Nuacht Fhine Gall - Eisiúint 21 - Samhain 2021

Page 3

Pobal

Gairdíní Shackleton Ó ghlac sí seilbh ar Ghairdín Shackleton in 2017, tá Comhairle Contae Fhine Gall ag obair ar a athchóiriú d’fhonn an Gairdín a oscailt don phobal mar shócmhainn thábhachtach áitiúil, díol spéise do chuairteoirí agus sócmhainn turasóireachta i gceantar Bhaile Átha Cliath 15. Is éard a bhí i gceist leis na hoibreacha athchóirithe codanna móra de bhallaí an ghairdín a atógáil, uasghrádú a dhéanamh ar na cosáin agus athchóiriú a dhéanamh ar fhoirgnimh an ghairdín. Tá na hoibreacha mar chuid d’infheistíocht € 400,000 ó Chomhairle Contae Fhine Gall agus Fáilte Ireland. An 17 Meán Fómhair, d’oscail Méara Fhine Gall, an Comhairleoir Seána Ó Rodaigh, Gairdín Shackleton go hoifigiúil i láthair an Tánaiste, Leo Varadkar, TD, Comhairleoirí Contae Fhine Gall, baill an Oireachtais, Oibrithe Deonacha agus baill de Theaghlach Shackleton.

An Mhéara, Cllr Seána Ó Rodaigh agus Tánaiste, Leo Varadkar Ag an seoladh, dúirt Méara Fhine Gall, an Comh. Seána Ó Rodaigh: “D’oibrigh Comhairle Contae Fhine Gall, oibrithe deonacha Ghairdín Shackleton agus ár gconraitheoirí gan staonadh le cúpla bliain anuas d’fhonn na gairdíní áille seo a athchóiriú. Is cúis mhór áthais dom a bheith anseo inniu agus an méid

ollmhór oibre atá déanta leis an tionscadal seo a fheiceáil. Tá áthas orm a bheith in ann Gairdín Shackleton a oscailt go hoifigiúil inniu agus táim ag tnúth le cónaitheoirí agus cuairteoirí Fhine Gall a fheiceáil ag baint taitneamh as an áis iontach seo i gceantar Bhaile Átha Cliath 15 nuair a osclófar é don phobal. ” Tá réimse leathan plandaí neamhchoitianta agus coimhthíocha sna Gairdíní, atá taobh istigh de gharraí daingean 1.5 acra, lena n-áirítear bailiúchán tábhachtach d’ilbhliantóga luibheacha, a fhástar i gciumhsóga móra bláthanna. I rith na 1980idí, cuireadh na gairdíní san áireamh sa Good Gardens Guide agus bronnadh dhá réalta orthu. Is é seo an gradam is airde a bhronn Good Gardens Guide agus ní bhíonn le feiceáil ann ach na gairdíní is fearr in Éirinn agus sa Bhreatain Mhór.

Nuacht Fhine Gall Eagrán Uimh 21

Samhain 2021

3


Turn static files into dynamic content formats.

Create a flipbook
Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.