Krishnamurphy Ambaist’!
Krishnamurphy Ambaist’!
Gabriel Rosenstock
Coiscéim 2004
An Chéad Chló 2004. © 2004 Gabriel Rosenstock. Dearadh agus clóchur: Michael Everson, Everson Typography, Baile Átha Cliath (www.evertype.com). Palatino an cló. Arna chlóbhualadh in Éirinn ag Johnswood Press, Baile Átha Cliath. Tá Coiscéim buíoch de Bhord na Leabhar Gaeilge as tacaíocht airgeadais a chur ar fáil. Gach ceart ar cosaint. Ní ceadmhach aon chuid den fhoilseachán seo a atáirgeadh, a chur i gcomhad athfhála nó a tharchur ar aon mhodh nó slí, bíodh sin leictreonach, meicniúil, bunaithe ar fhótachóipeáil, ar thaifeadadh nó eile, gan cead a fháil roimh ré ón bhfoilsitheoir. Coiscéim: Tig Bhríde, 91 Bóthar Bhinn Éadair, Páirc na bhFianna, Binn Éadair, Baile Átha Cliath 13.
Quid a hAon
Krishnamurphy, Ambaist’! Fánaí . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . 3 Corr-Rud . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . 4 Ólann K. Bolgam Fíona . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . 5 An tAm atá le Teacht . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . 9 Cailleann K. an Cloigeann . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . 10 K. agus an Béarla . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . 11 Haiku le K. . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . 12 Glantóir Graifítí . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . 13 Ligeann K. an Cat as an Mála . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . 14 Tomhas . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . 15 Graifítí . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . 16 Díomhaoin . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . 17 Éisc Dhubha . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . 18 Freagraí . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . 19 Jein, arsa K. . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . 20 Ramana Maharshi . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . 21 Omphalos . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . 22 Lár na Cruinne . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . 23 Múrmhaisiú . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . 24 Comhghairdeas! . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . 25 Oscail! . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . 26 Advaita Mínithe ag K. . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . 27 Caitheann K. Súil ar na Nuachtáin . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . 28 Feic! . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . 29 Loisceadh . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . 30 An Búda . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . 31 Papaji . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . 32 Slán! . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . 33
Quid a Dó Buson . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . 35
Quid a Trí Dearcán . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . 51
Quid a Ceathair Aifreann Krishnamurphy . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . 61
vi
Cuid a hAon
Krishnamurphy, Ambaist’!
1
2
Fánaí A scamaill, a fhánaí, tús aistir níorbh eol duitse riamh ná ceann scríbe ar fán ach ní ar strae cén spéir ar spéir an doichill duitse í nuair a stopann tú, seal, chun páirt bheag a ghlacadh i bhfochraí nó i gcróntráth an lae?
3
Corr-rud Tá corr-rud ann a thuigeann Krishnamurphy go dianmhaith: an t-am a chuaigh thart, abair … sin rud a dtagann síorathrú air – an t-am ar fad.
4
Ólann K. Bolgam Fíona Dath dearg glé cnámh droma ann mar a bhí ag Wolfe Tone, abair, nó Churchill, más maith leat, nach cuma sa riach: cnámh droma is ea cnámh droma agus táimid ag caint ar chúrsaí fíona tar éis an tsaoil Comhtháite ar mo nós féin Cén fíon a d’ól Rumi? Fíon geal an aeir fíon na bhfáinleog fíon fhuil Chríost a chuid fíona féin bíonn orm mo liopaí a ghlanadh i ndiaidh dom an méid sin thuas a léamh Ná dearúdaimis an abgang, mar a déarfá, is é sin le rá tar éis don bhfíon a bheith sa bhéal, agus tamaillín gearr a chaitheamh sa scornach – bhuel, níl ansin ach leath an scéil, nach ea? Caithfidh sé an bolg a bhaint amach. Sin í an teist! (Agus ná bí ag slogadh na bhfocal ina dhiaidh másédothoilé)
5
Tharla sé uair amháin gloine fíona áirithe nár fhág iarbhlas dá laghad ina diaidh. Mheasas gur ag taibhreamh a bhíos, arsa Krishnamurphy. Bheifeá ag súil le tréith éigin: Bog, gearr, mín, fada, tanach – Faic! Iarbhlas ar bith! Ná bíodh aon teimheal den bhuí ná den oráiste sa rosé ach é bheith pinc pinc pinc. Is maith liom pinc, arsa Krishnamurphy. Bhíos saghas pinc nuair a rugadh mé agus deirtear go raibh an ghrian saghas pinc an tráthnóna céanna Fíon dearg a bheadh ag éirí donnoráiste d’fhéadfá a rá go bhfuil sé ag dul in éag bheadh sé oiriúnach le hól agus leabhar Gaeilge á sheoladh agat. Seachas sin níl aon mhaith ann in aon chor 14% d’aolcól … Sin é do dhóthain Ach nuair is cruaidh don gcailleach caithfidh sí Zinfandel a ól: 17% (ar uairibh)! Gan aon bhréag
6
“Fíon na hoíche aréir – Goldener Oktober!” Cé a sríobh na línte sin? Ní cuimhin liom, arsa Krishnamurphy agus é ag méanfach: Tá an iomarca filíochta á scríobh, níl dóthain fíona á ól Níl aon rud níos measa ná droch-chorcrsciú mar a fuair Michael Hartnett amach agus é sa Spáinn. Sa tóir ar Naomh Eoin na Croise a bhí sé Cheannaigh sé corcscriú, mar a mheas sé, cuireadh i mála dhó é agus d’fhill sé ar an óstán, spalladh air a shúile geall le bheith Múrach roimh amhscarthanach an lae Mama mia! Cad a bhí aige ach scriúire. Ar mo leabhar Bíodh an focal corcscriú agat sna seacht dteangacha – an Fhraincis ar chorcscriú: tire-bouchon – nó, ar a laghad ar bith, bí in ann é a tharrac (ar phíosa páipéir) nó na geáitsí cuí a dhéanamh Bí in ann a rá, go húdarásach, go bhfuil an fíon loite ag an gcorc. Abair amach é! Der Wein schmeckt nach dem Kork!
7
Anois, cé na corcscriúnna is fiú bacadh leo? Níl aon locht ar an Grands Crus, cuir i gcás, aithris ar dhea-chorcsriú ón ochtú haois déag agus cuimhnigh, tá corcscriú speisialta ar fáil más ciotóg thú. Tá ambaist’! An Iodáilis ar chorcscriú: cavaturaccio … Focal seanfhaiseanta is ea é. Lig ort gur tú Diúc Laighean, Nó Krishnamurphy féin
8
An tAm atá le Teacht “Bhí an t-am atá le teacht ann cheana,” arsa Krishnamurphy, “Ar nós na sabhaircíní atá chugainn – Bhíodar riamh ann.” “Ach,” arsa na deisceabail, d’aon ghuth, “Ní hiad na sabhaircíní céanna iad!” “Siad ambaist’!” arsa Krishnamurphy. “Ní fheicimse puinn difríochta eatarthu.” Chuir sé sin ina dtost iad, d’aon tost.
9
Cailleann K. an Cloigeann Chailleas mo chloigeann inné, arsa Krishnamurphy. Agus an bhfuil fhios agat cad dúirt mé leis? Fán fada ort! a deirimse. Nár fheice mé arís thú! An fhírinne ghlan.
10
K. agus an Béarla Sciorr focal Béarla ó bhéal Krishnamurphy inné agus ghabh sé leithscéal láithreach lena dheisceabail. “Tá cathú orm,” ar seisean, “ní tharlóidh sé arís.” Tost. “Cad tá cearr leis an mBéarla?” arsa deisceabal dána as Doire. D’fhéach gach éinne air. Ghlan Krishnamurphy a scornach. “Tá an Béarla á thógaint féin mar a bheadh Túr Báibil ann,” arsa Krishnamurphy agus d’aithris sé as a sheasamh sliocht as an Sean-Tiomna dóibh: Féach, arsa an Tiarna, Aon mhuintir amháin iad Le haon teanga amháin acu go léir. Níl sa mhéid seo ach tús na mbeart A dhéanfaidh siad; Níl aon ní dá bhfuil acu á bheartú Nach bhféadfaidh siad a chur i gcrích. Téanam, téimis síos Agus déanaimis cíor thuathail dá dteanga … “Sea, a bhráithre,” arsa Krishnamurphy, leathmhala leis á ardú aige, “tá’s agaibh anois cad tá le déanamh.”
11
Haiku le K. ag bun na Croise seilide fuilteach ag iompĂł ina bhĂşda
12
Glantóir Graifítí Tá jab nua faighte ag Krishnamurphy. (Caitheadh amach as an zú é ). Is glantóir graifítí anois é. Stuif mar seo: TÁ DIA MARBH Nietzsche Agus faoina bhun: TÁ NIETZSCHE MARBH Dia Níl aon dealramh leis sin, a deir Krishnamurphy. Níl Nietzsche marbh, ná an diabhal é. B’fhéidir gur marbh atá a chroiméal Ach níl aon chruthúnas ceart againn air sin ach chomh beag. Níl éinne marbh dáiríre. Cuimhnigh ar fheartlaoi Osho: “Osho – nár rugadh riamh Nár cailleadh riamh” Ambaist!
13
Ligeann K. an Cat as an Mála Ar mhaith leatsa foghlaim conas dul amach lá báistí Gan scáth fearthainne, ná hata Agus ag deireadh an aistir Tú féin is do chuid éadaigh Iad chomh tirim le plúr? Cuir seic 100 eoró láithreach chuig Krishnamurphy Agus gheobhaidh tú caiséad breá 80 neomat uaidh sa phost. Ar an gcaiséad iontach sin tá eolas rúnda A d’fhoghlaim Krishnamurphy i dteampall Shaolin sa tSín: “Céimeanna Cliste Chun Ceathanna a Sheachaint”. Oibríonn sé. Cuir iontas ort féin agus ar do chairde! (Níl fáil go fóill ach ar an leagan Sínise de Ach aistreofar sliocht duit anseo). Sliocht: Céim a hAon “Ní maith leis an gcat a lapa a fhliuchadh, a deirtear. An chéad chéim mar sin ná bheith i do chat! Abair i mo dhiaidh: Mmmí-abha! Mmmí-abha! Go maith.” (Deireadh an tsleachta). Is léir go dtuigeann Krishnamurphy cad tá ar siúl aige. Scríobh an seic sin anois. Ní bheidh puinn aithreachais ort. Mmmí-abha! Sin é! My who!
14
Tomhas Bíonn sé san uisce ach ní éiríonn sé fliuch. An freagra: ubh i dtóin lachan. Ní mise a chum, arsa Krishnamurphy. Nílim in ann tomhaiseanna a chumadh: tá gach aon ní ina dhúcheist fad is a bhaineann sé liomsa, an ubh, an t-uisce, an lacha, mé féin. An dáinín seo. (An ceann roimhe is an ceann a thagann ina dhiaidh).
15
Graifítí Graifítí a ghlan Krishnamurphy le déanaí Ná uimhir ghutháin: Bean éigin a raibh seirbhísí áirithe á dtairiscint aici Ach sular scrios sé an graifítí Ghlaoigh Krishnamurphy ar an mbean: “An mbeadh spéis agat i gcaiséad,” ar seisean, “A mhúinfeadh duit conas an bháisteach a sheachaint?” Chuir sí síos an fón. Nach é an trua é, arsa Krishnamurphy, leis féin, Bean mar í b’fhéidir go mbeadh sí ina ghátar Tráthnóna éigin agus é ina chac báistí … Lig sé osna fhada. “Ba chuma liom,” ar sé, “Ach ní rabhas chun pingin rua a ghearradh uirthi – Pingin rua!”
16
Díomhaoin Tá Krishnamurphy díomhaoin arís. Ní róshásta a bhí an Bardas lena chuid oibre mar ghlantóir graifítí – go háirithe nuair a thosnaigh sé féin ar é a scríobh – nathanna de chuid Dogen, fealsamh Zen, nár thuig éinne ach muintir an Bhlascaoid Mhóir.
17
Éisc Dhubha Bhí fhios agam go dtarlódh sé lá éigin arsa Krishnamurphy. D’iompaigh na duilleoga bambú ina n-éisc dhubha. Ná lig dom mo shúile a dhúnadh arís.
18
Freagraí Faoi mar a dúradh cheana Ní fear tomhaiseanna é Krishnamurphy Ach níl aon teorainn leis Maidir le freagraí a chumadh: Móin Seilide Corr éisc ina sheasamh ar leathchos Gráinneog Bodhrán Bundún leice.
19
Jein, arsa K. Tá focal Gearmáinise ann Nach múintear sna scoileanna Agus sé an focal sin ná Jein. Saghas comhfhocail is ea é – Ja agus Nein. Sea is ní hea. (Snea). Tá agus níl.(Tníl) Mar fhreagra ar an gceist An dán é seo? Abair Snea.
An bhfuil tú mór liom? Tníl.
20
Ramana Maharshi Deirtear ná bíodh a shúile dírithe ar aon ní ná ar éinne aige ach gur báite sa tsíoraíocht a bhí sé an t-am ar fad.
21
Omphalos Dar m’imleacán! arsa Krishnamurphy.
22
Lรกr na Cruinne Aimsigh lรกr na cruinne, arsa Krishnamurphy. Conas? arsa na deisceabail. Tuig, arsa Krishnamurphy, Tuig nach tusa lรกr na cruinne Is osclรณfar lรกr na cruinne dhuit.
23
Múrmhaisiú Tá haiku péinteáilte ag Krishnamurphy ar fhalla an ghairdín: tá na torbáin ina ndúiseacht dúisímis leo! Éinne a léann é bíonn soilsiú aigne aige ar an toirt Tá na scuainí lasmuigh dá thigh – Tom, Dick, Harry et al. Ní nach ionadh tá na comharsana ar fad le ceangal. Níl aon locht acu ar an haiku per se ach an ghramaisc sin – na veaineanna sceallóg lucht díolta T-Léinte – Go dtuga Dia díon dúinn cad as a dtánadar go léir?
24
Comhghairdeas! Dhein Krishnamurphy an roth a athcheapadh inné Tá sreangscéalta comhghairdis ag teacht chuige inniu Ó dhaoine a dhéanfaidh an sreangscéal A athcheapadh amárach.
25
Oscail! “Oscail! Oscail!” arsa an fiaclóir le Krishnamurphy. “Ní fhéadfainn bheith níos oscailte!” arsa Krishnamurphy i gcogar. Leis sin, soilsíodh aigne an fhiaclóra.
26
Advaita Mínithe ag K. Ní dhá rud é An bhrí atá le hAdvaita. An chearc? An ubh? Ní dhá rud iad. Ní hea. Síneadh ar an gcearc is ea an ubh. Síneadh ar Dhia, ar an Aon, Is ea gach Aon rud Sinne san áireamh. Mise agus Sadam Hussein Is cóngaraí ná deartháireacha sinn Dáiríre níl puinn difríochta eadrainn – Ní fhéadfadh a bheith. Go deo. Sí an Arabais an Ghaoluinn I riocht eile Sí an Ghaoluinn an Arabais. Níl i bhfoghar ar bith Ach anáil Dé, puth! Níor cailleadh aon teanga riamh Is ní chaillfear Níor cailleadh duine ná dreoilín riamh Nuair a thuigeann sibh Cad is Advaita ann Tuigfidh sibh nádúr an uile ní An uile dhath An uile fhoirm An uile dhán … Coc-a-dúdal-dú! Hé! Ar chuala sibh? Táim ag glaoch oraibh!
27
Caitheann K. súil ar na Nuachtáin LÁ Is dócha gur istoíche A scríobhtar a leath dhe The Irish Independent Níl a fhios agam Cé chomh neamhspleách is atá sé Foinse Cad iad na foinsí atá aige? The Hindu Léigh na fógraí beaga Go háirithe na cinn a deir Caste no barrier Má tá bean mhaith mhacánta uait The Wall Street Journal B’fhearr liom copóg ná é Chun mo thóin a ghlanadh Neantóg fiú.
28
Feic! Feic! Arsa Krishnamurphy.
29
Loisceadh Is iomaí péire bríste a dhóigh Moyshe-Leyb Halpern. In ainm is a bheith ina ghlantóir Agus ina iarnálaí a bhí Moyshe Ach, an fear bocht, file ab ea é, Línte véarsaíochta á n-aithris aige i gcónaí, Á lúbadh, a líomhadh is á luathú In áit díriú ar an jab – An t-arán laethúil a thuilleamh. Creatlacha sa tóir air de ló is d’oíche Iad gáirsiúil glafaireach. Moyshe! Cad a thabharfá ar dhuine den saghas sin? Leibide? Leathamadán? Laoch? Is dócha gur mheas sé, mo léir, Nach é an treabhsar a bhí á dhó chuige Ach a mheabhair. A chine is a theanga, vey ist mir, A dhúchas á loisceadh arís is arís is arís eile. Taom croí, sa deireadh, ba thrúig bháis dó. Taom croí, leis, a bhuail a theanga. Moyshe!
30
An Búda Cén fhaid a ghabhais, a Bhúda, Nó cén fhaid is féidir tú a leanúint? Loiscis thú féin in Nirvána, lastall ar fad, Lastall díot féin, Gautáma, Is le teann comhbhá D’fhágais d’íomhá chaoin id dhiaidh Aoibh a chuimsíonn yúga i ndiaidh yúga Íomhá a deir nach rabhais ann Le loisceadh an chéad lá – Siúd thall na sméara dubha Ar chac an púca orthu Uaigneas na cruinne Níl aon ní buan Ghabhais tharat féin Chun go gcáithfí cách in iothlainn a gceárma Ní le hadhradh ataoi Mar nach dia thú Chuiris an ruaig ar na déithe go léir Theitheadar thiteadar ina bpleist Ina mbláthanna ag do chosa, do chosa nach gcorraíonn Dóigh na focail seo, a Bhúda, go séimh
31
Papaji Agus é ag fáil bháis Arsa Papaji, “Cá bhfuil an Búda? Tugtar isteach é! Tugtar isteach é!” Siolla ar bith eile uaidh Níor chuala na deisceabail. Ar tháinig an Búda isteach? Conas a thiocfadh? Ní raibh sé riamh as láthair
32
Slán! Tá deireadh ráite anois ag Krishnamurphy. Tost feasta. Bhí sé go deas aithne a chur oraibh. Go dté sibh slán!
33
34
Quid a Dรณ
Buson
35
36
Yosa Buson (1716–1783) Máistir Haiku Ní dócha go bhfuil aon mháistir haiku, seachas Basho ar ndóigh, ar mó a meas ag Seapánaigh air ná Buson. Ní deacair a cháil a chosaint. Péintéir mór le rá – agus oilithreachtaí Bhasho go minic mar théama aige – agus file thar na beartaibh ab ea é a bhfuil súil an phéintéara le brath ar a dhéantúis áille. Sula ndíreoimid ar a chuid haiku – nár haiku iad ag an am ach hokku, an chéad véarsa de chomhdhán nasctha ar a dtugtar renku – féachaimis ar dhán breá dá chuid nach bhfuil eolas ag mórán de mhuintir iarthar domhain ina thaobh. Casadh ainnir air – cailín aimsire - a bhí ag filleadh ar theach a muintire agus is mar seo a leanas a shamhlaíonn an file braistintí na mná óige. Ar Bhruach Abhainn na Céime, Leoithne Earraigh ag Séideadh Ag filleadh abhaile dhom inniu – Ag fágaint Osaka im dhiaidh, seo anois mé Cois Abhainn Nagara Faoi leoithne an earraigh Síneann an bruach i bhfad uaim, agus is faide fós uaim é Mo bhaile dúchais Siúlaim feadh an bhruaigh chun luibheanna a bhailiú Agus driseacha sa tslí orm. An amhlaidh atá siad in éad liomsa Agus go stróiceann siad mo bhalcaisí, go scríobann mo leasracha? Abhainn atá breac le carraigreacha – Amach liom agus piocaim dorn peirsile. A bhuíochas do na carraigreacha os cionn uisce Is tirim iad i gcónaí fáithimí mo chiomónó 37
An crann sailí Taobh leis an taetheach aonair – Tá sé dulta in aois Seanbhean theach an tae, nuair a chíonn sí mé, Fad saoil chugat ar sí agus molann mo dhreach Tá beirt chustaiméirí aici is iad ar tí imeacht, Ag cabaireacht eatarthu féin i gcanúint an deiscirt, Caitheann siad trí bhonn ar an mbord mar íocaíocht Agus fágann siad slí domsa ar an mbinse Níl sa bhaile teorann seo ar fad ach dhá theach nó trí – Tá cat ag glaoch ar a leathchat Nach dtagann Lasmuigh den bhfál tá cearc ag glaoch ar a hál. Tá an talamh go leir clúdaithe le féar. Sicíní beaga ag iarraidh léimt thar an bhfál, Dornán díobh nach n-éiríonn leo – tá sé ró-ard Tá trí chosán romham anois Agus feicim trí fhéar an earraigh Aicearra a oirfidh go breá dhom Caisearbháin faoi bhláth i ngrúpaí de thrí is de chúig, Cúig cinn anseo buí, trí cinn thall atá bán, is cuimhin liom go maith an chonair Piocaim caisearbhán díobh Go ceanúil is féachaim ar bhainne na n-éan Ag púscadh as an ngas caol
Cuimhním ar na laethanta a d’imigh, an grá a bhí ag mo mháithrín dúinn, Mothú aoibhinn an earraigh ina hucht Tá m’earrachsa thart agus cónaí orm anois in Osaka I máinéar na mbláthanna bána cois Dhroichead Naniwa, Faisin na cathrach á bhfoghlaim agam i m’ógbhean dom Trí bliana ó shin a d’fhágas an baile is mo dheartháirín im dhiaidh. Crann pluma nódaithe is a ghéaga faoi bhláth, an fréamh dearúdta aige Tá mo bhaile dúchais i ngreim an earraigh agus siúlaim romham. Maisithe le crainn sailí, téann an chonair ar an mbruach fada le fána Faoin gclapsholas, is mé ag scrogaíl, faighim léas ar mo sheantinteán. A cúl leis an doras aici, tá seanbhean liath is mo dheartháirín ina baclainn aici Is iad ag fanacht liom i gcaitheamh laethanta an earraigh – An cuimhin leat an rud a scríobh Sean-Tadhg: Ag filleadh abhaile – Tá sí ina codladh, agus taobh léi An tuismitheoir aonair ar marthain Tá cumha atmaisféarach éigin ansin agus cumas inste scéil a mheabhródh filí Ríora T’ang na Síne dhuit agus, ar ndóigh, chuaigh an chuid is fearr de chultúr na Síne go mór i bhfeidhm ar Yosa Buson. Chuaigh. Go smior. Tá a lán lán a d’fhéadfaí a rá faoin dán seo. Na sicíní beaga, cuir i gcás. Sampla is ea é sin den rud ar a dtugtar hogan biiki, comhbhá le rudaí beaga suaracha.
Tréith is ea é a bhí forbartha go foirfe ag an máistir Issa (a bhfuil samplaí raidhsiúla dá shaothar le léamh sa leabhar Eachtraí Krishnamurphy, 2003). Braithim, leis, go bhfuil hon’i anseo, cur síos fileata ar áit ar leith, breith ar nádúr agus ar dhúchas na háite. Is dán máistriúil é ar go leor slite. Cuimhnímis ar na spailpíní agus ar na cailíní aimsire againn féin , tráth den saol, agus na hathruithe go léir a thugadar faoi ndeara ar fhilleadh abhaile dóibh. Is téama uilíoch é a mheabhraíonn dán eile dhom, dán an teidil sa leabhar An Spealadóir Polannach le Peter Huchel a d’fhoilsigh Comhar roinnt blianta ó shin. Tá, ar ndóigh, blas den éarótachas i ndán Buson agus bheifeá ag súil leis sin ón bhfile-phéintéir seo a dhein na céadfaí uile a chomóradh. Is iontach cé chomh minic is a luaitear an bhóithreoireacht i haiku clasaiceacha na Seapáine; dheineadh na manaigh Zen a lán de agus dhein Buson féin a sciar féin den ródaíocht chomh maith: A luaithe lasmuigh den gheata mé is taistealaí mise, leis – an fómhar is an oíche ag titim Tugtar kigo ar fhocal a léiríonn duit cén séasúr lena mbaineann an haiku. Is féidir an séasúr féin a lua, gan dabht, agus is minic a luaitear é, nó is féidir leid a thabhairt. Dá ndéanfá tagairt do phlúiríní sneachta, cuir i gcás, bheadh fhios ag an léitheoir nach é lár an tsamhraidh é. D’fhoilsítí saghas sainfhoclóirí ina luaití na comharthaí go léir a bhain le gach séasúr ar leith. Mar sin, tá na ceithre ráithe thar a bheith tábhachtach agus seanhaiku á léamh againn. N’fheadar nach bhfuil baint ag creideamh sinsearach na Seapánach leis an scéal, an Sinteochas, ina bhfuil ceangal dlúth idir an osnádúrthacht agus an dúlra. Mar sin, más ábhairín duairc é an préachán le féachaint air, abair, is minic i ndánta fómhair é dá réir sin:
Imíd as radharc ina gceann is ina gceann, na préacháin, cróntráth fómhair Bíonn ceangal idir gach aon rud. Tá an lá ag dul ó léas, agus tá na préacháin ag imeacht as radharc. Tá ceangal fileata idir an dá ní, ceangal a bhraitheann filí ach go háirithe. Splanc thintrí – fuaim an drúchta ag sileadh de bhambú Braithimid íogaireacht dhiamhair sa haiku thuas. Tugtar toriawase ar an gcáilíocht sin a thugann nithe le chéile, nithe nach bhfuil aon cheangal soiléir eatarthu. Tá uigeacht ar leith ag baint leis an sampla áirithe sin agus tabhair faoi deara go bhfuil níos mó ná céadfa amháin ag feidhmiú ann: tá radharc agus éisteacht ann araon. Gabhann gaoth an fhómhair thar bráid fear bréige ag luascadh in éineacht léi Bíonn íomhánna áirithe níos coitianta ná a chéile sa haiku clasaiceach. An fear bréige ceann acu. Uaireanta is greann a spreagann an feic sin, uaireanta is cumha. Tá a fhios agam dhá leabhar haiku ó Oirthear na hEorpa agus an fear bréige ina chuid den teideal orthu. Fear tuaithe ab ea Issa agus thaitin daoine breátha macánta leis. Ach maidir le lucht na cathrach agus na mbruacbhailte: Na labhair liom ar dhaoine – na fir bhréige, fiú, is cam iad go léir!
41
Caithfidh go raibh dea-ghiúmar ar Bhuson nuair a bhreac sé an haiku seo ar phár: An ceolaire cíbe – siolla sa bhreis san amhrán aige Is cinnte gur bhain cairde agus deisceabail an fhile greann as an gceann sin. Tá Buson ag éisteacht go géar leis an éinín; cuireann an ceolaire siolla breise lena cheiliúradh. Ar ndóigh, is ag comhaireamh siollaí a bhíonn lucht haiku – go lá a mbáis. Tugtar jisei ar na dánta báis sin. Is minic a fuarthas haijin (máistir haiku) ar leaba a bháis agus ba léir ó chruth a láimhe gur comhaireamh siollaí an gníomh deireanach aige ar an saol seo. Ní hionann siollaí i dteangacha na hEorpa agus onji na Seapáinise; sin an fáth a mbíonn saorhaiku á chleachtadh san Iarthar. Is minic gur leor dosaen éigin siolla sna haiku seo againne seachas an 5 –7 – 5 a fhaighimid sa haiku clasaiceach. Cúig shiolla dhéag atá sa leagan Gaeilge thuas, 16 sa cheann roimhe agus arís sa cheann roimhe sin ach féach nach bhfuil ach 13 i haiku na tintrí. Tráthnóna fómhair – bean ag glanadh scátháin lena muinchille Is eol dúinn go raibh Buson ceanúil ar na mná. Tá grástúlacht nó banúlacht éigin sa haiku thuas. Ní cailín aimsire í faoi mar atá sa dán fada thuas. Bean uasal í seo, a déarfainn, agus tá an scáthán á ghlanadh aici chun radharc a fháil uirthi féin. Féach gur tráthnóna fómhair is ea é. Tá duilleoga ag feo. An bhfuil an bhean ag iarraidh a dheimhniú di féin go bhfuil sí chomh niamhrach is a bhí sí riamh? Sin a bhainimise as ach go háirithe.
42
Ní insíonn an haiku gach aon rud. Fágann sé slí dúinne chun an pictiúr a iomlánú. An dá chrann plumaí – is aoibhinn liom a mbláthú, ceann luath, ceann déanach Súil an phéintéara arís, gan dabht. Osclaíonn máistir haiku an tírdhreach dúinn, osclaíonn sé na súile dúinn. A cheolaire cíbe cén tsiosarnach é sin agat? sioc ar sceach Agus osclaíonn sé na cluasa dúinn chomh maith. Níl radharc aige ar an éan ach aithníonn sé a ghlór agus tá siosarnach thar mar is gnáth ag teacht ón sceach de dheasca an tseaca. Is minic filí haiku ag labhairt go díreach le hainmhithe, le héin, le feithidí. An haiku deireanach sa díolaim de haiku Issa (in Eachtraí Krishnamurphy) ná an file ag bailiú leis agus is sampla sármhaith den hogan biiki é.: Táimse ag imeacht bígí ag suirí a chuileoga liom Is dócha go bhfuil rian den Sinteochas sa dá haiku thuas, urraim don dúlra; molann an Búdachas dúinn, ar ndóigh, comhbhá a chur in iúl do gach neach céadfaíoch. In iarthar domhain, rud amhain nó rud eile is ea thú, Caitliceach nó Protastúnach cuir i gcás. Is minic níos mó ná creideamh amháin ag muintir an Oirthir, hata Kung Fu (Confucius) á chaitheamh ag duine, róba an Dao agus cuaráin an Bhúda. Is amhlaidh domsa: ní leor aon chóras amháin dom. Spéisiúil go leor, tá staidéar comparáideach déanta sa tSeapáin le déanaí ar an 43
Anamachas sa tSeapáin agus in Éirinn. Bímse ag imeacht ó A go Z – ón Anamachas go Zen – agus ní fheicim aon rud ait mar gheall air sin. Éan uisce, – athraíonn a áit chodlata clocha á radadh Buachaillí amuigh agus iad i mbarr na gceirtlíní geala, ní foláir. Dá múinfí Zen-haiku i scoileanna na hÉireann bheadh laghdú an-mhór ar gach saghas maistíneachta. Breac óg i sruthán an ghleanna agus siúd duilleog bhambú, leis Spléachadh grinn. Ní breac é ach breac óg. Deinim amach go ndeineann sé sin difríocht – más difríocht chaolchúiseach féin é. Cuireann sé leis an atmaisféar é a bheith beag. Thabharfadh éinne againn iasc nó cruth éisc faoi ndeara. Ainmníonn an file haiku é, ámh. Agus is dócha go bhféadfá a rá nach bhfuil a leithéid de rud ann agus neafais in aigne an fhile haiku. Tá a cháilíocht féin, a áilleacht féin, a dhínit féin, a bheatha féin ag an uile ní – duilleog bhambú sa chás seo. Is minic an bambú luaite i bhfilíocht na Seapáine agus i bhfilíocht na Síne – mórfhilíocht an Ríora T’ang, abair, a raibh sárchur amach ag Basho agus Buson uirthi. Ar éist tú riamh leis an bhfliúit bhambú, an shakuhachi? Is beag rud a thabharfadh níos cóngaraí do dhúchas na Seapáine thú ná é. Bansuri, dála an scéil, a thugtar ar fhliúit bhambú na hIndia. “Gheobhair mo thighse faoin eitleog sin ar foluain,” ar sise leis
44
Striapach gan dabht. (Ní gá gur ag labhairt le Buson féin atá sí). Faightear striapacha go rábach i haiku agus senryu (haiku éadrom) na Seapáine. Tá rud éigin aerach spraíúil ag baint le híomhá sin na heitleoige. Deireadh na bliana, nach mór, salachar is dramhaíl in Abhainn na Sakura Ní fadhb nua-aoiseach í fadhb an bhruscair. Bheadh ort tuiscint a bheith agat don fhocal Sakura, b’fhéidir, chun go mbraithfeá alltacht an fhile. Ciallaíonn sé “bláthanna silíní”. D’fhanas in óstán i dTóiceo a bhfuil an t-ainm sin air, an t-óstán is saoire sa chathair. Tá na loiteoga marbh – cuma ainnis ar an linn – cith geimhridh Ní minic chomh sceirdiúil sin é ina chuid haiku. Ba é Basho máistir na sceirdiúlachta dáiríre. Seans gur haiku in ómós do Bhasho nó do spiorad Bhasho é sin thuas. Ciallaíonn Basho (ainm cleite) “crann bananaí” nó “crann plantán”. Banana garbh is ea an plantán. Ní thugann an crann sin aon toradh uaidh sa tSeapáin agus bíonn cuma na hainnise air faoin drochshíon. Chuir a chuid deisceabal bothán déanta de dhuilleoga an phlantáin á thógaint do Bhasho – an Basho-an mar a bhí air. Agus cad a dhein Buson ach bothán a chur á thógaint i bhfad tar éis bhás Bhasho agus Basho-an a thabhairt air. Bhíodh filí ag teacht le chéile ann le haghaidh cóisirí renku. Céadsioc an gheimhridh grús bán craplaithe le feiscint san imigéin
45
Arís, chaithfeá a fhios a bheith agat, is dócha, cé chomh hálainn mar éan is atá an grús bán, go háirithe agus é ag damhsa lena leathéan am cúplála, chun truamhéil an haiku seo a bhrath. Ceann de na píosaí ceoil is gleoite agus is diamhaire a sheinntear ar an shakuhachi is ea Damhsa na nGrús Bán. Is lom í an tsaileach, an sruthán glé imithe i ndísc clocha ina luí thall is abhus Tá sé sin, leis, cuibheasach sceirdiúil. Is álainn an pictiúr é mar sin féin. Loiteoga bána an stoithfidh sé ceann acu machnaíonn an manach Bhuel, sin seacht siolla dhéag agaibh, más é sin atá uaibh – 5-7-5. Tá fínéaltacht iontach laistiar den haiku seo. Bímid de shíor ag cur isteach ar an dúlra. Seo againn pictiúr de mhanach Zen agus é ar tí bláth álainn a phiocadh, bláth ar siombail spioradálta ar fud na hÁise é. Ach nárbh fhearr é a ligint mar atá agus gan cur isteach ar a fhoirfeacht? Ionad luíocháin is tuirlingíonn féileacán ar an armúr brád Má thaitin bláthanna agus mná le Buson, an míneadas agus an fhíneáltacht, is léir go raibh sé tógtha leis an laochas chomh maith. Is dócha gur marbh atá an gaiscíoch sa haiku seo. Préachán ingneach nó fiach dubh a thuirlingeodh ar laoch Gaelach; féileacán atá againn anseo. Tá codarsnacht bhreá ann.
46
Ba iad tréithe haiku Buson, dar leis an máistir nua-aimseartha Shiki, ná fearúlacht (yukon), neart (keiken), mealltacht nó aoibhneas (enrei) agus beocht (kappatsusa).* Am bainte na cruithneachta uaigneas ar aghaidh na geilte mná De bhrí nach daoine mar chách iad na filí, bíonn comhbhá acu le neacha atá ar imeall na sochaí. Agus de bhrí go mbíonn filí de shíor ag iarraidh brí a bhaint as an saol, bíonn mealladh ar leith ag baint leis an ngealt. Cad a cheapann an ghealt? Cad a fheiceann an ghealt? Cad a chloiseann an ghealt? Cad a mhothaíonn an ghealt? Tobar ársa ag breith ar mhuiscítí fuaim dhorcha iascúil Tá a lán ag tarlú sa haiku sin ach tá an rud neamhráite, leis, ann. Fuaim iascúil? Gealt a chloisfeadh a leithéid – nó file. Dá ghéire iad na máistrí haiku, níl gach aon ní sa tsaol seo dubh is bán, ná so-aitheanta: Lonraíonn an t-aer … fionneitilt na feithide aineoil Bláthanna bána na bplumaí tarraingíonn chucu féin dath na maidine
* Beichman, Janine. Masaoka Shiki, Kodansha International, 1986.
47
Nithe ag péinteáil a cheile, ag dathú a chéile, ag dul i bhfeidhm ar a chéile a fhaighimid go minic sa haiku, ó sheasúr go seasúr, ó mhaidin go hoíche. An bás is an bheatha: Iora eitilte ag cogaint ar chnámha éinín gort lom fuar Leochaileacht agus neamhbhuaine gach áit: Gearroíche shamhraidh – braoinín drúchta ar dhroim Mháirín an Chlúimh Radhairc agus fuaimeanna a chuireann sceitimíní orainn, nó alltacht: Ag siúl ar na miasa – ceol fuar creathánach ag cosa an fhrancaigh Nithe istigh, nithe amuigh, agus na bóithre fada bána ag glaoch athuair air: Slán! siar Bóthar Kiso liom i m’aonar chomh sean leis an bhfómhar Bóithre an deiscirt, ar bhothán ceann tuí, ar scrín, gach áit, fáinleoga Cúpla radharc, cúpla eachtra, fan na slí a bhainfeadh gáire asat nó a chuirfeadh ag machnamh thú:
48
Gan éadach cnis, tóin-nochta go tobann gusta earraigh Hata bambú, cóta tuí, Basho ina steillebheatha – báisteach fhuar Imíonn an bád – malluaireach ina staic faoi chéadfhearthainn an gheimhridh Ceathrar nó cúigear ag damhsa i gciorcal: an ghealach os a gcionn ar tí titim Dála a lán máistrí eile, éiríonn le Buson macallaí a ghiniúint as nithe neamhdhóchúla. Mar shampla: Crainn óga bhambú – an bhean luí in Hashimoto an ann di i gcónaí? Meabhraíonn grástúlacht na mbambúnna bean leapa dó. Nó, cá bhfios ná go bhfuil sí dulta in aois. Haiku álainn mianchumhach. Ní fhéadfadh a mháistir, Basho, a leithéid a scríobh. Tagraíonn Basho do striapacha ceart go leor – ach ní le dúil iontu. Tarlaíonn sé an-mhinic i bhfilíocht an Iarthair go gcaithfidh rud éigin suaithinseach a thitim amach sula mbíonn tuairisc againn air. D’fhéadfadh nach mbeadh mórán in aon chor ag titim amach sa haiku, ámh, nó an ócáid lena mbaineann sé a bheith chomh neamheachtrúil sin is nach smaoineodh éinne ach file haiku ar aon ní a rá ina thaobh:
49
Tá an seilide imithe as radharc – cén áit, n’fheadar níl fhios ag éinne Agus seo chugainn seilide eile agus an grinneas a fheicimid i gcónaí sa dea-haiku ar mó ná grinneas radhairc amháin é: Braon báistí a bhuail é dúnann an seilide é féin Ní raibh ann ach soicindín, ach soicindín ab ea é a mhairfidh fad is a léifear haiku. Treisíonn an grinneas radhairc sin an rud neamhráite, an pictiúr iomlán a chaithfimidne a líonadh: Capall ar teaghrán – sneachta sa dá stíoróip
Quid a Trí
Dearcán
51
52
Dearcán The dull-eyed doe drinks not in dale or dingle. Doves dumb. Dogs howl their dirges in the distance: Dry dreams of dastardly men … (desunt cetera) Dearcán (ca 317–340) Dere once was a Druid who lived in a dank dwelling known as Doire an Draoi, de Oak-grove of de Druid. He liked to dabble in dis and dat. His name was Dearcán which, as everyone knows, means an acorn, or pig-berry, or possible de head of a thistle – dough he himself favoured another derivation, and a dubious one at dat – de dear little mote in de dawn sunbeam. Dearcán was a dab hand at spells, magic, alchemy and had cures for all sorts of things, including de dreaded dysentery. Daffodils he adored. It’s said he invented de daisy-chain. Now, de people feared him dough it was common knowledge dat he was daft. He smoked various carefully detoxed herbal mixtures in a dainty if slightly damaged chalk-pipe, a dúidín, including a dirty substance he called “dagga” which was said to contain de dried droppings of dormice. His diet consisted of nuts, watercress, dulse, salmon, dandelions, oats and barley and he denied himself all dairy produce. He was something of a dandy, was Dearcán, in de matter of dress, demeanour and daily hygiene. His remedy for dandruff was an oily substance extracted from de bark of birch trees on designated, dark, December nights. A practical dude in some respects, he could darn his own drawers with his eyes shut.
53
Neither son nor daughter did Dearcán have to dote upon, not surprising as he had never dallied with or desired a damsel (with or without a dulcimer). His days were doleful, his nights dreary, his career short-lived but dazzling. He knew de day and de hour of his demise. Dearcán was slightly deaf in one ear, which does explain his declamatory – some would say demonic – style of oratory. Dozens of doughty dopes came from miles around to observe him dandering deasil, [clockwise], around his deambulatory. Dey followed him in droves when he wandered abroad to view a debacle, say – de breaking up of distressed ice on a river was deemed a distinguished omen – or to study his deliberations as he duly cocked his good ear to de dreadful delivery of de wild duck dissolving over Loch na dTrí gCaol. Dearcán was dementedly curious about de affairs of de world and would debrief dose who had come in contact with de Roman religion – a belief system he like to debunk – and ask what dress was worn by dis disconcerting new sect, were dey dapper, were dey dwarfish or dominant in stature, did dey drag deir feet, had dey de power of divination, could dey distil spirits, were dey dirty, deviant, diplomatic or what; did dey believe in de Deluge, why do dey go ding-dong, ding-dong, ding-dong; were dey given to debauchery, or dossing ; were deir doodles any bigger dan ours; what’s a deacon, what’s a diocese, what’s determinism, what’s dualism and de devil knows what else. De world is falling into decadence and decay, he declaimed, with disdain. Disease will be rife, disorder will dominate, deception will be de law of all domains. Decimalization is on de cards. None of de dear denizens of Doire an Draoi had de faintest notion what dis doyen was droning on about but it sounded deep. Beware of de decuman, de tenth wave. Might it be drivel? 54
Decline and degeneracy have already set in. Soon people will down tools, unable to make decisions for demselves. Decorousness will be a thing of de past. Respect for de old and de decrepit will go out de door. Dedication? Daring? Decency? In deir place defeatism, depression. Dinnseanchas, de knowledge of placenames , will disappear. No one will know where de river Dall is. We’ll be left with de dregs. Defamation, defilement, defenestration … all dese will become dangerously common. Dithering, doodling, dawdling will reach epidemic proportions in all districts. Where nettles grow, no dock leaves will be discovered. Dodgems instead of chariots. Look out for de damsaire dubh, de morris-dancer. Dearcán prophesied many disturbing wonders, divulging by degrees all de secrets dat had lain dormant in his dour heart, a heart he now dredged dramatically, dispensing wisdom so dat his people would not be duped. His disciples grew in number, hanging on dearly to every desultory syllable. Much, of course, eluded dese dimwits. Why had Dearcán warned dem about de coming of de dee-jay? What difference will it make to deir lives? What is a dee-jay anyway? How might dey defend demselves? Dibbles were sharpened and dirks dazzled … Dey milled around him as he dined, as he drawled, as he doodled, as he diddled away de afternoon – damn it, even as he defecated – for none could get enough of our dotty deipnosophist. Déja vu will be experienced in large doses by delirious dames at child-birth, he deliberated, chewing a diced dumpling. Children will experience dizziness, dehydration, dyslexia, diabetes, slipped discs, dislocations and an undefined drooping. Young die-hards will have duodenal ulcers, problems with de digestive tract and double dementia. Ireland will be denuded of her oak groves. Desecration. Disruption.
55
Dere will be a plague of daddy-long-legs descending from de dome of heaven, or possibly even de devil’s coach horse. Which one, people now dared to ask demselves as rumours drifted dat Dearcán was not devoid of delusions – de effects, no doubt, of de demon drink. Casting deir doubts aside, nonetheless, dey hearkened once more to deir doomsday demagogue, not having de wherewithal to demolish his onesided dialogues. Dearcán was a bit of a dentist, too, in his own right, and when he tired of denouncing dis and dat and d’other, or when hoarse, he would drag out de odd tooth with dynamic dexterity or deftly replace a full set of dentures with his own, duck-feet brand. De dumbfounded denizens of Doire an Draoi drummed up a dolorous din when Dearcán drilled deir defunct molars. Old customs will die out and de first to depart will be de Deoch an Dorais. Dere will be a Department for dis and a Department for dat – unlike now when de Druid embodies all de knowledge we desire. Depopulation, deportation and drudgery will come about. Distortion. Deirdre will go to Scotland. In deir utter depravity, people will eat drisheen and become distended. It depresses me to think about it, sighed Dearcán. Dark clouds in droves over Ireland, defying description. Dire! De soul of de Celt will be desecrated and his mind will dry out in a dugout in some diminishing desert. And you can forget about de dán díreach. I despair to dream about it. De red deer will pursue de hound. His audience daily grew more desperate. Some began to despise him and dropped out, calling him a despot, a dúramán. Our very language is destined for oblivion, he thundered. It will be dross! Dadaism will be devised. A Connaught poet, Daithen, will be killed by a tree. A man called Saul will ride to Damascus and den he will be Paul. Danes will arrive – doubt it not – raping and pillaging as dey go. “Dechrad!” [Hardship].
56
A poet by de name of Dante will go to hell. From Darjeeling will come leaves and we shall be drinking de brew made from dese leaves (yeah, even in Donegal). We shall be informed by a certain Darwin dat we are monkeys. A Druid called Dev will dream in de Dáil of maidens dancing at crossroads. Dere will be much debate about a national debt. Scrolls will be found by de Dead Sea. A warrior called Delaney will be given gold in a land down under. I see a fighting man .. and his name shall be Dempsey. I hear a song … diamonds are forever? No, not dat one… Buddy, can you spare a dime… Dat’s de one. A flightless bird, de dodo, will perish. Our music will be nothing but a didddly-diddly-eye-de-dumb. Tara will be dust and in its place Dublin. Dere will be a crackdown on drunken driving. Dynamite will be invented and a peace prize offered in de inventor’s name. Dr. Devious will win de Derby. Dastardly things will be going on in Donnybrook. De Lambeg drum making a din. It will be dog-eat-dog. As to de dant-mír, de food we place between de teeth of de dead – demolished. Defunct. De more he spoke de more it all sounded like Double Dutch. “Dolenta, dolenta!” they whispered to each other [difficult to follow]. Far beyond Hy-Brazil, where only de dolphins drift, will be born a man by de unlikely name of Dwight. To de east, a settlement called Dresden in flames. In Dachau, death, death, death. A Druid-Christian, Colm Cille, will leave Ireland in his boat, de Derg Drúchtach, de red dewy one. Dere will be a duck called Donald and he will make de whole world dribble with laughter. De Dalai Lama will go into exile. Decommissioning will be put on hold. I take little delight in deflating you like dis, he declared, but I am determined to let it all out! Homer will return as a Dumbkopf and say, “D’oh!” Dere was no way of stopping him, of detonating Dearcán. He led his followers down many a dusty detour. In time dey were physically and mentally devastated, debilitated, down in de
dumps. Yet Dearcán drooled on, developing his depressing diatribe defiantly. De world is becoming devoid of meaning, he disclosed. Dew will not glisten at dawn or dusk; dairy-maids will not sing deir devotional ditties to de Daghda; it’s diabolical. Dialects will be deconstructed. You’ve heard my diagnosis – drastic. Do I have to draw a diagram? “Dograing!” [Distress]. Apart from de dee-jay, asked a doting devotee, what other dangers lie ahead? Diapers, came de reply. What de deuce is a diaper? Also, de dildo. De Doberman. De dole. Dialectical materialism. Détente. De doughnut “Ruaidhrí Ó Dubhghaill!”[ Roddy Doyle.] Dope. Diaphragms. Detectives. Democracy. Devolution. Downloading. Debugging… Dallas… It will be difficult to decipher. Discipline and duty will be defunct. De Paps of Dana will be destabilised, deir dignity and dimensions destroyed. Old forms of greetings will go out de door and deployed instead will be such abominations as “Dia duit” – dubbed - and “How-dee-dodee?” (But I digress, he muttered). Hoards of sugar-daddies will come and go on de Dart, worried about deposits, dividends, de dollar and de Deutschmark. De dilemma at our doorstep will last until December of de year 20016. Druidism will den return. Diligence will be de order of de day. Dilettanti will emigrate, disgraced, disintegrated. Drum majorettes will fall over demselves in de dust, as dey deserve. Yes, my darlings, two thousand years is long enough to be eating dirt, is it not? “Dar mo debroth!”[By my doom]. Dey nodded – who could disagree? I, Dearcán de discerning one, disclose dese things to you. It is not my desire to discombobulate you or discomfort you. Let ye not be disconsolate, ye who are discriminating enough to know de meaning of our discourse. He ran a bony, dejected finger through his dull dishevelled mop. He looked distracted. Drained. Dismayed. Shall we 58
discuss dis? More details? Diameters? What do ye want, a discount? Direct debit? De donkey will piss on de floppy disk, he said, swaying. Was he becoming delirious? Doubloons will be recovered from de duodenum of de ocean. I see devouring dragons, displacement, death and draconian days ahead. De dinner fork? Deplorable. Do you know what dey’re going to call de Dothra? Dear me! De Dodder! De Dodder! Dord na murduchann, de mermaids’ chanting, never to be heard again. “Dofulaing!”[Pain dat defies description] It began to drizzle. Soon de rain was driving down but none dared disperse. Ireland will be a dump. A drenched , dolmenless dung-heap. Do ye hear – ye dunderheads! Dunces, dim-wits, de whole damn lot of you. Dick-heads! Slowly de good denizens of Doire an Draoi, drenched to de skin and thoroughly disgruntled, reached for deir daggers and silently disembowelled deir druid. Dribbling, dey dined on his dismembered body … disjecti membra poetae … delicately dunking his dainties in dusk-hued dill-water. He was delicious.
59
60
Cuid a Ceathair
Aifreann Krishnamurphy
61
62
Aifreann Krishnamurphy (Tugann Krishnamurphy lánchead dá shagairt oirnithe cur leis an aifreann seo, nó baint de, de réir mar a oireann dá gcúinsí nó dá meon féin.) SAGART: Seasaigí! (Seasann an pobal) Suígí! (Suíonn an pobal) Ar bhur nglúine libh! (Téann an pobal ar a nglúine) Seasaigí! (Seasann an pobal. Féachann an Sagart i dtreo na haltóra, a chúl leis an bpobal) A Phobal na nDéithe is na mBándéithe, A Phobal na Sióg is na bPúcaí, A Phobal na Gréine is na Gealaí, A Phobal na Sinsear, A Phobal na gCrann is na mBláthanna, A Phobal na nÉan is na nAinmhithe, ar Muir is ar Tír, A Phobal na bhFeithidí go léir, Fáilte romhaibh go dtí an ceiliúradh beannaithe seo. (Casachtach ón bpobal. Casann an Sagart timpeall go tobann, faghairt ina shúile)
63
(SAGART:) Ciúnas! (Ciúnas ar feadh meandair) Guímis! POBAL:
(Monabhar)
SAGART: Suígí! (Suíonn an pobal) Sliocht as haiku de chuid Buson: Yanagi chiri … (Ciúnas ar feadh tamaill) POBAL:
(Monabhar)
SAGART: Tochas! POBAL:
(Á dtochas féin) Craits! Cr- Craits! Cr-Cr- Cruic! Ú! Á!
SAGART: Seasaigí! (Seasann an pobal. Imíonn an Sagart áit éigin i leataobh. Fágtar an pobal ina seasamh. Tagann an Sagart ar ais tar éis deich nóiméad. Seasann ar a chloigeann agus fógraíonn an dea-scéal) A chairde na páirte, inniu lá breithe Rabelais. Canaimis Lá Breithe Sona dó! 64
POBAL:
Lá breithe sona dhuit Lá breithe sona dhuit Lá breithe, a Rabelais, Lá breithe sona dhuit!
SAGART: (Go tobann) Airgead! (Éiríonn beirt fhear mheánaosta agus tosnaíonn siad ar airgead an phobail a bhailiú. Tugann siad an t-airgead don Sagart. Imíonn an Sagart agus cuireann sé an t-airgead i dtaisce. Tagann sé ar ais. Lasann sé cúpla coinneal phinc. Suíonn sé ar an tolg) Guinness! (Nochtann giolla altóra agus piúnt breá pórtair aige ar thráidire airgid. Ofrálann sé don Sagart é. Glacann an Sagart uaidh é go humhal. Cuireann sé focal caoin i gcluas an ghiolla. Suíonn sé siar ansin agus ólann sé súimín as an bpiúnt. Tar éis tamaill tosnaíonn sé ag feadaíl nó ag portaireacht dó féin. Fonn: “Buachaill ón Éirne”. An pobal ag faire air an t-am go léir, a dteanga amuigh acu) SAGART: Rud éigin as Laidin! POBAL:
Aquila non capit muscas!
SAGART: Seasaigí! (Seasann an pobal)
65
(SAGART:) Suígí! (Suíonn an pobal) Tugaígí póg dá chéile! (Déanann an pobal amhlaidh) Tugaigí bláth dá chéile! (Déanann an pobal amhlaidh) Ar bhur nglúine libh! (Téann an pobal ar a nglúine. Críochnaíonn an Sagart a phiúnt. Tógann an giolla altóra an ghloine fholamh uaidh. Suas leis an Sagart go dtí an phuilpid) SAGART: Béar Mór! POBAL:
Guigh orainn!
SAGART: Eilc Dhubh! POBAL:
Guigh orainn!
SAGART: Geronimo! POBAL:
Guigh orainn!
SAGART: Cos Mhór! POBAL:
Guigh orainn!
SAGART: Capall ar Mire!
66
POBAL:
Guigh orainn!
SAGART: Scian Mhaol! POBAL:
Guigh orainn!
SAGART: Mac Tíre Beag! POBAL:
Guigh orainn!
SAGART: Préachán Beag! POBAL:
Guigh orainn!
SAGART: Báisteach san Aghaidh! POBAL:
Guigh orainn!
SAGART: Tarbh ina Shuí! POBAL:
Guigh orainn!
SAGART: Scamall Dearg! POBAL:
Guigh orainn!
SAGART: Béar ina Sheasamh! POBAL:
Guigh orainn!
SAGART: Seasaigí! (Seasann an pobal)
(SAGART:) Suígí! (Suíonn siad. Fágann an Sagart an phuilpid. Suíonn sé. Déanann machnamh beag ciúin, nó dreas codlata. Ceol ar an orgán. Fonn: “Táimse im chodladh” Dúisíonn an Sagart de phreib as a thámhnéal.) Uisce na gcos! (Tagann ógbhean aníos agus báisín uisce the aici. Leagann sí síos an báisín. Baineann sí na cuaráin de chosa an tSagairt.) An Poc ar Buile! (Canann an pobal “An Poc ar Buile”, na lámha san aer acu nuair a deir siad “Ailliliú!”. Níonn an ógbhean cosa an tSagairt. Triomaíonn sí ansin iad. Smearann sí ola ar chosa an tSagairt. Tugann sí imchuimilt mhaith dá chosa. Pógann sí cosa an tSagairt. Cuireann sí na cuaráin air ais air go hurramach. Seasann sí agus tugann sí léi an báisín uisce. Seasann an Sagart.) A Dhéithe, déan trócaire orainn! POBAL:
A Bhandéithe, déan trócaire orainn!
SAGART: A Éanlaith, dean trócaire orainn! POBAL:
A Bhláthanna, dean trócaire orainn!
SAGART: Trócaire trócaire trócaire! POBAL:
Trócaire trócaire trócaire!
SAGART: A Fheithidí, déan trócaire orainn! 68
POBAL:
A Ainmhithe déan trócaire orainn!
SAGART: A Chlocha, déan trócaire orainn! POBAL:
A Fharraigí, déan trócaire orainn!
SAGART: Trócaire trócaire trócaire! POBAL:
Trócaire trócaire trócaire! (Déanann an Sagart rince buile agus ansin rince mall grástúil. Ceol ar an orgán. Fonn: “Ailliliú na Gamhna”. An pobal corraithe go mór.)
POBAL:
Maith thú! Na Déithe go léir leat! Na Bandéithe go léir leat! Na Gamhna leat! Na Coiligh leat! Na Muca leat!
SAGART: Óicé, óicé, ná déanaigí paidir chapaill de! (Monabhar ón bpobal. Ina dhiaidh sin, sall leis an Sagart go dtí an seastán léitheoireachta.) SAGART: Sliocht as Iób: “Beidh conradh agat le clocha an ghoirt.…” POBAL:
Beidh ambaist!
SAGART: “Agus beidh síocháin agat le hainmhithe an bháin.…” POBAL:
Beidh ambaist! 69
SAGART: Seasaigí! (Seasann an pobal) Sliocht as ráiteas de chuid Concern mar a fuarthas ó bhéal Nasitima Kalenga, máthair as an Maláiv a fágadh ina baintreach … hath! POBAL:
Huth?
SAGART: Merde! POBAL:
Er – um – ?
SAGART: Níor cuireadh leagan Gaeilge de ar fáil! POBAL:
Monuar!
SAGART: “Some of my children had kwashiorkor, swelling of the hands, feet, joints and face caused by severe malnutrition and others had marasmus, muscle wasting caused by chronic undernourishment. We were living on pumpkin leaves, it was all that we had…” (Tosnaíonn an Sagart ag caoineadh. Ceol ar an orgán. Fonn: “Marbhna Luimnigh”. Ar ball stopann an Sagart ag caoineadh. Imíonn sé go dubhach. Tagann sé ar ais agus cailís aige. Tá stuif aisteach sa chailís. Duilleoga, is cosúil. Seasann an pobal. Siúlann siad go mall sollúnta i dtreo na haltóra chun comaoineach a ghlacadh. Dáileann an Sagart an chomaoineach ar an fíréin, cuma naofa ar a aghaidh.) Duilleog puimpcín! 70
POBAL:
OM …
SAGART: Duilleog puimpcín! POBAL:
OM …
SAGART: Duilleog puimpcín! POBAL:
OM … *** (Suíonn an pobal)
SAGART: Seasaigí! (Seasann an pobal) Ar bhur nglúine libh! (Déanann an pobal amhlaidh) A Rí na nDúl, gabhaimid buíochas leat faoi sheacht! POBAL:
A Bhanríon na nDúl, gabhaimid buíochas leat faoi sheacht!
SAGART: Maithigí dhúinn ár gcionta in aghaidh an Aeir, impímid oraibh … POBAL:
Maithigí dhúinn ár gcionta in aghaidh na Farraige, impímid oraibh …
SAGART: Maithigí dhúinn ár gcionta in aghaidh na Talún, impímid oraibh … 71
POBAL:
Maithigí dhúinn ár gcionta in aghaidh a chéile, impímid oraibh … (Múchann an Sagart na coinnle bándearga, an cloigín á bhualadh go mall ag an ngiolla altóra.Cuirtear clabhsúr ar an aifreann ansin)
SAGART: Go raibh na sióga libh! POBAL:
Agus leat féin!
SAGART: Ite, missa est! (Ceol ar an orgán. Fonn: “Port na bPúcaí”)
72
Cnuasaigh agus bailiúcháin leis an údar céanna Eachtraí Krishnamurphy (Coiscéim) Susanne sa Seomra Folctha (Clódhanna Teo.) Méaram! (An Clóchomhar) OM (An Clóchomhar) Tuirlingt (Carbad) Migmars (Ababúna) Nihil Obstat (Coiscéim) Rún na gCaisleán (Taibhse) Ní Mian léi an fhilíocht níos mó (Cló Iar-Chonnachta) Syójó (Cló Iar-Chonnachta) Oráistí (Cló Iar-Chonnachta) Rogha Rosenstock (Cló Iar-Chonnachta) Cold Moon (Domhan Books) Forgotten Whispers (Anam Press) Portrait of the Artist as an Abominable Snowman (Domhan Books) A Treasury of Irish Love (Hippocrene Books)
73
74