Beatha Cholm Cille, Pacasite Oideachais

Page 1


Beatha agus Oidhreacht

Cholm Cille

PacĂĄiste Oideachais

Arna chruthĂș ag Abarta Heritage Do Cartlann Chontae DhĂșn na nGall, Chomhairle Contae DhĂșn na nGall

BuĂ­ochas

Is Ă© Oidhreacht Abarta a d’fhoilsigh an ĂĄis oideachais seo thar ceann SheirbhĂ­s Chartlann Chomhairle Contae DhĂșn na nGall le comĂłradh a dhĂ©anamh ar chuimhneachĂĄn 1,500 bliain bhreith Cholm Cille.

Is Ă© Oidhreacht Abarta a rinne taighde don leabhar, a d’fhoilsigh agus a dhear Ă©. TĂĄimid buĂ­och de gach duine a rinne athbhreithniĂș ar dhrĂ©achtaĂ­ an leabhrĂĄin agus a thug aiseolas orthu. TĂĄimid buĂ­och fosta de bhaill GhrĂșpa StĂ­Ășrtha Cholm Cille 1500 agus

Leabharlann Chontae Chomhairle Contae na MĂ­.

TĂĄimid buĂ­och fosta de Bhord CholĂĄiste na TrĂ­onĂłide, BailiĂșchĂĄn Bodleian agus Cnuasach BhĂ©aloideas Éireann as cead a thabhairt cĂłipeanna d’íomhĂĄnna Ăłna mbailiĂșchĂĄin a dhĂ©anamh.

Mhaoinigh Comhairle Contae DhĂșn na nGall agus Éire IldĂĄnach an tionscadal seo.

ISBN No. 978-1-9993779-0-8

© Arna fhoilsiĂș ag Comhairle Contae DhĂșn na nGall, 2021

Gach ceart ar cosnamh.

NĂ­ ceadmhach aon chuid den fhoilseachĂĄn seo a atĂĄirgeadh nĂĄ a tharchur ar aon mhodh na slĂ­, gan cead scrĂ­ofa Ăłn bhfoilsitheoir.

ClĂĄr

Leathanach 1: Éire roimh Cholm Cille.

Leathanach 2: Intreoir do Cholm Cille

Leathanach 3: Oideachas Cholm Cille

Leathanach 4: CĂ©ad-Eaglais Cholm Cille

Leathanach 5: Eaglaisí Cholm Cille ar fud na hÉireann

Leathanach 6: Cad Ă© an sĂłrt saoil atĂĄ ag manach?

Leathanach 7: Cad iad na foirgnimh a bhĂ­ i mainistir?

Leathanach 8: Teach Screaptra

Leathanach 9: Leabhar Cheanannais

Leathanach 10: Gleann Cholm Cille

Leathanach 11: Toraigh

Leathanach 12: Leabhar Goidte

Leathanach 13: Cath ChĂșl Dreimhne

Leathanach 14: Ag imeacht as Éirinn le dul go hOileán Í

Leathanach 15: Ag teacht i dtír in Oileán Í

Leathanach 16: Ag tiontĂș Chruithnigh na hAlban

Leathanach 17: Ag filleadh go hÉirinn

Leathanach 18: BĂĄs Cholm Cille

Leathanach 19: Colm Cille i ndiaidh a bhĂĄis

Leathanach 20: Oidhreacht Cholm Cille

Leathanach 21: Oidhreacht – Logainmneacha i nDoire agus i nDĂșn na nGall

Leathanach 22: Oidhreacht – LĂĄ FhĂ©ile Cholm Cille agus Turas Cholm Cille

Leathanach 23: Oidhreacht – LĂĄ FhĂ©ile Cholm Cille agus Turas Cholm Cille

Leathanach 24: Éire i ndiaidh Cholm Cille

Leathanach 25: Áiseanna Breise

8,000 RCh

4,000 RCh

3,200 RCh

Leathanach 1: Éire roimh Cholm Cille

MĂ©isiliteach: Tagann na chĂ©ad daoine go hÉirinn.

Neoiliteach: TosaĂ­tear an fheirmeoireacht.

DĂ©antar tuama pasĂĄiste ShĂ­ an BhrĂș.

2,500 RCh

Tugtar an cumas crĂ© -umha a dhĂ©anamh go hÉirinn.

Is tír phágánach Éire ina bhfuil mórán ríochtaí.

AD 0 Tagann Íosa ar an tsaol.

SclĂĄbhaithe, feirmeoirĂ­ agus laochra ina gcĂłnaĂ­ i mbothĂĄin adhmaid.

DĂ©antar cuasghreantaĂ­ Leac na Cumha.

432 Tugtar Naomh Pádraig go hÉirinn.

492 Faigheann Naomh PĂĄdraig bĂĄs.

Níl ann ach roinnt eaglaisí beaga in Éirinn.

520 Tagann Colm Cille ar an tsaol.

Leathanach 2: Intreoir do Cholm Cille

A bhuachaillĂ­ agus a chailĂ­nĂ­, fĂĄilte go leabhar oibre Bheatha agus Oidhreacht Cholm Cille ĂĄit a bhfoghlaimeoidh tĂș gach rud faoi dhuine de thrĂ­ Ă©arlamh na hÉireann - fĂșmsa!

Is iomaĂ­ ainm orm, mar shampla Naomh Columba nĂł Colm Cille, ach is Ă© Criomhthann m’fhĂ­orainm a chiallaĂ­onn ‘sionnach’ nĂł ‘duine fealltach’ sa Ghaeilge. NĂ­ ainm rĂłdheas Ă©, mar sin chuir Dia uaidh a chuid aingeal le hinsint do mo chairde Colm Cille a thabhairt orm, a chiallaĂ­onn ‘colm an tsĂ©ipĂ©il’. Tugtar Columba orm fosta, an focal Laidine ar cholm.

Seasann coilm do shĂ­ochĂĄin, grĂĄ agus an Spiorad Naomh sa ChrĂ­ostaĂ­ocht.

Ba iad Feidhlimidh agus Eithne mo thuismitheoirĂ­; sliocht rĂ­ochas na hÉireann a bhi iontu. Bhi saol breĂĄ compordach agam agus dhĂ©anfaĂ­ prionsa dĂ­om ach gur mhothaigh mĂ© glaoch Ăł Dhia. BhĂ­ mĂ© ag iarraidh briathar DĂ© agus iontas na CrĂ­ostaĂ­ochta a chraobhscaoileadh agus PĂĄgĂĄnaigh na hÉireann a threorĂș isteach i solas DĂ©.

Rugadh i nGartĂĄn mĂ©, Contae DhĂșn na nGall ar ar an 7 Nollaig AD 520 nĂł b’fhĂ©idir ar an 7 Nollaig AD 521? DĂ©anta na fĂ­rinne, nĂ­l a fhios agam, tharla sĂ© corradh le 1,500 bliain Ăł shin!

Creidtear gur shĂ­olraigh athair Cholm

Cille ó Niall Noígíallach, an fear a thug leis Pádraig go hÉirinn.

Leathanach 3: Oideachas Cholm Cille

Bhaist sagart darbh ainm

Cruithneachån mé i dTulach

DhĂșghlais, Contae DhĂșn na nGall. Eisean a bhĂ­ ina athair

altrama agam ina dhiaidh sin agus a theagasc gach rud faoin ChrĂ­ostaĂ­ocht dom.

Theagasc sé dom go raibh sé tåbhachtach coiscéimeanna

DĂ© a leanĂșint i mo shaol agus i mo bhearta agus gur chĂłir dom gach duine a threorĂș isteach i solas DĂ©.

Mainistir Chill Mhic RĂ©anĂĄin – creidtear gur anseo a d’fhĂĄs Colm Cille anĂ­os.

Nuair a bhĂ­ mĂ© nĂ­ ba shine, bhog mĂ© go Maigh Bhile i gContae an DĂșin le staidĂ©ar a dhĂ©anamh ar an ChrĂ­ostaĂ­ocht i gcuideachta Naomh Finnian. Ina dhiaidh sin, chuaigh mĂ© go scoil chlĂșiteach ChrĂ­ostaĂ­ i gCluain Ioraird, Contae na MĂ­, an ĂĄit ar teagascadh domsa ( i gcuideachta cuid mhĂłr daltaĂ­ eile). Ansin, chuaigh mĂ© fĂ©in agus roinnt cairde de mo chuid go Glas NaĂ­on, Baile Átha Cliath le foghlaim Ăł Naomh MĂłibhĂ­ an chlĂș mhĂłir.

Nuair a rinne Colm Cille staidéar ar Oileåin

Árann tharla easaontas idir Ă© fĂ©in agus Naomh Éanna. Chuir sĂ© a mhallacht ar na hoileĂĄin le nach mbeadh brosna ar bith le fĂĄil ann. B’éigean do mhuintir na hĂĄite aoileach tirim bĂł a ĂșsĂĄid dĂĄ dtinte ina ĂĄit.

Ar an drochuair, nĂ­orbh fhĂ©idir liom fanacht i bhfad mar gur thĂĄinig plĂĄ mhillteanach. Mar gheall uirthi d’at daoine agus dĂșirt siad rudaĂ­ fĂ­oraisteacha. NĂ­ thiocfadh le rud ar bith deireadh a chur leis an phlĂĄ; thug sĂ­ bas ĂĄr sĂĄrmhĂșinteora fĂ©in.

Ina dhiaidh sin, thosaigh mé ag dul ó åit go håit ag craobhscaoileadh bhriathar Dé !

LEATHANACH 4: CÉADEAGLAIS CHOLM CILLE

ThĂłg me mo chĂ©ad eaglais nuair a bhĂ­ mĂ© 25 bliain d’aois.

Thug mo chol ceathrair, an RĂ­ Aodh

Mac Ainmhireach doire ĂĄlainn dom a bhĂ­ aige san ĂĄit a dtugtar Contae

Dhoire air anois. BhĂ­ mo chroĂ­ istigh sna seanchrainn darach agus dhiĂșltaigh mĂ© iad a bhaint, ach b’éigean dom an ĂĄit a ghlanadh, mar sin las mĂ© tine bheag. Ar an drochuair chuaigh sĂ© as smacht, ach dĂșirt mĂ© paidir agus sĂĄbhĂĄladh na crainn ghalĂĄnta s’agam.

TĂĄ baint idir

duilleoga darach agus Colm Cille.

Mheall an eaglais bheag umhal seo cuid mhĂłr daoine isteach sa cheantar.

Rinne siad cĂłnaĂ­ ann, agus le himeacht ama thĂłg siad cathair ĂĄlainn. Tugtar naomhphĂĄtrĂșn Dhoire orm anois.

Eaglais Naomh Agaistín, Doire. Deirtear gur ar an tsuíomh seo a bhí céadeaglais Cholm Cille.

LEATHANACH 5: EAGLAISÍ CHOLM CILLE AR FUD NA hÉIREANN

D’éirigh chomh maith sin le mo chĂ©ad eaglais i nDoire gur shocraigh mĂ© go dtĂłgfainn eaglaisĂ­ ar fud na hÉireann. I ndiaidh mo bhĂĄis, thĂłg mo lucht leanĂșna tuilleadh eaglaisĂ­ agus d’ainmnigh siad asamsa iad.

Amharc ar mo lĂ©arscĂĄil go bhfeicfidh tĂș na hĂĄiteanna ina raibh mĂ©. ShiĂșil mĂ© ar fud na tĂ­re go hĂĄiteanna chomh fada Ăłna chĂ©ile le Toraigh agus DarĂș, rud a ghlac i bhfad nĂ­os mĂł ama nĂĄ a ghlacfadh inniu. Cuimhnigh nach raibh carranna againn san am sin.

Í

OILEÁN
TORAIGH
EARRA GHÁIDHEAL
NA SPEIRÍNI THUAIDH AGUS AN BHANNA DOIRE
GARTÁN
GLEANN CHOLM CILLE
CEANANNAS
DARÚ SORD
INSE GHALL AMUIGH
RUBHA THAIRBEIRT

CAD É AN SÓRT SAOIL ATÁ AG MANACH?

D’inis mĂ© gach rud faoi mo chuid eaglaisĂ­ agus mainistreacha ar fud na hÉireann duit, ach tĂĄ mĂ© cinnte go bhfuil tĂș ag iarraidh foghlaim faoi shaol an mhanaigh?

BhĂ­ obair chrua mhaslach ann.

D’oibrĂ­mis ar feadh an lae ag feirmeoreacht sna pĂĄirceanna, dhĂ©anaimis rudaĂ­ sna ceardlanna nĂł scrĂ­obhaimis sa teach sceaptra agus nĂ­ stadfaimis ach le hithe agus le hurnaĂ­ a dhĂ©anamh.

NĂ­or thug na manaigh isteach do shaol bog compordach. Is minic a chodlaĂ­odh Colm

Cille ar leaba chloiche agus cloch eile aige mar cheannadhairt!

D’ithimis brachĂĄn tanaĂ­ go minic darbh ainm praiseach sa mhainistir. D’éirigh linn ĂĄr nglasraĂ­ fĂ©in a fhĂĄs sa ghairdĂ­n cĂ© nach raibh prĂĄtaĂ­ againn, nĂ­or tugadh go hÉirinn iad go dtĂ­ na 1500idĂ­.

ThĂ©imis ar Aifreann ar a laghad cĂșig huaire sa lĂĄ, d’éirĂ­mis le linn na hoĂ­che d’urnaĂ­, agus thugaimis mĂłid chiĂșnais a mhairfeadh roinnt laethanta uaireanta! In amanna dhĂ©anainn dearmad cad leis a raibh mo ghuth cosĂșil.

Nuair a chuaigh mĂ© isteach sa mhainistir, tugadh stĂ­l fhaiseanta ghruaige dom darbh ainm corann. B’éigean dom ionar garbh bĂĄn a chaitheamh le clĂłca darbh ainm casula le mĂ© a choinneĂĄil te tirim.

Le bheith i do mhanach, caithfidh tĂș:

‱ A bheith i do bhuachaill (thiocfadh le cailíní a bheith ina mná rialta)

‱ Grá a bheith agat do Dhia

‱ DĂșil a bheith agat san fhoghlaim

‱ DĂșil a bheith agat in obair chrua (tĂĄ an ceann seo iontach tĂĄbhachtach)

LEATHANACH 7: CAD IAD NA

FOIRGNIMH A BHÍ I MAINISTIR?

Le mo linn, is foirgnimh bheaga adhmaid a bhĂ­ i mainistreacha agus eaglaisĂ­, gan iad cosĂșil leis na hArdeaglaisĂ­ ollmhĂłra atĂĄ againn sa lĂĄ atĂĄ inniu ann. TĂĄ ceann de na mainistreacha s’agam le feiceĂĄil thĂ­os:

Ba Ă­ an Eaglais an foirgneamh ba thĂĄbhachtaĂ­, an ĂĄit a dtĂ©imis ar aifreann cĂșig huaire sa lĂĄ! Ecclesia an t-ainm a bhĂ­ againn air sin sa Laidin.

BhĂ­ bruach thart ar an talamh timpeall na heaglaise darbh ainm Vallum.

BhĂ­ cuid mhĂłr Ceardlann agus foirgnimh Feirme ann fosta

ChodlaĂ­mis agus dhĂ©anaimis staidĂ©ar sna Cealla a bhĂ­ rud beag cosĂșil le do sheomra leapa gan na brĂ©again agus na pĂłstaeir uilig.

BhĂ­ Teach aĂ­ochta againn fosta do na cuairteoirĂ­ tuirseacha a thagadh ar cuairt chugainn.

Sa Teach Screaptra a sríobhaimis år leabhair féin.

Timpeall na bhfoirgneamh uilig eile seo bhĂ­ an dara Vallum.

BhĂ­ dĂșil ag teaghlaigh cĂłnaĂ­ a dhĂ©anamh cĂłngarach dĂșinn le cuidiĂș linn lenĂĄr gcuid oibre. BhĂ­ siad ina gcĂłnaĂ­ sa trĂ­Ăș Vallum

LEATHANACH

Ba Ă© an teach sceaptra an ĂĄit ab fhearr liom sa mhainistir. Ba sheomra suaimhneach Ă© ina gcleachtainn callagrafaĂ­ocht.

A B C D E F

Ba ghnĂĄch linn fosta lĂ­nĂ­ochtaĂ­ ĂĄille a dhĂ©anamh d’ainmhithe nĂł snaidhmeanna deacra a dtugtar crosfhĂ­ orthu dĂĄr gcuid leabhar. BĂ­onn sĂ© deacair ag cuid mhĂłr daoine crosfhĂ­ a chruthĂș, ach tĂĄ cleas ag baint leis, is Ă© an rĂșn atĂĄ ann na poncanna a sheachaint!

Ceangail le patrĂșn eile

CĂ©im 1

CĂ©im 2

CĂ©im 3

Ceangail le patrĂșn eile

NĂ­ raibh pĂĄipĂ©ar againn, nĂ­or tugadh sin Ăłn Eoraip go ceann 600 bliain eile, mar sin de ba ghnĂĄch linn scrĂ­obh ar veilleam, seithe lao. DhĂ©anaimis ĂĄr bpĂ©int fĂ©in ag baint ĂșsĂĄid as clocha, blĂĄthanna agus fiĂș fungas.

An raibh a fhios agat gur baineadh ĂșsĂĄid as seithĂ­ 600 lao leis an veilleam a dhĂ©anamh do Leabhar Cheanannais?

LEATHANACH 9: LEABHAR CHEANANNAIS

Beagnach 200 bliain i ndiaidh mo bhĂĄis, chruthaigh mo lucht leanĂșna Leabhar

ĂĄlainn DharĂș agus Leabhar Cheannanais ina dtithe screaptra.

I Laidin a scrĂ­obhadh na leabhair sin agus is iontu atĂĄ na ceithre shoiscĂ©al – Matha, Marcas, LĂșcĂĄs agus Eoin. MaisĂ­odh go gleoite iad agus bhaintĂ­ ĂșsĂĄid astu ar ĂłcĂĄidĂ­ speisialta, amhail an ChĂĄisc, an Nollaig, agus lĂĄ fhĂ©ile s’agam fĂ©in ( 9 Meitheamh)

As mainistir

Cheannanais i gContae na MĂ­ a ainmnĂ­odh Leabhar

Cheanannais ach tugtar soiscéal mór Cholm Cille air chomh maith.

Teach Cholm Cille, Ceanannas, Co. na MĂ­.

TĂĄ Leabhar Cheanannais ar na seoda meĂĄnaoiseacha is clĂșitĂ­ sa domhan. Is iad mo chuid manach a rinne Ă© thart ar AD 800 ar OileĂĄn Í. Rinne Lochlannaigh ionsaĂ­ ar OileĂĄn Í, ĂĄfach, ghoid siad ĂĄr seoda agus rinne siad slĂ©acht ar mo chuid manach. D’fhĂĄg na daoine a thĂĄinig slĂĄn agus bhog siad go sĂĄbhĂĄilteacht

Cheanannais i gcontae na MĂ­ leis an leabhar luachmhar seo.

Sliocht as Leabhar Cheanannais (le caoinchead Ollscoil na Tríonóide, Baile Átha Cliath)

LEATHANACH 10: GLEANN CHOLM CILLE

Ar scor ar bith, ar ais chuig na sĂĄreachtraĂ­ s’agam. Ar inis mĂ© duit gur thug aingil cuairt orm gur thug siad rabhadh dom go raibh deamhain uafĂĄsacha i gcontae DhĂșn na nGall?

Chruthaigh na deamhain ceo chomh tiubh sin nĂĄrbh fhĂ©idir feiceĂĄil trĂ­d agus bhrĂșcht abhainn ina sruth tine anĂ­os gur mharaigh duine ar bith a thrasnaigh Ă­.

BhĂ­ mise agus mo chairde ag iarraidh iad a chloĂ­, mar sin champĂĄil muid le taobh na habhann le plean a cheapadh.

Go tobann, chaith an diabhal sleĂĄ linn. Mharaigh sin mo shearbhĂłnta, Cearc, rud a chuir fearg orm.

Tharraing mĂ© an tsleĂĄ as Cearc agus chaith ar ais leis an diabhal Ă©! Ina dhiaidh sin bheannaigh mĂ© an abhainn le go dtiocfadh liom fĂ©in agus mo chairde Ă­ a thrasnĂș..

Go tobann nocht aingeal agus cloch ghlas leis. DĂșirt sĂ© liom an chloch agus mo chloigĂ­n naofa a chaitheamh leis na deamhain.

Nuair a bhĂ­ sin dĂ©anta agam, d’imigh an ceo, agus theith na deamhain go dtĂ­ an tAigĂ©an Atlantach go ndeachaigh siad i bhfolach ar oileĂĄn. Ach d’ordaigh mĂ© dĂłibh tiontĂș ina n-iasc san fharraige agus gan tuilleadh dochair a dhĂ©anamh.

Le nach n-Ă­osfadh daoine an deamhaniasc, d’fhĂĄg mĂ© dearg agus dall iad i sĂșil amhĂĄin

Mar sin de nå hith deamhaniasc dearg agus dall in am ar bith do do dhinnéar!

LEATHANACH 11: TORAIGH

LĂĄ amhĂĄin dhreap mise agus triĂșr cairde de mo chuid – Naomh FionĂĄn, Naomh Dubhthach agus Naomh Beigbhile - cnoc ard darb ainm Cnoc na Naomh. BhĂ­ radharc galĂĄnta againn ar Thoraigh agus bhĂ­ gach duine againn ag iarraidh a mhuintir a thiontĂș ina gCrĂ­ostaithe.

Chaith muid ĂĄr gcroisĂ­nĂ­ i dtreo an oileĂĄin. Chaith mise mo cheannsa chomh crua sin go ndearna sĂ© poll ar an oileĂĄn. BuĂ­ochas do Dhia nĂĄr ghortaigh mo chroisĂ­n iascaire nĂĄ feirmeoir ar bith! NĂ­or bhuail croisĂ­nĂ­ mo chairde Toraigh agus mar sin fĂĄgadh agamsa Ă© lena thiontĂș.

Ar an drochuair, nĂ­ raibh Ailill a bhĂ­ i gceannas an oileĂĄin ag iarraidh a bheith ina ChrĂ­ostaĂ­ agus dhiĂșltaigh sĂ© talamh ar bith a thabhairt dom le heaglais a dhĂ©anamh air. D’iarr mĂ© pĂ­osa talaimh, go dĂ­reach leithead mo chlĂłca. Thoiligh Ailill, ach bhuail mĂ© bob air, agus trĂ­ mhĂ­orĂșilt d’fhĂĄs mo chlĂłca gur chlĂșdaigh sĂ© an t-oileĂĄn.

BhĂ­ Ailill chomh feargach liom gur dhreasaigh sĂ© a chĂș nimhe liom. I bhfaiteadh na sĂșl ghearr mĂ© comhartha na croise, rud a thug ar an chĂș mharfach lĂ©im san fharraige leis an bheannĂș a sheachaint. Ar a fheiceĂĄil sin d’Ailill chuaigh sĂ© ar a dhĂĄ ghlĂșin agus thiontaigh sĂ© ina ChrĂ­ostaĂ­. Bhronn sĂ© an t-oileĂĄn orm, agus is ansin a rinne mĂ© mainistir eile.

TĂĄ lorg lapa an chĂș le feiceĂĄil ar an oileĂĄn go fĂłill san ĂĄit ar lĂ©im sĂ© isteach san fharraige, ĂĄit ar a dtugtar Cloch an ChĂș.

LEATHANACH 12: LEABHAR GOIDTE

Cuimhnigh gur inis mĂ© duit go raibh mĂ© an-tugtha don scrĂ­bhneoireacht agus do bheith sa teach screaptra? Bhuel, d’fhĂĄg sin i dtrioblĂłid mĂ©.

Nuair a bhĂ­ mĂ© ar cuairt ag seanchara de mo chuid, Naomh Finnian Mhaigh Bhile, chonaic mĂ© an tsaltair ghleoite a bhĂ­ aige, bhĂ­ mĂ© ĂĄ hiarraidh agus mar sin rinne mĂ© cĂłip di faoi rĂșn an oĂ­che sin.

Is é is saltair ann leabhar ina bhfuil sailm ón tSeanTiomna. Is paidreacha iad na sailm is féidir a cheol do Dhia.

BhĂ­ Finnian chomh feargach sin nuair a fuair sĂ© amach gur ordaigh sĂ© dom mo chĂłip dĂĄ leabhar a thabhairt ar ais dĂł! DhiĂșltaigh mĂ© agus thug chuig Diarmait Mac CearĂșill, ArdrĂ­ na hÉireann, Ă© le go ndĂ©anfadh sĂ© cinneadh. NĂĄr luaigh mĂ© fosta gurbh Ă© Diarmait mo chol ceathrair, agus ar an ĂĄbhar sin bhĂ­ mĂ© an-mhuinĂ­neach go mbainfinn an cĂĄs

Baineadh stangadh asam nuair a dĂșirt an RĂ­ Diarmait: ‘is le gach bĂł a lao agus is le gach leabhar a chĂłip’

CiallaĂ­onn sin mar gur lena mhĂĄthair an lao, gur lena ĂșinĂ©ir mo chĂłip –leabhar Fhinnian. Chuir an toradh samhnas orm. Ar a bharr sin, chuir an RĂ­ Diarmait tuilleadh feirge orm, nuair a mharaigh sĂ© prionsa de chuid Chonnacht a bhĂ­ faoi mo chosaint.

BHEADH COGADH DÁ BHARR!

LEATHANACH 13: CATH CHÚL DREIMHNE

Chuaigh mĂ© chuig mo cheantar dĂșchais TĂ­r Chonaill agus Doire agus d’iarr mĂ© ar mo lucht tacaĂ­ochta agus ar mo chlann cogadh a chur ar mo chol ceathrair, an rĂ­ fealltach Diarmait. Thoiligh siad, agus mhĂĄirseĂĄil muid in araicis an RĂ­ Diarmait ag CĂșl Dreimhne, i gContae Shligigh (cĂłngarach do Dhroim Chliabh).

Bhí an cath fuilteach. Nuair a bhí an troid thart, bhí an bua ag mo thaobhsa ach ba dhaor a cheannaigh muid é. Bhí corradh le 3,000 duine marbh, agus bhí mé anois ag smaoineamh gur ormsa a bhí an locht.

NĂ­ raibh manaigh eile na hÉireann sĂĄsta liom. Ba Ă© an dualgas s’againn a bheith sĂ­ochĂĄnta, grĂĄ a thabhairt don chomharsa, gan cogadh a fhĂłgairt. BhĂ­ go leor acu ag iarraidh go ndĂ©anfaĂ­ mĂ© a choinnealbhĂĄ (rud a chiallaĂ­onn nach dtiocfadh liom a bheith pĂĄirteach san eaglais nĂĄ dul chun na bhflaitheas)! Ba mheasa an chinniĂșint sin nĂĄ an bĂĄs, ach de bharr ar an ĂĄdh nĂ­or tharla sin.

Sliocht as BailiĂșchĂĄn na Scol, le Caoinchead Chnuasach BhĂ©aloideas Éireann. ScĂ©al a thaifead Donnchadh Ó Dochartaigh. BhĂ­ Donnchadh ina dalta in An CĂșil, Contae DhĂșn na nGall. Ba Ă© Proinnsias Ó Gallchobhair an mĂșinteoir. Le tuilleadh eolais a fhĂĄil, fĂ©ach www.duchas.ie

AG IMEACHT AS ÉIRINN LE DUL GO HOILEÁN Í

DĂșirt mo sheanchara, Naomh Molaise, liom go gcaithfinn Éire a fhĂĄgĂĄil. DĂșirt sĂ© nach mbeinn ĂĄbalta an tĂ­r seo a fheiceĂĄil arĂ­s go dtĂ­ go dtiontĂłinn an mĂ©id daoine a maraĂ­odh i gcath ChĂșl Dreimhne chun na CrĂ­ostaĂ­ochta. Sin beagnach 3,000 baisteadh a bheadh orm a dhĂ©anamh sula mbeinn ĂĄbalta Éire, grĂĄ mo chroĂ­, a fheiceĂĄil arĂ­s.

Ghoill sĂ© go mĂłr orm mo mhuintir, mo chairde agus an iomad eaglais a fhĂĄgail i mo dhiaidh. Ar an oĂ­che dheireanach, thug mĂ© cuairt ar Leac na Cumha i MĂ­n an LĂĄbĂĄin, Contae DhĂșn na nGall. Chaoin mĂ© ansin agus d’iarr mĂ© ar Dhia an chumha a thĂłgĂĄil dĂ­om.

An lĂĄ arna mhĂĄrach thug mĂ© liom 12 manach, agus sheol muid i mbĂĄd beag suas Loch Feabhail. Chonaic mĂ© mo mhuintir, mo chairde agus fiĂș amhĂĄin ainmhithe ag rith inĂĄr ndiaidh ag cur a mbeannachta linn.

Leac na Cumha le cuasghreantaí a cruthaíodh idir 3,000 – 2,000 RCh.

Leac na cumha a chiallaĂ­onn Cloch na Cumha nĂł Cloch an BhrĂłin. TĂĄ daoine ann a chreideann mĂĄ luĂ­onn imirceach ar Leac na Cumha an lĂĄ sula bhfĂĄgann sĂ© Éire nach mbeidh cumha air san ĂĄit Ășr ina ndĂ©anfaidh sĂ© cĂłnaĂ­.

LEATHANACH 15: AG TEACHT I DTÍR IN OILEÁN Í

I ndiaidh tinneas trom farraige a bheith orainn, thĂĄinig muid i dtĂ­r ar oileĂĄn. Nuair a dhreap mĂ© go barr an chnoic is airde ann, ĂĄfach, bhĂ­ Éire le feiceĂĄil agam go fĂłill, agus mar sin de d’fhĂĄg muid agus chuaigh muid go hoileĂĄn eile darb ainm OileĂĄn Í. ThĂĄinig muid i dtĂ­r ansin ar Dhomhnach CincĂ­se (12 Bealtaine) AD 563 agus chuir muid tĂșs le heaglais agus cealla.

Ina dhiaidh sin chaith mĂ© roinnt blianta ag taisteal sna hoileĂĄin a bhĂ­ ar na gaobhair agus RĂ­ocht DhĂĄl Riada in iarthar na hAlban ag tiontĂș pĂĄgĂĄnach ina gCrĂ­ostaithe.

Is Ă­ CincĂ­s an lĂĄ ar thuirling an spiorad naomh ar dheascabail Íosa gur fhĂĄg sĂ© ar a gcumas labhairt i dteangacha Ă©agsĂșla.

Albain

I ndiaidh CrĂ­ostaithe a dhĂ©anamh do mhuintir iarthar na hAlban shiĂșil mĂ© trĂ­d an Ghleann MhĂłr go hoirthear na hAlban an ĂĄit a raibh cĂłnaĂ­ ar na Cruithnigh, a bhĂ­ ina bpĂĄgĂĄnaigh. Ar mo bhealach thĂĄinig mĂ© ar loch domhain darb ainm Loch Nis. Agus muid ag iarraidh dul trasna an locha, rĂ©ab ollphĂ©ist mhĂłr amach as an uisce agus thug iarraidh duine de mo chuid fear a ithe! Mar sin, ghearr mĂ© comhartha na croise, agus sa ghuth is scĂĄfaire atĂĄ agam, d’ordaigh mĂ© don ollphĂ©ist IMEACHT, rud a rinne sĂ­! BhĂ­ an-dĂșil ag pĂĄgĂĄnaigh na hĂĄite ionam mar gur shĂĄbhĂĄil mĂ© iad Ăłn ollphĂ©ist agus thiontaigh siad ina gCrĂ­ostaithe.

Tå Nisí i bhfolach go fóill ar Cholm Cille agus sin an fåth a bhfuil sé chomh deacair sin í a fheiceåil.

Ina dhiaidh sin, chuaigh mĂ© ar cuairt chuig RĂ­ na gCruitneach, ach nĂ­ raibh seisean sĂĄsta mĂ© a fheiceĂĄil agus thug sĂ© ar a chuid draoithe pĂĄgĂĄnacha doirse a thĂ­ a dhruidim go daingean le draĂ­ocht. Ghearr mĂ© comhartha na croise os comhair na ndoirse, agus d’oscail siad de phreab! Chuaigh sin i bhfeidhm ar an dream a bhĂ­ istigh agus shocraigh siad tiontĂș ina gCrĂ­ostaithe fosta.

Loch Nis, Albain.

LEATHANACH 17: AG FILLEADH GO HÉIRINN

D’ordaigh AodhĂĄn Mac GabhrĂĄin, RĂ­ DhĂĄl Riada, dom filleadh go hÉirinn le freastal ar chruinniĂș i nDroim Ceat, Contae Dhoire.

BhĂ­ mĂ© thar a bheith tĂłgtha faoi bheith ag teacht chun an bhaile sa deireadh, ach go fĂłill nĂ­ raibh cead agam Éire a fheiceĂĄil. Mar sin chuir me dallĂłg orm fĂ©in don turas iomlĂĄn.

Ag mĂłrdhĂĄil Dhroim Ceat, shocraigh mĂ© easaontas idir an tArdrĂ­ Aodh Mac Ainmire (mo chol ceathrair, fear a thug talamh dom le haghaidh m’eaglaise i nDoire) agus RĂ­ AodhĂĄn DhĂĄl Riada. Leigheas mĂ© daoine, agus nĂ­or lig mĂ© don ArdrĂ­ Aodh na filĂ­ uilig a dhĂ­birt as Éirinn. Rinne mĂ© sin uilig agus dallĂłg orm!

Bhí na filí i dtrioblóid leis an rí mar go raibh siad ag gearradh luachanna arda agus ag rå drochrudaí faoi féin agus faoi na taoisigh shaibhre eile.

LEATHANACH 18: BÁS CHOLM CILLE

Chuaigh na blianta thart agus lean mĂ© liom ag tiontĂș daoine chuig an ChrĂ­ostaĂ­ocht agus ag tĂłgĂĄil eaglaisĂ­. LĂĄ amhĂĄin thĂĄinig capall bĂĄn ionsorm agus chaoin sĂ© i m’ucht. Thuig an capall go raibh mĂ© sean agus fĂ­orthuirseach ar fad.

Ar an 9 Meitheamh AD 597, thit mĂ© i laige cĂłngarach don altĂłir s’agam in OileĂĄn Í. Rith mo chairde a fhad liom agus arsa mise leo:

ArdaĂ­gĂ­ mo lĂĄmh

Le go mbeannĂłidh mĂ© mo chuid manach. NĂ­os airde arĂ­s le go mbeannĂłidh mĂ© Talamh na hÉireann agus na daoine uilig ansin a bhfuil grĂĄ agam orthu, Mo dhoireagĂĄn agus mo chuid pĂĄistĂ­.

B’fhĂ©idir gur seo ĂĄit adhlactha Cholm Cille, DĂșn PĂĄdraig, Co an DĂșin.

Ar an drochuair, fuair mĂ© bĂĄs agus mĂ© 76 bliain d’aois, cĂ© nach bhfuil mĂ© cinnte cĂĄr cuireadh mĂ©? SĂ­lim gur OileĂĄn Í a bhĂ­ ann, ach deir daoine eile gur tugadh go DĂșn PĂĄdraig i gContae an DĂșin mĂ© agus gur adhlacadh mĂ© in aice le naomhphĂĄtrĂșin eile na hÉireann, BrĂ­d agus PĂĄdraig.

I ndiaidh a bháis, rinneadh Sanctus (focal Laidine ar naomh) na gceanglóirí leabhar, na bhfilí, Dhoire agus na hÉireann de Cholm Cille!

LEATHANACH 19: COLM CILLE I NDIAIDH A BHÁIS

I ndiaidh mo bhĂĄis, shiĂșil mo chuid manach Éire, Albain agus Tuaisceart Shasana ag craobhscaoileadh na CriostaĂ­ochta. D’inis siad do dhaoine faoi mo bheatha agus mo chuid eachtraĂ­.

ScrĂ­obh mĂłrĂĄn daoine ina dhiaidh sin fĂșm. ScrĂ­obh Naomh AdhamhnĂĄn (gaol eile de mo chuid) leabhar darb ainm Vita Columbae, sin an Laidin atĂĄ ar Bheatha Colmcille. Bhain an leabhar leis na tairngreachtaĂ­ agus na mĂ­orĂșiltĂ­ a rinne mĂ© agus mĂ© beo.

Beagnach mĂ­le bliain i ndiaidh mo bhĂĄis, fuair Manus Ó DĂłnaill, Taoiseach ThĂ­r Chonaill, ‘Beatha Cholm Cille’ scrĂ­ofa fĂșm in 1532. Sin an leabhar is mĂł a bhfuil sonraĂ­ mo bheatha ann.

BhĂ­ codanna de Dhoire agus DĂșn na nGall in am amhĂĄin i rĂ­ocht

ThĂ­r Chonaill.

Bhí grå ag Manus agus a theaghlach domsa. Reåchtåil siad searmanais speisialta i gCill Mhic Réanåin an åit a raibh mé seal i mo chónaí agus ar iompair mé mo chóip den tsaltair ghoidte isteach sa chath. Tugadh an Cathach ar an leabhar.

AbaĂ­ a bhĂ­onn i mbun mainistreacha, rud beag cosĂșil le prĂ­omhoide scoile.

BeannaĂ­onn manach de chuid Cholm Cille RĂ­ i dTobar an DĂșin, Cill Mhic RĂ©anĂĄin.

LEATHANACH 20: OIDHREACHT CHOLM CILLE

Go dtĂ­ an lĂĄ inniu tĂĄ oidhreacht iontach ag Colm Cille sa Bhreatain agus in Éirinn, feicfidh tĂș thĂ­os cuid de na rudaĂ­ a bhfuil aithne ar Cholm Cille astu

TĂĄ mĂ© ar dhuine de naomhphĂĄtrĂșin na hÉireann; mise, PĂĄdraig agus BrĂ­d.

Thosaigh mĂ© ag scrĂ­obh stair na hÉireann in OileĂĄn Í.

Chruthaigh mĂ© nasc idir Albain agus Éire.

Bhunaigh mĂ© cuid mhĂłr eaglaisĂ­ in Éirinn agus in Albain.

Chruthaigh mo lucht leanĂșna Leabhar DharĂș.

Is mise naomhphĂĄtrĂșn Dhoire. DĂ©antar m’fhĂ©ile a cheiliĂșradh ar an 9 Meitheamh.

Is iomaí iomann a chum mé.

Bhunaigh mĂ© Mainistir Í, suĂ­omh tĂĄbhachtach de chuid na luath-ChrĂ­ostaĂ­ochta an ĂĄit a bhfuil 48 rĂ­ de chuid na hAlban, 4 rĂ­ de chuid na hÉireann agus 8 rĂ­ de chuid na hIorua.

Chruthaigh mo lucht leanĂșna ceann de mhĂłrsheoda na meĂĄnaoiseanna, Leabhar Cheanannais.

LEATHANACH 21: OIDHREACHT – LOGAINMNEACHA i nDOIRE AGUS i nDÚN NA nGALL

Baisteadh cuid mhĂłr eaglaisĂ­, scoileanna, ionaid phobail, pĂĄirceanna spĂłirt agus srĂĄideanna as Colm Cille i gCo. DhĂșn na nGall agus i nDoire. Mar shampla:

An dtig leat smaoineamh ar ĂĄiteanna eile a ainmnĂ­odh asamsa i do cheantar?

Tobar naofa ag Turas Cholm Cille, i gCo. DhĂșn na nGall.
PĂĄirc Cholm Cille i nDoire.

– LÁ FHÉILE CHOLM CILLE AGUS TURAS CHOLM CILLE

Gach bliain dĂ©antar m’fhĂ©ile a cheiliĂșradh ar an 9 Meitheamh (an lĂĄ a bhfuair mĂ© bĂĄs).

Meitheamh

Ar an lå sin deir daoine paidreacha liom, téann siad chuig eaglaisí darb ainm Naomh Colm Cille, téann siad go toibreacha naofa a bheannaigh mé agus téann siad ar thuras nó ar oilithreacht.

Is Ă© is oilithreacht ann duine dul ar thuras fada chuig ĂĄit naofa.

Is iomaĂ­ slĂ­ oilithreachta ann tiomanta dom i nDoire agus i nDĂșn na nGall, mar shampla, SlĂ­ Cholm Cille agus Turas Cholm Cille. Le linn oilithreachta, siĂșlann daoine go hĂĄiteanna darb ainm stĂĄisiĂșin aithrĂ­, a bhaineann liom. Ag na stĂĄisiĂșin, dĂ©anann siad deasghnĂĄtha. B’fhĂ©idir go bhfeicfeĂĄ duine ag siĂșl deiseal thart ar an stĂĄisiĂșn, nĂł go gcluinfeĂĄ duine ag rĂĄ paidreacha ag an stĂĄisiĂșn le linn oilithreachta.

Tobar an DĂșin cĂłngarach don Tearmann, Co. DhĂșn na nGall

Turas Cholm Cille, StĂĄisiĂșn 6, Co DhĂșn na nGall

Tå daoine ann a chaitheann duilleoga darach ar lå fhéile Cholm Clle, agus déanann daoine eile an turas costarnochta!

LEATHANACH 23: OIDHREACHT

– LÁ FHÉILE CHOLM CILLE AGUS TURAS CHOLM CILLE

Seo roinnt ĂĄiteanna spĂ©isiĂșla a d’fheicfeĂĄ, b’fhĂ©idir, mĂĄ thĂ©ann tĂș ar ShlĂ­ Cholm Cille nĂł ar Thuras Ghleann Cholm Cille idir 9 Meitheamh agus 15 LĂșnasa.

Ionad Oidhreachta GhartĂĄin, Co. DhĂșn na nGall.

Ardeaglais Naomh Colm, Co. Dhoire.

Gleann Cholm Cille, stĂĄisiĂșn 2, Co. DhĂșn na nGall.

Seo thĂ­os lĂ©arscĂĄil de Thuras Cholm Cille, i nGleann Cholm Cille. Tig leat an turas a leanĂșint mĂĄ thugann tĂș cuairt ar na stĂĄisiĂșin Ă©agsĂșla (tĂĄ uimhreacha leo ar an lĂ©arscĂĄil). TĂĄ 15 ann ar fad. NĂĄ dĂ©an dearmad duilleog dharach a chaitheamh agus tĂș ag dĂ©anamh an turais le do theaghlach!

ÉIRE i nDIAIDH CHOLM CILLE

AD 520/521 AD 520/521 Tagann Colm Cille ar an tsaol i gContae DhĂșn na nGall.

AD 545 AD 545 Bunaíonn Colm Cille a chéad eaglais i nDoire.

AD 563 AD 563

DĂ©anann Colm Cille cĂłip de leabhar Naomh Finnian.

TĂ©ann Colm Cille go hOileĂĄn Í’,

AD 597 AD 597 Faigheann Colm Cille bás ar Oileán Í.

AD 795 AD 795 DĂ©anann Lochlannaigh ionsaĂ­ ar OileĂĄn Í.

AD 800 AD 800

ScrĂ­obhtar Leabhar Cheanannais.

AD 1169 AD 1169 DĂ©anann Normannaigh ionradh ar Éirinn.

AD 1607 AD 1607 Imeacht na nIarlaĂ­ as DĂșn na nGall.

AD 1689 AD 1689 LĂ©igear Dhoire.

AD 1798 AD 1798 Éirí Amach 1798.

AD 1845 AD 1845 TĂșs an Ghorta MhĂłir.

AD 1914 AD 1914 TĂșs an ChĂ©ad Chogaidh Dhomhanda

AD 1916 AD Éiri Amach na Cásca

AD 1921 AD 1921

AD 2020/ 2021 AD 2020/ 2021 Deireadh le Cogadh na Saoirse

1500Ăș BreithlĂĄ Cholm Cille

LEATHANACH 25: ÁISEANNA BREISE

AINM ÁBHAR

Colm Cille, a Bheatha agus a Oidhreacht

Suíomh gréasåin idirghníomhach fíormhaith do dhaltaí åit a dtig leo amharc ar fhíseåin, ríomhleabhair a léamh agus níos mó a fhoghlaim faoi Cholm Cille, faoi mhainistreacha agus faoi Leabhar Cheanannais.

AINM AN NAISC NÓ AN tSUÍMH

Leabhar

Cheanannais, Treoir do

MhĂșinteoirĂ­ Bunscoile

LĂ©argas ar Cholm Cille. Oilithreacht dhaite

Ionad

Oidhreachta

Cholm Cille

Nerve Centre, Leabhar

Cheanannais Digiteach

Cuid mhĂłr fĂ­ricĂ­ fĂĄnacha do dhaltaĂ­ ina bhfuil Ă­omhĂĄnna agus gnĂ­omhaĂ­ochtaĂ­ iontacha faoi Cholm Cille agus Leabhar Cheanannais.

SĂĄrleabhar dathadĂłireachta faoi bheatha agus oidhreacht Cholm Cille.

https://ccea.org.uk/ colmcille/index.php

Cuir ceist faoi Éirinn

FĂ­seĂĄn Youtube faoi Cholm Cille.

BailiĂșchĂĄn d’fhĂ­seĂĄin faoi Cholm Cille agus Leabhar Cheanannais a rinne daltaĂ­ i nDoire.

www.tcd.ie/visitors/assets/ bok/education/book-ofkells-primary-teachersguide_updated-07-09-20. pdf

https://www.donegalcoco. ie/culture/heritage/ publications/

https://www.youtube.com/ watch?v=sl8q8fHriMw

https://www.youtube. com/playlist?list=PLTvQgtgMm8NlXdY8evnikLrzRS6HLMMxq

Áis ĂșsĂĄideach do dhaltaĂ­ le tuilleadh a fhoghlaim faoi Cholm Cille agus topaicĂ­ eile oideachasĂșla. http://www. askaboutireland.ie/ learning-zone/primarystudents/looking-atplaces/donegal/people-inhistory/saint-colmcille/

AINM ÁBHAR

SlĂ­ Cholmcille

IniĂșchadh ar

Oidhreacht

Cholm Cille

Áis iontach le tuilleadh a fhĂĄil amach faoi thaisteal agus faoi shuĂ­omhanna oilithreachta Cholm Cille i nDoire, i nDĂșn na nGall agus in Albain.

Eolas spĂ©isiĂșil faoi na hĂĄiteanna a bhfuil baint ag Colm Cille leo i nDoire agus i nDĂșn na nGall

AINM AN NAISC NÓ AN

tSUÍMH

BailiĂșchĂĄn na

Scol

Cartlann

Chontae

DhĂșn na nGall

Turas trĂ­na

Cheantar

DĂșchais

Ionad

Oidhreachta

Cholm Cille

SĂĄrbhailiĂșchĂĄn de scĂ©alta lĂĄmhscrĂ­ofa agus de bhĂ©aloideas a bhailigh daltaĂ­ bunscoile sna 1930idĂ­.

Áis ĂșsĂĄideach le haghaidh eolais faoi stair DhĂșn na nGall.

Tugann an treoir fuaime thĂș trĂ­ cheantar dĂșchais Cholm Cille.

Ionad oidhreachta ina n-insítear scéal Cholm Cille trí thaispeåntais léirmhínitheacha, scannån closamhairc agus macasamhlacha.

https://www.donegalcoco. ie/media/donegalcountyc/ heritage/pdfs/AUDIT%20 OF%20COLUMBAN%20 HERITAGE%20mid%20 res.pdf

https://www.duchas.ie/en/ cbes

https://www.donegalcoco. ie/culture/archives/

https://www. abartaheritage.ie/ archaeology-irish-historyaudio-books/

GartĂĄn

MĂ­n an LĂĄbĂĄin

Leitir Ceanainn Co. DhĂșn na nGall

Turn static files into dynamic content formats.

Create a flipbook
Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.