DRÁMA RAIDIÓ Buile Bhóthair le Gabriel Rosenstock Suite ar bhus, Bus 7A i mBaile Átha Cliath, atá an drama raidió seo. Tá an bus ar a shlí i dtreo Dhún Laoghaire agus níos faide ó dheas. Beirt bhan suite in aice a chéile agus iad i mbun comhrá, BIDÍ agus MARY. Paisinéir díreach laistiar díobh an tslí go léir, DÉAGÓIR. Cloistear corr-rud ón TIOMÁNAÍ chomh maith. An bus ag stopadh ó am go chéile chun paisinéirí a ligint isteach is amach. Duine saghas neirbhíseach í MARY agus í buartha fao chúrsaí, mar atá a lán na laethanta seo. Tá an saol ag titim as a chéile, dar léi. Duine normálta go leor í BIDÍ ach go ndéanann caint MHARY beagáinín neirbhíseach í, dá buíochas féin. Tá BIDÍ suite ar an mbus cheana nuair a thagann MARY. Tá siad beirt scothaosta.
MARY:
A Bhidí!
BIDÍ:
A Mhary, a chroí!
MARY:
Castar na daoine ar a chéile ach ní chastar na cnoic ná na sléibhte. An bhfuil slí ansin dom?
BIDÍ:
Cinnte! Suigh isteach.