Croí na Gaeilge 1 - Leabhar an Mhúinteora - Sample

Page 1

T CCláHr CH IO LA S L MP SA

a r o e t in ú h M n a r a Leabh

í o r C 1 na e g l i e a G

d Bhliana a é h C a n Cúrsa isearach ó h S h t i a r don tS

s,

. re

m a ti o n

vid

e ourc s es

A ni

Croi TRB sample.indd 1

EE digital FR r

.

Pearse Ahern Megan O’Connor

eos and m

o

16/03/2021 15:07


An Chéad Chló 2021 An Comhlacht Oideachais Bóthar Bhaile an Aird Baile Bhailcín Baile Átha Cliath 12 www.edco.ie Ball den Smurfit Kappa ctp © Pearse Ahern, Megan O’Connor, 2021 Gach ceart ar cosaint. Ní ceadmhach aon chuid den fhoilseachán seo a atáirgeadh, a stóráil i gcóras aisghabhála ná a tharchur ar aon mhodh nó slí, bíodh sin leictreonach, meicniúil, bunaithe ar fhótachóipeáil, ar thaifeadadh nó eile gan cead a fháil roimh ré ón bhfoilsitheoir nó ceadúnas a cheadaíonn cóipeáil shrianta in Éirinn arna eisiúint ag Gníomhaireacht um Cheadúnú Cóipchirt na hÉireann, 63 Sráid Phádraig, Dún Laoghaire, Baile Átha Cliath. Dearadh agus clúdach: EMC Leagan amach: Carole Lynch Eagarthóir: Alicia McAuley Léitheoir profaí: Annemarie Nugent Íomhánna: Shutterstock: Keisuke_N, PanyaStudio, Hidayet Mamedov, smolaw, New Africa, Evikka, Tarzhanova, NYS, kwanchai.c, M.KOS Nóta buíochais Ba mhaith leis na húdair buíochas a ghabháil le Dympna Barrett agus le Séin Ó Maonaigh as a gcuid oibre sa leabhar seo.

Croi TRB sample.indd 2

16/03/2021 15:07


Clár

Clár Croí na Gaeilge 1 agus Gaeilge na Sraithe Sóisearaí

Measúnú

Pleanáil – do threoir!

Aonad 1: An Scoil

Aonad 2: Mé Féin

Aonad 3: Mo Theaghlach agus Mo Chairde

Aonad 4: M’Áit Chónaithe

Aonad 5: Mo Cheantar

Aonad 6: Caitheamh Aimsire

Aonad 7: An Ghaeilge

Aonad 8: Spórt agus Sláinte

Pleanáil roinne

6

Pleanáil múinteora

Pleanáil roinne

Pleanáil múinteora

Pleanáil roinne

Pleanáil múinteora

Pleanáil roinne

Pleanáil múinteora

Pleanáil roinne

Pleanáil múinteora

Pleanáil roinne

Pleanáil múinteora

Pleanáil roinne

Pleanáil múinteora

Pleanáil roinne

Pleanáil múinteora

3

Croi TRB sample.indd 3

16/03/2021 15:07


Croí na Gaeilge 1

Clár Gramadach

Litríocht

Scríbhneoireacht

Foclóir Gaeilge–Béarla

Scrúduithe Aonad 1: An Scoil

10

Aonad 2: Mé Féin

Aonad 3: Mo Theaghlach agus Mo Chairde

Aonad 4: M’Áit Chónaithe

Aonad 5: Mo Cheantar

Aonad 6: Caitheamh Aimsire

Aonad 7: An Ghaeilge

Aonad 8: Spórt agus Sláinte

Scrúdú Téarmach 1

Scrúdú Téarmach 2

Scrúdú Téarmach 3

Freagraí Aonad 1: An Scoil

14

Aonad 2: Mé Féin

Aonad 3: Mo Theaghlach agus Mo Chairde

Aonad 4: M’Áit Chónaithe

Aonad 5: Mo Cheantar

Aonad 6: Caitheamh Aimsire

Aonad 7: An Ghaeilge

Aonad 8: Spórt agus Sláinte

Gramadach

Scrúduithe téarmacha

4

Croi TRB sample.indd 4

16/03/2021 15:07


Clár

Tras-scríbhinní Aonad 1: An Scoil

Aonad 2: Mé Féin

Aonad 3: Mo Theaghlach agus Mo Chairde

Aonad 4: M’Áit Chónaithe

Aonad 5: Mo Cheantar

Aonad 6: Caitheamh Aimsire

Aonad 7: An Ghaeilge

Aonad 8: Spórt agus Sláinte

Teimpléid

5

Croi TRB sample.indd 5

16/03/2021 15:07


Croí na Gaeilge 1

Aonad 1: An Scoil Pleanáil roinne Bliain:

An chéad bhliain

Fad an aonaid:

4–5 seachtaine

Torthaí foghlama Cumas cumarsáide

Feasacht teanga agus chultúrtha

Féinfheasacht an fhoghlaimeora

1.2, 1.8, 1.12, 1.14, 1.19, 1.25

2.3

3.4, 3.6

Téacsanna féideartha

Scagadh agus réamhrogha na roinne Gaeilge Téacs litríochta Teideal: Scoil an Chnoic le Jacqueline de Brún (An Gúm, 2007)

Seánra: Mír as úrscéal

Téacsanna tacúla eile Téacs litríochta (rogha eile*):

‘An Gabhar sa Scoil’ (dán) le Seán Mac Fheorais (le fáil ag seomraranga.com). * Níl ach moladh i gceist anseo. Is féidir le do roinn téacs litríochta eile a roghnú agus sibh ag cruthú bhur n-aonad foghlama féin.

Téacsanna eile: • •

• •

‘Dán le Dáibhí’ le Dáibhí Dána (lch 5) Léamh: Dán le Dáibhí (lch 5), 4 O’Clock Club (lch 6), Clár ama don chéad bhliain (lch 17), Bialann Barry (lch 21), Próifílí daltaí (lch 24) Éisteacht (lgh 11, 12, 13, 15, 23, 27) Cleachtaí gramadaí comhthéacsúla (léaráidí gramadaí mar chabhair): An aidiacht shealbhach (lch 7), Cúinne na gramadaí (lch 7), Tá & Is – an chéad bhabhta (lch 10), Na bunuimhreacha (lch 14), Na briathra rialta agus neamhrialta san aimsir láithreach (lgh 18, 22), Aistriúchán (lch 25)

Acmhainní digiteacha: • • •

• • • • 6

ncca.ie/ga/an-tsraith-sh%C3%B3isearach/meas%C3%BAn%C3%BA-agus-tuairisci%C3%BA/ d%C3%ADri%C3%BA-ar-an-bhfoghlaim/ jct.ie/leagangaeilge/gaeilge/gaeilge_ga edco.ie/croinagaeilge1 — Seiceáil isteach/amach (lgh 3, 31)* — Suíomh gréasáin an dalta agus ábhar ar Quizlet le gníomhaíochtaí gramadaí agus gníomhaíochtaí teanga atá idirghníomhach agus tráth na gceist (lch 3) — Gearrthóg bheochan le bileog oibre – ‘Stór focal: An seomra ranga’ (lch 15) — Gearrthóg bheochan le bileog oibre – ‘Niall de Paor: Mo sheomra ranga’ (lch 15) — Cur i láthair PowerPoint – Gramadach (lch 23) — Cur i láthair PowerPoint – Litríocht (lch 26) — Cur i láthair PowerPoint – Stór focal (lch 28) — Comhrá ar fhíseán le bileog – ‘An Scoil’ (lch 31) * Déantar tagairt de na hacmhainní digiteacha ar fud an téacsleabhair. ceacht.ie/sites/default/files/blas_comhraite_agus_cleachtai.pdf tg4.ie/ga/brandai-eile/foghlaim/ceachtanna/an-scoil/ molsceal.ie/toradh/alt/?CID=5817571405001&search=Scoil • ceacht.ie • twinkl.ie wordwall.net • quizlet.com • kahoot.com • abair.ie • teanglann.ie • focloir.ie • potafocal.ie

© An Comhlacht Oideachais

Croi TRB sample.indd 6

16/03/2021 15:07


Aonad

Fís don fhoghlaim san aonad Is é fócas an aonaid seo ná cúrsaí scoile. Rachaidh an dalta i muinín a scileanna teanga a fhorbairt agus a fheabhsú trí labhairt, idirghníomhú cainte, éisteacht, léamh agus scríobh. Bainfidh an dalta a c(h)uid foghlama amach ag a leibhéal cumais féin trí neart gníomhaíochtaí ábhartha: ceisteanna a thuiscint agus a chruthú, stór focal nua na scoile a láimhseáil i gceart agus spreagthaí éagsúla téacsanna a úsáid chun cur lena scileanna teanga.

Príomhdheis mheasúnaithe an aonaid:

Aonad 1: An Scoil

Cur síos imlíneach ar an bhfoghlaim:

1

Úsáidfear an téacs litríochta mar an túsphointe do leathnú amach an eolais, na scileanna, na tuisceana agus na luachanna. Beidh an phríomhdheis mheasúnaithe seo mar threoir don dalta maidir lena d(h)ul chun cinn san aonad – conas atá ag éirí leis/léi, aitheantas a thabhairt don turas foghlama atá á dhéanamh aige/aici agus féachaint chuig na gnéithe den fhoghlaim a gcaithfear dul i ngleic leo san am amach roimhe/roimpi. Sa téacsleabhar, tá noda do na deiseanna measúnaithe tríd an gcomhartha ‘Réamh-MRB’. Seo féidearthachtaí don phríomhdheis mheasúnaithe: 1 Véarsa d’amhrán a scríobh, ag úsáid mír an úrscéil Scoil an Chnoic mar spreagadh dó (lch 27). 2 Leathanach dialainne Sheáin Uí Sheáin as mír an úrscéil Scoil an Chnoic a scríobh. 3 Suirbhé a dhearadh agus a scaipeadh go digiteach (mar shampla, ar Google Forms) ag úsáid taithí Dháibhí Dhána (lch 5) ar scoil sa dóigh is go mbeidh gach dalta ar an eolas faoi rialacha na scoile nua. Beidh torthaí an tsuirbhé mar spreagadh do chur i láthair ranga. 4 Ról-imirt idir daltaí – duine amháin ag imirt ról an mhúinteora agus duine eile ag imirt ról Dháibhí Dhána. Is féidir cur leis an gcomhrá, ag brath ar na leibhéil chumais ag a bhfuil na daltaí. 5 Comhráite a scríobh amach ag eascairt ón téacs litríochta – amchlár an lá scoile, conas a thagann an dalta ar scoil, ábhair scoile an dalta, na hábhair gur maith/nach maith leis/léi. 6 Comhráite a chleachtadh go hidirghníomhach/le comhdhaltaí. 7 Taifead a thógáil/a dhéanamh de na comhráite.

Ag cruthú eispéiris foghlama

Féidearthachtaí i rith an aonaid foghlama Deiseanna foghlama féideartha: • • • • • • •

• • •

Úsáidfidh an dalta an Ghaeilge mar phríomhtheanga chumarsáide an ranga. Úsáidfidh sé/sí na ceistfhocail go nádúrtha chun cur lena c(h)umas idirghníomhaithe éifeachtaigh (lch 5). Úsáidfidh sé/sí an aidiacht shealbhach chun a chur in iúl gur leis/léi rud éigin (lch 7). Úsáidfidh sé/sí briathra rialta agus neamhrialta san aimsir láithreach chun cur síos ar a lá scoile (lgh 18, 22). Tuigfidh sé/sí úsáid chuí tá agus is. Beidh sé/sí in ann an fhoghlaim sin a chomhtháthú sa labhairt, san idirghníomhú cainte agus sa scríobh (lch 10). Beidh cur amach ag an dalta ar ainmfhocail fhirinscneacha agus bhaininscneacha (leabhar gníomhaíochta lch 12). Foghlaimeoidh sé/sí stór focal nua a thacóidh leis/léi scríobh agus labhairt faoin téama ‘An Scoil’ – cás pinn luaidhe (lch 7), éide scoile (lch 9), laethanta na seachtaine (lch 12), ábhair scoile (lch 13), na bunuimhreacha (lch 14), an seomra ranga (lch 15), seomra na ríomhairí (lch 28), rialacha na scoile (lch 28), léarscáil scoile (lch 29), na horduimhreacha (lch 29) agus mála scoile (leabhar gníomhaíochta lch 1) san áireamh. Éistfidh an dalta le foinsí éisteachta a bheidh ina n-ábhair spreagtha dá t(h)uilleadh dul chun cinn sna scileanna teanga (lgh 11, 12, 13, 15, 23, 27). Beidh deiseanna don idirphlé agus don idirghníomhú cainte i measc daltaí tar éis stór focal nua faoin téama ‘An Scoil’ a fhoghlaim (lgh 8, 11, 15, 20, 21, 27, 28). Beidh neart deiseanna ann chun machnamh a dhéanamh ar dhul chun cinn (lch 31).

© An Comhlacht Oideachais

Croi TRB sample.indd 7

7

16/03/2021 15:07


Croí na Gaeilge 1

Aonad 1: An Scoil Ag cruthú eispéiris foghlama (ar lean) Féidearthachtaí i rith an aonaid foghlama

Deiseanna measúnaithe foirmitheacha féideartha: Beidh na príomhdheiseanna measúnaithe seo mar threoir don dalta maidir lena d(h)ul chun cinn san aonad – conas atá ag éirí leis/léi, aitheantas a thabhairt don turas foghlama atá á dhéanamh aige/aici agus féachaint chuig na gnéithe den fhoghlaim a gcaithfear dul i ngleic leo san am amach roimhe/roimpi. Féach amach don nod sa téacsleabhar do na deiseanna measúnaithe foirmitheacha féideartha (cuid acu Réamh-MRB (prior practice for CBA) le teimpléid san acmhainn punainne (with templates in the portfolio resource)): 1 2 3 4 5 6

7

pictiúr a tharraingt den éide scoile ab fhearr leis an dalta

(drawing a picture of the school uniform the student would prefer) (lch 9) cur i láthair a dhéanamh ar shuaitheantas na scoile

(doing a presentation on the school crest) (lch 9)

cur i láthair a dhéanamh ar chlár ama an dalta agus ar a scoil nua (doing a presentation on the student’s timetable and new school) (lch 17) cur i láthair a dhéanamh ar ghaeloideachas sa cheantar (doing a presentation on Irish-medium education in the area) (lch 20) biachlár do bhialann na scoile a chruthú thar ceann Choiste na nDaltaí (creating a menu for the school canteen on behalf of the Students’ Council) (lch 21) tasc ealaíne a dhéanamh le tuiscint ar na briathra neamhrialta san aimsir láithreach a léiriú (doing an artistic task that will show understanding of the irregular verbs in the present tense) (lch 25) cleachtaí gramadaí comhthéacsúla sa téacsleabhar agus sa leabhar gníomhaíochta a dhéanamh (léaráidí gramadaí mar chabhair), mar shampla: (completing contextual grammar exercises in the textbook and in the activity book (grammar sheets as a help), including): • an aidiacht shealbhach (the possessive adjective) (lch 7) • idirdhealú idir tá agus is (the distinction between tá and is) (lch 10) • na briathra rialta san aimsir láithreach (regular verbs in the present tense) (lch 18) • na briathra neamhrialta san aimsir láithreach (irregular verbs in the present tense) (lch 22) • rialacha ginearálta a bhaineann le haithint ainmfhocal baininscneach agus firinscneach (general rules for identifying feminine and masculine nouns) (leabhar gníomhaíochta lch 12)

Machnamh na roinne Gaeilge ar rath an aonaid Roimh dhul i mbun teagaisc: (Before teaching:) 1 Cá bhfuil an dalta ag an bpointe seo ar a (h)aistear foghlama? Cad atáimid ag iarraidh go bhfoghlaimeoidh sé/sí? (Where is the student at this point of his/her journey of learning? What do we want him/her to learn?) 2 Cá mbeidh an dalta ag deireadh an aonaid foghlama? Cén t-eolas, cén tuiscint, cad iad na scileanna agus cad iad na luachanna a bheidh forbartha aige/aici? (Where will the student be at the end of the unit of learning? What information, understanding, skills and values will he/she have developed?)

8

© An Comhlacht Oideachais

Croi TRB sample.indd 8

16/03/2021 15:07


Aonad

Machnamh na roinne Gaeilge ar rath an aonaid (ar lean)

4

Conas a rachaidh an dalta chun cinn? Cad iad na hacmhainní, ha háiseanna agus na gníomhaíochtaí a thacóidh leis an teagasc agus leis an bhfoghlaim? (How will the student progress? What resources, tools of learning and activities will support the teaching and learning?) Cén chaoi a mbeidh a fhios againn go bhfuil dul chun cinn déanta ag an dalta? Conas is féidir linne nó leis an dalta a c(h)uid dul chun cinn ar an bhfoghlaim a mheas? Cad iad na chéad chéimeanna eile san aistear foghlama? (How will we know that the student has made progress? How can we or he/she assess learning progress? What are the next steps on the learning journey?)

Aonad 1: An Scoil

3

1

Ag deireadh an aonaid foghlama: (At the end of the unit of learning:) 1 Cad a d’fhoghlaim an dalta? Ar éirigh leis an bpleanáil a chuireamar i bhfeidhm? Ar tugadh suntas do ghuth an dalta? Ar thuig an dalta an nasc idir na hintinní foghlama agus na critéir ratha do gach aon tasc? An raibh an dalta rannpháirteach i ndearadh na n-intinní foghlama agus na gcritéar ratha? An raibh an dalta rannpháirteach i roghnú an téacs litríochta? Ar tharraingíomar nasc idir na torthaí foghlama a roghnaíodh agus na taisc mheasúnaithe? (What did the student learn? Did the planning we implemented succeed? Was the student’s voice taken into account? Did the student understand the link between the learning intentions and the success criteria for each task? Was the student involved in the design of the learning intentions and the success criteria? Was the student involved in the choice of literary text? Did we draw a link between the chosen learning outcomes and the assessment tasks?) 2 An bhfuil an dalta réidh chun an chéad chéim eile san fhoghlaim a thógáil? Cad iad na chéad chéimeanna eile a mbeidh sé/sí in ann tabhairt fúthu? (Is the student ready to take the next learning step? What are the next steps that he/she will be able to take?) 3 An ndearna an dalta an dul chun cinn a bhí beartaithe againn? Ar chothaigh na hacmhainní, na háiseanna agus na gníomhaíochtaí ar bhaineamar úsáid astu an fhoghlaim? Ar chuir na taisc mheasúnaithe an fhoghlaim a bhí sna torthaí foghlama chun cinn? (Did the student make the progress we had planned? Did the resources, the tools of learning and the activities which we used support the learning? Did the assessment tasks advance the learning implicit in the learning outcomes?) 4 An ndearnamar nó an ndearna an dalta monatóireacht ar a d(h)ul chun cinn? An raibh an cur chuige éifeachtach? Ar thugamar aiseolas dírithe dó/di? Ar thugamar deis don dalta machnamh ar a c(h)uid foghlama féin? Ar mhúineamar teanga an mhachnaimh dó/di? An bhfuil scil an mhachnaimh á forbairt aige/aici? (Did we or the student monitor his/her progress? Was the approach effective? Did we give direct feedback to him/her? Did we give the student an opportunity to reflect on his/her learning? Did we teach him/her the language of reflection? Is he/she developing the skill of reflection?) 5 Ar bhaineamar leas as an uirlis úsáide um measúnú mar acmhainn bhreise (i.e. na cúig leabhrán de chuid an CNCM dár teideal ‘Díriú ar an bhfoghlaim’: 1. Intinní foghlama agus critéir ratha 2. Ceistiú éifeachtach 3. Aiseolas foirmitheach 4. Scoláirí ag machnamh ar a gcuid foghlama 5. Torthaí foghlama?) (Did we use the assessment toolkit as an additional resource (i.e. the five booklets published by the NCCA, under the title ‘Focus on the learning’): 1. Learning intentions and success criteria 2. Effective questioning 3. Formative feedback 4. Students reflecting on their learning 5. Learning outcomes?)) Athchóirithe ó Michael Absolum, Clarity in the Classroom (2010), lch 192 (Adapted from Michael Absolum, Clarity in the Classroom (2010), p. 192)

© An Comhlacht Oideachais

Croi TRB sample.indd 9

9

16/03/2021 15:07


Croí na Gaeilge 1

Scrúduithe Aonad 1: An Scoil Ainm: _________________________ Aois: ____________ Dáta: ________________________ Ainm na scoile: ________________________________________________________________ Freagair na ceisteanna seo a leanas agus tú ag caitheamh súil siar ar an aonad seo. 1 Cad a dúirt an múinteoir? Meaitseáil gach abairt ón ngreille thíos leis an bpictiúr ceart. (10 marc) 1 Lámha suas má tá an freagra agat. 4 Dún an doras, le do thoil. 2 Suígí síos, le bhur dtoil. 5 Cas timpeall, más é do thoil é. 3 Cén t-am é?

A

B

A

C

B

D

C

E

D

E

_____/ 10

2 Cuir lipéid ar na héadaí scoile atá ag Seán agus Úna. (5 marc)

A

B

C

D

E

_____/ 5

3 Cé mhéad atá againn? Scríobh i bhfoirm focail cé mhéad de na rudaí seo atá luaite anseo. (10 marc) 1 6 stoca dhubha = 2 4 peann luaidhe dhaite = 3 2 cóipleabhar Ghaeilge = 4 5 fuinneog sa seomra = 5 1 mála scoile = 10

© An Comhlacht Oideachais

Croi TRB sample.indd 10

_____/ 10

16/03/2021 15:07


Aonad

1

4 Fíor nó bréagach? Léigh dialann Dhoireann agus cuir tic sa cholún ceart. (5 marc)

Scoil

1 Éiríonn Doireann ag a seacht gach Satharn.

Scrúdú – Aonad 1: An

Ar an Satharn ní éirím róluath. Fanaim sa leaba go dtí leathuair tar éis a naoi. Ansin éirím agus bíonn bricfeasta beag agam. Gléasaim féin agus faighim mo mhála spóirt. Téim ag traenáil leis Na Gaeil Óga ag leathuair tar éis a deich gach maidin Shathairn ar an bpáirc uile-aimsire in aice leis an scoil. Caithimid timpeall uair go leith ag traenáil, idir dhruileanna agus scileanna. Críochnaímid le cluiche gearr eadrainn féin. Bainim an-sult as an traenáil. Ní hamháin mar go bhfuilim ag éirí níos aclaí agus ag cur snas ar mo chuid scileanna, ach go bhfeicim mo chairde ar fad freisin. Téimid amach le chéile tar éis na traenála. Téimid go hIonad Siopadóireachta Ghleann na Life, nó áit eile mar sin.

2 Itheann sí bricfeasta beag tar éis di éirí. 3 Tá an pháirc uile-aimsire i bhfad amach ón scoil. 4 Baineann sí an-taitneamh as an traenáil. 5 Téann sí abhaile díreach tar éis bheith ag traenáil. _____/ 5

5 Cén seomra ina mbíonn na hábhair scoile seo ar siúl? Scríobh an t-ainm ceart. (10 marc)

An tsaotharlann

1 An eolaíocht 2 An corpoideachas 3 An tíreolaíocht 4 An ealaín 5 An mhata 6 Ríomhairí

_____/ 10

6 Cén t-am é? Scríobh an t-am isteach i bhfoirm uimhreacha agus focail. (20 marc)

3:00

Tá sé a trí a chlog.

1

2

3

© An Comhlacht Oideachais

Croi TRB sample.indd 11

11

16/03/2021 15:07


Croí na Gaeilge 1

Scrúduithe

4

5

6 _____/ 20

7 Athscríobh na habairtí seo san aimsir láithreach. (10 marc) 1 (Clois mé) na héin ag canadh gach maidin. 2 (Éirigh) Síle go moch ag an deireadh seachtaine chun dul ag rith. 3 (Bí) na buachaillí sin déanach ar scoil go minic. 4 (Ní téigh) Pádraig go dtí an phictiúrlann gach Aoine. 5 (An faigh) tú a lán obair bhaile?

_____/ 10

8 Cad atá sa seomra ranga? Cuir Gaeilge ar na habairtí seo. (10 marc) 1 The teacher’s desk is at the top of the class. 2 The shelf is under the window. 3 The rubbish bin is at the door. 4 The copybooks are on the shelf. 5 There is a computer at the top of the class, beside the teacher’s desk.

_____/ 10 12

© An Comhlacht Oideachais

Croi TRB sample.indd 12

16/03/2021 15:07


Aonad

1

9 Líon na bearnaí. (10 marc)

príomhoide

Banc focal comhrá isteach fiche

Freastalaíonn

10 Freagair na ceisteanna seo faoi chúrsaí scoile. (10 marc) 1 Cad is ainm do do scoil?

Scoil

_____/ 10

Scrúdú – Aonad 1: An

Tá Seán ina chónaí i mBaile an Chnoic. (1)_______________ sé ar an scoil áitiúil. Tá sé cliste agus taitníonn teangacha agus ealaín leis. Éiríonn sé go luath gach maidin agus fágann sé an teach roimh a hocht a chlog. Sroicheann sé an scoil de ghnáth thart ar cheathrú tar éis a hocht. Osclaíonn an (2)_______________ geata na scoile ag (3)_______________ tar éis agus ligeann sí do Sheán dul (4)_______________ sa bhialann. Tógann Seán leabhar amach le léamh agus suíonn sé ansin go dtí go dtagann a chairde isteach. Bíonn (5)_______________ breá acu le chéile ansin.

2 Ainmnigh cúig áis atá sa scoil seo. 3 Cé mhéad rang a mbíonn agat ar ghnáthlá scoile? 4 Cén t-ábhar is fearr leat agus cén fáth? 5 Cad iad na rudaí atá agat i do chás pinn luaidhe?

_____/ 10

Iomlán: _____/ 100

© An Comhlacht Oideachais

Croi TRB sample.indd 13

13

16/03/2021 15:07


Croí na Gaeilge 1

Freagraí

Moladh Beidh freagraí do na gníomhaíochtaí téacsleabhair ar fad, do na tascanna sa leabhar gníomhaíochta agus do na scrúduithe aonaid le fáil sa leabhar iomlán.

Aonad 1: An Scoil Téacsleabhar Meaitseáil (lch 4) A

B

C

D

E

F

5

4

1

2

6

3

Léamh (lch 5) 1 2 3 4 5

Chuaigh sé ar strae inné. Ghoid sé cupán tae. Ghoid sé an tae i lár an lae. Bhí. Is múinteoir í.

6 7 8 9 10

Rinne sé botún. Ní raibh. Fuair sé íde béil mar ghoid sé cupán tae. Thug an múinteoir, Bean Uí Shé, íde béil dó. Tá beirt sa dán.

Fíor nó bréagach? (lch 6) 1 = Bréagach, 2 = Fíor, 3 = Fíor, 4 = Bréagach, 5 = Fíor Tasc foclóra (lch 6) 1 2

student (junior) student (senior)

3 4

teacher principal

5

deputy principal

Cúinne na gramadaí (lch 7) 2 3 4 5

Chaill Síle a rialóir. Chuir mé m’aibhsitheoir ar an mbord. Ar chaill tú do phas bus sa pháirc inné? Shéid sé a shrón lena chiarsúr póca.

6 7 8

Chuireamar ár n-uillinntomhais ar an mbord don scrúdú. Stróic mé an leathanach le mo scriosán. Chuir sé barr ar a bpinn luaidhe le mo bhioróir.

5 6

carbhat stocaí

5 6 7 8

Tá dhá phéire bróg aici. Tá scairf amháin aici. Tá cúig phéire stocaí aici. Tá carbhat amháin aici.

Prios éadaigh Lisa (lch 8) 1 2

scairf cóta

3 4

léine geansaí

7 8

sciorta bróga

Idirghníomhú cainte (lch 8) 1 2 3 4

Tá cóta amháin aici. Tá geansaí amháin aici. Tá dhá sciorta aici. Tá trí léine aici.

Líon na bearnaí (lch 9) Liam 2 Tá carbhat liath ar Liam. 3 Tá geansaí glas ar Liam. 4 Tá bróga dubha ar Liam. 5 Tá bríste dúghorm ar Liam.

Lisa 1 Caitheann Lisa sciorta liath. 2 Caitheann Lisa bróga dubha. 3 Caitheann Lisa geansaí dearg. 4 Caitheann Lisa léine bhán. 5 Caitheann Lisa carbhat dubh.

Scríobh (lch 11) 1 2

Is dalta mé. Is maith liom mo rang.

3 4

Peadar is ainm dom. Is príomhoide mé.

5

Tá mé sa chlós.

Éisteacht (lch 11) 1 2 3

Is múinteoir é. Tá an geansaí gorm. Is duine cainteach é.

4 5

Tá an t-iasc san uisce. Is príomhoide iontach í.

Meaitseáil (lch 13) A

B

C

D

E

F

G

H

I

J

9

8

1

10

6

5

2

3

7

4

14

Croi TRB sample.indd 14

16/03/2021 15:07


Aonad

1

Éisteacht (lch 13) 2

3

4

5

Monica

Ciarán

Deirdre

Tom

Miguel

léarscáil fillteán cathaoireacha

7 8 9

Tasc foclóra (lch 15) 1 2 3

teilgeoir clog clár cliste

4 5 6

cás pinn luaidhe fógraí taisceadán

Scríobh (lch 15) 1 2 3 4

Tá ceithre thaisceadán sa seomra ranga. Feicim ceithre chathaoir. Feicim ceithre dheasc. Tá clog amháin ar an mballa.

5 6

Tá dhá chás pinn luaidhe ar bhord an mhúinteora. Tá ceithre fhillteán ar an tseilf.

5 6

clár cliste ríomhaire

Líon na bearnaí (lch 15) 1 2

léarscáileanna taisceadán

3 4

chás pinn luaidhe teilgeoir

7 8

clog fhillteán

n Scoil Freagraí – Aonad 1: A

1

Tasc foclóra (lch 16) 1 2

midday quarter

3 4

to midnight

5 6

after half an hour

Scríobh (lch 16) An clog 24 uair

An clog 12 uair

An t-am i bhfocail

1:15 r.n.

ceathrú tar éis a haon

00:00

12:00 r.n.

14:25

fiche a cúig tar éis a dó

Fíor nó bréagach? (lch 17) 1 = Fíor, 2 = Bréagach, 3 = Fíor, 4 = Fíor Scríobh (lch 17) 1 2

Is é an mhata é. Bíonn tíreolaíocht acu.

3 4

Bíonn rang dúbailte san eolaíocht acu ar an Máirt. Bíonn ríomhairí acu ar an gCéadaoin.

5 6

go brush

Tasc foclóra (lch 19) 1 2

eat get up

3 4

wait wake up

7

put/spend/wear/ throw

Picthuiscint (lch 19) 1

2

3

4

C

D

A

B

Meaitseáil (lch 19) gallúnach

doirteal

10

1

scáthán

leithreas

8

2

sconna

seampú

4

9

cith

tuáille

3

7

scuab fiacla

cíor

5

6

15

Croi TRB sample.indd 15

16/03/2021 15:07


Croí na Gaeilge 1

Scrúduithe

Croí 1 na Gaeilge

Cúrsa na Chéad Bhliana don tSraith Shóisearach Tugann leabhar an mhúinteora Croí na Gaeilge 1 gach tacaíocht duit chun do ranganna a phleanáil go héasca. Is acmhainn mhúinteoireachta é atá cuimsitheach agus éasca le húsáid.

Sa leabhar seo, gheobhaidh tú: • Treoir ar shonraíocht Ghaeilge na Sraithe Sóisearaí • Tacaíocht phleanála chuimsitheach, le treoir tiomnaithe san áireamh agus aonaid foghlama gur féidir a athrú do gach aonad • Treoir ar mheasúnú, le scrúduithe aonaid agus téarma san áireamh

• Freagraí iomlána do ghníomhaíochtaí an téacsleabhair agus an leabhar gníomhaíochta, agus do na scrúduithe • Tras-scríbhinní (scripteanna) do gach rian éisteachta/cluastuisceana • Teimpléid úsáideacha

ACMHAINNÍ DIGITEACHA Is féidir le múinteoirí rochtain a fháil ar ríomhleabhar idirghníomhach Croí na Gaeilge 1 ag www.edcolearning.ie, chomh maith le hacmhainní digiteacha saor in aisce, cosúil le: • Pleananna ceachta gur féidir athrú agus teimpléid chun cabhrú le pleanáil an mhúinteora • Na freagraí ar fad do na scrúduithe agus na gníomhaíochtaí • Rianta éisteachta/cluastuisceana le fáil ar líne • Tras-scríbhinní iomlána le fáil do gach rian éisteachta/cluastuisceana

An Comhlacht Oideachais

© An Comhlacht Oideachais

Croi TRB sample.indd 16

16/03/2021 15:07


Turn static files into dynamic content formats.

Create a flipbook
Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.