Cuach Ó Aois Eile ag Glaoch
GABRIEL ROSENSTOCK
COISCÉIM
An chéad chló 2014 © Gabriel Rosenstock
Tá Coiscéim buíoch de Foras na Gaeilge as tacaíocht airgeadais a chur ar fáil. Tá Coiscéim buíoch den Chomhairle Ealaíon as tacaíocht airgeadais a chur ar fáil. Gach ceart ar cosaint. Ní ceadmhach aon chuid den fhoilseachán seo a atáirgeadh, a chur i gcomhad athfhála, nó a tharchur ar aon mhodh ná slí, bíodh sin leictreonach, meicniúil, bunaithe ar fhótachóipeáil, ar thaifeadadh nó eile, gan cead a fháil roimh ré ón bhfoilsitheoir, Coiscéim, Tigh Bhríde, 91 Br Bhinn Éadair, Páirc na bhFianna, Binn Éadair, Baile Átha Cliath 13. Le fáil ó na siopaí seo: An Siopa Leabhar 6 Sráid Fhearchair Baile Átha Cliath 2 (01) 4783814 (01) 4785428 ansiopaleabhar@eircom.net
An Ceathrú Póilí 216 Bóthar na bhFál Béal Feirste BT12 6AH (048) 90322811 (028) 90964189 leabhair@an4poili.com
An Café Liteartha Daingean Uí Chúise Contae Chiarraí +353 (0)66 9152204 +353 (0)66 9152205 comdhineoil@fiachdubh.com
Orduithe ó dhíoltóirí leabhar: ÁIS 31 Sráid na bhFíníní, B.Á.C 2 (01) 6626259 (01) 6612378 eolas@forasnagaeilge.ie
Clúdach: © Mohsin Shafi "Vermillion", 2012 Colláis, meáin mheasctha, 34.5X36.5cm Le caoinchead: Amra Khan Ealaíontóir neamhspleách é Mohsin Shafi agus é ag obair in Lahore na Pacastáine. www.mohsinshafi.com Clódóirí: Johnswood Press Teo.
Admhálacha Foilsíodh cuid dá bhfuil anseo ar Irish Pages, Feasta, The Irish Times, Poetry Ireland Review, The Stony Thursday Book, ar an suíomh www.nonduality.com/ agus ar an mblag roghaghabriel.blogspot.ie Foilsíodh an dán Góstaí Jack Kerouac sa leabhar sioc maidine/morning frost (Arlen House i gcomhar le IMRAM, 2013)
CLÁR Ina eala . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . Focal . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . Ar chuala sibh an scéal is déanaí? . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . An ghaoth ina tost . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . Máthair shúigh: grianghraf de ghin . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . Savita Halappanavar . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . Féileacán . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . Onuphrius . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . Aingeal an uabhair . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . Piet Sluis . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . Fuiseoga: scoil chónaithe . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . Port na bPúcaí . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . Sionnach: 5 haiku . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . Bhí a fhios agam nach raibh ann ach crann . . . . . . . . . . . . . . . Fidléir . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . Lannaigh faoi Dhroichead Uí Chonaill . . . . . . . . . . . . . . . . . . Líon folamh damháin alla . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . Fás aon oíche . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . Trí fhocal ó bhéal caoin-ghéar Nyogen . . . . . . . . . . . . . . . . . . . Tús na saíochta . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . Rud ab ea é nach bhfaca mé cheana . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . Gomaji Ganesh . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . An chonair . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . Amhrán lonrach na scál . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . Góstaí Jack Kerouac . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . .
Fianna . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . Martin Luther King . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . An Búda cloiche sa ghairdín . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . A Ealaí . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . An leamhan is a chuid taisteal . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . Marin Marais . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . Cara scoile a d’éag . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . An duine a shantaigh an saol eile . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . Crann, seanchara . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . Jó Hill . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . Súile Eibhlín . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . Cuach ó aois eile ag glaoch . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . .
Cuach Ó Aois Eile ag Glaoch
Ina Eala Go dtí go raibh sé ceithre bliana d’aois bhí Lucian Blaga chomh ciúin le heala ba sa tréimhse sin a chuir sé eolas ar an bhfealsúnacht agus ar an bhfilíocht cuardaímis an domhan go léir lorgaímis daoine atá i riocht ealaí aithneofar ar a dtost iad
~1~
Focal Focal atá acu in Tierra del Fuego: mamihlapinatapai – féachaint ar a chéile, an gníomh sin, ag súil go ndéanfadh páirtí éigin díobh rud éigin atá inmhianaithe (dar leis an dá pháirtí) ach nach bhfuil fonn rómhór ar cheachtar den dís an gníomh áirithe sin a chur i gcrích
~2~
Ar chuala sibh an scéal is déanaí? Tá Vishnu Khare chun an fhoraois a thabhairt air féin. Corraíonn duilleog os a chionn, iompaíonn a aigne liathghlas Eas ag crónán go neamhairdeallach, Paiste gormspéire, is imíonn a aigne arís. Agus ansin Is é ag dul níos sia is níos sia san fhoraois (Tá sé seo pléite aige lena bhean agus lena chúram Agus le daoine mór is beag le rá san Eastóin, Laitvia agus sa tSlóvaic – File Gaeilge gan ainm, sméid a cheann – Ní hé go stopfadh éinne ná aon ní anois é . . .) Agus é ag dul isteach san fhoraois, níos mó agus níos mó Lastall de gach búir, gach gnúsacht, gach cogar is gach liú San áit nach dtéann an tintreach fiú Filleann Vishnu Khare air Féin Ina mhallsruth. Focail ag imeacht ina bputh Pearóid ghlas ag gluaiseacht thar bráid Cantaireacht na treibhe, meadhrán ar réaltaí Cuid acu ag titim i dtámhnéal: ach tá an fhirmimint slán i gcónaí. Tá sé bailithe leis isteach san fhoraois.
~3~
An ghaoth ina tost Ní ghéillimse do thaibhsí ach tá neach éigin i mbun an ghairdín an mhaidin Eanáir seo is é ina sheasamh sa tsneachta gan chorraí. gan olagón ná uspóg ón ngaoth. N’fheadar an bhfuil a chúl liom nó nach bhfuil tá géaga eadrainn géaga loma fuara idir mé is imlíne an duine sin is mise ann i m’fhinné taibhsiúil ar an saol Olagón ná uspóg níl ón ngaoth ó dhomhan balbh aineoil gan trua gan taise titfidh an sneachta arís scláta liath sioctha a bheidh sa spéir. Tagann snag breac iniúchann an t-oighear sa bhfolcadán éan: ró-righin; ní bhrisfeadh sé go deo é lena ghob. Bailíonn sé leis. Cén fáth nach mbrisfinnse dó é? Ach conas? Táimse rófhada ag féachaint orm féin. Nílimse istigh Is ní mise eisean, an té sin amuigh.
~4~
Máthair shúigh: grianghraf de ghin Gin cúig lá d’aois. Féachann tú iomlán ach níl tú tagtha fós ar an saol. An chuma ort gur ag stánadh orm atá tú is tú ar tí rud éigin a rá ní ar do shon féin ach ar son gach sutha: rún nach roinnfear liom go brách. Mar dhath, mar mheall, mar chruth a fheicimse thú. Sin uile. Cad is léir duitse? An raibh scal ón gceamara ann a bhain preab asat, a chuir sceimhle ionat? An eol duit cad is pian ann? Pléisiúr? An gcloiseann tú aon ní? Rud ar bith? Gíocs? Trí chroí atá ionat. Trí chroí. Conas a sheasann tú é! Gin cúig lá d’aois. Braithim gur sine i bhfad thú ná mé is go mbeidh tusa is do leithéid fós thart tú féin is do dhúch sa tsrúill is sinne glanta go deo den phláinéad – speiceas aonchroíoch.
~5~
Savita Halappanavar (In Memoriam) In uiscí fuara Abhainn na Gaillimhe tá eala ag coinneáil súile ar a hál. ‘Tír Chaitliceach í seo,’ a dúradh leat. Tá buillí croí do ghine ag éirí lag, teocht ag teacht ort is mearbhall . . . Corraíonn lapaí beaga na n-éan uiscí briste Abhainn na Gaillimhe – an mháthair ag coinneáil súile ar a hál.
~6~
Féileacán Féileacán ar fhuinneog. Bhíos in ann féachaint trína sciatháin. Ar feadh uair an chloig ina dhiaidh sin bhíos in ann féachaint trí gach aon ní is tríom féinig.
~7~
Onuphrius Mé Onuphrius mé guth mé tost an ghaineamhlaigh gan d’éadach umam ach clúmh Spéirbhean tráth a bhí ionam gur bhronn Dia féasóg orm trína séideann leoithne na bhFlaitheas Mé Onuphrius briathra milse Dé a chothaíonn mé is a mhúchann mo thart
~8~
Aingeal an Uabhair Mhúrfaí é as a mhóideanna crábhaidh a bhriseadh a dúradh leis. Fóill oraibh! arsa Herman. Lig dom leabhar a chruthú in aon oíche amháin, leabhar a tharraingeoidh clú ar an mainistir seo go deo, cóip den Bhíobla ina iomláine agus a thuilleadh fós – leabhar ina mbreacfaí síos gach eolas atá cruinnithe ag an duine go dtí bliain seo ár dTiarna. ‘Áiméan!’ arsa na manaigh as béal a chéile. Ní raibh leath na hoíche caite nuair ba léir do Herman go raibh an tasc thar a chumas, thar chumas éinne. Ghuigh sé chun Lúicifir: ‘Tar i gcabhair orm agus is leatsa m’anam!’ Nocht an diabhal is chuaigh i mbun peannaireachta, é ag bárcadh allais go breacadh an lae, ag scríobadh is ag scrábadh, deatach ag éirí aníos as an bpár ina dhlaoithe dorcha graosta, leathshúil dhearg leis ag broidearnach an t-am go léir gur chuir bailchríoch sháraoibhinn ar a leabhar féin – Bíobla an Diabhail! Agus tá a phictiúr greanta istigh ann ag Herman mar chomhartha buíochais dó – Fear na gCrúb ar a ghogaide adharca móra ag péacadh amach as a bhaithis. Ach, is mór dá aiféala a bhí ar Herman ar ball is chosain sé é féin ar Lúicifir leis na focail dhraíochta seo:
~9~
PUTON PURPURON DIRANX CELMAGIS METTON ARDON LARDON ASSON CATULON! Taisc na focail sin, cuimhnigh orthu, aithris gan cháim iad dá ráingeodh sé go ndíolfá d’anam bocht le hAingeal an Uabhair.
~ 10 ~
Piet Sluis Ní cuimhin liom cén cheist a chuireas ort ach d’fhéachais go mall sa treo eile alltacht ort do dhá shúil dírithe ar an tsíoraíocht ar an bhfolús gan chríoch a bhí istigh ionat féin is é á leathadh uait i ngach aon treo baill. Chaithis an ealaín i dtraipisí crith id lámh ní foláir airtríteas ar alt is ar chnámh. Bhís sásta na colúir a bheathú trácht na Carraige Duibhe a mhallú fuisce na gréine gile agat á sú. Thagadh na mná d’fhonn suí dá bportráid gan scuab gan tacas gan olaí gan pailéad agat: faic, an tsúil a dhein an phortráid. Pé ní a chonaicís an lá san is a líon do dhá shúil go bruach is ann atá tú anois is go brách súite isteach ina lár is ag péacadh uaidh amach, faoi bhláth,
~ 11 ~
is tusa é sin anois, an canbhás ollmhór, é go léir léir léir – Piet Sluis – nach tú?
~ 12 ~
Fuiseoga: Scoil Chónaithe Dorchla fada fuar is macalla mo bhróg dom leanúint gan trócaire Misinéirí, sagairt, easpaig óna bhfrámaí dorcha dom sheilg Fannléas ó ghrian an gheimhridh ag éalú trí fhuinneog dhaite is féach – gan fráma ar bith uirthi – cailín glantacháin Catsúil romham is im dhiaidh méar lem bhéal – mar chomhartha di bheith ciúin – is bainim póg di Siúlaim liom go réidh, súile na sagart marbh orm i gcónaí. Samhlaím go gcloisim fuiseoga, an t-aer sioctha acu á leá. Níl sa bhíogarnach lag, ámh, ach snas á chur go dian ar leaca urláir.
~ 13 ~
Port na bPúcaí Cúr cúr cúr ag teacht ag teacht de dhroim na dtonn ag teacht de dhroim na dtonn chugainn cuilithíní cuilithíní cuilithíní ag teacht ag teacht de dhroim na dtonn ag teacht de dhroim na dtonn chugainn glór glór glór ag teacht ag teacht de dhroim na dtonn ag teacht de dhroim na dtonn chugainn glór na míolta móra ar tonnta iad ag teacht ag teacht de dhroim na dtonn ag teacht de dhroim na dtonn chugainn glór na míolta móra
~ 14 ~
ar púcaí iad ag teacht ag teacht de dhroim na dtonn ag teacht de dhroim na dtonn chugainn glór na bpúcaí ar míolta móra iad ag teacht ag teacht de dhroim na dtonn ag teacht de dhroim na dtonn chugainn cúr cúr cúr
~ 15 ~
Sionnach: 5 haiku ciúnas nach eol don duine – sionnach i mbun seilge fearbán á scuabadh ag ruball sionnaigh
~ 16 ~
cuireann cluas air féin an maidrín rua – peiteal róis ag titim i measc na nóiníní á tochas féin – sionnach baineann tá sé bailithe leis an sionnach, bailithe leis an fómhar isteach
~ 17 ~
Bhí a fhios agam nach raibh ann ach crann (do Ko Un) Bhí a fhios agam nach raibh ann ach crann claochlaíodh le soilse é le maisiúcháin le sneachta bréige agus i dtús seo an 21ú haois thugamar ómós is urraim dó Is gearr go mbeidh orainn é a chaitheamh amach is é a thabhairt d’inneall athchúrsála thuas ansin ar Chnoc Chill Iníon Léinín béicfidh sé mar a bhéic anuraidh is an bhliain roimhe sin – spíonlach – cad is ea é? Cad is ea sinne?
~ 18 ~
Fidléir Tháinig sé amach as an mbothán bhuail suas streancán ar an veidhlín bhí lachain ar an mbóthar ní fhaca éinne ó shin iad
~ 19 ~
Lannaigh faoi Dhroichead Uí Chonaill Bhailigh dornán daoine ar Ché Éidin chun breathnú ar na héisc faoin droichead. Ghabh duine beag tharstu faoina chaipín liath: ‘Lannaigh!’ ar sé, ‘Dea-shíon ar feadh sé seachtaine.’ Agus is mar sin a bhí. Tháinig an ghrian amach. Shoilsigh an solas céanna ar Ard-Eaglais Chríost ar na Ceithre Cúirteanna ar Choláiste na Tríonóide ar Bhanc na hÉireann ar shiopa beag a bhí dúnta le cláir ina ngearrtaí eochracha tráth is ina gcuirtí faobhar ar sceana. Chuardaigh iarsmaí Lochlannach is Gael shoilsigh ar scoileanna ar ospidéil, ar thábhairní is ar phríosúin, ar pháirceanna, ar thithe is ar an Zú: bhí moncaithe ann is leathadar a ngéaga roimis. Shoilsigh an ghrian ar shráideanna is ar chaolsráideanna duirleogacha ar ghúnaí samhraidh na n-ógbhan ar an Life is ar na héisc nár chorraigh ach ar éigean: Lannaigh ar léir dóibh an todhchaí.
~ 20 ~
Líon Folamh Damháin Alla “Ná caith do chuid ama ag scríobh dánta nó aistí ar Zen . . .” Nyogen Senzaki
Is fada anois ó leagas súil ar dhamhán alla ach tá an t-am féin tamall maith in easnamh: Cad is am damháin alla ann? An ndeir sé leis féin, ‘Tá tamall maith anois ann ambaist ó nocht mo dhuine, an scrioblálaí a thugann faoi deara mé is nach gá dom eagla a bheith orm roimhe.’ Dá nochtfadh sé anois, an damhán alla, d’fhéadfaimis ár gcuid móideanna a thabhairt arís: Gan cur isteach ar a chéile go deo ár gconair féin a leanúint scéalta a fhí, neamhspleách ar a chéile. Creathán sa líon folamh. An bhfuil sé chugainn? An damhán alla? As an bhfolús? Níl, níl ann ach feoithne Nó an aigne, díreach, gluaiseacht shíodúil na haigne
~ 21 ~
Fás Aon Oíche Thagraíodh sé (Nyogen Senzaki) dó féin mar ‘fhás aon oíche’ .... James Ishmael Ford
Tusa an fás aon oíche a phreab aníos aréir loiteann tú mo chuid fréamhacha teascann tú mo ghéaga caitheann tú mo chuid bláthanna ar an gcarn aoiligh is deineann magadh faoi mo chuid síolta as an méid sin go léir gabhaim fíorbhuíochas leat óm chroí lom.
~ 22 ~
Trí Fhocal ó Bhéal Caoin-Ghéar Nyogen
Míníodh an scéal iomlán dom i dtrí fhocal mar a leanas -anicca -dukkha -anatta nach aoibhinn iad! sea, ach cad deir siad? tharlódh nach bhfuil iontu ach siollaí gan bhrí glaoch ar lachain nó ar mhuca tagaigí! ithigí! -anicca -dukkha -anatta slog an méid sin! ith na focail sin cogain go maith iad: anicca dukkha anatta -anicca d’aigne is do cholainn sea is cad mar gheall orthu? neamhbhuan is an domhan ina mairid neamhbhuan sin is anicca ann mar sin ’bhfuil tú liom?
~ 23 ~
níl? Níl, mar an aigne, an cholainn, an domhan samhlaímid buaine leo seasmhacht agus sin is dukkha ann – an fhulaingt sin, an crá leá chúr na habhann ar gach aon ní an t-am go léir gach aon ní ag imeacht le sruth is mura bhfuil greim againn ar an aigne ar an gcolainn ar an domhan – is níl – gan greim againn ar aon ní tugann sé sin sinn go dtí anatta: cé thú mar sin? anatta cé thú sa chíor thuathail seo go léir an neamhbhuaine seo anatta aimsigh an sruth gan tús gan deireadh … múch an teilifís féach ar bhróigíní beaga do ghariníne is an ciúnas go léir atá cruinnithe istigh iontu 1 a.m. An Leathsféar Thuaidh
~ 24 ~
Tús na Saíochta An lá á fhoirmiú féin arís as scáileanna as faic an domhan a fheiscint ina fholús is gan é a chaoineadh! Is gearr go n-osclóidh na héiníní a ngoibíní is líonfaidh an folús soilseach lena mbinneas
~ 25 ~
Rud ab ea é nach bhfaca mé cheana do Hatto Rud ab ea é nach bhfaca mé cheana lon dubh ag piocadh as éan dá chineál féin. Ó thráth go chéile féachann sé i leataobh san áit ina bhfuilimse ciontach mar dhea loinnir fhuar ina shúil ciontacht dá laghad ní bhraitheann sé ar ndóigh. Is cuma leis siúd gur éan dá chineál féin a thit go talamh níl geis ar bith ann a choiscfeadh lon dubh ar éan dá chineál féin a chéasadh Is mar sin, leis, é le briathra a ghoineann conas a éiríonn siad conas a ligtear dóibh éalú as cuas éigin sa chroí nár caitheadh solas fós air?
~ 26 ~
Gomaji Ganesh An tUasal Gomaji Ganesh chun tú a fheiceáil, a dhuine uasail. Cé? An tUasal Gomaji Ganesh. Gomaji? Ganesh? Nílimse ag súil le Gomaji Ganesh ar bith. Cé hé féin? Cad atá uaidh? Ní dúirt sé cad a bhí uaidh. An ndéarfaidh mé leis nach bhfuil tú istigh? Gomaji Ganesh? Tá an t-ainm sin cloiste agam. Gomaji . . .? An é – ? Ní hea, ní fhéadfadh. Féach, abair leis – soicind amháin. Féachfaidh mé cad deir Google faoi. Ganesh, Gomaji. Á, seo é anois. Ní chreidim é! Ach – agus tá sé anseo chun mé a fheiceáil? Tá, a dhuine uasail. An ligfidh mé isteach é? Ná dein! Ar chraiceann do chluaise! Duine gan tábhacht é Gomaji Ganesh. Tábhacht dá laghad. Tá sé ráite anseo, féach! Cé a chreidfeadh é: Gomaji Ganesh, Duine Neamhthábhachtach.
~ 27 ~
An Chonair Cá dtabharfaidh an chonair seo mé amach sa todhchaí siar ar bhóithrín na smaointe? feofaidh an páipéar ar a bhfuil an dán seo scríofa is cad a dhéanfar de? ní mhairfidh an dán ná an té a chum an chonair féin imeoidh
~ 28 ~
Amhrán Lonrach na Scál Nuair nach bhfuil ann ach imlíne scáil nó scáthchruth in aghaidh spéartha suaite sin í an uair chun folús na beatha a tholladh agus patrún do shaoil a fheiscint mar atá: scáth-phuipéadóireacht! Cúig éan i gcrann de scáileanna iad, sin uile: éist, amhrán lonrach na scál á leathadh ar fud an tráthnóinín is tráthnónta uile d’óige
~ 29 ~
Góstaí Jack Kerouac Ba ghóstaí iad go léir d’athair bocht do mháthair bhocht Gerard, do dheartháir bocht do mhná céile bochta d’iníon bhocht an bóthar ag cur thar maoil le góstaí scríbhneoirí, góstaí uile, Ginsberg, Burroughs, Snyder, Corso, Ferlinghetti gósta Thomas Wolfe Whitman Han-Shan scamaill sléibhte giall cnámhach Neal Cassady gósta an Chroí Ró-Naofa zen snagcheol haiku benzedrine uisce beatha an gósta sa bhuidéal folamh striapacha foilsitheoirí Ku Klux Klan góstaí Mheicsiceo Cheanada
~ 30 ~
Mheiriceá is na Briotáine d’fhéadfaí dul ar aghaidh ach níl aon deireadh leis an mbóthar téann sé ar aghaidh is ar aghaidh an gósta ionatsa ar crith roimh an duine Oíche mhaith, Jack
~ 31 ~
Fianna fianna gan choinne is líontar an réiteach lena ngile murach airdeall na bhfianna thitfeadh brat dorcha ar an gcruinne an fhuaim is lú – cipín briosc á scoilteadh – taifeadta do na glúine a thiocfaidh éist, sceithfidh ár gcartlanna fianna ar fán san fhoraois
~ 32 ~
Martin Luther King Cén fáth nach éan nó féileacán a d’eitil tríd an aer chugat seachas piléar a ghabh trí do smig is do mhuineál is a theasc corda an dromlaigh? An raibh aisling, leis, ag an bpiléar – dán dorcha dá chuid féinig?
~ 33 ~
An Búda cloiche sa ghairdín An mhaidin Luain seo agus scáileanna ag rince leis an ngrian nó an ghrian ag rince le scáileanna níl soilsithe den dealbh ach aghaidh an Bhúda faoi ghrian na maidine An Búda amháin atá in ann breathnú ar an ngrian – an ghrian istigh ann féin a dhein smidiríní den oíche. Gabhann colúr thar bráid; ní stopann chun iontas a dhéanamh den aghaidh sholasmhar seo. Ach tá seisean leis ag cur thar maoil le solas is an uile ní beo ar chlár na cruinne. Uaireanta is ag súil le siolla a bhímid le meangadh nó ag guí nach ndéanfadh an gadhar a mhún air ach an Búda cloiche sa ghairdín níl ann ach cloch
~ 34 ~
A Ealaí Tugaigí libh ar bhur n-aistir bhána mo mhianta is m’aislingí uile is iad measctha le bhur mianta is bhur n-aislingí féin greadaigí bhur sciatháin théagartha sa bhfolús imígí imígí libh os cionn scáileastáit Éireann ná féachaigí oraibh féin i bpánaí briste imígí as radharc mo mhianta as raon m’aislingí is m’eolais bhur scrogall sínte!
~ 35 ~
An Leamhan is a Chuid Taisteal Líon na leamhan amuigh ansin is an solas á lorg acu – líon gan áireamh. Tháinig leamhan go dtí an fhuinneog anocht á bhrú féin in aghaidh na gloine agus thar aon leamhan eile (thar aon neach eile) dá bhfaca mé riamh samhlaíodh dom go raibh aistear an-fhada déanta aige trí ghleannta dubha ceo. B’fhacthas dom go raibh impí ina shúile nár léir dom i gceart is i bpreabarnach uafásach leictreach a chuid sciathán traochta. Níl mórán anseo, a deirimse leis, cuardaigh an cosmas duit féin – réaltbhuíonta i gcéin. Tar ar ais ansin is deimhnigh dúinn uile nach bhfuil sa dorchadas ach ár ndaille ár n-éadóchas
~ 36 ~
ár ndeoraíocht i bpéin – nó, níos fearr fós, croch thart is aimsigh an solas sin atá uait go géar id chorp mistiúil féin
~ 37 ~
AN MHÓRCHEIST (do Róisín Armie) Muineál an lasairéin comhartha ceiste ag dul sa treo eile an raibh ceist ann an chéad lá riamh (ní gá é seo a fhreagairt) loinnir an uisce ina leánn mórcheisteanna is mórfhreagraí an domhain
~ 38 ~
Marin Marais Samhlaíodh dom go raibh píosa ceoil leat á stiúradh agam an lámh chlé neamhspleách ar an lámh eile an lámh chlé in ann an chuid mhall a stiúradh an lámh dheas in ann an chuid mhear a stiúradh agus ansin bhí gach aon chuid díom do do stiúradh gach pór díom ó bhonn go baithis gach aon orlach díom mo shúile mo chluasa gach aon bhall dem chorp an croí an t-ae na duáin na scamhóga ní raibh aon chuid díom nach raibh ar maos i do chuid ceoil D’fhéachas amach bhí na nóiníní go léir ina dtost gach aon nóinín níos báine ná a chéile an féar gan chorraí Géaga na gcrann do do stiúradh
~ 39 ~
Cara scoile a d’éag Leáite ataoi sa cheol a sheinnteá is tú id gharsún an corn Francach ag fógairt go mbeifeá ann go deo Cad d’imigh ar an gcorn? Bhfuil beola eile inniu leis?
~ 40 ~
an duine a shantaigh an saol eile rois an traonach an chaille sin idir an saol seo is an saol eile ach ó d’imigh an traonach tá mo dhuine sáinnithe abhus ní mór dó dul ar e-bay anois agus traonach a lorg ~ 41 ~
Crann, Seanchara Nochtann crann mar sheanchara ba dhóigh leat cara a thréigeas fadó ag feitheamh liom atá sé leis na blianta fada – cén gaineamhlach é seo? – faoin mbáisteach, faoin ngrian, oíche agus lá ach nílimse ach ag gabháil tríd níl am agamsa aon chuid de seo a dheimhniú ar aon nós níl ann ach brionglóid Nach fíor dom? Crainn eile, balbh, finnéithe ar an bhfeall seo is déanaí
~ 42 ~
JÓ HILL Alfred Hayes a chum an bundán
Do chonaic mise Jó aréir Sé bhí lán de bhrí! Ar mé, ‘Ach Jó, nach marbh duit!!’ “Níor cailleadh mise riamh! Níor cailleadh mise riamh!” ‘In Salt Lake, Jó,’ a deirim leis, Is taobh lem leaba bhí, ‘Do cuireadh dúnmharú id leith,’ Ar Jó, “Táim lán de bhrí!” Ar Jó, “Táim lán de bhrí!” ‘Do chniog lucht copair thú, a Jó, Mharaíodar thú, mo léir!’ “Theastódh níos mó ná gunna muis!’ Ar Jó, “Níor cailleadh mé!” Ar Jó, “Níor cailleadh mé!” Is sheas ansin chomh beo bhí riamh An gáire ina shúil: “An rud ná rabhadar in ann a chloí Do chuaigh ag eagrú Do chuaigh ag eagrú.” “Níl Joe Hill marbh,” ar seisean liom “Tá Joe Hill beathach beo. Má bhíonn lucht oibre amuigh ar stailc Beidh Jó in aice leo. Beidh Jó in aice leo.
~ 43 ~
Ó San Diego suas go Maine Le hallas is le fuil Má sheasann daoine lena gceart Is ann a bheidh Jó Hill Is ann a bheidh Jó Hill Do chonaic mise Jó aréir Sé bhí lán de bhrí! Ar mé, ‘Ach Jó, nach marbh duit!’ “Níor cailleadh mise riamh! Níor cailleadh mise riamh!”
~ 44 ~
Súile Eibhlín ‘Tar isteach,’ ar sí, ‘go bhfeicfidh tú mo mham is í sínte marbh solas neimhe ag lonrú os a cionn – solas, a Ghabriel, ar fuaid na bhfuaid.’ Níor chuas. Eagla a bhí orm nach bhfeicfinn an solas nach bhfeicfinn ach corp balbh fuar seanmhná. Cuimhneod go deo, ámh, ar shúile Eibhlín deoir mar gha gealaí lena grua – solas iontu ag cur thar maoil.
~ 45 ~
Cuach ó aois eile Is chan aithním féin an Domhnach
Ar ghabhas an chonair seo cheana cén tírdhreach é seo cad iad na bláthanna seo go léir is na crainn uile na bolaithe sin is na dathanna cuach ó aois eile ag glaoch rud amháin a aithním an ciúnas ciúnas a bhí ionam ón gcéad lá riamh is a chailleas thána arís air ní hea is é an ciúnas a tháinig ormsa is fada sa tóir orm é ag glaoch orm as lár an tosta ghabhas an chonair seo cheana
~ 46 ~