Clann na nÉan úrscéal gairid do dhéagóirí Gabriel Rosenstock
Arna fhoilsiú ag COMHAR TEORANTA
© Gabriel Rosenstock 2005 Gach ceart ar cosnamh. Ní ceadmhach aon chuid den fhoilseachán seo a atáirgeadh, a chur i gcomhad athfhála, nó a tharchur ar aon mhodh nó ar aon tslí, bíodh sin leictreonach, meicniúil, bunaithe ar fhótachóipeáil, ar thaifeadadh nó eile gan cead a fháil roimh ré on bhfoilsitheoir.
Tá Comhar faoi chomaoin ag Bord na Leabhar Gaeilge as tacaíocht airgid a chur ar fáil le haghaidh foilsiú an leabhair seo.
Foilsithe ag Comhar Teoranta, 5 Rae Mhuirfean, Baile Átha Cliath 2. ISBN 0 9550477-1-4
Leagan amach & Clúdaigh: Graftrónaic Clódóirí: Johnswood Press
Clann na nÉan
Tiomnaím an leabhar seo do mo gharmhac, Seán Alexandru
Ríocht na Cailce
Gabhaim leithscéal le gach duine. (Bíodh is nach leor ‘leithscéal’). Gabhaim mo mhíle leithscéal le mo thuismitheoirí, ar dtús. Le mo ghaolta. Le mo chomhdhaltaí ar scoil. Leis na gardaí. Leis na comharsana. Agus le haon duine eile a bhí buartha fúm nó amuigh do mo lorg. Ní raibh aon leigheas ar an scéal ag an am. B’éigean dom an domhan a thréigean. Bhí póstaeir ar fud na háite, is cinnte, cé nach bhfaca mé féin iad. Sna stáisiúin traenach. I mbeairicí. Ar chuaillí. Níl a fhios agam cén grianghraf díom a úsáideadh? Cé na fíricí fúm a bhí breactha ar na póstaeir nó i dtuairiscí nuachtán?? M’aois? Dath mo chuid gruaige? Dath na súl? An uair dheireanach ina bhfacthas mé? Mise agus an seachtar eile a bhí ar iarraidh. Níl a fhios agam an raibh íomhánna dínn á dtaispeáint ar an teilifís. An bhfacthas duine againn i siopa éigin ina raibh taifeadadh orainn ag ceamara slándála? An mbeadh carn airgid le fáil ag an té a thabharfadh eolas fúinn? Ar ndóigh, lasmuigh de Chlann na nÉan, ár n-ochtar againn, ní raibh a fhios ag duine ná deoraí cá rabhas. An beo nó marbh a bhíos. Táim cinnte go raibh ráflaí ann go tiubh. Gur ghabh spáslong sinn. Seafóid éigin mar sin! Bliain iomlán a chaith mé faoi thalamh. Sa séarach. Níl teastas, dioplóma ná céim agam dá bharr. Tá rud níos luachmhaire agam. Eochair na beatha. Ochtar againn a bhí ann. Deichniúr i dtosach. Tugadh a gcuid sciathán do bheirt. Cead eitilte. Bileog a cuireadh isteach i mo lámh. Is mar sin a cuireadh tús leis an eachtra. An eachtra is mó i mo shaol. Aisteach go leor níl aon chuimhne agam ar an té a 1
Ríocht na Cailce
thug an bhileog dom. Is cuimhin liom í a ghlacadh ceart go leor ón té a shín chugam í. Ach ní bhfuaireas radharc ar bith air. Oíche Fhómhair. Ceo meala. Lasmuigh de dhioscó. Tá an bhileog sin agam i gcónaí. An bhileog a d’athródh mo shaol. Ní gá dom féachaint uirthi. Tá na focail greanta i m’aigne. Beidh go deo: Is eol duitse go bhfuil an tír seo lofa, gur lofa atá an domhan go léir. Nach eol? Nach eol duit sin? Níl tusa ná éinne eile chun cúrsaí a athrú. Nó an bhfuil? Cad is féidir a dhéanamh? B’shin í an teachtaireacht. Lom. Gonta. Ní raibh aon ní mealltach ag baint leis … ar dtús. Chun na fírinne a rá, níor thugas aon aird mórán ar an mbileog. Cad ina thaobh nár chaitheas uaim í? Níl a fhios agam. Bhí lógó tarraingteach ar an mbarr ceart go leor. Fiolar mara agus bradán ina chrobh aige. Thíos ag an mbun bhí seoladh: www.fiolar.org Níor bhacas leis an scéal go ceann i bhfad. Thógainn amach an bhileog ó am go chéile. Cé hiad féin, n’fheadar? An seict atá iontu? Nó dream éicealaochra? Bhí na focail ar an mbileog sin á maistreadh agam i mo chloigeann go dtí gur bhuaigh an fhiosracht sa deireadh. Cheadaíos an suíomh idirlín. Mealladh ar an toirt mé. Bhíos gafa. Gan fhios dom féin. Is deacair a rá i gceart cén fáth. Folús éigin i mo shaol, ní foláir? Dheineas teagmháil leo. Phacálas mo mhála. Níor labhair mé le haon duine. Níor fhágas slán le haon neach beo. Scaras le mo mhuintir agus le muintir na hÉireann trí chéile. 2
Ríocht na Cailce
Glacadh isteach i dteaghlach nua mé, Clann na nÉan. Chuaigh mé chun cónaithe faoi thalamh. Sa séarach. Yeip, i bhfad ó sholas an tsaoil. Ach ní dorcha ar fad a bhí sé thíos ansin. Mheasas go mbeinn ar an duine ab óige orthu ach bhí a leath acu ar comhaois liom. An ceannaire níos sine ná éinne againn. Sna fichidí luatha. Fear ard scafánta. Súile géara donna. Cromóg aisteach air. Gruaig fhada órga agus í scuabtha siar ina slaoda aige. Duine fíneálta. Ar an gcéad amharc. Duine fuinniúil. Duine nach mbeadh aon léamh ceart agam air go ceann i bhfad. ‘Cuirimis fáilte roimhe!’ an chéad rud a chuala óna bhéal. Ag tagairt domsa a bhí sé. Bhí cóta míleata air. Cóta Rúiseach. An saghas a bhí coitianta go maith i margaí na míol roinnt blianta ó shin. Ar mhaithe le teas. Níor athraigh an teocht puinn sa séarach. ‘An chéad dualgas atá ormsa inniu ná ainm nua a bhronnadh ort. An Gealbhan a bheidh ort feasta …’ Bhí na cnaipí ar a chóta ag glioscarnach, frithchaitheamh ón tine chnámh iontu. Guth breá soiléir aige. Féinmhuinín ag púscadh as gach póir de. Is maith a d’oir a ainm féin dó – an Fiolar. Chuala mé monabhar ó Chlann na nÉan, m’ainm á rá acu lena chéile, le gean agus le hómós. ‘An Gealbhan … An Gealbhan …’ Bhí luibheanna cumhra ina nglac acu. (Agus gá againn leo san áit ina rabhamar!) An birtín luibheanna á luascadh acu anonn is anall. Boladh labhandair agus boladh eile nár aithníos. Tím, seans. B’iontach an mhuinín a bhí acu as a gceannaire. Bhí sé sin le léamh orthu, ar a gceannaithe. Ainmneacha éin a tugadh do na baill go léir. Níor 3
Ríocht na Cailce
tugadh aon mhíniú dom ar an nós sin. Ar dtús. Teist ab ea é glacadh le nósmhaireachtaí na clainne agus gan iad a cheistiú go dtí go mbeinn dulta i dtaithí orthu. Dúradh liom go raibh go leor le foghlaim agam – má bhíos sásta foghlaim a dhéanamh, agus bhíos – ach nach gá gur i bhfoirm focal a dhéanfaí an teagasc. Chuir sé sin ionadh orm. Bhí scata rudaí eile nár míníodh riamh dom fad a bhíos ina measc. Ach fuaireas léas tuisceana orthu i gcaitheamh na haimsire. Go deimhin, nuair a bhí mo phrintíseacht istigh, thuigeas-sa nithe nár shamhlaíos go mbeadh aon mhíniú sásúil orthu go deo. Dá luafainn le héinne lasmuigh de Chlann na nÉan iad, déarfaí go raibh an-samhlaíocht go deo agam mar gur rudaí is ea iad atá lasmuigh ar fad de thaithí an ghnáthdhuine. Cuireadh an-fháilte romham, faoi mar a dúrt. Croitheadh lámh liom. Labhair an Fiolar. ‘Meabhraímis arís dár gcara nua, an Gealbhan, cad tá ar bun againn anseo agus, ar ndóigh, na fáthanna atá leo. Tusa …’ agus dhírigh sé méar ar dhuine den bhaicle. ‘Meabhraigh tusa dhó é.’ ‘Is mise an Snag Breac,’ ar seisean. ‘Cónaímid anseo sa séarach mar go gcreidimid gur glaine é ná an domhan thuas. Tá an domhan thuas lofa, i ngach slí. Tá an pláinéad trí chéile i ndroch-chaoi. Ní léimid na páipéir anseo ná ní bhreathnaímid ar an teilifís – ach dá léifeadh is dá mbreathnódh, bí cinnte gurb é an scéal céanna seachtain i ndiaidh seachtaine é. Cogadh thall. Baol cogaidh abhus. An bhochtaineacht. An gorta. An chos ar bolg. An ciníochas. Meath na timpeallachta. Sárú ar phríobháid. Pobail i nguais. 4
Ríocht na Cailce
Cultúir i nguais. Beatha an phláinéid féin i mbaol.’ ‘Sonas ort,’ arsan Fiolar leis an Snag Breac. Bhí iarracht de mheangadh gáire ar chúinne a bhéil. ‘Ar mhaith le héinne cur leis sin?’ Labhair duine eile. ‘Is mise an Eala,’ ar sé. ‘Bímid ag foghlaim anseo de shíor. Fan ar scáth an Fhiolair agus ní baol duit.’ Ghabhas buíochas leis an Eala. Chuir cailín a lámh in airde. ‘Seas suas, a Spideog,’ arsan Fiolar. Sheas. Bhí stad beag ina glór. ‘D- díreach le rá nach gggg- nach gá don Ghealbhan a bheith buartha gur bás den ocras atá i ndán dó anseo.’ Bhí sciotaíl bhog gháire ó Chlann na nÉan. ‘Lean ort, a Spideog …’ arsan Fiolar. ‘Tá fff- fuílleach bia in Éirinn. Mairimidne ar a mbíonn á chaitheamh amach ag na bialanna. Is minic nach fff- féidir a dhéanamh amach in aon chor cén fff- cén fáth ar caitheadh amach blúire éisc, nó arán nó glasraí. Cuid mhaith den am bíonn an bia sin chomh maith nó níos fff- fearr ná an bia a raibh taithí againn air sa bhaile. Bhí cccc- bhí colgán againn aréir. Agus anlann ime. Iasc blasta é an ccc- an colgán, a Ghealbhain.’ Shuigh sí síos arís. ‘Aon rud le rá ag éinne eile?’ D’fhéach sé orthu, ó dhuine go duine. ‘Tá go maith! An Gealbhan agus an Spideog i mbun bia a sholáthar anocht mar sin. An Eala i mbun níocháin.’ D’fhéachas ar an Eala. D’umhlaigh sé a cheann. Pé 5
Ríocht na Cailce
dualgas a leagadh an Fiolar orainn, ní fhaca mé éinne riamh ag gearán. Riamh. D’fhéachas ar an Spideog. D’fhéach sise ormsa. ‘Agus anois, fógraím dhá uair an chloig ciúnais,’ arsan Fiolar. Ní haon rud neamhchoitianta a bhí ansin. Dhá uair an chloig ciúnais sa lá, nó níos mó má mheas an Fiolar go raibh gá leis. Cuid den salachar go léir a bhí ag plúchadh an domhain, dar leis an bhFiolar, ab ea an chaint féin. ‘Cleacht an ciúnas,’ an mana a bhí aige, ‘agus gaibh cúiteamh ar bhaothchaint an duine is ar do bhaois féin.’ Ní raibh gíocs as éinne fad a bhí an tost i réim. Corrchasacht, b’fhéidir. Glugarnach éigin i bputóga fada an tséaraigh. Ansin thug an Spideog sonc dom. Bhí sé in am a bheith ag imeacht sa tóir ar bhia. Bhí an Fiolar ina sheasamh ag béal an tséaraigh. Chuir sé teachtaireacht éigin – i dteanga nár thuigeas – i gcluas na beirte againn roimh dúinn dul amach. Á! An t-aer úr arís! Nach mise a d’fháiltigh roimhe. Leanas an Spideog. Níor fhéach sí suas ná thairsti. Bhí a súile dírithe ar an gcosán an t-am ar fad, faoi mar nár mhaith léi go n-aithneofaí í. An chuma a bhí uirthi, níl a fhios agam an aithneodh a máthair féin í. Chuimhníos ar mo thuismitheoirí. Bheadh siad ag éirí an-bhuartha fúm faoin tráth seo. D’ardaigh an Spideog méar mar chomhartha chun í a leanúint. Síos cabhsa dorcha linn. Cúldoras bialainne. An Spideog agus a cloigeann cromtha i gcónaí, mar a bheadh éan sa diantóir ar phéist. Ransaíomar na boscaí bruscair. B’ionadh liom a raibh de bhia breá caite amach acu. Bhí cúig bhosca ceapairí tugtha linn againn. Líonamar na boscaí folmha chomh tapaidh in Éirinn 6
Ríocht na Cailce
is a bhíomar in ann agus thugamar faoin mbóthar arís. Dhírigh an Spideog méar ar an gcosán, mar chomhartha domsa mo chloigeann a choimeád síos. Chonaic bangharda sinn. Mheasas go raibh sí chun sinn a cheistiú. Níor dhein. ‘Bhí seans linn ansin,’ arsa mise leis an Spideog. ‘Ccc- conas?’ ar sise. ‘Mheasas go raibh sí chun sinn a cheistiú nó go raibh sí in amhras fúinn …’ ‘Tá bbb- tá breall ort,’ arsan Spideog, ‘ní fhaca sí in aon chor sinn.’ ‘Hath?’ ‘Cad a dhein an Fff- an Fiolar roimh dúinn an séarach a fhágáil?’ ‘Táim ag déanamh iontais de ó shin. Liodán éigin a rá i mo chluas. Tá súil agam nach liosta siopadóireachta a bhí ann. Siolla dá raibh le rá aige níor thugas liom. I gcogar an-íseal ar fad a labhair sé. Teanga iasachta, mheasas. Nó gibiris b’fhéidir.’ ‘Tá na seacht dteangacha ag an bhFiolar. Is binn leis na teangacha ársa. An tSanscrait agus an tSean-Ghaeilge ach go háirithe. Is aoibhinn leis ttt -teanga na n-éan, glór an easa. An ghaoth ag búiríl! Is é an rud a chuala tú, nó nár chuala tú, ortha. Paidir más maith leat. Ortha na Dofheictheachta a bhí ansin, a Ghealbhain. Ní ggg- ní ggg- ní gá dhuit do chloigeann a choimeád síos. Ní fheicfidh duine ná deoraí thú! Ddd- dáiríre! Feiceann na héin tú, sin uile.’ D’fhéach colúr orm. D’fhéachas ar ais air. Bhíos ag machnamh ar feadh i bhfad ar an méid a bhí ráite ag an Spideog liom. An raibh ciall ar bith leis? Shroiseamar an séarach. Chomharthaigh an Spideog 7
Ríocht na Cailce
dom a bheith san airdeall, le cinntiú nach bhfeicfí sinn. Ansin gháir sí. Bhí bob buailte arís aici orm. ‘Ní ggg- ní gá a bheith san airdeall,’ ar sí. ‘Cuireann an ortha, Ortha na Dofheictheachta, caille idir sinn agus an domhan mór. Síos linn anois.’ ‘An bhfuil francaigh san áit seo?’ arsa mise leis an Spideog. Níor ghá dhom an cheist a chur mar ghabh ceann acu tharam agus a chloigeann síos aige. Ba léir nár thug Clann na nÉan mórán airde ar na francaigh, é sin nó go raibh siad i dtaithí ar a chéile faoin am seo. Nó nach bhfacadar a chéile. Ba dheacair a rá cén aois í an Spideog. Ceithre bliana déag? Bhí a haghaidh – agus a caincín fiú – clúdaithe le breicneach. Is annamh a labhair sí agus nuair a labhair ba i gcogar leathstadach é. Créatúirín séimh. Choimeád sí a cúinne féin den séarach deas glan i gcónaí. Ach amháin neadacha an damháin alla. Ní chuireadh sí isteach orthu ar ór ná ar airgead. Bhí meas ar leith aici ar an damhán alla, ba léir. Is minic a d’fhiafraíos díom féin, i dtús ré mo phrintíseachta, cad a thug orm bliain iomlán a chaitheamh ina measc. An raibh sé sa chinniúint dom? Bhíos leathscanraithe rompu ar feadh i bhfad. Agus bhí an t-amhras ag creimeadh mo chroí. Amhras fúm féin. Amhras faoi Chlann na nÉan. Tháinig an tUlchabhán chugam tráthnóna amháin, gan chuireadh gan iarraidh, agus faoi mar a bheadh m’aigne léite go beacht aige, ar seisean: ‘A Ghealbhain, ná bíodh aon imní ort. Is beag duine anseo nár bhuail an t-amhras é. Bíodh amhras ort! Ní haon dochar é.’ 8
Ríocht na Cailce
An chéad oíche an oíche ba mheasa, nuair a d’fhill mé féin agus an Spideog agus na boscaí bia againn; ní dhéanfaidh mé dearmad go brách ar na súile sin ag glioscarnach sa dorchadas. Bhraitheas gur ainmhí a bhí ionam. Broc, abair, a bhí tar éis a bheith amuigh ag fiach dá ál. Broc a tháinig slán abhaile chun an chreach a roinnt. Téadh an bia i sorn ceirisín. D’itheamar ansin lenár lámha é. ‘Is maith an t-anlann an t-ocras,’ arsan Eala liom. Chaith sé smut dá raibh á ithe aige chuig francach óg a bhí ina pheata aige. An bhliain úd a chaith mé ina measc, ní fhaca mé riamh aon chairdeas ar leith idir aon bheirt. Ach bhí meas acu ar a chéile. Bhí an méid sin cinnte. Níor ceadaíodh caidreamh collaí sa séarach. Bhíomar ár réiteach ag an bhFiolar chun caidreamh níos leithne a bheith again … dlúthchaidreamh leis an gCruinne, mar a dúirt sé féin, rud nár thuigeamar i gceart go ceann i bhfad ach rud nár cheistíomar rómhór ar a shon san. Ní mór an gáire a dheineamar faoi aon ní. Ach ní raibh duairceas ar éinne ach an oiread. Bhí a fhios againn go gcaithfimis a bheith foighneach, go raibh an Fiolar dár múnlú an t-am go léir – fiú agus sinn inár gcodladh, a dúirt an Snag Breac liom. Níor bhraitheamar craic ná cibeal uainn. Mar bhíomar ar bís. Ar bís chun – ? Is rídheacair é a chur i bhfocail. Ar bís chun eitilte, an rud is cóngaraí dó. In áit imeacht chun fiántais is amhlaidh a tháinig ord agus eagar ar mo shaol. Mhothaíos m’aigne agus mo thoil á neartú. Agus aigne an chomhluadair mar an gcéanna. Ba léir féinsmacht stóinsithe a bheith ag 9
Ríocht na Cailce
baint leis an uile dhuine againn, rud a chuir ionadh orainn féin. ‘Bímse i mo shuí gach maidin agus céadsolas an lae ag drithliú i mbéal an tséaraigh,’ arsan tUlchabhán liom. ‘Ní mar sin a bhínn sa domhan thuas, táim á rá leat! Ní tharraingeodh an diabhal féin as an leaba mé.’ ‘Nímse mo chuid gruaige anois go rialta,’ arsan Snag Breac. ‘Agus féach ar mo chuid ingne, chomh glan is atá siad!’ De réir a chéile bhí sé le tabhairt faoi deara go raibh grástúlacht nua ag roinnt linn chomh maith. An uile dhuine againn. Claochlú iomlán! An siúl a bhí fúinn. Samhlaíodh dom go raibh maorgacht ag baint leis an siúl a bhí fúinn. Agus uaisleacht. Bhí uaisleacht éigin laistiar dár gcuid geáitsí agus pé rud a bhí le rá againn lena chéile is go séimh a dúradh é. Bhí sásamh aisteach á bhaint anois agam as na rudaí is lú. D’fhéachas lá ar an Snag Breac. Is amhlaidh a shuigh sé síos ar bheart luachra. An tslí inar shuigh sé síos, an tslí inar shocraigh sé an beart luachra faoi … Bhí rud éigin ríúil ar fad ag baint leis. Bhraitheas go raibh grá agam dóibh go léir agus dá ngortófaí éinne acu go mbraithfimis go léir an phian. Bhí an Fiolar ag dul i bhfeidhm orainn agus sinne go léir ag dul i bhfeidhm ar a chéile. Thuigeas den chéad uair i mo shaol an chiall a bhaineann le dea-bhéasa a bheith ag duine. An gá atá leo. Deineann siad an saol níos simplí. Agus níos éifeachtaí. Níos grástúla. Is é is dea-bhéas ann ná gan a bheith ag cuimhneamh an iomarca ort féin. Leas an duine eile is tábhachtaí. Is beo don idéal sin sa domhan lasmuigh, nó in áiteanna de. Tuigim é sin. 10
Ríocht na Cailce
Ach ní idéal ab ea é dúinne. Sa séarach ba é an gnáthrud é agus glacadh leis gan cheist. ‘Níl de dhualgas orainn ach fanacht beo mar ghrúpa,’ a dúirt an Fiolar liom lá. ‘Ní baol dúinn mar aonad má smaoinímid mar aonad, má ghníomhaímid mar aonad. Ná ligimis do mhothúcháin phearsanta teacht idir sinn agus an t-idéal sin … le grá tagann éad, nó an coincheap de ‘liomsa’ agus ‘leatsa’. Tá sé sin go léir fágtha inár ndiaidh againn. Ní shin an saghas grá atá de dhíth ar an saol a thuilleadh … grá do do mhuintir, do do pharóiste, do do thír dhúchais. Ní hea. Grá a chuimsíonn an uile orlach den phláinéad agus an grá sin amháin a theastaíonn. An dtuigeann tú?’ Dúirt mé leis gur thuig. Theastaigh athrú éadaigh go géar uaim. ‘Caith na héadaí céanna,’ arsan Fiolar, ‘go dtí go dtite siad de do chnámha. Cuirfear beirt amach ansin chun éadaí nua a fháil duit. An Smólach agus an Faoileán is gnách a chuirimid amach. Is iad is fearr chuige.’ Bhí dhá mhí go leith ann sula bhfuaireas malairt éadaigh, agus ansin bhí an bríste rómhór dom agus an seaicéad rótheann orm. ‘Níl aon oidhre ort ach fear bréige!’ arsan tUlchabhán nuair a chonaic sé an t-éadach ‘nua’ orm. Ba chuma liom. Níor chuir sé isteach ná amach orm. Cé a chífeadh mé ach Clann na nÉan agus ba thábhachtaí leo siúd an dul chun cinn a bhí á dhéanamh agam mar dhuine ná na balcaisí a bhí orm. Bhuail corrbhabhta amhrais mé i gcónaí. Dhúisínn i lár na hoíche agus mé ag fiafraí díom féin, ‘Cén fáth nach dtugaim na cosa liom as an áit seo? Cad tá ar siúl agam anseo agus mé i mbláth na hóige? Mé ag 11
Ríocht na Cailce
maireachtaint i séarach le daoine nach féidir aithne cheart a chur orthu.’ Ach ba leor féachaint orthu agus iad go léir ina gcodladh – seachas an Fiolar … ní fhaca riamh faoi shuan é – chun go dtuigfinn nach raibh aon rud níos fearr ná seo fágtha i mo dhiaidh agam. Bhí draíocht éigin imeartha ag an bhFiolar orm agus orainn go léir. Faoi mar a bhíonn comóradh ar naomh éigin ar siúl ag an Eaglais ó cheann ceann na bliana, dhein an Fiolar comóradh laethúil ar éan éigin. D’fhógraíodh sé an chéad rud ar maidin é. ‘Inniu Lá an Phréacháin!’ Bhí orainn suí i gciorcal ansin agus a bheith ag grágaíl linn mar phréacháin agus ba mhinic piachán orainn i ndeireadh an lae: ‘Cá! Cá! Cá! Cá! Cá! Cá!’ Dá siúlfadh duine isteach orainn, cad a cheapfadh sé in aon chor? Rud ab ea é nach bhfeicfeá i scannán. Ar dtús mheasas gur nós amaideach ab ea é. Ní hea, níos measa ná amaideach. Mheasas gur gealtachas ab ea é. Bhíos ag fiafraí díom féin, ‘Cé hé an Fiolar dáiríre? Cad as ar tháinig sé? An gealt é?’ Ach diaidh ar ndiaidh tháinig mé isteach ar an gcantaireacht sa tslí go mba dheacair aon ní a shamhlú a bhí chomh hardtaitneamhach leis na seisiúin sin. Bhínn ag tnúth go mór leo. Sa deireadh ba é an ceol ba bhinne ar domhan é, dar liom. Na guthanna sin ag ceiliúradh, ag ceiliúradh le chéile go dtí nach gcloisfeá do ghuth féin in aon chor ach mar a bheadh aon tonn amháin ceiliúrtha ann, sondas síoraí. 12
Ríocht na Cailce
Tháinig feabhas an-mhór orm is mé ag déanamh aithrise ar an éanlaith. Feabhas an-tapa. Bhíos in ann rudaí a dhéanamh le mo bheola, le mo theanga, le mo scornach agus fiú le mo bholg chun aithris chruinn a dhéanamh ar chantaireacht na n-éan. Sásamh neamhshaolta ar fad a thug sé dom. An mar sin a bhí an duine fadó? An raibh gaol chomh dlúth sin ag an duine réamhstairiúil lena thimpeallacht go raibh sé in ann cumarsáid a dhéanamh le fia is le fiolar? Agus bhí trua agam do mhuintir an domhain ar cúlra éiginnte éigin ag an gcuid is mó acu é ceol na n-éan. Bhí trua agam don té nach bhféadfadh an pilibín a dhealú ón ngabhairín reo. Conas go raibh an oiread sin cur amach ag an bhFiolar ar cheol na n-éan? Bhí sé míorúilteach ar fad. Agus nuair a dheineadh sé féin fead an fhiolair, níor chuala tú riamh le do bheo aon ní cosúil leis. Bhaineadh sé macalla diamhair as fallaí an tséaraigh a chuirfeadh an ghruaig ina colgsheasamh ar do cheann. Agus an té a chuala an fhead sin, glanadh an aigne aige, sciomradh an croí ann agus ní bheadh aon smaoineamh eile ná aon mhothú eile fágtha aige ach conas an domhan thuas a tharrtháil, a tharrtháil air féin. Líonadh le mistéir agus le fuinneamh na beatha sinn agus bhíomar buíoch den Fhiolar as sinn a athbhaisteadh. Thuigeas sar i bhfad go raibh cur amach éachtach ag an bhFiolar ní hamháin ar an gcantaireacht a dhéanann éanlaith na hÉireann agus éanlaith eile nach iad, ach ar éifeacht na cantaireachta sin ar gach duine againn. Bhí baint éigin ag an ealaín seo ar fad le tonnta inchinne agus le minicíocht na dtonn sin … 13
Ríocht na Cailce
Ar chuma éigin, bhí éifeacht ag an ‘gCá Cá!’, ag ceol an phréacháin, ar na scamhóga againn. Bhraithfeá go raibh aer stálaithe, aer a bhí cruinnithe i do scamhóga le fada fada an lá, á ruaigeadh agat le gach ‘Cá Cá!’ Bhain aislingeacht le ceol domhain na gcolúr. Tar éis leath uair an chloig den cholúr-chaint bhraithfeá go raibh bunús le gach taibhreamh a taibhríodh riamh duit. Suaimhneas a chuir sé orainn. Fonn codlata. Bhíodh bleaist de i gcónaí againn ar feadh fiche nóiméad roimh dhul a luí dhúinn. Aithris ar an bhfuiseog ba chanadh maidine agus dúiseachta dúinn. Chuir ceol éadrom na cuaiche gliondar orainn. Bhí a fhios ag an bhFiolar i gcónaí cén chantaireacht a bhí ag teastáil ar a leithéid seo de lá. Aithris ar an lon, cuir i gcás, an leigheas ab fhearr má bhí duine againn tinn. Glór an fhaoileáin an leigheas ab fhearr má bhí leamhas nó tuirse éigin orainn. Bhí eas glórach tuairim is ceithre chiliméadar go leith uainn. Is ann a théimis chun sinn féin a ní, idir chorp agus anam. Mhaígh an Fiolar go raibh éifeacht ar leith ag glór an easa. ‘An té a éisteann le glór an easa ní bheidh suaitheadh aigne go deo air,’ a dúirt an Fiolar lá. Cá bhfuair an Fiolar a chuid eolais? An seáman nó draoi a bhí ann? Máistir ab ea é. Bhí an méid sin cinnte. ‘Ní fhaca mé riamh i bhfeirg é,’ arsan Snag Breac liom lá. ‘Ná mise,’ arsan Eala. Bhí mo mheas ar an bhFiolar ag dul i méid in aghaidh an lae. Ní raibh puinn amhrais orm ina thaobh níos mó. Bhí cumhachtaí aige agus bhí sé á n14
Ríocht na Cailce
úsáid chun an grúpa a choimeád slán. Nó an raibh plean níos mó ina cheann aige? Má bhí sé mhí déanta agat sa séarach, bhí cead agat ceist amháin in aghaidh na míosa a chur ar an bhFiolar. Nó cúpla ceist má bhaineadar leis an ábhar céanna. Chuireas-sa an cheist seo a leanas air nuair a fuaireas an deis, tar éis dom a bheith sé mhí ina bhfochair. ‘An tatú sin ar do lámh. Bradán, nach ea? ’ ‘Sea go deimhin, a Ghealbhain liom. Bradán. An bradán céanna a chonaic tú mar chuid den lógó ar an mbileog earcaíochta. Is mise a thug an bhileog duit, dála an scéil.’ ‘Ní fhaca mé thú, a Fhiolair!’ ‘Tá a fhios agam go maith nach bhfaca, a Ghealbhain. Bíonn gá leis an dofheictheacht ó am go chéile tá a fhios agat …’ An dofheictheacht … Cad a bhí ansin? Míorúilt? Nó dallamullóg? Níor theastaigh uaim an cheist sin a chur air, go fóill. An tatú a bhí ag déanamh scime dhom. ‘Cén fáth an bradán?’ ‘Eo an focal sa tSean-Ghaeilge ar bhradán. Eo a thugann an focal eolas dúinn, an focal eochair agus mar sin de. Beireann an fiolar mara ar an mbradán ina chrobh. Is fada siar a théann an dá shiombail sin. Níor ghá iad a mhíniú do na draoithe – do Mherlin cuir i gcás. Thuig na Ceiltigh agus na Piochtaí na siombailí sin – an forar agus an nadair.’ Bhí an ceart agam. Draoi ab ea an Fiolar! Ach cá bhfuair sé a chuid eolais? Dúirt an Spideog liom gur ina dhraoi is ea a rugadh é. Bhí an rúneolas riamh aige, ó bhí sé sa chliabhán. Ach cén plean a bhí ag an bhFiolar, má bhí? Bheadh orm fanacht mí eile chun 15
Ríocht na Cailce
an cheist sin a chur air. Choinnigh sé chuige féin cuid mhaith. Ó am go chéile chloisfeá fead uaidh, fead iontais, fead fhada chaol, fead an fhiolair ón bhfaill, fead trasna an chuain, fead na farraige, fead na síoraíochta, fead na gaoithe, fead an uaignis. D’imigh mí. Chuireas mo cheist. ‘Tá plean éigin agat dúinn, a Fhiolair, nach bhfuil?’ D’fhéach sé go géar orm. Súile an fhiolair. ‘Scaoilfear saor sibh. Ní hé nach bhfuil sibh saor faoi láthair, tá. Scaoilfear amach sibh.’ ‘Cathain?’ ‘Nuair a bheidh sibh réidh. Go hiomlán i dtiúin. Faoi láthair tá sibh ag sú an rúneolais, lá i ndiaidh lae, an rúneolas is cothú riachtanach daoibh. Tá brat cosanta an chiúnais á fhí agaibh, i bhfios nó i ngan fhios daoibh. Agus sa chiúnas sin, cloiseann sibh ó am go chéile an druid is an smólach, an fháinleog is an gobadán, an chorr réisc agus an fhuiseog agus a theachtaireacht féin ag gach éan díobh.’ Chuir sé a dhá lámh amach ansin, mar a bheadh sciatháin á leathadh aige. ‘Níl faic eile le fógairt againne anseo. Is beag tábhacht a bhaineann leis na rialacha atá i bhfeidhm againn anseo. Níl aon soiscéal ar leith le craobhscaoileadh againn, ná aon ní eile dá shórt. Tuigfidh sibh conas agus cathain is gá glaoch ar chabhair agus tiocfaidh an chabhair sin chugaibh ar eití éadroma.’ D’fhéach sé orm. D’fhéach sé tríom. D’fhéach sé tharam agus ansin isteach ann féin. ‘Agus pé áit ar domhan ina mbeidh sibh, beidh an 16
Ríocht na Cailce
Obair Mhór ar siúl agaibh. Theitheamar ón domhan agus fuaireamar tearmann faoi thalamh chun a bheith i dtiúin leis an gcuid sinn dínn féin a theastaigh uainn a fhorbairt; ach níl ár gcúl tugtha againn don domhan ar fad ná baol air. Fillfimid ar an domhan arís, a Ghealbhain dhil, chun é a chosaint. Is sibhse Clann na nÉan, mo chlann féin. Beidh fhios agaibh i gcónaí cad is ceart a dhéanamh, cad is gá a dhéanamh. Ní féidir é sin a chur i bhfocail roimh ré mar níl a fhios agamsa ná ag éinne eile cé na constaicí a bheidh romhaibh. Ach seo, beidh sé seo áisiúil duit agus tú i mbaol.’ Shéid sé isteach i mo chluas chlé. Bhraitheas a anáil ansin ar bhaic mo mhuiníl. Ghabh fuacht tríom agus thosnaíos ag crith. Sheas sé siar uaim ansin agus ar sé: ‘Tá spiorad an Bhultúir tugtha agam duit. Beidh sé leat i gcónaí …’ Ní ag brath ar fhuílleach na mbialanna a bhímis an tam ar fad. Chuireadh an Fiolar amach sinn ó thráth go chéile agus bhailímis cnónna, sméara agus luibheanna. Ba mhinic gurbh éigean dul i bhfad ó bhaile á lorg. Cócaire oilte ab ea an Fiolar. Anraith neantóg, bhí sé go diail chuige sin. Bhí féith an ghrinn ann chomh maith: d’itheamar seamróga ar Lá Fhéile Pádraig! Bhíodh Cúirt Filíochta againn uair sa mhí. Go leor againn níor smaoiníomar riamh ar dhán a chumadh. Bhí cuid de na dánta greannmhar, cuid acu brónach agus cuid acu an-aisteach ar fad. Cuimhneoidh mé go deo ar an dán a d’aithris an Préachán dúinn. Dachau an teideal a bhí air: Is dubh iad na préacháin A eitlíonn os cionn Dachau 17
Ríocht na Cailce
Faoi mar a barrdhódh sciatháin a sinsear I ndeatach an Uileloiscthe Cá-Cá-Cá-Cá bhfuilid? Fir is mná is páistí … Is dubh iad na préacháin A eitlíonn os cionn Dachau Maidin amháin chuir an Fiolar tús le sceideal nua. ‘Tá sé in am múineadh don chorp a bhfuil ar eolas faoin dtráth seo ag an aigne,’ ar seisean. ‘Bímis ag damhsa!’ Chomharthaigh sé dúinn seasamh i gciorcal. Sheas seisean sa lár. ‘Tosaímis le Damhsa na Péacóige.’ Mhúin sé an damhsa sin dúinn, céim ar céim. Bhí deargiontas orainn go léir. Damhsa an-mhall ab ea é agus ní leis na cosa amháin a bhí sé ag damhsa. Bhí na lámha ag damhsa. Bhí na súile féin ag damhsa ina cheann. Ghlaoigh sé chuige an Spideog agus dhamhsadar le chéile. Ba dhóigh leat ag féachaint uirthi go bpléascfadh a croí le haoibhneas. Thug teagasc uathúil an Fhiolair – idir chantaireacht is damhsa – an-mhisneach go deo dom. Tuigeadh dom go raibh sé tar éis mé a chumasú thar m’acmhainní dúchais agus go raibh tréimhse mo phrintíseachta geall le bheith istigh. Chuas chun cainte leis chun mo bhuíochas a chur in iúl dó. ‘Beidh Éire buíoch díot, a Fhiolair,’ arsa mé go humhal. ‘Beidh an domhan trí chéile buíoch díot.’ Agus dúirt mé nithe sa bhreis air sin ar dá chluasa féin amháin iad.
18
Nuair a bhí deireadh ráite agam, tharraing sé chuige ceannbheart cleití agus shocraigh go maorga ar a cheann féin é. Leag sé méar ar mo chlár éadain, idir an dá fhabhra, agus d’iarr orm ortha a chanadh ina dhiaidh: Bhava sagara saba sukha gaya hai (Níl eagla orm aigéan an domhain a chur díom) Bhraitheas mar a bheadh sruth fuinnimh ag dúiseacht i gcnámh mo dhroma agus ag éirí aníos tríom ina eas glórach. Bhí fallaí taise fuara an tséaraigh ag glioscarnach. ‘Más féidir le séarach a bheith chomh hálainn niamhrach leis seo,’ arsa mise leis an bhFiolar nuair a tháinig mo theanga chugam arís, ‘níl aon chuid den chruinne nach féidir a shlánú!’ Bhí na deora liom go fras. Stoith sé cleite dá cheannbheart agus chuir i mo chuid gruaige é. ‘A Ghealbhain, a dhuine na n-árann,’ arsan Fiolar is é ag déanamh caoinis liom, ‘tá do chuid sciathán anois agat. Eitil leat!’
19
GLUAIS acmhainn: cumas airdeall (san): ar aire ál: clan baic: cúl baicle: scata daoine balcaisí: giobal baois: easpa céille baothchaint: caint amaideach bob: cleas breicneach: spotaí donna ar an gcraiceann cabhsa: lána caidreamh collaí: daoine ag luí le chéile caille: éadach a chlúdaíonn an aghaidh caincín: sróinín caoineas (ag déanamh caoinis): bheith séimh le ceannbheart: head-dress cibeal: ruaille buaille ciníochas: gráin ar chine eile claochlú: athrú iomlán colgán: iasc agus ‘claíomh’ ag gobadh amach uaidh constaic: bac creim: ith crobh: ingne nó cos éin cromóg: srón mar a bheadh gob éin ann cuaille: polla ina sheasamh cumhra: boladh breá diail: sármhaith diamhair: mistéireach drithliú: glioscarnach duairceas: ísle brí éachtach: an-chumasach go deo eas: uisce ag titim le haill éicealaoch: trodaí ar son na timpeallachta
20
fíneálta: mín fíric: eolas atá in ainm is a bheith fíor forar: barr fuílleach: breis agus dóthain gean: grá gibiris: caint nach féidir a thuiscint gonta: gearr, fórsúil guais: baol íomhá: samhail nó pictiúr liodán: sraith frásaí maistreadh: bainne a bualadh chun im a dhéanamh margadh na míol: flea market meath: lagú monabhar: caint íseal nadair: bun niamhrach: glé ortha: paidir dhraíochta piachán: slócht plúchadh: múchadh púscadh: ag teacht amach go tiubh ransaigh: cuardaigh scafánta: an-bhríomhar sciomradh: glanadh sciotaíl: gáire beag neirbhíseach séarach: áit ina dtéann mún agus cac sonc: brú beag sondas: fuaim álainn stóinsithe: daingean suaitheadh aigne: buairt tarrtháil: sábháil ó bhaol tearmann: dídean toirt (ar an): láithreach uathúil: gan aon rud cosúil leis Uileloscadh: an Shoah, marú na nGiúdach ag na Naitsigh
File, fear haiku, gearrscéalaí agus aistritheoir é Gabriel Rosenstock. Ar na leabhair is déanaí uaidh tá an t-úrscéal do dhéagóirí Anna agus Niko (An Gúm 2005), leabhar véarsaí éadroma I Met a Man … (Doghouse 2005) agus Rogha Dánta/Selected Poems (Cló Iar-Chonnachta 2005).
21