O’ Reilly Bainisteoir Cumarsáide Oibríochtaí Mary Blanchfield Ceann Oibríochtaí agus Rúnaí na Cuideachta

Caroline Ryan 1 Oifigeach Oideachais agus Forochtana

Julie Jackman Cúntóir Airgeadais

Amanda Walsh Riarthóir Oideachais, Oiliúna agus Forbartha

Nuala McGrath Bainisteoir Acmhainní Daonna agus Seirbhísí Corparáideacha

Marie Wilgaard Kelly ( Conraitheoir Neamhspleách ) Teicneoir Seodra agus Gaibhneacht Óir Cláir Nuálaíochta agus Forbartha Louise Allen Ceann Cláir Nuálaíochta agus Forbartha

Chomhairle Dhearaidh & Cheardaíochta na hÉireann

Susan Holland Coimeádaí Taispeántas agus Clár

John Tynan Ceann Oideachais, Oiliúna agus Gairmiúlachta

Klaus Hartmann ( Independent Contractor ) Teicneoir Ceirmeachta

104

An Dánlann Náisiúnta Dearaidh agus Cheardaíochta

Mary Rhatigan 2 Riarthóir Seirbhísí Cliant Mary Whelan Oifigeach Idirchaidrimh Cliant Forbairt an Mhargaidh Brian McGee Stiúrthóir Forbartha Margaidh Nicola Doran Bainisteoir an Chláir Mhiondíola Mary Dunne Oifigeach Forbartha Margaidh Emer Ferran Bainisteoir an Chláir Forbartha Gnó Ciara Garvey Bainisteoir Forbartha, Cláir Bhailitheoirí agus Thurasóireachta Emma McGrath Bainisteoir Forbartha Trádála

Nótaí 1 páirtaimseartha 2 páirtaimseartha, a fhad leis an 26 Meán Fómhair 3 ón 20 Feabhra Aithníonn Comhairle Dhearaidh agus Cheardaíochta na hÉireann ( CDCÉ ) rannchuidiú luachmhar na ndaoine / na gcuideachtaí seo a leanas: Dylan McDonald, Cúntóir Forbartha Margaidh; Shauna Sweeney, WCCE agus Comhordaitheoir Forbartha Nuálaíochta; Carrie Lynam, Comhordaitheoir Náisiúnta CRAFTed agus Polly Minett, FGL agus Comhordaitheoir Tionscadail Taighde CRAFTed, anuas ar an iomaí conraitheoir agus oibrí deonach gearrthéarmach a chabhraigh ag imeachtaí agus gníomhaíochtaí CDCÉ.


4.4 Ár mBalleagraíochtaí

23 Balleagraíocht – de réir Disciplíne Blackstack Studios

Cuideachta faoi Theorainn Ráthaíochta is ea Comhairle Cheardaíochta na hÉireann, atá ag trádáil mar Chomhairle Dhearaidh agus Cheardaíochta na hÉireann. Balleagraíochtaí agus institiúidí atá ann a bhfuil na haidhmeanna agus cuspóirí céanna acu atá ag CDCÉ agus tá baint acu sa cheardaíocht agus i ndearadh comhaimseartha agus traidisiúnta a chur chun cinn.

Ceramics Ireland

Áirítear le baill na cuideachta:

Cuallacht Fhíodóirí Láimhe Chorcaí

Síntiúsóirí leis an Meabhrán Comhlachais ( tugtar baill bhunaidh orthu, chomh maith ) Gildeanna, Comhlachais, Líonraí agus Cumainn Neamhchorpraithe ( GCLCanna ) a dtugann an Bord ballraíocht dóibh Comhlachtaí corparáideacha a dtugann an Bord ballraíocht dóibh

Ealaíontóirí Comhaimseartha Taipéise Comhairle Dhearthóirí Faisin na hÉireann Feltmakers Ireland Filament Fibre Artists Glass Society of Ireland Cuallacht Lásadóirí na hÉireann Institiúid na nDearthóirí in Éirinn Cumann Ghaibhne Ealaíontóra na hÉireann Cumann Chaoladóirí na hÉireann Cuallacht Bhróidnéirí na hÉireann Cuallacht Fhíodóirí, Shníomhaithe agus Ruaimneoirí na hÉireann

105

Cumann Píosála na hÉireann 4 Bhall Bunaidh Patsy Duignan ( go ndéana Dia a mhaith air )

Cumann Dhearthóirí Stáitse agus Scáileáin na hÉireann

Mary V. Mullin

Cuallacht Dheileadóirí Adhmaid na hÉireann

Blanaid Reddin

Mountmellick Development Association Ltd

Betty Searson

Peannairí Print Block

12 Bhall Chorparáideacha Coláiste Ealaíne agus Dearaidh Crawford Stiúideonna Ealaíontóirí Stáisiún Dóiteáin Bantracht na Tuaithe Scoil Ealaíne agus Dearaidh Luimnigh Na Píobairí Uilleann An Coláiste Náisiúnta Ealaíne is Deartha New Ross Needlecraft Limited ( The Ros Tapestry ) Ollscoil na hÉireann, Má Nuad Cumann Ríoga Bhaile Átha Cliath An Scoil Ealaíne, Dearaidh agus Chlódóireachta ag Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath Coláiste Naomh Aingeal Ollscoil Uladh

Cumann Photadóirí Chorcaí Cuallacht Chuilteálaithe na hÉireann Lasadóirí Traidisiúnta na hÉireann

An Rialachas inár Eagraíocht

Anuas ar an gceathrar Ball Bunaidh, bhí 12 Bhall Chorparáideacha, 23 Balleagraíocht de réir Disciplíne agus 20 Balleagraíocht de réir Réigiúin agus 4 bhall nua ag CDCÉ amhail an 31 Nollaig 2018.


24 Balleagraíocht – de réir Réigiúin/Eile Cumann na OFÁanna Benchspace Cork* Bridge Street Studios Ceardlann, Stiúideonna Ceardaíochta agus Dearaidh an Spidéil Clare Crafts Cork Craft & Design Cork Textile Network Group Craft Granary Donegal Designer Makers FORM Designmade In Carlow Headford Lace Project* Inside Craft* Louth Craftmark Designers Network

106

MADE in Kilkenny Made in Sligo Made in Westmeath Making ( Fóram Plé ar Cheardaíocht na hÉireann )* Offaly Crafty Original Kerry South Wexford Craft Network The Design Tower The Leitrim Design House Ionad Ealaíon Iarthar Chorcaí

Chomhairle Dhearaidh & Cheardaíochta na hÉireann

Cuallacht Cheardaíochta agus Dearaidh Iarthar Chorcaí *Balleagraíochtaí a ghlac le ballraíocht de CBCÉ in 2018


Nóta: Tugann na figiúirí idir lúibíní thíos freastal Stiúrthóirí le fios ar chruinnithe Coiste agus Fochoiste a raibh siad i dteideal freastal orthu i rith na bliana dar críoch an 31 Nollaig 2018. Tuairiscíonn gach Coiste agus Fochoiste leis an mBord i ndiaidh gach cruinnithe. An Coiste Iniúchóireachta, Airgeadais agus Riosca Is é ról an Choiste Iniúchóireachta, Airgeadais agus Riosca tacú leis an mBord maidir lena fhreagrachtaí as saincheisteanna riosca, rialaithe agus dearbhaithe ghaolmhair. Cinntíonn sé go ndéantar monatóireacht ar na córais rialaithe inmheánaigh, gníomhaíochtaí iniúchóireachta ina measc, go gníomhach agus go neamhspleách. Fiona Deegan Cathaoirleach an Choiste ( 3 / 4 ) Stephen Hughes 1 ( 2 / 2 )

Fochoiste an Fhóraim Náisiúnta Dhearaidh Tionólann CDCÉ an coiste seo chun tuairisciú a dhéanamh ar an bhFóram Dearaidh Náisiúnta páirtithe leasmhara níos fairsinge ar leibhéal náisiúnta agus díríonn sé ar phríomhchuspóirí ar aon dul le Plean Straitéiseach 2017 – 2020 CDCÉ. Toby Scott Cathaoirleach an Fhochoiste ( 6 / 9 ) Breege O’ Donoghue ( 6 / 9 ) Andrew Bradley ( 9 / 9 ) Edmund Shanahan ( 7 / 9 ) Karen Hennessy* ( 9 / 9 ) Athbhreithniú Straitéiseach ar an bhFochoiste Tionólann CDCÉ an Fo-Choiste seo chun athbhreithniú a dhéanamh ar agus cabhrú le próiseas chur i bhfeidhm agus soláthair Phlean Straitéiseach reatha CDCÉ.

John C. O’ Connor ( 3 / 3 )

Andrew Bradley Cathaoirleach an Fhochoiste ( 1 / 1 )

Paul McKeown ( 2 / 2 )

John C. O’ Connor ( 1 / 1 )

Mairéad McCorley ( 1 / 1 )

Karen Hennessy* (1 / 1 )

Mary Blanchfield* ( 4 / 4 )

John Tynan* ( 1 / 1 )

Coiste Ainmniúchán

Fochoiste Oidhreachta

Is é ról an Choiste Ainmniúchán chun athbhreithniú rialta a dhéanamh ar struchtúr, méid agus comhdhéanamh ( cothromaíocht scileanna, taithí, neamhspleáchais, eolais agus éagsúlachta, inscne ina measc ) an Bhoird agus chun moltaí a dhéanamh don Bhord maidir le haon athruithe.

Oibríonn an Fochoiste seo le foireann CDCÉ chun deiseanna a uasmhéadú san earnáil oidhreachta agus cheardaíochta traidisiúnta mar bhealach chun scileanna agus eolas a chaomhnú. Mary Palmer Cathaoirleach an Fhochoiste ( 3 / 3 )

Elaine Riordan Cathaoirleach an Choiste ( 1 / 1 )

Ray Power 2 ( 2 / 2 )

Breege O’ Donoghue ( 1 / 1 )

Rachel Quinn ( 3 / 3 )

Ray Power 2 ( 1 / 1 )

Elaine Riordan ( 3 / 3 )

Edmund Shanahan ( 1 / 1 )

Edmund Shanahan ( 1 / 1 )

Louise Allen* ( 1 / 1 )

Mairéad McCorley ( 1 / 1 ) Louise Allen* ( 1 / 2 ) Cuideachta Chomhfhiontair Showcase Ireland Events Ltd. Board Karen Hennessy Cathaoirleach agus Rúnaí na Cuideachta

*Feidhmeannacht i láthair 1 imithe ar scor an 26 Meitheamh 2 imithe ar scor an 13 Meitheamh

Tony Donegan Gerry Murphy Brian McGee*

107

An Rialachas inár Eagraíocht

4.5 Ár nGealltanais


Íomha: An t Saoirseacht Cloch – Hennessy & Byrne

Chomhairle Dhearaidh & Cheardaíochta na hÉireann

108


109


Chomhairle Dhearaidh & Cheardaíochta na hÉireann

110


Ráitis Airgeadais

Airgeadais don bhliain dar crÍoch 31 Nollaig 2018 Comhairle CheardaÍochta na hÉireann Faoi theorainn RáthaÍochta t/a Comhairle Dhearaidh agus CheardaÍochta na hÉireann

Faisnéis faoin gCuideachta Tuarascáil na Stiúrthóirí Tuarascáil na nIniúchóirí Neamhspleácha Ráiteas maidir le hIoncaim agus Caiteachais Ráiteas maidir leis an Ioncam Cuimsitheach Clár Comhardaithe Ráiteas maidir le hAthruithe ar Chothromas Ráiteas ar na Sreafaí Airgid Nótaí a ghabhann leis na Ráitis Airgeadais

113 115 119 122 123 124 125 126 127

Ráitis Airgeadais

111

Íomha: Ag déanamh gloine – Stiúideo Gloine Sheireapúin


Chomhairle Dhearaidh & Cheardaíochta na hÉireann

112


Faisnéis Faoin gCuideachta

Stiúrthóirí Andrew Bradley Fiona Deegan Mairéad McCorley Paul McKeown John C. O’Connor Breege O’Donoghue ( Cathaoirleach )

Mary Palmer Donagh Quigley Rachel Quinn Elaine Riordan Toby Scott Edmund Shanahan

Rúnaí na Cuideachta

Oifig Chláraithe

Mary Blanchfield

Clós an Chaisleáin, Chill Chainnigh

Uimhir Chláraithe

113

56542

Iniúchóirí Neamhspleácha Crowe Ireland Cuntasóirí Cairte agus Gnólacht Iniúchóireachta Reachtúla Teach na Mara Plás Chlann Liam Baile Átha Cliath 2

Baincéirí Bainc Aontas Éireann cpt Ionad na mBanc Droichead na Dothra Baile Átha Cliath 4 Banc na hÉireann Sráid na Parlaiminte Chill Chainnigh

Aturnaetha Beauchamps Abhainn Two Cé Sir John Rogerson Baile Átha Cliath 2

Bainc Aontas Éireann St Helens, 1 Undershaft Londain EC3A 8AB

Ráitis Airgeadais

5.1


Chomhairle Dhearaidh & Cheardaíochta na hÉireann

114


Tuarascáil na Stiúrthóirí Don bhliain dar crÍoch 31 Nollaig 2018

Cuireann na stiúrthóirí a dtuarascáil bhliantúil agus na ráitis airgeadais iniúchta i láthair don bhliain dar críoch 31 Nollaig 2018. Ráiteas Maidir le Freagrachtaí na Stiúrthóirí Tá na stiúrthóirí freagrach as Tuarascáil na Stiúrthóirí agus na ráitis airgeadais a ullmhú de réir dlí agus rialacháin na hÉireann. Le dlí cuideachtaí na hÉireann, ceanglaítear ar na stiúrthóirí na ráitis airgeadais a ullmhú do gach bliain airgeadais, ina dtugtar léargas fíor agus cothrom ar staid chúrsaí na Cuideachta. Faoin dlí, thogh na stiúrthóirí na ráitis airgeadais a ullmhú de réir Chleachtais Chuntasaíochta a nGlactar go Ginearálta leo in Éirinn, lena n-áirítear Caighdeán Tuairiscithe Airgeadais 102 ‘An Caighdeán Tuairiscithe Airgeadais is infheidhme sa Ríocht Aontaithe agus i bPoblacht na hÉireann’ agus arna fhógairt ag Institiúid na gCuntasóirí Cairte in Éirinn agus le dlí na hÉireann. Faoi dhlí na gcuideachtaí, níl cead ag na stiúrthóirí na ráitis airgeadais a faomhadh mura bhfuil siad sásta go dtugtar léargas fíor agus cothrom iontu maidir le sócmhainní, dliteanais agus staid airgeadais na Cuideachta amhail dáta deireadh na bliana airgeadais, agus maidir le barrachas easnamh Cuideachta don bhliain airgeadais sin agus go gcloíonn siad le hAcht na gCuideachtaí 2014.

115

Agus na ráitis airgeadais sin á n-ullmhú acu, ceanglaítear ar na stiúrthóirí: — beartais chuntasaíochta oiriúnacha a roghnú agus iad sin a chur i bhfeidhm i gcónaí; — breithiúnais agus meastacháin chuntasaíochta atá réasúnta agus stuama a dhéanamh; — a luath ar ullmhaíodh nó nár ullmhaíodh na ráitis airgeadais de réir na gcaighdeán cuntasaíochta iomchuí, agus, chomh maith leis sin, na caighdeáin sin a shonrú, agus suntas a thabhairt ar na cúiseanna ar a ndearnadh imeacht ábhartha ó na caighdeáin sin; agus — na ráitis airgeadais a ullmhú ar bhonn gnóthais leantaigh mura bhfuil sé míchuí glacadh leis go leanfaidh an Chuideachta i mbun gnó. Deimhníonn na stiúrthóirí gur chomhlíon siad na ceanglais thuasluaite agus a bhí na ráitis airgeadais á n-ullmhú acu. Tá na stiúrthóirí freagrach as a chinntiú go gcoimeádann an Chuideachta taifid chuntasaíochta cuí, nó go mbíonn sí mar chúis leo a choimeád, ina dtugtar míniú agus taifead ceart maidir le hidirbheart na Cuideachta, a chumasú go mbeifear ábálta tráth ar bith sócmhainní, dliteanais, staid airgeadais agus barrachas nó easnamh na Cuideachta a dhearbhú go réasúnta cruinn, agus a chinntiú go gcomhlíonann na ráitis airgeadais agus Tuarascáil na Stiúrthóirí le hAcht na gCuideachtaí 2014 agus go mbeifear ábalta na ráitis airgeadais a iniúchadh. Tá siad freagrach freisin as sócmhainní na Cuideachta a chosaint, agus dá bhrí sin chun bearta réasúnta a ghlacadh chun calaois agus neamhrialtachtaí eile a chosc agus a bhrath. Tá na stiúrthóirí freagrach as cothabháil agus ionracas na faisnéise corparáidí agus airgeadais atá le fáil ar shuíomh Gréasáin na Cuideachta. D’fhéadfadh reachtaíocht i bPoblacht na hÉireann, lena rialaítear ullmhú agus scaipeadh na ráiteas airgeadais a bheith difriúil ó reachtaíocht i ndlínsí eile.

Ráitis Airgeadais

5.2


5.2 lean.

Tuarascáil na Stiúrthóirí Don bhliain dar crÍoch 31 Nollaig 2018

Príomhghníomhaoíchtaí Is é Comhairle Cheardaíochta na hÉireann faoi Theorainn Ráthaíochta, a bhfuil a gceanncheathrú i gCill Chainnigh, an ghníomhaireacht náisiúnta d’fhorbairt tráchtála na dearthóirí agus na ndéantóirí Éireannacha, do nuálaíocht a spreagadh, do smaointeoireacht dhearaidh a chur chun cinn agus d’fhaisnéis a thabhairt do bheartas an Rialtais. Tá gníomhaíochtaí Chomhairle Cheardaíochta na hÉireann faoi Theorainn Ráthaíochta maoinithe ag an Roinn Gnó, Fiontar agus Nuálaíochta trí Fhiontraíocht Éireann. Athbhreithniú Gnó Tá na stiúrthóirí sásta le feidhmíocht na cuideachta i gcaitheamh na bliana.

116

Ag deireadh na bliana bhí sócmhainní de luach €576,934 ( 2017: €571,887 ) agus dliteanais de luach €352,224 ( 2017: €330,366 ) ag an gcuideachta. Tháinig laghdú de €16,811 arghlansócmhainní na cuideachta ( 2017: méadú de €77,807 ) agus tá na stiúrthóirí sásta leis an leibhéal de chúlchistí coinnithe ag deireadh na bliana. Torthaí agus Díbhinní B’ionann an barrachas don bhliain, tar éis cánachais agus €3,472 ( 2017 – €80,937 ). Ní mholann na stiúrthóirí dearbhú díbhinne. Aistríodh an barrachas de €3,472 chuig an gCúlchiste Ioncaim agus Caiteachais agus laghdaíodh an Cúlchiste Caipitil de €20,283.

Chomhairle Dhearaidh & Cheardaíochta na hÉireann

Stiúrthóirí Ba iad seo a leanas na stiúrthóirí a d’fhreastail i rith na bliana: — Andrew Bradley — Donagh Quigley 4 — Fiona Deegan — Rachel Quinn — Stephen Hughes 1 — Elaine Riordan — Mairéad McCorley — Toby Scott — Paul McKeown 2 — Edmund Shanahan — John C. O’Connor 1 d’éirigh as an 26 Meitheamh — Breege O’Donoghue ( Cathaoirleach ) 2 ceaptha an 24 Iúil 2018 — Mary Palmer 3 d’éirigh as an 13 Meitheamh 2018 — Ray Power 3 4 ceaptha an 13 Meitheamh 2018


Tuarascáil na Stiúrthóirí Don bhliain dar crÍoch 31 Nollaig 2018

Taifid Chuntasaíochta Is iad na bearta a ghlacann na stiúrthóirí chun a chinntiú go gcomhlíontar leis na ceanglais Ailt 281 go 285 d’Acht na gCuideachtaí 2014 maidir le taifid chuntasaíochta a choinneáil, bearta atá faoi chúram pearsanra cuntasaíochta a bhfuil cáilíochtaí cuí acu chomh maith le cothabháil na gcóras cuntasaíochta ríomhairithe. Coimeádtar taifid chuntasaíochta na cuideachta ag oifig chláraithe na cuideachta ag Clós an Chaisleáin, Cill Chainnigh. Forbairtí don Todhchaí Níor tháinig aon athrú ar phríomhghníomhaíochtaí na cuideachta, agus measann na stiúrthóirí go mbeadh baint ag aon fhorbairtí amach anseo leis na gníomhaíochtaí sin. Cuspóirí agus Beartais Maidir le Bainistíochta Riosca Airgeadais Tá nósanna imeachta buiséadacha agus tuairiscithe airgeadais ag an gcuideachta, le tacaíocht ó tháscairí príomhfheidhmíochta cuí, d’fhonn creidmheas, leachtacht agus riosca airgeadais eile a bhainistiú. Déantar monatóireacht ar na príomhfhigiúirí airgeadais go léir ar bhonn leanúnach.

117

Ráiteas Maidir le Faisnéis Iniúchta Ábhartha Deimhnigh gach duine de na stiúrthóirí ag an am a cheadaítear Tuarascáil na Stiúrthóirí seo: — a mhéid a bhfuil an stiúrthóir ar an eolas, nach bhfuil aon fhaisnéis iniúchta ábhartha ann nach bhfuil iniúchóirí na Cuideachta ar an eolas faoi, agus — gur ghlac an stiúrthóir na céimeanna go léir ar chóir dó a ghlacadh mar stiúrthóir chun a bheith ar an eolas faoi aon fhaisnéis iniúchta ábhartha agus chun a chinntiú go bhfuil iniúchóirí na Cuideachta ar an eolas faoin eolas sin. Iniúchóirí Tá na hiniúchóirí, Crowe Ireland, incháilithe agus chuir siad in iúl go leanfaidh siad in oifig de réir alt 383 ( 2 ) d’Acht na gCuideachtaí 2014.

Breege O’Donoghue Stiúrthóir 17 Bealtaine 2019

Fiona Deegan Stiúrthóir 17 Bealtaine 2019

Ráitis Airgeadais

D’fhaomh an bord an tuarascáil seo agus shínigh sé í ar a son.


Chomhairle Dhearaidh & Cheardaíochta na hÉireann

118


Tuarascáil na nIniúchÓirÍ Neamhspleácha do ChomhaltaÍ Comhairle CheardaÍochta na hÉireann faoi Theorainn RáthaÍochta ag trádáil mar Comhairle Dhearaidh agus CheardaÍochta na hÉireann Tuarascáil Maidir leis an Iniúchadh ar na Ráitis Airgeadais Tuairim Rinneamar iniúchadh ar ráitis airgeadais Chomhairle Cheardaíochta na hÉireann Cuideachta faoi Theorainn Ráthaíochta ag trádáil mar Comhairle Dhearaidh agus Cheardaíochta na hÉireann ( an ‘Chuideachta’ ) don bhliain dar críoch 31 Nollaig 2018, ina gcuimsítear an Ráiteas Ioncaim, an Ráiteas maidir leis an Ioncam Cuimsitheach, an Clár Comhardaithe, an Ráiteas maidir le Sreafaí Airgid, an Ráiteas maidir le hAthruithe ar Chothromas agus na nótaí leis na ráitis airgeadais, lena n-áirítear achoimre ar bheartais chuntasaíochta shuntasacha. Ba é an creat tuairiscithe airgeadais a cuireadh i bhfeidhm ina n-ullmhú ná dlí na hÉireann agus Caighdeán Tuairiscithe Airgeadais 102 ‘An Caighdeán Tuairiscithe Airgeadais is infheidhme sa Ríocht Aontaithe agus i bPoblacht na hÉireann’. Is é ár dtuairim maidir leis na ráitis airgeadais: — go dtugtar léargas fíor agus cothrom ar shócmhainní, ar dhliteanais agus ar staid airgeadais na Cuideachta amhail an 31 Nollaig 2018 agus ar a bharrachas don bhliain dar críoch sin; — gur ullmhaíodh iad i gceart de réir Caighdeán Tuairiscithe Airgeadais 102 ‘An Caighdeán Tuairiscithe Airgeadais is infheidhme sa Ríocht Aontaithe agus i bPoblacht na hÉireann’; agus — gur ullmhaíodh iad i gceart de réir cheanglais Acht na gCuideachtaí 2014.

119

An Bonn leis an Tuairim Rinneamar ár n-iniúchadh de réir na gCaighdeán Idirnáisiúnta um Iniúchóireacht ( Éire ) ( ISA ( Éire ) ) agus i gcomhréir leis an dlí is infheidhme. Tugtar cur síos breise ar ár bhfreagrachtaí faoi na caighdeáin sin i bhfreagrachtaí na nIniúchóirí i gcuid eile dár dtuarascáil maidir le hiniúchadh ar na ráitis airgeadais. Táimid neamhspleách ón gCuideachta de réir na ndualgas eiticiúla a bhaineann lenár n-iniúchóireacht ar ráitis airgeadais in Éirinn, ar a n-áirítear an Caighdeán Eiticiúil atá eisithe ag Údarás na hÉireann um Maoirseacht Iniúchóireachta agus Chuntasaíochta ( IAASA ), agus tá ár bhfreagrachtaí eiticiúla comhlíonta againn de reír na ndualgas seo. Creidimid gur leor an fhianaise iniúchta a fuaireamar agus tá sé cuí chun bunús dár dtuairim a sholáthar. Conclúidí a Bhaineann le Gnóthas Leantach Níl aon ní le tuairisciú againn maidir leis na ceisteanna seo a leanas, ceisteanna a gcuireann ISA ( Éire ) 570 iallach orainn tuairisc a thabhairt duit sna cásanna seo a leanas: — nach bhfuil úsáid na stiúrthóirí ar bhonn gnóthais leantaigh cuntasaíochta in ullmhú na ráiteas airgeadais oiriúnach; nó — nár nocht na stiúrthóirí aon neamhchinnteacht ábhartha aitheanta a d’fhéadfadh amhras suntasach a bheith acu faoi chumas na Cuideachta leanúint ar aghaidh agus gur chóir glacadh leis an mbunús gnóthais leantaigh cuntasaíochta ar feadh tréimhse dhá mhí dhéag ar a laghad ón dáta a údaraítear na ráitis airgeadais lena n-eisiúint.

Ráitis Airgeadais

5.3


5.3 lean.

Tuarascáil na nIniúchÓirÍ Neamhspleácha do ChomhaltaÍ Comhairle CheardaÍochta na hÉireann faoi Theorainn RáthaÍochta ag trádáil mar Comhairle Dhearaidh agus CheardaÍochta na hÉireann Eolas Eile Tá na stiúrthóirí freagrach as an fhaisnéis eile. Cuimsítear san fhaisnéis eile an fhaisnéis atá san áireamh sa Tuarascáil Bhliantúil, seachas na ráitis airgeadais agus tuarascáil dár nIniúchóirí maidir leis sin. Ní chlúdaíonn ár dtuairim faoi na ráitis airgeadais an fhaisnéis eile, agus seachas sa mhéid go ndearbhaítear sin go sonrach inár dtuairisc, ní chuirimid aon saghas tátail dearbhaithe in iúl faoi.

120

Maidir lenár n-iniúchadh ar na ráitis airgeadais, an fhreagracht atá againn ná an fhaisnéis eile a léamh, agus muid á dhéanamh sin, breithniú a dhéanamh faoi an bhfuil an fhaisnéis neamhchomhsheasmhach go hábhartha leis na ráitis airgeadais ná leis an eolas sin a fuaireamar san iniúchadh, nó más amhlaidh gur míshonraíodh é go hábhartha ar shlí eile. Má aithnímid a leithéid de neamhchomhsheasmhachtaí ábhartha, nó míráitis dhealraitheacha ábhartha, tá iachall orainn cinneadh an ann do mhíráiteas ábhartha sna ráitis airgeadais, sin nó míráiteas ábhartha faoin eolas eile. Más rud é go bhfuil, bunaithe ar an obair a rinneamar, tagaimid go dtí an tuairim go bhfuil míthuiscint ábhartha den eolas eile seo, ní mór dúinn an fíoras sin a thuairisciú. Níl aon ní le tuairisciú againn maidir leis seo. Tuairim ar na nithe eile a bhforordaítear le hacht na gcuideachtaí 2014 Bunaithe go hiomlán ar an obair a rinneadh le linn an iniúchta, tuairiscímid: — is é ár dtuairim, go bhfuil an fhaisnéis a thugtar i dTuarascáil na Stiúrthóirí ag teacht leis na ráitis airgeadais; agus — is é ár dtuairim, gur ullmhaíodh Tuarascáil na Stiúrthóirí de réir na gceanglas dlíthiúla is infheidhme.

Chomhairle Dhearaidh & Cheardaíochta na hÉireann

Fuaireamar an fhaisnéis agus na mínithe go léir a mheasamar a bheith riachtanach chun críocha ár n-iniúchta. Is é ár dtuairim go raibh taifid chuntasaíochta na Cuideachta leordhóthanach chun go bhféadfaí na ráitis airgeadais a iniúchadh go héasca agus go cuí, agus go bhfuil na ráitis airgeadais ag teacht leis na taifid chuntasaíochta. Ceisteanna ar a bhfuil orainn tuairisc a thabhairt orthu de réir eisceachta Bunaithe ar an eolas agus ar an tuiscint ar an gCuideachta agus ar an timpeallacht a aimsítear le linn an iniúchta, níor aithníomar aon mhíráitis ábhartha i dTuarascáil na Stiúrthóirí. Le hAcht na gCuideachtaí 2014 ceanglaítear orainn tuairisciú a thabhairt, más rud é, inár dtuairim, nach ndéantar nochtadh luach saothair na stiúrthóirí agus na hidirbheart, lena gceanglaítear le hailt 305 go 312 den Acht. Níl aon ní le tuairisciú againn maidir leis seo.


Tuarascáil na nIniúchÓirÍ Neamhspleácha do ChomhaltaÍ Comhairle CheardaÍochta na hÉireann faoi Theorainn RáthaÍochta ag trádáil mar Comhairle Dhearaidh agus CheardaÍochta na hÉireann Freagrachtaí agus srianta faoi seach ar úsáid freagrachtaí na stiúrthóirí maidir Leis na Ráitis Airgeadais Mar a mhínítear níos iomláine sa Ráiteas maidir le Freagrachtaí na Stiúrthóirí ar leathanach 115, tá na stiúrthóirí freagrach as na ráitis airgeadais a ullmhú agus a bheith sásta go dtugann siad léargas fíor agus cothrom, agus as amhail rialú inmheánach a chinneann na stiúrthóirí a bheith riachtanach d’fhonn ráitis airgeadais atá saor ó mhíráiteas ábhartha, cibé mar gheall ar chalaois nó ar earráid, a ullmhú. Agus na ráitis airgeadais á n-ullmhú acu, tá na stiúrthóirí freagrach as measúnú a dhéanamh ar chumas na Cuideachta leanúint uirthi mar ghnóthas leantach, ag nochtadh, mar is infheidhme, nithe a bhaineann le gnóthas leantach agus ag baint úsáide as an mbunús gnóthais leantaigh a bhaineann le cuntasaíocht mura bhfuil sé i gceist ag an mbainistíocht an Chuideachta a leachtú nó deireadh a chur lena hoibríochtaí, nó nach bhfuil aon rogha aici ach é sin a dhéanamh. Freagrachtaí na niniúchóirí maidir le hiniúchadh na ráitis airgeadais Is iad na cuspóirí atá againn ná dearbhú réasúnta a fháil maidir le cibé an bhfuil na ráitis airgeadais ina iomláine saor ó mhíráiteas ábhartha, cibé mar gheall ar chalaois nó ar earráid, agus chun Tuarascáil na nIniúchóirí a eisiúint ina n-áirítear ár dtuairim. Is dearbhú ardleibhéil é dearbhú réasúnta, ach ní ráthaíocht é go mbraithfear míráiteas ábhartha i gcónaí, nuair a bhíonn siad ann, fiú nuair a dhéantar an t-iniúchadh de réir ISAnna ( Éire ). Féadtar míráiteas teacht as calaois nó earráid agus meastar go bhfuil siad ábhartha más rud é go bhféadtar a mheas go réasúnta go mbeadh tionchar acu ar chinntí eacnamaíocha na n-úsáideoirí a ghlactar ar bhonn na ráiteas airgeadais seo, ina n-aonar nó ina n-iomláine.

121

Cuspóir ár nobair iniúchta agus cé a bhfuileamar freagrach as Déantar an tuarascáil seo do chomhaltaí na Cuideachta amháin, mar chomhlacht, de réir Alt 391 d’Acht na gCuideachtaí 2014. Rinneadh ár gcuid oibre iniúchta ionas gur féidir linn na nithe sin a chur in iúl do bhaill na Cuideachta, nithe nach mór dúinn a chur san áireamh i dTuarascáil na nIniúchóirí agus ní le haghaidh aon chuspóir eile. Go dtí an méid is mó a cheadaítear faoin dlí, ní ghlacaimid le freagracht as duine ar bith seachas an Chuideachta agus comhaltaí na Cuideachta, mar chomhlacht, dár gcuid oibre iniúchta, don tuarascáil seo, nó do na tuairimí a chruthaíomar. George Kennington do agus thar ceann Crowe Ireland Cuntasóirí Cairte agus Gnólacht Iniúchóireachta Reachtúla Teach na Mara Plás Chlann Liam Baile Átha Cliath 2 27 Bealtaine 2019

Ráitis Airgeadais

Tá cur síos breise ar ár bhfreagrachtaí maidir le hiniúchadh na ráiteas airgeadais ar láithreán gréasáin an IAASA ag: https://www.iaasa.ie/Publications/ISA-700-( Ireland ). Is cuid dár dTuarascáil Iniúchóirí é an cur síos seo.


5.4

Ráiteas ioncam

Don bhliain dar crÍoch 31 Nollaig 2018

Notá Ioncam 4

2018 2017 € € 3,772,430 3,453,091

Caiteachas Oibríochtaí ( 204,028) Eolas agus Scileanna ( 341,698 ) Forbairt Mhargaidh agus Fiontair ( 1,567,281 ) Taighde agus Nuálaíocht ( 1,215,474 ) Cur chun Cinn agus Feasacht ( 440,477 )

122

Caiteachas Iomlán 5

3,768,958 3,392,154

Barrachas Oibriúcháin Ioncam ó Infheistíochtaí Sócmhainne Seasta eile

3,472 60,937 — 20,000

Barrachas Roimh Cánachais Cáin ar bharrachas 8

3,472 80,937 — —

Barrachas le haghaidh na bliana airgeadais

3,472 80,937

Baineann na suimeanna go léir le gníomhaíochtaí leantacha. Ní raibh aon ghnóthachain agus caillteanais tuairiscithe ann do 2018 ná do 2017 seachas iad siúd atá san áireamh sa Chuntas Ioncaim agus Caiteachais.

Chomhairle Dhearaidh & Cheardaíochta na hÉireann

( 154,833 ) ( 323,119 ) ( 1,289,657 ) ( 1,168,909 ) ( 455,636 )


An ráiteas ar ioncam cuimsitheach Don bhliain dar crÍoch 31 Nollaig 2018

Notá

2018 2017 € €

Barrachas don bhliain airgeadais

3,472

80,937

Ioncam cuimsitheach iomlán don bhliain airgeadais

3,472

80,937

Is cuid dhílis de na ráitis airgeadais seo iad na nótaí atá ar fáil idir leathanach 127 agus leathanach 137.

123

Ráitis Airgeadais

5.5


5.6

Clár Comhardaithe Amhail 31 Nollaig 2018

N otá 2018 €

2017 €

Sócmhainní Seasta 204,069 224,352 Sócmhainní inláimhsithe 9 10 1 1 Sócmhainní airgeadais 204,070 224,353 Sócmhainní Reatha Féichiúnaithe: suimeanna le bheith dlite 331,480 laistigh d’aon bhliain amháin 11 294,386 Airgead tirim sa bhanc agus ar láimh 12 78,477 16,053

124

Creidiúnaithe: suimeanna le bheith dlite 13 laistigh d’aon bhliain amháin

372,863

( 352,224 )

Glan-Sócmhainní Reatha 20,639

347,533

( 330,366 ) 17,167

Glan-Sócmhainní 224,709 241,520 Caipiteal agus Cúlchistí Cúlchistí eile 204,070 224,353 Cuntas ioncaim agus caiteachais

20,639

Ciste na Scairshealbhóirí 224,709

Chomhairle Dhearaidh & Cheardaíochta na hÉireann

D’fhaomh an Bord na ráitis airgeadais, agus rinneadh iad a údarú le bheith eisithe ar an dáta céanna:

Breege O’Donoghue Fiona Deegan Stiúrthóir Stiúrthóir 17 Bealtaine 2019 17 Bealtaine 2019

Is cuid dhílis de na ráitis airgeadais seo iad na nótaí atá ar fáil idir leathanach 127 agus leathanach 137.

17,167 241,520


Ráiteas maidir le hAthruithe ar Chothromas Don bhliain dar crÍoch 31 Nollaig 2018

Ioncam agus Iomlán Cuntas Caipitil caiteachas cuntas Cothromas € € €

Amhail 1 Eanáir 2018 224,353 17,167 241,520 Ioncam Cuimsitheach don Bhliain Farasbarr don bhliain — 3,472

3,472

Cistí leithdháilte chun sócmhainní seasta a shealbhú 24,712 — 24,712 Amúchta ar aon dul leis an dímheas (  44,995) — (  44,995  ) Amhail 31 Nollaig 2018 204,070 20,639 224,709

125

Is cuid dhílis de na ráitis airgeadais seo iad na nótaí atá ar fáil idir leathanach 127 agus leathanach 137.

Ioncam agus Iomlán Cuntas Caipitil caiteachas cuntas Cothromas € € €

Ráiteas maidir le hAthruithe ar Chothromas don bhliain dar CrÍoch 31 Nollaig 2017 Amhail an 1 Eanáir 2017 227,483 ( 63,770 )

163,713

Ioncam Cuimsitheach don Bhliain Farasbarr don bhliain — 80,937  80,937 Cistí a leithdháiltear chun sócmhainní seasta a shealbhú 40,995 — 40,995 Amúchta ar aon dul leis an dímheas ( 44,125  ) — (  44,125 ) Amhail 31 Nollaig 2017 224,353 17,167

Is cuid dhílis de na ráitis airgeadais seo iad na nótaí atá ar fáil idir leathanach 127 agus leathanach 137.

241,520

Ráitis Airgeadais

5.7


5.8

Ráiteas maidir le Sreabhadh Airgid Don bhliain dar crÍoch 31 Nollaig 2018

2018 2017 € € Sreabhadh airgid ó oibriúcháin ghníomharth Barrachas don bhliain airgeadais 3,472 80,937 Coigeartuithe maidir le: Dímheas de sócmhainní inláimhsithe 44,995 44,125 Aistriú chuig / ón gcuntas caipitil ( 20,283 )

( 3,130 )

Díbhinní a fuarthas — (  20,000  ) Méadú  /  (  laghdú  ) i bhféichiúnaithe 37,094 (  58,072  )

126

Méadú  /  (  laghdú  ) i gcreidiúnaithe 21,858

(  5,199  )

Glan-airgead ginte ó ghníomhaíochtaí oibriúcháin 87,136

38,661

SreafaÍ airgid Ó oibriúcháin infheistithe Ceannach de shócmhainní seasta inláimhsithe ( 24,712 ) ( 40,995 ) Díbhinní a fuarthas — 20,000 Airgead glan ó ghníomhaíochtaí infheistíochta

( 24,712 )

( 20,995 )

Méadú glan ar airgead tirim agus ar choibhéisí airgid 62,424 Airgead tirim nó a choibhéis ag tús na bliana 16,053

17,666 ( 1,613 )

Airgead tirim nó a choibhéis ag deireadh na bliana

16,053

78,477

Chomhairle Dhearaidh & Cheardaíochta na hÉireann

Cuimsítear le hairgead tirim nó a choibhéis ag deireadh na bliana: Airgead tirim sa bhanc agus ar láimh 78,477 16,053

78,477 16,053


NÓtaÍ a ghabhann leis na Ráitis Airgeadais Don bhliain dar crÍoch 31 Nollaig 2018

1 Eolas ginerálta Is é Comhairle Cheardaíochta na hÉireann Cuideachta faoi Theorainn Ráthaíochta ( “CLG” ), a bhfuil a gceanncheathrú i gCill Chainnigh, an ghníomhaireacht náisiúnta d’fhorbairt tráchtála na dearthóirí agus na ndéantóirí Éireannacha, do nuálaíocht a spreagadh, do smaointeoireacht dhearaidh a chur chun cinn agus d’fhaisnéis a thabhairt do bheartas an Rialtais. Tá gníomhaíochtaí Chomhairle Cheardaíochta na hÉireann CLG maoinithe ag an Roinn Gnó, Fiontar agus Nuálaíochta trí Fhiontraíocht Éireann. Is í uimhir chláraithe na cuideachta 56542 agus tá oifig cláraithe na cuideachta suite ag Clós an Chaisleáin Chill Chainnigh. Is cuideachta atá faoi theorainn ráthaíochta í an chuideachta atá ionchorpraithe agus sainchónaitheach in Éirinn. Is cónaitheoir in Éirinn í an chuideachta chun cuspóirí cánach. 2 Beartas chuntasaíochta 2.1 Bunús le hUllmhú na ráiteas airgeadais Ullmhaíodh na ráitis airgeadais de réir Caighdeán Tuairiscithe Airgeadais 102, an Caighdeán Tuairiscithe Airgeadais is infheidhme sa Ríocht Aontaithe agus i bPoblacht na hÉireann agus i reacht na hÉireann ina cuimsítear Acht na gCuideachtaí 2014.

127

Le hullmhú na ráiteas airgeadais i gcomhréir le FRS 102, éilítear meastacháin chuntasaíochta criticiúla áirithe a úsáid. Ceanglaítear leis chomh maith nach mór don bhainistíocht breithiúnas a fheidhmiú maidir le beartais chuntasaíochta na Cuideachta á gcur i bhfeidhm acu ( féach nóta 3 ). 2.2 Aistriú airgeadra eachtracha An t-airgeadra feidhmiúil agus cur i láthair Is é an Euro airgeadra feidhmiúil agus cur i láthair na Cuideachta. Idirbhearta agus comharduithe Úsáidtear na spotrátaí malairte a bhíonn i bhfeidhm ar dháta na hidirbhearta nuair a aistrítear idirbheartaíochtaí airgeadra eachtraigh go hairgeadra feidhmiúcháin. Aistrítear míreanna airgeadaíochta airgeadra eachtraigh leis an ráta reatha ag deireadh gach tréimhse. Aistrítear míreanna neamh-airgeadaíochta ar chostas stairiúla leis an ráta malairte ar dháta na hidirbhearta agus déantar míreanna neamh-airgeadaíochta a thomhas ar luach cóir le ráta malairte don lá ar a ndearnadh an luach cóir a thomhas. Déantar na gnóthachan malairte agus na cailliúintí malairte ó na hidirbhearta agus ón aistriúchán rátaí malairte ag deireadh tréimshe na sócmhainní agus na dliteanais airgeadaíochta atá ainmnithe in airgeadraí eachtracha a thuairisciú sa Ráiteas Ioncam ach amháin nuair a iarchuirtear é le hioncam cuimsitheach eile mar fálú ar an sreabhadh airgid incháilithe. 2.3 Ioncam reatha Léiríonn an t-ioncam a thaispeántar sa chuntas ioncaim agus caiteachais méideanna a sonrascaíodh le linn na tréimhse chomh maith leis na deontais a fuarthas i rith na bliana.

Ráitis Airgeadais

5.9


5.9 lean.

NÓtaÍ a ghabhann leis na Ráitis Airgeadais Don bhliain dar crioch 31 Nollaig 2018

Beartas Chuntasaíochta ( ar leanúint ) 2.4 Sóchmhainní seasta doláimhsithe Luaitear sócmhainní seasta inláimhsithe faoin múnla costas ag costas stairiúil lúide dímheas carntha agus aon chaillteanas lagaithe carntha. Áirítear sa chostas stairiúil caiteachas atá inchurtha go díreach i leith na sócmhainne a thabhairt don suíomh agus don riocht is gá chun go mbeifear ábalta í a oibriú ar cibé bealach atá beartaithe ag an mbainistíocht. Cuireann an Chuideachta le méid tughta anonn de mhír sócmhainní seasta an costas a bhaineann le cuid de mhír den sórt sin a athsholáthar nuair a thabhaítear an costas sin, má táthar ag súil go soláthróidh an chuid athsholáthair sochair incriminteacha sa todhchaí don Chuideachta. Díaithnítear an méid tugtha anonn den chuid athsholáthair. Gearrtar deisiúcháin agus cothabháil ar an gcuntas ioncaim agus caiteachais le linn na tréimhse ina dtabhaítear iad. Gearrtar dímheas ionas go ndéanfar costas sócmhainní a leithdháileadh lúide a luach iarmharach thar a saolré úsáideacha measta, ag baint úsáide as an modh líne dhírigh.

128

Depreciation is provided on the following basis: Maoin Léasachta Fadtéarmaí

— 15 bliana

Trealamh Oifige

— 3 bliana

Trealamh ceardlainne

— 20 bliain

Trealamh Ríomhaireachta

— 5 bliana

Sócmhainn Seasta Eile

— 5 bliana

Déantar athbhreithniú ar luachanna iarmharacha na sócmhainní, ar shaolré úsáideach agus ar mhodhanna dímheasa, agus déantar iad a choigeartú de réir mar is cuí, nó má léirítear go bhfuil athrú suntasach tagtha orthu ón dáta tuairiscithe deireanach.

Chomhairle Dhearaidh & Cheardaíochta na hÉireann

Déantar gnóthachain agus caillteanais ar dhiúscairtí a chinneadh trí na fáltais a chur i gcomparáid leis an méid tugtha anonn agus aithnítear iad sa Chuntas Ioncaim agus Caiteachais. 2.5 Luacháil infheistíochtaí Déantar infheistíochtaí i bhfochuideachtaí a thomhas ar chostas lúide lagú carntha. Sa chás go bhfuil faoiseamh cumaisc infheidhme, déantar costas na hinfheistíochta i bhfochuideachta a thomhas ag luach ainmniúil na scaireanna a eisíodh mar aon le luach cóir d’aon chomaoin bhreise a íocadh. Déantar infheistíochtaí i scaireanna Cuideachta neamhliostaithe, ar féidir a luach margaidh a chinneadh go hiontaofa, a atomhas ag luach an mhargaidh ag gach dáta chláir chomhardaithe. Aithnítear gnóthachain agus caillteanais ar atomhas sa Ráiteas Ioncaim don tréimhse. I gcás nach féidir luach margaidh a chinneadh go hiontaofa, luaitear na infheistíochtaí dá leithéid ar chostas stairiúil lúide lagú. Déantar infheistíochtaí i scaireanna cuideachta liostaithe a atomhas ag luach an mhargaidh ag gach dáta Chláir Chomhardaithe. Aithnítear gnóthachain agus caillteanais ar atomhas sa Ráiteas Ioncaim don tréimhse. 2.6 Féichiúnaithe Déantar féichiúnaithe gearrthéarmacha a thomhas ag praghas idirbhirt, lúide aon lagú. Déantar iasachtaí infhaighte a thomhas ar dtús ag luach cóir, glan ó chostais idirbhirt, agus déantar iad a thomhas ina dhiaidh sin ar chostas amúchta ag baint úsáide as an modh úis éifeachtaigh, lúide aon lagú.


NÓtaÍ a ghabhann leis na Ráitis Airgeadais Don bhliain dar crioch 31 Nollaig 2018

Beartas Chuntasaíochta ( ar leanúint ) 2.7 Airgead tirim agus a choibhéis Léirítear airgead tirim le hairgead tirim ar láimh agus taiscí le hinstitiúidí airgeadais atá in- aisíoctha gan pionós ar fhógra nach faide ná 24 uair an chloig. Is infheistíochtaí ardleachtacha iad coibhéisí airgid a aibíonn laistigh de thrí mhí ó dháta na fála agus féadtar iad a thiontú go héasca go méideanna airgid aitheanta agus níl mórán riosca ann go tiocfadh athrú ar an luach. Sa Ráiteas ar Shreabhadh Airgid, taispeántar airgead tirim agus coibhéisí airgid glan ó rótharraingtí bainc atá in-aisíoctha ar éileamh agus mar chuid bhunúsach de bhainistíocht airgid na Cuideachta. 2.8 Creidiúnaithe Déantar creidiúnaithe gearrthéarma a thomhas ag praghas an idirbhearta. Déantar dliteanais airgeadais eile, lena n-áirítear iasachtaí bainc a thomhas ar dtús ag luach cóir, glan ó chostais idirbhirt, agus déantar iad a thomhas ina dhiaidh sin ar chostas amúchta ag baint úsáide as an modh úis éifeachtaigh. 2.9 Deontas rialtais Déantar deontais a chuntas faoin múnla fabhraithe mar a cheadaítear le frs 102. Déantar deontais a bhaineann le caiteachas ar shócmhainní seasta inláimhsithe a chreidiúnú don ráiteas ioncaim ag an ráta céanna leis an dímheas ar na sócmhainní lena mbaineann an deontas. Áirítear an eilimint iarchurtha deontais leis na creidiúnaithe mar ioncam iarchurtha.

129

Aithnítear deontais de chineál ioncaim sa ráiteas ioncaim sa tréimhse chéanna leis an gcaiteachas gaolmhar. 2.10 Pinsin Feidhmíonn an chuideachta scéim le ranníocaíochtaí sainithe prsa d’fhostaithe áirithe. Tá dhá scéim ranníocaíochta le sochair shainithe neamh-mhaoinithe i bhfeidhm ag an gcuideachta atá dúnta anois do chomhaltaí nua, tá na sonraí leagtha amach i nóta 15 de na ráitis airgeadais.

2.12 Cáin Tuairiscítear cáin sa ráiteas ioncaim, ach amháin go n-aithnítear muirear is inchurtha i leith míre ioncaim agus costas mar ioncam cuimsitheach eile nó le mír a aithnítear go díreach i gcothromas in ioncam cuimsitheach eile nó go díreach i gcothromas faoi seach. Ríomhtar an muirear cánach ioncaim reatha ar bhonn rátaí cánach agus dlíthe a achtaíodh nó a achtaíodh go substaintiúil faoi dháta an chláir chomhardaithe sna tíortha ina n-oibríonn an chuideachta agus ina ngintear ioncam. 2.13 Ionstraimí airgeadais Ní théann an chuideachta isteach in idirbhearta ionstraimí bunúsacha airgeadais a mbíonn aitheantas sócmhainní agus dliteanais airgeadais mar thoradh orthu ar nós trádáil agus féichiúnaithe agus creidiúnaithe eile, iasachtaí ó bhainc agus tríú páirtithe eile, iasachtaí le páirtithe gaolmhara agus d’infheistíochtaí i ngnáthscaireanna neamh-indíola. Déantar ionstraimí fiachais ( seachas iad siúd atá inaisíoctha nó infhála go hiomlán laistigh de bhliain amháin ), lena n-áirítear iasachtaí agus cuntais eile infhála agus iníoctha, a thomhas ar dtús ar luach reatha na sreafaí airgid amach anseo agus ar chostas amúchta ina dhiaidh sin ag baint úsáide as an modh úis éifeachtaigh. Déantar ionstraimí fiachais atá iníoctha nó infhála laistigh de bhliain amháin, féichiúnaithe agus creidiúnaithe is iad sin de ghnáth, a thomhas, ar dtús agus ina dhiaidh sin, den mhéid neamh-lascainithe an airgid thirim nó den chomaoin eile a bhfuiltear ag

Ráitis Airgeadais

2.11 Ioncam ón ús Aithnítear ioncam úis sa ráiteas ioncaim ag baint úsáide as an modh úis éifeachtaigh.


5.9 lean.

NÓtaÍ a ghabhann leis na Ráitis Airgeadais Don bhliain dar crioch 31 Nollaig 2018

Beartas Chuntasaíochta ( ar leanúint ) súil lena íoc nó lena fháil. Mar sin féin, más ionann socruithe ionstraimí gearrthéarmacha agus idirbheart maoinithe, cosúil le híocaíocht d’fhiachas trádála a iarchuirtear thar gnáth-théarmaí gnó nó a mhaoinítear ar ráta úis nach ráta margaidh é nó i gcás iasachta gearrthéarmaí nach bhfuil ag ráta an mhargaidh, déantar an tsócmhainn airgeadais nó an dliteanas airgeadais a thomhas, ar dtús, ar luach reatha an tsreafa airgid den todhchaí a lascainítear ar ráta an mhargaidh úis d’ionstraim fiachais den chineál céanna agus ina dhiaidh sin ag an gcostas amúchta. Déantar measúnú ar shócmhainní airgeadais a thomhaistear ar chostas agus ar chostas amúchta ag deireadh gach tréimhse tuairiscithe le haghaidh fianaise oibiachtúla ar lagú. Má aimsítear fianaise oibiachtúil ar lagú, aithnítear caillteanas lagaithe sa ráiteas ioncaim.

130

Maidir le sócmhainní airgeadais arna dtomhas ag costas amúchta, déantar an caillteanas lagaithe a thomhas mar an difríocht idir méid iompair sócmhainne agus luach reatha na sreafaí airgid thirim measta a lascainítear ag ráta úis éifeachtaigh bunaidh na sócmhainne. Má tá ráta úis athraitheach ag sócmhainn airgeadais, is é an ráta lascaine d’aon chaillteanas laga a thomhas ná an ráta úis éifeachtaigh reatha a chinnfear faoin gconradh. Maidir le sócmhainní airgeadais arna dtomhas ar chostas lúide lagú, déantar an caillteanas lagaithe a thomhas mar an difríocht idir méid iompair sócmhainne agus an meastachán is fearr ar an méid inghnóthaithe, arb ionann é agus an méid a gheobhaidh an chuideachta don tsócmhainn dá ndíolfaí í ag dáta an chláir chomhardaithe. 3 Breithiúnais maidir le feidhmiú beartas cuntasaíochta agus príomhfhoinsí um éiginnteacht réamh-mheasta Éilíonn ullmhú na ráiteas airgeadais seo go mbainfidh bainistíocht leas as breithiúnas, meastacháin agus boinn tuisceana a dhéanann difear d’fheidhmiú polasaithe agus méideanna tuairiscithe de shócmhainní agus dliteanais, ioncaim agus caiteachais.

Chomhairle Dhearaidh & Cheardaíochta na hÉireann

Déantar measúnú leanúnach ar bhreithiúnais agus ar mheastacháin agus tá siad bunaithe ar thaithí stairiúla agus ar fhachtóirí eile, lena n-áirítear ionchais ar imeachtaí sa todhchaí a chreidtear a bheith réasúnach faoi na himthosca. Déanann an chuideachta meastacháin agus boinn tuisceana maidir leis an todhchaí. Is annamh a bheidh na meastacháin chuntasaíochta mar i gcéanna leis na torthaí iarbhír a bhaineann leo. Pléitear thíos na meastacháin agus na boinn tuisceana a bhfuil riosca suntasach acu de choigeartú ábhartha a dhéanamh ar mhéideanna iompair na sócmhainní agus na ndliteanas laistigh den chéad bhliain airgeadais eile. ( a ) Saolréanna a bhunú chun críocha dímheasa maoine, gléasra agus trealaimh Is cuid shuntasach de na sócmhainní iomlána iad na sócmhainní a bhfuil saolré fada acu, lena gcuimsítear réadmhaoin, gléasra agus trealamh go príomha. Braitheann an muirear dímheasa bliantúil go príomha ar shaol measta gach cineál sócmhainne agus ar mheastacháin ar luachanna iarmharacha. Déanann na stiúrthóirí athbhreithniú rialta ar shaolré na sócmhainne agus déantar iad a athrú de réir mar is gá chun machnamh reatha a léiriú maidir le saolréanna atá fágtha i bhfianaise úsáide eacnamaíche ionchasaí agus riocht fisiciúil na sócmhainní lena mbaineann. D’fhéadfadh tionchar suntasach a bheith ag athruithe ar shaolré sócmhainne ar mhuirir dímheasa agus amúchta don tréimhse. Airítear mionsonraí ar na saolré úsáideacha sna polasaithe cuntasaíochta.


NÓtaÍ a ghabhann leis na Ráitis Airgeadais Don bhliain dar crioch 31 Nollaig 2018

2018 2017 € €

Eascraíodh an t-ioncam ar fad in Éirinn.

5 Farasbarr / ( Easnamh ) ar ghnáthghníomhaíochtaí roimh chánachas Luaitear an barrachas / ( easnamh ) oibriúcháin tar éis muirearaithe: Dímheas sócmhainní seasta inláimhsithe Taisteal agus Cothabháil Intíre Taisteal agus Cothabháil Idirnáisiúnta An Fáilteachas 6

Fostaithe Is mar seo a leanas na costais foirne, lena n-áirítear luach saothair stiúrthóirí: Pá agus tuarastail Costais árachais shóisialaigh Costas na scéime le sochar sainithe

CIs ionann na costais fostaithe caipitlithe in aghaidh na bliana agus €NIALAS ( 2017 – €NIALAS ). Is mar seo a leanas a bhí meánlíon míosúil fhostaithe i rith na bliana: Baill Foirne

Bhí 12 Stiúrthóirí ann in 2018 ( 2017: 12 ).

7

Luach saothair stiúrthóirí

Sochair oifige na Stiúrthóirí

Luach saothar bhaill bhainisteoireachta príomhúla Áirítear le baill bhanisiteoireachta príomhúla an fhoireann ardbhainistíochta darbh ionann na costais luacha saothair a bhainn leo agus €575,449 ( 2017: €575,439 ).

3,224,000 36,576 318,317 — 173,254 20,283 —

2,919,000 19,597 280,727 54,559 173,264 3,130 2,814

3,772,430 3,453,091

44,995 100,112 23,254 8,905

44,125 88,795 17,194 14,578

1,368,803 134,633 41,818

1,288,018 130,704 40,536

1,545,254 1,459,258 2018 Uimh. 23

2017 Uimh. 23

60,449

58,140

60,449 58,140

131

Ráitis Airgeadais

4 Láimhdeachas Seo a leanas anailís ar láimhdeachas an Ghrúpa de réir catagóire: Fiontraíocht Éireann – Ioncam Deontais Eolas agus Scileanna Fiontar agus Onnmhairí Tionscnamh Fiontraíochta Pobail Taighde Agus Nuálaíocht Aistriú ón gCuntas Caipitil Oibríochtaí


NÓtaÍ a ghabhann leis na Ráitis Airgeadais

5.9 lean.

Don bhliain dar crioch 31 Nollaig 2018

2018 2017 € €

Chomhairle Dhearaidh & Cheardaíochta na hÉireann

132

8 Cáin Cáin reatha ar an fharasbarr don bhliain

Tosca a raibh tionchar acu ar an muirear cánacha don bhliain Tá an cháin arna mheasúnúiomarcach don bhliain níos ísle ná ( 2017 – níos ísle ná ) an ráta caighdeánach cánach corparáide in Éirinn de 12.5% ( 2017 – 12.5% ). Tá na héagsúlachtaí mínithe ag seo thíos:

Farasbarr ar ghnáthghníomhaíochtaí roimh an gcáin

Farasbarr ar ghnáthghníomhaíochtaí faoin ráta caighdeánach cánach corparáide de 12.5% in Éirinn ( 2017 – 12.5% ) An tionchar a bhí ag: Amúchadh cáilmheasa agus lagú nach bhfuil in-asbhainteach ó thaobh chánach de Ioncam Infheistíochta frainceáilte Úsáid de chaillteanais chánach

Muirear cánach iomlán don bhliain

Tosca a d’fhéadfadh tionchar a bheith acu ar mhuirir chánacha sa todhchaí Ní raibh aon tosca ann a d’fhéadfadh tionchar a bheith acu ar mhuirir chánacha sa todhchaí.

3,472 80,937 434 10,117

— — ( 434 )

( 100 ) ( 2,500 ) ( 7,517 )

— —


NÓtaÍ a ghabhann leis na Ráitis Airgeadais Don bhliain dar crioch 31 Nollaig 2018

Maoin Léasacht Trealamh Trealamh Bailliúchán Fadtéarmaí Oifige € €

Ríomhaireachta €

Infheistíochta €

Iomlán €

9 Sócmhainní seasta doláimhsithe Costas nó luacháil Amhail 1 Eanáir 2018 565,242 399,833 400,526 48,607 1,414,208 Breiseanna — 18,756 5,546 410 24,712 Amhail 31 Nollaig 2018

565,242

418,589

406,072

49,017

1,438,920

Dímheas Amhail 1 Eanáir 2018 Muirear ar sócmhainní atá ar úinéireacht in aghaidh na bliana

508,163

350,330

331,363

1,189,856

4,289

26,722

13,984

44,995

Amhail 31 Nollaig 2018

512,452

377,052

345,347

1,234,851

Glan-luach leabhar Amhail 31 Nollaig 2018

52,790

41,537

60,725

49,017

204,069

Amhail 31 Nollaig 2017

57,079

49,503

69,163

48,607

224,352

133

Ráitis Airgeadais


NÓtaÍ a ghabhann leis na Ráitis Airgeadais Don bhliain dar crioch 31 Nollaig 2018

Infheistíochtaí i gcomhfhiontair € )

10

Sócmhainní airgeadais Cost or Valuation Amhail an 1 Eanáir 2018

1

Amhail an 31 Nollaig 2018

1

Oifig cláraithe Aicme de scaireanna Sealbhaíocht

134

Comhfhiontar Comhfhiontar leis an gCuideachta is ea an eagraíocht seo a leanas:

Showcase Ireland Events Limited Clós an Gnáth Chaisleáin, Chill Chainnigh

50%

Chomhairle Dhearaidh & Cheardaíochta na hÉireann

Comhiomlán de scairchaipital agus cúlchistÍ Brabús / ( caillteanas ) € €

Is mar seo a leanas a bhí comhiomlán an scairchaipitil agus na gcúlchistí amhail an 31 Nollaig 2018, chomh maith leis an brabús agus caillteanas, don bhliain a chríochnaíonn ar an dáta sin i leith an chomhfhiontair:

Showcase Ireland Events Limited

25,325 3,397


NÓtaÍ a ghabhann leis na Ráitis Airgeadais Don bhliain dar crioch 31 Nollaig 2018

2018 2017 € € Féichiúnaithe Féichiúnaithe trádála Suimeanna atá dlite trí ghnóthais an ghrúpa ( Nóta 19 ) Féichiúnaithe eile Réamhíocaíochtaí

12

Airgead tirim agus a choibhéis Airgead tirim sa bhanc agus ar láimh

130,459 120,085 52,000 61,000 45,580 22,215 66,347 128,180 294,386 331,480

78,477 16,053 78,477 16,053

13 Creidiúnaithe: Suimeanna dlite taobh laistigh d’aon bhliain amháin: Creidiúnaithe tráchtála Cáin agus árachas sóisialach Creidiúnaithe eile Fabhruithe Ioncam iarchurtha

190,162 134,273 95,658 119,762 1,058 4,230 57,305 52,182 8,041 19,919

352,224 330,366

Cáin agus árachas sóisialta eile Cáin párolla Cáin bhreisluacha

135

67,322 99,811 28,336 19,951

95,658 119,762

14

Ionstraimí airgeadais Sócmhainní airgeadais Sócmhainní airgeadais tomhaiste ag luach cóir de réir an chuntais ioncaim agus chaiteachais

78,477

Sócmhainní airgeadais gur ionstraimí fiachais iad tomhaiste ag an gcostas amúchta

176,039 142,300

254,516 158,353

Dliteanais airgeadais Dliteanais airgeadais tomhaiste ag an gcostas amúchta

Cuimsítear airgead tirim sa bhanc agus airgead tirim ar láimh le sócmhainní airgeadais tomhaiste ag luach cóir de réir an chuntais ioncaim agus chaiteachais.

Cuimsítear féichiúnaithe trádála agus féichiúnaithe eile leis na sócmhainn airgeadais tomhaiste ag an gcostas amúchta Cuimsítear creidiúnaithe trádála le dliteanais airgeadais tomhaiste ag an gcostas amúchta.

( 190,162 )

16,053

134,269

Ráitis Airgeadais

11


5.9 lean.

NÓtaÍ a ghabhann leis na Ráitis Airgeadais Don bhliain dar crioch 31 Nollaig 2018

15 Stádas na cuideachta Tá an chuideachta faoi theorainn ráthaíochta agus dá bhrí sin níl scairchaipiteal aici. 16 Gealltanais phinsin An 15 Nollaig 1986 bhunaigh an tAire Tionscail agus Tráchtála a bhí ann ag an am sin Scéim Aoisliúntais Foirne Chomhairle Ceardaíochta na hÉireann 1986 agus an 11 Aibreán 1990, bhunaigh an tAire Tionscail agus Tráchtála a bhí ann ag an am sin Scéim Pinsean Ranníocach do Chéilí agus Leanaí Chomhairle Ceardaíochta na hÉireann, 1990. Déanann Comhairle Cheardaíochta na hÉireann Cuideachta faoi theorainn ráthaíochta na scéimeanna seo a riar thar ceann an Aire.

136

Tá an dá scéim phinsin sin dúnta do bhaill nua anois. Is scéimeanna ranníocaíochta le sochair shainithe neamh-mhaoinithe iad an dá scéim seo. Úsáidtear ranníocaíochtaí a bhaintear ón bhfoireann thar na blianta chun dliteanais phinsin leanúnacha a mhaoiniú. Creideann na stiúrthóirí go bhfuil freagracht ag an Stát don chuideachta agus do bhaill na scéime chun comhlíonadh le hoibleagáidí na Scéime de réir agus a thagann siad chun cinn. Creideann na stiúrthóirí go bhfuil sócmhainn ag an gcuideachta de mhéid chomhionann le haon dliteanas iarchurtha neamh-mhaoinithe le haghaidh pinsin ar bhonn na mbonn tuisceana atá mionsonraithe thíos agus ar bhonn roinnt imeachtaí a tharla roimhe seo. Áirítear leis na himeachtaí seo an bonn reachtúil maidir le bunú na scéimeanna aoisliúntais agus an beartas agus an cleachtas atá i bhfeidhm faoi láthair maidir le maoiniú pinsin na seirbhíse poiblí lena n-áirítear ranníocaíochtaí na bhfhostaithe leis an bpróiseas meastachán bliantúil. Níl aon fhianaise ag an gcuideachta nach leanfaidh an beartas maoinithe seo ar aghaidh ag íoc cibé méideanna i gcomhréir leis an gcleachtas reatha. Bunaithe ar an méid thuas tá cuntas tugtha ag an gcuideachta ar na ranníocaíochtaí amhail is dá mba rud é gur scéim ranníocaíochta sainithe í.

Chomhairle Dhearaidh & Cheardaíochta na hÉireann

Is iad seo a leanas mionsonraí na bpinsean a asbhaineadh ó fhostaithe, ranníocaíochtaí fostóirí agus na sochair a íocadh le hiarfhostaithe le linn na bliana: Ranníocaíochtaí pinsin a asbhaineadh ó fhostaithe i rith na bliana Sochair a íocadh le baill na scéimeanna i rith na bliana

2018 2017 € 18,454 41,818

€ 18,807 41,347

Sa bhreis ar na nithe thuasluaite, tá scéimeanna pinsean le ranníocaíochtaí sainithe ( PRSA ) i bhfeidhm ag an gcuideachta i leith fostaithe nach bhfuil i dteideal dul isteach sa scéim thuasluaite. Coinnítear sócmhainní na scéimeanna PRSA ar leithligh ó scéimeanna na cuideachta i gcistí a ndéantar riarachán neamhspleách orthu. Léiríonn costais an phinsin na ranníocaíochtaí atá iníoctha ag an gcuideachta chuig an gciste agus b’ionann iad seo agus €18,317 ( 2017: €18,321 ). Is ionann costais na ranníocaíochtaí pinsin atá inghnóthaithe ag an stát ag deireadh na bliana agus €45,580 ( 2017: €22,215 ).


NÓtaÍ a ghabhann leis na Ráitis Airgeadais Don bhliain dar crioch 31 Nollaig 2018

17 Sócmhainn chánach iarchurtha Tá sócmhainn chánach féideartha de €42,656 ( 2017: €43,090 ) ag eascrú as caillteanais trádála. Féadtar na caillteanais ain a fhritháireamh i gcoinne barrachais trádála inchánach a d’fhéadfadh teacht chun cinn amach anseo.

2018 2017 € € 18 Ceangaltais faoi léasanna oibriúcháin Amhail an 31 Nollaig 2018, seo a leanas na híosíocaíochtaí iomlána todhchaí léasa faoi léasanna oibriúcháin neamh- inchealaithe a raibh ag an Cuideachta:

137

Nach bhfuil níos deireanaí ná 1 bhliain amhain 75,000 75,000 Níos deireanaí ná 1 bhliain amháin, gan a bheith níos deireanaí ná 5 bliana 87,500 162,500 162,500

237,500

19 Idirbhearta ó pháirtithe gaolmhara

Ó am go chéile, féadfaidh stiúrthóirí Chomhairle Cheardaíochta na hÉireann Teoranta a bheith páirteach in eagraíochtaí comhaltais eile a bhféadfadh idirbhearta a bheith acu le Comhairle Cheardaíochta na hÉireann Teoranta gan aon sochar ag fabhrú do na stiúrthóirí. 20

Imeachtaí iar-chlár comhardaithe Níor tharla aon imeachtaí suntasacha a rinne difear don Chuideachta ó dheireadh na bliana.

21 Faomhadh na ráiteas airgeadais D’fhaomh an bord stiúrthóirí na ráitis airgeadais seo lena n-eisiúint an 17 Bealtaine 2019.

Ráitis Airgeadais

I rith na bliana dar críoch 31 Nollaig 2018, fuair Comhairle Cheardaíochta na hÉireann Teoranta ioncam de €158,204 ( 2017: €149,841 ) agus díbhinn de €Faic ( 2017: €20,000 ) ó Showcase Ireland Events Limited, cuideachta chomhlachaithe. Bhí iarmhéid de €52,000 ( 2017: €61,000 ) dlite leis an gcuideachta ag deireadh na bliana ag Showcase Ireland Events Limited.


Chomhairle Dhearaidh & Cheardaíochta na hÉireann

138



Dearadh Tíonscadal Atelier: www.atelier.ie

Íomhá Chlúdaigh Ionad Sármhaitheasa sa Seodra & Órcheardaíocht CDCÉ Grianghrafadóir Peter Rowen Grianghrafadóirí / Dearthóirí Ben Evans James Dylan Vaughan Glenn Norwood ICAN Lafeyette Photography Leon Farrell Marcin Lewandowski Peter Rowen Photocall Ireland Pixel Design ROJI Together We Create

Chomhairle Dhearaidh & Cheardaíochta na hÉireann

Comhairle Dhearaidh & Cheardaíochta na hÉireann Clós an Chaisleáin, Cill Chainnigh, R95 CAA6, Éire

Chomhairle Dhearaidh & Cheardaíochta na hÉireann Clós an Chaisleáin, Cill Chainnigh, R95 CAA6, Éire T. +353 (0)56 776 1804 dccoi.ie

ISBN 978–1–906691–58–5

Comhairle Dhearaidh & Cheardaíochta na hÉireann Tuarascáil Bhliantúil agus Ráitis Airgeadais 2018

Comhairle Dhearaidh & Cheardaíochta na hÉireann dccoi.ie Buíochas



Comhairle Dhearaidh & Cheardaíochta na hÉireann dccoi.ie Comhairle Dhearaidh & Cheardaíochta na hÉireann Clós an Chaisleáin, Cill Chainnigh, R95 CAA6, Éire

ISBN 978–1–906691–70–7


Turn static files into dynamic content formats.

Create a flipbook
Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.