Nuacht Fhine Gall - Eisiúint 22 -Feabhra 2022

Page 1

Nuacht Fhine Gall

Eagrán Uimh 22 Feabhra 2022

BÍ DEARFACH AG CUR TÚS LEIS AN MBLIAIN

LAISTIGH

An Taoiseach curtha ar an eolas maidir le Tionscadail Ár mBaile Brigín le linn cuairte - Leathanach 3 Mhórtais an Gheimhridh Fhine Gall - Leathanach 11 Taisteal Gníomhach i bhFine Gall - Leathanach 14


Teachtaireacht an Mhéara Agus sinn ag cur tús le bliain nua, ba mhaith liom sláinte agus síocháin a ghuí ar gach duine sa bhliain amach romhainn. Ó toghadh mé mar Mhéara i mí an Mheithimh 2021 ba é an buaicphointe domsa an deis bualadh leis an oiread sin daoine aonair, grúpaí agus eagraíochtaí ar fud an Chontae, a chuireann go dearfach lenár bpobal. Is laochra neamhaitheanta iad na daoine seo i bhFine Gall agus ba mhaith liom buíochas a ghabháil leo as an méid a rinne siad le linn na tréimhse éiginnte seo. Sa bhliain amach romhainn, leanfaidh Comhairle Contae Fhine Gall ag tacú le gach duine inár bpobail agus srianta á gcur i gcrích de réir a chéile agus ag obair freisin ar Phlean Forbartha Fhine Gall 2023-2029, a chinnteoidh cáilíocht na beatha dár gcónaitheoirí agus a sholáthróidh áit bhríomhar ina gcuimhnítear ar agus ina gcuirtear luach ar gach duine a chónaíonn agus a oibríonn ann agus a thugann cuairt uirthi. Tá sé ríthábhachtach go ndéanaimid cúram dár sláinte agus dár bhfolláine agus ós rud é go bhfuil siúl agus rothaíocht chomh tábhachtach dár sláinte fhisiceach agus mheabhrach, leanann an Chomhairle ag cruthú deiseanna nua le haghaidh roghanna sláintiúla. Teastaíonn uainn go mbeadh éagsúlacht roghanna Taisteal Gníomhach agus gníomhaíochtaí amuigh faoin aer ag cónaitheoirí. Beidh an Chomhairle ag cur tuilleadh bonneagair nua siúil agus rothaíochta i bhfeidhm agus forbairt talún chun Taisteal Gníomhach agus maireachtáil shláintiúil a éascú agus tacaím féin agus mo Chomhchomhairleoirí go huile agus go hiomlán leis seo. D’fhonn an bonneagar agus na taitneamhachtaí i bhFine Gall a fheabhsú, rinne an fhoireann Taistil Ghníomhaigh agus Comhairleoirí rothaíocht i nDún Laoghaire agus lorg siad inspioráid ónár gcomhghleacaithe i gComhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin maidir lena mBealach Soghluaiseachta Cósta an-rathúil. Tá an scéim maoinithe féilte agus imeachtaí oscailte faoi láthair le hiarratas a dhéanamh go dtí an 4ú Feabhra 2022. Tá súil againn go dtabharfaidh an ciste seo spreagadh agus tacaíocht do ghrúpaí pobail imeachtaí nua a thabhairt don phobal i mbliana agus sinn ag déanamh cenagail lena chéile arís ar mhaithe le gliondar croí a spreagadh i saolta daoine. I measc na n-iliomad tionscadal a bhí an chomhairle ag obair air, bronnadh os cionn €25 milliún ar an bPlean Athnuachana “Ár mBaile Brigín” faoin gCiste Athghiniúna agus Forbartha Uirbeach. Bhí sé de phribhléid againn fáilte a chur roimh an Taoiseach Micheál Martin TD go Baile Brigín agus cuireadh ar an eolas é maidir lenár bpleananna forbartha chun lár an bhaile agus an cuan a fheabhsú. Níl dabht ar bith go mbeidh 2022 ina bliain níos dearfaí do chách. Tá neart le bheith ag súil leis agus táimid ag fanacht le fada leis seo, ach toisc go bhfuilimid in amanta gan fasach le fada, molaim d’aon duine a bhraitheann imníoch dul ar a luas féin agus iad ag filleadh ar a gcuid gníomhaíochtaí.

Teachtaireacht an Phríomhfheidhmeannaigh Is deacair a chreidiúint go bhfuil beagnach dhá bhliain ann ó thosaigh an phaindéim, agus tá dul chun cinn ollmhór déanta ag gach céim den bhealach inár gcomhrac chun muid féin agus ár bpobal a chosaint. Táim thar a bheith bródúil as gach duine ar fud an Chontae a sheas an fód agus a rinne a gcion féin. De réir mar a fhorbraíonn treoirlínte an rialtais, leanfaidh an Chomhairle ag cur seirbhísí ardchaighdeáin ar fáil dá saoránaigh agus ag déanamh dul chun cinn breise i go leor tionscadal leanúnach. Tá forbairt ar Acomhal Snugborough i mBaile Bhlainséir ar bun ó 2021 agus leanfar ar aghaidh ag déanamh dul chun cinn sna míonna amach romhainn. Is céim riachtanach é an tionscadal seo chun cabhrú le plódú a mhaolú agus feabhsuithe suntasacha a sheachadadh do choisithe, rothaithe, tiománaithe agus seirbhísí bus i gceantar Bhaile Átha Cliath 15. Táim an-bhródúil as gach a bhfuil bainte amach againn in 2021. Mar phobal leanamar orainn ag cloí lenár ndeacháil mar Chontae atá báúil don ghnó, sábháilte agus teaghlaigh-dhírithe le páirceanna áille, spás oscailte agus áiseanna do chách. Mar chuid dár n-iarrachtaí leanúnacha a bheith cuimsitheach do chách, chuir Comhairle Contae Fhine Gall isteach luascán cathaoir rothaí ag Páirc na Mílaoise, Baile Átha Cliath 15. Is é an “We-Go-Swing” an chéad cheann dá leithéid a cuireadh isteach in Éirinn agus cabhraíonn sé le páistí de gach cumas súgradh le chéile gan aon ghá leanaí a aistriú ó chathaoireacha rothaí. Le déanaí bhíomar mar chuid de chomhoibríocht le haghaidh feithiclí a bhfuil a ré caite, ag baint 130 tonna dramhaíola lena n-áirítear gluaisteáin, veaineanna agus leoraithe dumpáilte. Ní amháin go bhfuil dumpáil gránna, cuireann sí an fhiadhúlra agus an comhshaol i mbaol freisin. Tá ár n-ionaid athchúrsála in Inbhear Shoird agus Cúil Mhín oscailte ó Luan go hAoine agus fáiltíonn siad roimh do chuid dramhaíola le diúscairt ar bhealach sábháilte. Mar phobal is féidir linn go léir ár n-ithreacha agus ár n-uiscí a chosaint ó thruailliú dramhaíola. Leanann ár bhfoireann Taisteal Gníomhach ag gníomhú ar athrú comhshaoil ar fud an Chontae, agus iad ag dul ar aghaidh trí roinnt tionscadal, cosúil leis na tionscnaimh um oideachas rothaíochta agus uasghrádú bonneagair ‘Gear up for Training’ agus ‘Safe Routes to School’. Cuireann seoladh rothair seachadta eCargo le déanaí rogha eile ar fáil do ghnólachtaí Fhine Gall seachas mótarfheithiclí le haghaidh seachadtaí ceantair áitiúil. Guím bliain shábháilte agus lúchaireach oraibh go léir. Go raibh maith agat as an gcéad eagrán 2022 de Fingal News a léamh.

Táim ag tnúth le bheith ag obair leis an bpobal sna míonna amach romhainn. -Cllr Seána Ó Rodaigh 2 Nuacht Fhine Gall Eagrán Uimh 22 Feabhra 2022

-AnnMarie Farrelly


Bhaile Brigín

An Taoiseach curtha ar an eolas maidir le Tionscadail Ár mBaile Brigín le linn cuairte Cuireadh an Taoiseach Micheál Martin TD ar an eolas faoi Phlean Athghiniúna Ár mBaile Brigín nuair a thug sé cuairt ar an mbaile le haghaidh seoladh oifigiúil Institiúid Ceoil agus Amhrán na hÉireann. Agus é ar shiúlóid ó Mol Ár mBaile Brigín i gCearnóg Sheoirse go dtí Cuan Bhaile Brigín, taispeánadh An tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, Darragh O’Brien na suíomhanna le TD; An Comhairleoir Tony Murphy; An Taoiseach Micheál Martin TD An haghaidh roinnt Comhairleoir Grainne Maguire; agus Méara Fhine Gall, an Comhairleoir mórthionscadal athnuachana a fuair Seána Ó Rodaigh. maoiniú ón gCiste um Athghiniúint agus dtí an Trá agus an Cuan. Tugadh a bhainfidh, le tacaíocht ónár Forbairt Uirbeach (URDF) don an Taoiseach chomh maith go bpáirtithe leasmhara ar fad, Taoiseach, in éineacht leis an Aire Sráid na Cé, an Cuan agus an Trá lánacmhainneacht an bhaile Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus áit a ndéanfaidh breis is €11m de amach. Oidhreachta, Darragh O’Brien TD. thacaíocht URDF an limistéar ar an dá thaobh den Tarbhealach “Níl aon amhras orm ach go Labhair an Taoiseach agus Iarnróid a athrú ó bhonn. mbeidh Institiúid Ceoil agus an tAire faoin tionscadal Amhrán na hÉireann i gcroílár athnuachana €50m le Méara Tar éis an turais ghairid, dúirt an seo. Tá tábhacht áitiúil, réigiúnach Fhine Gall, an Comhairleoir Seána Taoiseach go raibh sé an-tógtha agus náisiúnta i gceist le Ceoláras Ó Rodaigh; An Comhairleoir Tony le pleananna na Comhairle don 400 suíochán a thógáil i mBaile Murphy; agus an Comhairleoir bhaile: “Bhí mé i mBaile Brigín Brigín. Bhí Comhairle Contae Grainne Maguire chomh maith cheana agus caithfidh mé a rá Fhine Gall i dteagmháil le IIMS le Príomhfheidhmeannach go bhfuilim an-tógtha leis an ón tús, agus tá ár nOifig Fiontair Chomhairle Contae Fhine Gall bhforbairt atá ar bun anseo. Áitiúil, ár bhFoirne Ealaíne & AnnMarie Farrelly; Stiúrthóir Tá Clár Athghiniúna Ár mBaile Imeachtaí dochreidte agus Éire Fiontraíochta Eacnamaíochta, Brigín fíor-spreagúil, agus sílim go Ildánach ag tabhairt tacaíochta Turasóireachta agus Forbartha n-osclóidh sé áilleacht nádúrtha don tionscadal. “ Cultúir Emer O’Gorman; agus iontach an cheantair seo agus an Ailtire Contae Fionnuala May. chósta agus an fhearainn phoiblí Dúirt Príomhfheidhmeannach Bhuail sé freisin le roinnt chun é sin a fheabhsú.” Chomhairle Contae Fhine Gall, d’fhoireann Chomhairle Contae AnnMarie Farrelly: “Ceadaíonn Fhine Gall atá ag obair ar an Dúirt Méara Fhine Gall, an bronnadh breis is €25m faoin tionscadal. Comhairleoir Seána Ó Rodaigh, gCiste Forbartha Athghiniúna go raibh áthas uirthi an áit Uirbigh do thionscadail i mBaile I measc na dtionscadal a a thaispeáint don Taoiseach Brigín don Chomhairle a cuid taispeánadh don Taoiseach bhí agus labhairt leis faoina bhfuil pleananna a chur chun cinn Croí na Sráide Móire, an limistéar beartaithe: “Fuair tionscadal chun lár baile agus ceantar cuain aon heicteár de spás nádúrtha athnuachana ‘Ár mBaile Brigín’ athraithe a sheachadadh. Bhí sé glas ar feadh na hAbhann borradh suntasach anuraidh iontach an deis a bheith againn Duibhe a bheidh, le cabhair de le faomhadh de bhreis is an dul chun cinn atá déanta ar bheagnach €7m de mhaoiniú €25 milliún i Maoiniú URDF. chúrsaí ó bronnadh an maoiniú URDF, le hathrú go Conair Ghlas Tá an baile le hathchóiriú trí orainn i mí an Mhárta seo caite a a nascann Páirc Loch an Mhuilinn infheistíocht de níos mó ná €50 thaispeáint don Taoiseach agus le lár Bhaile Brigín agus ag dul go milliún le fís uaillmhianach nua don Aire.”

Nuacht Fhine Gall Eagrán Uimh 22 Feabhra 2022

3


Operations An chéad fhód bainte mar chuid de thionscadal Bhóthar Ceangail Ghort an Teampaill agus Gréasán Rothaíochta i Mullach Eadrad Cuireadh an chéad chéim de thionscadal tógála an bhonneagair nua ag láithreán Ghort an Teampaill i Mullach Eadrad i gcrích, tráth ar bhain Meára Fhine Gall, an Comhairleoir Seána Ó Rodaigh, an chéad fhód. Cruthóidh Bóthar Ceangail agus Gréasán Rothaíochta Ghort an Teampaill nascacht nua a éascóidh forbairt Mháistirphlean Ghort an Teampaill a bheidh mar bhonn le saoráidí tithíochta, miondíola agus pobail a sholáthar a thacóidh le fás inbhuanaithe Mhullach Eadrad. Tá saoráidí siúil agus rothaíochta an bhonneagair á maoiniú ag an Údarás Náisiúnta Iompair. Le déanaí cheap Roinn Pleanála agus Bonneagair Straitéisigh Chomhairle Contae Fhine Gall Fox Building and Engineering Ltd chun Bóthar Ceangail agus Gréasán Rothaíochta Ghort an Teampaill a fhorbairt. Cuirfidh an conraitheoir tús leis na hoibreacha láithreáin an tseachtain seo chugainn agus táthar ag súil go mbeidh an ghné seo de phlean Ghort an Teampaill curtha i gcrích laistigh de 18 mí. Áirítear i dtionscnamh Mháistirphlean Ghort an Teampaill Chomhairle Contae Fhine Gall bonneagar iompair agus páirceanna nua a bheidh á mhaoiniú tríd an gCiste Tithíochta Inacmhainne, a bhfuil an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta freagrach as, a éascóidh beagnach 1,000 teach nua inacmhainne agus sóisialta a chur ar fáil ar an láithreán 37-heicteár seo atá faoi úinéireacht an phobail. Tá tús curtha cheana féin leis an obair a bhaineann le 67 teach a thógáil ar chuid de bhunachar talún Ghort an Teampaill nach bhfuil ag brath ar an mbóthar ceangail nua agus i dteannta leis an Méara nuair a thug sí cuairt ar an láithreán seo bhí An Tánaiste, Leo Varadkar TD, an tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, Darragh O’Brien TD, an tAire Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige, Roderic O’Gorman TD, Aire Stáit i Roinn an Taoisigh, Jack Chambers TD, mar aon le comhairleoirí agus comhaltaí eile den Oireachtas ó Bhaile Átha Cliath 15. Tá 20 teach sóisialta eile á dtógáil i láthair na huaire laistigh de bhunachar talún Ghort an Teampaill agus tá comhairliúchán poiblí á reáchtáil i láthair na huaire maidir le hiarratas pleanála Chuid 8 le haghaidh céim eile ina mbeidh 300 teach á dtógáil. Áireofar anseo 220 teach agus 80 árasán le meascán tionachta, 60% ceannach inacmhainne nó cíos costais agus 40% sóisialta. Beidh ceann de na chéad timpealláin ‘oiriúnach do rothaithe’ in Éirinn á fhorbairt mar chuid de thionscadal Bhóthar Ceangail Ghort an Teampaill, a bheidh oiriúnach d’úsáid chomhroinnte coisithe, rothaithe agus tiománaithe. Tógfar an timpeallán i lár bóthar nua a bheidh ag dul ó dheas ón áit a bhfuil an timpeallán faoi láthair ar Ascaill Damastown agus cruthófar nasc le hAscaill Radharc an Tobair. Áireofar ann freisin bonneagar leithscartha do rothaithe agus do choisithe feadh an dá bhóthar agus trí fhearann páirce atá taobh le Bóthar an Teampaill. Cuirfear rotharbhealach nua leis, a chruthóidh nasc idir Ascaill Damastown agus Timpeallán Bhóthar na hEaglaise agus Gaelscoil an Chuilinn agus Scoil Náisiúnta Ag Foghlaim le Chéile Bhaile an Phaoraigh ar Bhóthar Bhaile an Phaoraigh. Áireofar anseo trasbhealaí nua a thógáil ar gach géag den timpeallán atá ann cheana féin, rud a chiallóidh go mbeidh an áit níos sábháilte do mhic léinn ar mian leo a bheith ag siúl agus ag rothaíocht chun na scoile. Cúis áthais do Mhéara Fhine Gall, an Comhairleoir Seána Ó Rodaigh, go bhfuil tús curtha leis an tionscadal seo. Bhí an 4 Nuacht Fhine Gall Eagrán Uimh 22 Feabhra 2022

An Tánaiste, Leo Varadkar TD, Méara Fhine Gall, an Comhairleoir Seána Ó Rodaigh agus an tAire Tithíochta Darragh O’Brien méid seo a leanas le rá aici: “Is lá iontach é seo ó tharla tús a bheith curtha leis an obair ag Gort an Teampaill. Is ceantar bríomhar, óg agus éagsúil é Mullach Eadrad agus tá plean cruthaithe ag Comhairle Contae Fhine Gall le haghaidh Ghort an Teampaill a chothóidh pobal gníomhach ar cuid lárnach dá saol an Taisteal Gníomhach chuig na scoileanna, siopaí agus ionaid spóirt.” Bhí an tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, Darragh O’Brien TD, i láthair nuair a baineadh an chéad fhód, agus bhí an méid seo a leanas le rá aige: “Tá tús áite á thabhairt agam féin agus ag an Rialtas do thithe a chur ar fáil do dhaoine. Tá spriocanna uaillmhianacha sonraithe againn sa phlean Tithíocht do Chách agus is sampla iontach é forbairt Ghort an Teampaill den bhealach is féidir le gníomhaireachtaí cosúil le NTA, trí phleanáil chun cinn agus comhoibriú, a pháirtmhaoinigh an Bóthar Ceangail agus Gréasán Rothaíochta nua, le tacaíocht ón Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta agus ó Chomhairle Contae Fhine Gall, áit iontach a sholáthar do dhaoine le maireachtáil agus oibriú inti, agus ag an am céanna luach ar airgead a chinntiú i ndáil le caiteachas poiblí.” Bhí an méid seo a leanas le rá ag AnnMarie Farrelly, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall: “Is sampla é forbairt Ghort an Teampaill de chur chuige comhoibríoch tras-rannach atá á ghlacadh ag Comhairle Contae Fhine Gall i ndáil le forbairt ár mbunachar talún. Tá comhoibriú rathúil idir ranna éagsúla laistigh de Chomhairle Contae Fhine Gall agus le heagraíochtaí seachtracha cosúil leis an Údarás Náisiúnta Iompair ag tacú le fás inbhuanaithe Fhine Gall. “ Bhí an méid seo a leanas le rá ag Anne Graham, Príomhfheidhmeannach an Údaráis Náisiúnta Iompair: “Cúis áthais do NTA beagnach €6m a chur ar fáil do Chomhairle Contae Fhine Gall chun bonneagar siúil agus rothaíochta a mhaoiniú mar chuid de thionscadal Bhóthar Ceangail agus Ghréasán Rothaíochta Ghort an Teampaill. Cuirfidh an bonneagar seo ar chumas lucht cónaithe an phríomhcheantair forbartha seo i mBaile Átha Cliath 15 roghanna gníomhacha iompair a dhéanamh amach anseo agus is sampla iontach é seo de chomhoibriú trasghníomhaireachta agus pleanáil chomhtháite iompair agus talamhúsáide. Áireofar i dtionscadal Bhóthar Ceangail Ghort an Teampaill bonneagar leithscartha do rothaithe agus do choisithe, atá sábháilte agus mealltach, lena n-áirítear naisc le scoileanna sa cheantar.”


Oibríochtaí

Bóthar nua oscailte chun rochtain ar Fhine Gall D’oscail Méara Fhine Gall, Clr Seána Ó Rodaigh, An tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, Darragh O’Brien, TD, agus Ardmhéara Bhaile Átha Cliath, Alison Gilliland an síneadh úrnua ar Bhóthar Pholl an Bhalla go hoifigiúil. Tosaíodh ar thógáil an togra €12m, a bhí cómhaoinithe faoin gCiste Bonneagair Áitiúil um Sheachadadh Tithíochta a Ghníomhachtú (CBAST) i mí Feabhra 2020 agus cuideoidh se leis an líonra iompair áitiúil a fheabhsú go mór chomh maith le dul i ngleic leis na riachtanais tithíochta a bhfuiltear ag súil leis le déimeagrafach atá ag athrú go tapa sa chontae is óige in Éirinn.

Ardmhéara Bhaile Átha Cliath Alison Gilliland, an tAire Tithíochta Darragh O’Brien agus Méara Fhine Gall, an Comhairleoir Seána Ó Rodaigh

Cuireann an nascbhóthar nua agus acomhal uasghrádaithe, ar an teorainn idir Fine Gall agus Cathair Bhaile Átha Cliath, nasc díreach ar fáil go dtí Bóthar Dhroimní ó Bhaile Ghrífín agus is féidir rochtain níos fearr a fháil ar Bhóthar Mhaighne a ritheann chuig an imeallbhord gleoite ag Port Mearnóg agus an glasbhealach idir Baile Dúill agus Port Mearnóg. Cuideoidh sé seo brú tráchta sa cheantar a mhaolú, agus níos mó daoine ag bogadh go Fine Gall mar a thugann forbairtí cónaithe rochtain éasca ar an gcathair i dteannta stíl mhaireachtála shuaimhneach nua aimseartha le tránna gan mhilleadh agus páirceanna móra in aice láimhe.

Ciallaíonn críochnú an bonneagar bóthair ardchaighdeáin go bhfuil a thriú togra CBAST á sholáthar ag Fine Gall faoin gclár Éire a Aththógáil agus Bóthar Dáileora Dhomhnach Bat agus Uasgrádú Bhóthar Ráth Béil oscailte cheana féin. Tá Fine Gall ag tabhairt faoi chlár tithíochta uaillmhianach a chinnteoidh go gcuirfidh sé leis an líon tithíochta sóisialta, inacmhainne agus príobháidí ar fud an chontae, lena n-áirítear an ceantar cois cósta thart ar Bhaile Dúill agus Phort Mearnóg. D’fhógair an Comhairle le gairid go raibh sí chun thart ar €393m a infheistiú le haghaidh tithíochta le linn na chéad trí bliana eile, rud a chiallaíonn go mbeidh líon ard tithe á soláthar aici le meascadh cineálacha agus méideanna difriúla a bheidh oiriúnach do réimse líon tí éagsúla, lena n-áirítear seandaoine agus daoine eile le riachtanais tithíochta speisialta. Chomh maith leis sin cruthóidh sí réimse áiseanna pobail agus áiseanna eile chun ceantair iomlána bhríomhara a chruthú. Mar chuid den síneadh ar Bhóthar Pholl an Bhalla, tógadh droichead nua thar Abhainn na Maighne a bhfuil mar chuid den teorainn riaracháin idir Cathair Bhaile Átha Cliath agus Comhairle Contae Fhine Gall. Chun borradh a chur faoi Thaisteal Gníomhach sa cheantar, suiteáladh raon coisithe agus rothar faoin droichead agus cois abhainn chun ceangail a dhéanamh le cosáin atá curtha ar fáil ag daoine eile soir agus siar ón droichead.

Dúirt Méara Fhine Gall, Seána Ó Rodaigh: “Tá go leor le ceiliúradh faoi oscailt an lae inniu. D’oibríomar go crua chun a chinntiú nach amháin go rabhamar in ann sábháilteacht, amanna taistil, rochtain áitiúil agus ceangal a fheabhsú do gach úsáideoir bóithre, ach go gcuireann an togra taca faoinár mianta chun riachtanais tithíochta reatha agus sa todhchaí a bhaint amach sa cheantar, rud atá tábhachtach. Tá beagnach €400m geallta ag Finne Gall i dtreo pleananna a fhorbairt i gcomhair tuilleadh tithe le linn na chéad trí bliana eile, mar sin tá sé ríthábhachtach go bhfuil an bonneagar tacaíochta cearta mar seo i bhfeidhm chun go mbeimid in ann tithíocht a chur ar fáil dóibh siúd is mó gá sa phobal. Ag labhairt dó, dúirt Aire O’Brien: ‘”Tá ríméad orm a bheith páirteach san ócáid thábhachtach seo. Chuir mo Roinn maoiniú suntasach de €4.7m ar fáil tríd an gCiste Bonneagair Áitiúil um Sheachadadh Tithíochta a Ghníomhachtú (CBAST) chun an bóthar a thógáil. Is í aidhm CBAST ná soláthar bonneagar riachtanach a mhaoiniú chun gur féidir talamh criosaithe chun críche cónaithe a fhorbairt. “Bainfidh muintir Fhine Gall an-tairbhe as oscailt an tsínidh úrnua ar Bhóthar Pholl an Bhalla agus cuirfidh sé tuilleadh tógáil tithíochta ar fáil, rud éigin a bhfuil de dhíth orainn, gan amhras ar bith, anseo sa chontae is óige agus is mó fás.”chríochnaigh sé. Dúirt Ard Mhéara Bhaile Átha Cliath, Alison Gilliland: Is iontach an rud é an bonneagar tábhachtach seo a fheiceáil ar oscailt ar deireadh. Déanfaidh sé an ceangal idir ár dhá údarás áitiúla a fheabhsú go mór agus déanfaidh sé an stráice bóthair áirithe seo i bhfad níos sábháilte. Chomh maith leis sin cuireann sé deiseanna níos fearr ar fáil d’fhorbairt tithíochta a bhfuil géarghá leis. Ghlac Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath freagracht as na gnéithe cumarsáide tráchta den togra seo agus beidh ról aici i monatóireacht a dhéanamh ar na hacomhail chun sruth tráchta réidh a chinntiú.”

Nuacht Fhine Gall Eagrán Uimh 22 Feabhra 2022

5


Do Chomhairle

Stiúrthóir Nua Tithíochta agus Forbartha Pobail fógartha Tá sé fógartha ag Comhairle Contae Fhine Gall go bhfuil Robert Burns i mbun a ról mar Stiúrthóir Tithí-ochta agus Forbartha Pobail ón Luan, an 24 Eanáir. Beidh Robert freagrach as breis is 6,000 teach faoi úinéireacht na comhairle i bhFine Gall a bhainistiú agus maoirseacht a dhéanamh ar sholáthar 3,640 teach nua idir 2022 agus 2026 a bhfuil sé mar aidhm leo cuspóirí na Comhairle faoi phlean Tithíocht do Chách an Rialtais a chomhlíonadh. Chomh maith leis sin, déanfaidh sé maoirseacht ar fhorbairt pobail agus ar roinnt príomhsheirbhísí eile lena n-áirítear comhtháthú agus spórt. Tá neart taithí ag Robert agus roimhe seo bhí sé ag obair mar Stiúrthóir Seirbhíse Bonneagair agus Athrú Aeráide i gComhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin, áit a raibh sé freagrach as bonneagar, ríocht phoiblí, tionscadail a bhain le taisteal gníomhach agus gníomhú ar son na haeráide, a bhainistiú agus a sholáthar. Áiríodh anseo bealach soghluaisteachta cois cósta a fhorbairt mar aon le tionscadail athnuachana sráidbhaile in An Charraig Dhubh agus Dún Droma. Roimhe sin, chaith Robert tamall ag obair mar Innealtóir Sinsearach Feidhmiúcháin i gComhairle Contae an Chláir, sa Roinn Tithíochta. Tá Robert ag cur tús lena phost nua mar bhall d’fhoireann feidhmiúcháin na comhairle tráth a bhfuil €390 milliún curtha ar fáil d’Fhine Gall chun clár suntasach tithíochta a chur i gcrích faoi thionscnamh Tithíocht do Chách an Rialtais. Tá sé ag teacht i gcomharba ar Liam Burke, Stiúrthóir Gníomhach fhoireann Tithíochta agus Forbartha Pobail Fhine Gall ó mhí Bealtaine seo caite, tráth ar thug Margaret Geraghty aghaidh ar an Oifig Comhordúcháin um Sholáthar Tithíochta. Bhí an méid seo a leanas le rá ag Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall,

AnnMarie Farrelly, le linn di fáiltiú roimh an gceapachán: “Cúis áthais dúinn go bhfuil ar ár gcumas duine chomh cumasach le Robert a mhealladh go Fine Gall. Cabhróidh a thaithí agus saineolas suntasach leis an gcontae a chuid uaillmhianta maidir le soláthar tithíochta a chomhlíonadh agus go leor acmhainní pobail a fhorbairt a rachaidh chun tairbhe gach duine atá ag cur fúthu anseo, ag obair anseo agus gach duine a thugann cuairt ar an áit. “Chomh maith leis sin, is mian liom an deis a Robert Burns Stiúrthóir Tithíochta agus thapú chun buíochas a Forbartha Pobail ghabháil le Liam Burke as an bhfeidhm a threorú mbunachar talún ag Gort an agus as a shaineolas a roinnt Teampaill i mBaile Átha Cliath 15, linn le naoi mí anuas, tráth a Baile Mastún i nDomhnach Bat raibh sé freagrach as iarrachtaí agus Baile Hae in An Ros. na Comhairle déileáil le forbairt Céimí de chuid Ollscoil na tithíochta agus pobail, agus a Banríona, Béal Feirste é Robert, chinntiú go raibh ar chumas agus tá neart taithí aige ar a Fhine Gall a chuid cuspóirí a bheith ag obair mar innealtóir chomhlíonadh, i rith tréimhse a comhairleach agus chomh bhí thar a bheith dúshlánach.” maith leis sin d’oibrigh sé d’Iarnród Éireann áit ar dhírigh Bhí an méid seo a leanas le rá ag sé ar bhainistíocht tionscadail an Uasal Burns faoina ról nua: tionscadal bonneagair. Tá spéis “Am spéisiúil é seo le bheith ar leith ag Robert i dtithíocht, i gceannas ar cheann de na forbairt inbhuanaithe, iompar, príomhranna i bhFine Gall agus forbairt pobail, athnuachan bailte táim ag súil le ról lárnach a bheith agus sráidbhailte agus gníomhú agam i gcur leis an obair iontach ar son na haeráide. atá ar bun cheana féin. “Beidh spéis ar leith agam in obair a dhéanamh le pobail áitiúla agus le grúpaí páirtithe leasmhara chun cabhrú lena chinntiú ní hamháin go mbeidh tithíocht ar ardchaighdeán á tógáil ar fud an chontae, ach chomh maith leis sin, gur féidir linn clár láidir athnuachana agus forbartha a sholáthar a bheidh mar bhonn le comharsanachtaí a fheabhsú ar mhaithe le cónaitheoirí agus cuairteoirí araon.” I láthair na huaire, tá stoc de thart ar 6,000 teach á bhainistiú agus á chothabháil ag Fine Gall agus tá obair á déanamh ar fhorbairt na

6 Nuacht Fhine Gall Eagrán Uimh 22 Feabhra 2022

Created by Vector Market


Cistí

Ciste na Séadchomharthaí Pobail 2022 Ba sa bhliain 2020 a bunaíodh Ciste na Séadchomharthaí Pobail den chéad uair agus is éard atá i gceist leis go ndéantar infheistíocht inár n-oidhreacht sheandálaíochta luachmhar agus cabhraíonn an Ciste le húinéirí agus le caomhnóirí séadchomharthaí seandálaíochta iad a chosaint amach anseo chun tairbhe pobal agus an phobail. Is iad príomhaidhmeanna an Chiste seo séadchomharthaí seandálaíochta a chaomhnú, a chothabháil, a chosaint agus a chur i láthair. Éascóidh an Ciste an méid seo a leanas: •

cumasóidh sé oibreacha caomhantais a chur i gcrích ar shéadchomharthaí a mheastar atá suntasach agus a dteastaíonn tacaíocht uathu ar bhonn práinne;

spreagfaidh sé rochtain ar shéadchomharthaí agus feabhsóidh sé an chuma atá orthu;

cothóidh sé seasmhacht ár séadchomharthaí chun cur ar a gcumas déileáil le héifeachtaí an athraithe aeráide.

In 2021 leithdháileadh maoiniú luach beagnach €270,000 trí Chomhairle Contae Fhine Gall ar ocht dtionscadal lena n-áirítear oibreacha comhdhlúthaithe ag Caisleán Chaisleán Cnucha; deisíodh balla Reilig Chill Shalcháin agus cuireadh oibreacha cosanta i gcrích ag an láthair adhlactha i nGleann Abhainn an Bharda. Cuireadh roinnt suirbhéanna agus tuarascálacha innealtóireachta caomhantais i gcrích ag túir Cholmáin, Sord, eaglais i nDiméin Mhullach Íde, San Mearnóg agus San Caitríona agus Túrtheach an Roise, a úsáidfear mar bhonn le hoibreacha a gcuirfear i gcrích amach anseo agus chomh maith leis sin cuireadh iniúchadh seandálaíochta i gcrích bunaithe ar Leithinis Dhomhnach Bat-Phort Reachrann. Bhí an méid seo a leanas le rá ag Oifigeach Oidhreachta Fhine Gall, Christine Baker, ‘Tá breis is

na láithreáin agus séadchomharthaí a chosaint agus a chomhdhlúthú is deis atá ann freisin a chinntiú go bhfuiltear ag cur leis an méid atá ar eolas ag daoine fúthu agus go bhfuil an chuma atá orthu á feabhsú agus ar an tslí sin táthar ag cinntiú go bhfuil ár n-oidhreacht sheandálaíoch níos inrochtana do gach duine’. Tá Comhairle Contae Fhine Gall anois ag glacadh le hiarratais faoin dtrí shnáithe atá le cur i gcrích in 2022: 1. Tairgfidh Snáithe 1 deontais suas le €85,000 a bhfuil sé mar aidhm leo oibreacha deisithe agus caipitil a dhéanamh atá riachtanach le haghaidh caomhnú agus deisiú séadchomharthaí seandálaíochta 2. Tairgfidh Snáithe 2 deontais suas le €30,000 chun Pleananna/Tuarascálacha Bainistíochta Caomhantais a fhorbairt a bhfuil sé mar aidhm leo bearta a shainaithint le haghaidh caomhnú séadchomharthaí seandálaíochta agus chun rochtain phoiblí a fheabhsú. 3. Tairgfidh Snáithe 3 deontais suas le €30,000 chun bonneagar rochtana agus áiseanna léirléimh (lena n-áirítear fíorúil/ar líne) ag séadchomharthaí seandálaíochta a fheabhsú (lena n-áirítear beartas sláinte poiblí COVID 19) Ba cheart d’iarratasóirí nó grúpaí pobail ar úinéirí nó feighlithe séadchomharthaí iad an méid seo a leanas a dhéanamh: Foirm CMF-A thíos a chomhlánú (na rannóga ábhartha) Ráiteas Modha cuimsitheach a cheangal leis an iarratas an t-iarratas a sheoladh chuig: An tOifigeach Oidhreachta, Comhairle Contae Fhine Gall roimh an 15 Feabhra 2022

1200 láithreán agus séadchomhartha seandálaíoch i bhFine Gall. Ní hamháin gur deis é an ciste seo chun

Má tá aon cheist agat seol ríomhphost chuig an Oifigeach Oidhreachta   Christine.Baker@fingal.ie

Nuacht Fhine Gall Eagrán Uimh 22 Feabhra 2022

7


Cistí

Cuireann Fine Gall maoiniú ar fáil d’fhéilte agus d’imeachtaí 2022 Táthar ag súil go gcuirfidh an maoiniú – a bhreithneofar d’fhéilte agus d’imeachtaí a bheidh ar siúl i 2022 – borradh faoi ghrúpaí a thug aghaidh ar roinnt deacrachtaí agus dúshláin de dheasca paindéim an Choróinvíris. Tá traidisiún láidir sa Chontae maidir le himeachtaí agus féilte a óstáil, a mheallann go leor acu cuairteoirí ó lasmuigh d’Fhine Gall agus a thugann buntáiste suntasach don gheilleagar turasóireachta áitiúil mar thoradh. Dúirt Stiúrthóir Turasóireachta agus Forbartha Cultúrtha Fhine Gall, Emer O’Gorman: “Tá a fhios againn ní hamháin go mbaineann buntáiste eacnamaíoch le tacú le himeachtaí agus féilte ar fud Fhine Gall ach go gcuidíonn sé freisin le pobail a nascadh níos fearr agus saol daoine a shaibhriú. Beidh sé sin thar a bheith tábhachtach agus sinn ag iarraidh deireadh a chur leis na hamanta fíordhúslánacha a bhí le sárú againn agus sinn ag tnúth le féilire imeachtaí spreagúla chun taitneamh a bhaint astu an bhliain seo chugainn.” Tá trí shnáithe tacaíochta faoin bpacáiste airgeadais nua, gach ceann acu le leibhéal difiriúil maoinithe:

Snáithe 1: díreofar ar imeachtaí ar scála níos lú, a bheidh oiriúnach dóibh siúd a mheallfadh lucht féachana faoi bhun 1,000 duine. D’fhágfadh sin go gcuirfí uasmhéid de €4,500 ar fáil. Snáithe 2: le haghaidh imeachtaí níos mó a mheallann lucht féachana de níos mó ná 1,000 duine, agus tá cistí suas le €15,000 ar fáil. Snáithe 3: dírithe ar na grúpaí sin atá ag féachaint ar indéantacht agus inbhuanaitheacht fadtéarmach féile nó imeachta, agus deonaítear deontais suas le €7,500. Is féidir tuilleadh sonraí faoi na snáitheanna éagsúla atá ar fáil agus a bhfuil riachtanach agus iarratas á dhéanamh ar mhaoiniú ar fáil ar láithreán gréasáin na Comhairle: https://www.fingal.ie/ festivalandevents2022. Caithfidh iarrthóirí rathúla freastal ar mhodúl oiliúna Féile agus Imeachtaí Chomhairle Contae Fhine Gall (a bheidh ar fáil i Márta 2022) a chuimseoidh ábhair mar mhargaíocht, cumarsáid agus árachas, treoirlínte branda Chomhairle Contae Fhine Gall agus sláinte agus sábháilteacht. Is é an dáta deiridh d’iarratais ná 4 Feabhra 2022.

8 Nuacht Fhine Gall Eagrán Uimh 22 Eanáir 2022


Oibríochtaí

Dul Chun Cinn Acomhal Snugborough

Tá BAM Civil Ltd. ag obair le Comhairle Contae Fhine Gall ar Scéim Uasghrádaithe Acomhail Snugborough agus tá 10 mí caite acu anois i gclár conartha 24 mí. Tá an t-atreorú Draenála Séarachais Bhréan 1200mm críochnaithe againn. I mí Eanáir agus i mí Feabhra leanfaidh BAM ag bogadh na seirbhísí draenála agus fóntais atá ann faoi láthair thart ar Acomhal Bhóthar an Choireáin. Ceadóidh sé seo cósán nua agus lánaí rothar a thógáil thart ar an acomhal. Mar chuid den athailíniú ar Sheanbhealach Coisithe Bhóthar na Coirre Duibhe, suiteáladh an chéad struchtúr stuach réamhtheilgthe i mí na Nollag. Beidh sé seo mar chuid den athailíniú buan ar an Rampa ar an N3 nuair a bheidh sé críochnaithe. Críochnófar oibreacha píleála do na

structhtúir droichid nua sa tréimhse seo freisin. Déanfar gach obair ar bhunsraitheanna an droichid roimh shuiteáil an bhíoma droichid réamhtheilgthe i mí Aibreáin 2022. Críochnófar tógáil ballaí coinneála taobh le gualainn chrua amach an N3 sa tréimhse seo. Le haghaidh nuashonruithe rialta ar bhainistíocht tráchta de réir mar a athraíonn leagan amach chun freastal ar obair ar an láithreán tabhair cuairt le do thoil ar https://www.snugboroughinterchange.ie/

Nasc Fhine Gall

Tá fíoráthas ar Chomhairle Contae Fhine Gall Nasc Fhine Gall a fhógairt, ardán gréasáin agus fón póca saor in aisce atá deartha chun an sreabhadh faisnéise idir cónaitheoirí Fhine Gall agus a n-údarás áitiúil a fheabhsú. Le Nasc Fhine Gall is féidir leat: • Fanacht ar an eolas faoi obair Chomhairle Contae Fhine Gall • Úsáid a bhaint as ár n-eolaire gnó Fhine Gall • A bheith ar an eolas faoi cad atá ag tarlú lenár dTreoir Imeachtaí • Páirt a ghlacadh i suirbhéanna aiseolais Bronntar pointí ar do rannpháirtíocht ar Nasc Fhine Gall agus is féidir iad a thiontú ina mbronntanais agus ina ndearbháin le comhpháirtithe áitiúla Chomhairle Contae Fhine Gall. Coinnigh súil ar Fingal.ie agus cainéil meán sóisialta Chomhairle Contae Fhine Gall don dáta seolta oifigiúil, ag teacht níos déanaí i mbliana.

Nuacht Fhine Gall Eagrán Uimh 22 Feabhra 2022

9


Aeráid

8 Rún Éasca Aeráide na hAthbhliana Agus tú ag breathnú chun cinn ar 2022, cuir tús leis an mbliain nua trí roinnt athruithe simplí a dhéanamh ar do stíl mhaireachtála a chabhróidh leat a bheith neamhdhíobhálach don aeráid agus níos feasaí ó thaobh an chomhshaoil de. Seo 8 leid éasca a chabhróidh leat a bheith éiceabhách i do shaol laethúil. 1.

Laghdaigh do thomhaltas- Bealach tábhachtach amháin chun do lorg carbóin a laghdú ná do thomhaltas a laghdú. Má cheannaímid níos lú cuirimid cosc ar chruthú astuithe. Bíonn astuithe gáis cheaptha teasa iolracha i gceist le formhór na rudaí a cheannaímid sula bhfaighimid seilbh orthu, ó acmhainní uisce agus leictreachas á n-úsáid sa phróiseas táirgthe go dtí na hastaíochtaí gás ceaptha teasa a ghintear ar fud an phróisis iompair, ag críochnú leis an gcaoi a ndéantar an táirge a dhiúscairt nuair nach bhfuil siad úsáideach dúinn a thuilleadh.

2.

Bia atá fágtha a reo -In Éirinn táirgtear 1 milliún tonna de dhramhaíl bia gach bliain, sin a dhóthain dramhaíl bia a líonadh Páirc an Chrócaigh dhá uair go leith! Más féidir linn dramhaíl bia a chosc, trí reo nó trí bhéile a ullmhú, is féidir linn cabhrú leis an bhfigiúr sin a laghdú.

3.

Bíodh lá veigeatórach agat uair sa tseachtain -Bealach iontach éasca le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú ná do thomhaltas táirgí ainmhithe a laghdú, trí lá saor ó fheoil nó lá glasraí a bheith agat uair sa tseachtain. Is í an fheirmeoireacht feola agus déiríochta is mó a chuireann le hastuithe gás ceaptha teasa talmhaíochta ar fud an domhain, agus le méadú ar an daonra beidh éileamh ar na táirgí seo ag méadú freisin. Is féidir le laghdú tomhaltais cabhrú leis an éileamh méadaitheach a laghdú.

4.

5.

6.

Bain úsáid as buidéal uisce ath-inúsáidte- Gintear breis agus 1.5 milliún buidéil phlaisteacha in Éirinn gach seachtain. Tá tionchar comhshaoil ag táirgeadh plaisteacha agus is mó plaisteach i gcúrsaíocht is ea is mó truailliú plaisteach a bheidh ann, más rud é nach bhfuil sé athchúrsáilte.Tá níos lú plaisteach níos fearr dúinn agus don phláinéid, is réiteach é a bhfuil buntáiste ag gach taobh ann. Faigh muga taistil ath-inúsáidte- Gach uair a chloig in Éirinn déantar 22,000 cupán aonúsáide a dhiúscairt, sin suas le 200 milliún in aghaidh na bliana in Éirinn amháin. Ní féidir na cupáin seo a athchúrsáil agus tógann sé 30 bliain orthu lobhadh. Cuireann go leor caiféanna agus siopaí caife lascainí ar fáil do chustaiméirí a thugann a muga taistil féin leo, mar sin beidh tú ag sábháil airgid gach mí agus ag laghdú dramhaíl aonúsáide freisin. Seachain éadach aonuaire a cheannach- Tá an t-éileamh ar éadaí ag dul i méid gach bliain agus leis an scrios atá déanta ag an tionscal faisin. Astaíonn an tionscal faisin thart ar 10%

10 Nuacht Fhine Gall Eagrán Uimh 22 Feabhra 2022

de gháis cheaptha teasa domhanda agus éilíonn sé go leor uisce úr chun baill éadaigh a tháirgeadh, agus críochnaíonn cuid mhór den uisce seo mar fhuíolluisce truailleán. Dá lú éadaí a cheannaímid is ea is lú is gá a tháirgeadh. Ba chóir duit infheistíocht a dhéanamh in éadach ar ardchaighdeán nach mbíonn ort ceannach go minic. Is bealaí iontacha eile iad siopadóireacht i siopaí carthanachta, siopaí seanré agus malartú le cairde chun saolré éadaí a leathnú agus iad a choinneáil i gcúrsaíocht, cabhraíonn sé seo le tionscal an fhaisin a dhéanamh níos ciorclach agus cosc a chur le héadach aonuaire. 7.

Úsáid Níos Lú Fuinnimh- Faigh Trealamh Coigilte Fuinnimh sa Bhaile ar iasacht ó leabharlanna Fhine Gall. Forbraíodh an Fearas Coigilte Fuinnimh sa Bhaile chun cabhrú leat d’ídiú fuinnimh a thuiscint agus chun na réimsí is tábhachtaí de do theach le haghaidh uasghrádú fuinnimh a aithint. Tá cúig uirlis phraiticiúla agus sé chleachtadh ann a chabhróidh leat d’iniúchadh fuinnimh tí féin a dhéanamh agus na réimsí is éasca agus is éifeachtaí a aimsiú chun do chuid fuinnimh a laghdú.

8.

Do Lorg Carbóin a Ríomh- Labhair muid go leor faoi astuithe carbóin san alt seo agus más mian leat do lorg carbóin a mheas, téigh chuig: www. epa.ie/climate/calculators


Ionchuimsiú

Mhórtais an Gheimhridh Fhine Gall I ndiaidh an ratha a bhí ar an gcéad Fhéile Mhórtais, tá sé fógartha ag Comhairle Contae Fhine Gall go mbeidh sraith imeachtaí á seoladh i rith mhíonna an gheimhridh mar chuid d’Fhéile Mhórtais an Gheimhridh Fhine Gall. Tá na himeachtaí seo eagraithe chun tacú le pobal, cairde agus comhghuaillithe LGBTQ+ ar fud Fhine Gall. Tabharfar léargas ar aistear an mhórtais agus soláthrófar tacaíocht trí fhaisnéis a chur ar fáil ag tráth den bhliain atá an-uaigneach. Buaicphointe de Mhórtas an Valerie McAllorum Byrne, Jed Dowling, LBGTQ+ Bród Gheimhridh é nochtadh thaispeántas Bhaile Átha Cliath, Daniel Whooley, Leas-Mhéara, Ciaran grianghraf na Leabharlainne Náisiúnta Hudson agus Ger Robertson, seirbhíse óige Crosscare, dar teideal Living with Pride. Beidh an Eddie McGuinness Baile Átha Cliath agus AnnMarie Farrelly taispeántas le feiceáil i Sord ar dtús Príomhfheidhmeannach Fhine Gall. agus ansin Baile Bhlainséir i rith na roinnt seisiún faisnéise agus múscailte feasachta i chéad chéime de thuras náisiúnta. Tá íomhánna le suíomhanna tábhachtacha sa Chontae. Reáchtálfar feiceáil sa taispeántas - a léiríonn aistear an mhórtais an chéad imeacht in Ionad Pobail an Phléimeannaigh in Éirinn ó thús na 1990idí - a ghlac Chris Robson, ar an 25 Eanáir ag 11am agus beidh baill de Mhórtas an gníomhaí ceannródaíoch LGBTQ+ agus cearta Bhaile Átha Cliath, LGBTQ+ Éireann, Outcomers, sibhialta. Mórtas an Gharda Síochána agus baill den phobal Bhí an méid seo a leanas le rá ag Leasmhéara Fhine Gall, an Comhairleoir Daniel Whooley: “Cúis áthais dúinn gurb é seo an chéad suíomh atá chun an taispeántas iontach Living with Pride a óstáil. Tugtar léargas sna híomhánna ar chrógacht, díograis agus clisteacht ghníomhaithe LGBTQ+ le linn dóibh troid ar mhaithe le comhionannas do chách ar fud na hÉireann a chur chun cinn agus a chomhlíonadh agus tús a chur leis an bpróiseas a bhain le díchoiriúlú na hómaighnéasachta. Is meabhrúchán iontach é ar an tábhacht a bhaineann le hionchuimsiú inár gContae, Contae atá thar a bheith ilghnéitheach.” I rith mhí Eanáir agus mhí Feabhra 2022, reáchtálfar

LGBTQ+, a gcairde agus comhghuaillithe ag tacú leis an imeacht. Reáchtálfar seisiúin eile mar seo a leanas:

An 8 Feabhra 11am – 12.30pm Ionad Pobail an Teachín, Lusca. An 15 Feabhra 1 1 a m – 1 2 . 3 0 p m Leabharlann Shoird An 22 Feabhra 11am – 12.30pm L e a b h a r l a n n Bhaile Bhlainséir Bhí an méid seo a leanas le rá ag Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall, AnnMarie Farrelly: “Cúis áthais gur éirigh linn cur leis an rath a bhí ar chéad imeacht Mhórtas Fhine Gall trí thacaíocht bhreise a sholáthar agus maidineacha tae agus caife a reáchtáil mar chuid de chlár Mhórtas an Gheimhridh. Tá an Chomhairle tiomanta do thacú leis an bpobal LGBTQ+, go háirithe i rith tréimhsí uaigneacha, agus cabhróidh na seisiúin buail isteach seo go mór lenár bpobal.” Mar chuid d’fheachtas Mhórtas an Gheimhridh, cuirfear bratacha Mórtais ar an 33 ionad pobail a bhfuil Fine Gall ag tacú leo agus ar na deich leabharlann sa Chontae. Tabhair cuairt ar: www.fingal.ie/integration

Memorial Quilti

Nuacht Fhine Gall Eagrán Uimh 22 Feabhra 2022 11


URBACT Gach aoisghrúpa ag glacadh páirte chun an tionscnamh nua Let’s Play a sheoladh sa Ros Lainseáladh Let’s Play An Ros le príomhimeachtaí a bhí dírithe ar chultúr spraíúil a fhorbairt ar an mbaile. Sa tionscnamh AE seo, roineann an Líonra Aistrithe URBACT in Éirinn dea-chleachtas maidir le forbairt uirbeach inbhuanaithe idir cathracha agus bailte, agus An Ros mar cheann de chúig bhaile atá ag foghlaim deachleachtais ó Chorcaí maidir le conas gníomhaíochtaí súgartha agus placemaking a fhorbairt.

An Clr. Robert O Donoghue, Leabharlannaí Amy Hanley, Comhairle Pobail an Ros Brian Doherty, Allison Bosonnet, Bricks 4 Kids, An Clr. Brian Dennehy, Brendan O Reilly, Bailte Slachtmhara an Ros, Aoife Sheridan agus Janette Scott, Fine Gall

Mar chuid den tionscnamh, d’óstáil Leabharlann an Rois seisiúin tógála Lego do leanaí idir 4 - 12 bliana d’aois. Faoi stiúir Brick4Kidz, thug na seisiúin súgartha lasmuigh ómós d’oidhreacht bradach an bhaile. Eagraíodh an ócáid le cabhair ó Chomhairle Pobail an Rois agus Tidy Towns an Rois. Rinne Ionad Pobail an Rois iarracht cabhrú le seanóirí an bhaile a gcuid cruthaitheachta a fháil amach le seisiúin phéintéireachta a chuir an t-ealaíontóir John Carpenter ar fáil.

Mhaoinigh Creative Ireland na himeachtaí agus d’eagraigh Grúpa Áitiúil URBACT Let’s Play An Ros (ULG) a dtagann a mbaill ón gComhairle, Comhairleoirí Áitiúla, Comhairle Pobail an Rois, Tidy Towns an Rois, LCDC Fhine Gall, CYPSC Fhine Gall agus Healthy Ireland. Dúirt an Comhairleoir Brian Dennehy, Cathaoirleach ULG an Rois: “Is deis iontach a bheidh inár rannpháirtíocht sa tionscnamh URBACT seo chun gníomhaíochtaí súgartha agus placemaking a thabhairt

isteach agus a fhorbairt ar an mbaile. Tá ULG an Rois ag súil roinnt imeachtaí agus tionscadal a reáchtáil i rith na bliana seo chugainn, ag tabhairt súgartha chun tosaigh do dhaoine de gach aois sa Ros agus ag baint leasa as eolas ár gcomhpháirtithe sa líonra URBACT.’’ Dúirt Brendan O’Reilly, Cathaoirleach Tidy Towns an Rois: “Tá lúcháir orainn a bheith ag obair le Comhairle Pobail an Rois agus le Comhairle Contae Fhine Gall chun an tionscnamh URBACT seo a thabhairt isteach sa Ros trí shraith imeachtaí agus tionscadal a bhaineann leis an bParáid Súgartha. D’éirigh go hiontach lenár gcéad dhá imeacht Dé Sathairn 20 Samhain, agus óige agus seanóirí 2021 an bhaile páirteach ann.’’ Dúirt Aoife Sheridan, Oifigeach Feidhmiúcháin Sinsearach, an Roinn Eacnamaíochta, Fiontair, Turasóireachta agus Forbartha Cultúir, Comhairle Contae Fhine Gall: Dúirt Aoife Sheridan, Oifigeach Feidhmiúcháin Sinsearach, an Roinn Eacnamaíochta, Fiontair, Turasóireachta agus Forbartha Cultúir, Comhairle Contae Fhine Gall: “Tá an Chomhairle ar bís a bheith páirteach sa dara tionscnamh URBACT, agus tá Baile Brigín páirteach cheana sa Líonra Iplace. Neartaíonn na líonraí seo naisc Fhine Gall leis an Eoraip agus tugann siad deis don Chomhairle ceachtanna dea-chleachtais a fhoghlaim óna comhpháirtithe. Is é a bheidh i gceist le Let’s Play an Rois ná gníomhartha ar scála beag a chur i bhfeidhm sa Ros agus caidrimh chomhoibritheacha a thógáil le páirtithe leasmhara pobail chun na deiseanna súgartha ar an mbaile a mhéadú agus chun an úsáid phoiblí a bhaintear as tránna, páirceanna, leabharlann, amharclann, clóis súgartha, faiche an bhaile spásanna agus cuanta a uasmhéadú.’’ Le haghaidh tuilleadh eolais faoi URBACT téigh chuig: https://urbact.eu/playful-paradigm-0

12 Nuacht Fhine Gall Eagrán Uimh 22 Feabhra 2022


Na hEalaíona Scríbhneoirí Áitiúla Fine Gall a roghnaíodh do Chlár Náisiúnta Meantóireachta Words Ireland Programme Chuaigh an Oifig Ealaíona de chuid Chomhairle Contae Fhine Gall i gcomhpháirtíocht le Words Ireland le haghaidh deiseanna forbartha gairmiúla a chur ar fáil chun tacú le scríbhneoirí Fhine Gall tríd an gClár Meantóireachta Náisiúnta de chuid Words Ireland. Tá ceathrar scríbhneoirí áitiúla, Niamh Donnelly, Mark Kielty, Shauna Smullen agus Lisa Walsh roghnaithe ag Words Ireland chun meantóireacht liteartha ghairmiúil a fháil sna hocht mí amach romhainn ó scríbhneoir cáiliúil as Éirinn dá rogha féin. Tar éis gairm náisiúnta a dhéanamh, roghnaíodh os cionn 40 scríbhneoir as 339 n-iarratasóir san iomlán. Mhaoinigh Oifig na Ealaíne de chuid Chomhairle Contae Fhine Gall an mheantóireacht liteartha in éineacht le Comhairle Ealaíon na hÉireann chun a chinntiú go roghnófaí na hiarratasóirí is fearr ón gcontae. Cinnteoidh a dtacaíocht go bhfaighidh na meantaithe roghnaithe an tacaíocht seo a d’fhéadfadh athrú saoil a dhéanamh saor in aisce dóibh. Is infheistíocht í freisin i gcáil liteartha fadtéarmach an réigiúin. Dar le Emer O’Gorman, Stiúrthóir na Seirbhísí, “Mar chuid de thiomantas leanúnach Chomhairle Contae Fhine Gall d’ealaíontóirí gairmiúla, bhí áthas orainn dul i gcomhpháirtíocht le Words Ireland sa bhliain 2021 le haghaidh deiseanna meantóireachta a chur ar fáil chun tacú le scríbhneoirí Fhine Gall i bhforbairt a gcuid ceird. Mar gheall ar mhéadú an éilimh ar an deis seo, roghnaíodh ceathrar faighteoir i mbliana agus creidim go rachaidh an deontas seo chun leasa suntasacha dóibh.” Is léir óna gcuid tuairimí lena n-áirítear na rudaí a chiallaíonn a leithéid do na scríbhneoirí a roghnaíodh, ina measc Mark Kielty: “Táim an-bhuíoch as glacadh liom ar an gclár agus as an deis mo chuid oibre a fhorbairt faoi shár-threoir mo mheantóra Oisin McGann”; agus Niamh Donnelly: “Chabhraigh mo mheantóir Ferdia MacAnna go mór liom maidir le cad a bhí á iarraidh agam a dhéanamh le mo chuid oibre a thuiscint agus conas a leithéid dhéanamh. Ach níos tábhachtaí fós, thug sé an muinín dom díriú ar bharr an fheabhais. Sílim ó chroí gurb é seo ceann de na scéimeanna tacaíochta ealaíontóirí is fearr atá ann.” Dúirt Lisa Walsh: “Táim an-bhuíoch as an meantóireacht a bronnadh orm ag Words Ireland, a thugann an deis dom a bheith faoi theagasc scríbhneoir chomh cumasach leis an údar agus file Elaine Feeney. Buíochas mór le Comhairle Contae Fhine Gall as a cuid tacaíochta.” Agus dar le Shauna Smullen: “Trí maoiniú

flaithiúil Chomhairle Contae Fhine Gall ar an deis seo, táim thar a bheith sásta a bheith in ann obair le Joanna Walsh, scríbhneoir a bhfuil ardmheas agam uirthi le fada. Ní amháin go dtugann an mheantóireacht seo deis ama agus spáis dom le haghaidh scríbhneoireacht nua a fhorbairt, ach tugann sí aird agus aitheantas do mo chuid saothar cruthaitheacha chomh maith..” Séard atá sa phróiseas meantóireachta ná ceithre chruinniú idir an meantaí agus an scríbhneoir gairmiúil a roghnaíonn sé. Léann an meantóir suas le 10,000 focal de scríbhneoireacht an mheantaí roimh gach crinniú, agus ansin roinneann sé a chuid aiseolais agus comhairle chriticiúil dianshaothraithe. Tá súil againn go rachaidh na meantaithe roghnaithe ar aghaidh chun saothair mhóra litríochta a scríobh chun cáilíocht a gcuid meantóirí a mheaitseáil nó a shárú. Is cineál den teagasc idir phiaraí é a bhfuil tóir níos mó agus níos mó air sa litríocht, ag forbairt an phróisis trína chuireann an máistir a cheard ar aghaidh chuig an mac léinn.

Faoi Words Ireland Tá An Clár Meantóireachta Náisiúnta á reáchtáil ag Words Ireland. Is grúpa é de sheacht n-eagraíocht acmhainne litríochta náisiúnta atá dírithe ar thacú le sríbhneoirí agus lucht féachana nua a fhorbairt don litríocht. Ar na seacht n-eagraíocht seo atá sa chomhthionól tá: Litríocht Éireann, Leabhair Pháistí Éireann, Ionad Scríbhneoirí na hÉireann, The Stinging Fly, Éigse Éireann, Ionad Litríochta na Mumhan, agus Foilsitheoireacht Éireann. Tá an clár maoinithe ag Comhairle Ealaíon na hÉireann, ach oibríonn an bord ar bhonn deonach. Is é Michael McLoughlin, Cathaoirleach Penguin Random House, Éire, atá ina chathaoirleach air. www.wordsireland.ie

Nuacht Fhine Gall Eagrán Uimh 22 Feabhra 2022 13


Taisteal Gníomhach

Taisteal Gníomhach i bhFine Gall Rothair Leictreacha Lasta faighte ag Gnóthaí Áitiúla ó Chomhairle Contae Fhine Gall Beidh trí ghnó i bhFine Gall ag baint úsáide as rothair leictreacha i mí na Nollag ó tharla rothair leictreacha lasta nua a bheith faighte acu ó Chomhairle Contae Fhine Gall. Tá sé beartaithe go mbeidh na rothair leictreacha lasta in úsáid in ionad mótarfheithiclí chun ábhar a sheachadadh sa Méara Fhine Gall An Comhairleoir Seána Ó Rodaigh, David cheantar áitiúil. Mar chuid dá Storey Taisteal gníomhach agus Anthony Altitude Coffee ag tiomantas do ghníomhú ar son seoladh rothair eCargo na haeráide agus roghanna taistil inbhuanaithe a chur ar Dúirt David Storey, Stiúrthóirí Seirbhísí fáil, tá rothair á gcur ar fáil ag Comhairle Contae Comhshaoil, Gníomhú ar son na hAeráide agus Fhine Gall do ghnóthaí le haghaidh 12 mhí. Taisteal Gníomhach, go bhfuil an fhoireann sásta cur leis na roghanna inbhuanaithe atá ar fáil do phobal Seoladh an tionscnamh agus tugadh an chéad gnó Fhine Gall. ‘Inniu tá na chéad rothair leictreacha dhá rothar leictreacha lasta do ghnóthaí i Mullach lasta BleeperBox á dtabhairt chomh fada le gnóthaí Íde agus Domhnach Bat agus cuirfear tuilleadh rannpháirteacha againn, agus cúis áthais dom go rothar ar fáil an tseachtain seo in An Ros. bhfuilimid ag leanúint ar aghaidh leis an tionscadal seo. Tá rochtain á tabhairt againn do ghnóthaí ar Áirítear na Rothair Leictreacha Lasta Seachadta i rogha seachadta inacmhainne, inbhuanaithe agus measc ceann amháin de roinnt tionscadal taisteal oiriúnach don aeráid chun earraí a thabhairt chomh inbhuanaithe atá á reáchtáil ag an Roinn Comhshaoil, fada le custaiméirí áitiúla. Gníomhú ar son na hAeráide agus Taisteal Gníomhach. Le roinnt míonna anuas bhí Comhairle Contae Fhine Dúirt David Storey, Stiúrthóirí Seirbhísí Comhshaoil, Gall ag obair le clubanna spóirt ar an tionscnamh Gníomhú ar son na hAeráide agus Taisteal oideachais rothaíochta ‘Gear up for Training’ agus tá Gníomhach, go bhfuil an fhoireann sásta cur leis na an bonneagar rothaíochta scoile á uasghrádú ar fud roghanna inbhuanaithe atá ar fáil do phobal gnó an chontae faoi láthair, tríd an gclár ‘Safe Routes to Fhine Gall. ‘Inniu tá na chéad rothair leictreacha School’ agus tá oibreacha uasghrádaithe á ndéanamh lasta BleeperBox á dtabhairt chomh fada le gnóthaí ar lánaí rothar ar fud na chontae chun áiseanna siúil rannpháirteacha againn, agus cúis áthais dom go agus rothaíochta a fheabhsú do chónaitheoirí Fhine bhfuilimid ag leanúint ar aghaidh leis an tionscadal Gall. Cuireann an tionscadal seo le deiseanna Taisteal seo. Tá rochtain á tabhairt againn do ghnóthaí ar Gníomhach an phobail gnó den chéad uair riamh. rogha seachadta inacmhainne, inbhuanaithe agus oiriúnach don aeráid chun earraí a thabhairt chomh Thagair Méara Fhine Gall, an Comhairleoir Seána Ó fada le custaiméirí áitiúla. Rodaigh, do shimplíocht an tionscadail. ‘Ní coincheap nua é earraí a sheachadadh trí úsáid a bhaint as rothar. As seo go ceann 12 mhí, déanfaimid monatóireacht Tráth dá raibh bhí earraí á seachadadh ag gach gnó ar an úsáid a bhainfear as na rothair, ar an tionchar a i gciseán rothair. Inniu is féidir linn filleadh ar shaol bheidh ag seachadadh rothair ar conas a dhéantar gnó níos simplí trí rothar a úsáid agus tairbhe a bhaint agus ar an tionchar ar an timpeallacht i gcomparáid as réiteach a bhí in úsáid riamh anall. Ní theastaíonn leis na gnáthmhodhanna seachadta. Beidh aiseolas ceadúnas tiomána ó rothaithe seachadta, tá sé níos rialta á fháil againn ó na gnóthaí maidir le conas atá saoire rothair a cheannach agus tá sé níos éasca iad a na custaiméirí ag freagairt don tseirbhís.’ chothabháil agus árachas a cheannach ná mar atá le haghaidh carr nó veain, agus tá sé níos éasca rothar a pháirceáil freisin! Ciallaíonn na fachtóirí seo ar fad gur réiteach idéalach le haghaidh gnóthaí de gach méid iad rothair leictreacha lasta.’

14 Nuacht Fhine Gall Eagrán Uimh 22 Feabhra 2022


Taisteal Gníomhach

Níos mó ná 250 spás páirceála rothar nua i 2021 Bhí an fhoireann Taisteal Gníomhach gnóthach ag cur páirceáil rothar nua ar fáil ar fud Fhine Gall. Tá racaí páirceála rothar saor in aisce curtha ar fáil ag Comhairle Contae Fhine Gall le suiteáil i scoileanna agus i gclubanna chomh maith le racaí nua a chur i mbailte agus i sráidbhailte ar fud an chontae. Cuireadh tús le suiteáil i Meán Fómhair 2021 agus go dtí seo tá 258 spás páirceála nua curtha ar fáil againn ar fud an Chontae. D’fhreagair 45 scoil agus 39 club spóirt glao ar iarratais agus tá racaí rothar saor in aisce faighte acu a chuir siad isteach iad féin. Ceapadh sainchonraitheoir i Meán Fómhair 2021 agus, ó Mheán Fómhair go Samhain 2021, suiteáladh 74 raca páirceála rothar ar leith ar fud an chontae. Ceadaíonn gach ceann acu dhá rothar a chur faoi ghlas. Chuir sé seo 148 spás páirceála rothar nua ar fáil in áiteanna lena n-áirítear páirceanna, clóis shúgartha, tránna, limistéir mhiondíola, reiligí agus lár na mbailte agus na sráidbhailte.

Scéim Tacaíochta d’Ealaíontóirí Chomhairle Contae Fhine Gall 2022 Tá iarratais á lorg ag Comhairle Contae Fhine Gall ar iarratais ó ealaíontóirí ar suas le €5,000 de dhámhachtain i dtreo deiseanna taistil agus forbartha gairmiúla, cónaitheachta, nó forbairt saothair.

Le haghaidh tuilleadh eolais agus chun iarratas a dhéanamh téigh le do thoil chuig: www.fingalarts.ie nó www.fingal.ie/arts Déan teagmháil le: Eoghan Finn e: Eoghan.finn@fingal. ie

Tá an dámhachtain oscailte d’éalaíontóirí atá ag cleachtadh ag gach céim dá ngairmeacha beatha ag obair i gceol, amharc-ealaín, drámaíocht, litríocht agus rince. Le bheith incháilithe le hiarratas a dhéanamh, ní mór gur rugadh iarrthóirí, go ndearna siad staidéar, nó go bhfuil cónaí orthu faoi láthair i gceantar riaracháin Fhine Gall. Le bheith incháilithe le hiarratas a dhéanamh, ní mór gur rugadh iarrthóirí, go ndearna siad staidéar, nó go bhfuil cónaí orthu faoi láthair i gceantar riaracháin Fhine Gall. Is le haghaidh tograí nó tionscnaimh a bheidh ar siúl idir 01 Bealtaine agus 31 Nollaig 2022 an maoiniú. Is é an dáta deiridh chun iarratais a fháil: Dé hAoine 26 Feabhra 2022 ag 4in. Le haghaidh tuilleadh eolais agus chun iarratas a dhéanamh téigh le do thoil chuig:

Nuacht Fhine Gall Eagrán Uimh 22 Feabhra 2022 15


Spórt

Scéim Deontais Spóirt don Aos Óg

Tá €19,550 bronnta ag Comhairle Contae Fhine Gall ar 46 club spóirt ar fud Fhine Gall faoin Scéim Deontais Spóirt don Aos Óg. Cheadaigh comhairleoirí an leithdháilfear €425 ar geach heagraíochtaí rathúla.

maoiniú trína ceann de na

Díríonn Scéim Maoinithe na bliana seo ar cheannach trealaimh a mhaoiniú chun a chur ar chumas clubanna spóirt atá ag obair le daoine óga filleadh ar

a spórt go sábháilte tar éis srianta Covid-19. Thug Oifig Spóirt Fhine Gall, atá mar chuid de líonra Chomhpháirtíochtaí Spóirt Áitiúla de chuid Spórt Éireann, cuireadh do chlubanna spóirt iarratas a dhéanamh ar dheontas beag faoin scéim seo. Bhí ar iarrthóirí rathúla roinnt critéar a chomhlíonadh ar nós spórt do dhaoine óga a bheith mar phríomhfhócas acu agus coiste bainistíochta deonach a bheith acu le hoifigigh thofa. Dúirt Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall AnnMarie Farrelly: “Tá an-áthas orainn an maoiniú suntasach seo a dheonú d’eagraíochtaí spóirt ar fud Fhine Gall. Tá ról chomh lárnach ag ár gclubanna spóirt i sláinte agus folláine ár bpobail. Ba mhaith liom tréaslú leis na hoibrithe deonacha go léir a thug a gcuid ama agus fuinnimh dá gclubanna.” Dúirt Leas-Mhéara Chomhairle Contae Fhine Gall, an Comhairleoir Daniel Whooley: “Fuair Comhairle Contae Fhine Gall go leor iarratas ar chiste na bliana seo, rud a léiríonn an spéis sa tionscnamh. Is cuid rí-thábhachtach de shaol daoine óga é an spórt, tá fíoráthas orm go bhfuil aitheantas á thabhairt do seo. Tríd an maoiniú seo a sholáthar cinntítear gur féidir le daoine óga i bhFine Gall leanúint ar aghaidh ag baint taitneamh as spórt a imirt ina gclubanna áitiúla.”

16 Nuacht Fhine Gall Eagrán Uimh 22 Feabhra 2022


An Comhshaol 130 tona d’Fheithiclí a bhfuil a Ré Caite dumpáilte ag láithreán tógtha ó mar thoradh ar oibríocht chomhpháirteach Tugadh oibríocht mhór Feithiclí a bhfuil a Ré Caite (FRC) i gcrích ag Lóiste Sciobóil i bhFionnghlas, nuair a bhain Aonad Forfheidhmiúchán Dramhaíola Chomhairle Contae Fhine Gall 80 carr agus 65 feithicil tráchtála ón láithreán i mBaile Átha Cliath 11. Baineadh 130 tona dramhaíola ón láithreán mar chuid den oibríocht agus tugadh an dramhaíl chomh fada le saoráid dramhaíola ceadúnaithe lena diúscairt. Rinneadh na feithiclí tréigthe a dhíchóimeáil go mídhleathach rud ba chúis le truailliú an chomhshaoil. Bhí dramhaíl á dó ar an láithreán freisin. Nuair a bhí an láithreán glanta cuireadh fálú slándála mórthimpeall air agus beirmeacha cré ionas nach mbeadh daoine in ann dul isteach sa láithreán arís. Úsáidfear meascán de chigireachtaí forfheidhmiúchán dramhaíola, suirbhéanna dróin agus patróil de chuid an Gharda Síochána chun tuilleadh gníomhaíochta mídhleathaí ag an láithreán a chosc. Baineadh tairbhe as cur chuige ilghníomhaireachta a raibh An Garda Síochana, Na Custaim, Coimirce Shóisialach, an tÚdarás um Shábháilteacht ar Bhóithre, an Príomhúdarás Réigiúnach Forfheidhmiúcháin Dramhaíola (WERLA), an Oifig Náisiúnta um Sheoladh Trasteorann (NTFSO), oifigigh Forfheidhmiúcháin Dramhaíola Fhine Gall agus measúnóirí feithicle páirteach ann. Bhí an méid seo a leanas le rá ag Leasmhéara Fhine Gall, an Comhairleoir Daniel Whooley: “Oibríocht shuntasach ba ea í seo ar éirigh thar cionn léi de bhrí gur cuireadh an obair i gcrích i dteannta le príomhghníomhaireachtaí forfheidhmiúcháin i bhFine Gall. Níl sé inghlactha go bhfuil an méid seo coireachta dramhaíola ag tarlú, go háirithe de bhrí go bhfuil ábhair ghuaiseacha i gceist go minic agus gur féidir le húinéirí seancharranna iad a fhágáil in ionad údaraithe saor in aisce. “Ní hamháin go gcosnaíonn an cineál seo dumpála mídhleathaí go leor airgid le glanadh, cruthaíonn sé guais thromchúiseach don timpeallacht agus

do phobail ar fud Fhine Gall. Is mian liom buíochas a ghabháil leis na daoine ar fad a bhfuil iarracht á déanamh acu dul i ngleic leis an bhfadhb seo sa phobal agus as cabhrú linn a chinntiú gur féidir linn na hoibríochtaí coiriúla seo a aimsiú agus stop a chur leo.” Bhí an méid seo a leanas le rá ag Dave Storey, Stiúrthóir Comhshaoil, Gníomhaithe ar son na hAeráide & Taisteal Gníomhach Chomhairle Contae Fhine Gall: “Is buntáiste mór é a bheith in ann deireadh a chur le dumpáil neamhúdaraithe FRCanna sa cheantar seo de bhrí go raibh an chuma ar an áit gur clós mangarae le haghaidh seancharranna a bhí ann. Tá tús áite á thabhairt againn fós do dhíriú ar an gcineál seo gníomhaíochta coiriúla, agus dá bhrí sin, táim buíoch as an gcomhoibriú idirghníomhaireachta a bhí mar bhonn leis an oibríocht seo.” Is ar an úinéir atá an fhreagracht dhlíthiúil a c(h)arr a thabhairt chomh fada le saoráid chóireála údaraithe (SCÚ) a bheidh in ann an fheithicil a dhiúscairt go sábháilte agus teastas maidir le scriosadh feithicle a eisiúint. Is saoráidí ceadaithe iad SCÚanna atá údaraithe chun feithiclí a bhfuil a ré caite a chóireáil agus a athshlánú. Tá an bonneagar riachtanach acu chun déileáil le FRCanna ionas gur féidir iad a dhíchóimeáil ar bhealach atá neamhdhíobhálach don chomhshaol agus ar bhealach a chiallaíonn go bhfuiltear ag fáil réidh le hábhair ghuaiseacha. Tá Aonad Forfheidhmiúchán Dramhaíola Fhine Gall ag leanúint le hiarrachtaí a dhéanamh díriú ar chlóis mhídhleathacha FRC agus tá 60 láithreán glanta agus dúnta le dhá bhliain anuas mar chuid de thionscadal leanúnach FRC. I ndáil le feithiclí a dhumpáiltear go mídhleathach, eiseofar fógra íocaíochta seasta don úinéir cláraithe nó i ndiaidh ciontaithe achomair sa chúirt dúiche, d’fhéadfadh go mbeadh fíneáil suas le €5,000 le híoc. Is féidir le húinéirí seancharranna iad a dhiúscairt saor in aisce ag SCÚ, agus tá trí SCÚ lonnaithe i bhFine Gall: •Gannon’s City Recovery & Recycling Services Ltd: www.gannonscityrecovery.ie •Industrial, Agri & Engineering Salvage Ltd. (IAES): www.scrapmycar.ie •St. Margaret’s Recycling and Transfer Centre Ltd.: www.stmargaretsrecycling.ie Tá tuilleadh eolais faoi Fheithiclí a bhfuil a Ré Caite le fáil ag ELVES nó trí theagmháil a dhéanamh le Rannóg Timpeallachta Chomhairle Contae Fhine Gall trí ríomhphost a sheoladh chuig environment@fingal.ie.

Nuacht Fhine Gall Eagrán Uimh 22 Feabhra 2022 17


Nollaig i bhFine Gall, 2021

Léaráidí Nollag Fhine Gall ag Caisleán Shoird

Léaráidí Nollag Fhine Gall ag Cloigtheach Lusca 18 Nuacht Fhine Gall Eagrán Uimh 22 Feabhra 2022

Léaráidí Nollag Fhine Gall ag Caisleán Bhrí Mhór


Edel, Nicole agus Zach Garvey ag an Rothaíocht Draíochtach ag Páirc na Mílaoise, Baile Bhlainséir.

AnnMarie Farrelly, Príomhfheidhmeannach Fhine Gall agus Foireann Taisteal Gníomhach ag an Rothaíocht Draíochtach ag Páirc na Mílaoise, Baile Bhlainséir Nuacht Fhine Gall Eagrán Uimh 22 Feabhra 2022 19


Leabharlanna

Ríomhsheirbhísí Leabharlann Fhine Gall agus r-Acmhainní Ar Líne Má shíl tú nach raibh sna leabharlanna ach leabhair smaoinigh arís! Tá an iliomad acmhainní SAOR IN AISCE againn anseo i Leabharlanna Fhine Gall chun cabhrú leat tosú le 2022 ar an mbealach ceart! Cuirimid nuachtáin dhigiteacha, irisí, greannáin, sruthú ceoil, ríomhleabhair, ríomhclosleabhar, tadhallchlóscríobh, cúrsaí oideachais agus go leor eile ar fáil. SAOR IN AISCE trí do bhrainsí áitiúla de chuid Leabharlann Fhine Gall, láithreán gréasáin agus aipeanna – Acmhainní chun cabhrú leat do Spriocanna Athbhliana a bhaint amach!

Universal Class

Universal Class – ríomhfhoghlaim ar líne SAOR IN AISCE, le breis agus 500 cúrsa ar fáil chun cabhrú le do thóir ar feadh an tsaoil ar eolas agus spriocanna oideachais a bhaint amach, le catalóg chuimsitheach ar féidir leat roghnú as. Éascaíonn teagascóirí na cúrsaí a chlúdaíonn topaicí ó Chuntasaíocht, Dlí agus Ríomhairí & Teicneolaíocht go Síceolaíocht, Tuismitheoireacht & Teaghlach agus Ealaíona & Ceol (móide na céadta eile), a dhéanfaidh maoirsiú ar do chuid foghlama agus a thairgeann measúnú agus deimhniú. Is féidir cúrsaí a chríochnú ar do luas féin. Is cuma cén spéis atá agat, tá tú cinnte go bhfaighidh tú cúrsa a oireann duit suit!

Transparent Language Online

Transparent Language Online - cuireann sé rochtain SAOR IN AISCE ar fáil do bhaill Leabharlann Fhine Gall ar réiteach iomlán foghlama teanga. Le 110+ teanga, cnuasach fairsing Béarla (ina bhfuil ábhair do chainteoirí níos mó ná 30 teanga), agus cosán foghlama solúbtha ó thosaitheoirí go hardleibhéal, chomh maith le roghanna éisteachta, labhartha, léitheoireachta agus scríofa, is clár cuimsitheach agus cuimsitheach é seo i ndáiríre eispéiris nua-aimseartha foghlama teanga. Seicheamh ceachtanna atá tógtha go cúramach leis na cúrsaí a úsáideann cainteoirí dúchais agus gnáthchomhrá. Go n-éirí an t-ádh leat!

Healthy Ireland at your Library

Healthy Ireland at your Library – Athbhliain faoi mhaise daoibh? Agus sláinte agus folláine níos fearr ag seasamh do na spriocanna ar feadh an tsaoil is mó ráchairt, cuireann Leabharlann áitiúil Chontae Fhine Gall an iliomad acmhainní ar fáil chun cabhrú leat ar do bhealach! Is straitéis náisiúnta é Éire Shláintiúil, tionscnamh faoi stiúir an rialtais, a bhfuil sé mar aidhm aige sochaí Éireannach a chruthú ina mbaineann gach duine taitneamh as sláinte fhisiceach agus mheabhrach agus ina bhfuil luach agus tacaíocht ag gach sraith den tsochaí agus a bhfuil rochtain uirthi. Cuireann an clár Éire Shláintiúil i do leabharlann áitiúil mar mhol luachmhar eolais, ag soláthar raon leathan acmhainní, seirbhísí agus tacaíochtaí SAOR IN AISCE do phátrúin agus don phobal araon.

PressReader (ríomhNuachtán & ríomhIris) PressReader - cuireann sé rochtain neamhtheoranta ar fáil ar na mílte nuachtán agus irisleabhar ó ar fud an domhain – iad ar fad SAOR IN AISCE do bhaill Leabharlanna Fhine Gall. Ligeann PressReader duit na scéalta atá tábhachtach a aimsiú agus teacht suas leis na nuacht agus na himeachtaí is déanaí. Déan iniúchadh ar fhoilseacháin ina lán teangacha, ó go leor cultúir, iad ar fad in aon aip amháin! Déan do Rún Athbhliana is fearr trí dhul isteach i Leabharlann Fhine Gall SAOR IN AISCE ag https://www. fingal.ie/fingallibraries Is féidir leat páirt a ghlacadh i do bhrainse leabharlainne áitiúil freisin. Tabhair leat aitheantas grianghraf bailí agus cruthúnas seoladh reatha. Tá ballraíocht SAOR IN AISCE agus ar fáil do gach duine. 20 Nuacht Fhine Gall Eagrán Uimh 22 Feabhra 2022


Imeachtaí

Clár Earraigh Ionad Ealaíne Séamus Ennis Tá Ionad Ealaíon Séamus Ennis gnóthach ag réiteach sraith ceolchoirmeacha, scannáin agus imeachtaí do chách sna míonna amach romhainn. Na chéad imeachtaí eile atá le teacht: • 5 Feabhra Ardán léirithe ag ceoltóirí mná traidisiúnta Éireannacha atá ag teacht chun cinn • 10 Feabhra Access Cinema ag taispeáint RIDERS OF JUSTICE • 11 Feabhra Beo i gceolchoirm le Maria Butterly, ag seoladh a singil úrnua dar teideal ‘HERO’ Tá ticéid thar a bheith teoranta, agus ní mór iad a chur in áirithe roimh ré. Tá ticéid ar fáil anois agus le haghaidh tuilleadh eolais féach https://www.tseac.ie/all-events/ le do thoil

Seachtain na Gaeilge 2022 Beidh an fhéile idirnáisiúnta Ghaeilge seo ar siúl idir 1 Márta agus 17 Márta, agus mana na féile ná triail a bhaint as an gcuid Gaeilge atá agat Bain Triail Aisti. Beidh ceiliúradh le haghaidh Sheachtain na Gaeilge againn i bhFine Gall arís i mbliana agus clár d’imeachtaí éagsúla á chur le chéile ag Comhairle Contae Fhine Gall faoi láthair. Má tá sibh ag eagrú imeacht do SNAG agus má theastaíonn uaibh bhur n-ócáid a bheith san áireamh sa chlár sin téigh i dteagmháil le Bernie Kelly ag eolas@fingal.ie Beidh go leor ábhar ar fáil le taitneamh a bhaint astu inár Meáin Shóisialta freisin dírithe ar an teanga agus an cultúr a cheiliúradh agus a chur chun cinn. Beidh an t-eolas go léir ar fáil ar ar shuíomh gréasáin na Comhairle www.fingal.ie

Nuacht Fhine Gall Eagrán Uimh 22 Feabhra 2022 21


Ionchuimsiú

Seachtain um Chuimsiú Fhine Gall- Tá sé do Gach Duine! Bhí rud éigin ann do gach blas sa chlár iontach don tríú Seachtain um Chuimsiú Fhine Gall le níos mó ná 76 imeacht ar siúl timpeall an Chontae. Is tionscnamh de chuid Oifig Phobail Chomhairle Contae Fhine Gall, an tOifigeach Lánpháirtíochta agus Líonra Rannpháirtíochta Poiblí Fhine Gall an tseachtain, a bhí ar siúl ón 15 Samhain go 21 Samhain. 2021 Tá sé mar aidhm ag Seachtain um Chuimsiú Fhine Gall aird a tharraingt ar an obair dhearfach atá pobail, gníomhaireachtaí agus eagraíochtaí eile ag déanamh chun eisiamh sóisialta agus bochtaineacht i bhFine Gall a laghdú.

Natasha Bagnall, PPN, Príomhfheidhmeannach Fhine Gall, AnnMarie Farrelly, Brian Arnold, Ionadaí an Ghrúpa Stiúrtha, Méara Fhine Gall, Seana O’ Rodaigh, Janette Scott, agus Valerie McAllorum-Byrne, Foireann Fhine Gall

Dúirt Méara Fhine Gall an Comhairleoir Seána Ó Rodaigh: “Ba mhaith liom moladh a thabhairt don iliomad grúpaí Pobail agus Deonacha a d’fhreagair an glao chun páirt a ghlacadh i Seachtain um Chuimsiú Fhine Gall agus is iontach an réimse éagsúil ceardlann agus imeachtaí a fheiceáil, lena n-áirítear imeachtaí duine le duine atá indéanta i mbliana. Tugtar deis le linn na seachtaine nascadh agus spraoi a bheith agat ag gníomhaíochtaí cosúil le maidin chaife, amhránaíocht, Rugbaí nó bácáil agus ceardlanna ar ábhair mar aireachas agus sábháilteacht Idirlín agus ag an am céanna ag soláthar ardáin do ghrúpaí a gcuid seirbhísí agus gníomhaíochtaí a thaispeáint.” Dúirt AnnMarie Farrelly, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall: “Tá pobal láidir beoga agus earnáil dheonach ag Fine Gall ag obair i gcomhar le hOifig Phobail Chomhairle Contae Fhine Gall chun seirbhísí a sholáthar agus chun eisiamh sóisialta ar fud an Chontae a chomhrac. Leis an aonrú a d’fhulaing go leor daoine le linn Covid 19 leagadh tuilleadh béime ar thábhacht an chuimsithe shóisialta dár sláinte agus dár bhfolláine. Beidh éifeacht mharthanach ag seachtain um Chuimsiú Fhine Gall chomh maith le raon gníomhaíochtaí agus ceardlann a chur ar fáil chun aird a tharraingt ar na seirbhísí agus na gníomhaíochtaí atá ar fáil agus ar chumas daoine rochtain a fháil orthu agus páirt a ghlacadh.” D’admhaigh Stephanie Obijiakui, Grúpa Stiúrtha Sheachtain um Chuimsiú Fhine Gall: “Tá Cuimsiú Sóisialta ar cheann de na piléir de PPN Fhine Gall agus mar sin tá áthas ar an gCoiste Stiúrtha an freagra iontach ó bhaill PPN a fheiceáil maidir le bheith páirteach sa tionscnamh seo don tríú bliain as a chéile agus is mór acu obair in éineacht leis an Oifig Forbartha Pobail i bhforbairt na Seachtaine um Chuimsiú. I ndáiríre, tá an cuimsiú do gach duine agus mar sin féach ar an raon leathan imeachtaí atá á dtairiscint i rith Seachtaine um Chuimsiú Fhine Gall.” Tá Seachtain um Chuimsiú Fhine Gall an-tábhachtach 22 Nuacht Fhine Gall Eagrán Uimh 22 Feabhra 2022

chun feasacht a mhúscailt faoin obair den scoth atá á déanamh ag grúpaí pobail agus Oifig Forbartha Pobail Fhine Gall, Oifigeach Lánpháirtíochta Fhine Gall, agus Líonra Rannpháirtíochta an Phobail chun eisiamh sóisialta a chomhrac. D’fhéach an tseachtain freisin le feasacht a mhúscailt faoi na constaicí a bhíonn roimh shaoránaigh Fhine Gall as a dtagann eisiamh sóisialta agus a chuireann tuiscint ar chuimsiú i bhFine Gall chun cinn. Bhí eagraíochtaí rannpháirteacha agus grúpaí pobail ar nós na Seirbhísí Tacaíochta Imirceach, Rush Senior Citizen, OWLS The Childrens Nature Charity, Black Raven Pipe Band ag óstáil maidin chaife, taispeántais agus gníomhaíochtaí allamuigh. Chuir Seachtain um Chuimsiú Fhine Gall ardán ar fáil do ghrúpaí agus do sheirbhísí mar Ionad Bhaile Bhlainséir um Maireachtáil Neamhspleách, Meabhairshláinte na hÉireann, agus Comhairle Pobail na hAille, Cór Eaglais Pharóiste Naomh Bríd, Baile Bhlainséir, agus Líonra Eitneach Fhine Gall chun insint do dhaoine faoina gcuid gníomhaíochtaí agus conas a bheith páirteach. Tabhair cuairt ar: www.fingal.ie/integration


Baile Bhlainséir

Todhchaí na hEorpa Chun Tosaigh ag Baile Bhlainséir Tionóladh sraith de dhíospóireachtaí stuama i Leabharlann Bhaile Bhlainséir nuair a d’óstáil European Direct trí imeacht “Comhdháil ar Thodhchaí na hEorpa” a bhfuil sé mar aidhm acu léargas áitiúil a fháil ar na dúshláin agus na deiseanna atá ann faoi láthair ar fud na hEorpa agus muintir Fhine Gall a spreagadh chun a gcuid smaointe a roinnt ar cad a d’fhéadfaí a dhéanamh chun cuidiú le todhchaí comhchoiteann a mhúnlú. Pléadh réimse cuimsitheach ábhar le linn na seisiún, agus moladh smaointe le linn na n-imeachtaí a cuireadh faoi bhráid láithreán gréasáin tiomnaithe ina mbailítear léargas eile ó gach cearn den Aontas Eorpach (AE). Cuireadh tús leis na himeachtaí le seisiún dírithe ar Óige agus Oideachas, le baill ó Chomhairle na nÓg ag seomra Chomhairle Contae Fhine Gall i Sord. Scrúdaigh an lucht freastail beartas oideachais ag leibhéal an AE agus phléigh siad na rudaí a d’athróidis, cad a d’fhéadfaí a fheabhsú agus na moltaí a dhéanfaidis do chinnteoirí. Ina dhiaidh sin bhí seisiún géarchúiseach ar Imirce agus Imeascadh, a tionóladh le baill d’Fhóram Imeasctha Fhine Gall, Líonra Eitneach Fhine Gall agus le rannpháirtithe atá lonnaithe sa Liobáin, sa Ghearmáin agus san Afganastáin. Phléigh an grúpa an bealach is fearr a thabharfaí tacaíocht d’imircigh chun cur le sochaí na hEorpa agus conas ab fhearr

a d’fhéadfadh an AE cuidiú le himeascadh rathúil imirceach a chothú. Faoi dheireadh, reáchtáladh seisiún ar líne leis an Aire Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige, Roderic O’Gorman TD, le díospóireacht ar an ábhar Míchumas agus Dífhostaíocht. D’fhreastail baill Ionad um Maireachtáil Neamhspleách Bhaile Bhlainséir chomh maith le roinnt gníomhaí míchumais ar an gcruinniú faisnéise agus comhairliúchán. Le linn an chruinnithe, thug rannpháirtithe a dtuairimí faoin gcaoi a bhféadfadh an AE tacú le hearcú daoine faoi mhíchumas san ionad oibre agus mhol siad smaointe faoi na rudaí a d’fhéadfadh an AE a dhéanamh chun é a dhéanamh níos éasca do dhaoine faoi mhíchumas imeascadh agus fanacht san ionad oibre. Dúirt Oifigeach Imeasctha Fhine Gall Valerie McAllorum Byrne: “Is éard atá i gceist le himeascadh ná idirghníomhú le daoine eile, tuiscint agus meas idir cultúir i bpobal, áit a chuirtear ar chumas gach cónaitheoir páirt iomlán a ghlacadh ina bpobail agus cur leo, is cuma cén náisiúnacht, eitneacht, creideamh nó cúlra cultúrtha atá acu.” Le haghaidh tuilleadh eolais faoin gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa: https://futureu.europa.eu/

Méara Fhine Gall, an Comhairleoir Seána Ó Rodaigh le rannpháirtithe don Chomhdháil Todhchaí na hEorpa

Nuacht Fhine Gall Eagrán Uimh 22 Feabhra 2022 23


Lusca Daingníonn maoiniú chun na chéad Phleananna Lár an Bhaile riamh a fhorbairt D’fhógair an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail, Heather Humphreys TD, maoiniú de €2.6 milliún go gach údarás áitiúil ar fud na tíre chun na chéad Phleananna Lár an Bhaile riamh a sholáthar. Tá Lusca i measc ná 26 baile a roghnaíodh agus tá maoiniú de €100,000 daingnithe ag Comhairle Contae Fhine Gall chun tacú le máistirphlean uathúil a fhorbairt don bhaile. Tá an tionscnamh seo ina chuid lárnach d’Ár dTodhchaí Tuaithe – straitéis uaillmhainach cúig bliana an Rialtais atá deartha chun Tuaithe na hÉireann a athshamhlú agus a athbheochan, agus súil aici dul i ngleic le tréigean, réadmhaoin fholamh agus áiteanna níos tarraingtí a dhéanamh as lár bhailte chun cónaí, obair, bualadh le chéile agus dul i mbun gnó. Agus maoiniú don tionscadal daingnithe anois, oibreoidh Comhairle Contae Fhine Gall le grúpaí pobail áitiúla, miondíoltóirí agus baill eile na bhFoirne Baile chun cuspóirí a máistirphleananna faoi seach a cheapadh agus a sholáthar. Agus an máistirphlean á fhorbairt, beidh an chomhairle ag cur le Plean Straitéiseach ‘Lusk Vision 2030: Lusk for Life’ plean gníomhaíochta faoi stiúir an phobail do Bhaile Lusca arna choimisiúnú ag Comhairle Pobail Lusca. Leag an plean gníomhaíochta

24 Nuacht Fhine Gall Eagrán Uimh 22 Feabhra 2022

straitéisí fadtéarmacha amach d’fhorbairt an bhaile sa todhchaí agus cuireann sé leas na saoránach reatha agus na saoránach amach anseo i láthair. Dúirt AnnMarie Farrelly, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall: “Tá fíoráthas orm gur éirigh lenár n-iarratas ar mhaoiniú faoi Ár dTodhchaí Tuaithe, agus táim ag tnúth le seoladh an tionscadail spreagúil seo sna míonna atá amach romhainn.’ Dúirt an Comhairleoir Seána Ó Rodaigh, Méara Fhine Gall: “Tá fíoráthas orm gur éirigh le hiarratas na Comhairle ar mhaoiniú i bhforbairt Lusca. Is baile bríomhar í Lusca a bhfuil todhchaí gheal os a comhair amach.”


Uimhreacha

Fine Gall i bhFoirm Uimhreacha

7,719

Cruinniú foirne a bhí ar siúl i mí Mheán Fómhair amháin. Cuireadh 24,821 glaoch, agus fuair nó sheol an Chomhairle 621,773 ríomhphost.

14

Líon na n-áiseanna a shoilsigh agus a mhaoinigh Fine Gall 18 dtionscadal Fhéile sa Chontae le linn thréimhse na Nollag.

1,386 €440,000

Líon na gcinntí pleanála a rinneadh go dtí deireadh mhí na Samhna

2021. Rinneadh 1,186 cinneadh cead a dheonú (86%) agus diúltaíodh 199 cead (14%).

39% Tá laghdú tagtha ar chéatadán Fhine Gall i bhfuinneamh, rud a sháraigh a sprioc thosaigh maidir le tomhaltas fuinnimh a laghdú 33% sna deich mbliana go dtí 2020. Tá sé de chúram anois ar an gComhairle, faoina Plean Gníomhaíochta um Athrú Aeráide, a leibhéil tomhaltais fuinnimh 2009 a laghdú faoi 50% faoi 2030.2030.

D’eisigh an Roinn Eacnamaíochta, Fiontair, Turasóireachta & Cultúir i maoiniú do 145 iarratasóir in 2021 faoin Scéim Feabhsaithe Bia Allamuigh ag Fáilte Éireann.

355 417

Cuireadh 355 crann ag 11 láthair i mBaile Átha Cliath 15 agus i gceantar Mhullach Íde Binn Eadair.

17.72

Tonnáiste iomlán na dteicstílí a bailíodh le haghaidh athchúrsála i mí na Samhna 2021

Líon na n-oibreacha Uasghrádaithe LED a rinneadh i mí Mheán Fómhair i: • Dún Eimhire, Lusca • Port Mearnóg • Bóthar Bhaile Átha Cliath, Lusca • Bóthar Mhullach Íde (cuid a dó) • Bóthar Mhullach Íde • 132 timpeallán Fingallians

Nuacht Fhine Gall Eagrán Uimh 22 Feabhra 2022 25


Do Chomhairleoirí Toghcheantair Aitiúil 1

2

3

4

5

6

Baile Brigin

An Ros - Lusca

7

8

9

10

11

12

13

14

15

16

17

18

Sord Binn Éadair Mullach Íde

Ongar 19

20

21

22

23

Baile Bhlainséiir Mullach Eadrad

24

Caisleán Cnucha 25

26

27

28

29

30

31

32

33

34

35

36

Baile Brigin 1. Cllr. Tony Murphy Independent tony.murphy@cllrs.fingal.ie 086 277 2030 2. Cllr. Grainne Maguire Independent grainne.maguire@cllrs.fingal.ie 087 943 6650 3. Cllr. Seána Ó Rodaigh Labour Party seana.orodaigh@cllrs.fingal.ie 085 831 3801 4. Cllr. Tom O’Leary Fine Gael tom.oleary@cllrs.fingal.ie 087 245 9897 5. Cllr. Karen Power Green Party karen.power@cllrs.fingal.ie 089 965 4529 An Ros - Lusca 6. Cllr. Robert O’Donoghue Labour Party robert.odonoghue@cllrs. fingal.ie 083 0545554 7. Cllr. Adrian Henchy Fianna Fáil adrian.henchy@cllrs.fingal.ie 087 681 4485 8. Cllr. Brian Dennehy Fianna Fáil brian.dennehy@cllrs.fingal.ie 085 229 8201

9. Cllr. Cathal Boland Independent cathal.boland@cllrs.fingal.ie 086 257 7672 10. Cllr. Paul Mulville Social Democrats paul.mulville@cllrs.fingal.ie 086 378 7395 Sord 11. Cllr. Darragh Butler Fianna Fáil darragh.butler@cllrs.fingal.ie 087 959 5378 12. Cllr. Ian Carey Green Party ian.carey@cllrs.fingal.ie 086 307 4004 13. Cllr. Dean Mulligan Independents4Change dean.mulligan@cllrs.fingal.ie 087 966 6260 14. Cllr. Joe Newman Independent joe.newman@cllrs.fingal.ie 087 245 7729 15. Cllr. Brigid Manton Fianna Fáil brigid.manton@cllrs.fingal.ie 086 247 6596 16. Cllr. Ann Graves Sinn Féin ann.graves@cllrs.fingal.ie 087 272 4359 17. Cllr. James Humphreys Labour Party

26 Nuacht Fhine Gall Eagrán Uimh 22 Feabhra 2022

james.humphreys@cllrs. fingal.ie 083 8560832 Binn Éadair/Mullach Íde 18. Cllr. Eoghan O’Brien Fianna Fáil eoghan.obrien@cllrs.fingal.ie 086 858 0562 19. Cllr. David Healy Green Party david.healy@cllrs.fingal.ie 087 617 8852

37

38

Caisleán Cnucha 25. Cllr. Ted Leddy Fine Gael ted.leddy@cllrs.fingal.ie 087 327 6630 26. Cllr. John Walsh Labour Party john.walsh@cllrs.fingal.ie 087 648 6228 27. Cllr. Howard Mahony Fianna Fáil howard.mahony@cllrs.fingal.ie 087 0506146

20. Cllr. Brian Mc Donagh Labour Party brian.mcdonagh@cllrs.fingal.ie 086 385 8979

28. Cllr. Natalie Treacy Sinn Féin natalie.treacy@cllrs.fingal.ie 085 128 5493

21. Cllr. Jimmy Guerin Independent jimmy.guerin@cllrs.fingal.ie 086 014 3346

20. Cllr. Pamela Conroy Green Party pamela.conroy@cllrs.fingal.ie 086 8462891

22. Cllr. Aoibhinn Tormey Fine Gael aoibhinn.tormey@cllrs. fingal.ie 087 754 6258

30. Cllr. Siobhan Shovlin Fine Gael siobhan.shovlin@cllrs.fingal.ie 087 3984778

23. Cllr. Anthony Lavin Fine Gael anthony.lavin@cllrs.fingal.ie 087 993 1329 24. Cllr. Joan Hopkins Social Democrats joan.hopkins@cllrs.fingal.ie 083 1031541

Ongar 31. Cllr. Tania Doyle Independent tania.doyle@cllrs.fingal.ie 085 780 9292 32. Cllr. Tom Kitt Fianna Fáil tom.kitt@cllrs.fingal.ie 086 199 5801

39

40

33. Cllr. Daniel Whooley Green Party daniel.whooley@cllrs.fingal.ie 087 397 8024 34. Cllr. Kieran Dennison Fine Gael kieran.dennison@cllrs.fingal.ie 087 259 5949 35. Cllr. Aaron O’Rourke Sinn Féin aaron.orourke @cllrs.fingal.ie 087 7042783 Baile Bhlainséir Mullach Eadrad 36. Cllr. Mary McCamley Labour Party mary.mccamley@cllrs.fingal.ie 087 650 1441 37. Cllr. Breda Hanaphy Sinn Féin breda.hanaphy@cllrs.fingal.ie 087 162 0917 38. Cllr. John Burtachaell Solidarity john.burtchaell@cllrs.fingal.ie 087 102 9372 39. Cllr. Punam Rane Fine Gael punam.rane@cllrs.fingal.ie 089 254 4372 40. Cllr. John-Kingsley Onwumereh Fianna Fáil Jk.onwumereh@cllrs.fingal.ie 089 9642783


Turn static files into dynamic content formats.

Create a flipbook
Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.