

Plean um Chaidreamh le Páirtithe Leasmhara
COTHÚ, ALUMNI AND FORBAIRT
2025-2029


Gairm uasal í seo - go dtugtar iontaoibh linn tacú leis an gcaidreamh ar feadh an tsaoil a chothaítear idir alumni agus an institiúid as a dtagann siad.
Bogann baill foirne ar aghaidh, tagann athruithe ar thosaíochtaí taighde agus claochlú ar eastáit. Ach rud amháin a fhanann: an nasc idir an áit agus na mic léinn ar tháinig athrú as cuimse ar a saol agus iad ann.
- Anaithnid


Teachtaireacht an Uachtaráin

Ní beag an tábhacht a bhaineann
le Coláiste na hOllscoile
Corcaigh, ó bunaíodh é in 1845, don tsochaí a ndéanann sé fónamh di.
Is iomaí saol a tháinig faoi scáth COC agus é ag roinnt eolais leo agus iad ag claochlú dá bharr; do chuir níos móna 220,000 alumni ó gach cearn den domhan lena gcuid oideachais ar an gcampas seo. Inniu, 180 bliain níos déanaí, tá COC ina ollscoil chuimsitheach atá bunaithe ar thaighde. Tá meon domhanda aici agus 3,200 ag obair anseo. Tá 24,000 mac léinn in COC a bheidh mar alumni san am atá romhainn. Áirítear i measc na mac léinn 4,000 mac léinn idirnáisiúnta as 138 tír, agus úsáidtear an éagsúlacht seo, chomh maith leis an raon leathan comhpháirtíochtaí atá againn ar fud an domhain, mar bhonn eolais do chúrsaí curaclaim agus taighde chun deimhin a dhéanamh de go mbeidh céimithe na háite seo ina saoránaigh dhomhanda a imríonn tionchar nach beag ar an tsochaí a ndéanann siad fónamh di.
Plean Straitéiseach COC, Todhchaí 2023–2028 an fhorbairt a deineadh chun go mbeidh an ollscoil ullmhaithe i gceart don athrú tapaidh seo agus léirítear ann an tiomantas seo againne do thodhchaí inbhuanaithe dár bpobal, dár bpláinéad agus dár n-ollscoil.
Cé hiad ár bpáirtithe leasmhara?
Agus Plean Straitéiseach na hOllscoile á bhforbairt, chuamar i gcomhairle le alumni, deontóirí, baill foirne, mic léinn agus cairde. Leagadh béim ar an gcaidreamh atá fite fuaite idir alumni, deontóirí, mic léinn, baill foirne, céimithe oinigh agus tuismitheoirí na mac léinn, mar sin baineadh leas as na focail páirtithe leasmhara agus an plean tionscnaimh seo á fhorbairt.
Tá mórchuid moltaí gnóthaithe againn agus níl aon dabht ná gur chóir dúinn a bheith maíteach.
Táimid sa chéad 1% d’ollscoileanna ar fud an domhain agus sinn ar an 6ú hollscoil is inbhuanaithe ar domhan agus sa chéad áit in Éirinn nuair a thagann sé go dtí infhostaitheacht na gcéimithe. Cruthaíonn COC níos mó ná €1 bhilliún mar thionchar eacnamaíoch gach bliain, tacaíonn sé le níos mó ná 21,000 post ar fud chathair agus chontae Chorcaí agus déanann sé brabús €6 do gheilleagar na hÉireann as gach euro a fhaigheann sé ón stát.
Is alumnus den Ollscoil iontach seo mise sa chéad áit. Buailim le comh-alumni gach lá agus tuigim go bhfuil an caidreamh lenár gcuid alumni bunaithe ar bhonn láidir: an t-eispéireas iontach a bhíonn ag gach mac léinn anseo agus sinn go léir mórtasach as an institiúid. Cúis
bhróid den ollscoil is ea an dul chun cinn atá déanta ag ár gcuid alumni atá ag obair ar fud an domhain agus ar mhaithe leis an domhan.
Cuireann an fhoireann um Chothú, Alumni agus Forbairt an deachaidreamh chun cinn a théann chun tairbhe do chách ar feadh an tsaoil agus déanann siad é a éascú chomh maith. Tá croí na cruthaitheachta, na fionnachtana, an taighde agus na foghlama le feiscint in institiúidí bisiúla. Cuireann alumni gafa leis an mbeocht seo agus iad mar chomhpháirtithe ríthábhachtacha don am atá le teacht. An aidhm ná go mbraithfidh mic léinn an nasc le COC i gcónaí agus iad bródúil as a alma mater pé áit ar domhan ina mbeidh siad.

An tOllamh John O’Halloran, BSc 1984, PhD 1987, DSc, MRIA Uachtarán
Réamhrá

Le linn na paindéime, bhain an fhoireann um Chothú, Alumni agus Forbairt leas as an deis chun cuspóir fadtéarmach a chomhlíonadh .i. gach iarmhac léinn (is é sin, iarchéimithe, agus mic léinn a d’fhreastail ar COC ar feadh seimeastair amháin ar a laghad) ar bhunachar sonraí de alumni.
Faoi mhí na Samhna 2021 bhíomar muiníneach go raibh ceiliúradh á
dhéanamh againn ar bhronnadh céime an 200,000ú alum dár gcuid. Tapaíodh le cabhair na hardáin ar líne na deiseanna chun imeachtaí fíorúla agus hibride a óstáil a mheall lucht féachana a bhí i bhfad ní ba mhó ná lucht féachana a d’fhéadfaí a óstáil ag imeacht fisiciúil amháin. Tháinig athrú as cuimse ar an tslí ina n-oibrímid.
Tá daonchairdeas agus caidreamh le páirtithe leasmhara ina gcumasóirí straitéiseacha chun cuspóirí straitéiseacha Phlean Straitéiseach Choláiste na hOllscoile Corcaigh, Go Buan Feasta 2023-2028, mar aon le Plean COC um Chaidreamh Domhanda a bhaint amach. Sa bhliain 2023, chuireamar críoch le hathbhreithniú cuimsitheach ar an gcaidreamh a dhéanaimid agus reáchtálamar ceardlanna straitéiseacha chun ár gcuid machnaimh a fhorbairt. D’fhiafraíomar dínn féin: cérbh iad ár gcuid páirtithe leasmhara agus cathain a dhéanann siad teagmháil linn le linn a saoil?
Cad iad na hathruithe atá ag teacht ar riachtanais COC agus ár gcuid alumni? Cad iad na tairbhí coiteanna a bhaineann le naisc a choimeád? Cad is nasc luachmhar ann agus conas a dhéanfaimid an luach sin a thomhas? Agus, conas is féidir linn na naisc is luachmhaire do alumni agus COC féin a chothú laistigh dár dtimpeallacht fhioscach?
Tugadh cuireadh do na alumni go léir, a raibh seoladh ríomhphoist againn dóibh, a gcuid aiseolais a thabhairt ar
shuirbhé idirghníomhach ar líne. Ghlac ní ba mhó na 8.725 alumni as 86 tír páirt agus is mór againn an méid sin Go raibh maith agaibh. Do chuir an t-aiseolas seo léargas nach beag dúinn ar ghréasán na alumni seo againne, cá bhfuilid agus conas a theastaíonn uathu plé a dhéanamh le saol na hOllscoile sa lá atá inniu ann. Níl aon amhras ach gur mór do na alumni an nasc atá acu le heolas, gréasáin agus le cuimhní cinn ar an alma mater - tá siad bródúil as an nasc seo. Agus is cúis mhórtais do gach duine in COC ár gcuid alumni de bharr a gcuid gaiscí pearsanta agus gairmiúla.
Dúshlán coitianta don earnáil seo againne is ea an chothromaíocht idir clár caidrimh agus brabús ar an infheistíocht a dhéantar. Ach ní gá go mbeadh an dá ní seo comheisiach. Ní hamháin sin, ach nuair a dhéantar machnamh ar an gcaidreamh, cruthaítear infheistíocht chlaochlaitheach. Agus Fondúireacht Ollscoile Chorcaí ag obair leis an Ollscoil chun feachtas tiomsaithe airgid uaillmhianach a fhorbairt, ní mór caidreamh le páirtithe leasmhara a chur san áireamh chun cur le líon na ndaoine a dhéanann obair dheonach agus abhcóideacht agus iad mar chomhpháirtithe agus deontóirí. Braithfidh an dul chun cinn a dhéanfaimidne ar athrú as cuimse a dhéanamh ar an gcúr chuige atá againn i leith naisc, agus ár gcuid páirtithe leasmhara a bheith mar phobal mór agus buan atá déanta de
sheaimpíní, a dhéanann obair dheonach agus abhcóideacht agus atá mar ambasadóirí branda, meantóirí agus comhairleoirí.
Cruthaítear sa phlean caidrimh seo nasc idir alumni, céimithe oinigh, deontóirí agus tuismitheoirí agus an saol in COC sa lá atá inniu ann chomh maith le nasc lenár gcuid mac léinn agus lena chéile. Earcaíodh Deirdre O’Shea, an Stiúrthóir Comhlach um Chaidreamh le Páirtithe Leasmhara le déanaí chun an plean seo a stiúradh agus tá creat deighilte forbartha againn chun rannpháirtíocht ár bpobail a mhealladh ag céimeanna éagsúla de shaolré na alumni agus é dírithe ar shé thosaíocht. Beifear in ann amhlaidh a dhéanamh agus leas á bhaint as cumarsáidí comhchoiteanna, deiseanna oibre deonaí, imeachtaí agus daonchairdeas - rud a chruthóidh cuspóir soiléir chun caidreamh a fhorbairt lenár gcuid mac léinn agus alumni atá fada, buan agus a théann chun tairbhe gach éinne.

Stiúrthóir um Fhorbairt agus Cothú Gnó, agus POF Fhondúireacht Ollscoile Chorcaí
Kerry Bryson
Brollach

Is éard atá i gceist le “alma mater” ná an ollscoil ar fhreastail duine uirthi agus is é “máthair fhlaithiúil agus chothaitheach” an bun-aistriú air. Baineann an focal “cothaitheach” leis an gcur chuige iomlánaíoch atá in COC chun rathúlacht na mac léinn a chruthu ach léirítear ann leis an tslí ina gcabhraíonn alumni le COC.
Mar alumna bródúil mé féin, dearbhaím nach bhfuil deireadh le inacmhainneacht COC, agus go bhfuil gaiscí agus éachtaí nach beag bainte amach aige, agus ba cheart dúinn uile a bheith bródúil as an méid sin. Deirim le mo chuid comh-alumni gur pobal éagsúil sinn agus go bhfuil mianta agus cuspóirí dár gcuid féin againn. Is sinne branda COC, agus nasc eadrainn i gcónaí de bharr gur chuir COC luach an oideachais ar fáil dúinn a d’athraigh saol gach uile duine againn. Agus sinn ag teacht go dtí comóradh 180 bliain ó bunaíodh COC sa bhliain 2025, is sinne cuimhne institiúideach na háite seo.
Agus an plean seo á fhorbairt, beimid in ann leas a bhaint as infheistíocht i mbunachar sonraí alumni nua agus tuigimid go mbraithfidh an dul chun cinn a dhéanfaimid amach anseo ar ár gcumas chun lántairbhe a bhaint as teicneolaíocht, chun díriú ar na nithe is tábhachtaí, agus chun naisc aonair a chur ar fáil agus a chinntiú le hinfheistíocht in ardáin dhigiteacha nua; roinnfimid ár gcuid alumni chun naisc mhachnamhacha agus
luachmhara a chur chun cinn lenár gcuid céimithe ag gach céim dá dturas tríd an saol seo. Reáchtálfaimid feachtas chun teacht ar ár gcuid alumni caillte agus chun sochair alumni a fheabhsú. Díreoimid ar chláir na mac léinn agus na alumni óga chun caidreamh buan a chruthú agus leagfaimid béim ar mhargaí faoi réir ag an bPlean um Chaidreamh Domhanda. Ní mór dúinn a chinntiú go mbeidh na scileanna cuí ag baill foirne, go reáchtálfar a thuilleadh suirbhéanna agus go mbeifear níos lúfaire nuair a bheifear ag plé le haiseolas.
Bunóidh mé Bord Comhairleach Alumni Idirnáisiúnta nua a dhéanfaidh ár gcuid oibre a threorú agus bainfimid úsáid as ceithre bheart: caidreamh eispéireasach, saorálaíochas, cumarsáid agus tacaíocht daonchairdis. Nuair a fhéachann ollscoileanna ar chaidreamh sa cheithre chatagóir seo, cabhraíonn sé linn tuiscint níos fearr a fháil ar na slite ina bhfanann alumni ceangailte lena gcuid institiúidí blianta i ndiaidh dóibh an ollscoile a fhágaint. Agus sinn ag féachaint ar ár bpiaraithe ar fud an domhain, is ann do chlaonadh soiléir: ní mór dúinn oibriú níos fearr le mic léinn agus alumni óga, ní mór dúinn níos mó deiseanna a chruthú chun tabhairt faoi obair dheonach agus tacaíocht alumni a thomhas agus iad ag freastal ar bhoird chomhairleacha, máistir-ranganna á dtabhairt, obair i gclubanna spóirt ar bhonn deonach agus meantóireacht a dhéanamh ar mhic léinn. Ní mór dúinn
cúrsaí cumarsáide a fheabhsú agus deiseanna eispéireasacha a sholáthar níos luaithe, agus má bhunaímid na piléir bhunaidh seo, tá súil againn go mbeidh alumni sásta tacú le COC agus iad ag machnamh ar chúrsaí daonchairdis.
Tá sé i gceist leis an bplean seo naisc bhuana a chruthú atá lán de bhrí. Faoi mar a bhíonn le gach claochlú, teastóidh am chun é seo a chur i gcrích Leagtar amach sa straitéis seo an creat chun athraithe agus na céimeanna a ghlacfaimid chun t-athrú a bhaint amach. Táim, in éineacht le mo chuid comhghleacaithe, tiomanta don taobh is fearr de COC a chraobhsaoileadh agus gach deis a chur ar fáil dár gcuid mac léinn agus alumni lántairbhe a bhaint as an eispéireas a bheidh acu ar áit a bheith mar bhaile acu go deo. Táim ag súil le nasc a chruthú le mórchuid alumni sna blianta atá amach romhainn.

Deirdre O’Shea, BComm 2010
Stiúrthóir Comhlach um Chaidreamh le Páirtithe Leasmhara
Ár bhFís Ár Misean
Ní bheidh deireadh leis an gcaidreamh a bheidh againn le mic léinn agus beidh alumni ag maíomh gur cuid de phobal COC iad, pé áit ar domhan ina bhfuil siad.

Cothófar naisc ar feadh an tsaoil ach caidreamh a dhéanamh le alumni, mic léinn, deontóirí agus cairde, agus spreagfar abhcóideacht, daonchairdeas agus tacaíocht dheonach a chuirfidh le misean iomlán COC.


Dáimh
Comhaontaítear daoine le ‘muintearas’ i gcláir éifeachtacha de ghnáth.
Má fhorbraímid timpeallacht nach n-iarraimid ar alumni cur léi, teastóidh uatha a bheith mar chuid den athrú atá á chruthú againn sa domhan.
Bród
‘Pobal a dhéanann léiriú ar mo chuid luachanna’
Ábharthacht
‘Tuigeann an pobal seo mo chuidse riachtanas’
Iontaoibh
‘Déanann an pobal seo an rud is ceart’

Tosaíochtaí Straitéiseacha
Tosaíocht 1

Tosaíocht 2
Caidreamh fadsaoil le COC a chur chun cinn agus a chothú
Cultúr de bhród agus abhcóideacht a chruthú do COC agus dá chuid gaiscí
Tosaíocht 3
Cur le heispéireas na mac léinn ar bhonn dearfach
Tosaíocht 4
Tacú go gníomhach le caidreamh domhanda
Tosaíocht 5
Cultúr an daonchairdis a chur chun cinn
Tosaíocht 6
Bonneagar a thógáil chun tiomsú airgead agus caidreamh athshamhlaithe a sholáthar
Turas an Alumni
Tá clocha míle ag gach duine sa saol, na mórimeachtaí sin nach ndéanfar dearmad orthu a léiríonn gur baineadh lántairbhe as an saol... ag déanamh cinntí mar gheall ar shaol na hollscoile agus cén ollscoil a roghnófar, ag bualadh leis an gcara is fearr leat den chéad uair nó ag titim i ngrá; do bhronnadh céime, do chéad phost, do chéad mhorgáiste, do chéad leanbh, ag plé le méala; ag déileáil le cúrsaí teaghlaigh agus oibre sa turas agus seans go mbainfeadh seo le cúram leanaí nó gaolta scothaosta. Ach sula fada beidh tú ag freastal ar laethanta oscailte le páistí atá ina ndéagóirí, tú ag tacú leo agus iad ag bláthú mar dhaoine fásta, agus leanann cúrsaí an tsaoil ar aghaidh. Beidh ár n-uirlis amhairc chúnta mar chabhair lenár gcuid cinnteoireachta agus cláir á gcruthú againn a oirfidh do dhaoine ag gach céim den saol agus a chinnteoidh go bhfuil slite éagsúla teagmhála ag COC dár gcuid alumni roimh agus i ndiaidh bhronnadh na céime.
Tosaigh anseo!

Cumasóirí Straitéiseacha chun Dáimh a Neartú
Cumarsáid

Obair Dheonach

Daonchairdeas

Imeachtaí agus Eispéireas


Cumasóir Straitéiseach 1: Cumarsáid
Slí éifeachtach is ea cumarsáid éifeachtach chun caidreamh rathúil a chinntiú maidir le himeachtaí, obair dheonach agus tiomsú airgid.
Tacaíonn an ghníomhaíocht seo forbairt an tsuímh idirlín, moltaí a dhearadh, tuairiscí ar thionchar an daonchairdis, ábhar óráidí, feachtais bhallraíochta, nuachtlitreacha, cuirí chuig imeachtaí agus glaonna ar obair dheonach agus deontóirí do Chiste Alumni COC. An dúshlán a chuirimid romhainn ná machnamh a dhéanamh ar shlite chun feabhais nuair a thagann sé go dtí an phleanáil agus an mheastóireacht a dhéanfaimid ar ár gcuid cumarsáide i dtreo is go mbeidh sé níos taitneamhaí agus níos éifeachtaí mar eispéireas dár gcuid alumni go léir agus lántairbhe a bhaint as a gcuid abhcóideachtaí rud a rachaidh chun sochair an dá pháirtí. Tá sé mar chuspóir againn naisc a choimeád lenár gcuid páirtithe leasmhara ach cumarsáid agus ábhar machnamach a sholáthar agus baint leanúnach le saol na hOllscoile a spreagadh. Déanfaimid an dul chun cinn seo a thomhas agus sinn ag féachaint ar rátaí oscailte, ráta ciceála trí agus/nó aiseolas.
TABHARFAIMID FAOI NA NITHE SEO:
• Cuirfimid feabhas ar ár gcuid scéalaíochta agus roinnfimid teachtaireachtaí leanúnacha faoi na cúiseanna bróid a bhaineann le COC.
• Glacfaimid le cur chuige atá dírithe ar chustaiméirí agus bogfaimid ar aghaidh ó struchtúir thraidisiúnta an Choláiste chun ábhar a chur ar fáil atá bunaithe ar phaisin/spéiseanna aonair seachas ar réimse staidéir.
• Tabharfaimid sainmhíniú orthu siúd a phléann linn agus roinnfimid iad i gcatagóirí, cuirfimid ár gcuid cumarsáide in oiriúint do gach cohórt agus úsáidfimid bealaí éagsúla chun teacht orthu.
• Cuirfimid barr feabhais ar phointí teagmhála le linn na saolré chun caidreamh níos fearr a dhéanamh lenár gcuid alumni agus leas á bhaint againn as gnéithe a bhaineann le mothúcháin agus leis an gcultúr.
• Spreagfaimid cultúr ina bhfuil aiseolas agus comhoibriú leanúnach lena n-áirítear sainghlaonna chun gnímh a bheidh mar thaca lenár gcuid Pleananna maidir le Páirtithe Leasmhara agus Caidreamh Domhanda.
• Déanfaimid athrú ó bhonn ar ardáin na meán sóisialta dár gcuid le go mbeidh siad oiriúnach.
• Tabharfaimid sainmhíniú ar Straitéis LinkedIn dár gcuid chun na deiseanna a thapú a bhaineann le gréasáin a dhéanamh.
• Seolfaimid Plean na Mac Léinn agus na Alumni Óga agus cuirfimid i bhfeidhm é.
• Tabharfaimid cuireadh do thuismitheoirí/chaomhnóirí/chúramóirí ár gcuid mac léinn chun páirt a ghlacadh i gClár Teaghlaigh agus iad curtha ar an eolas faoi nuacht na hOllscoile.
• Soláthróimid ‘Feachtas Alumni Caillte’ chun caidreamh a dhéanamh arís le alumni nach bhfuil teagmháil acu le COC a thuilleadh.
• Cuirfimid na sochair chun cinn a bhaineann le naisc a choimeád.
• Cuirfimid tús arís le hIrisleabhar Alumni mar fhreagra ar aiseolas ó alumni, cuirfimid lenár meascadh cainéal agus soláthróimid samhail chumarsáide bunaithe ar roghanna.
• Taispeánfaimid an luach a bhaineann le caidreamh alumni don fhoireann agus do mhic léinn le pleananna cumarsáide inmheánacha.


Cumasóir Straitéiseach 2: Daonchairdeas
Bhí mórchuid alumni a thacaigh go fial le hachainíocha agus le fónatóin ad hoc i gcaitheamh na mblianta agus chuaigh siad seo chun tairbhe do COC.
Sa lá tá inniu ann an chuid is mó de bhronntanais mhóra nó rialta ó alumni, is faoi scáth an Chiste Alumni iad. Tá tábhacht nach beag ag baint le tacaíocht chun raon tionscadal práinneach agus claochlaitheach a mhaoiniú nach bhfaigheann maoiniú ó dheontas an stáit ach a imríonn tionchar díreach ar eispéireas na mac léinn, lena n-áirítear tacaíocht do ghníomhaíochtaí seach-churaclaim atá fíorthábhachtach mar chuid de thuras cuí oideachais. Fondúireacht Ollscoile Chorcaí a dhéanann maoirseacht ar iarratais ar íocaíochtaí ó Chiste Alumni COC. Anuas air sin, tá tacaíocht ó alumni ag gach leibhéal chun bronntanais an iliomad milliún a ghnóthú - nuair a thacaíonn mórán alumni le COC tugann sé le fios don saol mór go leagann na daoine “a bhfuil seanaithne acu orainn” béim ar thodhchaí na hOllscoile agus go dtacaíonn siad le ról an alma mater chun dul i ngleic le cuid de mhórdhúshláin an domhain. An mórchuspóir ná cur le feasacht ar thábhacht an daonchairdis in ardoideachas an lae inniu.
TABHARFAIMID FAOI NA NITHE SEO:
• Tacóimid le mórfheachtas tiomsaithe airgid COC agus deiseanna á soláthar do alumni chun tacú ag gach leibhéal.
• Fairsingeoimid líon na ndeontóirí agus feabhsóimid clár caidrimh na ndeontóirí.
• Reáchtálfaimid fónatóin chun taithí oibre, a bhfuil brí léi, a thabhairt do mhic léinn, chun bronntanais a mhéadú agus/nó chun aiseolas ó alumni ar COC agus ar na cláir alumni.
• Cuirfimid le bronntanais leanúnacha chun inbhuanaitheacht a chinntiú do Chiste Alumni COC agus méadóimid bronntanais uile-leibhéil.
• Cothóimid feasacht ar Chiste Alumni COC agus an tionchar a imríonn sé ar fud fad COC.
• Rachaimid sa tóir ar dheiseanna chun buíochas poiblí a ghabháil le alumni as a gcuid tacaíochta i dtionscadail atá maoinithe ag Ciste Alumni COC.
• Tacóimid le deontóirí ar mhian leo duaiseanna a bhunú do mhic léinn.
• Cuirfimid comhairle ar chlubanna spóirt mhic léinn COC atá ag bailiú airgid laistigh den bheartas tiomsaithe airgid.
• Cruthóimid samhail mheantóireachta chun tacú le alumni ar mhian leo oidhreacht a fhágaint.
• Déanfaimid scéalaíocht a chomhtháthú inár gcuid cumarsáide le alumni.
• Tacóimid le cláir chuimhneacháin.
• Glacaimid páirt i bhfeachtais náisiúnta/idirnáisiúnta ar nós #GivingTuesday agus MakeA-Will Week
• Leanfaimid treochtaí an daonchairdis agus cuirfimid ár gcuid clár in oiriúint i ndiaidh dúinn aiseolas a fháil ó alumni.


Cumasóir Straitéiseach 3: Obair Dheonach
Gné thábhachtach eile dár gcuid sláinte daonchairdis is ea iad siúd a dhéanann obair dheonach.
Ón Údarás Rialaithe go dtí Fondúireacht Ollscoile Chorcaí, go dtí na Boird Chomhairleacha in an-chuid raon feidhme agus fo-bhoird, is chun tairbhe COC é go laethúil an t-am agus an saineolas a fhaigheann sé ó dhaoine aonair seachtracha a bhíonn mar bhaill ar ár gcuid Bord agus Coistí ar bhonn deonach Tugann alumni meantóireacht do mhic léinn chomh maith le máistir-ranganna agus aoíléachtaí, eagraíonn siad imeachtaí agus tacaíonn siad le clubanna spóirt agus cumainn na mac léinn. Cuireann siad siúd a oibríonn ar bhonn deonach go mór lenár gcuid gníomhaíochtaí agus iad mar chairde criticiúla. Cuireann siad raon éagsúil scileanna ar fáil, chomh maith le taithí, eolas agus cuir chuige nua. Osclaíonn siad doirse agus iad mar ambasadóirí branda rud a léiríonn an tionchar a imríonn COC ar na pobail a bhfreastalaímid orthu. An cuspóir ná chun luach na tacaíochta a fhaightear ar bhonn deonach a mheas ar bhonn lárnach chun gur féidir le COC tuiscint a fháil ar a dtugann siad dúinn, é sin a aithint agus buíochas a ghabháil as. Déanfaimid cáilíocht thaithí na ndaoine a thugann faoi obair dheonach a mheas ach suirbhéanna a sholáthar agus aiseolas a fháil.
TABHARFAIMID FAOI NA NITHE SEO:
• Seolfaimid Bord Comhairleach Idirnáisiúnta Alumni nua chun tacú le pleananna bliantúla.
• Cruthóimid gréasán do bhaill atá níos inbhuanaithe agus níos cumhachtaí agus comhaontú nua ag leibhéal na seirbhíse á chur ar bhun againn le haghaidh Clubanna agus Caibidlí Alumni.
• Ullmhóimid agus foilseoimid Polasaí nua dóibh siúd a dhéanann Obair Dheonach agus cuirfimid cruth ar ár gcuid treoirlínte.
• Seolfaimid Club Alumni Chorcaí/na Mumhan den chéad uair.
• Forbróimid pleananna meantóireachta nua chun buíochas a ghabháil leo siúd a thugann faoi obair dheonach a chuirfidh lena gcuid eispéiris.
• Déanfaimid deiseanna oibre deonaí nua a shainaithint agus tacóimid leo, mar shampla, ambasadóirí branda domhanda, nó oibrithe deonacha a thacaíonn le pleanáil agus reáchtáil imeachtaí.
• Coimeádfaimid banc de theistiméireachtaí alumni ar féidir iad a úsáid ar shuíomh idirlín na hOllscoile agus in ábhair eacraithe na mac léinn.
• Glacfaimid páirt i bhfeachtais náisiúnta ar nós Volunteers’ Week.
• Gríosóimid alumni chun abhcóideacht ar dhéanamh ar mhaithe leis an Ollscoil i dtaca le ceisteanna suntasacha.
• Oibreoimid i gcomhpháirt le Seirbhísí na nGairmeacha, COC, agus le raonta feidhme eile chun an Clár Meantóireachta reatha ó Mhic Léinn go dtí Alumni agus an Clár Aismheantóireachta a fhás.
• Réachtálfaimid grúpaí fócais le mic léinn agus alumni óga chun na sochair a scagadh agus a chur i bhfeidhm a mbíonn ardéileamh ag alumni óga orthu.
• Forbróimid modheolaíocht chun méid na n-uaireanta cloig a chaitear ar obair dheonach a mheas agus chun tuairisciú a dhéanamh ar a leithéid.


Cumasóir Straitéiseach 4: Imeachtaí agus
Eispéireas
Baineann ócáidí ar nós teacht le chéile agus imeachtaí eile go smior leis an gclár caidrimh, ina gcuirtear na deiseanna ar fáil chun naisc a threisiú, caidrimh a chruthú agus chun mórtas agus muintearas a chothú.
Anuas ar an Teacht le Chéile Iubhaile Órga, tá oifigeach cothaithe mar chuid lárnach dár samhail a chabhraíonn le grúpaí éagsúla alumni (obrithe deonacha!) teacht le chéile a eagrú agus a reáchtáil dá gcuid ranganna féin. Le linn agus i ndiaidh na paindéime, bhíothas in ann teacht ar ní ba mhó daoine na riamh agus imeachtaí hibride ar bun, ar nós Shraith na gCainteoirí Domhanda. Laghdaíodh an costas chomh maith a bhaineann le himeachtaí traidisiúnta a phleanáil. Pointe tosaigh ab ea Suirbhé Alumni 2024 chun machnamh a dhéanamh ar an raon imeachtaí agus seirbhísí is féidir linn a chur ar fáil bíodh is go dtugtar faoi deara go mbeidh dúshláin ag baint leis an mbuiséad feidhmíochta i gcónaí. An cuspóir mar sin ná imeachtaí a reáchtáil a bhfeiceann alumni agus an Ollscoil a luach, agus déanfar an dul chun cinn a mheas le suirbhéanna agus aiseolas i ndiaidh na n-imeachtaí céanna.
TABHARFAIMID FAOI NA NITHE SEO:
• Oibreoimid i gcomhpháirt le haonaid eile in COC chun go mbeidh alumni agus deontóirí páirteach sna mórimeachtaí ar fhéilire na hOllscoile.
• Cinnteoimid go gcuirfear chun cinn do alumni na himeachtaí poiblí uile a eagraítear ar fud na hOllscoile, imeachtaí do theaghlaigh san áireamh.
• Oibreoimid i gcomhpháirt le haonaid acadúla ar léachtaí iomlánacha nó tionscnaimh chun go mbeidís oscailte do alumni.
• Reáchtálfaimid imeachtaí nua - hibrideach, ar líne agus pearsanta - do alumni agus deontóirí bunaithe ar an gcéim ina bhfuil siad ina saol agus ar a gcuid spéiseanna.
• Forbróimid imeachtaí sainiúla chun mic léinn agus alumni óga a spreagadh i gcomhpháirt le hAontas na Mac Léinn, Seirbhísí na nGairmeacha, COC agus Oifigigh Eispéireas na Mac Léinn.
• Bainfimid barr mhaise as na deiseanna chun labhairt le mic léinn agus le tuismitheoirí (alumni is ea iad go minic) mar gheall ar na buntáistí a bhaineann le bheith mar alum COC ag Laethanta Oscailte, Aontaí d’Iarchéimithe agus ag Bronntaí Céimeanna.
• Déanfaimid iniúchadh ar na slite chun go mbeadh imeachtaí níos inacmhainne agus urraíocht chorparáideach a lorg nó táillí beaga a lorg.
• Tacóimid le hacadóirí sinsearacha agus iad ag taisteal thar lear chun caidreamh a dhéanamh le grúpaí beaga de pháirtithe leasmhara idirnáisiúnta ar nós cruinnithe comhchomhairle.
• Tacóimid le Clubanna/Caibidlí Alumni chun a gcuid imeachtaí a reáchtáil agus an freastal a dhéanfar orthu a thaifeadadh.
• Úsáidfimid ócáidí mar theacht le chéile agus ócáidí eile nach iad mar straitéis chun caidreamh a dhéanamh arís le alumni nach bhfuil seoladh r-phoist nó sonraí teagmhála againn dóibh.
• Déanfaimid taifeadadh ar imeachtaí ó thaobh an tinrimh agus na rannpháirtíochta de agus seolfaimid suirbhéanna tar éis na n-imeachtaí chun léargas a fháil ar na sonraí agus mar threoir agus imeachtaí agus gníomhaíochtaí á bpleanáil againn amach anseo.

Ollscoil Dhomhanda

Tá an caidreamh domhanda mar chuid lárnach de Phlean Straitéiseach Choláiste na hOllscoile Corcaigh – Go Buan Feasta 2023-2028, agus ghlac an Ollscoil leis an gcéad Phlean um Chaidreamh Domhanda, 20242028 agus é mar aidhm ann cur chuige níos straitéisí a chur chun ó thaobh idirnáisiúnú na hollscoile de.
Eascraíonn an aidhm seo as blianta
fada de chomhpháirtíocht agus gníomhaíocht idirnáisiúnta agus léiríonn sí ár n-uaillmhian chun go mbeadh COC mar ollscoil dhomhanda den chéad scoth a bhfuil meon domhanda aige. Léirítear ann go bhfuilimid meáite ar phróifíl idirnáisiúnta na hOllscoile a ardú i dtreo is go n-imreoidh a cuid taighde agus oideachais tionchar claochlaitheach.
Tá ceithre philéar ag an bPlean um Chaidreamh Domhanda –Feabhas Domhanda, Tionchar, Comhpháirtíocht agus Saoránacht – rud a léiríonn an tiomantas don tábhacht a leagann COC ar chúrsaí domhanda ina chuid imeachtaí uile. Seasann cúrsaí Domhanda in COC don bhéim a leagtar ar thábhacht na héagsúlachta agus na luachanna atá i bpobal na hollscoile sa domhan thart timpeall orainn, agus sinn ag ceiliúradh na gcultúr agus na gcúlraí éagsúla chomh maith lenár gcuid céimithe a fhorbairt mar shaoránaigh dhomhanda a bheidh ullamh do dhúshláin dhomhanda an lae. Léiríonn cúrsaí Domhanda ó COC go bhfuilimid meáite ar dheimhin a dhéanamh de go mbainfidh ár gcuid gníomhaíochtaí go léir lántairbhe as cumas na hOllscoile chun maitheas a dhéanamh faoi réir ag ár gcuid luachanna, ag dul i ngleic le mórdhúshláin dhomhanda inár gcuid taighde agus oideachais.
Imríonn ár gcuid páirtithe leasmhara ról lárnach sa mheon seo agus i
mórán cuspóirí straitéiseacha agus mórghníomhaíochtaí atá leagtha amach sa Phlean um Chaidreamh Domhanda. Faoin bpiléar Tionchar Domhanda, tugtar geallúint sa plean ‘cur lenár dtionchar domhanda le plean caidrimh páirtithe leasmhara agus alumni atá uaillmhianach agus sonraithe, ina ndírítear ar chaidreamh leis an lucht tacaíochta agus le meantóireacht na ndeontóirí. D’fhonn an cuspóir seo a bhaint amach, cuirtear ar fáil sa Phlean um Chaidreamh le Páirtithe Leasmhara seo slí úrnua ina ndéanfaidh an Ollscoil caidreamh leat, lenár gcomhpháirtithe, alumni agus cairde an athuair. Mar Leas-Uachtarán um Chaidreamh Domhanda, táim ag súil le teagmháil a dhéanamh leat chun a chinntiú go mbainfimid amach ár bhfís le haghaidh COC chun domhan inbhuanaithe agus ionchuimsitheach a mhúnlú agus cumhacht agus eolas a thabhairt do dhaoine.

An tOllamh Ursula Kilkelly, PG Cert 2020
An Leas-Uachtarán um Chaidreamh Domhanda

Mar Fhocal Scoir
An bonneagar a thógáil mar thaca leis an bplean.
Tuairisciú: Ullmhóimid pleananna bliantúla le haghaidh cumarsáide, imeachtaí, obair dheonach agus daonchairdis agus déanfaimid tuairisciú ar ár gcuid PTFanna agus ar thorthaí na hinfheistíochta.
Mic Léinn - alumni feasta: An cuspóir ná chun caidreamh fadsaoil agus bríoch a chur ar bun le mic léinn sula mbronnfar céimeanna orthu agus a mhairfidh i bhfad ina dhiaidh sin. Go mbraithfear i gcónaí ag baile. Caidreamh a théann chun tairbhe an dá pháirtí atá mar phríomhaidhm againn agus díreofar as an nua ar mhic léinn agus alumni óga mar ghné ríthábhachtach den straitéis fhadtéarmach. Má tá taithí dhearfach ag mic léinn ar thionchar alumni, cruthóidh sé tionchar fadtéarmach agus spreagfaidh sé iad chun fanacht i dteagmháil leis an Ollscoil amach sa saol. Cruthaíodh post nua chun cumarsáid, imeachtaí, obair dheonach agus tionchar an daonchairdis a chur chun cinn i measc mac léinn agus alumni óga.
Tá Daonchairdeas agus Caidreamh le Páirtithe Leasmhara mar phríomhchumasóirí straitéiseacha i bPlean Straitéiseach 2023-2028.
Tá Ceann nua um Dhaonchairdeas earcaithe againn a stiúrfaidh agus a chuirfidh cláir nua i bhfeidhm chun an rathúlacht is fearr a bhaint amach do Bhronntanais Oidhreachta agus Rialta agus chun daonchairdeas agus Fondúireacht Ollscoile
Chorcaí a threisiú le foireann mórbhronntanas. Díreofar ar na nithe seo a leanas: chultúr an daonchairdis a thógáil, tacaíocht na méideanna beaga a chinntiú ó mhórchuid deontóirí atá mar alumni, píblíne a chruthú don am atá le teacht, tacú le tiomsú airgid an phobail agus caidreamh láidir a chothú le gach duine a bhfuil sé i gceist acu bronntanas oidhreachta a fhágáil d’Fhondúireacht
Ollscoile Chorcaí/COC ina gcuid uachtanna.
Alumni ag tacú le hearcú mac léinn idirnáisiúnta: ní mór abhcóideacht alumni a chur sa mheá nuair a bhítear ag déanamh cinntí mar gheall ar an rogha ollscoil, agus tagann amhlaidh i gceist do mhic léinn idirnáisiúnta ar shlí ar leith. Tacóimid leis an bPlean Domhanda agus plean comhtháite forbartha againn chun cur lenár gcuid tionchair agus clú. Tá Corcaigh agus San Francisco nasctha le níos mó ná 40 bliain agus aithníodh roinnt
deiseanna. Oibreoimid i gcomhar le Caidreamh Domhanda chun post nua a chruthú thar lear chun obair a dhéanamh ar phleananna domhanda leis an Leas-Uachtarán um Chaidreamh Domhanda agus leis an Stiúrthóir Feidhmiúcháin um Fhorbairt agus Cothú Gnó.
Tátal: Tá tábhacht nach beag ag baint le pobail alumni agus páirtithe leasmhara d’institiúidí ardoideachais iad mar ghréasán suntasach de dhaoine gairmiúla, meantóirí agus cairde. Ní maoithneachas amháin a bhíonn i gceist le pobal spleodrach alumni ach baineann sé le naisc fhadtéarmacha agus córais tacaíochta a chothú. Ní mór dúinn a bheith nuálach sa chur chuige chun caidreamh a dhéanamh le alumi, ó obair dheonach a chur ar fáil go dtí gréasáin ghairmiúla agus shóisialta a chruthú mar aon le hirisleabhar alumni ina bhfuil ríomhnuacht mar fhreagra ar aiseolas ó alumni. Tá a fhios againn go bhfuil gréasán bríomhar alumni ag teastáil ónár gcuid páirtithe leasmhara, agus tuigimid nach féidir linn muintearas a chruthú i bhfolús nó má mheasaimid gur féidir plé le gach duine sa tslí chéanna.
Iarraimid ort fanacht i dteagmháil linn agus caidreamh a dhéanamh linn ar LinkedIN. Scan an cód QR chun teagmháil a dhéanamh linn


An bhaint a bheidh agat linn, bíodh sin beag nó mór, cuirfidh sí dlús lenár bpobal agus cruthóidh sí deiseanna breise don chéad ghlúin eile. Leanfaimid orainn ag cur leis an oidhreacht seo in éineacht lena chéile agus sinn nasctha lena chéile san am atá le teacht.



Alumni agus Forbairt, Coláiste na hOllscoile Corcaigh 2.12 Áras an Gheata Thiar, Bóthar an Iarthair, Corcaigh, T12 XF62
R: alumni@ucc.ie | foundation@ucc.ie
T: +353 (0)21 420 5942
W: https://alumni.ucc.ie
Scan chun nasc a dhéanamh ar LinkedIn:

Scan chun sinn a leanúint ar Instagaram:
